Seanmóin Gaoidhilge

Port Láirge: P. F. Barron (1826)

Seán Ó Maonaigh




SEANMÓIN GAOIDHILGE.



Air charthanacht, nó grádh na c-comharsan.



Innsidhean ár Slánaightheoir dúinn, ann Sois-
géal an lae aniumh, an dualgas is treise
atá againn le cóimhlíonadh, an uair a deir,
gurab é grádh Dé an aithne is aoirde, agus
grádh na g-comharsan aithne is gaire
dho. Is air an dá aithne seo atá an dlighe
agus na fáige a seasamh; is iad aithgheárr na
n-aitheanta uile iad; ní féidir cionn aca a choi-
mhead má bhristear an cionn eile. “Má abrai-
ghean aon duine,” (a deir naomh Eoin,1 caib.4,
ran 20.) “go n-grádhuighean sé Dia, agus 'san
amm c-céadna fuath aige d'á dhearbhráthair,
is éitheadóir é; óir an té nách grádhuighean
a dhearbhráthair, cionas is féidir leis grádh
Dé a bheith ann.” Is fíor, d'á réir seo, ná


L. 2


fuil creideamh ná subhailcidhe mar a bh-fuil
easbaidh grádh agus muinteardhais; agus is sia 'ná
sin iad ó'n té atá air lasadh le miosgais,
imreas no díoghaltas. Dobhí d'fiachaibh air
lucht creidimh an t-sean-reachta a c-comh-
arsa agus a n-daoine muinteardha do ghradhughadh;
agus mar is iomláine creideamh Chríost,
téidhean sé níos sia, agus ceanglan orrainn
maith a dhéanadh a n-aghaidh an oilc, agus páirt
a roint re ár naimhdibh. Is cruaidh é seo,
acht ní'l aon mhaith ag aidhneas air aon rod a
mhínighean Dia, agus d'á réir sin ní fuláir duit
buadh a bhreith air d'fheirg; agus gan aon droich-
inntinn fós acht deigh-mheódhan a bheith agat do'n
té a n-déarfá leat féin ná taithneóchadh
leat, nó ná tuillfeadh uait é; ní mar gheall
air sin go h-iomlán, acht mar gheall air an
té chruthaigh tusa agus é sin; agus ó d'fág clódh
a dhiadhachta mar a chéile orraibh araon, ní
h-áil le Dia go d-tabharfá fuath ná tarcuisne
d'á obair. Os a chionn san, dothug Dia tais-
beánadh carthanachta d'á shamhuil seo uaidh, an
uair do ghlac sé chum síothchána clann Adhaimh
go léir, agus iad 'na namhaid aige leis an
b-peacadh; agus dar n-dóigh an nidh dorin


L. 3


Cruthaightheóir Neimhe agus talmhan, níor cheart d'á
chréatúir cur suas de.



Ní bh-fuil aon eascáirdeas ná formad,
a deir naomh Abhaistín eidir baill an chuirp
daondha, acht fós is é is beag le cionn feabhas
an chinn eile; is mar sin do'n t-súil ní mhó-
ruighean sí neart na n-géag, ná luas na
c-cos; agus iad so arís, is é is lag leó
radharc na súl. Isé an sgéal céadna é a
t-taobh na m-ball eile; reidhid siad gan
fearg ná imreas choidhche. Sin é go díreach,
a deir naomh Abhaistín, an cuman, an cean-
gal agus an muinteardhas budh cheart a bheith
eidir na críostaighthe, mar nách bh-fuil ionnta,
do réir an scruiptiúra, acht baill d'aon-
chorp rún-diamhrach Chríost.



