Sgéalta Gearra an Iarthair 2

Gill, M. H. & Son. (1906)

In eagar ag Micheál Ó Tiománaidhe



Sgéalta Gearra so-léighte
an Iarthair



An Darna Saothar.



Micheál Ó Tiománaidhe



do chruinnigh agus do chuir i n-eagar.



Short Easy Stories
of the
West
Part II
Collected and Edited by
Michael Timony



Dublin
M.H. Gill & Son (Ltd.)
50 Upper O'Connell Street
James Duffy & Co. (Ltd,)
15 Wellington Quay
Gaelic League
24 Upper O'Connell Street



1906.


L. 3


AN CONNACHTACH A CHUAIDH GO CÚIG' ULADH.



Thar éis Cheannairce Chathaoir Uí Dhochartaigh, tháinig
go leor Sasanach go Cúig' Uladh na hÉireann, agus
chuir siad fútha mar sgológa ar a chuid talmhan. Ins
an tráth céadna chuaidh buachaill as Cúige Chonnacht síos
ann ag saothrughadh páighe.



Chonnaic sé tidheacht amach as teach sgolóige, buachaill
maith, agus sruth fola le n-a dhá leiceann.



D'fhiafruigh an Connachtach dhe goidé d'éirigh dhó, agus
dubhairt an buachaill leis, "Tá an sgológ atá annseo
istigh ag mealladh go leor buachaillí, tá lán ciseáin
de chluasaibh bainte aige de bhuachaillibh a rinne aimsir
leis, agus meallann sé iad le sórt margaidh a dhéanas
sé leo.



"Geallfaidh sé deich bpunt a thabhairt dobhtha, nó go
ngoiridh an chuach agus bhéarfaidh sé cead dóibh a dhá
chluais a bhaint de féin, lá ar bith fheicfeas siad fearg
air, agus bhéarfaidh sé iomlán páighe dhóibh, agus má
thigeann fearg ar an mbuachaill, bainfidh sé an dá
chluais de agus cuirfidh sé ar siubhal é, gan pighinn ar
bith. Ní thiubharfaidh sé éan ghreim le n-ithe dhó acht éan
bhéile amháin sa' lá, agus sin é an méid bhéas le fágháil
nó go raibh an aimsir istigh aige."



"Féachfaidh mé leis é," adubhairt an Connachtach.



Chuaidh sé isteach; ní raibh an margadh i bhfad dá
dhéanamh. Leagadh a dhinnéar faoi, agus mar bhí 'fhios
aige ó'n bhfear a chaill na clusa nach mbeadh éan ghreim
eile le fágháil aige, chuir sé an fuighleach ins na pócaibh.



Chuaidh sé amach ag bualadh eornan ins an sgioból.
Ní raibh ag an Sgolóig acht a mháthair agus é féin; bhí sí
críon liath. Nuair tháinig an oidhche dorcha le bheith ag


L. 4


obair, tháinig an Connachtach isteach; ní raibh éan fhocal
labhartha le suipéar a thabhairt dó; thoisigh sé triall le
dhul a chodladh, agus thoisigh sé ag ithe as na pócaibh.



Dubhairt an chailleach le n-a mac an Sgológ, "Rachaidh
mise i mbannaí gur buachaill atá ins an gConn-
achtach," nuair thoisigh sé ag ithe.



Nuair a d'éirigh sé ar maidin, dubhradh leis a dhul ag
obair aríst ins an sgioból, agus chuaidh sé ag cáthadh
agus ag glanadh na heornan nó gur ghlan sé lán dhá
shac dhí.



Chonnaic sé carréara ag gabháil an bóthar, agus
ghlaodh sé chuige air, agus dubhairt leis, "Tabhair leat
an dá shac seo agus díol dom iad, agus tabhair chugam
a-bhaile an cheathramha mairt-fheola is fearr a gheobhas tú,
agus dhá bhuideál cárta lán le uisge-beatha, agus bhí
agam annseo i n-am dinnéir."



Chomh luath agus tháinig an fheoil agus an t-uisge
beatha chuige rinne sé teine agus thoisigh sé ag róstadh
na feola. Nuair chuaidh baladh na feola go dtí an
Sgológ thaínig sé isteach agus dubhairt sé,



"A Chonnachtaigh! cia'n áit a bhfuair tú an t-ualach
feola agus an t-uisge beatha?" Dubhairt an Conn-
achtach, "Lán dhá shac de'n eornain seo a dhíol an
carréara dhom; thug sé chugam an méid seo, agus an
bhfuil fearg ort?"



"Ó! níl fearg orm," adubhairt an Sgológ. "An
bhfuil fearg ort-sa, a Chonnachtaigh?" "Níl, ná ádhbhar
ar bith leis," adubhairt an buachaill, ag baint stróic'
as an bhfeoil agus ghá hithe. "Ní bhfuair mé éan áit
riamh chomh maith agus atá agam."



Tháinig an Sgológ isteach chuig an gcailligh agus
d'innis sé dhi faoi 'n ualach feola agus an uisge
beatha a bhí ag an gConnachtach. "Á," adubhairt an chail-
leach, "ní fhágfaidh sé luach feoirlinge in do sheilbh, acht


L. 5


cuirfidh mise deis i mbárach dhuit air."



"Abair leis, cuingir de na caiple atá ins an stábla
nár cuireadh éan ughaim riamh ortha, a thabhairt amach ag
treabhadh i mbárach, agus cuirfidh siad fearg air; tioc-
faidh leat na cluasa a bhaint de annsin agus a chur chun
bealaigh."



Thug an Connachtach leis na caiple ar maidin agus
cheangail sé a dhá leiceann le chéile; chuir sé an ughaim
ortha agus an chéachta i n-a ndiaidh.



Thoisigh siad ag sianghail agus ag stealladh. Chonnaic
sé stánaire ag teacht an bóthar le dhá shean-ghearrán
bhána, agus adubhairt sé leis, "déan malrait liom idir
an chuingir atá agam agus do dhá chapall bhána." Bhí sé
sásta. Chuir sé isteach an dá ghearrán bhána ag treabhadh.
Bhí na cnámha amach thríd a gcraiceann, bhí siad chomh
claoidhte bocht sin.



Thaínig an Sgológ agus adubhairt se -



"A Chonnachtaigh! cá bhfuil mo chuingir capall a thug
tú amach ar maidin?" Adubhairt an Connachtach -



"Seo iad, is leat iad seo; ní raibh féidhm ar bith le
baint as an gcuingir a thug mé amach, agus rinne mé
malrait le stánaire, agus atá siad seo ag obair go
deas dhom."



"Tá mé sgriosta agat," adubhairt an Sgológ.



"An bhfuil fearg ort?" adubhairt an Connachtach,
agus é ag ithe na feola. "Ó! níl," adubhairt an
Sgológ, "éan fhearg orm. Bhuail fearg ort-sa, a Chonn-
achtaigh?" "Ó! níl," adubhairt sé, "ná ádhbhar agam
leis," ag baint deoch as an mbuidéal.



D'innis sé do'n chailligh an chaoi a raibh na caiple
imthighthe, agus adubhairt sí, "Cuirfidh mise deis i mbárach
air. Abair leis, an casán atá amach ó dhoras an halla
bheith faluighthe aige tráthnóna leis na bratacha is cos-
tasaighe atá le fagháil, go raibh do dhaoine muinntreacha


L. 6


ag teacht ar cuairt chugat as Sasana, agus é bheith
críochnuighthe tráthnóna aige, agus ní thiocfaidh leis a
dhéanamh gan fearg a chur air."



Chomh luath agus d'éirigh an lá d'éirigh an Connachtach.
Thoisigh sé ag róstadh feola agus ag ól uisge beatha.
Thug sé leis tuagh mhór le loisead fada, agus chruinnigh
sé an méid bulán mór agus bearach dhá rabh ar an
bhfeilm isteach i n-áit cheaptha.



Bhuail sé buille de'n tuaigh ar cheann díobhtha agus
mharbhuigh sé é. Bhain sé an craiceann de, agus sgar sé
ar an gcasán é, agus mharbhuigh sé ceann agus ceann
eile, nó gur chuir sé falach ar an gcasán. Nuair tháinig
an Sgológ tráthnóna, chonnaic sé an leagan a bhí
déanta ag an gConnachtach, agus adubhairt sé,



"Goidé'n sórt oibre í seo?"



"Obair mhaith, a mháigistir," adubhairt an Connachtach.
"Ní thig liom bratacha ar bith fhagháil níos costasaighe
ná craicne bulán agus bearach dhe do chuir féin, a chur
ar do chasán."



"Tá mé sgriosta agat," adubhairt an Sgológ.



"Agus an bhfuil fearg ort?" adubhairt an Connachtach.



"Ó! níl," adubhairt an Sgológ. "Bhfuil fearg ort-
sa, a Chonnachtaigh?" adubhairt sé.



"Níl éan fhearg orm-sa," adubhairt an Connachtach,
"ná éan ádhbhar agam leis," ag tabhairt an bhuidéil as
a phóca agus ag ól deoch as."



Adubhairt an chailleach, "Gabhfaidh mise i mbárach
faoi dhraoidheacht, agus déanfaidh mé cuach dhíom féin.
Gabhfaidh mé isteach ins an tom cuilinn atá amach ó'n
bhfuinneóig, agus déanfaidh mé goireamhaint, cluinfidh
sibh uilig mé. Tiocfaidh leat a pháighe a thabhairt dó
agus a dhíbirt as do sheilbh."



Chomh luath agus d'éirigh an lá d'éirigh an chailleach.
Rinne sí cuach dhi féin, agus chuaidh sí isteach ins an tom


L. 7


agus chuir sí cuach aisti, agus cuach eile, agus chualaidh
an Connachtach é. Rug sé ar ghunna mór a bhí i n-aice
leis. Loisg sé urchar léithi, agus chaith sé anuas de'n
tom í.



Tháinig an Sgológ chuige, agus adubhairt sé, "A Chonn-
achtaigh! goidé'n cleas é seo atá déanta agat?"



"Cleas maith," adubhairt an Connachtach. "Ní cuach
chearc í siúd atá ag goireamhaint idir Shamhain agus
Nodlaig, an tráth de bhliadhain nár ghoir éan chuach riamh
roimhe."



"Nach í mo mháthair a mharbhuigh tú?" adubhairt an
Sgológ. "Tá fearg ort," adubhairt an Connachtach.
"Atá," adubhairt an Sgológ, agus ádhbhar agam; mo
mháthair mhaith atá marbh agat."



"Bainfidh mise an dá chluais díot, agus píosa de'n
leiceann."



"Ná déan, a Chonnachtaigh! agus bhéarfaidh mé míle
punt dhuit, agus do thuarastal go hiomlán."



Thug sé sin dó, agus d'imthigh sé a-bhaile agus phós sé
a mhac samhail de chailín dóigheamhail a raibh gabhaltas
maith talmhan aici. Tá a shliocht ar fágháil i gConndae
Mhuigh Eó faoi láthair, agus iad saidhbhir, sáthach.



'Liam Pléimeann d'aithris.



Áit cheaptha, a secure place.
Ar siubhal, to bainish; a dhíbirt.
Bearacha, heifers.
Béile, a meal.
Cáthadh, winnowing.
Carréara, a carman.
Ceannairc, a rebellion.
Ceathramha mairt-fheola, a leg of mutton.
Ciseán, a basket.
Claoidhte, defeated, exhausted.
Costasaighe, more expensive.
Críon, withered.
Cuingir, a pair of horses yoked together.
Chuir sí cuach aisti, bhí sí ag goireamhaint.
Chun bealaigh, to banish, to send off.
Daoine muinntreacha, relations.
Deis, a fix.
Draoidheacht, enchantment.
Faluighthe, covered.
Féidhm, service, use.
Fuighleach, remnant, leavings.


L. 8


Goireamhaint, singing.
Iomlán páighe, wages or pay in full.
Leagan, slaughter.
Leiceann, the cheek.
Loisead, a handle.
Loisg sé, he fired.
Mac samhail, equal; a match.
Saothrughadh, earning.
Samhain, November,
Sianghail, squealing.
Stealladh, lashing.
Sgológa, farmers.
Sruth fola, a stream of blood.
Stróic, a tear.
Stánaire, a tin merchant.
Treabhadh, act of ploughing.
Triall, preparing.
Tom cuilinn, a holly-bush.
Tuagh, a hatchet.
Tuarastal, wages.
Ughaim, harness, hames.
Urchar, a shot.



AN CHAOI A BHFUAIR FIONN MAC CUMHAILL FIOS.



Ní raibh duine beo de bhunadh Fhinn acht bean fhir aca
agus éan fhear amháin a bhí i gcuais chairrge, naoi gcéad
bliadhain d'aois. De bhunadh na Lochlannach do b'eadh iad.



Ní raibh fhios ag an mnaoi cia'n chaoi a ndídeochadh sí í
féin ar an ngéar-leanamhaint a bhí i n-a diaidh, acht
imtheacht agus crann a thoghadh dhi féin a raibh bríoghmhar,
agus fuair sí seimhnéire annsin gur rinne sé a háit
istigh ins an gcrann nach n-aithneochadh súil d'á ghéire
gur leagadh aon-bhall uirnise riamh air, nach n-aith-
neochthaoi ar chraiceann an chrainn é.



Nuair a bhí an obair déanta annsin aige, chuaidh sí
isteach ins an gcrann, agus d'fhiafruigh an saor dhi go té
mar thaithnigh an áit léithi.



Dubhairt sí leis go raibh éan nidh amháin ag cur ionáis
uirthi istigh, agus é an tuagh a shíneadh chuici isteach, agus
go gcuirfeadh sí féin bail air. Shín.



Dubhairt sí leis annsin a chloigeann a chur isteach go
bhfeiceadh sé an raibh sé déanta i gceart.



Nuair a chuir sé isteach a cheann thar an doras, thar-
raing sí an tuagh a bhí i n-a láimh, agus sgiob sí an ceann
de ar fhaitchíos go n-innseochadh sé é, nó go bhfuighthí
amach an áit a raibh sí. Is fíor an sean-fhocal, "An


L. 9


tuagh as láimh an tsaoir is mairg a thaobhuigheanns leis
na mná."



Nuair a chuaidh sí ann rugadh páiste dhí, agus d'fhan sí
ins an gcrann ar feadh ocht mbliadhan déag gur dhubhairt
sí le n-a mac go raibh sé i n-am ainm baistidh a chur air.
Ní raibh fear ar bith le n-a bhaisteadh an uair sin acht
éan fhear amháin de na Fiannaibh arbh' ainm dó Garraidh.



Dubhairt sí leis, "Tá sé chomh maith dhúinn imtheacht
indiu agus ainm fhagháil ort." Chuaidh siad annsin,
í féin agus a mac, ag tarraingt ar theach Teamhrach.
Nuair a tháinig siad go dtí an áit a raibh i ngar do
theach Teamhrach, bhí trí chéad stócach ag imirt báire, de
chlainn na bhFiann. Chuaidh a mac isteach i n-a measg
agus thóg sé camán, agus bhuail sé an liathróid agus
chuir sé amach góraidh.



Chuir sé fearg mhór ortha, coimhthidheach a theacht isteach
i n-a measg, agus dubhairt sé leo má bhí fearg ortha go
rachadh seisean ar thaoibh agus iad-san uilig a léir ar
thaoibh eile.



Dhá gcuireadh sé an báire amach ortha-san, trí bhuille
dhá chamán fhagháil ar gach éan fhear aca; agus dá
gcuireadh siad-san airsean góraidh go raibh trí bhuille
dhá gcamán ag gach éan fhear aca le fagháil air.



Bhíodar sásta go maith leis an margadh sin, go mba
mhór an gníomh dh'fhear amháin a chur i n-aghaidh trí chéad.
D'éirigh leis annsin gur chuir sé an liathróid amach ar
an gcéad iarraidh. Nuair a chuir, thoisigh sé ghá mbualadh,
trí bhuille ar gach duine aca; bhí sé ghá marbhadh gur
mharbhuigh sé seisear aca, agus bhris sé ceathramha triuir
eile.



An fear a bhí leis an ainm a thabhairt air, bhí sé os
cionn staighre ghá bhfaire, agus nuair a chonnaic sé an
coimhthidheach ag rith ortha agus ghá marbhadh, dubhairt sé le
n-a mhnaoi -


L. 10


"Níl a fhios agam chor ar bith go té'n fionnánach fionn
atá i measg chloinne theach Teamhrach ghá marbhadh. Éirigidh
agus leanaigidh é siúd, agus marbhuigidh é."



"A mhic," ars an mháthair, "atá d'ainm baistthe ort
anois, agus ba(dh) é an t-ainm a bhí air as sin amach,
Fionn mac Cumhaill.



Leanadar annsin é, agus nuair a chonnaic sé an
námhaid ag teacht i ngar dhó, chroch sé a mháthair leis ar
a ghuailne thríd chrannaibh agus coillte go ndeachaidh sé
go Cúig' Uladh na h-Éireann.



Ní raibh de'n mháthair aige acht an dá lurgain ag
crannaibh agus ag géagáin ghá stialladh ó chéile ar an
mbealach. Rug sé ar an dá lurgain, agus chaith sé
amach i loch iad, agus tá Loch Lurgan baistthe uirthi ó
shoin, agus béidh go bráthach.



Chuaidh sé annsin agus rinne sé aimsir le feilméara
i gCúig' Uladh na hÉireann, gur chaith sé seacht mbliadna
ar aimsir aige. I gcionn na seacht mbliadhan dubhairt
sé leis féin go rachadh sé ag iarraidh a fhortúin thar a
bheith ar aimsir, go mba mhór an sgéal gaisgidheach chomh
maith leis a bheith ag caitheamh a shaoghail go dona.



Ar imtheacht dó annsin tháinig sé suas le triúr daoine
uaisle a bhí ar feadh seacht mbliadhan ar thóir bradáin
an Easa Ruadh a mharbhadh.



D'éirigh leo gur mharbhuigh siad an bradán ins an am
céadna ar tháinig sé suas leo.



Chuireadar mura annsin air gur chosamhail le tais-
tealach é. Dubhairt sé gur bh'eadh. D'fhiafruigh siad de
té fáth a shiubhail. Labhair sé leo gur ag iarraidh aim-
sire a bhí sé.



D'fhreagair siad é go dtiubharfadh siad beatha dhuine
uasail dó acht é fuireacht aca féin, agus go gcaithfeadh
sé an bradán a bhí aca a bhruith leis an teinidh gan ball
ruadh ná loisge a bheith air, nó má bhíonn go mbainfeadh


L. 11


siad an ceann de. Rinne sé an margadh sin leo.



D'éirigh bolgóg ar chraiceann an bhradáin nuair a bhí
sé dhá bhruith, agus leag sé a ordóg ar an mbolgóig
agus bruitheadh í. Chuir sé an ordóg i n-a bhéal ag
tabhairt fóirithne dhó ar an bpian a bhí air i n-éis a
dóighthe.



