Dhá Bhlogh de Theagasc Críostaí - ó ré Eilís

Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (1600c)

Anaithnid; eag. Pádraig de Brún




C. Créad í an cead aithne.



F. Mise do dhía neoch dothug tú ó fhearonn na hegipt ó tig na daoirse
na biodh dée ele agad um fhíadhnuise.



C. Créad í in darna haithne?



F. Ni dheana tú iomaigh chumtha dhuit fein nó cosmulacht ar bith
neithe ann dá bfuil a bhfhlaiteamnus os do cionn no annsa talumh
fud nó annsna huisgeadhuibh faoi in talamh. ni croimeobha tú sios
chucta. agus ní deana tu searuontus dháibh ar ann adbar gur mise do
dhía cealaithe thigerna do día, dia eadmhor coirighios eagcóir na
naithreach ar in cloinn, ar in treas glún. agus ar in 4amh glun don
muinntir fhúathaigios mé. agus taisbenar trocaire do mhile don muintir
gradhuigeas me agus chonnmhas maitheantadh.



C. cread i in treas aithne.



F. ni ghlacfa tú ainm in tigearna do dhía go daoímhín oir ni hail le
dia a chongbhail gan choir an neoch do glacus a ainm go daoimín.



C. cred í an 4umh haithne.



F. cuimnige an domhnach do congbail naomhtha. sé lá dheana tu
olsaothar cealaithe saothreocha tú agus deana tu hobair uile. acht in
7um lá as e in domhnach an tigearna do dhía e annsin ni dheana tú
obair ar bith thú fein nó do mac ná híngean nó do shearmontigh fir
no do chailín no hainmhige no do dhuine coigrighe ata don taobh
asdigh do dhorus do thighe. ar inn adbar gur an a sé lá dorinne dia


L. 57


flaiteamnus agus talumh in fairge agus a bhfuil intibh agus do chomhnuighe
sé in seachtmadh lá. ar inn adbhar sin do bheannuighe sé in
domhnach agus do náomh sé é.



C. cred í in 5um haithne.



F. tabair onóir do tathair agus do do mhathair ionus go bfaideochad do
laithe ar in bfearonn, neoch dothug in tigearna do día dhuit.



C. cred i an 6um haithne



F. na deana marbad.



C. cred i in 7umh haithne?



F. na deana sdriopachus.



C. cred í in 8um haithne.



F. na deana goid



C. cred i a 9um haithne?



F. na deana fiadnuise breige inn aghaid do chomharsan.



C. cread í in Xum haithne.



F. na santaig teagh do chomarsan, na santaig fos bean posta os cionn
an líne do comarsan, nó a tsearmonta fir, no amha... no a
dhamh nó a assal no ni ar bith da mbiaidh



C. cread as peacad ann?



F. dul amach ann adhaid an rachta dhíadha úd ata arna chur o dhía
chum na ndaoine.



C. ca mhead cineal sonradach peacadh ann?



F. a dó. An peacad bunuis, noch do tairngemuid ó ar naithracha, re
ttruailliogthar uile cumhachta na gcorp agus na nanum: Et as é ann
darna peacad, peacad an gniomha neoch re mbrismuid cum uile
chineal na nolc, ar ar nglúasacht chugtha súd tríd an cead pheacad.



C. cread e inni go sonradhach ann idirdhealaigionn p. an bunúis o .p.
an gniomha?



F. Annso go ndearnamur peacad an bhunúis ré toil coimighe .i. re toil
ar gcéad aithreach, neoch dobearthar cugainne go nuige so, an .p.
gniomhach go fírinneach ó toil dhílis do dilis cealaithenitior é.



C. cread e as coirughad don .ph.?



F. Bás. ni he amháin ansa mbeathaid so agus in chuirp in tan curtar faé
bochtuine neamhcriochnuighe e agus na diaig sin curthar annsa talamh
é, neoch as a bhfuil sé arna ghabhail et fós bas inn ánma in tan curtar
faói ainbfios faé neamhthuigsin faói dearmad na neitheann
díadha agus faoi mhíanuibh cealgacha ele e. Acht na cionn sin tar eis


L. 58


na beathad só pían tsuthain gach coda dhiobh et an chuirp. agus ann
ánma.



C. cionnus dofuair in peacad teacht asteach annsa tsaoghal?



F. tre buaidradh na haithreach neime dobí arna deanamh a
bparthaoighios cum ar sinnsire neoch rear comarlaig sí dhoibh súd re
geallad bréige ionnus go nitedist an torughad toirmisge agus go
rachadist taire inn aithne dhíada.



II



Iesus María



C. chréad í suím an rachta go hiomslán?



F. in gradh; an te go deimin do gradhuigheas
coimhliona sé in racht.



C. ca mhead aithne go sonradach don grádh?



F. Atáid dá aithne in cead aithne, do gradh de, in darna haithne do
gradh na comharsan



C. ce haca sin aithne as mó?



F. An cead aithne agus inni sin air dá chuis. An chead chuis gur coir
reasún na honora diadha faghail ar tus. an darna cúis, gur ar a thson fein
as cóir día achd in comarsnach ar son De as coir
a gradhughad.



C. ca mhead na bríghe rear cóir dia dhó gradhughad?



F. rear ninntinn uile, réar nuile anum, rear nuile brigeannuibh.



C. cread í an darna haithne don gradh?



F. an gcomarsnach do ghradhughad amhail do grádhuighmuid sinn
féin agus ata so cosmhuil ris in cead aitne.



C. cread as ann abair tú go bhfuil sí cosmhuil ris an chead aithne?



F. do ar mbrisadh aon aithne aisdibh so go
mbrisdear aráon íad agus ar gcoimhlionad mur in gceadhna aon aithne
aca coimhlionntar aráon íad agus go deimhin ni onoruigionn sé dia go
dleasdanach in té fuathaigeas a braithir.



C. An bfuilid aitheanta ele taobh amuigh diobh sin don gradh?



F. Atáid deich naitheanta arna gconnmhail ann sa chlár, acht íad so
connchar íad an dá aithne
so.