CIONDUS IS CÓIR DON CHRÍOSTAIDHE É FÉIN DO CHOIMHÉD DOCHUM A SHLÁNUIGHTHE

Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath (1600c)

Brian Ó Cuív, eag.




CIONDUS IS CÓIR DON CHRÍOSTAIDHE É FÉIN DO CHOIMHÉD DOCHUM A SHLÁNUIGHTHE?



Teccasccoidh Íosa Críost ar Slánuightheóir dúin go bhfuil énní amháin ina
riachtanus ar an duine, .i. a shlánughadh dochum ar cruthaighedh agus ar
cuiredh ar in saoghal so amháin é. Dá bhrígh sin atá d'fhiachaibh ar gach
uile Chríostuighe ó uili chridhe agus inntinn, fonn fiochdha agus mían
lasamhuin a shlánuighthe do dhúsacht ina chridhe, agus rún daingen
dosgaoilte sesmhach do bheith aige sin d'éirghe leis, agus gnóaighthi a
shlánuighthe do dhénamh go daingen innill, gidhbé ar bith ní choisénus sé
dhó. Tugadh dá aire nach cúis shúgartha ná is cóir do ghlacadh go hédrom
báoth gnóaighthi na síorruighiochta, agus bheith a ríoghacht go síorraidhe
mar aón ré hÍosa Críost a nglóir, nó bheith ar lasadh go suthain mar aón ré
demhnaibh a teinntibh ifirn. Cuimhnighedh go gér gan éisdecht do
thabhairt don diabhal chuirius i gcéill dó go bhfuil saoghal fada aige, go
bhfuil sé óg, agus a aoibhnius fós do bhuain as in saoghal, leasughadh a
bhethadh do chor ar cáirde, agus go mbéra ar an bhfaoisidin uair in bháis,
agus go sláineóchthar é tré mhórthrócuire in Tigherna, agus gan a mhacnus do
léigen de fós, agus go bhfuil aimser go lór aige chum gach énneithi. Do
bheirimsi a dheimhin dó nach fuil annsin acht mealladh mór agus celg nó
gaisde nó líon le hathair na mbrég, .i. an demhan, léna rug sé meillión do
mhílltibh anmann Crístaidhe agus uimhir nach éidir d'áiremh annso go
hifern, agus agá bhfuil sé anois ag iaraidh a anma san do sheilg dochum
ifirn. Coimhédadh sé hé féin air agus tugadh an oired sin d'anmannuibh
Críostaidhe robhadh dhó. Másedh


L. 210


ar go n-éirghedh leis na gnóaighthi ar a bhfuil an oired sin uadha, tugadh
dá aire go dúthrachtach, agus cuiredh a ngníomh na neithi so sís.



An cédní, ar an adhbhur nach éidir in duine do shlánughadh gan in t-olc do
shechna agus in mhaith do dhénamh mur adeir in fáidh, cuiredh roimhe ina
inntinn go daingen maille ré grásaibh Dé gan énphecadh amháin marbhtha do
dhénamh ar uile mhaithius an talmhan, agus guidhidh sé go minic agus ó
chridhe dáríribh an Tigherna fána choimhét ar thuitim a bpecadh mharbhtha.
Agus dá tecmhadh tréna loige mhóir agus tréna aibrisge tuitim ann énuair,
dénadh a dhíthchell ar aithreachas do dhénamh ann ar in mball, agus
iarradh maithmhechus ar Dhía, agus filledh ar chor roimhe arís hé féin do
choimhétt níis ferr. Agus ar mhaithius an domhain ná hanadh sé a bpecadh
aimsir dá ghiorra. Tugadh roghráin dó ós leis amháin is éidir flaithemhnus
Dé do bhuain de agus a bhreith go hifern. An dara ní, dénadh a dhíthchell ar
aithentaibh Dé agus a Thigherna do choimhlíonadh, ré a n-abair Día féin:
“Madh áil dol is in mbethaidh shuthain, coimhétt na haithenta.”



Ar in dá ní rémhráidhte sin atá ar slánughadh. Gidhedh
dochum a gcor a ngníomh is éigen congnamh d'iarraidh
is na ceithri slighthe thegasgus San Lúcás a nAcduibh
na nEsbal. An cédní, bríathor Dé d'éisdecht go minic nó
do léghadh a lebhor diadha, maille ré dúthracht mór agus
lé fonn dol a sochur spiritálta, agus ní do mhian eóluis do
bheith ar neithibh uaignecha aige. An dara ní, urnaighthe
mhinic dhúthrachtach do dhénamh dochum ar Tigherna
Día ag cor a shlánuighthe agus a uili neitheadh ar a chomairce.
In treas ní, faoiside agus comaóin do ghlacadh go minic
maille ré hollmhughadh iomchubhaidh, an ní is lugha uair
sa mí, agus dá raibhe níis minca a chomhairlechadh réna athair


L. 211


faoisidnech glic. In cethramhadh ní, é féin do chongbháil
do ghnáth a n-oibrighthibh na trócaire, spiritálta agus
corpurdha, ag dénamh déirce do réir a acfuinne, ag dénamh
cúarta ag prísúnchaibh, agus ag eslánuibh, ag dénamh sídha
idir lucht esaónta, agus ag comhairliughadh in mhéid bhus
éidir leis Día do ghrádhughadh agus d'fhoghnamh.



Ciondus chaithfius an Críostaidhe in lá? Ag musgladh
dó ar maidin tógbhadh a chridhe agus a inntinn chum Dé
agá choisreccadh féin agus abradh “A Thighern, a mo Dhía,
tabhair th'aire dom fhurtacht; a Thigherna, na failligh
mo chobhair. Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spirit
Naomh, fá mur dobhí ar tosach, agus atá anois, agus bhias
do shír, a saoghal na saoghal, Amen.” Agus in fad bhias ag
gabháil uime moladh agus benduighedh Día ag rádh na cantaice
Benedicite omnia opera Domini etcetera, nó Té Deum
laúdamus, nó a samhail oili do mholadh do réir mur
bhias a fhis aige.



