Sidheog na Rann

Clódhanna Teo. (1911)

Bailithe ag Colm Ó Gaora



SÍDHEOG NA RANN



I. - CÉAD SLÁN LE LÁ 'LE CÁILÍN.



i
Bhí mé lá gréine is mé ar aonach i gConamara;
Ní raibh tuilleamuidh ágham le aon-fhear adéarfadh liom
"fág an bealach";
Bhí Laighnigh is Muimhnigh ag smíleáil ar m'ainm:
Is cuireadh orm chomh mór an lá úd go dtugas an sgian fá
n-a asna!



ii
Tháinic mé cúthal brónach, is luigh mé fúm ar mo leabaidh,
Nó go dtáinic póilís go dtí mé, is dháréag de'n arm dearg.
D'éirigh mé 'mo shuidhe, is d'imthigheas amach uathab,
Is shiubhail mé naoi míle, gan falach brísde ná hata!



iii
Bhí mé an lá 'na dhiaidh súd, is mé ag dul isteach go Gaillimh;
Bhí bultaí cruaidh fáisgthe ar mo dhá láimhín gheala;
Bhí Seaghán A Búrca ar thaoibh dhíom, an spríota gadaidhe
salach,
Is Conaire na mionna éithigh ag iarraidh mo chrochadh.



iv
A dhearbhráithreacha dílse, ná bídhidh-se ar meisge
Ná ag siubhal amach san oidhche nó béidh sibh-se ciontach.
Dá mbéinn-se chomh saor an lá úd leis na hainglibh 'sna
flaithis,
Go gcuirfidhe fán orainn ó n-a chéile le mionnaíbh bréige i
nGaillimh!


L. 12


v
Tá mo chamán is mo liathróid is caonthach liath ortha fá'n
leabaidh,
'S go mbuailfinn boc báire chomh hárd leis an ngealaigh;
Tá mo shrian is mo dhiallat ar iasacht i gConamara
'S mo ghearráinín glan aerach ar aon leó, is ní bhfuighead é
faraor!



vi
Céad slán le Lá 'le Cáilín, ba lághach an áit a bheith 'san
mbaile,
Sáithte siar i dtóin cábáin is mo dhá láimhín dá gcrathadh;
Acht ní mar sin atá mé acht i bpríosún istigh i nGaillimh
Is Maitias go cráidhte ag fanacht le n-a chrochadh!



vii
A chomharsana dílse, tugaidh an méid seo uaim a-bhaile,
Mo stocaí is mo bhróga ar an tsráid úd i mbíonn a seasamh,
Tugaidh sgéala chuig mo mháithrín atá le ráithe ar a leabaidh,
Gur'b é an róipín caol cnáibe atá i n-áit mo charabhata.



II. - AN BHÓ BHACACH.



i
Nach mise tá marbh le daighean de bhoin bhacaigh,
'S go ndíolfainn le fear ar bith ar cáirde í?
Ar chúnntar gan casadh arís fad a mhairfead,
Dá mbéinn-se gan bainne gan bláthach fhagháilt.
'Sé an béas a bhí aici (nó 'gcuala a dhul tharaibh?)
Nach raibh riamh ag buaibh ná ag gamhnaibh -
Níor bh'fheárr léi an samhradh le fíbín a ghlacadh
Ná oidhche mhór dhorcha is bháistighe.


L. 13


ii
Nuair is sáimh liom-sa codlagh 'sé an obair a bhíos orm
Amuigh chois an chlaidhe ar mo stáca.
Sacaim isteach í i ndiaidh a mullaigh 'sna sgeachaibh
Ar shúil is go mbriseadh Dia a chámha.
Mo mhallacht do'n deacair - 'sé d'fhág mé 'm'fhear meathta
Le cropach de riabhach gan cáilidheacht;
'S ní bheidh uair go leith caithte is mé sínte ar mo leabaidh,
Nuair a ghéimeann sí ag doras na sráide.



iii
Shiubhail mise Gaillimh is anonn go Breatain
'S thart le bun Chruaiche Phádhraic,
Mé fhéin is mo cheannfhionn, dá fuagairt 's gach baile,
'S ní bhfuaras aon fhear a thug áird orm.
Casadh liom bean i gceanntar le Corcaigh
Is thairg sí giní in mo láim dhom.
Nach mé bhí 'ghá moladh is 'ghá saoradh ar a lochtaibh?
Is mo chroidhe bocht ag fiuchadh le áthas!



