A Poem on the Í Néill

B.Á.C.: I.A.B., 1954 (1608c 17T)

Fear Flatha Ó Gnímh; eag. Brian Ó Cuív




Gearr bhur ccuairt, a chlanna Néill,
bhur sealg is cédchor cuiléin;
bhur seagh is neart air neimhní,
bhur tteacht is eadh imdhighthe.



Ionann is cuairt chuire sídh
bhur ttáisg chuguinn, cúis dimbrígh,
nó bos ríogh na láimhe air láimh,
fa-ríor nó sgáile sgátháin.


L. 246


Is mil dúinn 's as deoch neimhe
d'ibhe ar-aon a haon-bhleidhe
bhur ccéilidhe is bhur ccúl rinn,
a réidhfhine úr Fheidhlim.



Do sraonadh oraibh fa-ríor,
a shliocht uaibhreach na n-airdríogh,
an maidhm-si, mór na héachta;
slógh taidhbhse bhur ttaisbéanta.



Do teilgeadh do ghuin gháibhthigh,
uathadh dhíbh nár dhíoláithrigh,
re sluagh Gall na síthbhreacht sibh,
fírthearc ann dábhur n-uaislibh.



Dábhur loit do léigeadh fúibh
do lámhach lucht an iomthnúidh,
ós sibh cinn chaomhna an chóigidh,
rinn gach aongha urchóidigh.



An díle air ndol os bhur ccionn
táinic fúibh air fud Éirionn;
ag sin tuinn tarsna an achaidh,
a chlann-sa Cuinn Chédchathaigh.



Díbheirg is díbh bu goire;
don tsliabh ard is eagluidhe
sneachta fuar, goirmnéal garrtha,
smual na soighnén siabharrtha.



An chraobh is airde don fhiodh
ní héidir dhi fa dheireadh,
re mbuain ngaoth n-ardronn impe,
nach taoth, tadhall firminte.


L. 247


Atáid re faobhruibh frithre,
d'iarsma éigin innighthe,
dá mboing, a chairde, as bhur ccoill
na croinn is airde aguinn.



Gá ttú acht do iompoigh oruibh;
och, mon-uar do íocabhair,
a lubhghort dob uaisle d'fhiodh,
umhlocht uaibh-si nárbh éidear.



Nochtadh fuilt ná feacadh glúin
níor chleacht sibh air sén iompúidh;
tré bhur neamhsmacht níor nós libh
ceannsacht fós ann bhur bhflaithibh.



Táinic ann aimsear oile
le bhfadhbhthar fuilt órrdhaidhe,
téid air ccúl an cleachtadh sin,
le bhfeacthar glún gach Gaoidhil.



Iobhar re samhaltar sibh
do bhí ann aimsir éigin,
gur dheacar le comhchur a chleath
feacadh a dhromchladh ndíreach.



Siomha air a bhéalaibh do bhí;
tarla an crann-sa ad-chluintí
's an siomha caol ucht re hucht,
a fhiora nár aomh umhlucht.



Oidhche don iubhar chédna,
fa neart síne soighnénda
do shéid ó néallaibh nimhe
téid dá phréamhaibh puiblidhe.


L. 248


Mur do-chí an crann-sa é féin
d'éis a bhuain dá bhuinphréimh,
a ccruth nár chombádhach leis,
do ghuth fhorránach éighmhis.



"A ghiolcach caol", air an crann,
"atá sgéal iongnadh agam,
gaoth dár snímh-ne, a mhaoith mheata,
's do dhírghe ón ghaoith gheimhriota".



"Ní hénní acht h'easumhla féin",
dob é ris rádh an tsibhnéin,
"do leag t'fhiodhradh dá ionadh;
beag an t-iongnadh h'íslioghudh".



"Tusa ag gleic ris an ngaoith ttinn,
misi ag sléachtain", air an sibhinn;
"don tsín ghairg dá ngéis doineand
mairg tar mh'éis nach umhlaighionn."



Tabhraidh d'aire, a aicme Chuinn,
gurb é an easumhla is fochainn,
do mhéin an chroinn ó chianuibh,
's do bhoing Ua Néill Naoighiallaigh.



An bhfacaidh Éire uasuibh
fiodhbhadh nach d'fhiodh ionchnuasaigh?
bhur ccroinn toirtheacha tiad as,
na foichleatha is iad fhásas.



Ní chuirfeadh énchlann iad féin
ós bhur ccionn-sa, a chlann tsaorNéill;
do Dia dá madh ísiol sibh
cia lé ttíseadh bhur ttoirnimh?


L. 249


Do thoirn toirneamh bhur siubhail,
a shliocht Gaoidhil Ghlais mhic Niúil,
fa eire ó nach éirgheann sibh
éindream eile ní éirigh.