Bhí fios annsin aige as an ordóig, ar an toirt, a
n-éireochadh siad go mbainfeadh siad an ceann de.
Bhíodar i n-a gcnap codlata agus bhí a gcuid claidhmhthe
le n-a n-ais.



Dubhairt sé gurbh'é an cás céadna dhó é go n-íosfadh
sé a sháith de'n bhradán agus d'ith.



Ar an toirt annsin ar ith sé a sháith dhe, thug sé leis
ceann de na claidhmhthe agus bhain sé na cinn díobhtha.



Ní raibh éan lá ní ba mhó nach mbaineadh sé fios as a
ordóig 'chuile uair dhá gcuireadh sé i n-a bhéal í faoi n-a
fhiacail agus a cangailt.



Bhain sé fios annsin as a ordóig go raibh duine muinn-
teardhach leis i gcuais chairrge, agus ní raibh éan obair
ar an bhfear a bhí i gcuais na cairrge d'oidhche nó de lá
acht súiste aige agus buille dhá bhualadh ó'n bhfár-doras
go dtí an ceap tairsighe aige ar fhaitchíos go dtiocfadh
éan duine isteach air.



D'éirigh le Fionn go ndeachaidh sé isteach idir an dá
bhuille. "Is gearr é do shaoghal," ar seisean le Fionn.



"Ná déan sin," arsa Fionn. "Tá mise muinnteardhach
dhuit."



"De bhárr do chuid cainnte is bocht an bás a gheobhas
tú faoi rádh's gur dhubhairt tú go raibh tú muinnteardhach
dhom-sa."



"Go deimhin atá," arsa Fionn.



"Má tá tú muinnteardhach dhom-sa," ar seisean, "cuir
anall crobh do láimhe chugam agus béidh a fhios agam an
bhfuil tú muinnteardhach dhom."


L. 12


Chuir sé anall crobh a láimhe chuige, agus dubhairt sé
go raibh sé muinnteardhach go maith dhó, agus adubhairt sé,
"Is fíor sin, atá mo lá-sa indiu tugtha; anocht Oidhche
Shamhna, agus níl éan Oidhche Shamhna ó marbhuigheadh ár
muinntir nach gcuirinn-se teach Teamhrach thrí theinidh,
agus anois," ar seisean, "gabh anonn agus fiafruigh go
cia'n duais a bhéarfadh siad do'n t-é a thárrthóchadh teach
Teamhrach dhobhtha."



Ní raibh na geasa le baint de go bráthach go dtigeadh
seisean agus go mbaineadh sé an ceann de.



"Bhéarfaidh siad duais ar bith dhuit acht an teach a
thárrtháil. Ná glac ór ná airgead acht abair leo nach
n-iarrfaidh tú de dhuais ar bith ortha acht thú bheith in do
righ os a gcoinn.



"Déarfaidh siad leat go dtiubharfaidh siad sin duit.
Abair leo go gcaithfidh tú ceithre bannaí fhagháil. Fiaf-
róchaidh siad díot go cé na bannaí atá tú ag iarraidh.
Abair leo gurab é Goll agus Garraidh, Conán agus
Grainigh."



'Sé an t-ainm baistidh a bhí ar Ghrainigh, Méadhbh Ní
Chonaill Chruadhach.



Chuaidh sé i láthair na bhFiann, agus mhínigh sé an chúis
dóibh le teach Teamhrach a thárrtháil agus na bannaí a bhí
sé ag iarraidh. Thugadar na bannaí sin dó go toil-
teanach acht an teach a thárrthaíl dobhtha.



Tháinig Soilseán mac Maedhir, an fear a bhíodh ag cur
Teamhrach thrí theinidh, ins an oidhche chuig Fionn Mac
Cumhaill. "Anois," ar seisean, "tháinig mise chugat le
thú an ceann a bhaint anois díom, agus nuair a bhain-
feas tú an ceann díom, beir ar mo chloigeann agus
caith thar theach Teamhrach é."



"Déarfaidh Conán leat, an fear is dona ar an
bhFéinn, go ndéanfadh sé féin é sin.



"Abair leis nach bhfuil éan fhear ar an bhFéinn ábalta


L. 13


ar a dhéanamh, agus má tá nach n-iarrfaidh tú an ríogh-
amhlacht ortha.



"Éireochaidh Goll agus rachaidh sé ag breith air go
gcuiridh sé féin anonn é. Rachaidh sé go dtí a bhásta
síos thríd an gcarraig ag féachaint le n-a thógbháilt,
agus sháróchaidh sé air ar a thógbháil ó'n talamh."



Bhain Fionn mac Cumhaill an ceann de Shoilseán mac
Maedhir, mar dhubhradh leis. D'fhéach na Fianna leis an
gcloigeann a chorrughadh ó'n talamh, agus sháruigh sé ortha
a thógáilt.



D'fhág sin an ríoghamhlacht ag Fionn mac Cumhaill mac
Móirne mac Airt ar Fhiannaibh na h-Éireann agus ar
theach Teamhrach.



'Sé Seaghan Ó Beaidh atá i n-a chomhnaidhe i n-íochtar
an tSean-bhaile i n-Acaill d'aithris é seo dhom.



Aithneochthaoi (nach n-aith-), would not notice or discern.
Ainm Baistidh a chur air, to baptize him, to give him a name.
Ag caitheamh a shaoghail, spending his life, his time.
Ag iarraidh a fhortúin, seeking his fortune.
An dá lorgain the two shins.
Bhain sé na cinn díobhtha, he cut off their heads.
Ball ruadh nó loisg, a brown spot or a burn.
Bail, f., success, prosperity; baila chur air, to fix it, to repair it.
Bannaí, pl. of, banna, m., a bond, security, a bail.
Baistthe, baptized, called named.
Ball uirlise, the sign of a tool, a mark or sign of an instrument.
Bolgóg, -óige, -óga, f., a bubble, a blister.
Bruithim, v, tr., I boil, roast, or bake; bruitheadh, auton past, was burnt.
Bunadh, -aidh, pl.id.m., stock, orign, people, a family.
Cangluighim, v.tr., I chew, vl.n.; ag cangailt.
Camán, -áin, pl.id.m., a stick with a crooked head, a hurly for ball-playing.
Ceap tairsighe, the door step, the threshold of a door.
Claidheamh, -dhimh, pl., -dhmhthe, m., a sword.
Clann theach Teamhrach, the occupyers of Tara, - all who dwelt there.
Coimhthidheach, duine a théidheanns thríd a thír féin ins an áit nach bhfuil aithne air; coigcríoch, duine fháganns a thír féin agus a théidheanns go dtí tír eile, is coigcríoch ins an tír sin é.
Crobh, the hand from the wrist to the fingers.
Chroch sé a mháthair leis, he hoisted his mother with him,
Cnap codlata, sounds asleep, in a sound sleep.
Croiceann, gen. -cinn, pl. croicne, m. skin.
D'éirigh leis, he succeeded, it so happened.


L. 14


Dhídeochadh, would shelter or take refuge.
Duais, f., a reward, a prize.
Easa ruaidh, of the red cataract, or waterfall.
Fár-doras, the flag over the door, the top of the door, the lintel.
Fáth a shiubhail, what brought him the way, his cause for travelling.
Féachaint, vl.n., trying to, attempting.
Fionnánach Fionn, a big robust fellow with large limbs.
Fóirithin, -thne, f., act of helping, succouring.
Géagánaibh, dat.pl. of géagán, a small branch, a bough.
Gníomh, a deed, an action.
Géar-leanamhaint, persecution.
Góraidh, a goal, a game, a victory.
Guala, gen. -ann, dat., -ainn, pl.
Guailne, f., a shoulder.
Iarraidh (ag), seeking, looking for.
I gcuais chairrge, in the cavity or hollow of a rock.
Imirt Báire (ag), playing ball.
Íochtar, the bottom.
Ionás, trouble, infliction.
Innseochadh (go n-inn-), would tell,
Liathróid, -de, -óide, a ball, a football.
Lochlannach, a Dane.
Margadh, -aidh, pl. -aidhe, m., a market, a bargain.
Méadhbh, Mave, a woman's name.
Mura, a salutation, same as forán, a greeting.
Muinnteardhach, adj., related.
Os cionn staighre, upstairs.
Oidhche Shamhna, All-Hollow's Night.
Poinnte, gen.id.pl., -tí, f., a point.
Ríoghamhlacht, -ta, f., sway, ruling.
Rinne sé aimsir, he hired.
Sáróchaidh sé air, It will fail him.
Sean-fhocal, a proverb, an old saying.
Sgiob, gen., -a, anna, m., a snatch, a grasp; snapped.
Shíneadh (a), to stretch, reach, to hand.
Stócach, a young man.
Taithnighim, v, intr., I please, give satisfaction.
Taistealach, a wayfarer, a traveller.
Tá mo lá-sa indiu tugtha, my time is up, my race is run.
Thaobhuigheanns, that abides, trusts, relies on.
Thárrthóchadh, would save.
Teamhair, gen., Teamhrach, f., Tara.
Thogha (a), to select, to choose.
Tóir -óra, pl., -eacha, f. pursuit, search.



MAC UÍ BHRÁDAIGH



Seachrán sidhe bhain san oidhche dhom,
'S sé deir mo dhaoine uilig gur bréag é,
Acht dar a bhfuil de Bhíoblaí ag Seaghan na Saortha,
Chaith mé an oidhche sin seal ghá bréagadh;
Tidheacht chun láithreach dhom 'seadh rinne sí gáire,
Is chuir sí fáilte mhór is céad romham,
D'iarr sí an táiplis thidheacht chun láthair,
Nó paca cárdaí go ndéanadh pléisiúr.


L. 15


"Gabhaim do phárdún, a chiúin-bhean mhodhamhail,
Ní fhéadaim faillighe mhór a dhéanamh,
Go Buaile Árthain 'seadh atá mo mháirseál
Ag faire mná breágh 'gus 'sí Méadhbh í."
Crádh "do chléibh ort, nach mise Méadhbh?
Ó! 'sé do chéad chroidhe atá gan eolas,
Nó go té bhfuil na bhéarsaí bhí tú ráidht aréir dhom?
Is sinn le chéile ag gabháil na móinte."



Suidh síos is caith an féasta,
Is fearr ar bhainfheis go mór ná ar thórramh,
Tidheacht chun láithreach dhuit dá leagthá lámh orm,
Uch! bheadh Conchubhar Ó Dálaigh anocht gan céile;
Nó comhartha-chéasta le bárr do mhéire,
Ar chlár m'éadain le suarcas,
Is maith a bhéinn i mbárach leat go Buaile Árthain,
Chuig mo mháithrín atá ag géar-ghol.



Níor chuir mé sgáth ar bith ins an gcainnt a bhí sí rádh
liom,
Go bhfaca mé an lánamhain ag dul le chéile,
Gan sgáth gan náire ar bhárr láimhe,
Is aoibh an gháiridhe ní raibh ar Mhéidhbh ann;
Bhí togha gach bidh ann, bhí rogha gach dighe,
Is bhí soithigh fíon' ann dhá réabadh,
Is daoine saoghalta go ndéanfadh iongantas,
De'n chulaidh shíoda a bhí ar Mhéidhbh ann.



Mac Uí Bhrádaigh tháinig agus d'iarr Méadhbh le pósadh.
Fuair sé í. Bhí sé i n-a chomhnaidhe i mBuaile Árthain.



Chaith sé oidhche i dteach a hathar. Tráthnóna an darna
lá thriall sé a-bhaile. Chuaidh Méadhbh leis ghá íodhlacan
sgathamh de'n bhealach, agus bhí sé ag múineadh bhéarsaí
di an fhad 's bhí sí leis.




L. 16


Ar a filleadh a-bhaile di, tugadh as í, agus tugadh
isteach ins an mbruighin í, & fágadh sean-bhean ghránna
i n-a háit.



Chuaidh an tsean-bhean sin a-bhaile go Buaile Árthain,
agus shíleadar gurab í Méadhbh a bhí ann, agus bhí sí
marbh sul má dtáinig maidin lá ar n-a bhárach.



Cuireadh cunntas chuig Mac Uí Bhrádaigh go bhfuair
Méadhbh bás. Ar a thriall chun an tórraimh dhó tháinig
an oidhche dorcha air, agus cuireadh amudha é. Bhí sé ag
siubhal i bhfad agus ar deireadh fuair sé é féin istigh
ins an ráith, agus bhí Méadhbh istigh roimhe agus níor aithin
sé é, acht d'aithin sise eisean. Ba hí ba chionntaighe le
n-a thabhairt isteach ann ag dúil go mbainfeadh sé amach
í, agus go mbeadh sí leis a-bhaile go Buaile Árthain.



'Sé Anoine Sírín a d'aithris é seo dhom i dteach na
mbocht, Béal an Mhuirthid.



Ba chionntaighe, was most to blame.
Bréagadh, gen. -gtha, m., act of
coaxing, enticing, flattering.
Bruidhean, -dhne, dat., -dhin, pl. -dhne,
f., a fairy palace.
Buaile, id. pl., -lteacha, f., a field where cattle are kept for milking.
Chun láithreacch, to the fore.
Crádh do chléibh ort, may your heart be tormented, in anguish.
D'aithris, related, told, recited.
Daoine saoghalta, living beings of this world.
Go mbainfeadh sé amach í, that he would release her, take her out by force.
Íodhlacan, m., escorting, accompanying.
Modhamhail, calm, quiet, sedate, modest courteous.
Ráth, -áite, -átha, f., a fort, a rath, an earthen mound.
Seachrán sidhe, put astray by the fairies.
Sírín, Shearns (the surname).
Suarcas, -ais, m., wit, drollery, mirth, jollity.
Táiplis, f., a draught board.
Tugadh as í = fuaduigheadh í, she was taken by force, by enchantment of the fairies.


L. 17


SEAGHAN AN CRÁIDHTEACHÁN



Bhí Seaghan i n-a chomhnaidhe ag Bruach an tSléibhe. Ba
é a mhian a bheith níos saidhbhre 'ná duine ar bith dhá
chomhursnaibh. D'fhág a athair agus a mháthair saidhbhreas
mór aige - ór agus airgead, ba, caoirigh, agus capaill.



Ní phósfadh sé ingean chomhursan ar bith, muna bhfuigh-
eadh sé bean nach n-íosfadh greim ar bith, agus bhí sé ag
seargadh le aois, agus bhí sé ag tabhairt caill agus
riachtanais dó féin i ndíoghbháil bidh agus éadaigh.



Bhí cailín ann a bhí measamhail spórtamhail, a raibh
fios aici le greann a labhairt agus a dhéanamh, acht nach
raibh éan phighinn spré aici le fágháil. Dubhairt sí le
Seaghan, "Is mise a d'fóirfeadh dhuit, mar nár ith mé
éan ghreim bidh riamh, agus nach n-íosfad chomh fhad 's
mhairfeas mé beo. Goidé mhéad saidhbhreas a bheadh againn
dá mbéimís pósta agus ag cur le chéile ghá chruinniughadh."



Chlaon Seaghan agus dubhairt sé, "A Shorcha, réidhtigh
thú féin i mbárach agus téighmís go teach an tsagairt,
agus béidh an margadh déanta."



Bhí Sorcha faoi réir. Tháinig Seaghan agus an t-athair
dálaigh le seasamh leis. Pósadh Sorcha agus Seaghan
an tráthnóna céadna.



Nuair a tháinig siad a-bhaile dubhairt Seaghan le
Sorcha, "Is cóir dhuit greim beag ithe anocht, a Shorcha."



"Dubhairt mé cheana leat, a Sheagain," adubhairt
Sorcha, "nár ith mé éan ghreim riamh agus nach n-íosfad
choidhche."



Ó! goidé'n bród a bhí ar Sheaghan í a bheith aige. I
gcionn cúpla mí n-a dhiaidh i rith an ama go dtí sin, bhí
Sorcha ag ithe a sáith i gan fhios de Sheaghan, agus
dubhairt sí leis,


L. 18


"Ba chóir dhuit foghluim a dhéanamh gan éan ghreim
ithe, agus d'fheicfeá féin goidé'n saidhbhreas a bheadh
cruinn againn i ngearr-am."



"Ara! goidé'n chuma," adubhairt Seaghan, "a' ndéan-
fainn foghluim?"



"Beir ar do phiocóid ar maidin," adubhairt Sorcha,
"congbhuigh do cheann crom ag obair go láidir ag
rómhar na sráide sin amuigh. Má chuimhnigheann tú ar
éan ghreim le n-ithe go dtí an oidhche, cuimhnigh ar rud
eicínt eile, agus caith as do cheann é."



Rinne Seaghan mar dubhradh leis. Tháinig sé isteach
tráthnóna agus dubhairt sé, "A Shorcha, té mé lag."



"Cuir an oidhche anocht tharad," adubhairt Sorcha, "mar
atá tú, agus béidh an chuid is mó de'n fhoghluim déanta
annsin."



Chuaidh Seaghan a chodladh, agus bhí sé lag ar maidin.



"Fan ar do leabaidh indiu," adubhairt Sorcha. D'fhan,
agus an tríomhadh lá bhí an bás i ngar do Sheaghan.



Chuir Sorcha duine i gcoinne an tsagairt dó leis an
ola dhéidheanach a chur air.



Rug sí ar franncach mór a bhí ins an teach, mharbhuigh
sí é, agus chuir sí sa bpota é dhá bhruith. Nuair a bhí sé
bruiththe, thoisigh sí ghá ithe agus Seaghan lag ins an
leabaidh os a comhair.



"A' n-íosfaidh tú an méid sin?" adubhairt Seaghan
léithi. "Íosfad," adubhairt sí, "agus oiread agus
oiread eile."



"Ó!" adubhairt Seaghan — agus a chroidhe briste — le
mí-chéad, "oiread agus oiread eile." Dubhairt Seaghan
na focla céadna aríst, "oiread agus oiread eile."



Nuair a tháinig an sagart isteach, dubhairt sé, "Cé
chaoi a bhfuil tú, a dhuine chóir?"



Dubhairt Seaghan, "Oiread agus oiread eile."


L. 19


"Goidé sgial de'n chainnt seo atá aige?" adubhairt
an sagart le Sorcha.



"Atá," adubhairt sí, "bhí faithchíos air go bhfuigheadh sé
bás sul má dtiocfá, agus dubhairt sé liom a rádh leat
"dá mbeadh oiread agus oiread eile saidhbhris aige gur
agam-sa a d'fhágfadh sé é.



"Ní bhainfidh mise dhíot é," adubhairt an sagart.



Níor tháinig Seaghan as, óir shín sé siar agus fuair
sé bás sul már fhág an sagart an teach.



Tá Sorcha saidhbhir anois i ndiaidh báis an chráidhteacháin.



'Liam Pléimeann d'aithris é seo dhom.