III. - AN BÁS



i
Ar éirghe damh-sa ar maidin an dara lá de Mhárta,
Is mé bhí lúthmhar aigeanta ag breathnughadh ar an áirnéis.
Ag árdughadh suas os cionn an bhaile dham cé casfaidhe acht
an bás damh,
Is gheárr sé 'ch uile aithgiorra nó go dtigeadh sé 'un spáird
liom:
"Gluais ort, a Sheagháin, 'gus bí liom!"


L. 14


ii
Smaoinigh mé dhul 'un bladair leis, mar mheas mé é bheith
láidir,
Óir is minic a rinne an carthannas cara maith den námhaid:
"Bheirim-se mo bheannacht duit do'n taca seo 'gus fág mé,
Ná ní'l Máire sásta sgaradh liom go dtigidh isna páistíbh -
Dá bhrígh sin leig damh-sa uait go fóill!"



iii
"Acht tá an táilliúr gorm thiar annsin, seanduine gan
fóghnamh;
Ní'l maith amuigh ná i mbaile ann maidin ná tráthnóna,
Tá a bhean 's a pháistí sgriosta aige ag iarraidh bheith 'ghá
dtógáilt,
'S an lá nach mbéidh tobac aige is gairgeach an comharra é;
Tabhair leat é is leig damh-sa uait go fóill."



iv
"Ní ghlacfaidh mé do sheanduine, is ná tairg dhom níos
mó é!
Cia bheadh ag tabhairt fataí dhó go bhfásaidís san bhfóghmhar?
Cia bheadh ag téideadh bainne dhó i ngeall ar a chuuid amhrán?
'S gur measa ná na tacsaí a chuid tobac agus a bhróga,
Acht gluais ort, a Sheagháin, 'gus bhí liom!"



v
"Is olc an t-am a dtáinic tú 's an fóghmhar ann go díreach -
Ní'l fear mo chaointe i n-aice liom ná mná muinntreach' le
mo shíneadh,
Acht fear amach go tapaidh faoi dhéint tobac is píopaí,
'S gan caig maith uisge beatha ní cuirfidhear mé a choidhche;
Mar sin leig mise uait go fóill!"


L. 15


vi
Maiseadh, a Mháire, tá mé 'sgaradh leat, mo mhíle grádh go
deóidh thú;
Is maith a shaothróchainn fataí dhuit, 's ní feárr na bhainfinn
móin duit;
Cheannóchainn an bhó bhainne duit, is déarfainn duit an
t-amhrán,
'S nuair a gheobhfainn ar an margadh thú, cheannóchainn-se
bó dhuit!
Slán leat a choidhche níos mó!



IV. - STIOPHÁN Ó MONACHÁIN



i
Go bhfóiridh Dia 's Muire orm, is mé i bhfad ó mo ghaoltaibh
Le pian in mo dhruim is ní bhéidh mé 'bhfad beó,
Gan fear osgailte an dorais le thidheacht i mo ghaobhar,
Acht má thigeann an stímín, ní bhéidhead dá phléidhe leó.
Dá mbeadh 'fhios ag Sorcha go bhfuil mise sínte,
Thosóchadh sí ag caoineadh is ag sileadh na ndeór;
Chruinneóchadh sí fuireann chomh maith is tá 'san tír seo,
'S bhéarfaidh sí Stiophán i dtír i mbád Eóghain.



ii
A Shorcha na gcarad, caith tharad an caoineadh -
Má tá pian in mo dhruim, gheobhfad biseach go fóill.
Amach leat go Béal an Mhuirthid, is fan ann go lá 'n aonaigh -
I dtigh an tSagairt Uí Raghallaigh, adéarfas mé gabháil.
Éirigh ar maidin, is ná haithris do Bhrighid é,
Ná do Thoirdhealbhach Ó Raghallaigh, ó 'sé is measa leat
fós.
Béidh siamsa 'gus aiteas, 'gus puins ann dhá líonadh,
Is Stiophán go croidheamhail ag gabháil fhuinn ar cheann
bóird.