Ceangluighean an aithne seo na carthanachta
orrain, d'á réir sin, gan aon dioghbháil a
dhéanadh a n-aghaidh ár c-comharsan, ion a
chuid, ion a chlú nó ion a cholainn; a lochtaidhe agus
a lagachair a fhoidneamh; subhailceas a chur
air ion a dhobrón, agus congnamh leis ion a
riachtanas. Sin mar budh mhaith leat féin
a dhéanadh dhuit; agus an amhlaidh rinis? An
rabhaís aon uair a gáireadh an uair a bhíodh


L. 4


do chomharsa a gul? luthgháireach, taibhseach
an uair do bhaineadh mí-sgéal do? An rabhais
aon uair ag éisteacht leis an m-bréig, nó
fós leis an fhírinne, dobhíodh a n-aghaidh a chlú,
gan í chur a leathtaoibh, an uair b'éidir leat
é? An rabhais aon uair ad'fhiadhnuise dhíomh-
aoin an uair a bhíodh a chuid nó a mhaoin shaogh-
alta ag imtheacht gan fhios do, asthigh nó as
a ghort? Tabhair fá n-deara nach le fuar-
ghrádh béil a choimhlíontar an aithne seo; ní
fuláir duit carthanacht daingean, buan,
fairsing a bheith agat, mar is í bhí ag Críost
do'n domhan; is í bhidhean ag gach aon duine
dho féin, agus is í budh mhaith leis a bheith aige ó
dhaoinibh eile; agus d'á réir sin, is í budh cheart
do a thabhairt uaidh. An Tomhas a thabharfaidh
tú uait, is é roinnfear leat; trócaire
má's trócaireach a bhidhir, nó a mhalairt má
is é dhéanfair. Dá m-beidheadh cion agat air
an domhan go léir agus gan fuath a bheith agat ach
d'aon duine amháin, dobheidheadh an chartha-
nacht briste; air nós an chreidimh, an uair
a shéanfá aon phonc de, cé go n-admhóchfá
gach ponc eile, bheidheadh an creideamh briste.
Tugan ár Slánaightheoir le tuigsin dúinn ann


L. 5


cosmhúlacht (.i. parable,) ainmneamhail 'san
scruiptiúir, nach carthanacht comhang, acht
carthanacht fairsing, is ceart duit a bheith
agat; agus nach d'aon duine aná d'aon
drong amháin is ceart duit deagh-aígne
abheith agad, acht do'n domhan go léir,
óir a deir sé; dobhí taisdiolach ag imthe-
acht ó Ierusalem go Ierico, agus do ráinig
dho tuitim a lámhaibh bitheamhnach, do nocht
agus do bhuail agus d'fág beó-loitidhthe é 'san
n-díg; do ghabh duine agus duine thairis, d'á chine
féin, agus níor ghoill an radharc orra. Do ghabh
Samaratánach an t-slighe, (is é sin duine do
bhain le creideamh agus drong eile,) agus air
fhaicsin an othaír dho, ghlac truaighmhéil do
é; do thóig sé é, agus thug cabhair agus congnadh
dho, agus do chrean sé le h-é liaigheas. Agus
dob' é sin dorin gníomh ceart na cartha-
nachta; agus déin-si mar é,” adeir ár
Slánaightheoir.



As so chidhmíd nár cheart dúinn a bheith mall,
ríghin ná d'aimhdheoineamhuil chum fuasgailt a
thabhairt air an té dobheidheadh 'na ghábha, a
d-taobh gan é bheith d'aon tír, d'aon chualucht
nó d'aon chreideamh linn féin; óir is é ár