Ag cur le chéile ghá chruinniughadh, helping each other to become rich.
An t-athair dálaigh, the "best man".
Béimís (dá mb-), were we to be.
Chlaon, inclined, agreed to.
Comhursnaimh, dat.pl. neighbours.
Cráidhteachán, m., a miser.
Cruinn, saved, collected, heaped together.
Chuimhnigheann (má), think, meditate.
Díoghbháil, gen., 'bhála, want, scarcity.
Dubhradh, auton., past, was said or told.
Faoi réir, ready.
Franncach, m., gen. -caigh, a turkey.
Fóir, suit.
Goidé sgial de'n chainnt seo? What does this talk mean?
I gcionn cúpla lá, at the end of two days.
I gcoinne an tsagairt, for the priest.
Íosfad, I will eat.
I rith an ama sin, during what time.
Measamhail, respectable, estimable.
Mí-chéad, great jealousy & mimickry.
Níor tháinig Seaghan as, John did not recover.
Ola Dhéidheanach, Extreme Unction
Os a comhair, in her presence.
Piocóid, gen., -óide, f., a pick-axe.
Réidhtigh, get ready, arrange.
Riachtanas, necessity, need, want.
Rómhar, act of digging.
Seargadh, act of withering, drying up.
Spré, f., a dowry, a fortune.
Téighmís, imper.sec.per.plur, let us go.
Tharad, over you.



AN LÁNAMHAIN DÍLIS



Bhí lánamhain ann suim bliadhanta ó shoin, agus bhí a
sáith de shaidhbhreas an tsaoghail seo aca.



Théidheadh siad i gcuideachta ins gach uile áit, agus bhí
sise i n-a togha daimhseora, agus bhí an fear ró-bhród-


L. 20


amhail aisti; ní thiocfadh leis a leigean as amharc.



Bhí siad mar sin nó go dtáinig an droch-shaoghal agus
go dtáinig an lobhadh ar na fataí.



Bochtuigheadh chomh mór sin iad, agus nach raibh mórán
aca le caitheamh le siamsa ná le súgradh.



Tháinig an aicíd annsin ortha, agus ghuidh sí Dia dhá
gcailltí a fear, í féin bás fhagháil chomh luath leis. Bhí
a shliocht uirthí; fuair sí a guidhe; fuair a fear bás ins
an oidhche agus fuair sise bás ins an oidhche dár gcionn,
agus bhí an bheirt i gcuideachta chun na cille.



D'imthigh an chlann go fánach agus d'imthigh an teach ar
an gcaoi chéadna.



Tháinig stoirm, agus fuaduigheadh an cumhdach sgraith
agus taobhán, agus cuireadh poll ins an teach.



Bhí seisear fear ag dul ag iasgaireacht ins an oidhche,
agus bhí an teach ar a mbealach, agus chonnaic siad solas
amach ar an bpoll seo, agus tháinig siad go dtí é, agus
dhearcadar isteach ar an bpoll, agus chonnaiceadar an
fear a cailleadh ins an teach, ag congbháil coinnle agus
a bhean ag damhsa le fear eile, agus píobaire ag
seinnm dóbhtha.



Nuair b'fhada leis na hiasgairí a bhí siad ag amharc
ortha, d'imthigheadar chun na fairrge ag iasgaireacht,
agus nuair thainigeadar a-bhaile d'innis siad do dhear-
bhráthair an fhir mhairbh an t-amharc do chonnaic siad, go
raibh a dhearbhráthair ag congbháil soluis agus a bhean ag
damhsa le fear eile, agus culaidh éadaigh chomh geal leis
an tsneachta uirthi, mar ba ghnáthach léithi nuair a bhí sí beo.



Bhí iongantas mór ar a dhcarbhráthair faoi sin; chuaidh
sé agus chuir sé deis ar an teach i riocht agus dá
mbeadh siad ann aríst nach bhfeicfidhe iad. Bhí an teach
mar sin gur leag an ghaoth mhór é, agus tá na ballaí le
feiceáil i gcomhnaidhe.


L. 21


Pádhraic Mac Gréil a d'aithris é seo dhom.



Ag congbháil coinnle, holding a lighted candle.
An lánamhain dílis, the faithful couple.
As amharc, out of sight.
Aicíd, f., gen. -íde; pl. -ídeacha, sickness, contagious disease.
An oidhche dár gcionn, he next night; the succeeding night.
Bhí a shliocht uirthi, signs was on her.
Bochtuigheadh, v. auton. pst., were impoverished.
Cailleadh, v. auton. past. died, was lost.
Cailltí (dá gc-), subj.pst., were to die, would die.
Caitheamh (le), to spend.
Culaidh éadaigh, a suit of clothes, a dress.
Cumhdach sgraith agus taobhán, eovering of scraws and lats.
Droch-shaoghal, the bad times in '47.
Fuaduigheadh, v. auton., pst., was carried or swept away by storm.
Ghuidh sí Dia, she prayed to God; implored God.
Go fánach, badly; went to ruin.
I gcuideachta, together, at one time.
Iongantas, gen. -ais, pl. id. m., wonder, surprise.
I riocht, in such a way, in such a manner.
Lobhadh, rottenness, putrefaction, decay.
Nach bhfeicfidhe, should or would not be seen.
Saidhbhreas, gen., -ais, pl. id., m., wealth, riches.
Seinnm, playing on a musical instrument.
Suim bliadhanta, some years after; a considerable time.
Théidheadh, v. used to go.
Togha daimhseora, a first rate dancer.



AN CHÚ A BHÍ FAOI GHEASAIBH



Tháinig gaisgidheach as an Domhan Thoir, agus cú leis
ag cur a dhubhshláin nach raibh éan mhadadh ag an bhFéinn a
throidfeadh a mhadadh féin. Chuir Fionn mac Cumhaill
geall leis go raibh. Is é an gheall a chuir an dá laoch
le chéile, dá mbuaileadh madadh an ghaisgidhigh madadh
Fhinn, Fionn a chloigeann a leagan síos ar an mbloc,
go mbaineadh an gaisgidheach an ceann de; agus dá
mbuaileadh madadh Fhinn é, go gcaillfeadh sé a cheann.



Bhí an oiread de gheasaibh ar an gcoin do tháinig nár
bh'fhéidir a marbhadh, ná buaidh 'fhagháil uirthi go gcastaoi
a hainm i n-a haghaidh.



Chuir Fionn a ordóg i n-a bhéal, mar bhí fios ins an
ordóig, agus bhain sé fios aisti gurab é an t-ainm do


L. 22


bhí uirthi, "Cor agus Craith an coileán."



Chuaidh Bran, madadh Fhinn, agus tharraing sé an
píobán aisti.



Imthigheann an gaisgidheach agus leag sé a cheann ar
an mbloc, agus chuaidh sé ag caoineadh.



Rug Conán ar an tuaigh, agus nuair a chonnaic sé ag
caoineadh é, shíl sé gur ag gáiridhe bhí sé, agus dubhairt sé.



"Ó thárlaidh go bhfuil tú chomh toilteanach do'n bhás,
fágfaidh mé ort do chloigeann le pianús ort."



Níl aon bhliadhain beo nach dtigeadh sé le lán curach
d'ór chuige. Shíl sé gur ar mhaithe leis bhí sé nuair a
d'fhág sé air a cheann. Nuair a d'fhághadh Conán an t-ór
cheannuigheadh sé biotáilte air. "Siúd oraibh," adeireadh
sé, "a chlanna saoite, "ólaigidh féin bhur ndeoch, an
bhfaca sibh éan ghaisgidheach riamh ab'fhearr ná an fear ar
leag mé a cheann ar an bloc?"



'Sé Seaghan O Beaidh, a chomhnuigheanns i n-íochtar an
tSean Bhaile, Acaill, a d'aithris é seo dhom.



Biotáilte, intoxicating drink
Bloc, a block.
Buaidh, victory, success.
Clanna saoithe, descendants of heroes and scholars.
Cor agus craith an coileán, twist and shake the pup.
Dubhshlán, a challenge, a defiance.
Dá mbuaileadh, were to beat, would beat.
Fionn Mac Cumhaill, the chief of the Fenians.
Gaisgidheach, a hero, a warrior.
Geas, a spell, obligation, an enchantment.
Go gastaoi a hainm in a haghaidh, until she would be called by her name.
Laoch, a hero.
Lán curach d'ór, a boat load of gold.
Siúd oraibh! here is to your health; a toast.
Ó thárlaidh, because, on account of.
Oiread, as much, so much.
Pianús, penance, punishment.
Toilteanach, willing, voluntary.
Tuagh, a hatchet, an axe.


L. 23


CE DÉARFADH NACH I



Tá teine faduighthe ar thóin Oileáin fraoigh,
Tá teine faduighthe ar thóin Oileáin fraoigh,
Tá teine faduighthe ar thóin Oileáin fraoigh,
Is cosmhail le sighin atá déanta do Bhrighid.



Curfa



Is a bú mo leanbh!
Is a bú mo laogh!
Is a bú mo leanbh!
Cé déarfadh nach í.



Grádh mo chroidhe is m'anam an píobaire bán!
Grádh mo chroidhe is m'anam an píobaire bán!
Grádh mo chroidhe is m'anam an píobaire bán!
'Sé bhéarfadh Siubhán as teach Pháidín Bháin.



Curfa



Is a bú mo leanbh! &c,.



An t-é gheobhadh táir-chéim ar amharc mo shúl,
An t-é gheobhadh táir-chéim ar amharc mo shúl,
An t-é gheobhadh táir-chéim ar amharc mo shúl,
Ba léir dhó an rud a bhí thiar in mo chúl.



Curfa



Is a bú mo leanbh! &c.



Tá trí mhionna an leabhair ar Thadhg is ar Joe,
Tá trí mhionna an leabhair ar Thadhg is ar Joe,
Tá trí mhionna an leabhair ar Thadhg is ar Joe,
Go dtiubharfaidh siad Sighle leo, go mblighidh sí an bhó.



Curfa



Is a bú mo leanbh! &c.


L. 24


Acht a beag siopa na racaí bhí thiar i dteach Joe,
Acht a beag siopa na racaí bhí thiar i dteach Joe,
Acht a beag siopa na racaí bhí thiar i dteach Joe,
Bheadh cailíní na nglais-oileán sgunta go leor.



Curfa



Is a bú mo leanbh! &c.



Rachaidh mé i mbannaí is cuirfidh mé geall,
Rachaidh mé i mbannaí is cuirfidh mé geall,
Rachaidh mé i mbannaí is cuirfidh mé geall,
Go gcuirfidh mé buairthín thall ar an bhfeall.



Curfa



Is abú mo leanbh! &c.



'Sí Máire Ní Fhalamhain d'aithris an t-abhrán seo.
Comhnuigheann sí i nDún-Inbhir, Acaill, Condae Mhuigheó.



Buairthín, a tie, a fastening.
Faduighthe, lighted.
Feall (tóir), a deceiver, a traitor.
Fraoigh, of heather.
Go mblighidh sí, until she will milk.
Léir, visible, plain, manifest.
Mionna, an oath.
Na nglais-oileán, of the green islands.
Racaí, milseáin.
Sighin, comhartha.
Sgunta, creachta.
Táir-chéim, droch-mheas.
Tiubharfaidh, will give.



AN DREOILÍN



Fear beag a bhí ins an Dreoilín agus bhí a bhean níos
lugha ná é. Bhí dhá'r'éag mac aca agus bhí an samhradh
daor. Bhí go leor le déanamh ag an athair agus an
máthair le biadh agus éadach' fhagháil dóibh.



D'éirigh an t-athair amach ag soláthar breicfeasta
do'n mhuirighin, mar bhí an teach follamh.



Chonnaic sé meacan mór ag fás, agus adubhairt sé
i n-a intinn féin go mbadh mhaith an congnamh é dhá mbeadh


L. 25


sé aige, leis an ocras a bhaint de na malracha óga.



Rug sé ar an meacan greim caol cruaidh le dúil a
tharraingt agus sháruigh sé é a thabhairt leis. Chuimhnigh
sé i n-a intinn, dá mbeadh éanmhar aige an mac ba sine
go dtiubharfadh sé congnamh chun a tharraingt.



Tháinig éanmhar agus rug sé ar an athair, rug an
t-athair ar an meacan, agus sháruigh ortha a tharraingt.



Dubhairt an t-athair, "téiridh isteach aonmhar agus
abair le dómhar a theacht amach ag cuideachan linn."
Tháinig dómhar, rug sé greim ar éanmhar, rug éanmhar
ar an athair, rug an t-athair ar an meacan agus sháruigh
sé air a tharraingt.



"Á!" adubhairt an t-athair, "béidh breicfeasta mall
againn indiu."



"Téiridh isteach dómhar agus abair le tríomhar a
theach amach." Tháinig tríomhar amach.



Rug tríomhar ar dómhar, rug dómhar ar éanmhar, rug
éanmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan agus
sháruigh órtha a tharraingt.



"Á!" adubhairt an t-athair, "goidé'n sórt ball-
labhair í seo?" "Téiridh isteach tríomhar agus abair
le ceathrar a thidheacht amach chugam, bhí sé láidir ó
rugadh é agus tarraingeochaidh sé an meacan linn."



Tháinig ceathrar, rug sé greim cruaidh ar tríomhar
rug tríomhar ar dómhar, rug dómhar ar éanmhar, rug
éanmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan agus
sháruigh ortha a tharraingt. Dubhairt an t-athair, "Maise!
Maise!" Béidh sé i n-am dinnéir de lá sul má mbéidh
breicfeasta ar an stól againn, Gabh isteach a cheathrair
i gcoinne cúigmhair, bhí sé maith riamh agus cuideochaidh sé
linn a tharraingt."



Tháinig cúigmhar amach, rug sé greim cruaidh ar ceathrar,
rug ceathrar ar triúrmhar, rug triúrmhar ar dómhar, rug
dómhar ar éanmhar, rug éanmhar ar an athair, rug an


L. 26


t-athair greim ar an meacan agus sháruigh sé iad a
tharraingt.



"Goidé seo! Goidé seo!" adubhairt an t-athair.



"Gabh isteach a chúigmhar agus tabhair amach sémhar
níor loic sé riamh orm agus tarraingeochamuid an
meacan."



Táinig sémhar amach, rug sémhar ar cúigmhar, rug
cúigmhar ar ceathrar, rug ceathrar ar tríomhar, rug
tríomhar ar dómhar, rug dómhar ar éanmhar, rug éanmhar
ar an athair, rug an t-athair ar an meacan agus sháruigh
sé iad a tharraingt.



"Dia ghé réidhteach!" adubhairt an t-athair, "béidh sé
thar am dinnéir, agus ní bhéidh an meacan linn. Gabh
isteach sémhar agus tabhair amach seachtmhar, chugam."
Tháinig seachtmhar amach, rug seachtmhar ar sémhar, rug
sémhar ar cúigmhar, rug cúigmhar ar ceathrar, rug ceathrar
ar tríomhar, rug tríomhar ar dómhar, rug dómhar ar éan-
mhar, rug éanmhar ar an athair, rug an t-athair ar an
meacan agus sháruigh sé iad uilig a tharraingt.



"Gabh isteach a sheachtmhar agus abair le hochtmhar a
theacht amach chugam, béidh sé i n-a thráthnóna sul má
mbéidh breicfeasta ar an stól againn." Tháinig ochtmhar
amach rug sé ar seachtmhar, rug seachtmhar ar sémhar,
rug sémhar ar cúigmhar, rug cúigmhar ar ceathrar, rug
ceathrar ar tríomhar, rug tríomhar, ar dómhar, rug dó-
mhar ar éanmhar, rug éanmhar ar an athair, rug an t-athair
ar an meacan agus sháruigh sé iad uilig a tharraingt.



"A ochtmhair," adubhairt an t-athair, "Goidé'n t-am de
lá anois é?" Antráthach le hagaidh breicfeasta.



Bhí naonbhar cruaidh gníomharthach ó rugadh é agus
abair leis a thidheacht amach chugainn nó go dtarrnuighmid
an meacan.



Tháinig naonbhar amach. Rug naonbhar ar ochtmhar,


L. 27


rug ochtmhar ar seachtmhar, rug seachtmhar ar sémhar, rug
sémhar ar cúigmhar, rug cúigmhar ar ceathrar, rug ceathrar
ar tríomhar, rug tríomhar ar dómhar, rug dómhar ar
éanmhar, rug éanmhar ar an athair, rug an t-athair ar an
meacan agus sháruigh sé iad uilig a tharraingt.



"Ara maise, maise!" adubhairt an t-athair, "béidh
mo mharlacha ógo chun báis le díoghbháil breicfeasta.



Gabh isteach a naonbhar agus abair le deichneabhar a
theacht amach chugam, bhí sé láidir riamh agus tarraing-
eochaidh sé an meacan."



Tháinig deichneabhar amach, rug sé ar naonbhar, rug
naonbhar ar ochtmhar, rug ochtmhar ar seachtmhar, rug
seachtmhar ar sémhar, rug sémhar ar cúigmhar, rug cúig-
mhar ar cheathrar, rug ceathrar ar tríomhar, rug tríomhar
ar dómhar, rug dómhar ar éanmhar, rug éanmhar ar an
athair, rug an t-athair ar an meacan agus sháruigh sé
iad uilig a tharraingt.



"Gabh isteach," ars an t-athair le deichneabhar," agus
abair le héan'r 'éag a theacht amach nó go dtarrnuighmid
an meacan."



Tháinig éan'r 'éag amach, rug éan'r 'éag ar deich-
neabhar, rug deichneabhar ar naonbhar, rug naonbhar ar
ochtmhar, rug ochtmhar ar seachtmhar, rug seachtmhar ar
sémhar, rug sémhar ar cúigmhar, rug cúigmhar ar ceathrar
rug ceathrar ar tríomhar, rug tríomhar ar dómhar, rug
dómhar ar éanmhar, rug éanmhar ar an athaír, rug an
t-athair ar an meacan agus sháruigh sé ortha uilig a
tharraingt.



"Ara! Goidé seo! Goidé seo! a chlann Ó!" adubhairt
an t-athair, támuid ftiúcuighthe i ndíoghbháil bidh. Céard
a dhéanfas muid chor ar bith! Gabh isteach éan'r 'éag
agus abair le dó'réag a theacht amach chugann nó go
dtarrnguighmid an meacan.




L. 28


Tháinig dór 'éag amach. Chuireadar an t-athair ann-
sin ar deireadh an ranca.



Rug an t-athair ar dó'r 'éag, rug dór 'éag ar éan'r
'éag, rug éan'r 'éag ar deichneabhar, rug deichneabhar ar
naonbhar, rug naonbhar ar ochtmhar, rug ochtmhar ar seacht-
mhar, rug seachtmhar ar sémhar, rug sémhar ar cúigmhar,
rug cúigmhar ar ceathrar, rug ceathrar ar tríomhar, rug
tríomhar ar dómhar, rug dómhar ar éanmhar, rug éanmhar
greim caol cruaidh ar an meacan, chuir sé éan bhéic
amháin as a thug misneach do'n chuid eile agus tharraing-
eadar an meacan.



Nuair a tháinig sé leobhtha thuiteadar uilig siar i
mullach an athair agus bhriseadar a chos.



Cuireadh duine i gcoinne an leagha le cliath a chur
léithi.



