An Béar

Connradh na Gaedhilge (1923)

Anton Chekhov, aistrithe ag Risteárd Ó Foghludh



AN BÉAR



RISEÁRD Ó FOGHLUDH
“Fiachra Éilgeach”
do chuir Gaedhilg air.



CONRADH NA GAEDHILGE
Baile Áth Cliath



1923


L. 2


AN BÉAR*



AN FHUIREANN:



EILÉAN POPABHA, baintreabhach dathamhail go bhfuil
estát talmhan aici.



GRIAGHAIRE SMIRNOBH, tiarna talmhan, fear
meodhanaosta.



LÚCA … seanleacaí na baintreabhaighe.



*Cluiche le hAnton Chekhov.


L. 3


AN BÉAR



Grianán i dtigh na baintreabhaighe. Bean an tighe
cóirighthe in éadaighe dubha agus í ag dianbhreith-
niughadh peictiúra. An seanleacaidhe Lúca dá
caoin-aoradh.



LÚCA.



Níl ceart ná cóir leis, a bhean uasal … Dhot
mharbhadh féin ataoi, iseadh san. Féach an cócaire is an
cailín aimsearach imthighthe amach ag piocadh caora agus
cnó dhóibh féin. Tá aoibhneas ar gach nidh fén spéir acht
ort féin amháin. Dá mb'é an cat é, féach amuigh sa
mhacha é d'iarraidh breith ar chuileóga. Istig sa tseómra
so a thugann tusa an lá, ó mhaidin go hoidhche, chomh maith
is dá mba conbhint é. Ní dóigh liom gur fhágais an
ball so le bliadhain anuas!



POPABHA.



Ní bhogfaidh cos liom amach choidhche … Cadé chúis
go mbogfadh? Tá mo shaoghal-sa caithte cheana féin.
Nach shiné fear an tighe 'san uaig, agus táimse fé ghlas
agam féin sa tigh seo … i gcás nach beó d'éinne
den bheirt againn.



LÚCA.



Siné anois agat é! Fear do thighe tar éis bháis. Is
fíor san, isé toil Dé é, agus go dtuga Dia suaimhneas
síorraidhe dá anam … Dar ndóigh do rinnis é a


L. 4


chaoine, — agus bhí an ceart agat. Acht ní dhéanfa
sé an gnó choidhche dhuit a bheith á chaoidhe i gcomhnuidhe,
agus a bheith ag caitheamh éadaighe dubha. Nár cailleadh
mo sheanbhean-sa, leis, nuair tháinig a lá? Bhíos dá
caoine ar feadh mí ina dhiaidh san, agus ba leór san, acht
níor 'bhfiú í me bheith dá caoine an dá lá is mhairfinn.
(Leigeann sé uchán as). Táid na comhursain go léir
dearmhadta agat. Ní bhíonn do shiubhal in éanáit, ní
leigeann tu d'éinne teacht chughat ar cuaird. Saoghal
an damháin alla atá againn, geall leis: is annamh a
chímíd éanléas soluis annso isteach. Maidir leis an
gculaith libhré a bhí agam, níl pioc de ná fuil creimthe
ag na luchaibh. Agus dar ndóigh níl éineasba daoine
galánta sa dútha. Tá díorma saighdiúirí ionadaithe
annso thíos, agus níl éinteóra le maise na n-oifigeach
atá ortha? Agus ná bíonn oidhche ringce aca ag an
gcampa gach aon Aoine, agus fuireann ceoil aca gach
aon oidhche eile sa tseachtmhain … Tá óige is deise
is maise agatsa, agus budh cheart duit roinnt phléisiúir
a bheith agat. Ní mhairfidh an mhaise agat go buan, bíodh
fhios agat. I gcionn deich mbliadhna ó indiu teastoghaidh
uait a bheith it chircín péacóige ameasc oifigeach, acht ní
bheidh fonn ar éinne aca-san féachaint ort: beidh sé ró-
dhéidhnach agat.



POPOBHA.



(Le fuinneamh). Ná luaidh liom é. Níl brigh ná
taitneamh damsa sa tsaoghal so ón lá a cailleadh é
féin. Thugas mo mhóid an lá san ná caithfinn go
brách arís acht éadaighe dubha, agus ná scaoilfinn
isteach solus an lae … An gcloiseann tu me?
Feiceadh spirid fir mo thighe a dhílse is táimse dho …
Is eól duitse gur bh'olc an ceann dam é go minic,
agus gur chruaidh an fear é … 'seadh, agus is eól
duit ná raibh sé dílis dam, acht táimse dílis do-san
go lá mo bháis. Chífe mise ar an saoghal eile díreach
mar bhíos sar ar éag sé …


L. 5


LÚCA.



Cadé an tairbhe dhuit a bheith ag argóint ar an gcuma
san? Nár bhfearra dhuit go mór greas siubhlóide
sa gháirdín duit féin, nó capall a ghléasadh agus dul
ag fiosrughadh na gcomhursan.



POPOBHA.



Uchón ó! (cromann ar ghol).



LÚCA.



Cadé rud é féin é, a bhean uasal! Dia dot
bheannachadh.



POPOBHA.



Ó! bhí an oiread san ceana aige féin ar an
ngearráin beag! Isé bhíodh aige i gcomhnuidhe fé
dhiallait, agus b'é féin an marcach críochnuighthe. Nach
cuimhin leat an imtheacht bhreagh a bhíodh fé? Abair
leó a thuille coirce a thabhairt don mbeithidheach.



