A Sermon for Good Friday by Father Michael Walsh of Sneem

B.Á.C.: Ollscoil na hÉireann (1848)

Anaithnid; eag. Donal O'Sullivan




Is geal an lá é
dúinn-ne, is buartha an lá é do
Íosa. Cad 'n-a thaobh gur thóg
sé oiread notice dínn? Agus nuair
a mhachtnuighim go bhfuil sé
chomh mór as ár gcionn, gaibhim
iongnadh. An lá so dodhein
sé droichead trasna an duibheagáin
san dobhí 'dir sinn agus Dia,


L. 161


agus d'oscluigh sé an bóthar
díreach chun flathas Dé. Cé go
maireann sé ins a' tsíorruidheacht,
do chomhnuigh sé ar a' dtalamh
so ar feadh 30 years. Ní fhéadfaimís
féachaint ar Dhia 'n-a
bheathaidh. “Taisbeáin dom,”
arsa Maoise, “do ghlóire”; agus
do fhreagair Dia: blank.
Exodus, XXIII, 18, 19.



2 Ní bheadh aon iongna
orm 'á dtógfadh sé air féin
nádúir na n-aingeal. Acht do
chuaidh sé ar leath-taoibh ón
nádúir is cuibhe, agus do thóg sé
air féin nádúir thruaillighthe an
duine, agus d'órduigh sé dos na
h-aingil tuitim síos chun é
'adhradh. Ní tháini' sé chun
claim do chur i n-iúl acht chun
fiacha do dhíol. Ón am dorugadh
é dotugadh suas é chun péine
agus tarcuisne. Tá a fhráma
deiliceáltha caithte amach le fuacht
agus teas, le h-ocras agus easba
codlata. Atá a dheárna garbh,
clogaithe ó úirlisí na siúinéireachta.
Do loit sé a ghlóire mhí-chuimseach
agus do ghearr sé a dhathamhlacht.
“Agus is í seo an bheatha
shíorruidhe, go n-aithneóidís tusa
an t-aon Dia fírinneach, agus
Íosa Críost do chuiris uait.”
John XVII, 3. 1 Cor. II, 2,
vide.



3 Ar teacht domh-sa chugaibh,
a dhritheáireacha, ní le h-óradh
opening words of 1 Cor. II, 1.



p. 40 4 Is anocht, a dhritheáireacha,
atá cúis againn le rádh
len' Aspol: “Ó! chomh doimhin


L. 162


is tá saidhbhreas aigne agus eólais
Dé! Chomh deocair is tá sé a
bhreitheamhnachais do chuardach
nó do chraobh-scaoileadh!”.
Nuair do thuit na h-aingil ós na
flaithis níor thóg Dia aon notice
díobh. Níor gealladh Slánuightheóir
dóibh. Níor taisbeánadh
truagh dhóibh. Níor ceapadh
aon leigheas le h-ionchus an
fhíréantacht d'fháil thar n-ais do
chailleadar. Acht ní mar sin do
dhein Dia é orainn-ne. An tan
do thuit Adam, an chéad duine,
chomh luath agus chaill sé an
fhíréantacht san leis gur chlúduigh
Dia é, dotháinig Dia chun a
chabhra. Do ghaibh truagh
croidhe an Tighearna san go bhfuil
coitcheannta 'caoi le trócaire. Do
gheall sé go dtiocfadh Slánuightheóir
le h-aimsir. Nuair d'ith
Éabha ubhall na h-aithne, dubhairt
Dia: “Cad 'n-a thaobh gur
dheinis é seo?” “Mar do
mheall an diabhal me,” ar sise.
Agus dubhairt Dia leis an ndiabhal,
'dtaobh a leithéid do dhéanamh:
“Cuirfead fuath 'dir thusa agus
an bhean, 'dir do shíol-sa agus a
síol sise. Brúighfidh sise do
cheann.”



5 Agus nuair dobhí gach aon
rud críochnuighthe, d'oscail na
flaithis agus do thúirlig Dia.
Chuir Mac Dé, an dara pearsa
den Tríonóid, a ghlóire dhe, agus
dotháini' sé 'nuas ar a' dtalamh
so agus chomhnuigh sé i n-ár
measc, chun sinn-ne d'árdú suas
chun na bhflaitheas. Gidh go
raibh sé 'n-a Dhia, dodeineadh
duine dhe. Dodhein sé é féin