Tar éis gabhála uime, léigedh ar a ghlúinibh é a bhfiadhnuise
ímháidhe éigin, agus iar na choisreccadh abradh go
socair cráibhthech Confitéor co ndoilghius ina phecthaibh.
Abradh Paidir agus Avé Maria agus Cré agus Salve Regína. Dénadh
'na dhiaigh so na trí neithi so. An cédní, tugadh
buidhechus mór do Dhía ar son a tug d'aisgedhaibh agus
do thiodhluicibh geinerálta agus spiritálta dhó, ar son a
chruthaighe agus a fhuasluicthe, agus mur dorinne Críostaidhe
dhe, agus mur dothug ré n-aithrighe dhó dá choimhéd agus dá
chothughadh go soich an uairsin. An dara ní, guidhedh
é ar bheatha agus ar bhás agus ar pháis a aoinMhic, agus tré edurghuidhe
Muire Óighe ar mBainntigherna agus na n-uili naomh, gan a
fhulang dó féin ná d'aóinnech oili tuitim a bpecadh
mharbhtha in lá sin. In treas ní, oifráiledh é féin agus a
mhuintir uile agus a ghnóaighthe don Tigherna, agus guidhedh


L. 212


go dúthrachtach é go sdiúradh agus go ndírghedh sé a
smuaintighthe agus a chaint agus a ghníomhurtha in lá sin do
chum glóire agus anóra Dé agus dochum maithiusa agus slánuighthe
anma.



Tairgedh aifrinn d'éisdecht gach laói maille ré dúthracht
aire agus ré réverens ar a ghlúinibh, agus cuimhnighedh ar bhetha
agus ar bhás Íosa Críost atá dá thaisbénadh is in aifrinn, agus
ar mhéid grádha in Tígherna dhó, agus a nderna ar a hson,
ag cor a anma agus a mhuinntiri uili ar a chomairce. Abradh
más éidir leis a Choróin Mhuire do chúicc deichnebhair
gach laói. A n-am choda agus dínéir benuighedh in bórd
nó cuiredh duine dá bhendughadh, agus tugadh altughadh
don Tigherna. Más éidir leis, tabhradh déirc éigin uadha
a mbuidhechus na betha sin tug in Tigherna dhó.



Ria ndol do chodladh dó, téighedh ar leith leis féin agus
dénadh an urnuighthe dorinni ar maidin roimhe sin, agus
tucadh in buidhechus cédna do Dhia ar a bhfuair do mhaith
uaidh agus go háiridhe ar a bhfuair uaidh in lá sin. Ina
dhiaigh sin sgrúdadh sé go friochnamhach a ghníomhartha
ó mhaidin anúas, agus féchadh ar thuit a bpecadh mharbhtha
ar bith ó smuainedh, ó bhréithir, ó ghníomh. Agus má dho
thuit dénadh aithrechus óna uile chridhe san pecadh sin;
cuiredh roimhe é féin do lesughadh dáríribh; agus iaradh
maithmhechus ar an Tigherna. Agus munar thuit tucadh
buidhechus do Dhía do bhrígh gurab é do chongaibh
réna láimh é gan tuitim. Agus coimhédadh in Críostaidhe go
roighér gan codladh choidhchi a pecadh mharbhtha go
bhfios dó féin níis taósga iná dodhénadh sé aithricche
ann ar an adhbhor go bhfuil Día uathbhásach adhuathmhur
ina bhrethuibh, agus corub mór do dhaoinibh do chodail slán
a bpecadh agus ar ar éirigh lá a n-ifern; agus cía léna héidir a
dherbhadh dósan nach fuil an ghuais chédna sin atá ós
cionn gach aoin ina chend? Agus ar na dhénamh sin, tiomnadh
é féin dá aingel choimhdechta, agus codladh a n-ainm Dhé.


L. 213


As cóir dá gach Críostaidhe mur an gcédna na comhairledha
so síos do choimhéd agus do ghabháil, ar is mór an
congnamh íatt lénar slánughadh. Ná glacadh sdait shagartacht
nó pósta nó duine riaghalta, oificc bhreithemhan nó
uachtaránacht ar bith, nó a samhuil sin, agus ná dénadh
énní éifiochtach gan a chomhairliughadh réna Chruthuightheóir
ó thús agus réna athair faóisidnech nó ré duine éiccin
diadha mhuinfius an tslighi dhó. Ag tionnsgnamh gach
uili neith mur sin maille ré toil nDé agus réna thoil féin, madh
maith leis gach énní d'éirghe leis coimhledh ó dhíthcheld
mhór na fíacha atá a ndiagh a sdaide nó a oifice - an
sagart a fhiacha féin, mur atá trátha gach laoí do rádha,
culaidh chnesta shagairt agus corann do bheith aige agus a samhail
oile; an t-esbac a fhiacha féin, mur atá anmhuin ar amharc
a thréda, a bpeacaidh phuiblidhi a gcíll agus a tuaith do
smachtughadh, bríathra Dé do theguscc nó do chor dá
dtegasc dóibh, agus a shamhail oili, agus bídh fios a fhiach ag
gach aón díbh. Má tá margaidh nó connartha aige bídh
dírech ionnta, agus bídh a fhis aige ó dhaoinibh coinsiasacha
foghlumdha an bhfuil síatt do réir chogóis, agus coimhéttadh
é féin go maith ó phecadh an aisig nach maitter ar son a
rádh amháin sa bfhaoisidin. Dénadh roidhíthchell ar in
Tecuscc Críostaidhe do bheith aige, agus ar bésuibh maithi do
mhúnadh dá chloinn agus dá mhuinntir, agus cuiredh d'fhiachaibh
orrtha iatt féin do choimhéd ó mhionnuibh, ó bhréccaibh,
ó dhrochoibrighthibh, ó dhroichitche agus ó aithiomrádh, ó
bhriathruibh graosda agus ó imirt; agus ná tucadh a thoil
pecadh marbhtha do bheith a n-aonionad fris ná diomdha a
Chruthuightheóra do thuillemh 'na thigh; agus cuiredh
d'fhiachaibh ar a mhuinntir más éidir leis uair san mí a


L. 214


bfhaoiside do dhénamh, - nó an ní is lugha fá Nodluicc
agus fá Cháisc agus fá Chincccís, agus a paidrín do rádha gacha
laói.