LÚCA.



Déarfad gan amhras. (cloigín á bhaint ag duine éigin).



POPOBHA.



(Agus í ar crith). Cé hé seo chughainn? Pé duine
é, abair ná labhraimse le HÉINNE.



LÚCA.



Déarfad, a bhean uasal. (siúd amach é).


L. 6


POPOBHA



(Agus í ag labhairt chum an pheictiúirín). Fan, a
Niocláis liom, go bhfeicfir a dhílse is atáimse dhuit,
agus a bhfuil de mhaitheamhnas im chliabh … An grádh
atá agamsa dhuit mairfe sé an fhaid is tá preab sa
tseanchroidhe seo. (Déineann sí gáire trí n-a gol).
Agus nách duitse budh cheart náire bheith ort? Bean
bheag neamhurchóideach mise. Táim tar éis me féin
a chur fé ghlas annso istig, agus bead dílis duit
choidhche … An bhfuil éannáire ort, a rógaire? Nach
tusa do mheall me? Níor bh'annamh tu ag bruighean
liom; is minic dfhágthá im aonar me ón tseachtmhain
go chéile … (seo isteach Lúca fé mhórimnidhe).



LÚCA.



Fear atá dot fhiafruighe, dfhonn labhairt leat …



POPOBHA.



Ná dubhraís leis ná déinimse cainnt le héinne
ón lá cailleadh fear an tighe?



LÚCA.



Dubhart, ar ndóigh, acht ní éisteóghadh an duine seo
liom: scéal práinneach atá aige it chóir, adeir sé.



POPOBHA.



Ní dhéinim comhrádh le HEINNE!



LÚCA.



Siné dubhartsa leis, acht diabhal críochnuighthe iseadh
é … Is amhla … thug sé na mionnaí móra, agus


L. 7


do bhrúigh sé é féin isteach dom aindeóin … I
seómra na mbéilte atá sé mar seo.



POPOBHA.



(Le faobhar). Scaoil isteach é má's eadh … Is
aisteach thar barr na béasa atá ag daoine áirithe!
(Siúd amach Lúca). Fágaim le huadhacht go mbím
ar buile aca! Cad do b'áil leis seo dhíom? Cad
fé ndeara dho a bheith ag déanamh cumhangaireacht
orm? Uch! Braithim tar éis an tsaoghail nach
éantairbhe dham a thuille cainnte a dhéanamh: tuigim
nach fuláir dam dul isteach i gconbhint feasta.



(Seo isteach Lúca, agus Smirnobh le n-a chois).



SMIRNOBH.



(Le Lúca). Ródhúil sa chainnt atá agat, a
amadáin … Níl ionnat acht bastún ceart!
(Labhrann le hurraim chomh luaith is bhraitheann sé
Popobha). Mise agat Griaghaire Smirnobh, a bhean
mhaith; oighre talmhan mise, agus tá pinsion leftenant
ón órdnás agam. Gnó anaphráinneach a thug annso
me.



POPOBHA.



Cad do b'áil leat díom?



SMIRNOBH.



Bhí seanaithne agamsa ar fhear do thighe, agus an
lá cailleadh é bhí sé dhá chéad déag rúbal i bhfiacha
agam i dtaobh dá bhille. Tá orm ús a íoc amáireach:
siné fé ndeara dham teacht indiu chum go bhfaghainn
mo chuid airgid.


L. 8


POPOBHA.



Dhá chéad déag rúbal … Agus cionnas a thárla
dfhear an tighe seo bheith i bhfiacha agat?



SMIRNOBH.



Coirce a bhíodh á cheannach aige uaim.



POPOBHA.



(Go huchlánach, le Luca). Ná déin faillighe, a Lúca,
gan mórnán coirce sa bhreis a thabhairt don ngearrán
bheag. (Gabhann Luca amach). Má's fíor go raibh
fear an tighe i bhfiacha agat ní baoghal ná go bhfaghair
do chuid airgid go macánta, acht níl im chumas é íoc
indiu, mar níl sé annso agam. Tabharfad órdughadh
don maor, ámhthach, réidhteach leat chomh luaith is chasfa
sé ón gcathair arramhadh amáireach, acht ní féidir é
dhéanamh indiu … Rud eile dhe, seacht mí i gcomh-
ghairm an lae indiu a cailleadh fear an tighe, agus
ní leigeann buairt aigne dham baint le héinnidh 'en
tsórt san.



SMIRNOBH.



Agus is amhla mar atá an scéal agamsa ná go
mbeidh orm me féin a chrochadh gan mhoill muna bhfaghaim
an t-airgead i gcóir an lae amáirig. Tógfaid siad
m'estát uaim! creachfid siad me!



POPOBHA.



Gheobhair do chuid airgid arramhadh amáireach.



SMIRNOBH.



Ní harramhadh amáireach a theastuigheann sé uaim,
acht láithreach bonn.


L. 9


POPOBHA.



Gaibh mo leathscéal; ní féidir liomsa é thabhairt
duit indiu.



SMIRNOBH.



Agus ní féidir liomsa fuireach go dtí arramhadh
amáireach.



POPOBHA.



Seadh, acht cadé an leigheas atá agamsa ort, nuair
ná fuil sé annso agam!



SMIRNOBH.
Níl it chumas é íoc liom?



POPOBHA.



Níl.



SMIRNOBH.



Hm! An é sin an focal deiridh agat?



POPOBHA.



Isé.



SMIRNOBH.



An focal deiridh ar fad?



POPOBHA.



