()



"Ochlán Thaidhg Uí Neachtuin ar ndul don
Spáinn dá mhac Peadar."



Seacht gcéad déag fidhche sa hocht
do scar ream chroidhe a annsacht,
Peadar dílis ag triall tar tuinn
d'fhagháil bárr oideachas is fodhluim.



'T-aonugh fidhcheat do Bheallthain bhláth
(ní bhíad choidhche acht dá iomrádh)
chuaidh don Spáinn mo chuid, mo ghreann,
m'amharc, mo shearc, mo shult, mo shuinneann.



O chuan Duibhlinne ling an long
go cuan chainteach Chille Mantain,
as sin go Corca ionnar fhos
('n-a scríbhinn féin dhúinn a dhearbhas).



Taoiseach na luinge Ó Dubhthaidh dil,
Gearalt Ó Bruin an faothaoiseach,
Maria Lonnduin an líogach long
do thaistioll tar muir mo mheanmonn.



'N-aois naí mbliadhna déag, tar tuinn a thríall,
chum féadhm do Íosa Mhac Maria;
órd an Dil do char mo chuid
tré fhír-áilgheas cumainn a charad.


L. 111


O aois naoidhin níor ghreann gó
is tar bheul níor bheart mheann na aóradh:
bhrunn a thús mar chríoch a roith
do riaghail algadh na n-aostadh.



Daondhacht d'fhoghluim is filigheacht fós
o dhaltadh Dé d'órd Íosa
Maolradh Ó Bruin, 't-uan gan mheang,
is o Aodh eagnach ua Conaill.



Tús a loighic lean gan locht
ag bláth na heagnadh 's na hollamhnacht
Eóin Harald, an cáirneach caomh,
lóchrann an chreideamh 'sa chathaoir.



A mhían uile an eagnadh chóir,
uathmhuin Dé, mar chríon-sheanóir,
tréar ghabh grádhadh 's gan smior 'na chnaimh,
díbirt thoilteach is inghreamadh.



Máthair Dé dá ildhíon anocht,
grádh a athar agus a annsacht,
rún a mháthar 's a háilleán fíor,
dá shean-athair a chuid 's a chualluidh.



Tús a litreach do lean mo ghrádh
agus tús fós a ghramada
ag mo athair dil, Seán, mo shearc
ag deargadh aidhinne a inntleacht.



Fós tús a cheoil do char mo chuid
uaim féin (fíor; ní fáth a dhearmad)
's riaghalúgh a mhéir (gan bhríathar gó)
a scríobhadh gaoiseach na Gaoidhiolgodh.


L. 112


Raoimh-eadhluighean lean mo leanabh dil
ag Gearóid gaoiseach ua Réadhmuin;
sin na saothaibh bhus oidígh dó
a n-íath aerach Éireann algodh.



Naodhughadh fidhchead do Iún-thráth,
san bhliadhuin d'aois an Tighearna
míle seacht gcéad agus an naoi,
do rugadh an dil, dia Céadaoin.



(A) bhaisteach ba hé an cáirneach caomh
Rivers riaghalta Uailintín;
Seán Uailis is Agnéis Brún bhinn
'dheaghthuistidhe (fíor; an chóir canuim).



(A) tTarmonn tairbheach an fhallsamh fhíor,
an naomhóigh cheannsaidh Caiterín,
a n-Áth na gClíath, gan claonadh clódh,
geine mo chuid is mo chuisleadh.



Sé Domhnaidh dhearbhadh (truagh mo dháil)
Ó chualaigh mo chlúas fuaim a chomrádh;
riaghan Portugaedhil taoi anocht,
'n-a port o taoi, d'ildíon m'annsacht.


L. 113


Naomh Isebel an riaghan fo réim
measg Ógh is Aingil a mór-shéan,
croidhe a fir, baintreabhach Dé,
do chaomhnadh go lúan mo leine!



Litir mo leinibh go nuadh anois
do ráinic mé, mar a n-aithris
a thriall tar tuinn is a fhos
a n-airdscoil ilsearcach Shéamuis.