L. 16


iii
A Shorcha na gcarad, nuair a bhéas muid seal pósta,
Béidh agat mac óg chomh deas is bhéas i dtír.
Déanfaimid caiptín ar luing fá racht seóil de,
A mbéidh naoi ngunna mór agus fiche ar a taoibh,
Nuair a mhéadóchas an stoirm is árdóchas an feóchan,
'S nuair a bhéas na seólta i riocht stróicthe uilig leis
an ngaoith,
Stiúróchaimid 'un calaidh í isteach 'un an Fhóid Duibh,
'Gus cuirfidh go spóirteamhail ár luacht maith i dtír.



iv
A Shorcha, badh mhaith liom dá dtriomuigheadh do dheóra -
Ná bíodh ort-sa brón ná briseadh ar bith croidhe -
Ní'l mise marbh ná mo chnámhna uilig leónta,
Is chífir go fóill mé ag triall 'un do thighe.
Má tá mise ar an gcarraig tuirseach lag brónach
Ag smaoineadh ar mo stóirín ó mhaidin go faoith',
Nuair a rachad 'un calaidh, siubhalfad go cródha
Is teannfad mo stóirín isteach le mo chroidhe.



v
Thuas i mbárr an bhaile nuair a chruinneóchas na daoine,
Béidh againne siamsa 'gus poitín le n-ól;
Béidh greann agus aiteas ar fhidil is píobaíbh,
'S aos óg na tíre ag déanamh a gcuid spóirt?
Béidh Stiophán 'na shuidhe, is na gloiní aige líonta,
'S a lámha thart thimcheall a mhná mar is cóir,
Ní hiad a phócaí 'tá folamh, mar is feasach na daoine,
'S ní chaithfidh sé choidhche leath a chuid óir.


L. 17


V. - AN POITÍN



i
Nach deas an run poitín 'sa tír seo?
D'íocfadh sé cíos go rígh-bhreágh;
Sláinte do dhuine bheadh tinn é,
'S thógfadh sé intinn a láin.
Nach áluinn an rud ag fear siams' é
É 'fagháil buidéil ag líonta 'na láim?
Go leigheasfadh sé casacht na hoidhche
Is cuisleanna an chroidhe dhéanfadh slán.



ii
Ní maith liom an poitín a dhíbirt,
Ó's rígh-dheas an rud é 'san áit,
Ó fhágfas tú Casla go hInbhear
Siúd é an sórt siamsa bhíodh ann.
Mo mhallacht! goidé bhíonns ag innseacht
Nó ag tarraint na bpílears 'san áit?
Go minic go mb'fheárr leó an suaimhneas,
Ná a mbuaidhfidís coidhche ar 'fhágháilt.



iii
Bhí a raibh ins an mbarraic sáthach suaimhneach
Nó go dtainic Cab Fionn ar an áit,
I leabaidh é bheith ághainn 'na Chríostaidhe
Ba creachadóir tíre bhí ann!
A Sheagháin duibh, mara n-athruighidh tú tréithre,
Is dearcadh 'steach géar ins an gcás,
Is geárr é do cháirde ar an saoghal seo
Mar d'iompóchainn an t-éan i mo láimh.


