Ar Smuaintioghadh an Bháis arna tharrang ó Thomás a Cempis, Leanmhuint Chríost

Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath (1745)

Anaithnid; eag. Brian Ó Cuív




AR SMUAINTIOGHADH AN BHÁIS
ARNA THARRANG Ó THOMÁS A CEMPIS, LEANMHUINT
CHRÍOST.



LEABH.I, CAIB.XXIII.



Ní fada nó go ttiocfuidh uair an bháis chugad, et mar
sin tabhar aire dan staid ina bhfuil tú; aniodh atá an
duine anna bheathaidh, et amárach ní bhfuil sé le fagháil.


L. 256


Ach anuair a thógar as ar bhfiaghnaise é, ar ball fágan sé
fós ar ccuimhne. Uch, is cruaidh agus is spadánta croidhe
an duine nach smuainighean ach air na neithe atá thugain!
Ba chóir duit thu féin iomchar san uile ghníomh agas
smuaintioghadh amhail agus mar bheith an ló déigheanach dod
bheathaidh. Má bhian coinnsias maith agad ní bhian
mórán eagail ort roimhe leis an bhás. Is fearr an peacadh
a sheachna nó an bás. Mar bhfuil tú ullaimh aniodh,
connas a bhfias tú amhlaidh amárach? Atá an ló márach
neimhchinte; ca fios duit an mbéara tú beó ar an ló
márach?



Créud is feirrde dhúinn a bhfeith bhfad beó
anuair is beag a leasaighear ar mbeatha? Och fa-ráor!
ní leasaighean an saoghal fada inn go coitcheanta, ach go
minic is mó a mhéadaighean sé air ccionnta. Is truadh
nach ttig linn an ló amháin dár saoghal a chaitheamh
go maith. Is mór an líon a gheallas a mbeatha do
leasughadh, et is beag na torrtha nó an biseach a thig orra.
Cia gar uathbhásach an raod a' bás, is baoghalaidh nó sin
a bheith bhfad beó. Beannaigh an té aiga bhfuil an
bás as comhair a shúl do gnáth, et ullmhaitheas é féin
go laetheamhuil 'na choinne. Má chonarc tú an duine
ariamh a' fagháil bháis, smuainigh go ngéabha tú féin an
casán céadna.



Aig teachd na maidne saoil nach ttéid tú féin chum
na haoidhche, agus fá choineasgar ná geall duit féin a bhfeith
beó ar maidin. Mar sin bíodh ullaimh air do choimhád, agus
ná beiridh an bás go brách 'do chodladh ort. Iomdha
duine a gheibh bás oban gan am aithrigh, ór is ansan uair
nach saoiltear a thig Mac an Duine. An tan a thiocfas
an bás, smuaineócha tú air do bheathaidh agus guilfe
tú go cruaidh ag féuchaint air gach folligh agus air gach
muinneachdaigh dá ndearna tú.


L. 257


Méanar don té a thairgeas a bhfeith an aimsir a
shaoighail mar ba mhaith leis a bhfeith uair a bháis. Ór
bhéaraidh tarcuisne iomlán an tsaoighail, fonn faobhrach a
dhul air aghaidh annsna subháilcibh, grádh na ríaghaltachd,
pionús na haithrigh, easguigheachd na humhlachd, diúltughadh
dhuine dhó féin, agas iomchar foighideach gach
éugcóra agus leatroim mar gheall ar Chríosda, bhféaraidh siad
dóchas et muinghin láidir bás beannaigh fhagháil. An
fad a bhfeas tú slán is iomdha maith a thig leat a dhéanamh;
ach anuair a bhfeas tú tinn, ní adar créud a thig leat a
dhéanamh. Is beag a leasaigheas iad féin le linn a ttinnis
nó a naomhas iad féin le mórán turais.