Dlighidh gach Críostaidhe hé féin agus a mhuinnter do
choimhéd co maith ó dhrochcomhluadur, agus ó dhímhaoinius,
agus ó shicair in phecaidh. Is romhaith in chomhairle don
Chríostaidhe a thiomna do bheith dénta aige roimh ré,
agus gan a chúrum do bheith air a bpunc an bháis, in tráth
is cóir dó a uile aire do bheith ar a shlánughadh ar nach
fuil breith ón uair sin suas aige.



MODH AITHGHERR DOCHUM FAOISIDI
BHLIADHNA NÓ BETHA DO DHÉNAMH GO MAITH.



Atáitt trí ranna san aithricche fhíre, .i. aithrechus cridhe
agus faoiside bheóil agus lórghníomh oibre. Gidhbé lérab áil
a fhaoiside do dhénamh go maith caithfidh coimhlíonadh
leo sin a triúr, agus do bhrídh gurab grása speicíalta agus trócuire
ór Tigherna aithricche fhíre do dhénamh, is chuige féin
is cóir dúin bheith dá hiarraidh. Ar an adhbhur sin iar
na léigen ar a ghlúinibh don aithrighthech, roimh gach
énní abradh .v. Paidreacha agus cúic Avé Maria go ndúthracht
a n-anóir .v. gcrécht agus páisi ar Tigherna Íosa Críost,
dá ghuidhe go humhal ar son a chrécht agus a pháisi, agus tré
etturghuidhe Muire Óighi ar mBainntigherna agus na n-uili
naomh, fá chuimhni do thabhairt dó ar a phecaidhibh agus
fá dhólás fhíre agus aithrechus ionnta.



Ina dhiaigh sin tógadh aimmsir nemhghnóaighthech do
chum smuaintighthe ar a phecaidhibh fá mur dobheith
ocht lá dochum pecadh bliadhna dho chuimhniughadh,
nó gidhbé aimser mhúinfius a résún dó ina mesfa féin


L. 215


go gcuimhneóchadh orrtha, d'eccla go n-anfadh gan a
fhaoisidin co maith d'uiriusbaidh a ollmhaighthe nó díthchill,
óir dá n-anadh aón phecadh dá phecthaibh d'uiriusbaidh a
ollmhaighthe atá an fhaoiside gan fhoghnamh. Féchadh
mur sin gá mhéd atá uaidh air. Másedh dochum
cuimhnighthe ar a phecaidhibh tógadh dá úair nó an ní
is lugha uair gach láoi do na hocht laithibh sin adubhramar
remhoinn, agus ag dol leis féin ar fód fó leith cuiredh na
haithenta ina fhiadhnuise, agus féchadh cionnus nó gá mhéd
uair do thuild oirbhire Dé in gach aithne dhíbh fá leith ó
smúaintighthibh, ó bhréithir, nó ó ghníomh, agus cruinnighedh
a phecaidh 'na chuimhni mur sin. Dobhéra congnamh
dóchum cuimhnighthe ar a phecaidhibh a fhéchain ina
inntinn cía hiatt na hionuitt agus na bailte ina roibhe,
cía hiatt na persain agus na daoini dobhí 'na chomhluadur,
créd hé an t-ualach nó an oifig dobhí aige, agus créd hé in
techt aníos mur an gcédna.



Agus iar cruinniughadh a phecadh mur sin ina chuimhne
dhó, ionnus nach éidir cuimhniughadh níis mó, smuainedh
arís truime agus métt gach pecaidh díbh, agus mur do thuill gach
pecadh díbh oirbhire agus diomdha an Chruthuightheóra,
agus nach raibhe ionnta acht trétúirecht, agus adhaltrannus,
dúnmharbhadh agus goid, a n-aghaidh Dé. Smuainedh gur
rec sé Íosa Críost mur Iúdás oili ag dénamh gach pecaidh
díbh sin in mhéitt dob éidir leis, gur ghabh air do bhosuibh
agus do sheilidhibh agus do sgiúrsadhaibh, agus gur chroch mur in
gcinedh Iúdaidhe é. Beiredh breithemhnus ar thruma gach
pecaidh dá nderna, ag smúainedh mur do damnadh Luicfer
go síorraidhe a teintibh ifirn ar son aonphecaidh, agus
gach aingel d'ainglibh an iomarbhuis ar son aonphecaidh
do shír, ag smuainedh mur do chaill Ádhamh agus Ébha, ar
sinnsir, grása agus párrthus ar son énphecaidh, agus ag smuainedh


L. 216


gurab iomdha meillión do mhíltibh anmann téitt co hifern
ar son in énphecaidh sin Ádhaimh, .i. na leinbh ar nach
beirinn baisdedh; ag smuainedh gurab iomdha anam a
n-ifern ó bhreithemhnus dubhaigénach Dé dá phianadh
anois agus bhias do shír in fedh bhias Dia ina Dhía ar son
énphecaidh mharbhtha. Smuainedh arís ar thruma in
phecaidh mharbhtha agus ar thruma in bhreithemhnuis atá
orduighthi ar a hson, óir is comhdherbhtha ré ar
creidemh, a n-aghaidh gach aonphecaidh mharbhtha dá
ndiongnann in duine, go gcaillenn sé glóir a bhflaithemhnus
agus co caithfe bheith a teintibh ifirn do shír dá mbeire
bás gan aithricche air.



