A Devotional Poem by Seán Máistir Ó Conaill

B.Á.C.: I.A.B., 1966 (1791fl 18D)

Seán Ó Conaill; eag. Donncha A. Ó Cróinín




Is uireasa machnaimh ar mhaitheas na Tríonóide
Ler tuileadh an talamh de mhallachtaibh míleortha,
Tiomargadh taitnimh do chleachtaibh na clífeola
'Na ndrongaibh tug anamnach damanta díthreorach.


L. 52


Uireasa machnaimh tug d'aingil do bhí i nglóire
Titim 'na gceathaibh go seachmallta síobhóideach,
'Na mbruithnisc cheamalach anacrach mhíshnómhail
'Sileadh go leachtaithe i lasair ná críochnófar.



Is uireasa machnaimh fá ndeara don mhnaoi bhreoigh sinn
Druidim le habhall na haithne ar chraoibh órga,
A bhriseadh 's a bhlaiseadh 's a thabhairt dá caoinstórach
d'fhúig sinne go daingean san ama fá chuinggheóca.



Is uireasa machnaimh don leanbh bocht trí an ngnó san
Le mioscais a chealg gur mharbh a chlíchomhalta
d'fhúig bruite nocht a anam i bhfarraige nimhe scólta
Is ná feicthear leathphingin glanta den díol fós de.



Le huireasa machnaimh a theangmhaigh an ní neosad
Do dhuine bhocht ainnis bhí sealad 'na rí chomhachtach
Go cumasach ceannasach bainiseach buíontslóghach,
Gur scribheadh a dhamaint ar fhalla le mínmheoraibh.



Is d'uireasa machnaimh do dheachtar linn síos sómpla
Deimhin den tsamhail i bpearsain an rí Póil oilc
Le buile na peannaide chealg 'na chroídhrólainn
Bhí ciontach 'na mharbh 's is fada dhó ag díol fós as.



Is uireasa machnaimh do dhamnaigh Aintíócus
In ifreann ceangailte ag spalpadh re spídeoireacht
Mar ionathar ablaigh treascartha i ndíg bóthair
Ag iomlasc a anama ar leacaibh an fhíorspólta.


L. 53


Is trí uireasa machnaimh na seana do shín romhainne
'Na tuile ar an dtalamh tug fearg an Rí mhórga
Ler scriosadh a sleachta gan phearsa den droing, móidim,
Ach an uimhir do sheasaimh 'na mbeathaidh san loing órga.



Is uireasa machnaimh tug lasrach nimhe is tóirneach
Is tine na bhflaitheas chun cathrach mbruíonómrach,
Faghthar deimhin ná deachaigh neach astu re ríomh sceolta
Ach duine agus ainnir 'na salann do fríth fós ann.



Is uireasa machnaimh ar phearsain an Rí thrócairigh
Tug cumus dár n-athair i bparrthas síoch sóilmhear
Ag fiuchadh le scalladh 's ag screadaigh go glinndeorach
Mo thurraing! bheir damanta scata den tsaol bhrónach.



Is uireasa machnaimh ar chneastacht chirt Chríost chomhachtaigh
d'fhuiling a spalladh re sparradh na spíonchoróine
Bheir uimhir dhubhamhairc 'nar dheacair a gcruinnchomhaireamh
Ag ciseal ar shlabhara is lasrach nimhe leosan.



Is uireasa machnaimh ar theagasc an Naoimh-mhóirSpioraid
Mar chitear i gcantain 's i gceachtaibh na bpríomheolach
Bheir bruithnisc cheamalach anamnach críondóite
Ag Lucifer ceangailte i nglasaibh dá righinróstadh.



Is uireasa machnaimh ar fhlaitheas an Rí ghlórmhair,
Ar bhinneas na n-aingeal ag cantain go binncheolmhar
Is ar chriostalaibh anamnach sneachtaidh 'na shíorchomhair
Bheir deimhin dubh damanta dearbhaim síos slóite.



Is uireasa machnaimh ar amasaibh saighead seoltar
Re toirmeasc namhad ag seasamh na slí romhainne
Bheir muclach anamnach anacrach bhfíordhreoite
Idir ursanaibh dearga ag lasadh gach aon mhóimead.


L. 54


Is uireasa machnaimh tug cealgach croíchróloit
Iomlatach aithristeach aithiseach íogórach
Iongantas anamnach ndamanta ndíchomhairligh
Is tine dhubhdheataigh dá ngreadadh le mídhóchas.