Ní raibh siad i n-ann an liaigh 'íoc nuair a tháinig sé
ag iarraidh a thuarastail.



Bhí an chlann agus an t-athair i gcóiméid an t-am
sin agus gléasta i n-éan chineál amháin triubhais.



Ní raibh a fhios aige cia aca an t-athair, nó go bhfuigh-
eadh sé íocaidheacht as, acht d'fhág sé an cat a' faire mar
spídeoir.



Lá dhá raibh siad ag bualadh eornan ins an sgioból,
thainig clampar eatortha agus thoisigh ceann díobhtha ag
déanamh casaoide.



Dubhairt éanmhar, "tá a fhios agat-sa a athair gur
mise tharraing an meacan mór agus gur mé an fear is
fearr dhe do chlann."



"Tá fios ar sin agam gur tú," adubhairt an t-athair.



Léim an cat agus fuair sé greim sgornaigh ar an
athair, agus thug sé leis é gur cuireadh coiste air go mb'
éigean dó an liaigh 'íoc a shnaidhm a chos dhó. D'íoc a
dhá réag mac an cháin dó agus sgaoileadh chun bealaigh é.


L. 29


D'éirigheadar saidhbhir i n-a dhiaidh sin agus phós an dá
'réag mac, dhá 'réag ban agus tá a sliocht chomh cumasach
le n-a bhfaca tú riamh gan beann aca anois ar dhuine ar
bith. Fuair an t-athair saoghal fada le séan i ndiaidh
an mhéid anró fuair sé 'ghá dtógáil.



PÉARLA AN CHÚIL BHÁIN



Is truagh gan mé i Sasana,
Ins an bhFrainnc nó ins an Spáinn!
Nó thall ins na hIndiacha,
An áit a gcomhnuigheann mo bhláth bán;
Ag Máire an chúil dualaigh,
Is í a bheith idir mo dhá láimh,
Is go mbéinn-se ghá bréagadh,
Nó go n-éirigheadh an lá.



A Mháire! cuirim léan ort,
Is buadhartha d'fhágaidh tú mé,
Ag imtheacht éan lá,
Le Féidhlim Ó Néill,
Muna dtugaidh tú do lámh dhom,
Nó bárra do chúig méar,
Béidh mé máirseáil Lá Fhéil' Pádhraic,
Le grádh geal mo chléibh.


L. 30


Ar luighe dhom ar mo leabaidh,
Gan suaimhneas fhagháil ann,
Tháinig aruinn in mo thaoibh dheas,
Is leonta in mo lár;
Dochtúirí na Cruinne,
Is iad uilig a bheith ann,
Is mo leigheas ní fhuil ag an méid sin,
Acht ag Péarla an Chúil Bháin.



AN CUIREADH DO HEITIGHEADH



Bhí fear tidheacht a-bhaile ó aonach agus é marcaidheacht
ar dhruim beithidheach capaill antráthach ins an oidhche.
Bhí codladh a' tidheacht air, agus rinne sé smaoineamh,
nuair a chasfaidhe áit deas leis agus féar maith go
n-ísleochadh sé de'n bheithidheach agus go gcodlóchadh sé
sgathamh, agus go n-íosfadh an beithidheach sglámh de'n
fhéar, go mbeadh sé féin nidh b'fhearr faoi chomhair an
bhóthair.



Chuaidh sé ar aghaidh gur casadh an áit sin leis. Do
thuirling sé de dhruim an bheithidhigh, agus shín sé ar an
talamh, agus chuaidh an beithidheach ag ithe an fhéir.



Ní raibh duine ná daoine ghá chomhair, teach ná áit-
reabh, agus thuit sé i n-a chodladh. Má's am fada nó
gearr chaith sé i n-a chodladh, ins an am ar dhúisigh sé, bhí


L. 31


bean uasal bhreágh agus a dhá láimh thimcheall air.



Dhearc sé faoi agus thairis agus ní raibh a fhios aige chor
ar bith cé'n rud thárlaidh air.



"Codladh amuigh aréir," adubhairt sé, "rinne mo bhuaidhreamh,
Luighe trasna i mbéal dorais na ráithe fuaire,
Go dtáinig faoi mo dhéin an bhraighid gheal uasal,
Go leamh-eaglach faoi mo thuairim;
Gur chuir snaidhm thimcheall faoi mo ghuailne,
Ba gile a dhá taoibh ná léana na luachra,
Bhí a dhá mala mar bheadh aol dhá shughadh,
Agus dar liom ba glaise a súile ná fiodán uaithne.
"An inghean tú d'a Chuinn nó d'a Ruiadhirc?"
Níor labhair sí leis sin, "Ceist agam ort agus fuasgail,
Té'r ab inghean an uaisle-bhean?
Nó má atá iarla thiar i dTuaidh Finn,
Ar mian leat féin anocht,
É bheith seal dhá luadh leat.



Labhair sí annsin: -



Ní inghean mé d'éinneach fhéin dár luadhais,
Acht is mé bainríoghan chaol na bruidhne buaidheartha,
Inghean de dhalta an Deirg,
A mbíonn aige an lámh i n-uachtar;
Taraidh thusa liom agus ná cuir suas díom.



(Fear pósta a bhí ann)



Tá bean agam-sa cheana,
Agus ó'n eaglais fuaras,
Dhá mbeadh bean eile agam,
Bhéinn ró-bhuaidheartha;
Le faithchíos go mbeadh m'anam i n-ifreann,
Na naithreacha gan fuasgailt,
Agus nach bhfuighinn Flaitheas,
I bhfairsingeacht ná i gcruadhtan.


L. 32


Gluais liom-sa go sochraoid duit,
Is ann a gheobhas tú an boglach féin gan cruaidhtean,
Uisge beatha as an bhfiodán uaithne,
An plúr a mbéidh an cúigear ghá shughadh;
An tseisg-fheoil nár láimhsigheadh riamh agus nár
súigheadh,
Agus cead caomhasach gach oidhche le sgaith ban uasal.
A bhean! nach leamh, lag do thuairim,
Le liachta marcach áluinn agus atá ins an Dún seo,
Ar mhian leis thidheacht anocht gha d'fhuadach,
Agus gan mise féin go héag go luadh leat.



Labhair sise annsin: -



A mhic an tsionnaigh bhriotaigh bhréagaigh!
Má fuair tusa bean agus go bhfuair tusa spré léi,
Go mba í sin an bhean mhío-fhortúnach mheilmeach
bhréagach!
Chuirfeas na seacht mbailte thrí n-a chéile;
Rith na teineadh ort féin ar do mhaoin agus ar do chéile,
Le laighead an nidh agus dhéanfadh mise réidhteach,
Neoinín buidhe nó neoinín glégeal,
Gas de chachlann dearg i léana,
Nó lán do dhuirn d'fhraoch an tsléibhe.
Seo é an tairsgint a thugaim-se dhuit,
Gach a bhfuil ó mhullach Shliabh Bheara,
Go mullach Sliabh Luachra agus Sliabh na mBan bhFionn,
Ar an gcundar cur suas duit.
B'éigean di bogadh léithi, agus tháinig seisean a-bhaile
chuig a mhnaoi féin.



'Sé Antoine Sírín d'aithris é seo.



Áitreabh, m., a dwelling, a residence.
Antráthach, untimely, unseasonable.
At tseisg-fheoil, feoil bruithte ar shean-nós.
Beithidheach, m., a beast, an animal.
Bogadh léithi, she to depart, to move on.
Boglach, m., ge., -laigh, softness,


L. 33


Brághaid-gheal uasal, f., a noble fair lady (white necked).
Bhréagaigh, nom. of address of bréagach, lying, deceitful, cunning.
Bhriotaigh, adj., nom of address of briotach, lisping, stammering.
Bruidhne buadhartha, of the fairy palace.
Buaidhreadh, affliction, annoyance, anxiety.
Cachlann, an herb.
Caomhasach, to associate, to keep company.
Chasfaidhe, would meet or happen on.
Cur suas duit, to get rid of you.
Chodlóchadh, would sleep.
Cundar, chance.
Dalta, a pet, a foster child, a term
of endearment.
Dár luadhais, of all that you mentioned.
Eaglais, the church; by marriage.
Faoi agus thairis, round about him.
Faoi chomhair an chóthair, for the road, for travelling.
Fiodán uaithne, a small stream of greenish tinge.
Fraoch, gen., fraoigh, m., heather.
Fuadach, carrying of by force, abduction.
Fuasgail, answer, redeem, release.
Ghá chomhair, near him, in his presence.
Gas, a stalk.
Glégeal, very bright, extreme whiteness.
Go héag, till death.
Guailne, shoulders.
I bhfairsingeacht ná i gcruadhtan, by any means.
Ísleochadh, would alight.
Láimhsigheadh, was handled.
Laighead, fewness, smallness.
Leamh-eaglach, with timidity.
Léana na Luachra, the meadow of the rushes.
Leamh, foolish, silly.
Luadh, betrothing.
Mala, a brow, an eye brow.
Marcaidheacht, act of riding.
Meilmeach, deceitful.
Mío-fhortúnach, unprofitable, un-lucky.
Naithreacha, serpents, demons.
Ráithe fuaire, of the cold lios or fort.
Réidhteach, to release, set free, disengage.
Sgaith, the very best, the flower.
Sgathamh, a period of time.
Sglámh, a bite.
Smaoineamh, thought, act of thinking.
Snaidhm, a knot, a tie.
Sochraoid, a funeral.
Sughadh, act of mixing.
Thárlaidh air, happened, befell him.
Tairsgint, an offering, proposal.
Thrí n-a chéile, upset, in confusion.
Thuirling, dismounted, came down.
Tuairim, in expectation of.



AN DÁ FHILE



Bhí Riocard Bairéad ag dul suas chuig patrún a bhí
ag an gCruaich, agus bhí an Suibhneach ar a thóir.



Chonnaic sé an fear, agus léir mar chualaidh sé, ba
cosamhail leis an mBairéadach é.



"Ceist agam ort a ghiolla seo,
Thárlaidh orm péin ó'n tslighe,
Cia againn is gile finne,
Nó is áilne gnaoi?"


L. 34


Adubhairt an Bairéadach: -



"Tá fear againn crosach,
Agus an fear eile againn manntach buidhe,
Agus níor bhfearrde an pobal,
A mbuailfeadh an péire faoi."



Bhuailfeadh, would strike or attack.
Crosach, adj., pock-marked.
Giolla, a servant, attendant, a fellow.
Gnaoi, the countenance.
Léir, according to evidence, by the token.
Manntach, gapped; having some of the teeth lost.
Pátrún, a "pattern," the festival of a patron saint.
Pobal, congregation.
Slighe, a way, a road, a track.
Thárlaidh, chanced, happened to meet.



AN SGÉAL IONGANTACH



Bhí bean ann a dtugadh siad Áine an Chnuic uirthi, agus
'sé an áit a raibh sí i n-a comhnaidhe ag Céis a' Chuirn.



Tháinig duine uasal dárbh' ainm Conn Ó Domhnaill
isteach chuice lá, é féin agus a ghíománach, agus bhí sí ag
bogadh fir a bhí ins an aois leanbaidhe ins an gcliabhán.



Rinne Conn Ó Domhnaill iongantas mór d'fhear ar
bith a bheith chomh sean agus go mbeithí 'ghá bhogadh i
gcliabhán, agus d'fhiafruigh sé d'Áine ar ab é sin a
h-athair a bhí sí bogadh, agus dubhairt sí leis nár bh'é.



D'fhiafruigh sé dhi go t-é é féin, agus dubhairt sí leis
go mbadh é mac a mic a bhí sí a bhogadh.



Bhí iongantas mór ar Chonn Ó Domhnaill faoi sin agus
d'fhiafruigh sé d'Áine go té'n aois í féin agus dubhairt
sí nach raibh a fhios aici, go raibh sí chomh fada ar an
tsaoghal, agus nár choinnigh sí éan chunntas air acht mar
seo ar sise -



"Níor tháinic éan Fhéil' Mártain ó tháinig mé ar


L. 35


an t-saoghal nach bhfuil righe mhairt ar an bhfaradh údaigh
thíos i n' aghaidh."



Dubhairt Conn Ó Domhnaill le n-a ghíománach, "Gadh
suas ar an bhfaradh agus comhair iad go bhfeicidh mé cia'n
aois Áine." Thug an gíománach chuige an dréimide agus
chuaidh sé suas ar an bhfaradh agus thoisigh sé ag comhair-
eadh agus agus cur thairis na rightheacha mart agus bhí sé
mar sin ar feadh trí h-uaire an chluig.



D'fhiafruigh an duine uasal de, an é nach raibh siad
comhairthe go fóill aige.



Dubhairt an gíománach leis nach raibh, dhá gcaitheadh sé
lá agus bliadhain ar an lota nach mbeadh a ndeireadh
cunntaiste aige.



D'iarr an duine uasal air a dhul anuas de'n lota
nuair nach dtainig leis a gcunntas.



Shiubhail an gíománach anuas an dréimide agus sháruigh
siad air a gcunntas.



Dubhairt Conn Ó Domhnaill le hÁine an Cnuic, de
bhean ach chomh sean léithi gurab iomdha rud uathbhásach
chonnaic sí ó tháinig sí ar an tsaoghal, go mbeadh sé
buidheach dhi dhá n-innisigheadh sí dhó roinn de na h-ion-
gantais is mó chonnaic sí.



Dubhairt sí leis, an rud is mó do chuir sí iongantas
riamh ann, go raibh sí ag dul ghá innsin anois dó, ó chuir
sé an cheist uirthi.



"Bhí mise ar an mbaile seo fadó, ins an tsean-
tsaoghal, agus bhí maor againn ann agus hoin Dia leis,
go bhfuair sé bás."



Dubhairt sí gur nigheadh é, agus gur glanadh é mar
dhéanfaidhe le corp ar bith, agus gur cuireadh os cionn
cláir é, agus go ndearnadh a thórramh, dhá lá agus dhá
oidhche, mar bhí sé feileamhnach a dhéanamh le n-a mhac
samhail ar bith.


L. 36


An lá bhíthear le n-a chur, tháinig cónra, agus cuireadh
isteach innti é, agus leagadh dhá stól ar an tsráid amach
ó'n doras, agus thug beirt fhear amach an corp as an
teach, agus leag siad an chónra suas ar an dá stól,
agus fuair na fir deich bhfeadh de rópa cnáibe agus dhá
phíosa de mhaide, thimcheall ceithre troighthe ar fad ins
gach ceann aca.



Tháinig fear stuamdha gur cheangail sé an dá mhaide
ar an taoibh íochtair de'n chónra.



Chruinnigh sochraoid mhór fhada fhairsing go dtugadh siad
an maor chun na roilge go gcuireadh siad ins an uaigh é.



Tháinig ceathrar buachaillí óga agus rug fear aca ar
gach éan mhaide, beirt ar' chaon taoibh de'n chróchar nó
go dtóigeadh siad é de na stólta, agus go siubhladh siad
leis chomh fada leis an roilig, agus sháruigh sé ortha a
chorrughadh.



Shiubhail an ceathrar sin amach agus d'fhágaidh siad
annsin é, nuair bhí sé sáruighthe ortha an cróchar a thóg-
bháil, agus dá dtéidheadh an méid fear a bhí ar an
tsochraoidh faoi ní chorróchadh siad é. B'éigean dóbhtha
mathadh thabhairt air, agus é fhághbháil annsin, agus bhí
sáruighthe ar na fir uilig an cróchar a chorrughadh de na
stólta.



Bhí iongantas agus uathbhás ar an méid daoine bhí ar
an gcruinniughadh uilig faoi. Chonnaic fear de na fir
annsin each dubh tidheacht an bóthar, agus marcach air,
agus níor chomhnuigh sé go dtáinig sé go dtí an áit a
raibh an cróchar. Bhí gach duine dhá raibh ar an gcruinn-
iughadh annsin ag amharc ar an bhfear a bhí ar an each
dubh, agus d'fhiafruigh sé dhíobhtha go té'n fhaillighe a bhí
siad a dhéanamh.



D'fhreagair fear dhó dh'á raibh ar an gcruinniughadh go
raibh sé sáruighthe ortha an cróchar a chorrughadh as sin.


L. 37


D'fhiafruigh an fear a bhí ar an each dubh go té'n sórt
duine a bhí ins an bhfear a bhí marbh, nó go té'n cheird a
lean sé an fhad 's bhí sé beo.



Dubhradh leis - an fear ba shine bhí ar an trochraoid
is é dubhairt leis é - go raibh sé féin ag amharc air,
agus an-eolas aige air ó tháinig sé i gcéill nó i meabhair
agus nach bhfaca sé ceird ar bith ná ealadhain aige,
ach ag maoirseanacht, gur ghlac sé tinneas a bháis agus
go bhfuair sé bás.



"Má's mar sin a bhí," dubhairt an fear a bhí ar an
each dubh, "caithfidh sibh a fhágháilt annsin go dtí i mbárach
agus dá siubhladh sibh an tír, fághaigidh ceathrar maor eile
agus bíodh siad annseo i mbárach agaibh go bhfeicidh sibh
an mbéidh siad ábalta an cróchar a thógbháil."



Sgar an tsochraoid annsin, agus b'éigean an cróchar
fhágháil annsin agus shiubhail teachtairí 'chaon áit a raibh
maor ag iarraidh ortha theacht chun na sochraoide, lá ar
na bhárach.



Tháinig ceathrar maor lá ar n-a bhárach, agus chruinnigh
an tsochraoid aríst, mar chruinnigh indé roimhe sin, agus
tháinig fear an eich dhuibh chomh maith. D'iarr marcach an
eich dhuibh ar an gceathrar maor a dhul faoi'n gcróchar,
agus sheas beirt aca ar gach aon taoibh dhe, agus rug
fear aca ar 'chaon spéice, agus thóg siad an cróchar, ach
chomh réidh gan streobh le cróchar ar bith dhár tóigeadh
riamh. Shiubhail siad leo, agus shiubhail marcach an eich
dhuibh i n-a gcuideachta amach ar thoiseach na sochraoide,
agus an ceathrar maor agus an cróchar dhá iomchar leo,
ag siubhal aniar 'n-a dhiaidh.



Arsa Áine an Chnuic le Conn Ó Domhnaill, "An bhfaca
tú an charraig mhór údaigh thíos le taoibh an bhóthair?"



"Chonnaiceas," adubhairt sé.



"Shiubhail marcach an eich dhuibh," ar sise, "agus an
ceathrar maor agus an cróchar leo dhá iomchar, nuair


L. 38


chuaidh siad síos iad féin agus fear an eich dhuibh go
dtí an charraig, d'fhosgail éadan na cairrge, shiubhail
an t-each dubh agus a mharcach air, isteach ins an gcar-
raig, shiubhail an ceathrar maor agus an cróchar leo
isteach i n-a ndiaidh, agus nuair bhí siad istigh, dhún an
charraig suas ar ais, mar bhí sí riamh, agus ní raibh sé le
n-aithne go ndeachaidh duine isteach riamh innti."



