Toradh na Gaeilge ar Aitheasc agus ar Ghréithribh na nGaedheal

Connradh na Gaedhilge (1905)

Tadhg Ó Murchadha



TORADH NA GAEDHILGE
AR
AITHEASC AGUS AR GHRÉITHRIBH NA
nGAEDHEAL.



AISTE
Do Léigh
LIAM Ó BRIAIN, Feisire,



Os comhair Chumainn Náisiúnta Chorcaighe, istoidhche Dia hAoine,
an tríomhadh lá déag de mhí na Bealtaine, sa bhliadhain
a hocht gcéad déag, a dó dhéag & cheithre fichid.



CURTHA I nGAEDHILG
AG
TADHG Ó MURCHADHA
(“SEANDÚN”).



Ar n-a chur amach
do
CHONNRADH NA GAEDHILGE,
I mBaile Átha Cliath.



1905.


L. ii


AN CLÓ-CHUMANN, Teoranta,
Clódóirí Gaedhilge, Baile Átha Cliath.


L. iii


PREFACE.



It is pleasant to know that for the one friend
the Gaelic Language possessed when this Lecture
was delivered ten years ago, it possesses a thousand
friends to-day. I had to begin with an apology
then for attempting to interest an Irish audience
in the Gaelic Language. Probably, I should have
to begin now with an apology for not addressing
them in Gaelic.



WILLIAM O'BRIEN.



June 30th, 1904


L. iv



L. 1


TORADH NA GAEDHILGE
AR
AITHEASC AGUS AR GHRÉITHRIBH NA
nGAEDHEAL.



Tá a fhios agam, go maith, gur deacair suim do
bheith ag cruinniughadh d'Éireannachaibh óga i moladh
nó i gcúrsaíbh teangadh na Gaedhilge.



Is le lag-mhisneach do thoghas an seana-scéal
tnáithte seo mar adhbhar óráide do chumann go bhfuil a
smaointe dírighthe ar fad aca ar na gnóthaíbh a bhaineas
le n-a linn féin.



Gheobhfar an freagra so ó dhaoinibh chiallmhara: “An
bhfuilir i ndáiríribh, agus a chur mar fhromhadh ar
náisiúntacht Ghaedhealaigh, nach fuláir d'Éireannachaibh,
faillighe do thabhairt i n-urlabhra Shéicspiar — i
n-urlabhra an Bhúrcaigh, i n-urlabhra Mhilton & Neúman,
ar son urlabhra na mbothán atá suidhte ar fuid
cheanntair Chuain na Mara?”



Ní leor leo mar fhreagra a rádh: “Ní mó iarrfainn
ar Chlannaibh Gaedheal ar fuid an domhain a gcúl do
thabhairt ar an rachtmas agus ar an réim atá buaidhte
aca le dian-saothar ins na tíorthaibh móra i n-a bhfuil


L. 2


an Sacs-bhéarla fé áird-réim, agus cur fútha imeasc
na gcurrach & na gcarraig i gConnachtaibh.”



“Cad chuige, ar an adhbhar soin,” adéarfaidh an
duine stuamdha, go beo-ghlórach, “i n-aois mar í seo,
atá ag claonadh chun aon teangadh amháin do fhoir-
leathanughadh, & na hil-theangthacha do chur ar ceal?
Cad é an tairbhthe, iarracht do thabhairt ar theangaidh
do sgiobadh ó'n mbás, go bhfuil a líomhthacht & a brígh
caillte aici leis na ciantaibh, agus mara mbeadh baoth-
ghlór buidhne bige éaganta, go bhfaghadh sí bás le
neart a laige féin? Cad é an fághaltas dúinn bheith
d'ár mbodhradh féin, ag caoineadh na sean-aimsire, &
ar neamh-spleádhchas le baint amach againn — ar
gcurracha le tiormughadh againn, & ár seolta olna le
cur ar siubhal againn, & ár gcuid tailimh ag brúchtaigh
chun saidhbhris táinte & foghmhair buidhe do thabhairt
dúinn go hiomadamhail?”



Sidé mo fhreagra-sa ar na ceisteannaibh seo: Ar
an gcéad dul síos, cé go bhfuil lucht coimeádtha na
dteangan & na náisiúntachta ag claonadh chun slighe
coitchinne do chur ar bun chun a leasa go léir, chomh
maith & ná beadh ins an domhan uile acht aon chineadh
amháin, is treise ná soin an claonadh atá: an t-idir-
dhealughadh cáilidheachta fola & teangan & béasa do
choinneáil beo, mar gurab iad a ghríosas inntleacht na
náisiúntachta — agus táid chomh riachtanach, chun iad do
choinneáil fé leith, & atá a ghnáth-bhéasa féin do gach
duine fé leith.



I n-agaidh an duine — tá céad bliadhan ó shoin ann —


L. 3


ná raibh eolas aige acht ar aon teangaidh amháin, tá
míle duine anois ann go bhfuil eolas aca ar dhá
theangaidh.



Ins an dara háit, cé ná hiarrfainn ar fhearaibh óga
na hÉireann an fhaillighe budh lugha do thabhairt ins an
dian-chomhrac atá ar siubhal aca chun a neamh-
spleádhchais do bhaint amach, nó i ngnóthaíbh móra
sochracha ath-chruthuighthe a dtíre do bheidh aca de bharr
an neamh-spleádhchais sin, is táir iad na daoine do
mhúchfadh claon naomhtha na náisiúntachta, mar
gurab innte atá anam & fuinneamh & comhacht ar
gcomhraic & an dóthchas do neartuigheann & d'árduigh-
eann sinn go hárd, os cionn easaontais so-imighthe na
haimsire seo, & do bhíonn 'na thaca againn i n-am ár
ndubróin.



Is i dteangaidh ársa na nGaedheal atá ceann-tobar
a mbeathadh & a n-anma le fagháil; & ní fhéadaim a
mheas gur dóigh le cumann d'fhearaibh óga i gCorcaigh,
gur mian leo náisiúntacht na hÉireann a bheith ar a
gcoimirc aca go mbeadh uair nó dhó caithte go neam-
thairbhtheach aca ar lorg cionnus mar atá an spioraid
Gaedhealach fighte isteach ins an gcáilidheacht náisiúnta,
& nach fuláir do bheith fighte i n-éin-litiridheacht
náisiúnta leithlighe.



Agus ag machtnamh, cionnus mar do thuit an nídh ait
seo amach, & a rádh go bhfuil sé riachtanach a iarradh ar
shluagh d'Éireannachaibh óga, atá ar lán-lasadh le tír-
ghrádh, machtnamh a dhéanamh go ceannsa ar an dteang-
aidh náisiúnta soin, an oighreacht is ársaidhe dá bhfuil


L. 4


againn, & ar bprímh-theideal gur cineadh ar leith linn
féin sinn.



Machtnuighmíd go geanamhail ar sheana-oighreachaibh
eile, & gan de fhagháltas dúinn ionnta acht go
gcuirid an tsean-aimsir i gcuimhne dhúinn. Do bheadh
an phuiblidheacht ar lasadh le feirg i dtaobh oibre
milltighe an té d'fhuadóchadh leis clocha mion-shnuidhte
a sean-theampall cun falla botháin do chur suas dó
féin leo — nó do dhéanfadh coiréal de roiligíbh ríoghdha
na Bóinne, chun bóthar do dheisiughadh leo.



Is mian le gach Éireannach deagh-oilte clocha cillíní
an Chunga do chur le chéile go hurramach, an t-ionad
adhlactha i n-a bhfuil Ruaidhrí Ó Conchubhair, an t-árd-
rí deiridh do bhí ar Éirinn, 'na luighe 'na shuan go lá an
Luain. Preabann ar gcroidhthe, ar fhéachaint dúinn
ar an madhm i seana-bhallaíbh cathrach Luimnigh, as ar
raideadh slóighte Rí Liam 'na ngiotaíbh fogha i n-áirde
sa spéir; & an áit i n-ar threascair an gabha groidhe
calma na hallmhuraigh le n-a órd.



Is le mór-urraim a leanaimíd coiscéimí an Dochtúra
Peitrí, ar fuid rátha na Teamhrach, & é ag foillsiughadh
dhúinn ionad an Tighe Mhíodhchuarta, tráth dá raibh sí
go haoibhinn fé ragairne ríoghamhail; & an grianán i
n-a raibh Gráinne 'na suidhe, an chéad uair do fuair sí
lán a súl de Dhiarmuid, & é ag cur an bháire ar
iománaidhthibh Laighean ar an bhfaithche fhéar-uaithne, &,
dá bharr, gur thug sí searc a cléibh dó.



Cuireann túr briste, nó sean-ainm áite, nó ionad
adhlactha na sean-laochraidhe i gcuimhne dhúinn na


L. 5


fleadha ríoghdha & na saor-chleasa lúthgháireacha do
thaithigh ar sinsir na mílte bliadhain ó shoin.



Tá duine ceapaithe ag Bórd na nOibreach gCoit-
cheann, chun a bheag nó a mhór de dheisiughadh — agus is
gnáthaighe leis an chuid is lugha dhe a dhéanamh, — ar gach
scoilt & caitheamh a thagann leis an aimsir ar ár gcloig-
theachaibh, & ar ár seana-chillíníbh; acht cionnus a thár-
luigheann sé go bhfuil an oighreacht is ársaidhe & is
luachmhaire dá bhfuil againn ag dul i n-éag os comhair
ár súl, & gan neach le fagháil chun a báis do chaoineadh,
acht fo-thruaghthán fánach dubhrónach?



Acht cad é an chabhair dhúinn ar sean-fhotharacha chun
léir-thuigsinte a thabhairt dúinn ar theasaidheacht na
fola do ghluais go luaimneach tré fhéitheachaibh ár
sinsear il-bhéasacha do thug a saoghal romhainn i nInis
na bhFíodhbhadh — cionnus mar a chuireadar díobh é —
sealad go grádhmhar, sealad go hachrannach, & sealad
go fialmhar, i gcóimh-mheas leis an dteangain do
labhradar le beodhacht a n-anamann agus ar
chloisint a fuama dhóibh, go bpreabadh a gcroidhthe
le haiteas? — & gurab innte atá taisgithe smaointe
agus caomh-uaim na ndán do chan Oisín le linn
a óige — agus gur le n-a comhacht do dhin Brian an
briseadh ar shlóightibh na nDanar, ar mhachairíbh Chluana
Tairbh; agus le n-ar thug Colm Cille leath-iarthar na
hEórpa fé n-a chaoin-riaghail, ó n-a chillín mhór-chlúmhail
i n-Í.



Machtnuighmís ar chuma eile 'na bhfuil teanga Fódla
'na ciste náisiúnta. Tá cúis mhórdhála ag cineadh na


L. 6


nGaedheal, a bhaineas leo féin amháin — 'sé sin, go bhfuil
seanchas chomh fírinneach & chomh mór-is-fiú, oighrighthe ar
a sinsear ag an líon tighe is úirísle aca, & is féidir a
chur síos ar urmhór de nua-mhaithibh na linne seo.
Acht tá an seanchas soin curtha bun os cionn chomh
mór soin, le trí chéad bliadhain gur dh'fhóbair dó bheith
imighthe gan tuairisc.



An seanchas fíor-chruinn a deintí gach re dtrí
mbliadhain ar gheinealachaibh na nGaedheal i bhFeiseannaibh
móra na Teamhrach ag na bárdaibh & ag na seanchaidhthibh,
& curtha 'na luighe go beacht agus go buan aca i
gcuimhne na ndaoine, — tá an seanchas soin go léir
suaidhte chomh mór soin anois, go bhfuil sé 'na chúis
mhóir aithise d'ár gcineadh.



Tá misneach ag teacht dúinn anois, ámhthach, & is
féidir dhúinn féachaint siar, de dhruim adhgáin fhuiltigh
na dtrí gcéad mbliadhan so. Féadfam dul ar lorg an
tseanchais sin arís, a thabharfaidh cunntas chomh cruinn
dúinn cé'r díobh sinn & cad as dúinn & is féidir a thabhairt
ar éin-nidh a bhaineas le stair an chinidh dhaonna. Féad.
fam leanamhaint orainn siar, ar lorg cúrsa gach
móir-threibhe dhe'n chineadh Gaedhealach, tré iol-stair
chríche Ealga, — i bhfad siar i gcéin, go bhfagham
cunntas ar Chlannaibh Mhileadh na bhfolt mbuidhe ag
gabháil seilbhe Scotia — i laethibh níosa ársaidhe ná tráth
mhóir-réime Cathrac na hAithne — le linn na haimsire,
b'fhéidir, gur cuireadh ar bun múir Cathrach na
Trae.



Níl i maoidheamh an deagh-oilte seo ár gcinidh éin-


L. 7


nídh do thabharfadh an masla is lugha d éin-treabh eile
dhe'n chineadh dhaonna.



Is fánach é an té 'nár measc d'fhéadfadh seanchas gan
beárna a dhéanamh ar a shinsear, cé gur mór é mian
na nuadh-uaisleachta é dhéanamh.



Tá cúis mhaoidhte mhacánta le déanamh ag ár gcineadh:
cé go rabhamar, idir íseal & uasal, rannpháirteach i
mbochtaineacht iargcúlda & i gcóimh-mheascadh fola, do
chuireamar dínn iad, ámh, gan dul d'ar bhfuinneamh; acht
a atharrach, lán de dheigh-mhianaibh, chun sinn féin d'aith-
bheodhughadh le gach subháilce, d'ar bh'fhéidir a fhagháil
imeasc na huaisleachta is aoirde le fagháil chun miana
an duine d'árdughadh i ngach nídh a bhaineas le cineadh
laochraidhe, & dealbh ionnraic cinidh naomhtha.