L. 6


choimhchréatúir é ag iomchur íomháigh Dé, agus rian
a oibre. Is a c-cás d'á shamhuil seo a thais-
beánan duine glaine inntinne, agus thuillean sé
luaidheacht fírinneach na carthanachta. Ní
leath-buidheachais air dhuine deigh-bheart a
dhéanadh air an té dodhéanfadh air é; agus
d'á réir sin, an té is mó dodhéanfadh gan
tnúth le tairbhe shaoghalta, is é is mó luaidh-
eacht. Is mar sin do'n déirc a déantar air
son Dé go h-iomlán, is í is aoirde luaidheacht;
acht dá madh threise aon mheódhan eile agad,
cuirim a c-cás glóire dhíomhaoin, nó muin-
teardhas saoghalta, atá do dhaonacht gan
mórán tairbhe; dobhí trian nó dhá ttrian di
caillte, má bhí an méid sin ded' mheódhan
lochtach. Budh cheart do dhaoinibh, air an adhbhar
sin, (cé go m-beidheadh cumann agus muinteardhas
eatorra,) a n-gníomhartha carthanachta a
bheith ag gluaiseacht ó ghradh Dé; óir d'á
éagmuis sin, .i. dá m-beidheadh an muintear-
dhas go h-iomlán saoghalta, ní bheidheadh aon
luaidheacht ann acht an oiread is tá do muintear-
dhas na m-beathadhach a chongbhaidhean an pháirt
gan bhuaidhirt, gan aimhréidhteach.



Adéarfadh duine, “thuit me amach lem'


L. 7


chomharsa agus níorbh' áil liom beanughadh dho, mar
dorin sé mo díobháil.” Gan amhras ní féidir
dhuit do dhaonacht a thréigean, ná gan iarr-
achtaidhe mar seo a bheith ann; air a shon sin,
muna bhfuil t-inntinn go h-iomlán leis, ní comh-
artha deimhineac mí-charthanachta corraidhe
de'n t-samhailt seo. Is minic ná bidhean
neart ag duine air mar nach cloch ná crann é;
agus má bhrathann tú t-inntinn ad chomhairliughadh agus
ad chosg, atá tú saor ó pheacadh. A ttaóbh
easbaidh beannachadh, ná labhartha, ní bheidheadh
d'fhiachaibh ort é dhéanadh an uair budh dhóigh
leat gur masla a gheabhfá a n-áit. An té
air a bh-fuil an cionnta ó thuis is do is cirte
tosnughadh agus úmhlúghadh a dhéanadh.



Tuigean sibh anois cad a chialluighean “grádh
na c-comharsan,” gurab í aithne is goire do
ghrádh Dé í agus air an adhbhar sin gurab é
grádh na c-comarsan comhartha is dearbhtha a
bheith ann seilbh ghrádh Dé. Ní fuar-mhuintear-
dhas, a ghluaisean ó thairbhe saoghalta, acht
teas-ghradh diadha os cionn daonachta, do ghlu-
aisean sinn chum gach aon duine d'admháil 'na
chomharsa; déanadh dho mar budh mhaith linn a
dhéanadh dhúinn; ceart agus páirt agus truaigmhéil a


L. 8


roint leis, a ttaobh a choda, a clú, agus ion a
riachtanas; agus é sin do dhéanadh le grádh
do Dhia, a gheallan trócaire a n-áit trócaire.



An uair do chuir ollamh dlighe de na Iudaibh
ceist air ár Slánaightheoir cread dodhéanfadh
sé chum na beatha síorruidhe do shaothrughadh;
adubhairt ár Slánaightheoir leis feuchaint
cread do ceanglan an dlighe, agus cread do
leughan sé ann; agus dob'é a fhreagra, ní
fuláir duit do Thighearna Dia a ghrádhughadh led'
chroidhe go h-iomlán, le t-inntinn go h-iomlán agus
led' neart go h-iomlán; agus annsin adubhairt
Íosa leis go m'fíor a chaint; déanadh d'á
réir, agus go mairfeadh sé. Is é an freagra
céadna dh'oirean fós, agus d'oirfidh choidhche,
d'aon duine bheidheadh ag iarradh comhairle chum
a anama do shlánughadh; óir an té ghradhuighean
Dia ní théidhean sé amughadh, mar atá a
shlighte céillidhe daingean, agus an tighearna,
mar a deir an t-Eagnach, a díriughadh na
slighe dho, agus a rianughadh an róid roimhe. Acht
an té nách déanan, an té ná cuimhnidheann air
Dhia acht go neamhshuimeamhuil agus go fánach, agus
d'á réir sin ná gradhuighean é chuige ná air
aon-chor, bidhean se air seacrán, gan beanacht


L. 9


a ttosach ná n-deire aon ghnimh leis, gan
beodhacht ná luathacht ann aon iompóghadh leis;
mar is air nós na colainne gan anam, bhidhean
an t-anam gan Dia, Qui non diligit manet in
morte, etc..