D'fhill an tsochraoid a-bhaile annsin, mar nach raibh
éan ghraithe nidh b'fhuide aca.



"Ní bhfuarthas éan fháirneis ar mharcach an eich dhuibh,"
ar sise, "ná ar an gceathrar maor, ná ar an gcróchar,
ó'n lá sin go dtí an lá seo, i mbeo nó i marbh, cnámh
nó croiceann i n-úr nó i gcrín, ní raibh éan fháirneis
ortha ní ba mhó."



"Sin é an rud is mó ar chuir mé iongantas riamh
ann," ar sise, " a dhuine uasail!"



"Dar m'fhocal agus dar m'onóir! ba mhór an t-ion-
gantas é," adubhairt Conn a Domhnaill le hÁine an
Chnuic. "Ba mhor an t-iongantas é gan aimhreas!"



'Sé Peadar Mac Énrí a d'aithris an sgéal seo dhom
ar Oileán Inis Bigil, Cuan an Fhóid Duibh.



Aois leanbaidhe, second childhood.
Bogadh, act of rocking.
Cnáibe, of hemp.
Comhair, count.
Chorrughadh (a), to stir it.
Cróchar, a bier.
Cruinniughadh, a gathering.
Cunntas, account, reckoning.
Cunntaiste, reckoned.
D'fhreagair, answered.
Ealadhain, science.
Faradh, a loft.
Feadh, fathom.
Feileamhnach, suitable, proper.
Gíománach, gen., -aigh, a servant.
Graithe, business.
Mac samhail, the like of, equal.
Maoirneanacht, the office of a bailiff.
Mathadh thabhairt air, to give it best.
Righe mhairt, .i. cnámh na ceathramhan.
Sháruigh, failed.
Spéice, a prop, support.
Streobh, difficulty, obstacle, trouble.
Toghadh, was picked or chosen.
Troighthe, feet in measurement.
Uathbhásach, wonderful, terrible.


L. 39


DOMHNALL MEIRGEACH



Níl sé acht ráithe is seachtmhain,
a d'fhág mé an baile lán de spur is d'éadach,
Níor shanntuigh mé beannacht mháthar ná athar,
Gur náireach é mo sgéal le innsin;
A óg-bhruinneall mhaiseach mhodhamhail chiuin chneasta!
Déan thusa do leas má fhéadair,
Slán is beannacht fhágaim féin leat,
Is d'fhágaidh sin mo chreach-sa déanta.



Shíl mé tráth nuair a bhí mé is tú i ngrádh,
Go mb'aoibhinn do chách acht a bheith pósta.
Uch! 'Sé mo chreach is mo chrádh! níor bheartuigh mé an cás,
Go bhfuair mé mo dhá láimh dóighte;
A' gcluin sibh me a mhná! na ndlaoin fada bán,
Coinngidh sás bhur bpócaí,
Óir is mise fuair mo chrádh, is gan fortún choidhche le
fagháil,
Uch! mo chúig mhile slán do'n óige.



'Sé mo chreach is mo chrádh! gach maidin is gach tráth,
Nach agam bhí an sgéal brónach!
Ag imtheach liom féin i dtaisteal is i dtréas,
Is a Mhic Mhuire! nach mé an truaighe?
Mo cháirde uilig a léir, an méid aca nár éag,
Is go dtugadar go léir fuath dhom,
Is gan focal i n-a mbéal acht "ó mhill tu thú féin,
Fulaing dhá mhéad d'ualach."



Mo bheannacht is mo chumha chuirim sa ród,
Gan filleadh le seol gaoithe,
Do Chonnacht an tsleoghailt, an mhisnigh is an spóirt,
Le imirt is le ól a dhéanamh;


L. 40


Nach minic sin is nach mór mo mheisge sa ló?
Is mé ag éisteacht le gleo Muimhneach.
Is an t-é is glic' uilig dhár bpór níor thuigeadar go
fóill,
Siolladh de mo ghlór-sa díreach.



'Sé mo chreach is mo dhíth! nach meanmnach a bhíos,
Ag éirghe dhom ar maidin domhnaigh?
Is as sin go dtí an oidhche, b'éigean dom luighe síos
Ag leabaidh is mé lag brónach;
Óir is rud é bhí in mo cheann is gur caitheadh liom an
saighead,
Is gur leagadh mo i leithridh an bhóthair,
Mo chumann go deo le mnaoi ní leigfidh mé chroidhche,
Dhá ngealladh sí dhá mhíle bó dhom.



A Athair Ó! na rún, nach meathta an chúis?
Gur cheangail tú mé le cumhaidh an tsaoghail seo,
Gur chuir tú do shúil i n-airgead is i mbuaibh,
'S i speadóga ruadha an tsléibhe;
Nár bh'fhearr liom-sa ar dtús mo cheangal go dlúth?
Le cailín baramhail breág fionn glégeal,
A n-imreochainn léithi cúig ar chluithchibh na lúb,
Is go gcaithfinn go súgach a saoghal léithi.



Ar bhruach Loch Céis' do hoileadh go glan mé,
'Sí an fhairrge mo réim dhúthchais,
Ní bhfuil baile cuain dhá dtéighim nach dtigeann bláth glas
ar an bhféar,
Is duilleabhar ar an gcraoibhín cumhra;
Tuigim, is ní bréag, go bhfuil duibhthean ar an spéir,
Is gan fasgadh ar bith ó fhraoch na dúithche.
Éanlaith an aeir is go ndeachadar i léic,
Ó d'imthigh mé féin uatha.



Seo fear agus phós á athair é le saidhbhreas an
tsaoghail. Domhnall Mac Namara ba hainm dó, agus
chomhnuigh sé i Loch Céise. Ní raibh sé sásta leis an


L. 41


mnaoi a fuair sé, agus níor fhan sé aici acht ráithe agus
seachtmhain gur imthigh sé leis, is níor tháinig sé ar a
hamharc as sin amach. Chuaidh sé go Cúige Mumhan agus
chuir sé faoi ann. 'Sí Brighid Ní Bhradáin d'aithris dom
an t-abhrán seo. Comhnuigheann sí i nDubh Each, Acaill.



Baramhail, genteel gay.
Beartuigh to judge, estimate, to think.
Bruinneall, a beautiful maiden.
Céis, a cave.
Cluithchibh na lúb, playing tricks for pastime.
Creach, ruin, plunder, destruction.
Díth, harm, hurt, injury.
Dlaoin = dlaoi, a lock of hair.
Dlúth, close, dense, compact, tight.
Duibhthean, a heavy darkness.
Duilleabhar, foliage.
Fortún, fortune.
Hoileadh, was educated, nursed.
D'imreochainn, I would play.
Leas, improvement, welfare, happiness.
Leithridh, one side, by the side of.
Léic, failing, to decline.
Maiseach, graceful, handsome, well-dressed.
Meanmnach, high-spirited, joyful.
Meirgeach, illtempered, angry-looking.
Modhamhail, mannerly, gentle.
Muimhneach, a Munster man.
Réim dhúthchais, a natural career.
Saighead, an arrow, a dart.
Sanntuigh, desire, consult.
Siolladh, a blast, a puff.
Sás, tight, secure.
Speadóga, beithidhigh tógtar ar sléibhte.
Spur, misneach.
Súgach, merry, cheerful, joyous.
Taisteal, journeying, marching.
Tréas, ar teicheadh.
tSleoghailt, of the noble host.



'LIAM GABHA



Bhí 'Liam Gabha i n-a chomhnaidhe i bparáiste Loch Ladhair
agus bhí ceardcha aige i ngar do'n bhóthar, agus bhí a
theach féin ar an taoibh eile dhe, ar aghaidh a chéile.



Ba gabha maith a bhí ann, acht bhí an iomarca dúil' aige
ins an ól. Nuair a bheadh sgilling saothruighthe aige, ní
bhfuigheadh sé suaimhneas nó go gcaitheadh sé í. Bhí sé
chomh tugtha do'n ól is go bhfágadh sé an t-iarann ins an
teinidh go minic nó go dtigeadh sé ar ais as teach an óil.



Ar deireadh thiar ghlac an pobal fuath leis, agus ní
raibh sé ag fágháil rud ar bith le déanamh.



Bhí 'Liam lá breágh samhraidh i n-a sheasamh ag doras


L. 42


a cheardchan, agus tháinig i n-a láthair fear mór áluinn.
Bhí tart ar 'Liam.



D'fhiafruigh an fear mór dhe a' gceannóchadh sé deoch
biotáilte, agus dubhairt 'Liam leis nach raibh a luach aige;
nach raibh sé ag fagháil éan obair le déanamh, agus go
raibh tart air.



Dubhairt an fear mór leis, "Béarfaidh mise do sháith
airgid duit go ceann seacht mbliadhan. Béidh tú i n-ann
gach uile shórt a cheannach a theastóchas uait, agus déan-
faidh mé féin obair na ceardchan duit; tiocfaidh leat a
bheith in do chodladh agus in do chomhnaidhe ag ithe agus ag
ól má thugann tú d'ainm sgríobhtha dhom mar bhannaí go
dtiocfaidh tú liom ar dheireadh na seacht mbliadhan, agus
go mbéidh tú faoi mo smacht ar feadh na síorraidheachta."



'Sé an sórt a bhí ins an bhfear mór, splannc as ifreann.
Thug 'Liam sin dó agus rinneadh an margadh.



Bhí sé socair sámh é féin agus a shean-bhean gach nidh
dhár theastuigh uaidh, bhí airgead réidh i n-a phóca le n-a
cheannach.



Tháinig lá fuar le síon sneachta agus sioc. Tháinig
bochtán isteach i n-a theach, ní raibh sé i n-ann siubhal ó'n
doras go dtí an teine, bhí sé chomh han-róiteach sin.
Chonguigh 'Liam leis a theacht chuig an teinidh nó go
ndearna sé a ghoradh agus ghearr sé amach stróic de'n
fheoil a bhí ar a phláta féin go ndearna sé breicfeasta
maith suas do'n fhear bocht.



"A 'Liam!" adubhairt an fear bocht, "trí nidh ar bith
is mian leat 'fhagháil mar ghuidhe gheobhaidh tú iad."



"Dubhairt 'Liam, "Duine ar bith a bhéarfas ar mo
chasúr, gan é bheith i n-ann sgaramhaint uaidh gur toil
liom féin é." Ba hí sin an chéad ghuidhe.



Dubhairt sé "Duine ar bith a shuidhfeas ar mo chathaoir,
gan é bheith i n-ann éirghe aisti gur toil liom féin a
thógáil as." Ba hí sin an darna guidhe.


L. 43


Bhíodh 'Liam ar meisge, agus ní fhágthaoi pighinn airgid
i n-a hócha go minic nach mbaintí as.



Chuimhnigh sé gan éan phighinn a thabhairt as a sparán nó
go mba toil leis féin é. Ba hí sin an tríomhadh guidhe.



"Ó!" adubhairt an duine bocht, "A 'Liaim cad chuige
nár iarr tú na Flaithis," adubhairt 'Liam, "b'fhéidir go
bhfuighinn sin féin go fóill."



Nuair a bhí na seacht mbliadna caithte, dubhairt an
splannc, "A 'Liaim! atá an t-am thuas, béidh tú anois
liom." "Tá mé réidh," adubhairt 'Liam.



Seo ball theastuigheas ó chomhursain, is cóir dhúinn
buille a bhualadh air, fágh greim ar an gcasúr agus
buail an t-iarann chomh fhad agus atá sé te.



Chaith 'Liam an t-iarann as a láimh féin agus adubhairt
sé leis an splannc, "tá mise ag imtheacht anois agus
ná déan thusa éan mhoill."



Níor tháinig leis an splannc an casúr a chaitheadh as
a lámha, bhuail sé é ar an talamh nó go dtarraingigheadh
sé a lámha as agus chuir sé a dhá chois ar a mhullach agus
d'fhastuigh a dhá chois do'n chasúr agus sháruigh air a sgaoil-
eadh le n-a bhéal, ghreamhigh an béal do'n loisead agus
bhí sé cruptha craptha. D'imthigh 'Liam an bóthar agus
chaith sé dhá oidhche agus dhá lá ag ithe agus ól. Nuair
a tháinig 'Liam a-bhaile fuair sé an splannc annsin
caithte ceangailte agus adubhairt sé leis, "A rógaire!
rinne tú margadh liom-sa agus bhris tú féin é, agus
saghadfaidh mé an méid madaidhe atá sa' mbaile ort."



"Ná déan sin a 'Liaim," adubhairt an splannc, "bhéar-
faidh mé seacht mbliadna eile dhuit, agus béidh siad níos
fearr faoi dhó ná na seacht mbliadna a chaitheadh."
"Margadh déanta é," adubhairt 'Liam.



Rug sé ar an gcasúr agus tháinig sé leis agus chuaidh
an splannac chun na ceardchan ag cur toisigh ar a théarma,
ar na seacht mbliadna eile. Chuaidh 'Liam isteach i n-a


L. 44


theach agus bhí sé fhéin agus a shean-bhean ag cainnt agus
ag comhrádh, ag ithe agus ag ól agus níor thairig siad
greim ná deoch do'n splannc nó go raibh na seacht
mbliadna caithte.



Nuair a bhí an téarma thuas, léim an splannc amach
as an gceardchain agus adubhairt sé, "A 'Liaim! taraidh
liom anois nó bainfidh mé an fheoil anuas dhe do chnámha.
Ní bhfuighidh tú mise chomh sodhanta anois agus fuair tú
cheana mé."



Shiubhail 'Liam amach leis, agus adubhairt sé, "fág-
faidh mé slán agus beannacht ag mo shean-mhnaoi."



Chuaidh an bheirt isteach go teach 'Liaim. "Suidh síos
annsin," adubhairt 'Liam, "ar an gcathaoir." Shuidh sé.
Chomh luath agus fuair 'Liam i n-a shuidhe é, "taraidh
liom," adubhairt sé agus é féin ag dul amach an doras.



Nuair d'éirigh an splannc, bhí an cathhaoir fastuighthe
dhe. Chuir sé a dhá láimh innti go gcaitheadh sé uaidh í
agus d'fhastuigh na lámha dhi. Bhuail sé a dhá chois ar
an gcathaoir go sgaoileadh sé an greim agus ghreamuigh
an dá chois di.



D'imthigh 'Liam chun an bhaile mhóir agus chaith an tsean-
bhean amach an splannc, agus bhí na muca 'ghá sglamhairt agus
an chathaoir fastuighthe dhe, agus níor fhéad sé é féin a
chosaint ortha.



Nuair a tháinig 'Liam a-bhaile i ndiaidh dhá lá a chathadh
ins an mbaile mór ag ithe agus ag ól, chonnaic sé an
splannc ins an tsinc, agus shaghad sé an madadh mór ann.



"Stad de'n obair seo," adubhairt an splannc le
'Liam, "agus bhéarfaidh mé seacht mbliadna eile dhuit,
a bhéas níos fearr ná an méid a caitheadh uilig a léir."
"Déanfaidh sin," adubhairt 'Liam.



Rug sé ar an gcathaoir agus sgaoil sé an ceangal
agus chaith sé na seacht mbliadna le sáimheacht.


L. 45


Nuair a bhí an téarma caithte, léim an splannc amach
as an gceardchain agus adubhairt sé, "A 'Liaim! ní
bhéidh éan mhargadh le déanadh anois agat. Tiocfaidh tú
liom-sa díreach an bóthar." D'imthigh an bheirt i n-éinfhe-
acht, agus nuair a bhí siad i ngar do'n bhaile mhór, chonnaic
siad ag tidheacht ar an mbóthar páirtí d'fhir, agus adubh-
airt 'Liam -



"A shean-dhiabhail! níl maith ar bith ionnat, sin fir
a bheadh linn, comrádaidhthe liom-sa iad, dá mbeadh air-
gead agam le biotáilte a cheannach dhóibh." Dubhairt an
splannc, "déanfaidh mise airgead díom féin duit, agus
tabhair a sáith dhóibh." Rinne sé airgead de féin agus
rug 'Liam air agus chuir sé isteach i n-a sparán é.



D'ól sé féin a sháith agus níor chuir sé áird ar bith ar
na fir.



Tháinig sé a-bhaile ag á n-a shean-mhnaoi féin, agus bhí an
sparán i bpóca a bhríste, agus nuair a chuaidh sé a
chodladh chuir sé an bríste faoi 'n bpeiliúr, faoi n-a
cheann agus thoisigh an splannc ag feadghail agus ag
sglamadghail.



D'fhiafruigh an bhean de goidé'n sórt oibre í sin, agus
adubhairt 'Liam, "Socróchaidh mise an obair seo uilig
i mbárach; seo é an splannc atá ins an sparán agam.
Bhéarfaidh mise amach chun na ceardchan i mbárach é,
agus cuirfidh mé isteach ins an teinidh é. Séidfidh mé
na builg, agus bhéarfaidh mé goradh maith dhó, agus
smíochairt mhaith de'n ord mór ar an inneoin."



"Ná déan sin, a 'Liaim!" ars an splannc, istigh ins
an sparán. "Ní iarrfaidh mé thú féin ná duine ar bith
eile." "Margadh é," adubhairt 'Liam, "acht ar ais go
bráthach ní bhéidh cead agat a thidheacht as an áit a
d'fhágaidh tú."



I n-a ghearr-am i n-a dhiaidh sin fuair 'Liam bás. Chuaidh
sé go geataí na bhFlaitheas, agus bhuail sé buille ar an


L. 46


doras, agus tháinig Naomh Peadar amach chuige.



"Cé hé thusa?" adubhairt Naomh Peadar.



"Is mise 'Liam Gaibhne as paráiste Loch Ladhair."



"Ó!" adubhairt Peadar, "a 'Liaim, nuair a bhí ath-
chuinge le fagháil agat níor iarr tú a thidheacht annseo."



"Cia'n áit a ngabhfaidh mé?" adubhairt 'Liam.



"Téiridh síos an bóthar dorcha sin nó go dtigidh geata
romhat."



D'imthigh 'Liam an bóthar go dtáinig sé chuig an ngeata
dubh. Bhuail sé buille ar an doras. Dubhairt an
splannc istigh, "Cé thú féin?" agus dubhairt 'Liam,
"Is mé 'Liam Gaibhne as paráiste Loch Ladhair." "Ó!"
adubhairt an splannc, "druid an doras i n-a aghaidh.
Má thigeann sé isteach, déanfaidh sé amadáin dínn uilig.
'Sé rinne gach cleas orm-sa nach gcaillfidh mo chuimhne
go bráthach."



Bhuaileadar iad féin i n-aghaidh an dorais, agus ní
leigfeadh siad 'Liam isteach. B'éigean dó a theacht ar
ais an bóthar céadna.



Chonnaic Peadar a' tidheacht é, agus dubhairt sé,
"Goidé d'éirigh dhuit, a 'Liaim?" Adubhairt 'Liam, "Ní
leigfeadh an droch-éadáil sin isteach mé, agus b'fhéidir
gurab é mo leas é. Déan truaighe dhom, a Pheadair!
agus ná fág ins an dorchadas seo mé."