L. 163


bocht chun sinn-ne do dhéanamh
saidhbhir. Do thóg sé ár nádúir-na,
agus dodeineadh leanbh de.
Dorugadh é i stábla fuar ar am
mhairbh na h-oidhche, gan aon
throne acht mainséar ainmhidhthe
allta, gan aon leaba aige acht
brobh d'fhéar garbh nimhe (?)
tais, gur dhearmhad giolla éigin
'n-a dhiaidh ins a' stábla é, gan
luid den éadach acht dorn ceartacha,
giobail. Ó! a aingelaibh
Dé, ní foláir gur ghaibh iongna
sibh nuair do bhfeacabhair an
crot suarach so do thóg Críost!
Ó! chomh fíor is tá na briathra
so: “Atá pruais ag an mada-ruadh,
agus nid 'ge éanlaith na
spéire; is féidir leó iad féin do
chlúdach le duilleabharaibh na
gcrann. Acht níl age p. 41 Mac
Dé ionad chun a cheann a leigint
air.”



6 Agus cad 'n-a thaobh gur
fhuilig an pian agus an trioblóid
seo go léir? Is mar gheall orainn-ne,
chun na bhflaitheas d'oscailt
dúinn, chun sinn do chur ar a'
mbóthar uaidh gur staedhamair ,
chun ár bhfiacha do dhíol. Féach
chomh daor is do cheannuigh
Dia thu! Féach ar a' méid do
chosanuigh t'anam! Níor ceannuigheadh
sinn ar airgead ná ar
ór, acht leis a' mbraon déidheannach
de chuid fola Íosa Críost.
Cad 'n-a thaobh annsan ná beadh
meas againn d'ár n-anamnaibh,
nuair chímíd an price gur
do díoladh asta? Mar dobhíonn
coitcheannta, bíonn meas age
daoine ar rud do réir an price go
díoltar as chosanuigheann


L. 164


sé. Agus indiu, a dhritheáireacha,
do dhíol sé an price san. Indiu
do ghlan sé amach scríbhneóireacht
a' pheaca. Indiu dodhein sé
droichead thairis an duibheagán
san do bhunuigh Adam 'dir sinn
agus flaitheamhnachas. Is indiu
d'aistrigh sé an falla san gur
árduigheadh 'dir sinn agus
na flaithis.



7 ... dodhéanfadh
aingeal an gnó chun sinn do
shaoradh. Acht níor fhág sé sinn
ag braith ar aingeal. Dotháini' sé
féin, Rí na n-aingeal. Ní gan réasún
mór ná leigeann an Eaglais bliadhain
iomlán thairsti gan smaoineamh
go doimhin ar bhás agus
páis ár Slánuightheóra Íosa Críost.
Níor dhein an mhistéire seo sinn
do shábháilt, acht uaidh a thagann
gach aon bheannacht agus gach
aon ghrásda. Is cosmhail le tobar
nó loch an mhistéire seo, a's is
uaithe a thairgeann na sacraimintí
a neart agus éifeacht go léir. Mar
ní bheireann aon rud eile dhúinn
acht toradh páise agus báis ár
Slánuightheóra Íosa Críost.



p. 42 8 Leanaimís indiu ár
Slánuightheóir i spioraid bóthar
na páise. Leanaimís isteach i
ngáirdín Gethsemane é, ó Ghethsemane
go dtí Ierusalem agus ó
Ierusalem go Sliabh Calvary;
agus beidh fhios agat chomh
láidir agus do ghrádhaigh Dia thu.
Beidh fhios agat luach t'anama,
agus chomh fuathmhar agus atá
peacadh i láthair Dé. Dá mbeinn
chomh deagh-labhartha le h-aingeal,
ní fhéadfainn a chur i n-iúl


L. 165


díbh an méid gur fhuilig ár
Slánuightheóir ar ár son-ne - ní
h-amháin ar feadh na dtrí lá so:
mar, ón am dorugadh Íosa go
dtí go bhfuair sé bás, páis choitcheannta
dob eadh a bheatha uile.
Ní h-ins a' chorp amháin d'fhuilig
Íosa, acht ins an aigne istigh. Do
loisceadh nach mór a fhráma go
léir suas le h-athtuirse agus dólás
croidhe.