Isé go daingean.


L. 10


SMIRNOBH.



Is maith mar thárla. Ní dhearmhódfad an méid sin.
(Cuireann sé slinneán air féin). Agus bíonn daoine
'om chomhairliughadh annsan suaimhneas a bheith agam!
Buaileann fear umam ar an mbóthar agus fiafruigheann
díom: “cad fáth dhuit bheith chomh cangcrach is mar
atáir?” Acht in ainm Chruim Duibh cionnas fhéadfainn
bheith ar a mhalairt de chuma? Seo airgead a
theastuigheann uaim go géar. Do bhogas an bóthar
maidean indé go luaith, ar cuaird chum gach éinne
go bhfuil airgead agam air, acht níl pingin fachta
agam ó éanduine riamh aca rith an dá lá! Bhíos
cortha traochta aréir tar éis mo chuid aistir, agus
isé an áit in ar chuireas fúm ná in ósta Ghiúduidhig,
mar a raibh baraille bhrannda ag ceann mo leabthan.
Féach orm mar seo agus me caogad míle ó bhaile
i dtig ina raibh súil agam le suim éigin airgid, agus
cadé an scéala gheibhim acht go bhfuilir-se cráidhte ag
buairt aigne. Cadé an iongna fearg a bheith orm!



POPOBHA.



Ná dubhart leat go mbeadh do chuid le fagháil agat
chomh luaith in Éirinn is chasfidh an maor ón gcathair.



SMIRNOBH.



Acht ní hag triall ar do mhaor a thánga-sa annso
acht ort féin! Cadé an diabhal baint atá agamsa
let mhaor! Maith dham an briathar!



POPOBHA.



Gabhaim párdún agat, acht ní gnáthach liomsa
éisteacht le n-a leithéid sin de chainnt. Ní háil liom
a thuille uait. (Siúd amach í le luas).


L. 11


SMIRNOBH.



Aililiú! Éist léithi seo! “Buairt aigne” …
“Seacht mí ó cailleadh fear an tighe!” Acht an bhfuil
ormsa ús a íoc nó gan a íoc? SINÍ an cheist: an
bhfuil ormsa íoc nó ná fuil? Má thá fear an tighe
tar éis bháis agus buairt aigne ort féin agus gach
aon tsórt ráiméis ag cur ort … Agus má thá
go bhfuil do mhaor as baile — sa diabhal é mar mhaor;
'seadh cad do b'áil leat díomsa? An dóigh leat
go bhfuil eitilt agamsa, nó a mhalairt de sheift, chum
éalódh ó sna fiacha atá anuas orm? Nó an amhla
mheasair dam mo cheann a bhrise i gcoinne an fhalla?
Nuair thagaim chum an chéad duine ag éileamh mo chuid
airgid féin, cloisim óna mhuinntir go bhfuil sé as
baile; gabhaim chum an tarna duine agus bhí seisean
imthighthe i bhfolach uaim; dfhóbair dam an trímhadh
duine a chaitheamh amach tríd an bhfuinneóig; an
ceathramhadh fear bhí rud éigin bun os cionn le n-a
ghoile; agus nuair a shroisim í seo deir sí liom go
bhfuil buairt aigne uirthi! Ní háil le héanchneamhaire
dhíóbh mo chuid féin a thabhairt dam! Róchaoin,
róchneasta leó atáim! Rólághach ar fad atáim leó!
Acht fan go fóill go bhfeicfir an méanach atá ionnamsa!
Go mbeire an donas leis sibh! Maildéan air mar
ghnó! Cos liomsa ní bhogfidh as so go bhfaghad mo
chuid airgid! Brr! … Ó! a leithéid dfhearg is
tá orm indiu! tá fíoch chomh mór san orm ná fuil im
chumas m'anál a tharraint … Uch! an crádh is an
tinneas atá ag cur orm! (Cuireann sé liúgh as).
Annso chugham, a ghiolla! (Seo isteach Lúca).



LÚCA.



Seadh, cad do b'áil leat díom, a dhuine uasail?



SMIRNOBH.



Faghaim deoch 'en uisce! (Siúd amach Lúca). An
bhfeacaidh éinne riamh a leithéid de leamhas! Dianghábha


L. 12


ag duine le n-a chuid féin agus ní bhfagha sé uaithi seo
é, mar ní mian léithi baint le cúrsaí airgid, má's
é do thoil é! … Sin argóint mná agat; féach air
sin mar dhíth céille. Níor bh'áil liom labhairt le mná
éanlá riamh ná ní háil liom indiu féin é. Bfhearr
liom go mór suidhe anuas ar bharaille lán de phúdar
'ná comhrádh a dhéanamh le duine aca. Brr! …
Braithim mo chorp ag dul i bhfuaire, agus Í SEO fé
ndeara é go léir! Ní túisce luigheann mo shúil ar
mhnaoi 'ná mar bhím ag snámh le hallas fuar le neart
feirge. Is fuath liom iad. (seo isteach Lúca leis an uisce).



LÚCA.



Tá bean an tighe gan bheith ar foghnamh: ní háil léi
labhairt le héinne!



SMIRNOBH.