"A 'Liaim," arsa Peadar, "ó chuaidh tonn bhaistidh ort
bhéarfaidh mé solas duit."



Tharraing sé sop tuighe as a leabaidh; las sé é, agus
thug sé do 'Liam é, agus adubhairt sé, "Ní mhúchfaidh an
solas sin go lá an bhreitheamhnais."



Is iomdha duine a chonnaic coinneal 'Liaim lasta ó'n
lá sin go dtí lá indiu.



'Liam Pléimeann d'aithris é seo.


L. 47


Anróighteach, miserable, wretched.
Athchuige, a petition, a prayer.
Ball, a limb.
Ceardcha, a forge.
Chongnuigh, assisted, helped.
Cruptha craptha, shrivelled up.
Dorchadas, darkness.
Droch-éadáil, a bad pill (nickname).
Fhastuigh (d'.), fastened.
Ghreamuigh, stuck, fastened.
Goradh, a warming.
Ladhar, a fork, a prong.
Loisead, a handle, or shaft.
Mar ghuidhe, as an intercession.
Páirtí, parties.
Peiliúr, a pillow.
Saghadfaidh, will set (as dogs).
Sáimheacht, delight, pleasure.
Sglamadghail, bawling.
Sglamhairt, eating ravenously.
Síon, storm, rain.
Síorraidheachta, of eternity.
Smacht, control.
Smíochairt, a hammering, a pounding.
Sodhanta, wanting in tact; simple.
Splannc, a limb or spark of the devil.
Stróic, a tear.
Suaimhneas, ease, repose, peace.
Téarma, a period of time.
Tonn bhaistidh, the water of baptism.



AN CHOMHAIRLE CHÓIR



Do léigheas deas milis tír-ghrádhach,
Ar Shean-Dún na nGall,
'S ar ár dteangaidh bhinn dílis,
A bhéas aithbheodhuighthe go coitcheann ar báll;
Nuair a bhéas croidhthe ár ndaoine uilig dúisighthe,
Le teas-ghrádh ar theangaidh 's ar thír,
Mar do choidhe-sa, a Phádhraic Uí Chíosóig!
A fhile is a Éireannaigh fhír!



Curfa



Mo ghoirm ort, a Éireannaigh thréanmhair!
Do shláinte! go raibh tú i bhfad beo!
Go mairidh do threabh láidir líonmhar!
I gConnachta 's i gConndae Mhuighe Eó.



Tá do chroidhe-sa go mór leis an gCruinne,
Ní fhuil d'intinn beag cumhang mar an dream,
A sgapadh clann Fódla ó chéile,
Mar bhíodh siad, fairíor! sa' tsean-am;


L. 48


Tá do thír-ghrádh go fairsing le hÉirinn,
Go léimeann sé teorainn is crí,
Ní fhéachann tú conndae ná cúige,
Acht Oileán na Naomh is na Saoi.



Curfa



Mo ghoirm oirt, a Éireannaigh thréanmhair! etc.



Go tuige mbéadh Éireannaigh sgartha?
Ní fhuil ionnainn acht teaghlach amháin,
Sliocht Ádhaimh is Éabha, síol Mhíleadh,
A tháinig fad ó as an Spáinn;
Clann Ghráinne Ní Mháille, síol Chearbhaill.
Síol an tréin-fhir O Súilleabháin Mhóir,
Clann Chonaill, síol Bhriain, sliocht Uí Fhearghail,
Síol Néill, is Ruaidhrí Uí Mhórdha.



Curfa



I n-a cheann sin mo lámh dhuit, a bhráthair!
Do shláinte! is cáirdeas go deo!
Is go mairidh sinn clann an éan-mháthar!
a Bhinn Éadair go h-Iarthar Mhuighe Eó!



Chuir fear ins an Oileán Úr an t-abhrán seo mar
fhreagradh litre chuig an charaid i nDubh hÚma, Iarros.
Níl a fhios agam ainm an fhir thall, acht do réir briathra
an abhráin is Pádhraic Ó Cíosóg, atá mar ainm ar an
bhfear i bhfus. Fuaras é ó mo charaid tír-ghrádhach,
Séamus Mac Énrí, Dubh hÚma, Iarros.



Aithbheodhuighthe, revived.
Binn Éadair, Howth Head.
Cáirdeas, friendship.
Coitcheann, universal, general.
Cruinne, the universe.
Crí (críoch), a boundary, a limit.
Cumhang, narrow.
Féachann, beholds, views.
Fódla, old name of Ireland.
I n-a cheann sin, along with that.
Líonmhar, numberous, plentiful.
Mo ghoirm ort, bravo! My esteem on you.
Síol Mhíleadh, the descendants of the Milesians.
Sliocht, race, tribe, family.
Teaghlach, a hearth, a family.
Teorainn, a boundary.
Tír-ghrádhach, patriotic.
Tréanmhar, valiant, strong.


L. 49


SGÉAL SHEAGHAIN MHIC AN NIALLAIGH AGUS
PHÁIDÍN UÍ CHEALLAIGH



Bhí beirt fhear i nGaillimh éan uair amháin, dárbh' ainm
Seaghan Mac an Niallaigh agus Páidín Ó Ceallaigh,
agus bhí cruit ar 'chaon fhear aca ó bhíodar i n-a ngasúir.



Bhí Seaghan ag imtheacht as baile lá, agus thárla dhó
go ndeachaidh sé thart le ráith bhí ins an áit, agus ag
dul thart léithi dhó, chualaidh sé guth istigh sa' ráith a rádh: -



"Dia Luain, is Dia Máirt!
Dia Luain, is Dia Máirt!"



Sheas Seaghan ag éisteacht.



"Dia Luain, is Dia Máirt, is Dia Déadaoin !
Dia Luain, is Dia Máirt, is Dia Céadaoin!"



arsa Seaghan Mac an Niallaigh.



"Cia h-é sin a chuir fad as mo rann?" ars an fear
istigh. "Mise," arsa Seaghan Mac an Niallaigh.



"Taraidh isteach annseo," ar seisean, "agus impidhe
ar bith a iarrfas tú, tá sé le fágháil agat."



Fosgluigheadh doras annsin do Sheaghan, agus chuaidh
sé isteach. Fiafruigheadh dhe, céard a bhí a' teastáil
uaidh.



"Maise atá," ar seisean, "an cruit seo a bhaint
díom." "Déanfar sin duit agus fáilte," arsa fear
na ráithe.



D'ionnsuigh sé é, agus dheamhan i bhfad a bhí sé leis,
go raibh an cruit bainte de Sheaghan, aige. Rug sé ar
an gcruit agus chroch sé suas é ar thaoibh an bhalla.



"Bí ag dul a-bhaile anois," ar seisean le Seaghan,
"atá tú ceart go leor."



D'imthigh Seaghan a-bhaile agus lúthgháir a sháith air faoi'n
gcruit a bhaint de.


L. 50


Nuair a chonnaic muinntir an bhaile ag teacht é, bhí
iongnamh ortha mar bhí sé chomh díreach le baraille gunna,
gan cruit, gan cromadh, agus ba bheag an bhrigh sin gur
chualaidh Páidín Ó Ceallaigh é.



Tháinig sé chuig Seaghan agus d'fhiafruigh sé dhe, cia 'n
chaoi ar baineadh an cruit de.



"Maise," arsa Seaghan, "bhíos ag dul thart leis an
ráith údaigh thall indé, agus chualaidh mé guth a' rádh: -



"Dia Luain, is Dia Máirt!
Dia Luain, is Dia Máirt!"



"Dia Luain, is Dia Máirt, is Dia Céadaoin!
Dia Luain, is Dia Máirt, is Dia Céadaoin,"



arsa mise.



"Cia hé sin a chuir fad as mo rann?" ars an guth.
"Seaghan Mac an Niallaigh," arsa mé féin.



Ghlaodh sé isteach annsin orm, agus dubhairt sé liom;
cébí nidh a bhí teastáil uaim go raibh sé le fágháil agam.
Annsin dubhairt mé leis, an cruit a bhaint díom, agus
rinne sé liom mar fheiceas tú anois mé.



"Mo choinsias!" arsa Páidín, "rachaidh mise go dtí
an ráth i mbárach, go mbaintear an cruit díom féin."



Bhí go maith, d'imthigh Páidín ar maidin lá ar n-a
bhárach chomh fada leis an ráith, agus nuair a tháinig sé
chomh fada léithi, chualaidh sé an guth a rádh: -



"Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin,
Lá fighe an bhréidín;
Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin,
Lá fighe an bhréidín,"



Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin,
Diardaoin, Dia hAoine, Dia Sathairn,
Is Dia Domhnaigh.


L. 51


"Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin,
Diardaoin, Dia hAoine, Dia Sathairn,
Is Dia Domhnaigh."



arsa Páidín Ó Ceallaigh.



"Cia h-é sin a mhill mo rann?" ars an fear istigh.
"Mise," arsa Páidín Ó Ceallaigh. "Gabh isteach go
ndéanad rud eicínt leat," ar seisean.



Chuaidh Páidín isteach agus nuair a fuair fear na ráithe
istigh é, céard a dhéanfadh sé acht breith ar an gcruit a
baineadh de Sheaghan Mac an Niallaigh agus a bhualadh
aniar ar a dhruim os cionn an chruit eile.



Seoladh amach as an ráith annsin é agus thriall sé
a-bhaile, agus mo dhuine bocht bhí sé brónach easanórach
faoi n-a dhá chruit.



Dá mhéad an t-iongnamh a bhí ar mhuinntir an bhaile
faoi Sheaghan Mac an Niallaigh 'fheiceál ag teacht a-bhaile
gan éan chruit; ba mhó seacht n-uaire é, ar fheicsint
dóibh, Páidín ag teacht agus an dá chruit air.



Bhí an t-ádh ar Sheaghan acht bhí a mhalrait ar Pháidín,
agus deirim-se libh go mb' fhearr do Pháidín, fanacht sa'
mbaile agus éan chruit amháin a iomchar go foigdeach,
ná an dá cheann a bheith ar a dhruim go dtí lá a bháis.



'Sé Séamus Mac Énrí a chuir an sgéal seo ag triall
orm.



Cromadh, a stoop.
Coinsias, conscience.
Eas-anórach, under great distress and affliction.
Fighe, the act of weaving.
Impidhe, a request.
Ionnsuidhe, an attack.
Malrait, an exchange.
Rann, a song, a verse.




L. 52


AN CHAILLEACH MHÓR



Bhí sean-lánamhain ann fad ó agus is fadó bhí. Dhá
mbéinn an uair sin ann, ní bhéinn anois ann, bheadh sgéal
úr nó sean-sgéal agam, agus b'fhéidir nár dhóichide sin
ná bheith gan éan sgéal.



Bhí an sean-fhear deich mbliadna agus trí fichid d'aois,
agus an tsean-bhean trí fichid, agus ní raibh éinne
cloinne riamh aca acht gheall Dia do'n tsean-mhnaoi go
raibh sí le riocht cloinne.



An oidhche bhuail tinneas na cloinne í, d'imthigh an
sean-fhear faoi dhéin mná-ghlún, agus casadh an cóiste
cinn dó ag teacht i n'aghaidh ar an mbóthar agus ceithre
cinn de chapallaibh 'ghá tharraingt, faoi n-a chuid fuinneog
gloine agus dhá lanndéir ar a thoiseach.



Chuir Cailleach Mhór a cloigeann amach ar fhuinneoig
an chóiste agus dubhairt sí leis an sean-fhear filleadh
a-bhaile, go raibh ingean óg ag á n-a mhnaoi agus í go
maith agus nach raibh éan chall aige a dhul nidh b'fhuide ins
an turas a raibh sé ag dul ann.



"Nuair a ghabhfas tú a-bhaile," ar sise, "Fosgail a
leitheide seo de chomhra atá in do theach, agus gheobhaidh tú
'chuile chineál éadaigh ins an gcomhra sin dár chóir a chur
ar leanbh ar bith dhá fheabhas, agus cuirigidh ar an bpáiste
iad. Gheobhaidh tú biotáilte ann, agus gheobhaidh tú fíon
ann, gheobhaidh tú arán agus tae ann, agus gheobhaidh tú min
choirce ann, agus gheobhaidh tú 'chuile shórt ins an gcomhra
a fhoghnanns do mhnaoi ar bith a bheith i ndiaidh cloinne.



"Tá fleasg óir i gclár éadain an pháiste agus
fleasg airgid i gcúl a cinn, agus is é an t-ainm a
bhéarfas tú uirthi, "Lasair Ghorm Dhearg," agus tóg go maith
an páiste le sgoil agus le léigheann, chomh maith le ingin
duine uasail ar bith, agus gheobhaidh tú neart óir agus airgid


L. 53


in do chomhra lá ar bith fhosglóchas tú é, nó bhéas graithe
agat de, acht go bhfuil tú 'ghá geallamhaint dom-sa nuair
a bhéas sí ocht mbliadna déag d'aois agus tiocfaidh mise
faoi n-a déin an uair sin, agus tóg go maith í agus
b'fhéidir go mb'fhearrde dhuit féin é."



D'fhill sé a-bhaile agus bhí 'chuile shórt dhár dhubhairt
an Chailleach Mhór leis, i n-a fhírinne.



Nuair a tháinig an páiste i n-éifeacht, chuir sé sgoil
agus léigheann roimpi, agus thóg sé í chomh maith le ingin
duine uasail ar bith dhá raibh ins an tír.



Bhíthear ag caitheamh an ama go raibh "Lasair Ghorm
Dhearg" ocht mbliadna déag d'aois, agus nuair a bhí, tháinig
an Chailleach Mhór faoi n-a déin, le n-a cóiste mór, agus
d'iarr sí a hingean a chur amach chuici, agus chuir an sean-fhear
amach chuice í, agus bhí an tsean-lánamhain buadhartha
uaigneach i n-a diaidh, mar nach raibh comhluadar ar bith
aca acht í.



D'iarr an Chailleach Mhór uirthi a dhul isteach ins an
gcóiste chuici, agus chuaidh sí isteach, agus d'fhill an
Chailleach Mhór an cóiste ar ais, agus bhí sí ag imtheacht
agus níor stad sí agus níor chomhnuigh sí nó go dtug sí
isteach i gcúirt agus i gcaisleán breagh í, go dtug sí
suas chun a párlúis í.



Bhí togha gach bidh agus rogha gach dighe leagtha ar bord
annsin. "A ingean," ar sise, "suidh agus ith do dhin-
néar." Shuidh agus d'ith, agus níor fhan an Chailleach Mhór
aici. Nuair a bhí an dinnéar caithte aici, tháinig an Chail-
leach Mhór chuici agus bioráin chniteála leithi agus
ceartlín snáith.



"A ingean," ar sise, "an bhfuil tusa ábalta péire
stocaí a chniteál?" "Atá," adubhairt sí.



"Seo dhuit iad seo," adubhairt sí, "agus gabh ag
cniteál." Rug sí uaithi ortha agus chuaidh sí ag cniteál
na stocaí, agus d'imthigh an Chailleach Mhór uaithi. Nuair


L. 54


a bhí sí sgathamh ag obair, thuit an ceartlín amach as a
hucht agus roil sé ar an urlár go ndeachaidh sé isteach
faoi bhun dorais seomra a bhí ann, agus sháruigh sé uirthi
a thabhairt amach ó bhun an chomhnlaidh, agus b'éigean dí
cromadh agus a lámh a chur isteach, ag tabhairt amach an
cheartlín, agus nuair a chrom, chonnaic sí an Chailleach
Mhór ag oibriughadh a cuid droma draoidheachta go
huathbhásach.



Tháinig iongantas ar an mnaoi óig agus má tháinig
féin, níor leig sí uirthi féin é, óir shuidh sí síos ag
cniteál ar ais. Ba gearr a bhí sí annsin go dtáinig an
Chailleach Mhór chuici. "A ingean," ar sise, "go té'n rud
chonnaic tú in mo sheomra?" "Ní fhaca mé dadaidh agus
ní innseochaidh mé tadaidh," ar sise. "Siubhail amach
liom-sa ann seo go fóill," ars an Chailleach Mhór, "agus
leag do bhrat ar do ghuailneacha," leag, agus shiubhail an
bheirt amach, agus thug an Chailleach Mhór síos go bord an
locha í. "Anois," ar sise, "innis dom téard a chonnaic
tú in mo sheomra?"



"Ní innseochaidh mé tadaidh," ar sise, "mar nach bh'fhaca
mé tadaidh," "bain díot do chuid éadaigh," ars an Chail-
leach Mhór, "gach uile snáithe dhá bhfuil ar do chraiceann."
Thoisigh sí ag baint dí na h-éadaighe.



Nuair a bhí na héadaighe bainte dhi beag nach. "Anois,"
ars an Chailleach Mhór, "innis dom céard a chonnaic tú in
mo sheomra." "Ní innseochaidh mé tadaidh," ar sise, "mar
nach bhfaca mé tadaidh."



Rug an Chailleach Mhór uirthi idir a dhá láimh agus thóg
sí í agus chaith sí amach i lár an locha í, agus d'imthigh sí
agus d'fhág sí annsin í.



Bhí mac duine uasail ag iasgaireacht ar an loch i n-a
bhád beag, agus nuair a chonnaic sé dhá báthadh í, thóg sé
isteach ins an mbád í, agus chas sé a chóta mór thimcheall
uirthi, agus thug sé a-bhaile leis í, agus chuir sé isteach


L. 55


i seomra dhi féin í, agus thug sé culaidh éadaigh chuici a
bhí sáthach maith ag aon bhean uasal dá raibh ins an domhan,
agus annsin chuir sé fios ar sagart agus pósadh an
lánamhain i gan fhios dá mhuinntir.



Cébí chaoi ar theangmhuigh eochair an tseomra ar a
dheirbhshiair lá, bhain sí an glas de'n doras agus chonnaic
sí ise annsin agus níor labhair sí acht filleadh amach ar
ais.



D'fhiafruigh sí dh'á dearbhráthair go té'n áit a bhfuair
sé an bhean bhreágh a bhí ins an seomra.



D'innis sé dhí an chuma ar theangmhuigh sí air, agus
an chaoi a bhfuair sé í, agus an chuma ar thárrthuigh sé
a báthadh í agus go raibh sí ó shoin annsin.



Thug a athair agus a mháthair agus a mhuinntir uilig
milleán mór dhó, go mba mhór an náire dhó é, í bheith mar
sin faoi ghlas agus é a dhul agus a tabhairt i n-a measg
go haibéil. Chuaidh sé, agus thug sé leis í, agus bhí sí ar
fud an tighe annsin mar bhí 'chuile dhuine aca féin, agus
ní raibh éan bhean le fágháil i n-áit ar bith, a bhí leath chomh
breágh léithi, agus bhí sí aige annsin go raibh mac óg aici.



Cúpla oidhche i ndiaidh an naoidheanán a theacht ar an
tsaoghal, tháinig an Chailleach Mhór chuici.