Ná déana ro-mhuinghin as do chairde nó as do
chomharsain, agus ná leig do leas air cairde; óir dhéanad
daoine dearmod dhíot nias luithe nó shaoileas tú. Is fearr
lón a dhéanamh anois an am agus do dhéirc agus do ghníomharadh
maithe a chur romhad nó thu féin a thaobhadh le daoine
eile d'éis do bháis. Mar bhfuil cúram agad anois iomad
féin, cia chuireas buaireadh air féin do dhiaigh aríst?
Is mór luach na haimsire atá láthar. Anois an na haithrigh.
So foghmhar an anma. Ach fa-raor! nach bhfreagrann
tú an t-am atá agad le haghaidh h'anma. Tiocfudh an
t-am a mbeith tú ag iarraidh aon lae amháin nó aon uair
amháin le haithreachas a dhéanamh; et ní adar an bhfuighe
tú h'athchuingidhe.



Och, a chairde ionmhuin', is iomdha eagal et olc is
féidir leat a sheachna aige smuainioghadh agus aige coimhéad
air a' bhás. Déana díthcheall anois do bheatha a bheith
naomhtha agus ní bhian eagal ach luathgháir ort uair a' bháis.
Foghlaim anois bás fhaghail don tsaoghal, ionnas go mbeathá
an uair úd beó maille le Íosa Críosda. Foghlaim anois
an uile ní do tharcuisnioghadh, ionnas go ttiocfa leat a
dhul go dána d'ionsaidh Chríosda an uair sin. Smachtuigh
anois do chollan le pionnús na haithrigh, ionnos go
mbféidir leat muinghin láidir a bheith agad uair do
bháis.


L. 258


Och, amadáin, créud fá smuainighean tú a bheith
bhfad beó, agas nach bhfuil aon ló amháin dearbhtha
agad? Nach iomdha duine a mhealltar agas fhuadaighear
ar siobhal an uair nach saoilean síod? Nach minic a
chúala tú dá rádh “thuit an fear sa air a chloidheamh,
báthadh fear eile, thuit duine eile et bhris sé a mhuinéal,
tochdadh duine eile, et fuair an fear núd eile bás le huabhar”.
Tuitean duine le teine, duine le harm, duine le pláigh;
marbhadh duine sa chath, et imighean saoghal an duine
thort mar sgáile.



Cia choimhneóchas ort ndiaidh do bháis, et cia
dhéanas guidhe ná urnaighe air do shon? Anois, anois,
a charaid, déan an méid et thig leat; ór ní fios duit uair
do bháis, nó créud éireóchas duit 'na dhiaigh. An tan
atá foill agad déana saidhbhreas et lón síordhaidhe dhuit
féin. Ná smáoinigh ach air shláinte h'anma; ná tabhair
aire ach do Dia. Tabhar onóir do naomhaibh Dé et
déana caruid díobhtha ag tabhart tóruidheachd dóibh,
ionnas go ngéubhuidis leat ana longphurtaibh síorrdhaidhe,
ag fágáil a' tsaoghail duit.



Meas nach bhfuil tú air an talamh ach do dheóraidh
bhochd ar céiligh, et gur beag do chuid don tsaoghal.
Coinghimh do chroidhe saor et suas chum Dé, óir ní
bhfuil baile comhnaigh anso agad. Cuir do ghearán, do
dhéara, et do guidhe suas go Flaitheas Dé, ionnas go
bhfuigheadh h'anam d'éis do bháis a dhul go glóir shíorrdhaidhe
an Tighearna. Amen.



Smaoinighmid annso gurab éigin dúinn bás d'fhagháil
uair éigin, et déanmaoid díthchioll inn féin a chur annsa
staid ann ar mhaith linn a bheith san uair uabhásaigh sin
an bháis.



Orrtha.



A Thighearna Dé ar nach bhfuilmid dearbhtha aige dul a
chodladh anochd a' n-éireócham a chaoidhche aríst, tabhair
grása dhúinn inn féin a mhionsgriúdagh go fírinech ad


L. 259


fiaghnaise, ionnas go bhfaiceamois ar lochda et go mbiadh
sinn ullaimh a láthar bás et breitheamhnais.