'Na fhochair sin tá cosaint déanta orainn ar bhaoth-
mhaoidheamh a deagh-oileadh ar gcinidh, ins an gcéill 'na
dtuigtear é imeasc na nuadh-uaisleachta; 'sé sin,
gurab ar éigin d'fhág mearthal na dtrí gcéad mbliadhan
so éin-deifir idir shliocht an taoisigh & sliocht a lucht
leanamhna.



Tá sólás le fagháil ag an dream is boichte againn,
ar léigheadh staire ár dtíre dhúinn ar mhéid ár
mbochtaineachta — gur deamhraithighe gur b'é an trúig
fé ndeara léi, gur rogha le n-ár sinsearaibh fuil
a gcroidhe do thabhairt ag troid go calma i n-aghaidh
Carew nó Cromwell, níosa thúisge ná táir-bheart
d'imirt i n-aghaidh a gcreidimh ná a dtíre.



Ní hoighreacht shuarach do náisiún i seo. An dóigh
leat go bhféadfadh tuathach i gcurrachaibh Lancashire


L. 8


léir-sheanchas a dhéanamh ar a thúismightheóiríbh imeasc
na slóighte do bhí ag cath Hastings chomh mórdhálach
leis an Howard nó leis an De Winton, ba mhó le
rádh dhíobh go léir?



Acht tar éis áir & léir-screasa do-labhartha ar gcinidh,
ní ag dul thar fóir é a rádh go bhfuil na céadta treabh
Gaedhealach ag lonnughadh fós, go neamh-spleádhach, ar
theorannaibh fearann a sean.



Cá bhfaghfar imeasc nua-uaisleachta na hÉireann,
an té gur féidir leis seanchas a shinsir do chur síos
chomh fírinneach le pór ríoghdha Shasana, & leanamhaint
ortha chomh fada siar le linn daor-bhruide na hEórpa
fé cheannas na Rómhánach.



Tá an cineadh Gaedhealach i bhfus ins na tíorthaibh
seo, & thar lear i nAimeirice, & iad gríosuighthe le
gach subháilce d'ar bhain le n-a sean-sinsearaibh, & iad i
bhfíor-thosach gach deagh-ghnótha chun leasa an chinidh
dhaonna. Is í an teanga Ghaedhilge ár dteideal ar an
oighreacht arsa ríoghdha so.



Is i ngeinealachaibh Dhubhaltaigh Mhic Fhirbisigh & 'na
leithéidíbh, cé gur mór díobh atá ag dreoghughadh i láimh-
scríbhinnibh, gan bheith curtha i n-eagar fós, do gheobham
cunntas for-lán ar gach mhóir-shliocht threibhe Eóchadh &
Chuinn — ní hé amháin ar righthibh & ar laochraíbh gach
treibhe dhíobh, acht ar chruitiríbh, ar liaighthibh ar ollamhn-
aibh & ar ghrinn-sheanchaidhthibh, ar lucht iomchurtha na
gcorn, & ar lucht il-cheárd oilte gach treibhe aca.



Acht ar nós Charles Surface, an caithteach gan chéill,
sgaoileann sliocht Mhíleadh ionnmhus seanchais a sinsear


L. 9


uatha ar neamhnídh, gan an oiread & osna bróin baotháin
Uí Shrudáin do chur asta, ar sgaramhaint leis dóibh.



'Sé toradh na táir-bheirte seo — ní hé amháin gur dhin
sí deighilt idir sinn féin & stair ar n-aithreach, atá
chomh greanta le héin-nídh atá curtha síos ag Scott, &
níosa fhírinnighe ná mar a aithristear ar Heredótus,
acht ná raibh náisiúntacht Ghaedhealach curtha ar bun go
dtí a bhfuil le céad bliadhain ó shoin, an tráth do
dhírigheamar ar urlabhra an scriosadóra do labhairt, &
sgaramhaint le comharthaíbh ár náisiúntachta ársaidhe, do
tugadh dhúinn tré shuidheamh dlighthe, atá chomh hársa
do-atharruighthe nach mór, le haillthíbh na Fódla atá ag
déanamh síor-choimirce ar ár ndúthchas, i lár na bóchna.



Níl d'eolas againn ar na nidhthibh a bhaineas le bun-
riaghlughadh ar dtíre, acht amháin a bhfuil againn ó
Lucas nó ó Wolf Tone. Ní mór go bhfuil éin-litiridh-
eacht eile againn acht amháin amhráin & ealadhna
Chumainn na Nua-Éireannach.



Ná beireadh éinne leis go measaim-se a chur i
dtuigsint gur bhféidir inntleacht aosa óig na hÉireann
do chur fé theagascóireacht thír-ghrádhaigh bhuan-seasmhaigh
dob' fhearr ná teagasc Tone & Davis. Níl sé ceapaithe
agam labhairt anois i dtaobh an ghábha atá le hiarracht
níosa bhfearr do thabhairt, nó scrúdughad neamh-
thairbhtheach do dhéanamh, ar scríbhneóiríbh na Nua-
Éireannach, má tá iomadamhlacht na litiridheachta
le bheith nochtaighthe choidhche ná raibh de shaoghal ag Davis
acht súil-fhéachaint do thabhairt uirthe.



Níl uaim do'n chor so, acht go dtabharfaidhe fé


L. 10


ndeara cionnus mar a rith le Davis comhacht níosa
threise do bheith aige ar aos óg na hÉireann, atá 'na
mbeathaidh anois, ná mar do bhí aige ar a chomh-mhair-
theannaidhthibh féin.



Is é an fáth atá leis ná teasuidheacht so-ghluaiste a
mheoin shuairc féin do bhíodh gac re dtráth go duairc
& go soilbhir — tráth chomh ceannsa le hainnir fé chaoin-
spioraid ghrádha, tráth eile ar lasadh le haiteas an chatha
& arís eile chomh meidhreach & dá mbeadh sé ag íbhe
fíona i bhfochair seana-churaidhe na hÉireann fad ó.



Bí na smaointe seo aige de bharr an mhóir-gheana
do bhí aige do shean-theangaidh na hÉireann & as an
mbáidh aigeanta do bhí aige & do chlaon le na
heachtraidhibh draoidheachta do chuireann sean-litridh-
eacht na Gaedhilge uaithe chomh nádúrtha & a chuireann
sgoth an mhóinfhéir boladh cumhra as, fé dhrúcht na
maidne um Bhealtaine.



Níor bhféidir le héan-duine, go raibh an Ghaedhilg i
n-ainbhfios air, “Caoineadh Eoghain Ruaidh” nó “Uaill-
chumha na nIarla” do chanadh.



Ní fuláir ná gur tré mhachtnamh mhearthail ar mhóir-
intleacht ghasta na mbeo & na marbh é, ná beadh i dtír-
grádhthóir Ghaedhealach na haimsire seo acht mar a
bheadh duine gan éisteacht aige ag Feis na Teamhrach,
nó duine ag tabhairt cluaise dhon Niallach agus é ag
gríosughadh a shlóighte & gan focal d'á chainnt do
thuigsint. Ní bheadh ann acht coigchríoch cois teine i
bhfoslongphort Shléibhe Chaisil.



Agus ar an dtaobh eile, dá mb'fhéidir le Cúchulainn


L. 11


& le Fionn, le Rígh Niall & le Brian, le Naomh Colm
Cille & le Naomh Colmán — dá mb'fhéidir le hArt
Mac Murchadha & le Fiacha Ó Broin & le hAodh Ruadh
Ó Domhnaill, gan a lan eile nach iad d'áireamh, gur
dhin subháilcí a mbeathadh úir na hÉireann do chois-
ricean — dá mb'fheidir le lucht na n-éacht-ghníomh ar
mhuir & ar thír, gurab i gcuimhne a dtréithe atá seasamh
náisiúntachta Gaedhealaighe — dá mb'fhéidir leo so uile
ath-chuaird do thabhairt ar bheannaibh lán-tsruthacha
Fáilbhe, do bheadh sé air aca teicheadh leo féin siar
imeasc na mbothán & na gcairrgeach, ar lorg duine
éigin do thuigfeadh a n-urlabhra — nó, b'fhéidir, ar
eagla go mbeifí ag deanamh cnáide fútha.



Is é an chúis fé ndeara dhóibh seo ná fuil sé d'fhonn
ortha teanga na hÉireann do sgiobadh ó'n mbás, go
ndeirid gur teanga neamhthairbhtheach í & gur deacair
í fhoghluim. Níl éin-nidh le fagháil de bharr bheith ag
ceilt na fírinne: 'sé sin go gcuirtear na mic léighinn
i n-éadóchas ar an gcéad iarracht do thugaid ar í
fhogluim.



An tuisce bhíonn graiméar na Gréigise foghlumtha
ag duine, féadfaidh sé leabhair d'oscailt 'na bhfuighidh
sé nua-litiridheacht Romanach dá bhreaghtha & dá thaith-
neamhaighe, scríbhte i dteangthaibh eile, go soiléir
so-thuigsionnach & inleighte le haiteas thar barr.



Tá a atharrach le radh i dtaobh na Gaedhilge, ámhthach.
Sin í ar leith léi féin í, ag greamughadh go dílis, gan
claochlódh, dá préamh-fhocail, & do-scaoilte ó shuidheamh
ársa a fuama féin; agus an fhairrge choimhtheach 'na


L. 12


crios dá síor-chosaint, ar chuma go gcloistear fuama
a guthanna ag síor-bhreith buadha ar na consonaibh;
agus í ag sgéidheadh le fuaim neamh-choitchinn, gan
de chosamhlacht aici le deise mhion-chanamhainte na
Frainncise ná na hIodáilise, acht an oiread & atá idir
Suantraidhe Gaedhilge & ceol lag-bhrigheach “La Fille
de Madame Angot.”



Bíonn an mac léighinn ag déanamh gearáin i dtaobh
gan éin-deamhramh deifiridheachta a bheith idir chríoch-
nuighthibh trátha na bhfocal. Tagann mearthal inchinne
air, mar gheall ar an neamh-chosamhlacht a gheibheann sé
idir litiriughadh & canamhaint na bhfocal, & cuireann sé
ar fad i gcoinnibh mor-iomadamhlacht na bhforainm & na
réamhfhocal. Crapann a theanga, ar an gcéad iarracht
do thugann sé ar chanamhaint do bhaint as na foclaibh
so, samhluighthear dhó gan a bheith ionnta acht consona
gan suidheamh, ná féadfaí a gcur i bhfeidhm labhartha.



Is mó de dheamhramh deacaireachta ná de dheacair-
eacht atá annso ar fad. Is í canamhaint na Gaedhilge,
do réir mo bharamhla-sa, an docamhlacht is mó atá ag
baint léi. Ní bheidh puinn de bharr a shaothair ag an
mac léighinn nó go raghaidh an chanamhaint i n-achrann
'n-a chluais, agus ní féidir di a dhul acht ó bhéal
Gaedhilgeóra dúthchasaigh — as soin amach beidh rith an
ráis leis.



B'fhéidir nár mhisde dham cur síos a dhéanamh ar mo
chuid stuidéir féin, d'fhonn lucht an mhí-mhisnigh a
ghríosadh. Tá os cionn fiche bliadhain ó shoin anois ann
ó chuireas eolas ar ghraiméar & ar riaghlachaibh na


L. 13


teangadh dem' stuidéar féin, le cungnamh foclóra
Uí Bhriain do fuaireas i gColáiste na Bainríoghna i
gCorcaigh, ar chor go bhféadainn seana-láimhscríbhinn a
léigheadh níosa usa ná mar a fhéadfadh garsún scoile
stair Livy do léigheadh, acht gan bheith chomh taithneamhach
liom. Dá dhéine iarracht do thugainn ar bhinneas do
bhaint as na foclaibh seo do bhí ag síor-chur mearthail
orm, ní fhóirfeadh éin-riaghlacha orm chuige. Bhí fhios
agam nár bhfuláir ná go raibh tobar an bhinnis do
chuir aiteas ar chroidhthibh scoláirí Gaedhilge le ciantaibh
foluighthe i mball éigin, acht níor bhraitheas-sa an
t-aiteas. Bhí eolas na teangan agam, acht ní raibh ann
acht mar aithneoghainn mala corpáin sa chomhrainn dob'
aithnid dam i ló a bheathadh.



An chrích do bheir dam bheith i bpríosún na Gaillimhe,
thug sí caoi dham ar chomhluadar do bheith agam, idir dhá
linn, le sagart, go raibh fuaim na Gaedhilge aige ó
lacht chíche a mháthar.



An teanga do shamhluigh im' shúilibh bheith marbh go dtí
so, ba léir dam fé dheire a hanam & a brígh, fé mar
do ghabh cnámha dreoighte aislinge an fháidh beodhacht &
maiseacht umpa fé theas na gréine.



Na consona, do shíleas, ná féadfaí a gcur i bhfeidhm
labhartha, chuala a bhfuaim ó n-a bhéal, amhail ceol na
sruthann ag rith le fánaidh na gcnoc, nó gleo na
leomhan chun catha. Do b'in é an draoidheacht imighthe
dhíom. Ní raibh de dheamhramh ag teangaidh bhailbh na
leabhar le canamhaint bhreagh bhuig an chainnteora, acht
an oiread & do bhíonn ag scoth fraoigh an tsléibhe,


L. 14


oidhche dhíth-ré leis féin, fé lán-tsoillse gréine na
maidne.