Smuainedh mur sin iar mbeith 'na mhac Dhé agus 'na oighre
ar fhlaithemhnus dó tré ghrásuibh, cionnus dorinne sé
modh agus serbfhoghantaidh dhe féin don diabhal, cionnus
do chaill sé flaithemhnus, cionnus atá damanta dochum
ifirn, agus nach fuil leighius ar bith aige acht a dhoilghius
fíre agus a thoirsi. Másedh guiledh sé agus léigedh osnadh tréna
chommór sin d'olc. Ós éiccen so dochum chora ar
gcúl, caithedh sé réd éiccin aimsire ar in modh sin nó go
mothaighi dólás éiccin fíre ina chridhe agus rún rodhaingen
dáríribh ina chridhe dochum gan pecadh do dhénamh ó
sin súas, agus dochum a bhetha do lesúghadh. Agus má dochí
gur bhen sé a chlú nó anóir nó a mhaithius saoghalta do
dhuine, dénadh aisec ann ria ndol a bfhaoisidin nó iar
bhfaoisidin go luath más éidir leis, nó ní bhia foghnamh ar
in bfhaoisidin. Agus má tá a ngúais pecaidh do dhénamh,
mur atá i ndrochcomhluadur nó a n-éntigh ré mnaoi ar a
raibhe imthecht aige agus í gan phósadh, fágbhadh in baoghal
sin ag sechna in drochcomhluadair, ag cor na mná as
éintigh ris nó agá pósadh, nó ní héidir esbulóitt do thabhairt
dó. Má tá fuath nó esccairdes idir hé féin agus a chomhursa,
dochum go madh éittir esbulóitt do thabhoirt dó, léiccedh
an fuath dhe agus taisbénadh comhartha muinnterruis dó.


L. 217


Tar éis a ollmhaighthe ar in modh so dó, éirghedh dá
fhaoisidin go luath, agus ná cuiredh cáirde ar a chommór sin
do ghnóthaibh. Iar na léiccen ar a ghlúinibh dó benadh
a hata nó a chaipín de, agus bídh ag feithemh na talmhan
co humhal ecclach a bhfiadhnuisi a athor faóisidnech amhail
dobheith a fhiadhnuisi Ísa Críost, agus abradh Per signum
sancte crucis ag gerradh croisi ar a édan agus ar a bhél agus ar
a ucht agus coisreccadh hé féin ag rádh In nomine Patris,
agus abradh ina dhiaigh sin Confiteor go soich Ideo precor.
Abradh iar sin na briathra so: - “Cionntuighim mé féin,
a athair, nach tigim dochum na sacraminte naomhtha so
leis in ollmhughadh do budh cóir disi agus dob iomchubhaidh
damhsa do thabhairt lem.” I ndiaigh sin inniseadh gach
peacadh dá nderna fá leith ag techt trítt na haithentaibh
mur adubhramur remhuinn, agus na hanadh 'na thosd ag
anmhuin ris in sagart d'fhiafraighe a phecadh dhe, óir
is mór an sechrán nó in t-ainbhfios do chuid do na
sagartoibh símplidhe dobheir fulang do lucht na haithrighi
gan éinphecadh d'innisin acht an pecadh fiafruighther dhíbh.
Is cóir dóibh a bpecaidh do chuimhni amhail adubhromair
remhuinn agus a n-innisin gan fhiafruighe nó ní héidir esbulóid
do thabhoirt dhóibh. 'Na dhiaigh sin is éidir don mhéid
acco ina mbía léghthóirecht an eisiomláir so síos no
n-aithenta do léghadh, nó dhon tsagurt a léghadh dóibh
go minic do lesughadh ar an gcuimhni, ionnus co tiocfa
'na cuimhni dá clos so má dorinnedur a leithéid do
phecadh riamh.



In chédaithni: “adhair do Thigherna agus do Dhia féin.”
Pecaighi a n-aghaidh na haithni so gach aonnech chreidius
ainChríostuidhe eiritigech; an tí 'gá bhfuil conntabhairt


L. 218


'na chreidemh; an tí nach fuil ollamh chum énneith do
chreidemh acht an ní is éidir do dherbhadh lé résún; gach
aon dá dtugann foghur nó congnamh d'eiritigibh,
chongbhus aige nó léighius lebhor eiriticechta nó na leabhoir
atá toirmisgthe ón Ecluis, doní piseóga, dernadóirecht, néladóirecht,
gesadóirecht, slinnénacht, nó a samhail, nó chreidis
dóibh, doní connradh nó muinnterrus ré diabhal nó ghoiris
hé ós ísil nó ós áird, dhiúltus a chreidemh ó bhréithir nó ó
chomhartha dá mbeith nach diúltfadh hé ó inntinn,
imdhergus nó iomcháinius Día agus na naoimh, nó
tharcuisnighis nó ainmnighius a mboill go hesanórach;
gidhbé téitt a n-édóchus a shlánaighthi agus na slighedh atá
chum a shlánuighthe, mur tá maithmhechus ina phecaidhibh
lesughadh a bhetha agus a samhail oili; gidhbé hsaoilius
flaithemhnus d'fhagháil gan aithrechus nó chuirius a
aithrechus ar cáirde dochum uáire a bháis nó dochum
arsuidhiochta; gidhbé dobheir grádh romhór do na neithibh
saoghalta nó chuirius roimhe ó eccla shaoghalta diomdha
Dhé do thuillemh, nó doní seirbhís ó dhrochcrích, mur
atá ó ghlóir dhímhaóin; gidhbé 'gá mbía gráin ar neithibh
diadha; gidhbé léigius de seirbhís do dhénamh do Dhía
nó an urnuighthe atá d'fhiachaibh air do rádh; gidhbé
atá a n-ainbfhios na neithi agá bhfuil d'fhiachaibh air a
bhfios do bheith aigi dochum a shlánuighthe, mur tá in
Tecuscc Críostaidhe, agus na deich n-aithenta Dé, agus cúig aithenta
na hEgluisi, secht sacraminte na hEguilsi, secht pecaidh
mharbhtha, Paidir, agus Cré.