A Dia, támaoid sásta an saoghal sa fhágáil an uair,
agus air an ghléas is áill leat féin, ach amháin iarrmoid
d'athchuinge ort gan breitheamhnas a thabhart air n-aghaidh
réir air ngníomharadh, ach ré et am aithrigh a thabhart
dúinn, a Thighearna. Dídin agas sábháil inn air bhás
oban neamhollmhuighe et tabhar grása dúinn gan
smuaintioghadh an bháis a leigint a choidhche as air
ccroidhthibh, ionnas, an fad a mhaireamaois, nach déanamois
peacadh ar bith marbhtha nó sologhtha dar ndeóin an
aghaidh do mhórdhachd neamhdha. Amen.


L. 260



L. 261


1818c
0401
LORG CHRÍOST.



An Chéad Leabhar agus an Chéad Caibidil.



Do lorg Chríost agus do dhímheasúghadh dhíomháointais
an tsáoighil uille.



An tí do leanfas mesi ní shiubhluigheadh sé a
nóircheadas Eóin 8.12. Ag siad so focail ar tTigharna
Íosa Críost ionna bhfrógradh dhúinn, más miann linn
bheith saor ó dhoircheadas et ó dhuille croídhe, aithris do
dhéanamh air a bhéasaibh et air a bheatha ró-naomhtha.
Tríd sin déinimís díothcholl díbhirceach et machtnamh
caoindúthrachtach air bheatha Chríost do leanmhuin.



Sáiruígheas teagasg Chríost teagasg na n-uille naomh,
et an tí agá bhfuil an spiorraid cheart, do-ghéabhaidh sé
an manna falaighthe ínte. Gidheadh atáid a lán ná
corruígheas et ná spiorachuígheas gnáthclos an tsoíbhisgéil
a n-inntinn ná a ccroidhtheacha mar nách bíodh
spioraid Chríost ionnta. Acht an tí dár miann leis focal
Chríost do thuigsin go maightheach is dleacht do
dhíothcholl dían do dhéanamh et machtnamh cruaidh do
dhéanamh ar aithris beatha ró-naomhtha Chríost.



Créad an sochar ná an tairbhe dhuit labhairt go
doímhinn léaghanta air an tTrínóid, mádh bhíodh an
Tríonóid ad t'aíghadh tréad neamhúmhalacht. As fíor
nách deinid focail mhóra bláithbhriathracha duine do
náomhúghadh, acht is fíor go ttugadh beatha shúibháilceach
báoidheachas et greann Dé air. Dob fheárr liom combrúighadh
croídhe d'fhullang et do moghthughadh ná
bheith fiosach air a léirnochtadh. Dá mbíadh an sgríobhinn
dhíadha uile do mheábhair agad do rínn aon fhocal et
seannráidhte na n-eagnuídheach et na ndroighthe, créad


L. 262


a mhaitheas ná shochar duit gan grása et greann Dé.
Ó! a dhíomhaoinis an díomhaoinis, et is díomhaoineas an
uille, acht seirbhís et greann Dé amháin. Ag
sin an eagna is áirde, tré chúl do thabhairt ris an sáoghal
so, et tré aíghaidh do thúbhairt air ríogacht naomhtha
na bhflaithchios.



As díomháoineas don réir sin do neach bheith ag
iarraidh ná ag iarracht ar shaídhbhrios diombúan an
tsáoghail so, ná a' cur a dhóthchas ann. As díomháoineas
bheith aig iarracht air onóir, air ainréim, et air ardionnadaibh.
As díobhaoineas bheth aig leanmhuinn anmhianaibh
na colna ná ag iarracht ar aon ní eile dobhéarthach pian
dian dólásach air an anam bocht dá éis. As díomháoineas
bheith aig iarraidh saoighil fhada et faillighe do thubhairt
a leas an anma. As díomháoineas aire do thúbhairt do
neithibh an tsáoghail so amháin et gan aire do thúbhairt
do neithibh atá le teacht. et fá dheóig is díomháointeas
greann do thúbhart do neithibh diombuana et gan
deithneas do dhéanamh chuim na háite ionna mbíadh
uirgháirdeas et sonas síorraidhe.



Smuain do shíor air an seanrádh nách fuil an tsúil
lán do raídharc ná 'n chluas lán d'éisteacht Eccles. 1.8.
Machtnaimh don réir sin do chroídhe et t'inntinn do tharrang
ó neithibh talamhuídhe, et iómpaigh air neithibh neámhdha.
Óir truadhilíghid an drong do leannas anmhiann a ccoinsías
et caillid siad greann díadha Dé.