Ní leigim orm a bheith agam d'eolas na Gaedhilge,
acht an saghas eolais do bheadh ag taistealaidhe ar thír
iasachta ná bheadh sé acht ar chuaird innte. Acht b'fhéidir
go gcuirfeadh sé misneach ar na macaibh léighinn gur
lugha é a n-eolas ná m'eolas-sa ar an dteangain, a
fhios do bheith aca, dá luighead é ar fhoghlumuigheas di,
gur ró-mhaith a chuaidh sé dham faoiseamh d'fhagháil & bheith
réidh le cúramaíbh buadhartha phuiblidhe, do thug caoi
dham chun stuidéir a dhéanamh uirthe, & gur ró-mhaith
liom mar chúiteamh é ar an leath-bhliadhain phríosún-
tachta úd ar chuireas d'eolas uirthe.



Budh mhaith liom aon chomhairle amháin eile a thabhairt
do na macaibh léighinn, má's mian leo bheith i ndáiríribh,
i dtaobh an urlabhra atá i mbéalaibh na ndaoine, gur
bh'fhearra dhóibh gan tosnughadh a dhéanamh ar leabhar chomh
léigheanta le “Tóraidheacht Dhiarmuda & Ghrainne”
do léigheadh, ar eagla go n-imtheóchadh maolughadh mhisnigh
ortha i dtaobh mór-chuid focal a casfaidhe ortha ann do
bheadh do-thuigsionnach do Ghaedhilgeóir tuathach.



An té go dteastóchadh uaidh eolas do chur ar an
Sacsbhéarla, & tosnughadh a dhéanamh ar litiridheacht
Chaucer agus Shakespeare, budh bheag an tairbhthe dho
na hughdair úd; agus tá an chuid is mó de shean-
litiridheacht na Gaedilge níosa ársaidhe go mór ná ré
Chaucer. Do b'fhearra dhóibh tosnughadh ar leabhar chomh
hinléighte le “Leabhar Scéaluidheachta” an Chraoibhín
Aoibhinn mar a bhfuighid an chainnt ghrinn shímplidhe atá


L. 15


i mbéalaibh na ndaoine, & roinnt mhaith Bhéarlachais, so-
thuigsionnach do na macaibh léighinn, suaidhte tríthe,
d'fhóirfidh go mór ortha oidhche sgoruidheachta sa gheimh-
readh, le hais bhéile bhreagh mhóna agus iad ag éisteacht
le heachtraíbh ar na daoinibh maithe, & ar an ngaisgidheach
ar leath-shúil & í i gclár a éadain; agus ar an mbain-
ríoghain mhaisigh agus an biorán suain 'na cluais & í fé
dhraoidheact aige, do chloisimís le huamhan & le haiteas
i laethibh ár leanbaidheachta.



Ní gabhádh do dhuine níosa mhó aimsire do thabhairt
ar stuidéar na Gaedhilge, i dtreo go dtiocfadh dúil
do chun fíor-eolais do chur uirthe, ná mar is gábhádh a
a thabhairt ag foghluim Frainncise nó ceol an bheidhlín
nó eolas chun bheith 'na shnámhaidhe fhoghanta nó éin-
chleasaidheacht ionmholta eile go bhfuil aos óg na
hÉireann tugtha go meanmnach dhóibh & gan doicheall
na dtaobh ortha.



Tá an cheist seo le réidhteach ag an dtír-ghrádhthóir
óg: An fiú leis air é, an iarracht bheag so do thabhairt
chun eolais do chur ar theangain Ollamh Fódla — teanga
ár mbárd & ár dtaoiseach; teanga ár sinsear géir-
leanta le n-ar chuireadar a n-impidhe i láthair an
Éin-Mhic is A Mháthair ghil naomhtha, i dtráthaibh a
gcéasta — teanga ár ngrádha & ár n-iolsmaointe, do
¬inn orainn ar feadh ré ár sonais ar fad, & do
ghreamuigh go dlúith dhínn i ló ár n-anacra do-innste?



Ní beag de chúis aithise an cheist seo do luadh
amháin, mar gurab ar éigin atá dul uaithe ag éinne
againn.


L. 16


Ní hiongnadh do ghrádhthóiríbh na Gaedhilge bheith ag
síor-chasaoid ar aicme curtha a foghlumtha fé chois 'n-a
cliabhán féin, mar theanga neamh-léigheannta ná fuil
oireamhnach acht do thuathachaibh ain-eolgacha, acht a
mbíonn de bhaoth-mhaoidheamh aca a Fionn Mac Cumhaill —
agus a fhios ag buidhin a cumhdachta go bhfuil athar-
rughadh ó'n nGearmáinis ar cheann de na hádhbharaíbh is
fearr, le haghaidh foclóra Gaedhilge do scríobhadh;
agus go bhfuighid scoláirí mór-cháileacha 'sa bhFrainnc
& 'sa Ghearmáin bun-eolas ar stair & ar theangthaibh,
& ar chinthibh ársaidhe, agus ar shuidheamh dlighthe atá
chomh luachmhar le Pandects of Justinian; agus go
dtabharfadh sean-staraidhthe na hAlban nó na Brea-
taine na súile amach as a gcinn uatha ar scríbhinníbh
mar iad so do bheith aca féin, agus iad caithte
i leath-taoibh go faillightheach i gcoláiste na Tríonóide
& i n-Acadaimh Ríoghamhail na hÉireann.



Acht déarfar gur do'n lucht léigheannta atá an
cheist seo ag tagairt. Níl amhras ná gur cheart d'iol-
scoileannaibh na hÉireann níosa mhó ealadhan
Gaedhilge bunudhasaighe d'fhoillsiughadh dhúinn, cé go
mbeadh sé air aca níosa lugha ealadhan coitchinne,
& í sin féin aith-innste, do chur 'na leabhraíbh imtheachta.



Ní ceart bheith ag braith go mbeidh an phuiblidheacht
ag déanamh píordála tré láimh-scríbhinníbh na tarna
haoise déag nó ag cur mearthail ortha féin, ag
iarraidh suidhimh seana-dhlighthe do mhíniughadh, agus
nach féidir acht fír-bheagán scoláirí d'fhagháil ó aois go
haois go bhfuil a eolas aca


L. 17


Is fonnmhaire go mór súgradh ná cruadh-obair le
hurmhór na ndaoine. Taréis a ndeintear de bhladh-
mann a litiridheacht na Gaedhilge, an bhfuil éin-nídh le
fagháil innte chomh tabháchtach & chomh taithneamhach do'n
duine & do bheadh dráma ag Ben Johnson nó éin-nídh
chomh inléighte do léightheóiríbh i leabharlannaibh puiblidhe
le húirscéaltaibh Fielding nó Thackeray, agus do
chuirfeadh ortha sealad do thabhairt go haiteasach dá
léigheadh?



Sidé mo fhreagra ar an gceist seo, & gan eagla a
bhréagnuighthe orm — gur b'iad an dream is lugha eolais
ar litiridheacht na Gaedhilge is mó bhíos dá tarcuis-
niughadh.



Níor bhuail an té sin umam fós, go raibh eolas aige
ar an nGaedhilg, do staon dá léigheadh, de dheascaibh
gan ádhbhar litiridheachta do bheith le fagháil innte.
Admhuighim ná fuil éin-litiridheacht nua-Ghaedhilge
d'fhéadfaí a chur i gcóimh-mheas leis an litiridheacht do
scríobhadh ins an Iodáil i hallaíbh Medici nó i Sasana
i linn móir-réime Eilíse & Anna nó 'sa bhFrainnc fé
chúram mhacnais Laoisigh.



Na scríbhneóirí Gaedhilge gur bh'fhéidir a bheith ar a
gcumas aca litiridheacht do cheapadh ar nós na
bPetrarchs nó na Molieres nó na Johnsons, fóríor, bhí
atharrach cúraim ortha i n-éaghmais bheith ag cleachtadh
cantachta a dteangadh, nó léir-chruinneas gastachta a
laoidhthe, i dtreo a bpáirt do ghabháil i n-aithbeodhughadh
litridheacta árd-léigheanta Pactelion.



Bain naoi dtrian as an deichmheadh chuid d'fhilidheacht


L. 18


& de dhrámannaibh, de stairidheacht & de fheallsamhnacht dá
bhfuil cnuasuighthe isteach i litridheacht an tSacsbhéarla
ó ré Plowman & bíodh cúram na teangan ar feadh na
gcianta fada so fé thuathachaibh ruagtha ar fuaid
fásacha Cornwall, & sin é go beacht agat aoide na
Gaedhilge; & nach móide an t-iongnadh é go bhfuil
a bheag nó a mhór dá litridheacht le fagháil i n-éan-
chor?



Níor bh'é seo an scéal a bhí le hinnsint i gcomhnuidhe
'na taobh, ámhthach. Téimís siar ar an sean-aimsir
go bhfagham tásc ar an dtreo bhí uirthe le linn na
haimsire do ceapadh an duan aiteasach úd “Tír na
nÓg” & an tráth do deineadh aithris ar an gcomhrac
do bhí idir Chúchulainn & Ferdiadh; agus gan i rith na
hEórpa ar feadh na haimsire sin acht ainbhfios agus
dorchadas intleachta. Cuir i gcás agus go gcuir-
feadh drámaidhthe mór-ghreanta na hIodáile fútha i
nÉirinn, nár dhein drámaidhthe linne Eilíse acht aithris
a dhéanamh ortha; nó drámaidhthe gasta na Frainnce
do chuir a n-éirmí féin i litridheacht na Bainrioghna
Anna, agus go mbeadh ríghthe na hÉireann fé réim
agus fé rachtmas rómpa chun tíodhlaicí do bhronnadh ar
lucht laoidhthe agus léighinn i n-ionad na malluightheoirí
do ghaibh ceannas uirthi, go raibh fuath chomh nimhneach
sain aca, do bhárdaibh na hÉireann agus gráin mhairbh-
theach chomh mór sain aca ortha, gur réiseamhla an
luach saothair do bhronnfaidís ar mhalluightheóiribh a
ndúnmharbhtha ná mar do bhronnfaidís ar lucht díbeartha
na bhfaolchon.


L. 19


Agus da mb'í an teanga Gaedhilge do bheadh ar
eolas ag an mBúrcach, ag an Srudánach, ag an
gCúrnánach agus ag an Mórdhach agus ag a lán eile
nach iad d'éigsibh na hÉireann le ciantaibh i n-ionad
teanga choighchriche, agus toradh a mór-intleachta
agus a mór-eolais agus greantacht a n-uchtach do
chur síos innti, cá bhfuil an té d'fhéadfadh teora a
chur le méid agus le maise litridheachta úrlabhra
Oisín 'san naomhadh haois déag? Bhí léir-sgrios
déanta ag na hallmhuraigh úd na Gótaigh ar litridh-
eacht áluinn ná Róimhe i gcionn dá chéad bliadhan, níl
acht trí chéad bhliadhan áirimhthe de ré na hainbhfiosa
agus taréis a bheith caithte dho, do b'éigean sibhialtacht
d'athchruthughadh fé mar deineadh tar éis an dílinn
mhóir.



Tá míle bliadhain ó shoin ó chuir na Lochlannaigh, —
agus 'na ndiaidh sain sliocht Strongbó, — cosg le fás
intleachta na nGaedheal agus le hoideachas a
n-ollamh, acht, taréis áir agus léirsgreasa agus mear-
thail na míle bliadhain so, tá cur síos againn ar
dhlighthibh, ar chearduigheacht, ar ealadhantaibh agus ar
mhór-chuid eile litrdheachta ná fuil éin-nídh le cur i
gcóimh-meas leo, chomh fada agus a théidheann m'eolas-
sa, ag éin-treibh eile chomh-aimsearach leo. Ag áireamh
na sibhialtachta do fuair cuid aca de bharr réime na
Rómhánach féin, gheobhaidh an léightheoir adhbhar léigh-
theoireachta níosa aiteasaighe a' Dlighthibh na mBreath-
eamhan amháin ná mar a bhfaghadh a leabhair ag trácht
ar thaisdealaidheacht thar lear, nó i suidheamh na


L. 20


dtreabh do cheangail muinntir gach barúntachta le
chéile i gcáirdeas ar nós aon lín tighe amháin, nó i
reachtaibh na féile do dheineadh fóirithint ar na
bochtaibh, nó i suidheamh talmhan na sean-Ghaedheal do
bhí líonta de ghach nidh, dá fheabhas, atá i n-éirimíbh
bainistidhe coitchinne na Críostaidheachta, agus do bhí
níosa ghéar-chúisighe go mór ná éin-nidh atá curtha
síos ins na dlighthibh a thugann cóimh-cheart do na
tighearnaíbh tailimh agus do na tionóntaidhthibh, agus ag
déanamh stuidéir ar bhéasaibh na nGaedheal n-ársaidh
ar a dteaghlachaibh, ar a mbiadh nó ar a gcaitheamh
aimsire.



