A Lament for Art Óg, Pádraig and Brian Mhag Mathghamhna

B.Á.C.: NUI, 1941 (1691c 17D)

Éamonn Ó Caiside; eag. Éamonn Ó Tuathail




Trom tubaisde ar shíol cColla,
caomhchlann Eochaidh mór a mairg!,
dá ngoin i ccathaibh 's i ccliathaibh,
tuir aonAchaidh iathghlain Airt.



Tuitios Fiachaidh flaith na Banbha,
le borbghail na cColladh ccruaidh;
do lean as a los a leattrom,
cleas ro clos fár chneadhthrom sluaigh.



Fala Fiachaidh airdríogh Éironn,
éiric nachar naisgeadh riamh,
tá dá dhíoghail ar an druing-se,
fáth fá ríomhthar tuirsi triath.



Má mhaith Muireadhach a ttromchoir
do thrí Collaibh Chraoibhe Liag,
na fir dob fhearr fochain dhiomdha,
do mheall sochair iomdha iad.



Trian gach cóigidh, cáin gach baile,
buannacht bhunaidh, gabháil giall
d'anáir aca tar Clainn Amhláimh,
daltáin tacha tíre an triar.



Toiseach suidhe ag síol cColla
ó Chloinn Amhláimh theas is tuaidh,
tús luighe ag laochraidh Eilge,
is tús muighe a meirge fuair.



Tosach ibhe agas ionnlait
ag ua nEachaidh uas gach druing;
dol i ccomhairle madh ciontach
cor connailbhe croidhe Cuinn.



Gan íoc i bhfuil acht i bhfionghail
ó fhéin Oirghiall na ngreagh mear,
nó geimhiol cruaidh ar chois curaidh,
feadhain fuair ó Ultaibh gean.


L. 131


Dlighidh ag dol i ttír bhiodhbhadh
a mbeith roimhe fhearaibh Fáil,
a mbeith dhóibh 'na ndiaidh ag filleadh,
slóigh go ngliaidh i ngrinnioll áigh.



Ór fá bhráighdibh na ngiall gabhthar
ó ghasraidh úir na n-arm sean,
cinn óir ar a ccloidhmhte corra -
tinn a ttóir ó ghonaibh sleagh.



An té is sine ar sliocht na cColla,
cumhain liom gur dó is dual
an tsíoth do shnadhmadh nó an cogadh,
fríoth 'na ngairm gan obadh? uadh.



Lámh dheas airdríogh an fhuinn Fhódla
fad a chruibh 's a chuilg nach gann
óna thaobh, is tuig gur sochar
nach suidh aon 'na fhochair ann.



Cosnaid cumairce ar feadh bliadhna,
buaine bladh ná saoghal riamh,
tearc tréan le ttiocfadh a chongbháil -
dá cceart é is urlámh giall.



Cuiléan con i ttigh gach biattaigh,
beatha bhreaghdha gadhair dháibh,
toir is tiar ar fud na Banbha
a ccoin dá riar is reabhradh sáimh.



Gan cead cleamhnais acht dá ttoil-sion,
ní teist bhréige fuair na fir,
gan uinge d'ór is luach impidhe -
don tsluagh tinntidhe is suaithnidh sin.



Ag sin na sochair ler mealladh
macraidh Colla Chláir Dhá Thí;
mo-nuar a nguin is a ngearradh,
cuain nár chuir i n-earradh brígh.



Fuath nó fala chuir ó chéile
congnamh clann na cColla riamh,
cuid i nAlbain is i nÉirinn,
in gach éin-tír toir is tiar.


L. 132


A ttug Muireadhach Chláir Chobha
do chloinn Eochaidh d'Éirinn aird,
níorbh fhiú a ttaobha do tholladh,
an triar maordha mholsad baird.



Díbirt eachtrann, fógra foghla,
ionnsmadh amnad?, feachta anall,
faire, dúsgadh, feithmheadh fada,
rúsgadh beithreach chleacht an chlann.