An Dara Caibidil.



Do mheas uirísil do bheith aig duine air féin.



Do réir nádúir is miann le gach neach bheith eólach,
acht créad an tairbhe an t-eólas san gan eagla Dé? Is
feárr an túata ísioll úmhal do-ghníodhas réir an Tigharna
go dílios dúthrachtach ná an t-eagnuighach uaibhreach
eólgach do sgrúdas cúrs na spéire et dothugas faillíghe a
leas anma. An tí agá mbiaidh fios ceart air féin is
direóil úirísioll 'na shúillibh féin é, et ní binn leis duine


L. 263


dá mholadh ná dá bhleachain. Dá mbíadh fios agam air
an uille ní atá san dómhan mhór et gan bheith a ccarrthanacht
leam chómharsain, créad an tairbhe do-dhéanfa dham
a raidharc Dé do-bhéarfas breith orm do réir mo mhíodhiompair
agus mo ghníomhartha?



Léig díot diandúil eóluis; is minic bhíos eólas mór
lán do thoirmeasg et do cheilg. Is gnáth le lucht
an eólais meas do bheith ortha féin et gur maith leó ainim
chríona d'fháighil. Atáid a lán do neithibh dára beag an
tairbhe don anam fios do bheith ortha. et is neamhchríonna
é an duine dotugas aire do neithibh ná chuiduígheas
chuim a shláinaighthe. Ní hiomad focal dá léigheanta
do-ghnídh maith don anam; gidheadh do-beir beatha
ríaghalta compórd et gáirdeachas don aigne, et coinsias
glan muinghin et dóthchas a nDia.



As troimide do bhreitheamhas bárr eóluis do bheith
agad, muna mbeadh bárr feabhais et naomhthacht air do
bheatha dá chionn. Don réir sin ná bíodh uail ort ná séide
suas tré aon nath ná ealládha do bheith air eólas agad,
acht bíodh eagla et úamhain ort tré n-a bhfuairais d'fhios
ortha. Más dóith leat bheith leóreólach ann a lán do
neithibh, bíodh a fhios agad san am ccéadna go bhfuil
iliomad do neithibh eile tar h'eóllas et tar do thuigsin. Ná
bí árdaigiontach Rom.11.20, acht admhuig h'ainbhfhios
go fóirleathan. Créad fá ccuirfeadh tusa tú féin tar daoinibh
eile 's a liacht duine rómhad féin go hárd a ngéarrchúis
et an eólas an reachta? Dá réir sin más míann leat aoin
ní d'fhoghluim cuim na toisge sin gean uirísleacht et
uaigneas.



Ag so an ceacht is airde et is mó sochar: fios fírinneach
do bheith aguinn orruinn féin et sinn féin do úrísliúghadh.
As mór an chíall et an iomláine anuinn, mímheas do bheith
aguinn oruinn féin et meas maith air chách. Dá
ttigeadh duit neach air bith d'fhaicsin a bpeacad
phuiblidhe nó a ccoir ghráineamhúil, níor cheart duit meas
ná mustar do bheith ort féin dá bharr air, óir ní fheadrais
créad an fhaid dobheitheá féin air deághstaid. Atámíd
uille lag, acht tabhair-si dod aire gan smúaineadh go bhfuil
neach beódh is luige ná tu féin.


L. 264


AN TREAS CHAIBIDIL.



DO THEAGASG NA FÍRINNE.



As sona an té do teagasgthar ris an bhfírrinne amháin,
gan fíoghar gan focal, acht mar atá sí ínte féin. Is minic
do mheallas ár cciall et ár ccéadfa féin sinn; ní dhearcamid
acht beagán. Créad an gábha an chónnspóid na choinntinn
dorchadh deacradh doléire ná fiafrófar dínn air lá an bháis
nó an bhreitheamhnais? As mór an leimhe et an mhíchiall
dúinn seachmall do thabhairt a neithibh ríochtnacha
óircheasacha ró-thairbhtheacha, et cúram gearr do dhéanamh
do neithibh deasa dona úirchóideacha. Atáid súile aguinn
et ní fhaicmid.