Ní gabhadh dho'n té is cíocraighe ar lorg grinn
litridheachta a chúl a thabhairt go mí-shásta le n-ár
leabhraibh stardha, mar go bhfuil aithris déanta ionnta
go dtugann éigse na hEórpa creideamhaint anois
dóibh ar eachtraíbh maraidheachta, ar ghrádhthóireacht
& ar ghníomharthaibh mór-éachta ná fuil foillsighthe fós,
agus go meastar go bhféadfaidhe céad leabhar deagh-
thaidhbhseach — 'na mbeadh dhá chéad leathanach i ngach
leabhar aca do líonadh leo — eachtraí draoidheachta,
eachtraí cródhachta, & eachtraí grádha, — acht, is oth liom
a rádh, grádh ná raibh dílis gan claon i gcomhnuidhe.



Cé ná fuil grinn-litridheacht na Gaedhilge gan smál,
tá folláine na fírinne le fagháil innte.



Budh mhaith le léightheóir Eachtra Ghráinne cunntas
d'fhagháil ar throm-dhíoghaltas a bheith imeartha ar an té
ba bhun le léirscrios a céid-seirce. Ní maith linn a
bheith le rádh gur thug sé uirthe é féin do phósadh, Acht


L. 21


tá aithris ar ghníomharthaibh dá shaghas, dáltha mar a dhin
Risteárd, an rígh druinneach, feall mairbhtheach ar a
dhearbhráthair & do thug ar a mhnaoi, é féin do phósadh
d'éin-bheirt; & sin mar a chuireann an scéaluidhe
Gaedhealach an fhírinne síos ar an gcor aithiseach do
thug Gráinne dhi féin, & Fionn a phósadh, & triatha na
Féinne ag déanamh gártha cnáide fúithe, tar éis feill
mairbhthigh an bháis uathbhásaigh do bhí déanta ag Fionn
ar Dhiarmuid.



Acht tá a atharrach innste ar ghrádh chaoin bhuan-
seasmhach mná, gur rogha léi bás ná aithis, i gcumha
Dhéirdre tar éis bháis Naoise; agus ag tagairt do
dhlúth-charadas idir fear & fear — caradas do théidh-
eann an oiread sain i gceannsacht gur chosamail le
grádh caoin mhná é, — acht ná stríocann sé ó chomhrac
do chur ar charaid, nuair is dual do laoch é dhéanamh,
ní heol dam éin-ghníomh i stair an chinidh dhaonna, &
stair Dháibhí & a mhic Jonathan do chur chuige, éin-nídh
níosa thruaighmhéilighe, ná níosa fhírinnighe, ná an comhrac
do bhí idir Chúchulainn & comh-dhalta a óige ag Árd
Átha.



Ceann do na hachmhusánaibh a chastar le n-ár
gcineadh — nár cheap meon na nGaedheal éan-duan
chlúmhail riamh. Agus na hachmhusáin bhréagacha go léir
a chur chuige, ní fhéadfadh ar namhaid mí-náireacha éan-
achmhusán níosa bhréagaighe ná níosa thuathalaighe ná
sain do chasadh linn.



Do bhí dhá dhuan ceapaithe ag éigsibh na nGaedheal,
ceann ar Mheadhbh & ceann ar Fionn, le ciantaibh, sul a


L. 22


raibh éin-nidh, gur fiú é áireamh, ceapaithe i dteangthaibh
na nua-eachtraí.



Ní bréag a rádh nár bhain éin-fhile mar Homer nó
Dante le n-ar gcineadh do cheap duan gonta gan
cháim, tríd is tríd, & d'fhág mar oighreacht againne é,
le saoghal na ré.



Tá cunntas chomh cruinn againn gur b'é Oisín do
cheap eachtraí na Féinne & gur b'é Homer is ughdar
do'n Iliad; acht, i dtaobh na ndaoine do chan
mórdhacht laochraidhe na Craoibhe Ruaidhe, ní mór
ná gur mar a chéile an cunntas atá againn ar cé'r
bh'iad féin, & na daoine do chuir suas rathanna Dubhaidh
nó na crom-leacacha. Ní fo-dhuine dá saghas so do bhí
i nÉirinn ins an aimsir ársaidh, acht bhíodar ann n-a
slóightibh. Bhí na báird ar feadh na gcianta chomh
chomhachtach, & ní ba chomhachtaighe go minic ná na righte
féin.



'Sé toradh na hárd-intleachta so go bhfuil mór-chuid
filidheachta sár-uaisle oighrithe againn — filidheacht ag
adhradh na háilleachta, filidheacht ag gríosadh lucht an
rachtmais chun na mbocht do chaomhnadh, filidheacht na
haoireadh, ag tabhairt aithise dho'n chlaon-bheartach, &
filidheacht ag dian-mholadh laochais atá chomh huasal
le laochas na Trae, do chuir Homer i nduain,
do lonnóchaidh le ré na gréine — filidheacht chomh
dúthchasach, chomh caoin-chroidheamhail, simplidhe, fíor-
Ghaedhealach, & chomh ceolmhar le ceileabhar an luin-
duibh 'sa choill. Ní'l sé ar a gcumas ag lucht na
cnáide ná na mailíse fírinne na staire seo do


L. 23


bhréagnughadh feasda, de bhrígh go bhfuil dearbhughadh
déanta air ag scolairíbh Gaedhilge mór-eolgacha gan
cúiteamh.



Tá eachtra Dhiarmuda & Ghráinne againne anois, fé
mar aithristí ins an naomhadh haois é. Is ionann sain &
a rádh, sul a raibh éin-scríbhneóireacht ar bith i dtean-
gaidh na hIodáile & céad bliadhain sul ar ceapadh
eachtraí ar laochas na Spáinneach.



Is dearbhtha ná fuil ins an láimhscríbhinn is ársaidhe
dá bhfuil againn acht aith-scríobhadh a deineadh ar
eachtraíbh bhéalairiste do cuireadh síos na céadta
bliadhain roimhe sin.



Do bheadh sé chomh tairbhtheach do dhuine braith a bheith
aige le greanntacht niamhrach litridheachta Gréigise
do fhagháil i scéaltaibh mar iad so, do cuireadh síos ó
bhéal-aithris seanchuidhe nach fios dúinne ciarbh' iad,
ná na scríbhneóirí le bheith ag braith ar chaomh-uaim
Tennyson i rannaibh an tSacsbhéarla ársaidh.



Ní i bhfeabhas scríbhneóireachta na Gaedhilge atá a
brígh acht 'na céill. B'fhéidir gur mó í a tairbhthe i
leimhe na naomhadh haoise déag so ná mar is dóigh leo
so atá go cíocrach d'á cosaint.



Tá an duine ag dul i dtuirse le mí-shástacht de
dheascaibh a ionnracas a bheith caillte aige. Ní'l éan-
mhuinighin aige as an saoghal so, & tá sé ag dul i
ndíchreidheamh i dtaobh an tsaoghail atá le teacht. An
méid dá aimsir ná tugann sé go hamplach ar lorg
saidhbhris, nó ag cur a cháile i n-airde, nó ag cur le
n-a shámhairidheacht shaoghalta, caitheann sé é ag


L. 24


déanam dúr-mhachtnaimh ar ghalaraibh a chuirp & a
intleachta.



Cá bhfuil leigheas is fearr le fagháil ar an ngalar
nimhneach so na hintleachta, atá ag cur éadóchais ar
an saoghal, ná i n-eachtráibh laochais aiteasaigh na
sean-Ghaedheal — leigheas folláin láidir iomlán sim-
plidhe a thabharfaidh aiseag dó ar a dhóchas, ar a lúth-
gháire, & ar a éadromacht chroidhe?



Maran duadh le dhaoinibh dul go tuaisceart na
hEórpa, ar lorg breis eolais ar mhallaightheacht, &
ar anacraibh an duine, de dhruim a dhroich-thréithe féin,
cad chuige ná tagaid go hÉirinn, & sealad do
chaitheamh sa tseilg i bhfochair na bhFiann, i gcoilltibh
Bheann Gulban, nó cuaird do thabhairt ar Tír aoibhinn
draoidheachta na Tairngire, nó páirt do ghabháil i
n-ilchleasaibh aonaigh an Charmain, nó machtnamh a
dheanamh ar shuairc-bheathaidh ár sean, iar ngéilleadh
dhóibh do chreideamh na Tríonóide ró-naomhtha, agus an
grádh gan teora do ghabhadar do'n Mhaighdin mhánla,
máthair an Éin-Mhic, agus an ionntaoibh do-labhartha do
tháinig dóibh aiste agus iad ag éisteacht le binn-fhuaim
chluig na naomh, ag scaipeadh tré chiúineas na ngleann,
ar theacht am codlata; nó ag éisteacht le geal-gháire
flaith Fódla, ist-oidhche, ag cur fáilte roimh an
gcoigcríoch, agus ag tabhairt cuireadh dhó, bheith istigh
agus lonnughadh n-a bhfochair an fhaid agus dob' áil
leis é.



Is i meon na nGaedheal atá slánughadh na haoise
saoghaltánaighe seo le fagháil. Do rug clanna


L. 25


Gaedheal ar linne féin lasair an fhír-chreidimh leo siar
go hAmerice, chomh bríoghmhar neamhthruaillighthe agus
do bhí sé an oidhche do chuir Pádraig naomhtha ar lasadh
ar Chnoc Shlainge é.



Is ionann buan-ghreamughadh chlanna Gaedheal dá
gcreideamh agus a ndlúth-aithris ar éirimíbh ársa a
gcinidh. Táid ag claonadh go dlúth gan claochlódh le
baidhibh, le lochtaibh, agus le subháilcíbh a gceap-
sinnsear, ar chuma na fuil iontuighthe d'éin-treibh eile.



Má tá éin-nídh níosa shoiléire ná gur maol leamh-
fhuar a bhíonn éirimí na nGaedheal nuair a bhíonn an
Sacsbhéarla 'n-a bhrat umpa, isé gur beo meanmnach
a bhíd i dteangaidh agus i seana-úirscéaluidheacht na
Gaedhilge, dáltha an deoraidhe ar chasadh a-bhaile dhó —
gur aiteasaighe leis radharc dheataigh mhóna ag éirghe
as a bhothán féin láimh le lios draoidheachta éigin ná ar
bhraith sé riamh d'aoibhneas imeasc na gcathrach i gcéin.



Má's nídh é go bhfuil éan-tSacsbhéarla le fagháil,
gan bheith truaillighthe, gurab as a ceaptar pé
litridheacht Bhéarla ar fheabhas atá le fagháil, is mó
ná soin go mór a bhfuil le fagháil de Ghaedhilg gan
bheith truaillighthe, agus is aiste nach fuláir litridheacht
Ghaedhilge do cheapadh.



Is mór le rádh scríbhneóireacht Dháibhis, an Mhongánaigh
agus Mhic Fhearghuis, do réir mar atá teasaidheacht
mheoin na nGaedheal le fagháil ionnta; agus is beag
le rádh an méid de scríbhneóireacht Uí Mhórdha atá
'na héagmuis.



Ní sa Rúise ná san Orbhuaidh ná i n-eachtraíbh lom-


L. 26


chaithte an domhain toir is féidir le hintleacht tnáithte
an tsaoghail éin-fhionnfhuaradh d'fhagháil, acht ag éis-
teacht le seana-Ghaedhilgeóiríbh ag cur síos ar sheal-
gaibh Dhiarmuda agus Oscair, nó i gcillíníbh Bhreandáin
agus Cholmáin i n-aice na mara coimhthighe, nó i mín-
bhéasaibh na seana-Ghaedheal, atá foluighte ar nós an
adhainn óir atá i bhfolach fé lic an teinnteáin sa
chaisleán draoidheachta; agus an té go mbeidh sé de
bharr-bhuadh aige gnáth-bhéasa na seana-Ghaedheal do
thabhairt thar n-ais ar an saoghal, ná deineadh sé
aithris ar nósaibh atá do-aithriste le móir-chiantaibh,
acht ar chuma do bheadh ionaithriste do'n ré nua so i
dtreo go dtuigfear an mór-shonas a bhí ar ár sean
agus a aeraighe agus a mhío-shaoghalaighe mar ar
thugadar a saoghal — a chruinne agus a líonmhaire mar
ar mhothuigheadar mór-aoibhneas na cruinne — díograis
a ngrádha agus a gcródhachta i gcomhlann — agus
an t-uamhan do chuireadh iaraidheacht na hoidhche
ortha, agus a gcreideamh diongmháltha i mbeathaidh
spriodálta do-choimsighthe bioth-bhuan an tsaoghail
thall.



Sid iad na nidhthe fé ndeara do sheana-scéaluidheacht
na nGaedheal bheith aiteasach thar barr, agus do thug ré
do — mharbhtha dho'n gcineadh.



Acht déarfaidh an fear thall, cad chuige dhúinn beith
ag caoi i dtaobh nídh do-leighiste? Tá ré Phan ar
ceal le ciantaibh. Tá lucht labhartha na Gaedhilge ag
fagháil bháis 'n-a míltibh. Ní mór eile aca atá fágtha.
Cad é an bhreith atá ar theangaidh do choimeád i


L. 27


mbéalaibh na ndaoine, atá chom mór soin i n-éag-
chruth an bháis?



A fhir úd thall, ní baoghal báis di é, chomh mór agus is
dóigh leat-sa. Measaimís go bhfuil cloidhe teorann
déanta tré lár an oileáin ó'n gceann thuaidh go dtí
an gceann theas de. Labhrann isteach is amach le leath
na ndaoine atá 'na gcomhnuidhe lastiar dhe an
Ghaedhilg, agus tá na céadta mílte dhíob ná tuigeann
í, do chuireann a gnás i ngnáth-úsáid, ag labhairt an
Bhéarla dhóibh — tá modh canamhainte aca atá oireamhnach
d'urlabhra tuilteach na nGaedheal.