Fág an áit seo! Scrios! (Amach Le Lúca). “Tá
sí gan bheith ar foghnamh:” “ní háil léithi labhairt le
héinne!” H'm, muna labhrair liomsa, a bhean mhaith …
Ní bhogfidh cos liomsa as so go dtí go bhfaghad mo chuid
féin. Bí seachtmhain gan bheith ar foghnamh má's fonn
leat é, acht má bhír, fanfadsa annso go ceann na
seachtmhaine sin … Má bhír tinn go ceann bliadhna
caithfeadsa an bhliadhain sin ar an bhfód so. Ní fuláir
damhsa mo chuid féin dfhághail! Is cuma liomsa na
pluicíní atá ort, agus do chuid éadaighe dubha!
(Scaoileann sé liugh amach an fhuinneóig chum a chóisteóir
féin). Scuir na capaill agus cuir sa stábla iad,
a Shímoin! agus faighdís coirce a ndóithin. Ní bhéam
ag gluaiseacht go fóill! Táimse chum cur fúm annso!
(Fágann sé an fhuinneóg). Ó! nach mór an scannradh
brothal an lae indiu, agus gan fonn ar éinne mo chuid
féin a thabhairt dam! Ní codla sámh a bhí agam aréir,
agus mar bharra ar gach míáird, seo bean in éadaighe
dubha agus BUAIRT AIGNE uirthi … Ó! leig dam


L. 13


féin, leis an dtinneas buile atá im cheann … Ní
fheadar ar mhisde dham braonín bhrannda dh'ól? Seadh,
b'é bfhearra dham a dhéanamh b'éidir. (Glaodhann in
árd a ghutha). Annso a ghiolla! (Tagann Lúca isteach).



LÚCA.



Seadh, a dhuine uasail?



SMIRNOBH.



Faghaim gloine bhrannda! (Gabhann Lúca amach). Uch!
(Suidheann agus cromann ar fhéachaint ar a dhriuch féin).
Nach ró-shlachtmhar an crot atá orm! Luaitreán ar gach
giobal liom, an phluide go trom ar mo bhróga, m'aghaidh
gan nighe, mo chuid gruaige in aimhréidhe agus na suip
ar mo bhest … Níor bh'éiniongna ar domhan bean
an tighe seo á cheapadh gur bhitheamhnach me. (Luigheann
ar mianfuidhe). Ní héanáit an seómra breagh so do
dhuine in aonriocht liomsa, acht níl leigheas air … Ní
hi gcáil duine de lucht cuarda thánga-sa annso acht im
fhear fiacha, agus ní heól dam éanchulaith speisialta
i gcóir éilighthóirí fiacha …



(seo isteach Lúca leis an mbrannda.)



LÚCA.



Á, a dhuine uasail, táir ródhian ar fad …



SMIRNOBH.



(Le faobhar). Cadé rud é sin a dubhraís?



LÚCA.



Dubhart ó! níl acht ann neamhnidh …
shaoileas …


L. 14


SMIRNOBH



Cé leis go bhfuilir ag cainnt? Éist do bhéal!



LÚCA.



(I leathtaoibh). Ar intinn cur fé annso atá an
bitheamhnach … Ó! mhuise gurab é an diabhal a
bhéarfaidh leis é … (gabhann Lúca amach).



SMIRNOBH.



Ó! nach orm féin atá an fhearg indiu! Tá fraoch chomh
mór san orm go bhféadfainn, dar liom, mionsprúán
a dhéanamh den domhan ar fad … Agus thairis sin,
braithim tinneas buile orm … (Cuireann liugh as).
Aleith annso, a ghiolla! (Tagann Popobha isteach).



POPOBHA.



(Agus a súile claonta chum an úrláir).
Táim imthighthe a' taithighe glór fir le tamall anuas,
a dhuine mhaith. D'iarrfainn ort gan bheith 'om bhuaireamh.



SMIRNOBH.



Faghaim mo chuid airgid agus ní bhead 'ot bhuaireamh
a thuille.



POPOBHA.



Ná dubhart leat go soiléir ná fuil sé agam indiu:
Fan go dtí arramhadh amáireach.


L. 15


SMIRNOBH.



Agus ná dubhartsa go soiléir nach arramhadh
amáireach a theastuigheann sé uaim. Táim ar intinn
me féin a chrochadh ar maidin muna bhfaghaim an t-airgead
láithreach.



POPOBHA.



Acht cad athá le déanamh nuair ná fuil sé agam?
Nach aisteach an duine thú!



SMIRNOBH.



Dá réir sin níl sé le fagháil agam LÁITHREACH?



POPOBHA.



Níl im chumas é thabhairt duit …



SMIRNOBH.



Tá go maith, máiseadh: táimse chum fanamhaint
annso go dtí go bhfaghad é. (Suidheann sé). Táir-se
chum mo chuid airgid a thabhairt dam arramhadh amáireach.
Cuirfeadsa fúm annso dtí san, … (Preabann ina
shuidhe). Ceist agam ort: An bhfuil ormsa an t-airgead
so íoc amáireach nó ná fuil? Nó an amhla mheasair
gur cúrsaí grinn agam é?



POPOBHA.



Ná bí ag amhstraig ormsa ar an gcuma san, let thoil.
Ní hi stábla atáimíd!


L. 16


Ní do stábla bhíos-sa ag tagairt: acht ag fiafruighe
an mbeadh orm an t-airgead so bheith ar barra baise
agam amáireach nó ná beadh.



POPOBHA



Ní heól duit cionnas tu féin a dh'iomchar i láthair
ban!



SMIRNOBH.



Nach eól, go deimhin!



POPOBHA



Ní heól go deimhin! Níl ionnat acht tútach gan
múine. Ní labharfadh éinfhear béasach ar an gcuma
san le mnaoi!



SMIRNOBH.