"Sé do bheatha, a mháthair," ar sise, "Go mairidh tú,"
ars an Chailleach. "Anois, innis dom téard a chonnaic
tú in mo sheomra?"



"Ní innseochaidh mé tadaidh," ar sise, "mar nach bhfaca
mé rud ar bith."



Beireann an Chailleach Mhór ar an bpáiste, agus
tugann sí léithi é, agus sgap sí beagáinín fola ar na
héadaighe leabtha, agus thart ar éadaigh máthar an leinbh.



Bhí 'chuile dhuine ins an teach i n-a gcodladh an uair
sin. D'imthigh an Chailleach Mhór léithi, agus d'fhág sí
annsin í.



Nuair a dhúisigh na daoine, ní raibh an naoidheanán le


L. 56


fágháil, agus bhí an fhuil sgaptha ar a héadan agus ar
a lámha agus i n-a timcheall ar gach uile áit.



D'fhiafruigh siad dí go té raibh an naoidheanán, nó go
té d'éirigh dhó. Dubhairt sí nach n-innseochadh sí é.
Dubhairt siad annsin nár bhean cheart a bhí innti; bean
a fuarthas ar an loch mar fuarthas í, agus gurab é an
chaoi a mharbhuigh sí an naoidheanán, agus dubhairt siad go
mb'fhearr teine a dhéanamh agus a doghadh.



D'iarr a fear feín impidhe ar a athair, a párdún an
uair sin, agus thug an t-athair sin dó.



Bhí sí aige annsin go raibh an darna mac aici, agus
bhí neart ban coimhreach 'ghá fhaire.



Thuit 'chuile dhuine aca i n-a gcodladh, acht máthair an
naoidheanáin, agus bhí sí i n-a dúiseacht nuair a tháinig
an Chailleach Mhór isteach.



"Sé do bheatha, a mháthair!" ar sise. "Go mairidh tú,
a ingean," ars an Chailleach Mhór. "Anois," ar sise,
"innis dom go té'n rud a chonnaic tú in mo sheomra?"



"Ní innseochaidh mé tadaidh," ar sise, "mar nach
bhfaca mé tadaidh."



Rug an Chailleach Mhór ar an naoidheanán, agus chuir
sí isteach faoi n-a com é, agus sgapann sí beagáinín
fola ar a héadan agus ar a lámha agus ar a cuid
éadaigh, agus imthigheann sí agus an naoidheanán léithi.



Nuair a dhúisigh muinntir an tighe uilig, ní raibh tuairisg
an naoidheanáin le fágháil thall ná i bhfus ná i n-áit
ar bith, agus d'fhiafruigh siad di go té'n áit a raibh an
naoidheanán. Dubhairt sí nach n-innseochadh sí sin dóbhtha.
Dubhairt gach duine annsin nár bhean cheart í, agus
gurab é an chaoi a mharbhuigh sí an páiste go cinnte, agus
go mb'fhearr a cur chun báis go haibéil, nó go mb'fhéidir
go ndéanfadh sí rud ba mheasa 'ná sin.



D'iarr an fear óg maithteanas a thabhairt di an uair
sin, agus nach n-iarrfadh sé nidh ba mhó é, agus fuair sé


L. 57


sin. Do rith léithi go raibh ingean óg aici, agus má bhí
riamh agus go raibh cheana, bhí dhá'réag ban coimhreach 'ghá
faire ins an oidhche, agus thuit gach uile dhuine aca i n-a
gcodladh, acht máthair an naoidheanáin.



Tháinig an Chailleach Mhór chuici, "Sé do bheatha, a
mháthair," ar sise. "Go raibh maith agat, a ingean!" ars
an Chailleach Mhór léithi. "Anois," ar sise, "innis dom
go té'n rud a chonnaic tú in mo sheomra?" "Ní inn-
seochaidh mé tadaidh, mar nach bhfaca mé tadaidh."



Beireann sí ar an bpáiste, agus cuireann sí isteach
faoi n-a com í, agus dhóirt sí beagáinín fola thart
thimcheall uirthi, agus cuid de'n fhuil sgaptha ar a lámha
agus ar a héadan. D'imthigh an Chailleach Mhór léithi,
agus fágann sí annsin í, agus an chuma sin uirthi.



Nuair a dhúisigh gach uile dhuine ins an teach, ní raibh an
naoidheanán le fágháil. D'fhaifruigh siad di, go cé'n áit
a raibh an páiste, nó téard d'éirigh dhó, nó ar thug duine
ar bith uaith í.



Dubhairt sí nach n-innseochaidh sí sin dobhtha, tadaidh
faoi'n naoidheanán, ná go té'n rud a d'éirigh dhí, agus
gurab in rud nach n-innseochadh sí go deo dhóibh, agus
gan iad a bheith 'ghá fhaifruighe dhi.



Tháinig athair an fhir óig i láthair. "A mhic," ar seisean,
"ná hiarr maithteanas di níos mó, óir níl sé le
fágháil agat. B'fhurus d'aithne do 'chuile dhuine, nár
bhean cheart a bhí innti, bean ar bith a cheap tú ar loch
mar í, gan duine a bheith léithi, nó bheith i n-a cuideachta.
Níor innis sí dhuit go t-é hí féin, agus níor innis sí
dhuit go t-é hé a hathair ná a máthair, agus níl fios
ar bith agat go t-é hí féin, agus caithfidhear ins an
teinidh ar an dó dhéag indiú í"



Faduigheadh an teine, agus bhíthear 'ghá fágháil faoi
réir le n-a caitheamh ins an teinidh ar uair a dó dhéag.
Dubhairt a fear féin nach mbeadh sé beo dhá mbeadh sé


L. 58


ag faire uirthi nuair a bheithí 'ghá cur ins an teinidh, agus
go n-imtheochadh sé sgathamh ó'n teach; nach dtiocfadh leis
fanacht ann, agus í dhá doghadh.



D'imthigh sé leis, agus nuair a bhí sé míle bealaigh ó'n
áit, chonnaic sé an cóiste mór ag teacht air i n-'aghaidh
ar an mbóthar, agus ceithre cinn de chapallaibh 'ghá thar-
raingt, agus fear i n-a shuidhe taobh amuigh dhe, agus é
ag greadadh na gcapall ag baint siubhail asta.



Nuair a casadh dhó an cóiste, chuir bean uasal bhreágh a
ceann amach ar fhuinneoig an chóiste, agus d'fhiafruig sí
dhe, ar chaitheadh an bhean sin ins an teinidh go fóill.



Dubhairt sé léithi go raibh leath-uair eile de spás aici
sul dá gcaithtí ins an teinidh í.



"Cad chuige," ar sise, "nár fhan tusa 'ghá faire nuair
a bheadh sí dhá doghadh?"



"Is mé a fear pósta," ar seisean, "agus ní bhéinn beo
dhá mbéinn ag amharc uirthi dhá róstadh ins an teinidh."



"Gabh isteach annseo ins an gcóiste chugam-sa go
haibhéil," ar sise. Chuaidh sé isteach chuici.



"Seo iad do thriúr páistí liom-sa anois," ar sise, agus
spreag sí an tiománaidhe gan na caiple a spáráil, agus
ghread siad ar siubhal.



Bhí an t-am caithte acht trí móiméid, nuair a tháinig
siad go dtí an teine, agus iad faoi réir ise a chaitheamh
innti nuair a léim an Chailleach Mhór amach as an gcóiste
agus thug sí amach an triúr páistí, agus chuaidh sí go dtí an
bhean óg, agus rug sí ar bhárr dhá lámh uirthi agus phóg sí í.



"A' ingean," ar sise, "ab'fhearr a thóig éan bhean
riamh, agus ba hí sin thusa. Bhí tú 'fulaingt leisg
tadaidh 'innsin orm-sa, agus is maith dhuit féin sin. Bhí
na geasa sin orm-sa le trí chéad bliadhain, agus bheadh
go bráthach go n-iomchruigheadh do mhac samhail-se an méid
sin, a ndeachaidh tú thríd, agus is liom-sa indiu thú
d'aindeóin ceachtar aca. Seo iad do thriúr páistí, slán,


L. 59


tárrthuighthe, tógtha go maith, chomh maith agus do b'fhéidir
a mac samhail ar bith a thógbháil. Siubhail isteach annseo
anois chun mo chóste-se. Ní fhágfaidh mé ag ceachtar
aca thú. Tá áit agam-sa dhuit níos fearr dhuit 'ná
fanacht aca-san. Is tú an t-oighre istigh agus amuigh ar
an méad atá agam-sa, go bráthach."



Shiubhail sí féin agus a fear isteach ins an gcóiste,
agus a dtriúr páistí, agus an Chailleach Mhór í féin,
agus d'fhill siad an cóiste ar ais.



Níor stadadar agus níor chomhnuigheadar go dtug sí
isteach chun a cúirte agus chun a cathrach féin iad, agus
go ndearna sí oighre de'n fhear óg agus d'á mhnaoi, ar a
raibh istigh agus amuigh aici dhá 'chuile mhíle sórt a b'fhearr
ná a chéile, agus bhí sin aici, saidhbhreas ag an gCailligh
Mhoir.



Chaitheadar an oidhche sin, trian le fiannaidheacht, trian
le sgéalaidheacht, trian le solm sámh agus le síor-
chodladh go dtáinig maidin lá ar n-a bhárach, gur itheadar
agus gur óladar a sáith, blas na meala ar gach éan
ghreim aca, agus gan dhá ghreim ar éan bhlas, agus gan
éan ghreim tur.



"A ingean, anois!" ar sise, "gabh thú féin agus
d'fhear isteach ins an gcóiste seo, agus gabh go dtí
d'athair agus do mháthair go bhfeicidh tú an bhfuil siad
beo, nó an maireann siad, agus má tá siad beo, tabhair
chugam-sa annseo iad." Bhí go maith, a dhuine chóir!



D'imthigh siad agus níor stadadar agus níor chómh-
nuigheadar go ndeachaidh siad go dtí an áit a raibh an
tsean-lánamhain go bhfuaireadar annsin iad, a dhuine
mo chroidhe! i n-a sean-lánamhain caithte críon liath,
duine i bhfus agus duine thall ar gach éan taoibh de'n
teinidh, agus gan duine ar bith le dearcadh i n-a ndiaidh.
Thóigeadar leo isteach ins an gcóiste iad. D'fhill an
cóiste ar ais go dtáinig siad go dtí teach na Caillighe


L. 60


Móire. Bí sí i n-a n-aircis amach ó dhoras a halla,
agus chuir sí céad míle fáilte agus sláinte roimh an
tsean-lánamhain, agus níorbh' lánamhain gan fáilte
aici iad.



Bhí an lánamhain óg agus an tsean-lánamhain agus
an Chailleach Mhór annsin i gcuidechta, nó gur sgar an
bás ó n-a chéile iad, agus go deimhin ní raibh tart ná
ocras ortha, chomh fhad 's mhair siad beo.



'Sé Antoine Sírín a d'aithris é seo.



Aibéal, quick, lively.
Aircis, a meeting.
Ban coimhreach, of women watchers, protectors.
Bhíthear, was being.
B'fhurus d'aithne, it was easy to see.
Bioráin chniteála, knitting needles.
Biotáilte, intoxicating drink.
Bord, brink, edge.
Brat, cloak, mantle.
Call, need, necessity.
Cathrach, gen. of cathair, a city.
Caithfidhear, will be thrown.
Cheap, caught, seized.
Ceartlín Snáith, a ball of thread.
Clár éadain, a forehead.
Cóiste cinn, a covered coach.
Comhluadar, company.
Comhnlaidh, a door leaf.
D'aindeoin, in spite of.
D'éirigh dhó, happened to him.
Doghadh (a), to burn her.
Droma draoidheachta, spells of enchantment.
Éifeacht, maturity, wisdom.
Fiannaidheacht, relating to the Fenians.
Fleasg, a star.
Fhoghnanns, that suits or fits.
Fulaingt, suffering; in pain.
Geasa, spells, obligation.
Geallamhaint, the act of promising.
Greadadh, beating, urging, pressing.
Ghread siad ar siubhal, off they went.
Guailneacha, shoulders.
Impidhe, a prayer, a request.
n-lomchruigheadh (go), subj., would be carried.
Lanndéir, a lantern.
Léigheann, learning.
Leisg, loth, for fear.
Níor leig sí uirthi féin, she did not mind, pretend.
Oighre, an heir.
Párlús, a parlour.
Riocht, condition, plight, state.
Roil, rolled.
Sgéalaidheacht, the act of storytelling.
Sgapann, spreads, sprinkles.
spreag, urged.
Solm sámh agus síor-chodladh, a continuous and peaceful sleep.
Tiománaidhe, a driver.
Thall ná i bhfus, not anywhere.
Theangmhuigh, struck against, met with.
Tógtha, reared.
Tuairisg, an account.
Tur, dry, without condiment.
Uaigneas, lonliness, grief.
Ucht, lap, bosom.


L. 61


SEAGHAN BÁN



Dá bhfeictheá Seaghan Bán,
Is a charaidh ba breac ó'n tsliabh,
Bhí cion ag na mná air,
Is bhí a lán aca marbh i n-a dhiaidh;
Níl gile, níl áilne, níl breághthachte,
Dhá raibh i n-éan fhear ariamh,
Nach raibh roinn de in mo ghrádh-sa,
Is ní náir dhom bheith brónach i n-a dhiaidh.



Is maith a d'aithneochainn mo chéad ghrádh,
I n-éideadh fir siopa i bhfad uaim,
Bhí deallradh ó'n ngréin ann,
Is é féachaint orm go cruaidh;
'Sé an tsamhail a bhéarfainn dá mhéin mhaith,
Is do leagan a shúl,
Mar bheith fíor-uisge sléibhe
Bheadh ag éalughadh maidin lae chiuin.



A chuisle is a annsacht! i dtús an tsamhraidh,
A' dtiocfá-sa chun siubhail,
Amach faoi na gleannta ar na tamhnacha,
An áit a sgallanns an ghrian;
Ba breaca nó gamhna ní shanntóchainn
Leat-sa mar spré,
Acht mo dhá láimh faoi do cheann,
Is sinn a bheith ag cainnt go huair an dó dhéag.



Dhá bhfanthá go dtí an Fhéil' Brigdhe,
Ar m'fhírinne bhéarfainn duit duais,
Go gcruinnighmís ár ndaoine,
Is go ndéanamuis an t-eadarshudh seo thuas;
Béidh againn ba is caoirigh ar réidhteach,
Ar mhalaí an Chnuic Ruaidh,
Is béidh cead agat a dhul chun tíoghbhais,
Má's mian leat le malaí gan gruaim.


L. 62


Déanfaidh mé teach mór,
An bhruach an chladaigh úd thiar,
An áit a bhfeicfidh mé mo stóirín,
Tráthnóna is ar maidin ag triall;
A ghruaidh dhearg mar an rós;
Nach tinn brónach bhéas mise in do dhiaidh,
Is mí ní bhéidh mé beo,
Má phósann tú an bhean dubh ó'n tsliabh.



'Sé Seaghan O Bláthmhail ata i n-a chomhnaidhe i nDún
Inbhir a d'aithris é seo dhom.



Annsacht, f., affection, love, a darling.
Ar réidhteach, .i. ar féarach ar an oiread seo an ceann.
Breághthachte, f., loveliness, fineness.
Caraidh bó breac, a string of speckled cows.
Cladach, m., gen. -aigh, the sea shore, the beach.
Chun tíoghbhais, housekeeping with a view to matrimony.
D'aithneochainn, I would recognise.
Deallradh, dazzling glare, a brightness.
Eadarshudh, an súgradh, an pósadh.
Éalughadh, act of escaping quietly or stealthily.
Éideadh, m., gen., éididh, a dress, suit, a habit.
Féachaint, gazing, act of looking.
Gruaim, f., displeasure, a frown; surliness.
Leagan a shúl, an chaoi a ndúnadh sé a dhá shúil.
Samhail, the like of, a comparison.
Shanntóchainn, I would covet or desire.
Sgallanns, shines.
Tamhnacha, green patches of land in a waste or bog.



GOBÁN SAOR



Bhí fear annseo i nÉirinn a dtugtaoi Gobán Saor air,
agus mhair sé ins an seachtmhadh haois. Ba de shliocht
Thaidhg mac Chiain, mac Oiliolla Oluim é, do chuir faoi i
gConndae na Midhe ins an tríomhadh haois. Chomhnuigh
Gobán i gCartún i bhfuisgeacht míle de Chill Alaidh i
gConndae Mhuighe Eó. Tá lorg a thighe le feiceál annsin
i gcomhnaidhe. Tugtar Garrdha Ghobáin Saoir air, agus
bíonn an garrdha sin glas i gcomhnaidhe.



Ba saor cloiche agus ádhmaid a bhí ann, agus bhí sé go
han-chliste ar fad le stuaim agus intleacht. D'imthigh


L. 63


sé go hAlbain ag iarraidh oibre dhó féin. Chuaidh sé i
n-áit a raibh saortha ag obair, agus thoisigh siad ag
gáiridhe faoi. Nuair a chuaidh siad chun a ndinnéir d'fhiaf-
ruigh Gobán díobhtha, céard a bheadh sé féin a dhéanamh go
dtigeadh siad ar ais.



Dubhairt an máighistir a bhí os cionn na hoibre leis,
cat agus dhá iarball a dhéanamh, agus cat gan éan iar-
ball ar bith.



Nuair a tháinig siad ar ais agus chonnaic siad an rud
a bhí déanta aige, i n-áit iad-san a bheith ag magadh air,
bhí seisean ag magadh ortha-san. Dubhairt an máighistir
annsin leis na hoibridhtheoirí, "Ní dhearnaidh éan fhear
riamh sin acht Gobán Saor as Éirinn, agus má's é atá
ann, caithfidh sé máighistreacht na hoibre 'fhagháil."



Fuair sé sin, agus ní raibh éan chaisleán ins an
domhan a dtáinig leis bheith níos breaghthachte 'ná an ceann
a rinne sé.



Nuair a bhí sé críochnuighthe annsin aige, thug an
máighistir duais mhór dhó le cois a thuarastail, agus
dubhairt sé go raibh an-bhród air gur casadh air é. Sgar
an bheirt buidheach beannachtach, agus dubhairt Gobán
Saor go dtiocfadh sé a-bhaile go hÉirinn. Nuair a
tháinig sé a-bhaile bhí mío-shásamh mór air mar nach raibh
éan mhac aige - acht clann ingean uilig - go múineadh sé
an chéird dó, agus thar éis seal gearr a chathadh sa mbaile,
dubhairt sé le n-a mhnaoi go gcaithfeadh sé imtheacht
aríst go Baile Átha Cliath ag foirgint chaisleáin do
dhuine uasal ann, agus deir sé léithi, "Nuair a thiocfas
mé ar ais b'fhéidir, le congnamh Dé, go mbeadh malrait
sgéil agat le innsin dom a thóigfeadh mo chroidhe."