An dara haithne: “ná tabhair ainm Dé go dímhaoin”.
Pecuighther a n-aghaidh na haithni si mur so: ag mionnughadh
Dhé nó naomh a mbréig, nó ag mionnughadh gan rún
a ccomhuill, nó ag mionnughadh neith agá bhfuil conntabhairt
an fír é; ag mionnughadh fá phecadh do dhénamh nó fá
dhrochní do ghénamh; ag mionnughadh go merdhánta nó


L. 219


go hesanórach tré hsúgradh agus gan chúis; ag tabhairt
luathmhionn gan a fhéchain roimhe an fír an ní lé bhfuil ag
mionnughadh, dá teccmhadh go teccmhuisach go madh
fír é; ag tabhairt mhóidi ré ní neimhdhlistinach nó ré ní
dlistinach ar son drochcríchi; gidhbé nach coimhlínann
tréna mhaidniochtaighe féin na neithi do ghell ó
mhionnuibh; gidhbé nach coimhlíonann a mhóid.



In treas aithni chum a tairngther cúic aithenta na
hEguilsi: “tabhair anóir don tSaóire”. Pecuighther a
n-aghaidh na haithni si mur so: ag brisedh hSaóiri
d'oibrighibh daóra nó tairmisccthi ón Egluis, nó gidh
bé chuirfius d'fhiachaibh a ndénamh; ag caithemh na
Soéire a ndímhaoinius; ag gabháil nó ag minusdráltacht
na sacraminte go holc, .i. a bpecadh mharbhtha nó a
gcoinnelbháthadh nó tar éis dol ó chédlongadh; ag
éistecht tráth nó urnaighthi nó aifrinn más duini coinniolbháite
hé; ag dénamh comuinn ré duine coinniolbháite; má
do chuir duini ar a mbeith bang nó susbeint nó míriaghaltacht
é féin is na neithibh atá toirmisge air; ag truailledh
egluisi nó reilgi ó dhortadh fola nó ó hsílni; ag sárughadh
comuirci egluisi ag tarrang énneith eiste go foiréignech
nó ag dénamh neithi toirmisgthi innte; ag tabhairt esanóra
do thaisibh nó do dhelbhaibh na naomh nó do neithibh
benduighthi; ag bualadh, ag dénamh foirnirt, ag buain
chísa éignigh do phersanaibh Eccuilsi; ag dénamh pecaidh
na colna a ndiaigh móidi genmnuighechta nó grádh
coisreacctha do ghlacadh; ag anmhain ó aifrinn a nDomhnuighibh
agus a laithibh Saóiri, nó ag éistecht aifrinn go
nemhmodhuil ag caint; ag brisedh troisge, ag ithi bídh fá
dhó dá mbeith nach íosadh arán, nó ag ithi bídh thoirmisge
mur tá feóil agus uighe sa Chorghus agus Dia hAóini, feóil a Satharn
agus a vhigledhuibh agus a gCatairibh, feóil Dia Cédaoin, feóil
ar énchuid Chorghuis agus Aíne gan toil an esbaic; ag
drochdhíol na dechmhaidhi; ag tabhairt maidnechtnuighe a


L. 220


sacramint in bhaisdidh esbaic; ag léigen de gan faoisidin
do dhénamh 'na ham féin, agus go háirighthi an ní is lugha
dhe uair sa mbliadhain agus gach uair bhias a nguais nó a
mbaoghal bháis; ag léiccen commaoinech thairis, agus go
háirighthi idir Dhomhnach na Slat agus Domhnach Minchásg
agus gach uair bhias a nguais bháis, nó ag caithemh commaoinech
go holc, mur tá a bpecadh mharbhtha nó tar éis
dol ó chédlongadh; ag léigen na hoifige dobhí d'fhiachaibh
air dhe, nó ag smuainedh go bfhios dó féin ar neithibh
oili in fedh dobhí agá rádh, nó agá chor féin a nglés nach
arbh éittir dhó aire do thabhairt dóibh, nó ag fágbháil
deiredh na bhfocal amuigh.



An cethramhadh aithne: “tabhair anóir dot athair
agus dot mháthair”. Is mar so pecuighther a n-aghaidh na
haithni si: gidhbé mhianuighius bás a aithrech nó a
uachtarán nó a charad do mhian techt ina n-oighrecht nó ó
chúis oili; gidhbé bhís gruama nemhfhoighidnech
nemhanórach dhóibh; gidhbé dobheir briathra borba
dá láthair nó aithiomrádh ar a gcúl dóibh; gidhbé
bhís 'na dhroichcend dá n-aithribh, dá n-uachtaránaibh,
dá mnáibh, dá gcloinn, dá muinntir; gidhbé nach
tugann furtacht agus sólás dóibh ina riachtanus, agus gidhbé
nach coimhlíonann tiomna a n-aithrech agus a bhráithreach
agus a ghaoil a n-aimsir a mbáis; gidhbé nach anann a
n-umhla agus a n-urruim dá phréláidibh agus dá phrionnsuighibh
agus dá thighernuibh tuaithi agus don lucht atá a ndínitibh ós a
chionn, agus nach umhluighenn do dhlighthibh agus do
staitiúidibh an ionuid a fhuil, agus nach roinninn a


L. 221


iomarcaidh ris an bochtaibh agus ris na daoinibh atá 'na
riachtanus.