L. 18


iv
A Sheagháin duibh, 'sé mallacht na gcómharsan,
D'athruigh do shnódh is do bhláth;
Tá cosamhlacht mhailíseach ghruamdha ort,
'S ní thaithnigheann do ghnúis leis na mnáibh.
Is measa thú ná 'n síogaidhe is ná 'a púca,
'S ná spioraid na drúise roimh lá.
Dá dtógadh an cat mara an siubhal thú
Bheadh poitín gan chúnntas le fhagháil.



v
Tá amharc ag Seaghán dubh chomh grinn
Leis an iolrach nuair éirigheann sé árd;
Is luaithe é ná siolla de'n ghaoith;
'Sé is samhail dó síothbhra Chnuic Meádha.
Dheamhan deatach a bhainfeá as píopa
I bportach, i dtrinnse, ná i ngleann,
Nach bhfeicfeadh sé ar uair an mheadhóin oidhche
'S nach deacair dúinn braon ar bith 'fhagháil?



vi
Tá sean-bheanín idir dhá inbhear;
Ní'l aici acht aon chaoirín amháin;
Ní'l gráinne tobac i n-a píopa,
Acht an sop aici aníos ann go bárr.
Cheannuigh sí baraille síl
Ar chúnntar a dhéanadh níor feárr,
Acht ní raibh ann acht an poca 'teacht timcheall
Nuair a tháinic Cab Fionn ar an tsráid!



vii
Acht go dtosuighidh an cogadh i Rúise,
'S go mblaoidhfear ar chongnamh dhul ann,
Nach beag an mhaith thusa, a Sheagháin sgúille,
Acht go gclúdóchthá púdar is grán?


L. 19


D'fheilfeá do'n Turcach do-ghuamdha,
Nó tamall ag sguabadh na srád,
Acht is gairid go sgaoilfear ar siubhal thú,
'Do chaora i n-uaigneas na gcrann!



VI. - MÁIRE SEÓIGE



i
Ag gabháil thré Chúnga do dhearc mé an chúilfhionn;
Bhí mian na cúige innti de chailín óg;
Bhí folt ag casadh léithe go drúchta,
Is blas na tsiúcra bhí ar a póig.
Is í ba deise is ba gile múinte
Dá bhfaca súil ar bith riamh go fóill,
'S a chubhair na tuinne, 's a bhláth na n-ubhall,
Má ghnír mo dhiúltughadh ní bhéidhead beó!



ii
Sheas an ainnir úd seal beag bídeach,
Mar bhí sí caoitheamhail le deiseacht béas;
Ba deise a pearsain is a seasamh díreach,
'S a leaca ghnaoidheamhail ar dhath na sméar.
Bhí'n solus lasta 'na brollach líonta,
'S do gheit mo chroidhe aici chomh mear le éan.
Níor dhubhairt acht "Mora dhuit" 's a súil ag caochadh,
Mar bheadh sí i n-imnidhe faoi lucht na mbréag.



iii
Dhearc mé ar maidin an eala mhúinte
'S b'fhacthas damh-sa go mba deas a sgéimh,
A súil ba glaise faoi dhó ná'n drúchta
'S a béilín cumhra mar shneachta sléibh'.
Tháinic mearbhall orm, ní nár bh'iongnadh,
Chuaidh mé amudha is thuit mé i néall;
Chaill mé an bealach acht amháin gur dhubhras
Tabhair dham congnamh, a Árd-Mhic Dé.


L. 20


iv
Chuaidh mé 'un seanchais le fear de'n chómharsain,
Cé hí an fhaoileann bhí 'gabháil an tslighe.
D'aithris sé damh-sa go mba cailín múinte í,
Do chineál ró-mhaith dá raibh san tír.
Craobh ró-mhaiseach í de'n bhunadh mhór
Nár stop a gcródhacht ó aon fhear riamh;
'Sé a hainm baistidh Máire Seóige,
Is tá fir na Fódla ar fad 'na diaidh.



vii - 'SÉ RADHARC DO SHÚL.



i
'Sé radharc do shúl, do chuaidh fúm ar dtús,
Bhain mo shnuadh is mo dhath dhíom féin,
Is an darna cúrsa bhain tú an siubhal dhíom
'S bhain tú mo dhúil as ithe an bhídh!
D'fhág tú fá chumhaidh i ngalar dubhach mé -
Táim i gcomhnaidhe de ló is d'oidh'e.
Ó, 's a rígh na ndeór a chídheas go leór,
Nach claoidhte an cás a bheith in ngrádh le mnaoi?



ii
Éirigh, a rúin, is gluais 'un siubhail,
Nó go dtóigidh tú an brón is an tuirse dhíom,
'S má leig mé mo rún le do bhéilín ciúin,
Mo ghalar dubhach gan mé is tú
Faoi choilltibh dlúth' 'gabháil faoi do'n ghréin;
Is go Cúige Uladh dá dtéidhinn is tú,
Go gcuirfinn mo dhúthracht duit i gcéill.