Is mairg air an adhbhar soin, d'iompóchadh
a inntinn ó Dhia, agus bhronnfadh a ghrádh air aon
rod faoi n-a bhun; óir d'á éagmuis ní'l aon
rod bhuan, agus gan a theannta ní'l i n-aon rod
seasamh. Is uaidh a tháinic maise, dealbh
agus áileacht gach créatúra; is é chuir an tráigh
mar theorainn leis a bh-fairge; is é do bhronn
tuigsin air an duine chum é féin d'aithint,
seoch mar dothug sé do na beathadhaigh. Ní mise,
ar máthair na Macabees, dorin sibh mar
atá sibh; níor thugas beodhacht ná bheatha dhíbh;
agus ní me chúm baill aon duine agaibh; ní liom an
obair, acht le h-Úghdar na bh-Flaitheas agus na
talmhan; árd-Riaghlaightheoir na Cruinne, do
thug do'n duine teacht air an saoghal. Is fíor
d'á réir sin, bé cáiligheacht atá ann aon nídh
cruthaighthe, go ffuil an cháiligheacht so gan
teóra 'san c-cruthaightheoir; agus d'á brígh
sin, gur mó a thuillean sé ár n-annsacht. Saidh-
bhrios, caithréim agus mór-mheas, ní mhairid acht


L. 10


seal, agus air uairibh ní luaithe agat iad 'na
uait. Isé an nidh céadna é a ttaobh maise agus
neirt na h-óige, éirighean go luaith agus
meathan go h-oban arís, air nós bhlaíth na
c-craobh a bhrisean amac 'n-a lán-áileacht
anuimh, agus a thuitean de'n chrín amárach. Is
mar sín dhúinne agus do gach nidh 'son t-saoghal
so. Acht ní mar sin do Dhia atá sé a c-comh-
naidhe, do-athraighthe air aon imtheacht amháin,
gan túis óige, gan fás, gan mheath, gan
tosach ná deire, agus d'á réir sin ní mealltar
aon uair iad so a ghradhuighean é. Adeir
Naomh Abhaistín go bh-fuil croidhe an duine an-
shocair go c-comhnaidhean se a n-Dia, mar nách
bh-fuil sásamh iomlán ann seilbh aon rod a
n-éagmuis Dé; bíodh a n-iarrfá agus a n-órdóchfá
agat, agus in-a dhiaigh sin bheidheadh do dhúil ann rod
éigin eile: nidh a thaisbeánan go bh-fuil seilbh
éigin ann, a thugan sásamh fóirlíonta, iomlán,
agus is é sin seilbh Dé mar is é seilbh is
aoirde é.



A n-eugmais diombuanais agus mhí-mhaise aon
nidh eile a c-coimh-mheas le Dia, atá rádhadh
ro-dheimhneach againn o n-a bhéal féin, é a
ghrádhughadh; agus is furuis a aithint, mar