9 An t-am go ndubhairt Íosa
beagán focal, dochuaidh sé le
cois na n-Aspal thar sruthán
darbh ainm Cedron, do ritheann
ag cois Chnoc Olivet, ar a'
dtaobh thoir de Ierusalem, tímpal
le seacht nó ocht dtroighthe ar
leithead. Dochuaidh David,
macasamhail Íosa, thairis an sruthán
so fé thrioblóid mór, nuair a
theith sé ó n-a mhac easumhal
Absalom. Agus ar imeacht d'Íosa
thar an sruthán so, dochuaidh
sé do réir a' ghrian go Sliabh na
n-Olives, le cois na n-Aspal.
Annsan dotháinig Íosa go ball
darbh ainm Gethsemane, áit go
raibh gáirdín. Tar éis a dhul
isteach dó sa' gháirdín seo,
dubhairt sé leis na h-Aspal: “Atá
m'anam lán do bhrón go dtí an bás.
Fanaidh annso agus deinidh faire
liom.” Agus do thairig sé féin
buille beag uatha, tímpal faid
urchair cloiche, agus ag leigint
é féin ar a ghlúine p. 45 dodhein
sé urnaighthe, ag rádh: “Má's
toil leat an cupán so do chur tharm,
acht gidheadh ní h-í mo thoil-se
acht do thoil-se déantar.” Agus
féach, an uair sin dobhí aingeal
ar taobh leis chun cabhrú leis.


L. 166


Agus ba mhó ba dhícheall do
rinne sé urnaighthe. Agus do
bhí allus mar bhraona móra fola
ag tuitim ar talamh.



10 Ó! nach greannmhar an
sóinseáil dotháinig ós cionn Íosa
nuair a bhféachann sé suas
go lag-fann ón dtalamh! Agus
féach, tá a chuid éadaigh dearg
len a chuid fola. Cad as do
thagann sé seo? Ní bhfeicim
gur buaileadh thar a' méar fós
ar Íosa. Atá a chloigeann saor
ón sciúirse, agus a chosa agus a
lámha saor ós na tairngí. Ar a
shon san feicim allus fola mar
dhrúcht trom as an aer ar a
chroiceann, i slighe gur dhóbair
dó bás d'fháil; acht amháin gur
choimeád sé corp agus anam le
chéile le míorbhail. Sileann sé a
chuid fola roim aimsir. Tosnuigheann
a pháis istigh. Briseann
a chroidhe le corp eagla. Agus
pléascann na féitheanna ó chéile.
Briseann an fhuil tríd a' gcroiceann
agus tuiteann sí 'nuas 'n-a
braonacha troma ar a' dtalamh.



11 Níl aon iongna orm ar son
mearbhall do theacht ar Íosa
nuair do bhfaca sé an méid dobhí
roimis chun dul tríd. Agus tar
éis an allus fola so do chur de,
d'éirigh sé ó urnaighthe. Tháini'
sé chun a dheisciobal, agus fuair
sé iad 'n-a gcodladh tré thuirse.
Agus dubhairt sé leó: “Cad 'n-a
thaobh go gcodaluigheann sibh?
Éirighidh, deinidh urnaighthe
dúinn, agus ná tuiteadh sibh i
gcathaí.” Agus tar éis urnaighthe
do dhéanamh dó nó trí 'uaire mar


L. 167


seo, agus imeacht dó arís, p. 46
dorinne sé urnaighthe arís ins
na briartha céadna. Agus ar a
fhilleadh dhó, fuair sé aríst 'n-a
gcodladh iad, mar dobhí a súile
trom. Nuair dotháinig na saighdiúirí
isteach sa' gháirdín Gethsemane,
do bhailigheadar tímpal
Íosa chun é cheangail. Agus iad
á cheangail do ghaibh fearg Peadar,
prionnsa na n-Aspal, agus do
thairig sé a chlaidheamh, agus do
thug sé iarracht ar cheann sheirbhísigh
an árd-shagairt, agus leis
an iarracht san do bhain sé an
chluas de. Agus d'fhéach Íosa ar
Pheadar, a' rádh: “Cas an
claidheamh chun a' dúbla, mar ní
féidir an scripture do athrú: Is
toil d'Uan Dé bás d'fháil ar son
pheacaidhe an domhain.”



12 An tan go raibh Íosa
ceangailte do rith na h-Aspail
uaidh le corp eagla roim na saighdiúirí;
agus an tan gur ceangaladh
Íosa, mar chrochaire, do
fhilleadar an bóthar chun Ierusalem;
agus do ghaibheadar an
tslighe chun an droichid do
deineadh trasna an brook Cedron.
Atá sé ráidhte gur thairigeadar
Íosa trasna an ghlaise, mar do
bhí an droichead lán de dhaoine
dotháinig amach ó Ierusalem, le
h-ionchus go gcóimhlíonfaí an
fháidheadóireacht: “Ólfaidh sé
den sruthán ins a' slighe.”



p. 47 13 Agus ar a dhul
suas dóibh Cnoc Sion d'imigheadar
isteach go Ierusalem tríd
Sterquilinian Geata Porta
Sterquilinii. Dorugadh é chun