L. 21


iii
Má fhághaim-sé bás indiu ná i mbáireach,
Síntear go geanamhail os cionn cláir mé;
Bíodh tobac geárrtha is píopaí lána;
Sin agus fáilte is caithfidhear é.
Bheirim-se mo mhallacht d'aon fhear óg,
Anois ó thárlaidh ag imtheacht mé,
A bhéarfadh a ghrádh d'aon mhnaoi amháin
Go bhfeiceadh an sásta bheadh sí féin?



VIII - ÉAMONN MHAC FHUALÁIN



i
Tá m' iosgadaí leonta ó dhrúcht is ó fhearthainn an lae,
Tá dath dubh ar mo ghlúnaibh, is mo ghuailne dearg ó'n ngréin;
Tá na malraigh 'san gclúid ag súil le baillín dóibh féin,
'S nach iad a bhíos umhal ar an nós a ngealltar dóibh é?



ii
A Éamoinn Mhic Fhuláin, sgaoil fúm mo ghiota beag bréid.
Tarraing 'san ughaim é, is cómhair i gceart a chuid céad.
Tábhair leithead is ciumhais dó agus tomhais mhaith fhada ó do
mhéir,
'S nuair a bhéas siad dá úradh, ar ndóigh ní 'na ruic a bheas sé.



iii
D'fhéach mé gach figheadóir ó Ghlinnsge go Béal an Átha Mhóir,
Le 'ch uile shórt phíosa caol agus reamhar go leór.
Aithriseóchad dhíbh-se an ní seo deirinn-se leób:
"Gur mar gheall ar droch-shníomh nach mbíodh sé 'teacht ceart
as an seól."




L. 22


iv
Chualas na mná dá rádh go ndéanfá-sa bréid
Chómh cruaidh leis an gclár, is gach uile shórt níthe dá réir;
Tá snáithín an dlúith roinnt úr 's an t-inneacht fré chéil';
Tá'n tleigean de phúnnt níos mó ná an slabhradh go léir.



v
D'fhighfeadh sé céimric go héadtrom, saitín, is fláinn;
Ní'l aon éan ar an gcraoibh nach n-oibreóchadh sé a shamhail de
bhall;
Fiche sórt píosa nach cuimhneach liom ainm dóibh fhagháil.
Gur binne liom go mór a ghlór ná an t-éan ar an gcrann.



vi
Nach deas é an guth cinn, an té sheinnfeadh port agus tiúin,
Fidil is píob a bhíos ag seinm go ciúin,
Tá'n t-éan ar an gcraoibh gan ní is binne ná é ar siubhal,
Acht siolla ó do shlinn, is mo phíosa 'stigh tairngthe 'san
ughaim.

vii
Spreacadh in do láimh, is do chnámh nach gclisidh go héag!
'S tú d'fhighfeadh go sáimh, is a d'fhágfadh slacht ar mo bhréid!
Leanbh na máthar bláthmhaire soineannta réidhe!
Nár bhainidh dhuit crádh, bás, ná leathtrom an tsaoghail!



IX - CAITRÍONA



i
Siúd í siar Caitríona is crios de'n tsíoda fá n-a lár,
Ag réidhteach le dhul go Sasanaíbh go dtógaidh sí an duais
árd.
Dheamhan oifigeach dá bhfaca í 'na seasamh i n-imhne mná
Nár iompuigh púnnt a ghunna, is nár iarr impidhe ar a clann.