An cúiccedh aithni: “ná déna marbhadh”, dochum a
tairngther in t-ochtmhadh aithni: “ná déna fiadhnuise
bhréige a n-aghaidh do chomharsan”. Sáruighther an
aithni si mur so: ag fuathughadh; ag ordughadh ó inntinn,
ó bhréithir, ó ghníomh, bás, búaladh, lot, míchlú, ná esanóir
do dhuini oili; ag ordughadh innighthi nó díghaltais do
thecht air; ag forbfháiltechus fána olc agus ag dénamh doilghis
fá mhaith d'éirghe dhó; nemhfhonn a n-ainm nó a gclú
do chlos air; fonn a n-ulc do thegmháil dó a n-anam, a
gcorp, a n-anóir; a bhriathra, a ghníomhartha, a chogós do
lochtughadh, agus dol a n-amharus air gan résún, agus an chiall
is messa do bhuain as a bhriathraibh nó as a ghníomharthaibh;
ferg do dhénamh ris agus fonn a bháis; comhairli nó
ímpidhe do thabhairt chum a uilc; fiadhnuissi nó gerán
brégach do dhénamh air; in fhírinni dobhí ag dol a sochur
dó do cheilt, nó brég do dhénamh a ndamuint a anma dá
chlú nó dá chorp; aithiomrádh do dhénamh air nó a éistecht
go fonnmhor; masla, troitt, imreasan, magadh, mallughadh,
drochitche, sibhsóga lé ngluaister fuath agus esccáirdius na
ccomharsan; a ainimh nó locht do chor ina leith ar a
chúl nó dhá láthair; a mholadh ar son pecaidh do dhénamh
agus a mholadh as a chomhair féin; marbhadh, bualadh,
prísúnacht, pianta, díbert a n-aghaidh cirt; lenamh do
chongbháil a nguais a mhúchda nó dho mhúchadh, agus glés
do dhénamh chum beith aimhritt nó chum toirrchisa do
mhilledh ria n-anam nó iar n-anam do thecht ann;
escáirdius do bheóughadh nó do mhédughadh; dol go
fesach dó féin a gcogadh éccóir, nó uadha féin a gcogadh
agá bhfuil conntabhairt ina chóir; píanta do thabhairt do
chintaibh ós cinn chóra; daoini do tharrung lé briathraibh
fochuidmhecha nó lé magadh ó oibreachaibh na trócuire agus


L. 222


ó chrábhadh, agus daoine do tharrung chum pecaidh ar bith;
a shaoghal do gherradh lé meisge nó lé neithibh toirmmisgthe
oili; é féin do bhualadh ó fheirg ná áonní do dhénamh a
n-aghaidh coinsíasa agá bhfuil nó agá soeilionn
conntabhairt aige gurab pecadh é; é féin do chor a
nguasacht pecaidh; gan furtacht do thabhairt, más éidir
hé, don tí atá a nguais anma nó a chuirp; gan clú a
chomhursan do chosnamh; gan síthcháin do dhénamh ris
na daoinibh ór thuill diomdha, ag iarraidh maithmhechuis
orra, nó agá thabhairt dóibh más iatt iarfus; gan na pecaidh
do smachtughadh mur is cóir, má atá a ndiaigh a oificce.



An seisedh aithni: “ná déna drúis”, chum a tairngther
an naomhadh aithni: “ná sanntaigh ben do chomharsan”.
Pecuighther a n-aghaidh na haithni si mur so: smuainedh
maille ré fonn na drúisi ná a n-aónní dá mbenann ré
drúis, agus t'aire ort féin; briathra graosda do rádh nó
d'éisdecht chum drúisi nó ar mhodh oili; litrecha, techtairecht,
comhurthadha nó séd suirghe, sgéimh agus sdrabháilli éduighe
nó culuidhecha chum inntinne ban do bhuain; póga,
glacuirecht mhíonáirech idir dhaoinibh nemhphósta; luighe
ré mnaói nemhphósta gé dobhedh sí dálta, nó ré fer pósta
nó ré mnaói pósta; nó dáil duine oile ré lucht gaoil nó
cuil, ré maighdenuibh, ré feroibh, nó ré mnáibh riaghalta
ar a bhfuil móid; nó cionntughadh ré mnaói a n-aghaidh
nádúra; ben fpósta do dhiúltadh a fir nó a fer dá diúltadh
si, an tan iarfus a cert; fonn do bheith agad a ngrádh
mhailísech do bheith ag mnáibh ort, gé dobheith rún
agad gan cor 'na dhiaigh ó ghníomh.



An sechtmhadh aithni “ná déna goid” chum a tairngther
in dechmhadh aithni “ná sanntuigh cuid do chomharsan.”
Is mar so hsáruighther an aithni si: mian mór agus míshuaimhnius
ag iaraidh na neithi saoghalta; saint a maithius
na hEgluisi nó a maithius oili tré shlighthibh mídhlisdinacha;


L. 223


ainmian glacadh nó chongbháil choda dhuini oili; gach
uili ghoitt agus an mhéitt dá gach ní do gheibhther go holc
nó go hégóir, mur tá tré shimontacht, nó do chuid luingis
daoini oili bhaidhter, nó tré mhealladh a reic nó a gcendach,
in tráth bhís mealdadh annsin do réir substainte nó
cháilidhichta nó chainndighichta nó a luacha; ag dénamh
úsmhuirichta nó mhalarta mídhlisdenuighi; ag fuadach
neith ar éiccin óna dhuine féin nó ón tí agá bhfuil shealbh
co socoir; ag cor airgit bhréguidh amach dá mbeith go
mealdfaidhe é féin and; ag congbháil neith fuair ag dol
amugha óna dhuine féin; ag cor lethtroim ar a chomhcherrbhach;
ag dénamh dochair do chuid a chomharsan;
ag buain chíosa éigcirt amach nár ghnáthaigh shinnsir;
ag iarraidh déirce gan riachtanus a n-ainm boicht; ag
tabhairt a choda go mímhesardha dá dhíol nó dá nemhdhíol;
ag dénamh ciste don ní budh cóir do chaithemh; ag
diúltadh aisig do dhénamh.



Mur an gcédna is éidir smuainedh ar na secht bpecaidh
mharbhtha, agus gach uair mhesfus sé hé féin do thuitim
ionnta d'innisin don sagart, mur tá díomus, saint, drúis
ferg, craós fá tuicther meisge do chor ort féin nó ar
dhuini oili, tnúth, leisge seirbhísi do dhénomh do Dhia,
nó na mbreithemhnus aithrighe do cuiredh air do dhíol.
Tugadh in pecthach so dá aire.