O chuan Corcaidh gur ching mo chuim
a gcarbh sheoltach san lán-linn,
gur scar mar sin re fíarach Floinn,
treabhadh an doimhneacht gan duineann.



Níor chían for muir mo dhaltadh dil,
tráth d'iompaidh gaoth thuath for dheisil,
's gur fhosgail a craos an ghaoth ó-dheas,
borradh tonnadh gan traochachas.



Fo thoinn lingeann a long 'san linn,
for thoinn oile gan ath-mhoill;
síos dá buaic arís a gclais
idir dhá thuinn fo thuinn tuiteas.



Seoltadh na cairbhe claonann don ghaoth;
blodhar téadaibh agus cranaoil,
ath-thoinn ar thoinn gur mhadhm gan fos
san gcarbh (mo ghrádh féin dhamh a dhearbhas).



Aon lá déag dó for muir ming
sul ráinic port a bPoirtinghaeidhil,
cathair cheallach fo chrobhthuinn clíar
do shíor ag moladh an Mhóir-Dhía.



Dá lá déag dó san daoineach dún
bhus ro-dhaor biadh agus cothughadh,
'fuireach re bárc ro bhí mo ghrádh
chum triall go gort Galichia.


L. 114


Ó Dubhthaidh dílis lachtann long
ré coth san gcúan, tré chumann
do mo ghrádh, agus réidheann dó
a iomlot go port Pontivedro.



Sé tráthadh dó san turas sin,
a tteas garrthach for an ghríanmhuir,
gus an gcuan do ro rochtain dó,
an port pártach Pontivedro.



Ó'n chuan so ching gan mharbhadh moill
go San Iago na n-órd n-ionmhuin
go Mac Énrigh, mar bhfhuair sé cuim;
ollamh ollamhnaibh an t-ionmhuin.



Ag so an t-ionad ionn a bhfuil
eagnadh fhíre, ceart is creidiomh,
naomhthacht 's aondhacht gan mhairg fo mhuirn,
grádh 's dísleacht go cóir a gcumann,



Airdeacht gan uathbhar a n-eagladh Dé
saidhbhreas a sódh gach subháilceadh,
díadhacht fo réim mar ríaghain óg
's na huile eagnadh agá honóir.



Raomhacht, fallsacht, filigheacht fós
san áras neamhdha na ndeaghnós,
mórdhacht ársaidh, riaghalgacht rúin
don díadhacht uile ag umhalugh.



Anam, cos, croidhe agus ceann
an cheirt-chreideamh taoi san ttearmonn,
ag buabhaill Dé a n-annsacht naoimh,
an ghlóir go huile don Áirdrígh.



'Bhfhochair na foírne 'n annsacht taoi
fo mhuirn mhomhair ag Mac Éinrigh
d'órd Íosa, ag daltadh Dé,
ag bard eolgach na heagluise.


L. 115


Dul 'n-a dháil o bhus deacair dhamh,
innlim a gcroidhe is a gcumann
seacht gcéad déag fidhche 'sa hocht
míle míle biothbhuan beannocht.



Orrtha
Íarraim ar mo Thighearna ar Aingil bhus Rígh,
gan tsían (bheir) grían 'ndiaigh gailling is gaoth,
a bhíadhas gach íasg beag san bhfhairge shíos,
gan díachair mo chíallach d'aisioc dá ghaol.



Trér ngaoil-nedh re naomh-Mhuire do bhuime 's do
mháithir,
a oidhcheacht gach díshleacht tá 'bhfuine gach áit
's ní ríoghaibh don ísiol dá ttigidh ón láib,
mo Phítear beag dílis cuir chugam-sa slán.



Slán go Fódhladh deonaigh a thiacht gan (scís),
tré bhláth na n-óghacht 'stóir, mo Thighearna Críost;
ráimh gach bóchnach is eol na ndíadhairigh
chúinn lán eolais a sheoládh noch iarramaoid.
Tomás Ó Cléirigh.