Cogadh cruaidh laochraidhe Lochlann,
leathnuigh sunn for Achadh Airt,
gur bhaoghlach béime na cColladh,
shaothruigh tréine a ttroda cairt.



Ó theacht Saxon sonn go hÉirinn,
iomdha tréintriath dhíobh rosbath
i ngliaidh goile na laoch ó Lundain -
cia fuair urdail eile i ccath?



Toiseach i ttír bhiodhbhadh dearbhthar,
deireadh ag dol dá ttír féin,
an slógh dá ? sguchtar gach adhbha,
leór do chur a bhfaladh i bhfréimh.



Teacht ó gach turbhaidh thruim teadhma
thairgfeadh macraidh Mhuighe Rath
go bás Airt Óig ar bruach Sionna,
cás fár chóir mionna le cath.



Uaisle, oineach, féile, cródhacht,
crábhadh, creideamh ó Dhia fuair;
ní bhfuil acht mar thuile ag trághadh
nachar thuit uime ag Áth Luain.



Lúth agus láthar chlann Mhíleadh,
rug aon-urchar uainn a mbríogh;
Art Óg do mhuin a mharbhtha
do chuir brón ar champa an ríogh.



Fada athchur gunna Uilliam,
imchian uaidhe do-ní a choir,
ó Áth Luain nach garbh goirmshian
do mharbh amín? Oirghiall thoir?


L. 133


Muineachán ar mearbhall aignidh
fá Art mhac Aodha mhic Airt Ruaidh;
ní hé amháin acht Dún Dealgan,
ní nár le múr Eamhan uaill.



Cia an chuid do chríochaibh Logha
i Leith Cuinn nó Mogha móir
atá gan airc chruaidh is cumhaidh
fá bhás Airt umhail óig?



Biodh nach ttuitfeadh um thriath Oirghiall
d'uaislibh Éireann acht é féin,
fá mór an béad é don Bhanbha,
pór na ngeug dár clann an chléir.



Atáid ollamhuin fuinn Bhanbha,
baird is breitheamhuin sa spíd,
gan easpucc gan ab gan órda,
ó dhol do Art Óg faoi líg.



Mag Mhathghamhna Mhuighe Ratha
is rí Macha, Mag Uidhir Mór,
an dias sin dá mbeadh 'na mbeathaidh
ní bhiadh Breathnaigh ar a sógh.



Cú Chonnacht is Art dá maireadh,
b'usa gaineamh chur i ngad
ná Banbha bhuain as a lámhaibh,
abhla chuaidh re fánaidh ar fad.



Is uras aithne gur thuitsead,
atáid príosúnaigh fá phéin,
feachta fear ag teacht mar thromdháimh,
a cceart dá chongbháil ón ccléir.



Easbhaidh Airt don chóigeadh Ultach
uisge gan iasg ghéanfadh snámh,
nó each gan srian chum a seólta,
creach na ccliar is leónta ar lár.



Sé .c. déag, ciodh cian an aimsir,
aon is nócha cré is? cairt
ó ghein Íosa i cclár na cruinne,
fáth ar nguilne go héag Airt.


L. 134


Tar gach tír i ttuaisceart Logha
lór do phudhar gáir a nguil;
ar chrích Dartraighe níor fhás fainne
go bás clainne Cholla Dhuibh.



Clann ba léighionnda leanbaidhe,
aobhchlann eagnaidhe shuilbhir shuairc,
olc d'Oirghiallaibh méad a leattruim:
éag i nEachdhruim ar a ccuairt.



Ciodh mór d'uaislibh ann ro heasgradh,
ar ar himreadh fala is fíoch,
tug críoch Chuailgne ar iocht bodach
mo thruaighe! sliocht Cholla Dhá Chríoch.



Deaghchlann Cholla rug do roghain
reacht na ríoghraidhe reampa riamh,
seachna sóigh is fulang dochair,
sleachtadh slóigh gan obadh gliadh.



Do chaillsead féin feóil is cnámha,
crú a ccroidhe sgéal is mó,
i ccléith chatha ar son an dúthchais
feart na bhflath do mhúsgladh brón.