Abradh a fpecaidh is in bhfaoisidin ó bhriathraibh soilsi
sothuigsina glana gan timcheld gan leithsgél gan aithbher
a phecadh do chor ar nech oili acht ar féin, gan pecaidh dhuini
oile d'innisin, gan disbóirecht réna athair faoisidnech, gan


L. 224


bhréic; agus ós cionn gach uile neith ná ceiledh pecadh ar
bith ina fhaoisidin ó egla ná ó náire, óir dá nderntaói
ní bheith foghnamh ar an bfhaoisidin ná ar fhaoisidin
oile dá ndéntaói 'na diaigh. Ní budh lór arís mur leighis
ar sin an pecadh do ceilfidhe a bfhaoisidin d'innisin a
bfhaoisidin oile, óir is éiccen a fhaoiside uile agus gach uile
fhaoiside dá nderna 'na diaigh d'innisin munab ré
haonsagart dodhéna a fhaoisidin gach uair díobh. Féchadh
ar in adhbhaor sin an té cheilius aonphecadh ina hfaoisidin,
créd an ghuais damanta a gcuirionn sé é féin. Is romhaith
rodhaingen in chomhuirle mur sin faóiside gheinerálta
do bhetho do dhénamh énuair do lesughadh má do tharla
locht is na faoisidnechaibh oile, agus dochum duine dá chor
féin as a chonntabhairt agus as a chridhecla a' nderna a
fhaoisidin go maith go soichi sin nó a' nderna in t-ollmhughadh
nó an sgrúdadh dobhí d'fhiachaibh air.



Coimhlíonadh in breithemhnus aithriche do cuiredh air
maille ré devosión mór agus mur is luaithe is éidir leis; dénadh
a dhíthcheld ar bheith a sdait na ngrás in fedh bhias agá
chomhalt, agus tar éis a fhaoisidni téighedh do thabhairt
bhuidhechuis don Tigherna ar son in tidhluicthe mhóir
tug do, .i. a fhuirch réna fhaoisidin do dhénamh co maith.



CIONNUS IS CÓIR DON CHRÍOSTAIDHE COMMAOIN
DO CHAITHEMH?



Smuainedh in té bhís ag dol do chaithemh chomaoinech
dá mbeith duini uasal mór ag techt dochum a thighe cionnus
do ollmhóchadh in tegh roimhi. Másedh tuigedh sé go
bhfuil in t-ardDia agus Tigherna nimhe agus talmhan ag techt
chuige, oibreóchus a bhretha agus a thrócaire ann do réir an


L. 225


oldmhaighthe lé a ngebhthur é. Dá bhrídh sin ré ndol
dochom commaoinech dó, smuainedh na trí neithi si:
cia atá sé do ghlacadh, cia ghlacus, agus créd fá nglacann.
Ag so an té atá sé do ghlacadh - Íosa Críost, Dia fíre agus
duini, in té dorugadh ó Mhuire Óigh, agus an té dobhí trí
bliadhna déc ar fhichit beó ar in soeghal sa, agus fuair bás a
gcroich ag cendach in chinidh daóna, agus atá anois ag sdiúradh
a fhlaithiusa a bhflaithemhnus, agus adhruit na huile aingel
agus archaingeal agus naomh. Féchadh mur thig a chomór sin
do phrinnsa dochom a chommór sin do phecthach. An té
atá dá ghlacadh - ní fhuil ann acht pecthach broghach
beginmhech do thuild ar a phecadh míle ifern, robhocht
rolag roeslán, lán don uile olc. Ar in adhbhur sin
umhluighedh sé hé féin go uirísil agus admhadh sé a
neimhdhiongbhála chum a ghabhtha. Créd fá ngabhann
sé hé? Dochum a uilc uili go sgris uaidh agus dochum
maithiusa dho thabhairt dó, agus dochum a shlánuighthe, agus
a phecaidh uile do bhuain de agus a ghrása dho thabhairt
dó chum a chothaighi agus betha do thabhairt dó, agus do
chum iompaidh ó sherbhóntacht in diabhail dochum
beith ina mhac Dé ó ghrásoibh, agus dochum comhartha gill
do bheith aige ris in mbethaidh suthain. Másedh cuimhnighedh
ar in ngrádh mór tug in Tigherna dhó i mbás
d'fhagháil ar a hson agus é féin do thabhairt is in tsacramint
naomhtha, agus dá bhrígh sin mosgladh ina chridhe grádh mór
míanghusach agus dúthracht dochum a ghabhtha.



Coimhédadh sé é féin go gér dochum gan techt a bpecadh
mharbhtha go bhfios dó féin dochum na sacraminte
naomhtha so, ós betha do dhaoinibh maithe agus is bás do
dhrochdhaoinibh hí, agus go ngabhuid na daoini ghabhus go
mídhingmhála hí damuint sírraidhe agus breithemhnus. Bídh
in suipér éttrom an oidhchi ré ndol dochom na comaoinech
agus connmhadh é féin glan lá na commaoinech ó chorp agus ó


L. 226


anam. Éisdedh aifrinn go dúthrachtach, agus tigedh dá gabháil
iar sin go ciúin tromdha maille ré reverens mór. Ag
techt don Tigherna chuige, abradh ina inntinn “Atá do
Chruthuightheóir ag techt, éirigh dá ghlacadh, a anaim si
agam féin.” Tógbhadh a aghaidh, osgladh a bhél, sínidh
a thenga agus gabhadh innte an Tigherna. Congmhadh mur
sin go maothaidhe an abhlann, agus léigedh sís iar sin, agus
dénadh a dhíthchell iar sin gan a hseile do chor amach go
cend lethuaire. D'éis chomaoinech do chaithemh téighedh
ar fód fó leith, agus tugadh buidhechus dá Thigherna, ag gairm
ar a bhfuil d'ainglibh agus do naomhuibh a bhflaithemhnus agus
ar créatúiribh in talmhan um chongnamh leis buidhechus
do thabhairt dó. Iaradh tiodhluicthi ar a Thigherna ó
tharla aige ina thigh hé, agus dénadh a dhíthchell ar hé féin do
chongmháil in lá sin ó neithibh dímhaoinchi.



Do budh cóir dá gach uile Chríostaidhe dévosión specialta
do bheith aige don Trínóitt, Athair, Mac, Spirit Naomh,
agus é féin do chor ar a ccomairce gach laói, d'Íosa Críost,
d'ar Slánuightheóir, dá pháis naomhtha agus dá chréchtuibh,
agus do shacramint uasail na haltóra, do Bhainnríoghain
fhlaithemhnuis do Mhuire Óigh, do Mhíchél naomhtha,
d'Eóin Baisde bennuighthi, do na naomhesbalaibh Pedur
agus Pól, d'airdesbag na hÉirinn naomh Pádruicc, dá aingel
choimhdechta, do noemh do bhannaomhuibh a chomhanma.