Do réir an chóimhrimh a dineadh i n-uraidh bhí seacht
agus trí chéad míle dhuine do labhair Gaedhilg i
gCúige Mumhan, agus naoi déag agus céad míle
duine i gConntae Chorcaighe amháin. Cuir leis sin
milliún ar a bheag dar gcineadh atá 'na gcomhnuidhe
i dtuaisceart agus i n-oileánaibh na hAlban, do
labhrann teanga ar sinsear, gur lugha í an deifiridh-
eacht atá idir a n-urlabhra agus ar n-urlabhra-na ná
mar atá idir urlabhra mhuinntir' Lunndain agus
urlabhra mhuinntir' Lancashire.



Is ionann soin agus a rádh go bhfuil an Ghaedhilg i
mbéalaibh níos mó daoine ná mar atá ag labhairt
éin-cheann de shé theangthachaibh áirighthe san Eóraip.
Acht dá luighead daoine atá dá labhairt, táid fós fé
bhláth, agus a dheamhramh ortha gur fada uatha anonn
atá feochadh an bháis.



Is í an fhírinne í, nach le neart a laige féin atá an
Ghaedhilg ag dul i ndísc, acht de neart nóis, agus de


L. 28


bhrígh ná fuil ann acht nós, is lughaide baoghal di bheith
traochta é go fóil ná go fóil eile.



Ba mhinic, le deich mbliadhna is dachad do labhradh
go trom ar lucht cnáide leanbh Gaedhealach scoile
nuair a bheirtí ortha ag labhairt na teangan do thug-
adar leó ó lacht chíche a máthar, agus níl amhras ná
gur bh'aithiseach an bheart í. Ní hé an cipín scóir do
cuireadh ar chrochadh fé bhrághaid leanbh labhartha na
Gaedhilge, mar tharcuisne ar a dteangain, fé ndeara
dhi bheith ar gcúl, acht teicheadh na ndaoine thar sáile.



Ní túisce thugann an tuathach Gaedhealach a shúile
thar fairrge siar, le hintinn a shlighe bheathadh a bhaint
amach ins na roinnibh móra 'n-a bhfuil an teanga
Bhéarla fé áird-réim, nách follus dó, as a ghéarchúise
féin, — & gan comhairle lucht a stiúrtha d'áireamh,
nach gábhataraighe dhó long & fiacha a thaistil a bheith
aige ná eolas ar Bhéarla, chun teicheadh leis féin ó'n
mbochtaineacht, agus cur fé i dtíorthaibh 'n-a bhfuil
luach a shaothair agus a neamh-spleádhchais i n-áirighthe
dhó.



Ní bheadh acht neamh-nídh i n-éin-iarracht dá dtabhar —
faidhe ar an nGaedhilg d'aithbheodhughadh do chuirfeadh
lucht a labhartha bun os cionn le deigh-eolas ar Bhéarla
d'fhagháil, mar nár bh'féidir dhóibh a slighe mhaireamhna
do bhaint amach 'na éaghmuis.



Acht nach ait an nídh é, gur ar lucht labhartha na
Gaedhilge is mó chuireann suidheamh ár n-oideachais
cosg ar éin-eolas fhóganta d'fhagháil ar Bhéarla, mar
ná múinfidhe dhóibh é tríd an dteangain atá ar eolas


L. 29


aca, acht tré theangain atá i n-ainbhfios ar fad ortha,
agus curtha os a gcomhair ar chuma atá chomh do-thuig-
sionach soin dóibh gur b'amhlaidh chuireann sé fuath
ortha roimis i n-ionad flosc a chur ortha chun é
fhogluim?



Níl de bharr an tsaghais sin teagaisc, acht mar a
bheifidhe ag cur sios ar ár na Trae i n-urlabhra Hómer,
chun eolais ar bhréithribh na Gréigise do chur i dtuigsint
do leanbh a bheadh i dtaoibh le heolas ar Bhéarla amháin.



Ní bhfaghann leanbh labhartha na Gaedhilge de theagasc
acht a ghéarchúise do dhalladh, agus a chur n-a luighe
air gur tuathalan dúr gan intleacht é.



Is í an éagcóir is mó í atá déanta ag aicme fuatha
na Gaedhilge, nach beag leo eolas gan áird ar Bhéarla
do bheith ag an dtuathach Ghaedhealach.



Acht ní hé réidhteach na ceiste é cosg do chur leis an
muinteoireacht náirigh a tugtar do leanbhaíbh Gaedheal-
acha atá láimh leis an bhfairrge go gcoisgthear ortha
de ghnó Gaedhilg ná Béarla d'fhoghluim ar fognamh, ar
eagla gur rogha leo an Ghaedhilg; acht is ar lucht
labhartha an dá theangan atá a réidhteach, mar gurab
iad so an dream is iomadamhla go mór. Agus mar
dhearbhughadh air sin, do réir an chóimhrimh a dineadh i
n-uraidh tá cheithre mhíle, cheithre chéad, is cheithre
fichid duine i gConntae Chiarraidhe ná labhrann acht
Gaedhilg amháin. Níl fé bhun trí fichid is naoi míle
agus seacht gcéad duine as cóimhreamh na ndaoine
curtha le chéile, 'sé sin, céad, naoi déag is trí fichid
míle duine, go bhfuil eolas aca ar dhá theangain.


L. 30


Is ortha so, lucht labhartha an dá theangan, atá buan-
ughadh na Gaedhilge ag braith.



Cá bhfuil an té a déarfadh gur maolughadh intleachta
ortha é, nó a shéanfadh ná gur líonmhaire agus ná gur
cruinne i ngéarchúise é de bharr a gcuid eolais ar an
dá theangain? Ní bhraithid de dhuadh ag déanamh a
smaointe dhóibh ionnta araon, acht mar a bhraithid idir
an eolas atá aca ar áireamh a dhéanamh agus a
n-eolas ar an dTeagasc Chríostuidhe.



Cé gur fios dóibh nach gábhataraighe airgead ná
urlabhra Shasana dhóibh i ngnóthaíbh an tsaoghail, is eol
dóibh mar an gcéadna gur b'í an Ghaedhilg is dual dóibh
sa bhaile imeasc a gcumann nGaedhealach féin, gurab
innte atá dlúth-cháirdeas naomhtha agus luibh-leigheas
do'n chroidhe bhrónach le fagháil — gurab uaithe is binne
a cloistear ceol na sean-aimsire, gur b'í teanga
na féile í, gur b'í teanga a dteinnteáin féin í agus
an teanga is fearr chun tír-grádhthóireachta do
ghríosadh agus do chur ar lán-lasadh í — gur b'í an
teanga is caoine i do na grádhthóiríbh óga agus iad fé
bhláth bhán na n-áirne, nóin lae Bhealltaine, agus iad
ag caomh-chogarnaigh ag cur a gcumainn i n-umhail dá
chéile, le brigh ná tiocfadh leis an mBéarla leamh
fhuar croidhe an Ghaedhil choidhche do shásamh.



Is iad na daoine seo buan-taca na Gaedhilge
feasta, do réir mo bharamhla-sa. Beidh an lá
buaidhte aici, an tráth a cuirfear n-a luighe ar lucht
a labhartha nach trúig aithise ná ceann-fé dhóibh í bheith
ar eolas aca, acht mór-is-fiú agus árdughadh cinn a


L. 31


bheith ortha mar gheall uirthe, agus go bhfuiltear ag
tnúth leo n-a taoibh, agus go bhfuil sé ceangailte
ortha, í fhágaint mar oighreacht sár-luachmhair ag á
gclainn.



Cuirfead dhá sholuíd síos díbh, atá ar m'eolas féin,
ag dearbhughadh ar a dhéine mar atá nós ag cur go
dian i n-aghaidh na teangan. Ógánach dar casadh orm,
ar Chruaich Phádraig, sa bhfoghmhar so imthigh thorainn,
d'innis dam, go dtugadh na sean-daoine an chéad
chuid de'n choróin Mhuire as Gaedhilg uatha gach oidhche
i mbothán a athar, & gur as Béarla do thugadh an t-aos
óg na freagarthaí uatha.



Is furus a thuigsint as an tsoluíd seo a mhire mar
atá an teanga dhúthchas ag dul i bhfeochadh agus a
usa, mar an gcéadna, mar a fhéadfaidhe cosg do chur
leis an bhfeochadh so, fós amháin. Dá gcuirtí n-a luighe
ar na leanbhaíbh, gurab é an cleite badh mhór-chúisighe
dhóibh é, bheith n-a gcaipínibh aca, a bheith ar a gcumas na
freagarthaí a thabhairt uatha as a dteangain féin, níl
amhras ná gur gearr gur bheag aca a mBéarla briste
agus gur rogha leo go mór teanga thuilteach a sean.



Is soiléire ná soin a tuigfear éagadh na teangan
as an dtarna sholuíd. Easpog gur mhór é a chuid
eolais ar an nGaedhilg, do bhuail umam, & é ag dul
d'fhiosrughadh paróiste leis, go raibh a heolas ag óg
agus ag aosta beagnach dá raibh n-a gcomhnuidhe innte.
D'fhiafruigheas de, an mbeadh sé de shásamh orainn
seanmóin a chlos uaidh as Gaedhilg. “Níl éin-nídh,”
ars' eisean dom fhreagradh. “dob' áile liom ná é,


L. 32


mar ná fuil sé ar chumas éin-teangan eile iomláine
cráibhtheachta an chroidhe Ghaedhealaigh do chur ar lán-
lasadh mar í; acht,” ars eisean, “ní fhéadfaidhe masla
ní budh mhó do chur ar phobal go mbeadh a heolas aca
ná labhairt leo aiste, mar gur b'í an chiall a bhainfidís
as ná, ná raibh de mheas ortha acht gur scata tuathalán
iad, gan éin-eolas aca ar Bhéarla.”



Ní ceart dúinn bheith ag tromuidheacht ortha n-a
thaobh soin. Ní héin-iongnadh gur beag ar thuathachaibh
mí-shaoghalacha an iarthair teanga a mbothán súigh, mar
ná feicid ag lucht a labhartha acht an dealbhas agus
ainbhfios agus aithis d'á leanmhaint mar leannán sidhe
ó aois go bás dóibh, seachas teanga chath-bhuadhach
Shasana, urlabhra na scol is na gcúirt agus lucht
áird-réime, agus é fé litridheacht chomh háluinn sin
nach féidir a mhaise do shárughadh, — urlabhra atá dá
fhoir-leathanughadh ar fuid ríoghachta na cruinne le
toradh claidheamh.



Acht seo nídh eile fé ndeara dhon teangain bheith ag
dul i n-éag: gur daoine lucht a labhartha ná fuil léir-
thuigsint sa cheist aca, acht an léisín eolais atá ag
teacht dóibh innte dá dhalladh, lé comhacht nóis, agus ag
cur a fuatha ortha níosa mhó ná mar atá a ngéir-
riachtanas.



Ní gábhadh a dhéanamh, acht a chur 'na luighe ar thuath-
achaibh dealbha láimh leis an bhfairrge nach mó bhí an
Ghaedhilg fé tharcuisne ag maithibh na tíre roimhe seo ná
mar atá sí fé árd-mheas anois aca; agus nach cíoc-
raighe atá aos óg na gcathrach, chun eolais do chur ar


L. 33


Fhrainncis ná ar an nGaedhilg féin, agus go dtéidheann
na sluaighte aca gach bliadhain ar chuaird go dtí na
ceanntraibh Gaedhealacha, ina a bhfuil sí go beó fós,
i mbéalaibh na ndaoine, gan truailliughadh dhul uirthi;
agus nach taithneamhaighe leó síneadh folláin binn an
tsléibhe nó fothram borb na bóchna ag dul 'na gcluas-
aibh, agus í ag borradh is ag briseadh tré chuasaibh
Aicle nó Cliara, ná ceol binn na Gaedhilge a béalaibh
na dtuathach. Chífear annsoin gur móide mór-chúis
thuathaigh an iarthair é n-a thaobh féin agus i dtaobh a
theangan.



Cuirtar i n-umhail dó, nídh nach iongnadh, nach fuláir
dó eolas ar Bhéarla do bheith aige i ngnóthaíbh an
tsaoghail; agus gur ró-riachtanach dá chlainn a eolas
a bheith aca i gcomhair lae bhuainte an fhoghmhair i
Sasana nó i gcathrachaibh móra Aimerice. Bíodh a
fhios aige nach trúig ceann-fé dhó a bheith air é, acht
cúis mhór-is-fiú, géilleadh a thabhairt dá chlaontaibh
nádúrtha, agus cluas a thabhairt go hurramach don
gcléir & é ghá chomhairliughadh ar a leas a teangain
sean-naomh a chinidh; agus gur móide subháilce & grinn
a lín tighe é na sean-sgoruidheachta do chur ar siubhal
arís, le geoin meidhreachta na Gaedhilge, atá chomh
suairc leis an mil do bhíodh ar bhórdaibh fleadh na
sean-Ghaedheal, agus í ag cur scaipeadh ar an gciúin-
eas mhairbhtheach do bhí le fada ar fuid a bhótháin, de
dheascaibh leamh-urlabhra an choigcríchigh do chleachtadh.