L. 11


adeir ollamh naomhtha áirighthe, (.i. aon de na
aithreachaibh naomhtha) gur loiteadh go daingean
daonacht an duine le peacadh an t-sinsir, le
gur ghábha a chur de dhualgas orrainn annsacht
ár c-croidhe a thabhairt do'n té a thuillean
chómh mór san é, Úghdar an uile mhaitheasa,
agus tiobraid an uile ghrádh. Is beag de
dhuaidh an duine is prádhainn a fhaghail chum é a
dhéanadh ceanamhuil air a ghaoltaibh, air a
cháirdibh agus air a chongtóiridhe (.i. a lucht cabhar-
tha,) agus dar n-dóigh ní'l aon duine aca san a
c-coimh-mheas do Dhia. Sular chuimhnigh do
shinsior air do leithéid a bheith air tí do
bheith beó, da bhí do bhreith a meabhair do Dhia,
agus 'na dhiaidh sin ó chonnarcais an solus, isé
tá ad' aodhaireacht, ad' dhidhean agus ad cha-
omhnadh. “In ipse sumus et moeumur.” Níor léor
leis an chomaoin sin do chur ort a ttaobh do
cholainne, acht an uair, dobhidh t-anam deighilte,
daor uaidh, do thionnsgain sé an meódhan budh
éifeachtamhla chum tu a thabhairt tar n-ais;
.i. ioncholnúghadh ár d-Tighearna, len-ar
cheanaidh tré phéinn na páise, saoirse na cine
daondha ó mhallacht a n-damanta; agus 'na dhiaidh
sin do bhronn orrainn-ne éifeacht na páise


L. 12


céadna, le brígh na Sacramainte a cuireadh
air bun air ár n-aghaidh 'san eaglais, óir
gheibhmíd teidioll air an n-glóire le baiste;
cumas air éirighe an uair a thuiteamaoid, le
h-aithrighe; agus congnadh agus comhachta chum fuireach
buan i seirbhís (obair) an Tighearna air
staid na n-grás, gach n-aon i n-a shlighe féin,
le teannta na sacramaint oile. A ffochair
na t-tabharthas so, is ó Dhia do thiodhlaice
saoghalta mar a c-céadna, do chuid do chlú,
do neart, do shiubhal agus do rachtmas shaoghalta,
“Cread tá agad, a dheir naomh Pól, na
fuarais.” Agus arís, is anuas ó Athair
na soillse do thúirlingid gach tiodhlaice iomlán;
agus máseadh cad é an chiall do mhí-bhuidheachas agus
do dhearmad. Ó is cruaidh an gearán a
dhéanan an Tighearna air an té ná cuimhni-
ghean air; air an té alúigheas agus d'éirigheas
agus chaitheas a ré gan smaoinneamh air go minic.
Níor chuimhnigheadar, adeir Sailm an Sgri-
optúra, air an Dia do chaomhnaidh iad.
Agus arís “do dhearmadabhair an Dia do
thug beodhacht díbh.” Dorineadar mo dhaoine,
adeir Dia, le béal an fhaidh, dhá dhíobhail, do
thréigeadar mise, tobar an uisge síorruidhe,


L. 13


agus do thoghadar dóibh féin soithighe ná coimhead-
fadh braon.” Fóraoir! is baoghalach gurab
í an fhírinne í a ttaobh go leór. Nó munar
dhíbir saidhbhríos nó bochtanacht grádh Dé uait,
féac, air a son san, air dó chéad-chleachtaibh
eile, air luas nó bréagacht do theangan,
air do dhroch-amhrus, air do mhí-mhodh, air
t-feirg air nimh do chlaonta, air do chraos,
d'earráid agus do chur amúghadh; óir má's
tathaidhe leat é, is ceanamhla leat, d'aimh-
dheoin do thuigsiona, aon díobh so ná grádh do
chruthaightheóra. Ní féidir le h-aon duine,
adeir an Sgrioptúir, dá mhaighistir a riar
a n-aonfheacht; agus d'á réir sin, ní féidir leat
do ghrádh ná do sheirbhis a roinnt eidir Dhia
agus aon rod eile; ní h-é an leath acht an
t-iomlán atá uaidh; agus ní h-é an taobh amuigh,
acht an taobh astigh, is mó a shásuighean é.
“Thugadar árd-mholadh dhamh le n-a d-teanga,
acht dobhí a c-croidhthe a ffad uaim.” Agus
arís fógran Eliseus brón air lucht an dá
chroidhe.