Agus créad is gábha dúinn mar sin bheith a úram
ceasda ná deismeirtheachta na bhfallsamh ná na
n-eagnuídheach. Bíodh an té léa labhras an briathar
síoruídhe sáor ó chéadfaibh codrasna. Ó aon bhriathar atá
an uille ní; labhras an bríathar sin gach nídh; et asé an
bríathar sin túis et tosach gach nídh, et do labhras linne
Eoin 8.25. Gan an bríathar so ní thuigeas et ní bhreithnuíghis
neach go cóir ná go ceart. As féidir don té agá
bhfuil gach nídh an aon nídh, do tairraingach gach nídh
chuim aon nídh, et do dhearcas gach nídh an aon nídh
bheith soicair do-chorraighthe dingeabhálta ionna chroídhe
et ionna aigne, et codla go soilbh sámh suaimhneasach an
ucht Dé. Ó! fhírinne, mo Thigharna et mo Dhía, déin aon
mar aon leat féin díom a ngean et a bpáirt shíorruídhe.
Atáim sgítheach toirseach ó iomad do léighamh agus do
chlos; anut-sa amháin atá an uile as toil agus is mhíann
liom. Éisteach gach uille theagasgthóir; bíodh an uille
chréatúir anna thocht ód radharc; labhair-si amháin
liom-sa.



Dá mhéid dobhiadh neach cómhaonda ann féin agus
neamhdhíobhálach 'na chroídhe, is amhla is mó agus is
aírde do thuigfeas neithe gan saothar ná dúadh, do bhrígh


L. 265


go bhfáigheach solas na tuigse ón árus shuas. Ní bhíodh
spiorraid fhorasda áonda fhíorghlan sgaipighthe tré
iomad cúraim, óir déinidh an uille nídh an onóir do Dia,
agus déinidh díothcheall dian díbhirceach bheith soicair
séalta súaimhneach ann féin agus saor ó gach cruinniúghadh
cínnte. Cé an col, an cosg, ná an buaireadh is mó ort ná
miann do-smachtaighthe do chroídhe féin? Air ttúis
cuirreadh an duine cráibhtheach cáoindúthrachtach innioll
inmheódhnach air na neithibh so dobhíos age le déanamh
go foiriomlach. Agus ní chlaonaid agus ní thairraingid
é chuim a ainmhiann, acht lúbaid é chum ríaghail an chirt
agus na deighchéille do leanmhúinn. Cé do-ghnídh cómhrac
bus tréine ná an té do-ghnídh díothchall air bhuadh air
féin? Don réir sin is óircheas dúinn neart laetheamhuil
do thinóill ionnár n-aíghadh féin agus beith do shíor ag
dul a bhfeábhas et a ró-fheábhas.



Ní bhfuil iomláine san tsáoghal so gan neamhiomláine,
ná breithnúighadh gan doiléire. As deímhinidídhe an
tslighe chuim Dé eólas úmhal do bheith agut ort féin ná
an lorg is doimhinne a ndiaigh nath ná ealladheann. Ní
ceart uaidh sin dímheas do bheith air fhóghluim ná air
eólas aoinnídh atá tairbheach ann féin agus atá achtaighthe
órdaighthe le Dia; gidheadh dob fheárr do rogha coínnsias
maith et beatha shuibháilceach ná foghluim na cruinne
ceathardha. Acht do bhrígh go bhfuil a lán do-ghnídh
machtnamh níbhus mó air fhoghluim ná air
dheighbheatha, tríd sin is minic do mealltar íad, agus má
tugaid torradh air aon chor gurab e an róbheag é.



Ó! dá mbeidís daoine cómh díbhirceach cómh dúthrachtach
cómh imnuídheach ag préimhsgrios duibháilceadh
agus ag síorchur suibháilcidh agus dobhíd aig lúadh agus
ag tabhairt cheasta, ní bhiadh oiread uilc, masla, ná
sganallach a ccolláisdíbh ná monaistribh. Go fíor air
thiachtain do ló dólásach an bhreitheamhnuis, ní as na
neithibh do léighmair do cheastnóthar sinn acht ansna
neithibh dorinneamuir; ná air eólas ár mbríathara acht
air ríaghaltacht air mbeatha. Innis damh cá bhfuillid na
hollamhain so annois air a raibh coidreabh agus taithídhe
agad inna mbeatha et dobhí árd bláthórnáideach an eólas?