Curtar i dtuigsint go soiléir do lucht labhartha na
Gaedhilge go bhfuil tabharthas mór-luachmhar ar sheilbh


L. 34


aca, agus nach fearr a théidheann báire camáin dá
sláinte ná mar a théidheann eólas ar theangain a sin-
sear d'á n-intleacht; annsain ní baoghal báis feasta
dhi é.



Acht ní leór an méid sin amháin. Más mian leis
na Gaedhealaibh seo go bhfuil treo mhaith ortha go luigh-
feadh na tuathaigh Ghaedhealacha ar aithris a dhéanamh ar
nós, cromaidís féin ar dtúis air. An té cháinfeadh
nó a mholfadh an teanga Ghaedhilge, ní fuláir dó eólas
do chur uirthe ar dtúis. Ní bhaineann sé liom-sa,
san aitheasc so ná fuil ceapaithe agam acht chun
Éireannaigh óga do chur ag machtnamh, éan-chur síos a
dhéanamh ar an modh budh dheamhraithige go bhféadfaidhe
an teanga do aithbheodhughadh.



Éan-pharóiste gur b'í an Ghaedhilg atá ar eolas ag an
gceathramhadh chuid de na leanbhaíbh scoile, dá gcuirtí
oide innte do bheadh eolgach ar í labhairt agus tuaras-
tal do thabhairt dó de bharr a chuid eolais ar an dá
theangain, agus gan éin-ghiústís ná éan-oifigeach
phuiblidhe eile do chur ins na ceanntraibh Gaedhealacha
ná beadh eolas ar Ghaedhilg aige — ní bheadh ann acht
mar a deintar sa Bhreatain agus i dtuaisceart na
hAlban.



Téimís níosa shia ar an gceist: níl éan-chúis
tabháchtach i dtaobh tairbhthe nó teagaisc, ná cuirfidhe
teanga na hÉireann ar chlár an Scrúduighthe Mheadhón-
aigh, i n-ionad Laidne nó Gréigise nó Frainncise féin.
Ní túisce bhíonn toradh stúidéir na mac léighinn
foillsighthe ná mar a mbíonn eolas neamhthairbhthighe ná


L. 35


Laidne agus na Frainncise bhí foghlumtha aca imighthe
as a gcuimhne uatha, seachas eolas ar a dteangain
féin do thabhairt dóibh, ionnus go bhféadfaidís cainnt
a dhéanamh le lucht a labhartha, agus eolas d'fhagháil ó
n-a mbéal-aithris ar bheathaidh ghrinn a sean do
chuirfeadh aiteas le n-a saoghal ortha.



Ní raibh fé bhun cheithre chéad mac léighinn na
Gaedhilge istigh ar an Scrúdughadh Mheadhónach i
n-uraidh. Is é is dóichighe go raibh dá chéad míle d'ár
ndaoinibh óga ag casadh le saghas éigin eolais do chur
ar Fhrainncis agus ar Laidin. Dá mbadh ag claoi le
heolas d'fhagháil ar a dteangaidh dhúthchais féin do
bheidís, nár mhór mar thaca iad chun úirscéaluidheacht
ghrinn na Gaedhilge do thabhairt leo aniar ó n-a mbothán-
aibh, agus í fhoirleathanughadh go buan agus go bríoghmhar
ar fuid críche Fódla.



Is mór ar fad an lámh chabhartha atá tabhartha ag
Easpuig na hÉireann uatha agus ollamhnacht Ghaedhilge
do chur ar bun i gColáiste Mhagh-Nuadhat.



Ní ag dul thar fóir é a rádh, dá mbeadh sé ar a
chumas ag an Athair Eoghan Ua Gramhna, gach a
ndeintar de shagairt óga i gColáiste Mhagh Nuadhat
gach bliadhain do ghríosadh le n-a theas-ghrádh féin, ná
beadh de bhreith ar urlabhra Oisín do dhíth-phréamhughadh a
fearann na Féinne ná an creideamh do phlannduigh
Pádraig na mbachall innte do stracadh as a
phréamhachaibh.



Acht do réir mar chítear dhamh-sa 'sé an nídh é is
riachtanaighe chun buan-aithbheodhughadh & foir-leathan-


L. 36


ughadh na teangan do chur chun chinn ná atharrughadh do
dhéanamh ar an Acadaimh Ghaedhealaigh fé lathair nó
ceann nua do chur ar bun, ar chor go bhféadfaidhe
comhacht intleachta na Gaedhealtachta do chur le
chéile i n-aon chumann amháin ná beadh a atharrach
intinne aca acht a bheith go síor-imnidheach ar son na
teangan & ná beadh chomh beag-anmach & iarsmaí ársa
sár-luachmhara na nGaedheal, d'fhág scoláirí tír-
ghrádhacha mar Hudson, Mac Uí Argadáin agus Bhilde
mar oighreacht ag Clannaibh Gaedheal, do scaoileadh
uatha anonn go South Censington, chomh maith & nár
bhfiú iad spéis a chur ionnta; cumann gur bh'eol
dóibh cionnus cúrsa na teangan do stiúrughadh mar
budh chóir a dhéanam & go mbeadh gean a ndóthain aca
uirthe, agus meanma chun breaghthacht a filidheachta
agus gach saghas stairidheachta eile, dá thaithneamhaighe
agus dá thábhachtaighe, d'fhoillsiughadh os comair súl
lucht léighinn an tsaoghail.



Dá gcuirfidhe Acadamh nua ar bun, do bheadh fé
chúram scoláire, mar chuid aca so atá n-a mbeathaidh
fós — cuirim i gcás Gilbert — go mbeadh eolas cruinn
aca ar cheisteannaibh cruadha do réidhteach, nó go
mbeadh teas-ghrádh an Chraoibhín Aoibhinn aca chun
stuidéir a dhéanamh ar an dteangain fé mar atá sí i
mbéalaibh na ndaoine, agus do thabharfadh canamhaint
agus scríbhneóireacht gach cúige fé riaghail aon ughdar-
tháis amháin, agus slacht do chur ar a bhfuil fágtha
againn de scríbhinníbh agus de sheanchuidheacht neamh-
shlachtmhair ar chuma do bheadh oireamhnach don ré seo,


L. 37


agus réim nua-litridheachta do chruthughadh, ciaca as
Gaedhilg nó as Béarla é, acht go mbeadh cuma agus
crut agus greann na sean-aimsire uirthe.



Do bheadh tuilleadh nach é le déanamh aca. Níor
mhór dhóibh dlúith-cheangal caradais do dhéanamh idir
Chlannaibh Gaedheal atá scaipithe ar fuid an domhain
agus a ndeigh-thréithe do chur fé mheas arís os comhair
an tsaoghail; agus ceol a sean do bheith dh'á chleachtadh
aca, agus drámaidheacht dhúthchasach fhíor-Ghaedhealach
do cheapadh — rud ná fuil fós le fagháil; agus láimh-
scríbhinní luachmhara stardha do chnuasach go bhfuil na
leoghain dá gcogaint i leabharlannaibh Shasana agus
i mainistríbh i gcéin; agus an cómhtholán do chur ar
siubhal arís chun scaipeadh do chur ar ghruaim na
ndaoine, i n-éinfeacht le féileamhlacht ársaidh, lúith-
chleasa agus gártha na Teamhrach do chur fé réim arís
ar fuid na Banban.



An é an bhraich gan lionn é do Ghaedhealaibh na
hÉireann bheith ag braith go mbéarfaidh an tráth ortha
go sroichfidh siad oileáin agus gleannta na hAlban,
tar éis tulcaí garbha na Maoile a chur dhíobh, agus
ceangal cáirdis do dhéanamh níosa dhlúithe ná mar a
deineadh le déidheanaighe é idir shliocht na laochraidhe
do shealbhuigh iad agus do rug buadh fé Aonghus agus
do thug umhlacht do Cholm Cille agus dul níosa shia ná
soin féin, ar mhuir & ar mhachaire, ar lorg treabhachais
gur gairid é ar ngaol leó atá n-a gcomhnuidhe i
nOileán Mhanann, & i measc sléibhte ceoigh na Breat-
aine, agus cathrach ársa Breataine na Frainnce, & a


L. 38


subháilcí agus a dtréithe do chur leis an nGaedhealtacht
eile atá ag dul i méid & i dtreise sa ré nua so, agus
leigheas a dhéanamh ar an gcnaoidh mhairbhthigh atá
ag cur éadóchais ar an sean-aois tnáithte seo, i
dtaobh anma & cuirp, le spriodáltacht chomh beo agus
cródhacht chomh neamh-eaglach agus meon chomh neamh-
thruaillighthe & do bhíodar le linn mí-shaoghaltachta
agus macántachta na sean-aimsire.



Nílim dá iarraidh ar mo chomhdhúthchaisíbh faillighe do
thabhairt ins na nidhthibh is riachtanaighe fé láthair, agus
imnidhe do bheith aca ionnta so ná fuil dul ar a
gcur chun cinn fós. Acht táim dá iarraidh ortha go
lán dáiríribh gan a mheas a thuilleadh nach mian le
héin-neach ar dteanga náisiúnta do chosaint ar an
mbás acht le daoinibh atá ar bheagán céille, acht a
fhios a bheith aca ná beidh éin-nidh níosa usa le déanamh
ag Feis na hÉireann ná is mó a bheidh de fhonn ortha
chuige ná is dualgaisighe dhóibh a dhéanamh ná teanga
na Teamhrach do chur fé ghradam arís.



Ní beag de chúis ghuil é dhon Ghaedheal machtnamh a
dhéanamh ar stair-chúrsaíbh a theangan. Ní raibh d'a
barr aige ar feadh na gcianta acht tarcuisne agus
bheith fé dhaor-smacht na dlighe, agus cuir a bháis amháin.



Bhí sé coisgithe ar Chlannaibh Gaedheal tabhairt suas
do bheith ortha. Bhí clódóireacht leabhar i n-ainbhfios
ortha, agus iarsmaí litridheachta a dteangan scaipithe
agus curtha i bhfolach aca, agus ag feochadh i láimh-
scríbhinníbh, ar eagla go ndaorfaidhe le ceannairc iad,
dá mbéarfaidhe ortha agus iad do bheith aca.


L. 39


Acht níor chuir an daor-smacht go léir eagla ar na
filíbh í chanadh ná ar na scoláiríbh í scríobhadh ná ar an
gcléir teagasc a thabhairt d'á dtréid aiste, ná níor
chás leo aghaidh do thabhairt ar gach amhgar dá ghéire
agus an bás féin d'fhulaing de fhonn í chosaint, de bhrígh
gur bh'é an greim dubhach leo é droich-chrích d'á breith.



I laethibh na bainrioghna mallaighthe úd, Eilís, dob' é
an sár-staraidhe úd Dubhaltach Mac Firbisigh do bhí n-a
cúram, agus é ag cur le chéile an leabhair iongantaigh
úd, na Geinealacha, i n-onóir dá fhlaith, nuair do
chaoin sé go fuigheach ar an gcreich do bhí imighthe ar
fhlaithibh na nGaedheal, agus gan an oiread agus ionad
a n-adhlactha de sheilbh aca d'fhearann a sean.



Tráth eile dob' é Micheál Ó Cléirigh bhí n-a cúram
n-a chillín dhealbh, agus é go caomh cíocrach ag aith-
scríobhadh na sean-leabhar do bhí cnuasuighthe aige,
nuair a chuir sé i n-umhail brón a chroidhe n-a fhoclaibh
mí-shaoghalacha féin, gur trúig truaigh-mhéile agus
taise do ghlóir Dé agus d'onóir na hÉireann é mar
bhí treabh Gaedhil mhic Néill curtha le fán.



Tar éis an dá ár d'imir an t-an-spioraid úd
Cromail & an tríomhadh rí Liam ar Éirinn agus a
fearann a roinnt, & a ath-roinnt ar an aicme
mhalluighthe do thaobhuigh leo, dob' éigean do cheannas
na Gaedhealtachta stríocadh de bhrígh ná raibh éan-dul
aige ar cur i n-aghaidh dlighthe ifreannda Shasana. Acht
i lár an léir-screasa go léir níor tháinig an maolughadh
ba lugha ar mhisneach chroidhe an Chéitinnigh agus é


L. 40


i bhfolach i nGleann Eatharlaigh, cé go raibh an mac
mallachtan droich-bheartach úd Cairiú go fraochmhar ar
a thóir; agus níor lugha ná ar tháinig de mhisneach
ar an bhFlaithbheartach 'na bhóthán i gCuan na Mara ná
ar an Loingseach n-a chillín sa Lobháin.



Acht do leanadar ortha go caoin-dúthrachtach ag
cur litridheachta na Gaedhilge le chéile le súil go
n-eireochadh breacadh lae na síothchána uirthe. Acht i
n-ionad na síothcána, ba sheacht mí-ádhmharaighe an
aoide do bhí i ndán di.



Níor mhó brobh agus ár Dhroichead-Átha nó briseadh na
Bóinne seachas na reachtaí diablaidhe do ceapadh i
n-aghaidh Clanna Gaedheal le linn cheannais na bain-
ríoghna Anna agus an chéad rí Sheoirse.