Is uireasa machnaimh bheir spairneach baoisghlórach
In imreas aigne ag easmail 's ag guíodóireacht
Sinne is ár leabhair dá spalpadh le luímhóide
Is is deimhin gur eagla go gcaithfeamna díol deorach.



A Mhuire na bhflaiteas thais mhaiseamhail mhín mhómhail,
A choimirc 's a chabhair na n-anbhfann ndíthreochais,
Sirim sinn sheachaint re feartaibh do ghuí, deonaigh,
Ós deimhin an tAthair gur bheartaigh 'na Ríocht coróin duit.



A bhuime is a bhanaltra gheanmnach ghnaoighlórmhar,
Foiligh ár mbearta fé bheannaibh do mhínsceobhrait,
Ná fuiling sinn dhamaint re damantacht gníomhghnótha
Ó dliteadh led leanbh i bhflaitheas 'na Ríocht coróin duit.



A bhruinneal 's a mhascalach bheannaithe bhinn bheoga
Is criostaltha chailce ná an sneachta de dhroim bóchna,
Re cumann dá screadair ón araidSpioraid Naomh gheobhairse
Coimirc dár gceastaibh mar cheangail 'na Ríocht coróin duit.



Más uireasa machnaimh is mallaitheacht smaointeoireacht
Bheir tuilleadh acu ar lasadh le lasair 'na síorsmólaibh
Is misneach do neartaigh na haingil go naoi n-ordaibh
Misneamhail neartmhar chun seasaimh i sítheoilteacht.



Is iomarca machnaimh rinn tarmainn dín Dhomhnaill,
Gan ithe gan ghearradh gan stracadh le fíoch leomhain,
I gcomlach cleatraigh fhairsing an mhíl mhóir chuir
Ó thonnaibh na farraige ar talamh i dtír Jonas.


L. 55


Is iomarca machnaimh is eagna is aoirdeolais
Is oidis tug ceannas is gairm do Mhaois thógadh
Gan fuireach a bhasa chun flaithis ag guí trócaire
Is trí thonnaibh na mara do leathnaigh Rí bóthar.



Is iomarca machnaimh chirt aigne an trír tógadh
As an dtine do chaitheadh re bagairt an rí dhóraidh
Tug inneallta a bpearsana i ndealbh 's in íoghair dhóchais
Gan ribe dá mbathasaibh greadta ná fríthdóite.



Is le hiomarca tabharthais machnaimh i gcroí Job ghil
d'fhuiling gan ghangaid a dtagadh 'na shlí i dtreonaibh,
Toirmeasc treasa agus teascairt ar chlainn mhómharaigh,
Trí bhfuilid lucht teagisc dá aithris 'na soísceoltaibh.



Is iomarca machnaimh is dearbh do shaor Joseph
I gcoinnibh an taitnimh do radadh le mnaoi nóchair
Fár fhuiling sin atuirse is scannail re poimp mhórtais
'Na chime bhocht cheangailte i gcarcair ar díth sóltais.



Is iomarca machnaimh tug d'fheartaibh don tsíorÓigh ghlain
Friotal an aingil do ghlacadh gan puinn tóstail
An tan d'innis de shanas di an tAthair gur fhíordheonaigh
Ise dá leanbh trí ngeabhadh 'na coim feoil choirp.



Is iomarca machnaimh do neartaigh arís Joseph
Muire na bhflaitheas nuair mhachnaimh 'na broinn tóirrcheas
Fulaing gan mhasladh ar bith thabhairt dá mhnaoi phósta
Is is ionamhain cheangail an leanbh dil Críost comhall ris.



Is iomarca machnaimh is frasa agus fíordheora
Do shileadh as a dhearcaibh 'na gceathaibh gan toinnteora
Tug deimhin chun aithreachais Peadair d'éis síormhóide
Is mionna do spalpadh nárbh aithnid dó Críost d'fhóir sinn.


L. 56


Is iomarca machnaimh tug d'ainnir na mínórfholt
Ag titim chun talaimh go slamarthach slímómrach,
Do chiontaigh i ndamaint le fearaibh ag luí leosan,
Filleadh le hatuirse i gcreathaibh go croídheorach.



Is ler cuireadh an t-anam san marbh do bhí ag feochadh
Curtha go taiscithe ceartaithe i gcaoilchomhrainn
Fár misneamhail d'eascair 'na sheasamh gan mhoill mhóimid
Le friotalaibh beannaithe Aingil na príomhchomhairle.



d'iomad mo mhachnaimh a machnamh ní chuimhneochainn
Ar an uimhir de dheascaibh a machnamh do rinn fómhar,
Níorbh usa dhom deachamh ar cailleadh dá dhíth a chomhaireamh
Ná tonna na mara le cnagaire a chruinnthomhas.