L. 266


Annois atáid cách a seilbh a mbeatha 's a maoine, et ní
fios dúinn a' ccuímhníghid ná smuainíd ortha go bráth.
An aimsir a mbeatha do measag mór íad, acht annois ní
bhfuil trácht thorsa.



Ó! a ghiorracht dobhíos glóire an tsáoighil so ag
imtheacht seacha. As trúadh, a Dhé, ná bíodh an bheatha
do réir a bhfóghlumtha; as ansin do-dhéanfadís deaghmhachtnamh,
deighléighan, agus deighfhóghluim. Ó! créad
an mhéid do míltear agus do cáilltear san tsaoghal
so tré neamhnaightheacht et tré shuarachas léighain et tré
sheachmall, et tré beagaire do thabhairt do sheirbhís Dé?
et mar dob fheárr leó bheith taídhbhseach iná úmhal, et
d'iompuíghidar báoth éadtrom inna smúaintibh. Atá an
duine mór go fírinneach atá mór a ccarthanacht. Atá sé
mór go fírinneach atá uirísioll 'na shúillaibh féin, et nách
cuirreadh dúil ná suím an árdchéimibh onóra. Atá sé
eagnuídhe go fírinneach aig nách fuil acht meas an aoilaicc
air neithibh talmhuídhe, ionnas go sroithfeach sé Críost
Philip 3. 8. Agus go deibhinn atá sé léaghanta go mór
mar do-ghnídh toil Dé et mar do thréigios a thoil féin.



CAIBIDIL 4.



Do Chianraidharc agus do Chomhaire air ár nGníomharthibh.



Ní cóir dúinn creidiomh an gach focal ná an gach
fárdal príomháideach dothig san ínntinn ná san aigne;
gach nídh do mheas et do mheádhachon go réidh, aireach,
imnídheach, do réir toile Dé. Fóríor! atá ar laige comh
mór sin gur minice a labharamáoid et do chreidmíd
a neithibh uirchóideacha ná a neithibh tairbheacha. Gidhéadh
ní thugaid daoine eagnuídhe iomlána creideamhuinn
iomláin do gach saobhsgéal suarach do-chloinnid, mar atá
fios aco air an luige dhaona atá claon chuim uilc et cailleamhnach
a mbríathraibh.


L. 267


As mór an gaois gan bheith dian dioruisg ná
ceanndána ionnár ccéadfadh cínnte féin, ná mar an ccéadna
bheith soicreidibh a mbriathraibh dáoine, ná an méid
do chreidfamaois d'aithris. Déin cómharle lé duine coinnsiasach
ceart; tóg teagasg an tí is fearr fios, agus ná lean
h'eidirmheas féin. Déinidh deaghbeatha duine eagnuídhe
do réir Dé et clisde ann iomad neithe. Dá mhéid úmhluígheachta
dobhiaidh a nduine et dá mhéid do ghéilleas do
Dia, is amhla is mó dobhías a shúaimhneas et a shonas,
eagna agus a gháois et gach uille nídh.



CAIBIDIL 5.



Do Léaghadh na Sgríobhinne Diadha.



As fírinne agus ní deaghlamhair is ceart do lorg san
sgríbhinn dhíadha. Badh ceart an sgríobhinn dhíadha uille
do léighadh ris an spiorraid léa ndeárrthnas í. Is mó is
ceart dúinn cuardach san sgríobhinn dhiadha air ár ttairbhe
spiorrálta ná air géarchúis cainnte. Bo cheart
dúinn na mionleabhair chráibhtheacha do léighadh mar na
leabhair is doimhinne et is fóirleithne eólas. Ná cuirreadh
úghdarás ná úirísleacht an sgríbhinneóra ort tré bheith ísioll
ná árd a bhfóghluim, acht seólach greann fíorghluine tú
chuim léighte. Ná fiafruidh cé dúbhairt seo, acht túbhair
aire don ní a dubhrthas.