Do dheineadar ruagairí reatha dhen tsagart agus
den oide scoile. Dob' éigean dóibh teicheadh leo
féin, & dul i bhfolach ar fuid fiadhantais na ngleann,
agus gan d'ionad ná de chóir ag an sagart chun
aifrinn Dé a thabhairt uaidh ná ag an oide chun múin-
teorachta acht fé dhíon bhotháin anacraigh éigin, nó
fothrach gan fiú na dtaobhán air — nó cois chlaidhe, nó
cliathán carraige, agus gan a atharrach scátha ortha ó
loscadh gréine an tsamhraidh ná d'fhothain aca ó thaca
nimhneach nó ó chlagarnaigh an dubhluachair.



Acht chuaidh sé dhíobh go léir chroidhe do-chlaoidhte an
fhileadh agus an scoláire Ghaedhilge do chlaoi; agus mar
fhínné fhírinneach air sin, is i gcaitheamh aoise na daor-
bhruide sin do scaoil an Cearbhallánach a chuid cheoil
agus duan sídhe-bhinne ar fuid na Banban, agus do


L. 41


chloiseadh “An Londubh,” “An Druim-fhionn Donn
Dílis” agus “Fáinne Geal an Lae” ó'n mbuidhin
iongantaigh úd “Báird agus Filí na Mumhan” do bh,
scaipithe ar fuid na cúige sin, agus gan dh'á ngríosadh
acht ná raibh dul ag croidhe an Ghaedhil gan tocht
mhór a ghéar-chrádha do scaoileadh uaidh i ndán nó
briseadh dhul air.



Feirmeoir i Ráth Luirc do b'eadh duine aca. Oide
scoile i gConntae an Chláir duine eile aca. Ceoltóir
caoch i dTiobraid Arann do b'eadh duine eile aca —
daoine go bhfuil a n-ainmne i n-ainbhfios anois ar na
daoinibh a ghabhann a n-amhrán, an tráth is caoine a
bhíonn a smaointe agus is mó bhíonn aiteas ar a
gcroidhthibh.



I gcionn scaithimh d'eirigh tír-ghrádhthóirí agus scol-
áirí i measc lucht an nua-cheannais agus an Sacs-
bhéarla mar urlabhra aca. Do thosnuigheadar go mall
ar a thabhairt fé ndeara a ársaidhe agus a thaithneamh-
aighe a bhí litridheacht na Gaedhilge do bhí curtha ar
gcúl ag fuid na gcnoc le fada bhliadhantaibh, agus
do bhí mar chúis chnáide ag lucht léighinn. Le linn na
haimsire sin iseadh do sholáthair Éamonn De Búrca
do Choláiste na Tríonóide an leabhar iongantach úd
nach féidir a luach d'áireamh, “Reachtaí na mBreitheamh,”
taréis bheith céad bliadhan ar fán dó agus ar ceal ar
fuid bothán Tiobrad Arann, agus do ceannuigheadh
Ogygia Uí Fhlaithbheartaigh ar fiche ghiní, agus an
leabhar iolstarthach úd, “An Leabhar Breac,” ar thrí
phuint, trí déag is dhá thuistiún.


L. 42


Dob' é an tuitim amach truaigh-mhéileach é, i stair
theangan do bhí imighthe nach beag, do réir mar a saoil-
eadh, gur b'é sin an tráth do thángthas ar an “Seanchus
Mór” go míorbhuilteach, mar adéarfá, & gan a
thuairisc le fagháil le ciantaibh, agus a rádh go raibh
na scoláirí dob' fhearr a bhí n-a mbeathaidh an tráth soin
i n-ainbhfios ar an saghas cainnte do bhí scríobhtha ann.



Fé dheire do tháinig ughdarthás scoláire iltheangadh
na Frainnce agus na Gearmáine 'gá radh go raibh bun-
eolas comh tábhachtach le fagháil sa tSean-Ghaedhilg ar
stair na hEórpa roimh ré na Rómhánach le stair na
gCaesar ar mhór-cháil cathrach na Róimhe féin.



Le linn na haimsire sin, d'eirigh buidhean scoláire
cruinn-eolgach sár-imnidheach Gaedhilge i bhfus againn
féin — Peitrí, Seaghán Ó Donnabháin, agus Eoghan
Ó Comhraidhe, do dhein craobhscaoileadh go soiléir ar
stair-chúrsaíbh na teangan agus do chuir aicme a
cáinte agus cnáide n-a gcomhnuidhe. Chuireadar n-a
luighe ar scoláiríbh an tsaoghail choidhche arís nár
bh'iongnadh do Chlannaibh Gaedheal greamughadh d'á
sean-leabhraibh le greim do-scaoilte duine do bheadh i
nguais a bháidhte, agus nár bh'éan-ghlafairneach é a bhí
scríbhte ionnta ag daoinibh tuathalacha neamh-eolgacha,
acht fínnidhthe fírinneacha ar staraidheacht agus ar
litiridheacht níosa ársaidhe & níosa aiteasaighe ná mar
atá ar sheilbh ag éin-treibh Eorpaigh eile ar an dtaobh
amuigh de na Gréagachaibh & de na Rómhánachaibh féin.



Do bhí an lá le lucht cosanta na teangan fé
dheireadh, acht cé gur mhór ag an lucht léigheannta í,


L. 43


bhí na cainteoirí ar fuid na gcnoc d'á scaoileadh chun
báis. Ba mhór é meas lucht teangthacha uirthe; acht i
dtaobh an Ghaedhil óig gurab aiste do deineadh é
oileadh & gurab innte do cumadh & do neartuigheadh a
mheabhair chinn agus do chuir a chuid fola ag gluais-
eacht go luaimneach tré n-a chuisleannaibh, níl de
mheas aige uirthe ná de shuim aige innte acht mar
a bheadh i gcoigcríoch droch-chúmtha agus gan uime acht
brat lom-chaithte nó duine dealbh gaolmhar dó do bheadh
n-a chomhnuidhe i mbéal a dhoruis aige.



Nílim dá iarraidh an oiread suime do chur innte fé
láthair agus do chuirfeadh an toirmeasc budh lugha ar an
ngnó atá dá chur chun cinn againn anois, mar ná féad-
fadh éin-nídh do raghadh chun ár dtairbhthe do chur chun
cinn mar budh cheart acht fé churam macnais Feise
Náisiúnta.



Táim lán-deimhnightheach ná déanfar éan-aithbheodh-
ughadh coitchionn de fhonn cúiteamh a dhéanamh i
bhfaillighe na haimsire atá imighthe agus is lugha ná
soin a déanfar é le hintinn an Béarla do chur ar
gcúl.



Is ait an nídh é, go gcaithfear a dhearbhughadh go
bhfuil urlabhra ar n-athrach chomh oireamhnach mar chainnt
agus chomh taithneamhach le hintleacht na Gaedhealtachta
atá suas anois agus do bhí báire camáin agus
fiaguidheacht do shláinte chuirp na sean-Ghaedheal.
Ní fuláir a chur n-a luighe ar Ghaedhealaibh na linne
seo mar an gcéadna nach cúis aithise dhóibh eolas do
bheith aca ar theangain a dtíre féin, agus gan bheith dá


L. 44


ceilt, chomh maith agus da mbadh táir-oighreachas í atá
de sheilbh aca ó n-a sinsear, acht cúis na mór-chúise
budh mhó d'fhéadfaidís a bheith aca, a bheith ar a gcumas
í labhairt, agus gurab aiteasach thar barr í mar adhbhar
stuidéir, agus gurab í a thabharfaidh aithne dhóibh ar na
sean-leasaibh do mheasadar a bheith fé dhraoidheacht, le
linn a leanbaidheachta, agus gurab aiste a gheobhaid
ceol na salm do chan sean-naoimh na hÉireann i
n-allód ag gabháil moladh le Rígh mór na gComhacht is
na bhFeart; gurab uaithe a gheobhaid fuaim gár-chatha
na seana-laoch, agus caoin-chogarnach na gcumannach
n-óg, agus iad ar scáth thobair dhraoidheachta éigin.



Cá bhfuil a fhios ná gur b'é toradh mhachtnaimh na
hóg-Ghaedhealtachta so é ná coimhlíonadh a dhéanamh ar
an dtairngreacht úd go mbeidh teanga na Teamhrach
agus Chinn Choradh fé mheas fós i nÉirinn, agus go mbeidh
sé de luach saothair ag na daoinibh agus de shólás ortha a
dhílse mar a dheineadar í chaomhnadh & í i gcontabhairt a
báis — mar badh mheasa leo a bás ná a mbás féin, a
rádh gur rith leo, gur rug ré na síothchána uirthe, agus
go mbeidh sí mar cheangal chaomh-charadais idir Chlannaibh
Gaedheal le ré an tsaoghail, agus mar cheann-tobar
aca, d'á ngríosadh chun filidheachta agus ceoil a sean
do aithbheodhughadh, agus d'á mbrostughadh chun aithris a
dhéanamh ar a mbeathaidh mí-shaoghalaigh macánta deigh-
mhéinnigh agus ar a n-éirimíbh uaisle, mar is deamh-
rathach gurab ionnta amháin atá leigheas le fagháil ar
inntleacht tnáithte an tsaoghail.



(A dheire.)


L. 45


TAGRA.



L. 1:
Indáiriríbh = dáríribh, in earnest, serious. Fromhadh, proof,
test. Ní mó, not the more, neither. Rachtmas, wealth, affluence.



L. 2: Fé áird-réim, in full sway. Cad chuige, to what end, for
what purpose. Ag claonadh chun, tending towards. Do fhoir-
leathanughadh, to extend. Do chur ar ceal, to cause to disappear, to
destroy. Éaganta, foolish, silly. Neamh-spleádhchas, independence,
Ar an gcéad dul síos, in the first place. Chomh maith & ná beadh
… acht, as if (as though) there should only be.



L. 3: Ath-chruthuighthe, of the rehabilitation. So-imighthe, fleeting.
I n-éin-litridheacht náisiúnta leithlighe, in any separate national
literature; leithlighe. gen. of leithleach, f., the state of being aside or
apart, ar leithligh, apart. Agus a rádh, and to say it = seeing that,
when one sees, because, etc. A iarradh = a iarraidh, to ask (it).



L. 4: Mion-shnuidhte, minutely chiselled. Falla, a wall, also
balla. Coiréal, a quarry. Roiligíbh = reiligíbh, dat. pl. of
roilig = reilig, churchyard, sepulchre. Madhm, breach. As ar
raideadh, out of which were cast. 'Na ngiotaíbh fogha, in fragments.
Ragairne, nightly carousing.



L. 5: A bheag nó a mhór, its little or its much = something,
small or great. Caitheamh, wear. Ar ár gcloigtheachaibh, on our
round towers. Fó-thruaghthán, odd (occasional) wretched person.
Sean-fhotharacha, old ruins. Do thug a saoghal romhainn, who spent
their lives before our time. Caomh-uaim, the pleasant poetic sound;
uaim is properly alliteration.



L. 6: Chomh mór-is-fiú, as valuable. Oighrighthe ar, inherited from.
Ámhthach, however, though, but Adhgáin, gen. of adhgán = eagán,
abyss. Cé'r díobh sinn, who our ancestors were; cé'r díobh thú is
common = what is your surname (race or family)? Cad as
dúinn, whence we came, whence we are derived.



L. 7: Iargcúlda, backward, dire. Gan dul d'ár bhfuinneamh,
without losing our vigour. Acht a atharrach, but the very opposite.
'Na fhochair sin, moreover, lit. along with that. Ar bhaoth-mhaoidheamh
a deagh-oileadh ar gcinidh, against vain boasting about (lit. out of,
a = as) the good breeding of our race. Deamhraithighe = deall-
radhaighe, more likely. Trúig, cause; an trúig fé ndeara léi, the
cause that produced it or brought it about. Níosa thúisge ná (also
níos túisge ná), rather than. Táir-bheart (lit. base deed),
disgrace.


L. 46


L. 8: Léir-sheanchas, a complete (clear) account or genealogy,
Ar a thuismightheoiríbh, of his parents or forbears. Ba mhó le rádh
dhíobh go léir, the most important of them all. Ní ag dul thar
fóir é, it is not asserting too much, lit. it is not going beyond
relief or recovery. Ag lonnughadh, abiding, still remaining. For-
lán, very full, complete. Caithteach, spendthrift. Ionnmhus, the
treasure.



L. 9: Deighilt, a separation. Níosa fhírinnighe = níos fírinnighe,
more truthful or trustworthy. Do-atharruighthe, unchangeable. Le
haillthíbh na Fódla, otherwise le hailltreachaibh na hÉireann, as
the cliffs of Erin, or Ireland. Bóchna, ocean, sea. Ná beireadh
éinne leis, let no one take away the notion with him, let no one
imagine. Níosa bhfearr = níos fearr, better.



L. 10: Níosa threise = níos treise, stronger. Ar a chomh-mhair-
theannaidhthibh féin, over his own contemporaries. A mheoin shuairc
féin, of his own pleasant nature. Íbhe, drinking. Aigeanta, natu-
ral; in common use “ordinary,” lá aigeanta, a week-day (W.
Muns.), cp, cach lathi aicenta, “every ordinary day,” Aislinge Meic
Conglinne, edited by Kuno Meyer, pp. 88 and 89; the use of such a
spelling as aicionta shows want of historic perspective, all the
stranger as the word is a living one in the correct modern form
aigeanta. Foslongphort, camp.



L. 11: Do bheadh sé air aca, they would have to, also it would be
as much as they could do. Go mbeifí = go mbeithí, that people
would be. An túisge, as soon as, when. Scríbhte = scríobhtha,
written. Inléighte, readable. Claochlódh, change, corruption.