Uch, cadé mar obair é seo! Cionnas a mheasair
dam labhairt leat? (Géilleann sé don mhífhoidne)
Nach ádhmhrach an scéal dam é gan tu bheith ag tabhairt mo
choda féin dam … Ó! gabhaim párdún agat. Ní
fuláir nó chuireas nidhthe in aimhréidh ort! Nach áluinn
an aimsir í? Nach gleóite a dhfhéachann tu it chulaith
baintreabhaighe! (sléachtann di).



POPOBHA.



Gothaí baotha amadánta iadsan agat.


L. 17


SMIRNOBH.



(Le fonn í chrádh). “Gothaí baotha amadánta!”
Ní heól dam cionnas me féin a dh'iomchar i láthair
ban! Féach, a bhean mhaith, is líonmhaire go mór an méid
ban a bhuail umamsa lem linn 'ná mar a chonnaicís-se
de ghealbhúnaibh i rith do shaoghail. Fá thrí do rinneas
comhrac aonair thar ceann ban. Do dhiúltuigheas do
dháréag ban, agus fuaireas diúltadh ó naonbhar ban
eile! Is cruinn is cuimhin liom me bheith im amadán
aca, nuair bhíodh bréithre binne ar mo theangain, agus
seóda ar mo bhrághaid, agus mé ag sléachtadh do réir
nóis … Shiné an uair a bhínn dom chrádh ag an ngrádh,
agus me ag uchlán fé ré gheal na hoidhche, agus me dom
ithe ag an seirbhe …; do bhínn ag cur síos air seo
is air siúd, acht is fadó riamh atá mo sháith agamsa de
roscaibh gorma, agus de bheólaibh ar dhath an róis, agus
de phluicíní an gháire, den ré, den siosarnach — ní
thabharfainn-se feóirling ruadh indiu ar a bhfuil in
tsaoghal díobh! Féach! táim á rádh go daingean, i
gcead don chuideachtain, ná fuil i mnáibh i gcoitcheann
acht dream claon, cam, munabrach, formadach, bréagach,
uallach, aimideach, cruaidh, místuamdha; agus i gcúrsaí
céille is meabhrach (Buaileann barra méir leis ar a
éadan) tá buaidhte go bog ag an ngealbhún ar éan-
fheallsamhnach mná ar t'aitheantas! Cad athá sa duine
is fearr aca acht baindia in éadach sróill: féach go
cruinn uirthi agus chífir ná fuil innti acht ollphiast!



(Beireann sé ar dhrom na cathaoirach; cnagann an
t-adhmad agus tagann ina dhá phíosa ina láimh).



Agus ceapann an ollphiast san gur aici féin atá rogha
agus togha maothchroidhe. Go mbeiridh an diabhar leis
me má bhuail an bhean san riamh umam go raibh grádh
aici d'éinnídh acht dá measmhadra! An bhfuil ar a
cumas éinnídh ar domhan a dhéanamh nuair bhíonn sí i
ngrádh, acht pus agus meill a chur suas? Fhaid is
bhíonn an fear i bpéin cad á bhíonn ar siubhal aici-si
acht bheith ag imirt le n-a scairf agus d'iarraidh greim


L. 18


níos daingine a dhfhághail ar an bhfear bocht? Tá sé de
chrann ortsa gur bean tu, agus fágann san gur eól
duit nádúir na mná. Innis dam an méid seo — an
bhfeacaís riamh bean a bhí díreach dílis buan? Ní fheacaís
i ndomhnach! Ní bhíonn amhla acht críonmhná agus
baothmhná! Is túisce chífir creabhar bán, nó adharca
ar an gcat 'ná mar gheobhair bean atá dílis!



POPOBHA.



Agus, dar leatsa, cé bhíonn dílis buan i gcúrsaí
grádha? An fear is dócha!



SMIRNOBH.



An fear, gan amhras!



POPOBHA.



Cúis gháire chughainn! (Déineann sí gáire fonmhóide).
Dílse agus buaine i bhfearaibh! Ar airigh éinne riamh
a leithéid eile de ráiméis cainnte! (Le faobhar).
Is mór an díth céille dhuit a bheith ag argóint ar an
nós san! Féach! B'é fear an tighe seo mo rogha
is mo thogha féin dfhearaibh na cruinne … do bhronnas
air mo chroidhe agus m'óige, mó shéan, mo shaoghal,
mo spré; thugas do urraim mar a thabharfadh págánach
dá dhia, agus … agus cadé an cúiteamh a fuaireas
sa méid sin go léir? Claon is cluain gach uair sa
ló! Agus cad a gheobhainn tar éis a bháis acht bosca
mór lán de leitreacha a tháinig chuige ó mhnáibh eile!
Dfhágadh sé annso im aonar me, seachtmhainí as a
chéile, agus é féin ag suirghe le mnáibh eile an uair
chéadna, agus an dubh ina gheal aige á bhualadh ormsa;
do speal sé mo chuid le rabairne agus ní bhíodh sé
choidhche acht ag magadh fúm … Acht ina aindheóin
san go léir bhíos dílis buan do … féibh mar atáim
indiu féin agus é ag dreoghadh. Tá glas curtha agam


L. 19


orm féin annso istig, agus ní chaithfead acht éadaighe
dubha an dá lá is mhairfead …



SMIRNOBH.