L. 23


ii
Cuirim clann Chaitríona ar impidhe Ríogh na ngrást.
Go dtugaidh an Mhaighdean Ghlórmhar iad slán as 'ch uile ghábh'.
Thug sí sgoil is foghlaim dóibh is a dtógáilt 'na bhfir bhreágh',
Is thairg Rí na Fódla leath na córónach is iad fhagháil.



iii
Nach mór i gceist Ó Conaill, gidh gur failligheach atá sé,
Nach gcuireann cúnntas feasta uaidh cé'n chóir atá ar
Chlannaibh Gaedheal?
Tá siad 'ghá gcur thar sáile, is dhá thrian díobh ag gabháil
anonn,
'S an chuid eile aca mar bhaintreabhachaibh 'na suidhe gan sos
a mbéil.



X - AN tATHAIR PÁDHRAIC Ó MAOIL-EÓIN



i
Nach mé tá sáruighthe faoi lionndubh báidhte?
Mo chreach ar lár 's mé ag silt na ndeór!
Ó d'imthigh an t-árd-fhlaith an t-Athair Pádraic,
D'fhág an fán orainn is ar gcroidhe fá bhrón!
Badh maith an chara é i n-aimsir gábhaidh
Ag déanamh spáird le ceart 's le cóir
I n-aghaidh gach námhad a thigeadh thar sáile
Ar Inis Fáil nó ar theampoll Róimh'.



ii
Nuair a sgaip an sgéala ar fud na hÉireann,
Choisg na héanlaith ó bheith ag seinm cheóil;
Stop na sruthanna, 's gach bárr ag pléasgadh
Le brúghadh ro-éigciallta 's le tuaim ro-mhóir!


L. 24


Tháinic critheagla ar na réaltaibh
'S bhí'n ghrian mar an gcéadna ag dul faoi cheó.
Bhí cuma uathbhásach ar fud na hÉireann
Ar gach cadhan aonrach, sean is óg!



iii
'Seard dubhairt an Sean-laoch go buaidheartha sáruighthe:
"Céard a dhéanfamuid i mbárach do dhíoghbháil cíos'?
Tiocfaidh an sirriam 's a chomhlucht láidir,
Maoraí 's báillí, is gan pighinn le n-íoc!"
D'fhreagair a chéile é, is í 'gol go cráidhte:
"Dá maireadh an tAthair Pádhraic, bheadh ághainn fuidheall
'Sé nach leigfeadh canndáil bó na bpáisdí
Gan 'fhios cia'n t-ádhbhar le cúrsaíbh an dlighe."



iv
'S nach cruaidh an cás é ag teacht Dómhnach Cásga?
Ar sagart breágh a bheith sínte i gcré!
I n-áit míniughadh an tSoisgéil, 's ag léigheadh na Páise,
'S a Dhia, cia'n náir dhúinn bheith 'gol 'na dhéidh!
Acht, a Rígh na ngrást a thuigeanns an cás seo,
Is a d'fhulaing an Pháis ar shon shíol Éabh',
Tabhair suaimhneas síorruidhe do'n Athair Pádhraic
In do ríoghacht áluinn le saoghal na saoghal.



v
Cia bhfuigheamuid tréadaidhe mar cheann na céille?
Acht faraor géar, ní'l sé dhúinn i ndán!
Ní'l sé i n-Éirinn, 'sa bhFrainnc ná i nÉigipht
Ná thart fré chéile ins an nGearmáin!
Acht ó thárla imthighthe é is nach bhfuil gar dá éagcaoin,
'S go bhfuil sé eágtha i gcónnra chláir,
Cuirim mo mhíle beannacht leis go ríoghacht an Aon-Mhic
Le bheith i n-árd-réaltaibh roimh Chlannaibh Fáil!


L. 25


vi
'S nach aoibhinn é a árus i ngáirdín Phárrthais?
Ar dheis-láimh an Áird-Ríogh go hárd 'na shuidhe,
I gcómhluadar aingle tá go síorruidhe ag fáiltiughadh,
Ag seinm sálms de lá is d'oidhche.
Tá'n Mhaighdean Bheannuighthe go síorruidhe ag áirdeall,
'S fídiughadh an gháire i n-a gné.
Tá Naomh Mártan, Colm 's Naomh Pádhraic
Ag Tógáilt fáirnéis' leis ar Chlannaibh Gaedheal.