A Mhuire gan mhairg gan tearca gan díth trócaire
Cumais is ceannais is gradaim is síorghlóire,
Sirim fád bhrataibh ghil tarmainn dín domhsa
Is do gach nduine bhocht ainnis dem amhail i mídhóchas.



Innis don Athair, ciodh dearbh an gníomh romhat,
A fhriotal gur ghlacais let easna gur shnaidhm t'fheoil de,
Gur oilis le ceanas le lachtaibh do chíoch n-órgan
Is gur muirneach d'fhaireadh it aice red thaoibh Joseph.



Innis dod leanbh go rabhais go croíbhrónach,
Go sileadh do dhearca 'na srathaibh le síordheoraibh
Ar bhfeicsin a phearsan dá ghearradh 'na dhaorstrócaibh
Is domlas 'thabhairt mar shearbhdhigh nimhe fós dó.



Innis don araidSpioraid acfainnigh aoirdchomhachtaigh
Le buile go ndeachais go rabhais id mhnao-óinmhid
Trí ar mhillis do bhasa gur screadais go baoisghlórach
Ar dtitim dod leanbh lag marbh gan bhrí leointe.


L. 57


Níorbh ionganadh marbh i gcreataibh thú, a ríog róbach,
Ar dtitim dod leanbh don talamh ba troimfhóideach,
Do chrithnigh na flaithis is aingil in íoghair shnóchruth
An tan cuireadh do leanbh gan anam le míchóthrom.



Níorbh ionganadh marbh thú i gcreathaibh, a ríog róbach,
Ar dtitim dod leanbh don talamh ba troimfhóideach,
Do chrithnigh na flaithis is aingil is naoimh órga
Is d'imigh a taitneamh ón ngealaigh gan soilse eolais.



An chruinne ba cheatharga d'athraigh in íoghair shnóchruth,
Brisid na carraigreach, cranna na bhfíodhbh feochaid,
Titid 'na mbrataibh dubhscamaill go sceimhealbhrónach
An tan cuireadh gan anam do leanbh le míchóthrom.



Trí ar fhuiling de scannail 'na phearsain de thaoibh fheola,
Trí ar fhuiling de pheannaid á ghearradh i ngach aon orlach
Is trí ar fhuiling de mhasladh do thabhairt don Díocht deonaigh,
Dá sirir air, maitheachas d'achairt dár gclaonghnóthaibh.



A Mhuire, let fheartaibh do ladrann líobóideach
Dár bhainis an t-anam ba cheangailte i scríbhneoireacht
Le fuil do bhí tarraingthe, fairsingigh slí romhainne
An tan chluinfir an t-aingeal dár ngairm chun aonchnósaigh.



Trí an misneach do ghlacais ar n-amharc dó arís beo agat,
Trína fhuireach ag teagasc na n-aspal i ndíocht eolais
Is trína dhul ar deis 'Athar go flaithis 'na shaighead ghlórmhar
Go muirneach athchuir ár screada agus guí dhomhsa.


L. 58


Trí ar innisis dearbh dot Athair, a Rí ghlórmhair,
Don fhoirinn do cheangail thú is chealg do chroí trócaireach
Nár tuigeadh, och! mallaitheacht aingcise a bhfillghnótha
Is uime sin maitheadh 'na mbeartaibh go síoch dóibhsin.



Innis dot Athair gur cheannaigh do chroí stróicthe
Gach milleadh ba bhascaitheach theangmhaigh sa tslí romhainne,
Laige agus galar is easpa do shíorbhreos sinn
Is go dtugaisse t'anam mar aisce inár saobhghnóthaibh.



Ó chuiris mar cheangal san bpaidir go binnghlórach
Gach nduine le carthannacht maitheamh don naimhdchomharsain,
Trí an bhfriotal san canadh libh leanfamna trí an dtreoir sibh
Ag feitheamh an mhaitheachais dearbh nár dlíodh fós linn.



Dá chaime ar bith cleachtadh agus cleasa agus slí thógfam,
Buile agus barbaracht, bladar is baois óige,
Trí iomarca maitheachais mhaithis na Tríonóide,
Ach filleadh le haithreachas, glacfar go síoch sóil sinn.