L. 12: Éin-deamhramh = éin-deallradh, any appearance. Forainm,
pronoun. Réamh-fhocal, preposition. Ar chanamhaint do bhaint as
na foclaibh, to pronounce the words, lit., to take pronunciation out
of the words. Samhluighthear dhó, it appears (seems) to him, he
fancies. Deamhramh = deallradh, appearance. Docamhlacht, diffi-
culty. Beidh rith an ráis leis, “he will get on like a house on fire,”
etc., lit., the running of the race will be with him (will favour him).



L. 13: Ní fhóirfeadh éin-riaghlacha orm chuige, no rules would
assist me in it. Idir dhá linn, in the meanwhile, in the interim.



L. 14: Oidhche dhíth-ré, on a moonless night; also oidhche dhuibh-ré.
Taistealaidhe, traveller. Tír iasachta, foreign country. Maolughadh
misnigh, discouragement, lit., blunting (lessening) of courage.



L. 15: An fiú leis air é, is it worth while. Iolsmaointe,
various thoughts. Do-innste, unspeakable.



L. 16: Síor-chasaoid, always complaining. Iolscoileannaibh
(dat.), the universities. Níosa mhó = níos mó, more. Níosa lugha
= níos lugha, less. Ag déanamh píordála tré, poring over scrutin-
sing.


L. 47


L. 17: Bladhmann, boasting. Leabharlannaibh (dat.), libraries.
Níor bhuail an té sin umam fós, I have not yet met that person.
Léir-chruinneas, perfect accuracy.



L. 18: Drámaidhthe, dramatists.



L. 19: Comh-aimsearach, contemporary. Sibhialtacht, civiliza-
tion. Taistealaidheacht, travelling.



L. 20: Barúntachta (gen.), barony. Bainistidhe, management.
Cóimh-cheart, equal justice. Ar eachtraíbh maraidheachta, about
sea-voyages. Deagh-thaidhbhseach, of considerable size.



L. 21: Druinneach, hunchbacked; also dronnach. A atharrach,
quite another thing, the very opposite. Acht ná stríocann sé ó,
but that it does not shrink from. Meon, nature, natural
disposition.



L. 22: Le saoghal na ré, lit. for the life of time = for ever, to
the end of time. Fo-dhuine, an odd or occasional person. Oighrithe,
inherited. Lucht an rachtmais, people of affluence, people in easy
circumstances. Do lonnóchaidh, which will remain. Le ré na
gréine, lit. for the life of the sun, as long as the sun lasts, for
ever. Caoin-chroidheamhail, tender-hearted. Ceileabhar, warbling.
Ní'l sé ar a gcumas ag lucht na cnáide ná na mailíse, neither
mocking nor malicious people can.



L. 23: De bhrígh go bhfuil dearbhughadh déanta air ag, for it has
been proved by. Aith-scríobhadh a deineadh ar eachtraíbh béal-
aithriste, a re-writing (or copying) of oral sagas. Braith a bheith aige
le, to expect to, that he should have an expectation to. Ag braith ar,
depending on finding, expecting to find. Ag dul i ndíchreideamh,
becoming unbelieving or sceptical. Ag cur a cháile i n-áirde, in-
creasing his fame or renown. Ag cur le n-a shámhairidheacht
shaoghalta, adding to his wordly ease.



L. 24: Ag déanamh dúr-mhachtnaimh ar, thinking hard or ponder-
ing deeply over. Ag cur éadóchais ar an saoghal, causing the
world to despair. A thabharfaidh aiseag dó ar a dhóchas, which will
restore to him his hope. Maran = munab, if it is not. De dhruim,
on account of, as a result of. An ionntaoibh do-labhartha do tháinig
dóibh aiste, the ineffable confidence that they acquired in her.
Slánughadh na haoise saoghaltánaighe seo, the salvation of this
worldly age.



L. 25: Neamhthruaillighthe, uncorrupted. Buan-ghreamughadh, the
persistent adherence. A ndlúth-aithris ar éirimíbh ársa a gcinidh,
their close imitation of the ancient qualities of their race. A
gceap-sinnsear, of their racial ancestors. Niosa shoiléire = níos
soiléire, clearer. Leamh-fhuar, insipidly cold. Seana-úirscealuidh-
eacht, ancient romance or story-telling. Dálta, like,
just like. Is aiste nach fuláir litridheacht Ghaedhilge do cheapadh,
from it must Irish literature be shaped, or given form. Teas-


L. 48


aidheacht, warmth. Beag le rádh, unimportant, trifling. 'Na
héagmuis, without it. San Orbhuaidh, in Norway Lom-chaithte,
threadbare.



L. 26: An té go mbeidh sé de bharr-bhuadh aige, he who will
have the supreme good fortune. Ná deineadh sé aithris ar, let him
not imitate. Do-aithriste, obsolete. Ionaithriste, suitable for
narration, in the current method of narration. A aeraighe & a mhío-
shaoghalaighe mar ar thugadar a saoghal, how merrily and in what
an unworldly manner they spent their lives. A chruinne & a líon-
mhaire mar ar mhothuigheadar, how accurately and how fully they
felt. Iaraidheacht, creepy sensation, fear of the supernatural. Do-
choimsighthe, incomprehensible. Sid iad, these are. Do thug ré do-
mharbhtha do'n chineadh, which have caused the race to be immortal.
An fear thall, the other man, the opponent in the argument. Tá ré
Phan ar ceal le ciantaibh, the period of Pan is past and gone for
ages. Ní mór eile aca atá fágtha, not many more of them are left.
Cad é an bhreith atá ar, what means is there of, how can.



L. 27: I n-éagchruth an bháis, in the throes of death. Do chuir-
eann a gnás i ngnáth-úsáid, who habitually use its idiom. Ar a
bheag, at least. Agus a dheamhramh (= dheallradh) ortha, and have the
appearance, and things look thus in regard to them. Gur fada
uatha anonn atá feochadh an bháis, that the decay of death is still far
away (or distant) from them. Ag dul i ndísc, drying up, disappear-
ing. De neart nóis, through dint (or influence) of fashion.



L. 28: An cipín scóir, the tally. Do chuireadh ar chrochadh fé
bhráighid leanbh, which was hung around children's necks (lit. neck).
A shlighe bheathadh a bhaint amach, to earn his living or livelihood.
Nách (= ná ní) follus dó, than it is not evident to him, than he
cannot see, than he fails to see. Nach gábhataraighe dhó long &
fiacha a thaistil a bheith aige, that it is not more necessary for him to
have a ship (= to embark) and the price of his journey (= his
passage-money). Chun teicheadh leis féin, in order to flee away.
Cur fé, to settle. I n-áirighthe dhó, certain for him; 'n-a bhfuil …
i n-á dhó, in which he will be certain to get. A slighe mhaireamhna
do bhaint amach 'na éaghmuis, to earn their livelihood without it.



L. 29: I n-ainbhfios ar fad ortha, utterly unknown to them.
Flosc, appetite, eagerness, great desire. A bheadh i dtaoibh le, who
would only have, who would be solely dependent on. A ghéarchúise
do dhalladh, the stunting of his intelligence. A chur 'n-a luighe air,
to convince him.



L. 30: Luibh-leigheas, salve, lit., herb-healing. Ag caomh-cogar-
naigh, gently whispering. Buan-taca, constant support or depend-
ence. Nac trúig aithise ná ceann-fé dhóibh, that it is no cause of
disgrace or despondency for them.



L. 31: Go bhfuiltear ag tnúth leo n-a taoibh, that people are
jealous of them (vying) with them in regard to it. A dhéine mar
atá nós ag cur go dian i n-aghaidh na teangan, how vehemently


L. 49


fashion is strongly opposing the language. As Gaedhilg, in Irish.
As Béarla, in English. A mhire mar atá, how quickly is. Ag dul
i bhfeochadh, decaying. Agus a usa, mar an gcéadna, mar, and how
easily, too. A fhéadfaidhe cosg do chur leis an bhfeochadh so, could a
stop be put to this decay. Fós amháin, even yet. Dá gcuirtí n-a
luighe ar na leanbhaíbh, if the children could be convinced. As a
dteangain féin, in their own language. Gur bheag aca, that they
would think little of. Gur rogha leo, they would choose, they would
prefer. An mbeadh sé de shásamh orainn, would we have the satis-
faction. Seanmóin = seanmóir, sermon.



L. 32: Labhairt leo aiste, to speak to them in it. Mar gur b'í
an chiall a bhainfidís as ná, for how they would understand it is
(lit. for it is the sense they would take out of it than). Ag trom-
uidheacht ortha, blaming them. Ní héin-iongnadh, it is no wonder.
Gur beag ar thuathachaibh mí-shaoghalacha an iarthair, that the simple
peasants of the west dislike. A mbothán súigh, of their sooty cabins.
Dealbhas, misery, wretchedness. Le toradh claidheamh, by conquest
(lit. by fruit of swords). Fé ndeara dhon teangain, that caused the
language (more lit. that effected it for the language). An léisín
eolais, the inkling of knowledge.



L. 33: Gan truailliughadh dhul uirthi, without having suffered
any corruption. Gur móide mór-chúis thuathaigh an iarthair é, that
the pride of the peasant of the west is the greater. Leamh-urlabhra,
the insipid speech. Ar sheilbh aca, in their possession.



L. 34: Go bhfuil treó mhaith ortha, who are in good circum-
stances, who are well off. Go luighfeadh na tuathaigh Ghaedhealacha ar,
that the Irish peasants should take to (begin to). Aithris a dhéanamh
ar nós, to imitate a fashion. Cromaidís féin ar dtúis air, let
them first start it. Aitheasc, essay, treatise. Éan-chur síos a
dhéanamh ar, to describe in any way. Níosa shia = níos sia, níos
fuide, further. Téimis … ar, let ns pursue, follow up.



L. 35: Seachas, in comparison with, compared to, “towards.”
Ó n-a mbéal-aithris, from their oral tradition. Fé bhun, under, less
than. Is é is dóichighe, what is more probable is. Ag claoi le,
attending to (work, etc.), working industriously at. Nár mhór mar
thaca iad, would they not have been a great mainstay or dependence.
Ollamhnacht Ghaedhilge, an Irish professorship. Ní ag dul thar
fóir é a rádh, it is not (assuming) too much to say (lit. not going
beyond relief or recovery). Ná beadh de bhreith ar, that there
would not exist the ability to (or the possibility of). Do dhíth-
phréamhughadh, to uproot or exterminate.



L. 36: Ná beadh a atharrach intinne aca, who would have no
other idea or intention. Go síor-imnidheach, constantly industrious.
Beag-anmach, little-souled, wanting in spirit. Do scaoileadh uatha
anonn go, to let go from them over to. Chomh maith & nár bhfiú iad,
as if they were not worth.


L. 50


L. 37: Drámaidheacht, drama (i.e., as a department, not a drama
or play). Leoghain, moths (also líbíní leoghain). Cómhtholán,
pattern = a popular form of cóimhthionól; the latter, however,
through the influence of literature, has been kept in use in the
original sense “meeting” solely as a literary word. An é an
bhraich gan lionn é, lit. is it the malt without ale = is it a thing
that cannot be hoped for; it looks as if this phrase started from
braith, dependence, which has a similar sound, and then that braich,
malt, caused the use of gan lionn. As if supporting this idea, braith
follows in the next line. Tulcaí, waves. Ar lorg treabhachais gur
gairid é ar ngaol leo, in search of a people to whom we are
nearly related.



L. 38: Ná fuil dul ar a gcur chun cinn fós, which there is no
means of advancing (causing to go ahead) yet. Atá ar bheagán
céille, who have little sense. Ná is mó a bheidh de fhonn ortha
chuige, or which they will have a greater inclination towards.



L. 39: De fhonn í chosaint, with a view to defend it (lit, through
the desire to defend it). Sár-staraidhe, excellent historian. An-
spioraid, evil spirit, demon. Ath-roinn, to subdivide. Do thaobhuigh
leo, that took their side, “that sided with them.”



L. 40: Breacadh lae na síothchána, the dawning of the day of
peace. Ruagairí reatha, homeless wanderers. Gan fiú na
dtaobhán air, without as much as the rafters on it. Gan a atharrach
scátha ortha, without any other shade. Dubhluachair, depth of
winter. Chuaidh sé dhíobh go léir, they all failed.



L. 41: A ársaidhe & a thaithneamhaighe bhí, how ancient and how
interesting was. Iolstarthach, containing many historians.



L. 42: Tuitim amach, happening, event. Do thángthas ar,
“people came on,” i.e., people found, was found. Agus a rádh go,
whilst, although, lit. and to say that. Le linn na haimsire sin,
during that time. Nár bh'éan-ghlafairneach é, that it was no mere
jargon. Cé gur mhór ag an lucht léigheannta í, though it was
thought much of by learned people.



L. 43: Atá suas anois, which now exists. Fiaguidheacht,
hunting. Ní fuláir a chur n-a luighe ar Ghaedhealaibh na linne seo,
the Irishmen of this period of time must be convinced.



L. 44: Chomh maith agus dá mbadh táir-oighreachas í, as though i
were a disgraceful inheritance. Caoin-chogarnach na gcumannach
n-óg, the tender whispering of the young lovers. Cá bhfuil a fhios
ná gur b'é, who knows but that (it is). A dhílse mar, how
faithfully.