Uch mo léan, mo léan, mo dheacair!
dreagain Bhanbha dár chóir cion,
rathdhamhradh go ruithneadh rósa,
Mathghamhnaigh ó mhór go mion.



Mór an easbhaidh caomhchlann Cholla,
cumhaidh Bhriain - cá béad is mó?
éag Pádraig an dara doilghios -
créad fá ttáinic doirbhios dóibh?



Goin Bhriain i mBruidhin Da Choga
do chur ar aon le hArt Óg,
is Pádraig d'oidheadh i nEachdhruim,
a bhratháir bunaidh an leathchuing ód.



Clann do chleacht corma is comhól
cionnas nach biadh brón 'na ndiaidh?
neimhiongnadh is uille an ádhbhair:
oidheadh Pádraig is éag Briain.


L. 135


Deaghua dísle mic mic Rosa,
roighne curadh ba maith méin;
an dá chaiptín chalma chródha
armtha órdha, rósdatha i sgéimh.



Clann gan iomarcaidh gan easbhaidh,
aobhclann dar dhual féile is fos,
clann ba doighear iad le dianshluagh,
clann oighear is iarua Ros.



Cúpla caiptín ba caoin cneasda
an cúpla searcach suairc sáimh:
clann Cholla Dhuibh mic Rudhraighe,
clann chumhraidhe re gach dáimh.



Do thiormuigh lacht loilgheach Dhartraighe,
dreasa droine feadha a ffóid,
atá a coill 'na toirt gan toradh
fá chloinn Cholla mic Rudhraighe Óig.



Easbhaidh iotha d'fhás as talmhain,
easbhaidh éisg is torchuir cuain
Art Oirghiall ar n-a tholladh,
is clann Cholla mar do-chuaidh.



Fairsing a ngaol i ccrích Chabháin,
i ccrích Mhanach ba mór a meas,
a ffuil is follus i tTír Eóghain,
guin a ccolna níor chóir an cleas.



Forlann feadhma do luigh ortha
idir Eachdhruim agus Áth Luain,
cúis rom chailg uile i ngábhadh -
a Mhuire, is mairg tárraidh? an uair.



Annamh aon-fhear don fhréimh Ultaigh
idir Dhrobhaois Banna is Bóinn
nachar chaill a chlann i nEachdhruim -
is mall mairg an leattruim dhóibh.


L. 136


Ar son nach ionann iad cheana,
caoinid cách a ccneadha féin,
caoinfidh mise macraidh Oirghiall,
gasraidh bhrisde bhoirbghliadh ghéir.



Dol dóibh fá uisge an cheatha,
a Cholla chneisghil, ní náir;
cia dod fhuil, mo chreach mar chluinim,
neach nach bhfuil 'na fhuigheall áir?



Acht ciodh doilghe cúinn ar ttriatha,
ar ngaol geineamhna, ar ttréin,
an fhian Oirghiall doba calma,
ní hiad do marbhadh acht sinn féin.



Martra fhíre fuair na tréinfhir
ag troid ar son chreidimh Chríost
do ghlac iad i ccoróin ghlóire
Mac na hÓighe, Dia gan díosg.



Ní cluintear casaoid na ruireadh
...
bíd 'na bhreith do shíor fá shólás,
chím nach dólás dol 'na dháil.



Ní cóir cailleamhain Dé neimhe
ar ní ar bith fón ghréin ghil;
ní bhfuil san saoghal acht sgáile,
goimh a gháire is baoghal guil.



Córaide grádh do Mhac Muire,
mairidh sé, do bhí agus biaidh
gan aois gan urchra gan easbhaidh -
baois ar mburba leasfaidh? an Liaigh.



Guidhmid, a Cholla, an Coimdhe,
an chraobh nár chríon is nár chrom;
eagna ar leith uadh go bhfagham
d'eagla ar n-anman do bheith trom.
Trom tubaisde.



1718ls 18T
Anaithnid



Acc so duáin do roinneadh re Emonn O Caiside ionna bhfoillsighthear na
sochair do bhí ag sliocht


L. 137


na cColladh ó Righ Éironn.