(Déineann sé gáire fonmhóide). Éadaighe dubha!
… An amhla cheapann tu gur amadán mise agat?
Nó an measann tu nach léir damhsa go cruinn an fáth
go gcaitheann tu na héadaighe dubha san, agus an
fáth go bhfanann tu annso istig! Is maith is eól dam
é! Sidé é. Nuair gheobhaidh file dith céille thar brághaid
annso déarfa sé: “Ó! annso a chomhnuidheann an
bhean rúnda san a chuaidh fé ghlas le grádh dá fear!”
Aidhe mhuise, is maith is eól dúinn na cleasa san!



POPOBHA.



(Go rófheargach). Ní fheadar in éanchor cionnas
a gheibhir ionnat féin a leithéid sin a rádh liomsa!



SMIRNOBH.



Deireann tu go bhfuilir fé ghlas annso istig, acht
má tháir ní fhágann san ná gur leathais an púdar ar
do leacain indiu!



POPOBHA.



Is dána an t-éadan atá ort agus labhairt ar an
gcuma san liomsa.



SMIRNOBH.



Ní maor leat mise chum go mbeithá ag béicigh chugham
ar an gcuma san, let thoil! An ainm cheart a bheirimse
ar rud i gcomhnuidhe. Ní bean mise agat acht duine
gur gnáth leis labhairt de lom! Ná bí ag béicigh
chughamsa!


L. 20


POPOBHA



Ní mise atá ag béicigh acht tusa! Leig dam féin
má's é do thoil é!



SMIRNOBH.



Faghaim mo chuid féin agus ní fhanfad annso
nóimeant níosa shia.



POPOBHA.



Ní bhfaghair uaimse é!



SMIRNOBH.



Ná faghad mhuise?



POPOBHA.



Ní bhfaghair mhuise, ná feóirling; féach air sin anois
agat. Leig dam féin adeirim leat!



SMIRNOBH.



Ó thárla nach mise do chéile phósta ná do chiallach
acht an oiread, ní cóir duit a bheith ag déanamh clampair
im láthair. (Suidheann sé). Ní háil liom é.



POPOBHA.



(Le cuthach feirge). An it shuidhe annsan atáir?



SMIRNOBH.



Seadh, cad eile?


L. 21


POPOBHA.



Táimse á iarraidh ort imtheacht as so!



SMIRNOBH.



Tabhair dham mo chuid airgid, má's eadh … (I
leathtaoibh). Ó! an bhuile atá orm! an fraoch atá
orm!



POPOBHA.



Ní háil liomsa comhrádh a dhéanamh le cladhairí
gan múine! Cuir díot as so! (I gcionn tamaillín)
Níl fonn imtheachta ort?



SMIRNOBH.



Níl!



POPOBHA.



Níl?



SMIRNOBH.



Níl!



POPOBHA.



Níl! Tá go maith, máiseadh! (Buaileann sí an
cloigín: seo isteach Lúca láithreach bonn). Teaspeáin
an doras don duine seo!



LÚCA.



(Agus é ag druidim le Smirnobh). Dá mb'é do
thoil é an áit seo dhfhágaint, féibh mar iarradh ort
a dhéanamh, a dhuine uasail! Ní gábha dhuit acht …


L. 22


SMIRNOBH.



(Ag preabadh ina shuidhe). Éist do bhéal! Cé leis
go bhfuilir-se ag labhairt, ar éanchuma? Dhéanfinn
mionramh díot! dheanfinn sin!



LÚCA.



(Ag breith greama ar a chléibh féinidh). Dia dár
saoradh! … An bhfeacaidh éinne a leithéid de dhaoine!
(Tuiteann sé siar, go dtagann ina luighe ar chathaoir).
Ó! a bhaoinach an domhain! Níl puth ionnam!



POPOBHA.



Glaeidh ar an gcóisteóir! Cá bhfuil an gárnóir?
(Buaileann sí an cloigín).



LÚCA.



Níl duine sa tig! táid go léir ag piocadh caortha
agus cnó … Braithim iarracht den bhfanntaisne
ag teacht orm! dá bhfaghainn braon uisce!



POPOBHA.



(Le Smirnobh). Fág an áit seo, láithreach!



SMIRNOBH.



Ná féadfá bheith beagáinín níosa lághthaighe?



POPOBHA.



(Í ag fáscadh a dóirne agus ag tabhairt na gcos don
úrlár). Níl ionnat acht búr! béar! ollphiast!


L. 23


SMIRNOBH.



Abair an méid sin arís, let thoil.



POPOBHA.



Déarfad. Níl ionnat acht búr! béar! ollphiast!



SMIRNOBH.
(É ag druidim ina comhair). Ceist agam ort —
Cadé an ceart atá agat chum mise a mhasladh ar an
gcuma san?



POPOBHA.



Agus má mhasluighim féin? Ní hamhla mheasair go
bhfuil éanscáth ormsa romhat?



SIMIRNOBH



Agus ní hamhla mheasair-se go bhfuil saerchead agat
chum mise a mhasladh ar do dhícheall? Bíodh sé ina
chomhrac againn!



LÚCA.



Go saora Dia sinn! … A leithéid de dhaoine! …
Ó! dá mbeadh braon uisce agam!



SMIRNOBH.



Piostail annso chughainn!


L. 24


POPOBHA.



Ní dócha go gceapann tu gur eagail liomsa do
dhóide móra agus do mhuinéal reamhar garbh, a bhrocais!



SMIRNOBH.



Bíodh ina chomhrac mar sin! Ní leigfeadsa le héinne
me mhasladh, is cuma liom má's bean féin tu.



POPOBHA.



Níl ionnat acht béar! béar! béar!



SMIRNOBH.