Imthíd daoine seach, acht mairreadh fírinne an
Tígharna go síorruídhe. Labhradh Dia go
minic air iomad slighte linn gan beann air neach tar a
chéile age. Déinidh ár bhfíorchruinneas et ár gcúiríaltacht
cosg oruinn go minic a léigh na sgríbhinne diadha, an tan
bo miann linn bun et bárr na neithe sin d'fháighil fá córa
dhúinn do leigionn tarrainn. Más maith leat tairbhe
d'fháighil léighaidh re húmhluígheacht, le séimhe, et le


L. 268


creidiomh, et ná bíodh úail ort tré bheith eólach. Iarr
fios go deóinaitheach agus éist go ciúin le bríathraibh na
naomh: et bí sásta le bríathribh nó cosmhallacht na sean;
óir ní labharthar íad gan chúis.



CAIBIDIL VI.



Do Mhíannaibh Míríaghalta.



An tan do chuirreadh neach dúil ann aon ní
míríaghalta, tig buaireadh láithreach an' inntinn et an'
aigne. Ní bhí an sanntach ná an t-uaibhreach sásta ná
soicair-aigiontach go bráth; mairreadh an bocht ríaghalta
et an t-úmhal a spioraid a sonas et a síthcháin mhór. As
ró-fhurrasa an duine atá a ngar do bheith marbh a chloídhe
et do tharrang le súarachas. As deacair don tí atá lag a
spiorraid et cláon chuim ainmhiann é féin do tharran
go iomlán ó dhúil do bheith a neithibh sáoghalta. et
tríd sin is minic doilg dobrónach é iar sgarramhuinn leó;
agus má dothig aon ní dá luíghead an aíghaidh.


L. 269



L. 270



L. 271



L. 272



L. 273


ÉIRIM BEATHA THOMÁIS A CEIMPIS



Tomás Hamerkin, dar bo comhainim Tomás a Ceimpis óna bhreith
a cCeimpis, baille beag a bhfairche Cullen san nGearmáinn uachtraicc,
tíompcholl na bliadhna d'aois an Tígharna 1380, ó lánmhúin
bocht chráibhthicc mhacánta do chuir an aois a thrí bliadhna déag
é go Daventry, ceannbhaille Overyssel san talamh íochtrach, áit
iona ndearrnaidh Gerardus Mór seallad geárr roímhe sin colláisde
agus sgoil do chuir air bun chum droinge d'ógaibh na tíre sin do
thabhairt súas a bhfóghluim agus an eagla Dé. Do ghaibh Florentius,
uachtrán na colláiste sin, go macnaiseach é, agus le cabhair na
sagart eile ríaghalta dobhí ann, a ccionn seacht mbliaghann dá
éis sin dobhí sé árdeólach a bhfoghluim dháona et aníbhus áoirde
a ngrádh et an eagla Dé, noch is ealládha et is eólas ceart do na
naomaibh. A cceann na haimsire sin do smuain sé air uaigneas
fá mó do ghabháil do láimh, et air é féin do thiomnúghadh do Dia
go hiomlán, et tríd sin do ghluais go Cnoc Agnes, lámh le Swollem,
go mainistir bráthar d'ord Naomh Auguistin, et mar a raibh a
dhearbhráthar Seaghán 'na luamh. Annso tar éis bheith sé
blíaghna 'na nuaidhre, mar fá gnáth san áit sin, do ghaibh
sé grádh eagluise et do lonaidh ann 'na scáthán iomlán an uile
shuibháilce breis et deich mbliadhna et trí fithchiod.