Do budh cóir don Chríostaidhe coimhét do bheith aige
Dia do ghuidhe gach laói ar son a naomMáthur Eguilsi,
fá nertughadh leis in gcreidimh gCatholicha, fá sgris
eiriticechta agus ainChrísduighichta, fá shídhcháin na prinnsuighthe
Críostuighthe, ar son a bhfuil a bpecadh
mharbhtha ar in saoghal agus a bhfuil d'anmannoibh a
Purgadóir. Do budh cóir mur an gcédna do na Críostoighthibh
a n-altughadh buidhe d'Íosa Críost ar son a ndlighend


L. 227


díbh agus dá ghrádh, an tráth do theigémhadh dá chéili ar
na sráidibh nó a slighthibh nó a n-oirechtus iatt bennughadh
dá chéili ag rádh “Moladh d'Íosa Críost go síorraidhe” nó
“Amen”.



Ag so in mhéitt don Tegusg Chríostaidhe atá d'fhiachaibh
ar gach Críostaidhe do bheith ina chuimhni fá phéin a
dhamanta.



Atáit ceithri hairtecoil dég inar gcreidemh, a secht díbh
bhenus ré diadhacht, agus a secht bhenus ré daonacht Íosa
Críost, ar dTigherna.



Ag so in secht bhenus ré diadhacht. An cédairtecal a
chreidemh go bhfuil aónDia amháin ann. An dara
hairtecal a chreidimh go bhfuil an tAthair uilechumhachtach
'na Dhia. An treas airtegal a chreidimh go bhfuil Íosa
Críost, Mac Dé Bhí 'na Dhía. An .4. airtegal a chreidemh
go bhfuil an Spirit Naomh 'na Dhia. Tuicther assin go
bhfuil in tAthair 'na Dhia, agus in Mac 'na Dhia, agus an Spirit
Naomh 'na Dhía, agus nach trí dé íatt acht aónDia a trí
persanuibh agus a n-aónnádúir agus a substaint. An .5. airtegal
a chreidimh gurab hé in Dia so dho chruthaigh nemh agus
talamh. An .6. airtegal a chreidemh gurab é ar
Slánuightheóir hé. An .7. airtegal a chreidimh gurab hé
ar nGlóruightheóir hé.



Na secht n-airtegail bhenus ré dáonacht. An cédairtecal
a chreidimh gur gabhadh ar Tigherna Íosa Críost ón
Spirit Naomh. An dara airtegal a chreidemh go rugadh
hé ó Mhuire Óigh gan truailledh a hóghachta. An .3.
airtegal chreidemh gur crochadh, agus go bfhuair bás, agus
gur hadhnacadh é. An .4. airtegal chreidemh go
ndechaidh sé sís go hifern. An .v. airtegal chreidemh
gur éirigh ó mharbhoibh in treas lá. An .6. airtegal
chreidemh go ndechaidh sé suas ar nimh agus go bhfuil 'na


L. 228


hsuidhe ar deis Dé Athar. An .7. airtegal chreidemh
go tiocfa do bhreith breithe ar bheóaibh agus ar mharbhuibh.



Tuigther na ceithri hairtecuil dég sa fá dhá airtecal dég,
agus ní lór don Chríostaidhe a mbeith do mhebhair aige ina
Chré muna thuigi an ní atá agá rádh aige.



Atáitt deich n-aithenta ann d'aithentaibh rechta Dé. An
chédaithne “Dia d'adhradh, do ghrádhughadh ós cionn gach
uile neith.” An dara haithne “gan a ainm do thabhairt a
mbréig”. An .3. aithne “in tSaóire d'anórughadh agus do
choimhéd”. An .4. aithne “anóir do thabhairt dot athair
agus dot mháthair”. An .v. aithne “ná déna marbhadh”.
An .6. “ná déna drúis”. An .7. aithne “ná déna
goid”. An .8. “ná déna fiadhnuisi bhréige”. An .9.
aithne “ná sanntoigh ben duini oili”. An .x. aithne “ná
sanntaigh duid duini oile”.



Atáitt cúic aithenta ag an Egluis. An chédaithne
“aifrinn d'éistecht is na Domhnuighibh agus is na laithibh
Saóire atá toirmisge ó obair”. An .2. aithne “faoiside
do dhénamh an ní is lugha dhe uair sa bliadhuin”. An
.3. aithne “comaoin do ghlacadh an ní is lugha dhe uair
sa bliadhain, agus sin do chaithemh fá Cháisg ocht lá roimpe
nó 'na diaigh”. An .4. aithne “in Corghus agus vigledha agus
Cataoirecha Tímpir do throsgadh, agus an Sathurn agus an Aoini
ar fheóil”. An .v. aithne “dechmhadh agus prímhide do
dhíol”.



Atáid secht sacraminte ag an Egluis. An chédshacramint
in baisdedh. An .2. sacramint dol fá láimh
esbaig. An .3. sacramint an aithricche. An .4. sacramint
corp Críost. An .v. sacramint na grádha coisreagtha. An
.6. sacramint an pósadh. An .7. in t-ongadh déighenach.



Atáitt secht bpectha mharbhtha ann: - díomus, saint,
drúis, tnúth, craos, ferg, leisce.


L. 229


Atá d'fhiachaibh ar gach uile Chriostaidhe an Phaidir agus
an tAve Maria do bheith do mhebhair aige mur an gcédna.



Gidhbé lenab áil na hairtecuil si an chreidimh agus na
haithenta agus sacraminte na hEguilsi agus na pecaidh mharbhtha
do thuicsin níis ferr, léghadh an Teguscc Críostuidhe atá
a nGaoidhilg agá bfhuighe sé iatt níis líonmhuiri iná mur
táitt annso.