Is lánmhithid dúinn an tsean-riaghail úd a mharbhadh,
gur b'iad na fir amháin gur gábha dhóibh díol as éanmhasla
a bheirid uatha. Ní fuláir dúinn-na araon troid um
an scéal so!



POPOBHA.



Le piostalaibh? Tá go maith, máiseadh.



SMIRNOBH.



Láithreach bonn.



POPOBHA.



Láithreach bonn! Bhí peidhre breagh piostal aige
féin … Raghad á n-iarraidh. (Cuireann chum
imtheacht acht casann thar n-ais). Budh mhór an t-adhbhar
aoibhnis dam pléar a chur sa chloigeann dúr san ort!
Don diabhal a bheirim thu! (gabhann sí amach.)


L. 25


SMIRNOBH.



Leagfadsa í, féibh mar leagfinn sicín! Ní páiste
mise aici, ná coileán gan chiall; nach cuma liomsa
má's bean féin í.



LÚCA.



Dia dár saoradh! … (Tagann ar a ghlúine). Bíodh
truagh agat do sheanóir bhocht agus fág an áit seo!
Chuiris scannradh an bháis uirthi ar dtúis, agus ní
shásuigheann san tu gan í mharbhadh!



SMIRNOBH.



(Gan áird ar bith aige i gcainnt an tseanduine).
An bhfeacaidh éinne riamh a leithéid eile de mhnaoi!
(É ag déanamh aithris uirthi). “Don diabhal a bheirim
thu!” “Budh mhór an t-adhbhar aoibhnis dam pléar a
chur sa chloigeann dúr san ort!” Agus a leithéid
de luisne is bhí ina cló nuair a labhair sí! … Níor
chúb sí an oiread is órlach nuair chuireas uirthi — níor
chúb a mbasa! Ní fheaca riamh cheana …



LÚCA.



Imthigh, a dhuine chóir, agus bead ag síorghuidhe Dé
leat!



SMIRNOBH.



Nach shidí an bhean chríochnuighthe! Sidí an bhean
chruthanta a thaithneann liom! Bean nach scorn léithi
teine, púdar, pléar! Is dubhach liom í a mharbhadh!


L. 26


LÚCA.



(Agus é ag gol). Ó! tabhair do bhóthar ort, a dhuine
chóir, i gconntas Dé!



SMIRNOBH.



Is tréan é mo thaithneamh don mhnaoi seo! Taithnigheann
sí go hanamhór liom! Is beag ná go mbeinn toil-
theannach na fiacha san a mhaitheamh di … nílim
míshásta léithi níosa shia … Nach iongantach ar fad
an bhean í!



POPOBHA.



(Í ag teacht le sna piostalaibh). Sid iad iad …
Acht ní mór duit a theaspeáint dam ar dtúis cionnas
iad a láimhseáil. Ní rugas-sa ar cheann aca riamh
go dtí so.



LÚCA.



Ó! Dia mór na ngrás dá caomhnadh … Glaedhfad
ar an gcóisteoir is ar an ngárnóir … Cadé an
tiubaist a leag an crann so anuas orainn …?
(gabhann sé amach).



SMIRNOBH.



(É ag féachaint na bpiostal). Ní mór innsint duit
gur mó sórt piostal atá ann … Táid siad so
thar barr. Níl éanamhras ná gur chosain an peidhre
seo céad rúbal … Mar seo is ceart breith air
… féach … (I leathtaoibh). Ó! a dhuine! an
loise atá insna súilibh aici!



POPOBHA.



An mar seo bheireann tu air?


L. 27


SMIRNOBH.



'Seadh, siné é … féach! Leag siar an casúirín,
agus glinnidh mar seo … Tóg do cheann beagáinín!
Sín uait do lámh i gceart … mar seo … Leag
do mhéir ar an gcoisín, agus sin a bhfuil ann. Isé
do bhuaic gan éinmhearathal a bheith ort agus glinneamh-
aint go socair réidh … Seachain agus ná cuir an
iomarca fuinnimh sa tarraint.



POPOBHA.



Tá go maith … Ní ró-oireamhnach an áit seómra
i gcóir gnótha 'en tsórt so: nár bhfearra dhúinn dul
amach sa gháirdín?



SMIRNOBH.



Gluais leat máiseadh. Acht deirim leat gur san
aer is íntinn liomsa caitheamh.



POPOBHA.



Cadé an chúis!



SMIRNOBH.



Mar … mar … liomsa bhaineann san.



POPOBHA.



Eagla athá ort? Is eadh? Á! Níl dul-as agat
uaimse, a bhuachaill! Gluais amach agus déin troid
anois! Ní bheadsa sásta choidhche go dtí go gcuirfead
poll insan dúr-éadan san atá ort … insan éadan
san is fuath liom! Eagla athá ort!


L. 28


SMIRNOBH.



'Seadh.



POPABHA.



Thugais t'éitheach! Cadé an chúis nách áil leat troid
a dhéanamh?



SMIRNOBH.



Mar … mar … mar taitnigheann tu chomh mór
san liom.



POPOBHA.



(Í ag gáiridhe). Féach air sin agat! Taithnighim
go mór leis! Tá sé de dhánaidheacht ann a rádh go
dtaithnighim go mór leis. (Síneann a méar i dtreó
an doruis). Siné an bóthar amach duit!



SMIRNOBH.