D'imthigh sé annsin agus hoin Dia le n-a mhnaoi go
raibh ingean eile aici.



Bhí taoiseach ar bh'ainm dó Franaidh Mór i n-a chomh-
naidhe i bhfuisgeacht leith-mhíle de theach Ghobáin. Bhí an


L. 64


abhainn eatortha. Bhí muirighin mhór de chlainn mac aige,
gan éan ingean ar bith a bheith aca. Ó thárla go raibh an
sgéal mar sin, rinne ar bheirt bhan, 'sé sin bean Ghobáin
agus bean Fhranaidh marlait páistí, agus ní raibh fios
ar bith ag Gobán faoi.



Nuair a tháinig Gobán a-bhaile, bhí bród mór air nuair
a chonnaic sé go raibh athrughadh cloinne ag a mhnaoi.
Thóg sé le árd-sgoil agus le léigheann é. Go raibh sé
suas le bliadhain agus fiche d'aois. Bhí sé i n-a bhail-
labhair annsin, ní raibh a fhios aige cia'n chaoi a dtogh-
fadh sé bean dó.



Dubhairt Gobán leis dul chun an aonaigh agus craiceann
caorach a thabhairt leis, agus an craiceann a bheith a-bhaile
leis agus a luach. Chuaidh sé ann agus chaith sé trí lá
ar an aonach, agus ní bhfuigheadh sé éan duine a bhéarfadh
dhó é, nó go raibh sé ag teacht a-bhaile tráthnóna, an
tríomhadh lá, nuair a casadh an bhean seo leis, agus í ag
nighe éadaigh cois abhann. Rinneadh ball magaidh dhe ar
an aonach.



D'fhiafruigh sí dhe cé raibh sé ó mhaidin. "Bhí mé ag
díol an chraicinn seo," ar seisean, "agus ní bhfuighinn
éan duine a cheannóchadh é." "Is mór an t-iongantas
sin," ar sise. Caithfidh go raibh tú ag iarraidh a dhíol
go hiongantach daor."



"Ní raibh," ar seisean, "acht dubhairt m'athair liom
gan sgaradh leis go bhfuighinn é féin agus a luach."



"Bhéarfaidh mise é féin agus a luch dhuit," ar sise."



"Bíodh sé i n-a mhargadh," arsa Mac Ghobáin. Rug sí
ar an gcraiceann, agus bhain sí an olann de. Chongbhuigh
sí an olann agus chaith sí chuige an craiceann agus tuis-
tiún, mar b'in é a luach.



Chuaidh sé a-bhaile agus d'fhiafruigh an t-athair dhe, cé
thug an craiceann agus a luach dhó.



Dubhairt sé gurab í a leitheide seo de mhnaoi a bhí ag


L. 65


nighe éadaigh cois abhann a thug dhó é.



"Tá go maith, a mhic," adubhairt sé, "caithfidh tú í sin
a phósadh."



D'imthigh sé agus d'iarr sé an bhean dá mhac, agus is
beag a bhí fhios aige gur b'í a ingean féin í, agus b'í,
agus ní raibh gaol ná páirt aige leis an bhfear a shíl sé
gur bh'é a mhac é. B'in é an t-ádhbhar go raibh sé chomh
mío-thuisginteach le taoibh a ingine.



Gléasadh an bhainfheis agus pósadh an lánamhain. Bhí
bainfheis bhreagh aca, mar bhí neart airgid ag Gobán.
Thar éis na bainse, líon sé soitheach le ór, agus shín sé
chuig mhnaoi a mhic é, agus dubhairt sé gur deas an
éadáil é sin, agus dubhairt sise nach raibh caill ar bith
ann acht a bheith ag cur i n-a cheann. Thug sé soitheach
eile annsin di. "Is fearr anois é 'ná an chéad uair," ar
sise. "Is fearr," ar seisean, "agus ní dadaidh sin le
taoibh a bhfuil le fagháil agat. Nó sílim," ar seisean,
"gur fiú thú é, rud ar bith a gheobhas tú."



Thug sé a-bhaile leis annsin í, agus fáilte mhór a bhí ag
Gobán roimpi. D'fhanadar i bhfochair a chéile ar feadh
dhá bhliadhan gur sgríobh Rí Shasana faoi n-a dhéin go
ndéanadh sé caisleán dó.



Nuair a bhí sé ag dul ann, thug sé leis a mhac, agus
nuair a chuaidh siad sgathamh de'n bhóthar, dubhairt
Gobán leis, an bóthar a ghiorrughadh, agus dubhairt an
mac nach dtáinig leis. "Muna dtig, a mhic, fill
a-abhaile," adubhairt Gobán leis, agus d'fhilleadar
a-bhaile an lá sin. Maidin lá ar n-a bhárach, dubhairt
sé le mhnaoi a mhic an chéad-phroinn a réidhteach, go
dtéigheadh siad go Sasana an lá sin.



Nuair a chuadhadar timcheall an fhaid chéadna a ndeach-
adar an lá roimhe sin, dubhairt sé leis, an bóthar a
ghiorrughadh. Dubhairt an mac leis nach dtáinig leis.



"Fill a-bhaile," adubhairt an t-athair leis. Chuaidh siad


L. 66


a-bhaile agus bhí iongántas mór ar a mhnaoi, go tuige a
raibh siad a' teacht a-bhaile mar sin, acht níor labhruigheadh
éan fhocal faoi go ndeachadar a chodladh, agus nuair a
chuaidh, d'fhiafruigh sí dh'á fear go cé'n fáth a raibh siad ag
filleadh mar sin le dhá lá.



"D'abruigheadh m'athair liom an bóthar a ghiorrughadh
dhó, agus dubhairt mé leis nach dtáinic liom."



"Nuair a iarrfas sé i mbárach ort é," ar sise, "toisigh
ar phaiste de sgéal maith, agus creid mise dhuit nach
bhfillfidh sé, agus cébí rud a dhéanfas tú nuair a rachas
tú go Sasanaibh, bí mór leis na mnáibh."



Nuair a chuaidh siad ar an mbóthar an tríomhadh lá,
agus nuair a shiubhail siad sgathamh de'n bhóthar, d'iarr
Gobán ar a mhac, an bóthar a ghiorrughadh. Dubhairt sé
leis go ngiorróchadh, agus thoisigh sé ar sgéal.



"Déanfaidh tú na graithe anois," adubhairt Gobán
leis. D'imthigheadar leo go Sasana annsin, agus chuaidh
siad i gcionn a gcuid oibre, agus bhíodar ag dul chun
tosaigh go féidhmeamhail leis an obair. Bhí mac Ghobáin
ag déanamh iongantach mór leis an mnaoi a bhí ag réidh-
teach an bidh i dteach an ríogh, agus níor innis sé riamh dhi
go raibh sé pósta.



Nuair a bhí an caisleán réidh, dubhairt an rí go mbain-
feadh sé an ceann de Ghobán ar fhaitchíos go ndéanadh sé
éan cheann eile a bheadh chomh breágh leis, agus bhí an
searbhfhoghanta seo a bhí ag suirgheacht le mac Ghobáin ag
éisteacht leis an righ dhá ráidhe, agus dubhairt sí le mac
Ghobáin, "Is gearr bhur saoghal." "Tuige?" adubhairt
seisean. D'innis sí dhó an sgéal ó bhun go dtí a bhárr
mar chualaidh sí féin é.



D'imthigh mac Ghobáin agus d'innis sé dhá athair é.



"Ní fiú biorán é," adubhairt an t-athair leis.



"Nuair a tháinig an rí go dtí Gobán agus é a' dul
'ghá mharbhadh, adubhairt sé, "A Ghobáin, an bhfuil éan


L. 67


chaisleán ins an domhan chomh breágh leis seo?" Dubhairt
Gobán nach raibh, "dá mbeadh trí nidh atá sa' mbaile
agam, annseo agam, acht gan na trí nidh sin atá sé i
n-a bhail-labhair, agus is fearr dhúinn dul go hÉirinn
faoi n-a ndéain."



"Ó! ní rachaidh," ars an rí, "cuirfidh mé mo mhac féin
faoi n-a ndéir." "Cé hainm a bhéarfas sé ortha?" ars
an rí. "Bhéarfaidh sé "cor i n-aghaidh an choir; cam i
n-aghaidh an chaim; agus beart i n-aghaidh na beirte.""



"Go té'n chaoi a bhfuighidh mé amach do theach-sa i
n-Éirinn?" adubhairt mac an ríogh.



"Bí ag imtheacht go bráthach," arsa Gobán, "nó go
dtigidh tú ar theach breágh, agus béidh cnap mór aoiligh
amach ó'n doras ann; gabh isteach annsin agus gheobhaidh
tú teine bhreágh ann; bean ar leath-láimh agus páiste
ar leath-shúil."



Bhí sé ag siubhal go bhfuair sé amach teach Ghobáin.
Nuair a chuaidh sé isteach, d'fhiafruigh sé de mhnaoi mhic
Ghobáin, ar bh'é seo teach Ghobáin i nÉirinn? Dubhairt
sí gurab é. "Dubhairt sé liom-sa go raibh tú ar leath-
láimh," adubhairt mac an ríogh, "agus go raibh an páiste
ar leath-shúil."



Rug sí ar an bpáiste, agus chuir sí ar a leath-láimh é.
"Anois," ar sise, "nach bhfuil mise ar leath-láimh?"



Chuir sí próiste i láimh an pháiste, agus dubhairt sí go
raibh an páiste ar leath-shúil anois. "Níl a fhios cia'n
móiméad," adubhairt sí, "a chuirfeadh sé an próiste sin
i n-a shúil, agus bhainfeadh sé an tsúil as féin."



Dubhairt sé léithi gur chuir Gobán i gcoinne na dtrí
neithe é.



"Go cé'n t-ainm atá ortha?" adubhairt sí leis.



"Atá cor i n-aghaidh an choir; cam i n-aghaidh an chaim;
agus beart i n-aghaidh na beirte," adubhairt mac an ríogh.



"Tá siad thíos annsin ins an gcomhra, agus gabh síos


L. 68


agus tabhair leat iad," ar sise.



Chrom sé isteach i gcomhra mhór mhiotail a bhí ann;
chuaidh sí síos agus rug sí ar dhá chois air, agus chaith sí
isteach é. Chuir sí an glas ar an gcomhra, agus d'fhág
sí annsin é, agus dubhairt sí, "Béidh tusa annsin
anois, nó go dtigidh Gobán agus a mhac a-bhaile chugam-sa."



Bhí baramhail aici go raibh Gobán agus a mhac i
ngéibheann thall. Fuair sí seoladh an ríogh ó'n ngiolla
a bhí ins an gcomhra. Do sgríobh sí litir a chuig an righ,
agus dubhairt sí leis, go raibh a mhac i gcéibheann aici,
agus nach bhfágfadh sé choidhche an áit sin, nó go dtigeadh
Gobán agus a mhac slán chuici féin.



Ba bhuidhe bocht leis an rígh, Gobán agus a mhac leigint
a-bhaile, agus nuair a shroich siad an baile, thugadar cead
a chinn do mhac an riogh, agus sgaoil siad chun bealaigh é.
Sin é an chaoi a chruthuigh bean mhic Ghobáin do'n bheirt
aca. Dubhairt Gobán annsin go dtiubharfadh sé suas
dul go Sasana níos mó. Tá siad annsin socair sáthach
ó shoin.



Antoine Giontaidh a d'aithris, atá i n-a chomhnaidhe i
nDún-Inbhir, ar Oileán Acla.



Ag cur i n-a cheann .i. ag cur leis.
Ar leath-láimh .i. gan aici acht lámh amháin.
Ba bhuidhe bocht leis, he was glad, was anxious.
Bail-labhair, .i. gan rath, ar easbaidh rud eicínt.
Cead a chinn, released him.
Chun tosaigh, going ahead.
D'abruidheadh, used to say.
Éadáil, a present, a gift.
Féidhmeamhail, powerful.
Foirgint, act of building.
Gaol ná páirt, any relationship.
Géibheann, a prison; in trouble.
Gléasadh, was prepared, got ready.
Giorrughadh, act of shortening.
Iarball, a tail.
Máighistreacht, management.
Malrait sgéail, a different story.
Mío-shásamh, dissatisfaction, discontent.
Mío-thuisginteach, stupid, senseless.
Oibridhtheoirí, labourers, workmen.
Paiste, a piece.
Próste, a spindle used for holding yarn.
Réidhteach, act of preparing.
Socair sáthach, comfortable, well off.
Shroich, reached.
Suirgheacht, courting, wooing.


L. 69


CÚIG' ULADH AN tSÉIN



A Chúig' Uladh an tséin! 'sé mo léan géar,
Nach bhfuil mé anocht le do thaoibh,
Is go deimhin dhá mbéinn,
Is maith a d'fhágfainn Cúige Chonnacht 'mo dhiaidh;
Ní fhuil maidin dhá n-éirighim,
Nach réabthar míle osna in mo lár,
Ag smaoiniughadh ar an t-é, fairíor!
Nach bhfeicfead go bráthach.



Buachaillín caol árd atá i n mo ghrádh-sa,
Bán tanaidhe fionn,
Is a mhuinntir ghá rádh leis,
Go mbíonn sé a' tidheacht chugam ar cuairt;
Béal an Átha Buidhe,
Is bíodh sé breac ballach le maoin,
Is go mb'fhearr liom-sa ins an sgraith-chrith leis,
Seal oidhche, ná ar mhalaí an Chruic Ruaidh.



Is tá mé i n mo shuidhe,
a d'éirigh an ghealach seo aréir,
Ag cur na teineadh seo síos do dhian-ghrádh,
Is ghá fadóghadh liom féin;
Tá muinntir an tighe i n-a luighe síos uilig,
An leabaidh chlumach éan,
Is tá na coiligh a' ghlaodhach,
Is Rinn a' Mhaoile i n-a gcodladh acht mé.



Gabhfaidh mé suas ar cuairt,
Chun a' bhaile a mbíonn sí,
Is ní thiocfaidh mé anuas go dtugaidh mé,
An chuach liom atá ar bhárra na ngéag;


L. 70


Is buachaillín suairc mé,
Ar uaisle mo shinnsear má's fíor,
Is tá siad ghá luadh liom,
Gur truagh sin grádh fir bheith ar mhnaoi.



Is grádh mo chroidhe do bhéilín binn bréagach,
Nár chan riamh acht greann,
Má bhí mise seal aréir leat,
Ní féidir go raibh dochair dhom ann;
Acht a beag lucht na mbréag,
Is iad a bheith chomh follasach ann,
Is maith a nighfinn do léine is gan bréag ar bith,
Is maith a d'oilfinn do chlann.



Is binne liom thú ná fliut,
Is ná an fhidil ar téad,
Agus is glaise do shúil
Ná an t-ubhall atá ar bhárra na ngéag;
Le n-a dheiseacht is shiubhlanns tú an drúcht,
Is ní bhrúigheann tú an féar,
Is do mhac samhail ar stuaim,
Ar an dún seo ní feicthear dhom é.



Is a Bhrighideog na gcuach!
An truagh leat mise a bheith tinn?
Is an aruinn go buan,
Ag dul thrí cheart-lár mo chuim;
Muna dtigidh tú ar cuairt chugam,
Anuas ins an mbaile a mbím ann,
Uch! tuitfidh an ghruag dhíom,
Is ní dual díthi fás aríst trom.



A ógánaigh óig! ní ádhbhar ar bith,
Magaidh dhuit mé,
Níor thug mé féin grádh dhuit,
Is mo chrádh geal nílim i n-a dhiaidh;


L. 71


Níl agat le rádh liom,
Acht amháin nach bhfuil agam spré,
Is má tá mé féin gan ór buidhe.
Uch! is eol dom codladh liom féin.



Máire Phádraic, Dubh-Each, Acaill, a d'aithris.



Breac ballach, .i. líonta, i n-a sgaoth.
Deiseacht, neatness, elegance.
Dual, natural.
D'oilfinn, I would rear, educate.
Fadóghadh, act of kindling.
Follasach, .i. fairsing.
Gcuach, of the curls.
Rinn a' Mhaoile Rinvyle point, near Bofin.
Réabthar, is usually torn, lacerated.
Sgraith chrith, .i. an talamh, bog.
Suairc, pleasant, agreeable.
tSéin of prosperity or happiness.



MÚIRNÍN NA GRUAIGE BÁINE



Is fada mise tinn
'Mo luighe an chúl mo chinn,
Is marc agam ar ghreim mo mhéar;
Ar oileáinín cois chuain,
Is mé ag éisteacht leis an gcuaich,
Is tá an aruinn seo go buan 'mo thimcheall.



Is truagh nach sa gcill a bhíos,
Nó a' faire mo cháirde gaol,
Nó ar mhullaigh cnuic gan díon gan árus;
Sul má dtug mé grádh do mhnaoi,
An bhean do chráidh mo chroidhe,
Is d'fhágaidh mé chomh dubh le áirne.



Ní chomhnóchaidh mé gan spás
Go dtéighead do'n Droichead Árd,
Go mbreathnuighidh mé ar bhárr na sgéimhe
Má tá sí dhom-sa i ndán,
Péarla an bhrollaigh bháin,
Go bhfillidh sí slán ó'n aonach.



I mbaile na h-Inse thiar
Atá mo ghrádh le bliadhain,


L. 72


'S is áilne í ná grian an tsamhraidh;
Fásann mil i n-a diaidh,
Ar lorg a cos sa tsliabh,
'Sa mbaile a mbíonn mo ghrádh le bréagadh.



Dhéanfainn bád is long,
'S stiúrfainn í go cruinn,
Shníomhfainn gad is dhéanfainn céachta;
Bhréagfainn-se go binn
Mo leanbáinín fionn.
Is rachainn seal a' comhrádh léithi.



Tá siad ghá shíor-rádh
Go dtug mé grádh do mhná,
Is níor thug mé riamh mo ghean acht do chúigear;
Go dtiubharfadh bean a grádh
Dh'indeoin feara Fáil
Do'n chleasaidhe údaigh is gráinte ar aonach.



Is gile a píob is a brágha
Ná cubhar na tuinne ar an tráigh,
Is ná aol a bheadh ann lá breágh gréine;
Dhá dtéighinn-se anonn do'n Spáinn,
is a thidheacht a-bhaile slán,
'Sí Múirnín na Gruaige Báine a b'fhearr liom.



Niall Ó Falamhain Dún Inbhir, Acaill, a d'aithris é seo.



Áirne, a slow.
Brágha, the upper part of the breast.
Breathnuighidh, will look.
Comhnóchaidh, will rest or reside.
Cruinn, exact, accurate.
Cubhar, foam, froth.
Díon, shelter, protection.
Feara Fáil, the men of Ireland.
Sgéimhe, of beauty, ornament, personal elegance.
Stiúrfainn, I would steer.
Spás, an interval of space or time; gan spás, without delay.



Gabhaim buidheachas le Micheál Mac Ruaidhrí, óir, 'sé
a chuidigh liom, nuair a bhí an leabhar seo dhá cheartughadh.