Ní iarran air ashon san, grádh Dé go
ttabharfá fuath d'aon rod eile a cheap sé
chum do sheirbhíse; fós budh rogha leis go


L. 14


n-déanfá an oíread muirinn de agus do thuillean
é i n-a cháiligheacht féin, acht amháin ná
rachfá tar modh ann do chion, budh cheart a c-comh-
naidhe a bheith ag triall, agus stiúraighthe chum
grádh Dé, a ghlacan asteach uisgeadha na
sruthán; air slighe bé cion nó gradh, no páirt
measardha a bheidheadh aig siubhal le duine,
go madh cheart dóibh a bheit stiúraidhthe a
c-comhnaidhe, aig filleadh air mhór-mhuir cháilidh-
eacht an Tighearna, air shlighe go m'fhéidir
a rádh go ngrádhfaidhe Dia ann gach nídh, agus gach
nídh ann Dia, air son Dé agus faoi bhun Dé.



Is ionntuigthe as so, gurab é ár n-iomchur,
agus ár bh-feidhim de neithibh an t-saoghail, do
thaisbeánann má támaoid a seilbh an cartha-
nachta, a ffad níos mó 'ná aon choraidhe sólá-
sach, grádhmhar d'aireóchamaois leith astigh
dinn. Is minic a bheidheadh duine, agus, mar
geall air a dhaonacht mhaoth, bhog, go n-aireó-
chadh sé claona, agus teas-dúthracht diadhanta agus
luisnidhe éigin grádh leith astigh de, le ar dhoigh
leis grádh Dé bheith ann, agus 'san amm c-céadna
nách beidheadh aige acht an sgáil. Dobhí mórán
de na naomhaibh, agus níor bhrathadar aon iar-
rachtaidhe de'n t-sámhail seo; air a shon san,


L. 15


ní féidir a radh nár gradhuigheadar Dia le
na c-croidhe go h-iomlán, agus le n-a n-inntinn go
h-iomlán. Isé an comhartha, air an adhbhar
san, má tá grádh Dé agat, tu do fhuireach
buan i n-a sheirbhís, ag déanadh a chomhairle,
ag tathaidhe na sacramainte agus a coimhead a
aitheanta, a n-aimhdheoin aon mhí-shásamh,
leisge, na easbaidh compóird a bheidheadh ag
iarradh tu dh'iompoghadh uaidh; óir sin é an
uair a bhidhean sé le faicsin go bh-fuil do
mheódhan glan, go n-gradhuighean tu Dia os
cionn gach uile nidh, mar gheall air féin, mar
is túisge a dhéanfá aon rod ná bhrisfá a
dhlighe. Is beanaighthe an rún é seo, agus le
beagán aireachais atá sé air chumas gach
aon duine.



Tuigean sibh anois air an adhbar san, go
bh-fuil sé d'fiachaibh orrainn ár g-chomharsa do
grádhughadh mar sinn féin air son Dé, agus
Dia do ghrádhughadh os cionn gach uile nidh; annsa
chéad áit, mar go n-órduighean sé féin é;
annsa dara h-áit, mar gur chuir se comaoin
orrainn a thuillean go h-iomarcach é; agus
annsa t-treas áit, mar go bh-fuil sé gealltha
dóibh sin de chóimhlíonas na h-Aitheanta so,


L. 16


go m-beidh síad taithneamhach a láthair Dé 'san
t-saoghal so, agus go n-glacfar asteach a
n-glóire na bh-Flaitheas agus 'san m-beatha
shíorruidhe iad 'san t-saoghal eile; bheanacht
atáim-si aig iarradh dhíbhse agus dom féin, tré ár
d-Tighearna Iosa Críost. Amen.