(Cuireann sé urchar ina phiostal go ciúin socair,
beireann ar a chaipín agus siubhlann go dtí an doras.
Stadann annsan ar feadh nóimeant, agus bheirid
aghaidh ar a chéile gan focal as éinne aca. Gabhann
seisean anonn chúichi). Éist liom … An bhfuil
fearg fós ort? Táim féin ar buile, leis … acht
is amhla mar athá … a dtuigeann tú? … cionnas
a déarfad é? Sidé mar athá … mar seo mar
adéarfadh duine … (In árd a ghutha). Cadé an
locht ormsa é taitneamh a bheith agam duit? (Beireann
ar dhrom cathaoirach; briseann an t-adhmad ina láimh).
Sa diabhal é mar scéal; féach an chuma n-a bhfuilim
ag briseadh do chuid trioscáin ort! Is mór é mo
thaitneamh duit! An airigheann tu me? Is beag
… is beag ná go bhfuil grádh agam duit.


L. 29


POPOBHA.



Druid amach uaim — is fuath liom thu!



SMIRNOBH.



Dia lem anam, a leithéid de mhnaoi! Ní fheaca
riamh im shaoghal a leithéid eile! Táim caillte!
Cuachta! Féach annso me, gabhtha mar bheadh luch i
dtrap!



POPOBHA.



Fan siar uaim, nó scaoilfead pléar tríot!



SMIRNOBH.
Scaoil leat ar do dhícheall, máiseadh! Budh mhór
an t-aoibhneas damhsa é bás dfhagháil ar an láthair
seo os comhair na súl ngleóite sin agat, me do
thuitim le pléar ón láimhín mhín sin … Tá ag dul
dem chéill! Meabhruigh an cás láithreach bonn, mar
ní fheicfeam a chéile choidhche arís má théighimse amach!
Socruig an scéal ar an dtoirt … Oighre stáit
mise, agus fagháltas deich míle sa bhliadhain agam …
Chuirfinn pléar tré phingin a chaithfeadh duine insan
aer … Tá mórchuid capall breagh agam … An
nglacfá mar chéile me?



POPOBHA.



(Crothann sí an piostal le tarcuisne dho). Déinimís
troid! Téighmís amach!


L. 30


SMIRNOBH.



Táim as mo mheabhair aici … Ní thuigim nád …
(In árd a ghutha). Tabhair dham braon uisce a ghiolla!



POPOBHA.



(In árd a gutha). Téighmís amach agus déinimís
troid!



SMIRNOBH.



Táim glan as mo mheabhair, táim i ngrádh mar bheadh
ógánach, mar bheadh amadán! (Beireann greim láimhe
uirthi: cuireann sise scréach aisti le neart péine).
Táim go doimhinn i ngrádh leat! (Tagann ar a ghlúinibh).
Ní raibh an oiread grádha agam d'éinne riamh cheana!
Do dhiúltuigheas do dháréag ban agus do dhiúltuig
naonbhar dam, acht ní raibh an oiread grádha agam
d'éinne aca is mar atá agam duitse … Táim
chomh tláth le brobh, níl ionnam acht mar bheadh céir,
céir a bheadh tar éis leaghadh … Féach ar mo ghlúine
me annso mar bheadh baothán, os do chomhair ag tairgsint
mo láimhe dhuit … Mo náire thu! mo náire choidhche
thu! Tá chúig bhliadhna ó bhíos i ngrádh cheana: táim
fé mhóid ó shoin; agus seo me anois i ngradh athuair!
Seo dhuit mo lámh. Abair an focal. Ní háil leat
me? Tá go maith!



(Eirigheann agus gabhann chum an dorais).



POPOBHA.



Stad!



SMIRNOBH.
(Tar éis stad do). Seadh. Cad ab áil leat?


L. 31


POPOBHA.



Neamhnidh. Imthigh … Fan … Ná fan, imthigh!
Is fuath liom thu! Acht … fan, ná himthigh! Ó,
dá mbeadh fhios agat a mhíchéataighe is táim! (Caitheann
a piostal uaithi ar an gclár). Tá at im chrobh ag an
bpiostal san … (Réabann sí a ciarsúir póca
le neart feirge). Cad chuige an mhoill? Amach leat!



SMIRNOBH.



Slán agat.



POPOBHA.



Seadh, seadh, imthig! … (In árd a gutha). Cá
bhfuil do thriall? Fan … Ná fan, imthigh! Ó,
nach orm féin atá an bhuile! Ná tair im ghoire ná
im ghaobhar!



SMIRNOBH.



(Ag teacht ina treó). Ó, nach mise atá ar buile
liom féin! Táim i ngrádh mar bheadh macléighinn,
táim sin … (Go borb). Táim go daingean i ngrádh
leat! Agus cadé an fáth go mbeinnse i ngrádh leat?
Beidh orm an t-ús úd a íoc amáireach, agus tosnughadh
ar bhuaint, agus seo tusa … (Snaimeann a ghéaga
timcheall uirthi). Ní mhaithfead dam féin an méid
seo choidhche …



POPOBHA.



Fág me! Bog díom! Is fuath liom thu! Déinimís
an comhrac!



Bheirid flaspa póige dá chéile.
Seo isteach Lúca le tuaigh, an
gárnóir le raca, an cóisteóir
le píce, agus fir oibre le cuaillí
móra.


L. 32


LÚCA.



(Nuair bhraitheann sé an bheirt ag pógadh a chéile).
Comraidhe Dé chughainn! (Sos beag).



POPOBHA.



(Ag claonadh a súile chum talmhan). Féach, a Lúca,
abair leó gan éanchoirce thabhairt don ngearrán bheag
indiu.



A chríoch.