Dobhí do síor et do síor-gnáth ag labhairt air Dia et
fhírinnibh naomhtha, amhuil atáid le fáighail san sgríobhinn
dhíadha. Ni thugach aire do neithibh eile air bith. Ní éisteach
leó. Dob é an céad duine san ccorradh é air na huairibh canónda
'na chuilgsheasamh a' geilfhéichain suas air neamh lena chróidhe,
lena shúillibh, et lean íntinn an éinfheacht, amhuil dobheadh chuim
eitil súas air an moment sin don ghríanárus beannuighthe. Do
sheasaibh sé coga an chínn cheángállaicc le leisge et le díomhaoineas
dá luíghead, et ní bhíodh am ná tráth gan bheith air úrnaighthibh,
aig léaghthóireacht, ag sgríobhinnóireacht, ná aig déanamh feidhme
nó oibre éigin chuim maitheasa coitchinne an tíghe go súaradh ó
offic an meodhan oídhche go maidin. Dotugadh sé searmóin
uaidh go minic dobhíodh comhlán san do bhuige, do mhíllseacht,
et do theasghrádh, go ttigídís daoine ós gach áird aig éisteacht


L. 274


ris, et ní bhíodh duine díobh sin ná tairbhthígheach óna theagasg.
Dobhí a chómhluadar deachteámhuil deághshompladhach, et
arruíghe shéimh shochma shítheóilte, et dothugach compórt et
cómhfhoirtacht don lucht dobhíodh an amhgar, a mbuairraidh,
ná a ccathúghadh. Dobhí oirread san do thainntheamh aige
d'uaigneas et do leabhraibh díadha gur ghnáthchanmhúin aige “do
shireas súaimhneas ann gach áit et níorbh féidir liom fháighail
an aon áit acht a ccúil aonair láim le leabhair”, agus do
sgríobhach an ní céadna air chúmhdach leabhar mar dhúbhachómhartha.
Do thangmhuígheach do go minic a ccuideachtuinn go
moithuígheach cuire inmheódhnach ó Dia chuim cómhluadair
discréideach do bheith ris, agus annsin, gibé feidhim nó toisg
dá phráinneamhladh dobheidh air, d'íarrfadh go tapaidh et go
mómhail cneasta ciúinbhríathrach cead, ag rádh gur theasdaidh
sé ó neach 'na dhúirtheach nó 'na cheall. Dobhí sé fadó an'
athlúamh, et air uair 'na ríaruídhe nó 'na mhaor mainnistreach
san áit sin. Gidheadh mar nár fhóir an cúram céadna déighionnach
san dá dhúil an uaigneas ná a síormhachtnamh, d'íarr et dofuair
cead a léigionn de. Do thríall sé ón mbeatha so gus an mbeatha
mharthanaigh an cúigmheadh lá fithchead do Bhíomhis 1471, an
aois a dhó dhéag et cheithre fithchiod.



Do cuirreadh a oibreacha a cclódh a Laidion ann Antwerp san
mbliadhain 1615, a ttrí n-imleabharaibh, agus an Doway san
mbliadhain 1635. Ansa céad imleabhar atáid deich searmóna
fithchiod chum na núaidhrídhe, et chúig searmóna et dafhithchiod
cuim na riaghaltach. Ansa dara imleabhar atáid cheithre
leabhair Loirg Chríost, Uathchómhrádh an Anma, et iomad eile do
thráchtaibh cráibhtheacha caondúthrachtacha. Agus annsa treas
leabhar atá beatha na hógha naomhtha Lidewiges, beatha Gerardus
Mhóir, et beath Florentius a chómhfhorba, mar aon lé
beatha a ndeisciobal. Do taoibh na leabhar so Loirg Chríost,
is neamhghábhatrarach moladh ná déightheasdas do thabhairt annso
ortha. Atáid síad tuille et dá chéad blíaghain a lámhaibh an
tsáoighil mhóir, iompaighthe is gach teangain, agus síollaighthe
ann gach uille áit ionna bhfuillid Críostaighthe lena bhfáighil, agus
iad dá léighiomh et dá ndianmholadh go coitcheann agus go
fóirleathan le gach drong agus le gach deilteánach don creidiomh
sin uille. Ní bhfuil a thuille aguinn le rádh annso acht guídhe
anár ccroídhe go dúthrachtach an spiorruid do stiúruigh ár n-úghdar
a' cur an leabhair diadha so le chéile do stiúradh agus do chseóla
an léightheóra chuim a thuigsionna agus chuim na tteagasg sáirmhaith
bhfíornóirdheirc do chuir a suím agus do chómhlíona.
Amen.