L. 168


Caiaphas an t-árd-shagart, an áit
go raibh na scribes agus
sinnsir a' suidhe. Agus d'iarradar
air: “An tusa Críost?”. “Má
deirim gurab eadh, ní ghéillfir
dom.” “An tusa
Mac Dé?” arsa Caiaphas. Agus
do fhreagair Íosa: “Is me.” An
tan san dubhairt Caiaphas: “Blasphémeann
sé”, is strac a bhalcaisí.
“Is ceart é chur chun báis,” arsa
na scribes agus pharisees. Annsan
do chaitheadar seile ins an
aghaidh air, do bhuaileadar é le
n-a ndóirnibh ag déanamh
fonomhaide fé: “Innis dúinn, a
Chríost, cé bhuail thu?” Agus a
Thighearna, an lamhálfair dóibh
do Chríost a bhualadh san
aghaidh? Ó! goidé an tarcuisne!
goidé an easonóir! do dhiúltuigh
Peadar dó!



14 An lá 'n-a dhiaidh do strac
na h-árd-shagairt agus na scribes
Íosa i láthair Phontius Pilate:
mar ní raibh sé lamhálta dhóibh
féin breith bháis do thabhairt
air. Mar ón am gur bhuaidh na
Rómhánaigh ortha do baineadh
díobh an t-údarás breith bháis do
thabhairt ar éinne. Agus ní raibh
fhios aca cionnus d'fhéadfaidís
freagra do thabhairt air.



15 Agus dotháini' sé an
treas uair, a' rádh leó: “Codaluighidh,
tógaidh bhur rest. Is
leór san. Tháinig an uair. Féach,
béarfar Mac a' duine i lámhaibh
na bpeacaighibh. Éirighidh,
imighidh. Féach, an té a bhraithfeas
me, atá sé ar taobh linn.”
Agus faid a bhí sé a' cainnt, do


L. 169


tháinig Iudas, aon des na h-Aspail,
agus le n-a chois sluagh mór, le
lanndaeríbh, le tóirsíbh p. 48
agus le h-armaibh. Agus dobhí
comhrádh eatorra, mar ní raibh
aithne aiges na Rómhánaigh ná
aiges na seirbhísigh ar Íosa, ar a
shon go bhfacadar é go minic.
“Pé h-é duine go dtabharfad-sa
póg, 'sé sin é. Greamuighidh
agus ceangailidh é.” Agus chun
a' plan do bhreith amach, d'imigh
sé rómpa, agus ar teacht suas chun
Íosa dubhairt sé; “Go mbeannuighthear
dhuit, a Mháighistir!”
agus dothug sé póg dó. Agus
dubhairt Íosa leis: “A chara, cad
chuige gur tháinís? Iudas, an le
póg bhraitheas tú Mac an duine?”



16 Agus dochuaidh Íosa
amach 'na gcoinnibh, a' rádh
leó: “Cé tá uaibh?”. Agus do
fhreagradar é: “Íosa Nazareth”.
Adubhairt Íosa leó: “Is mise
é.” Agus dobhí Iudas, do bhraith
é, a' seasamh 'n-a bhfochair. Ní
túisce dubhairt sé “Is mise é”
ná chuadar ar a gcúl agus do
thuiteadar ar a' dtalamh. Arís
dubhairt sé: “Cé tá uaibh?”.
Dubhairt Íosa: “d'innseas díbh
gur mise é. Ar an adhbhar san,
má's mise atá uaibh, leigidh
daoine seo imeacht.”



17 Dotháineadar suas chuige
agus do ghabhadar é. Agus
dubhairt na h-Aspail: “A Thighearna,
a' mbuailfimíd leis an
gclaidheamh?” Agus Simon
Peadar, ón uair go bhfacaidh sé a
Mháighistir gabhtha 'ge na saighdiúirí,
do thairig sé a chlaidheamh


L. 170


agus dothug sé iarracht ar seirbhíseach
an árd-shagairt, agus
leis an iarracht san do bhain sé
an chluas de. Agus dubhairt Íosa:
“Ní beag san.” Agus p. 49 le
n-a phower do chneasaigh sé an
chluas. Agus dubhairt sé le
Peadar: “Cuir do chlaidheamh
aríst 'n-a ionad féin. Mar pé
h-é ghlacann an chlaidheamh tuitfidh
sé leis an gclaidheamh. Má
ba mhaith liom é, d'fhéadfainn
mé fhéin do chosaint le 72
thousand angels.” Annsan
dorugadar ar Íosa chun é cheangail.
Do theitheadar na deisciobail
uaidh, a' fágaint Íosa 'n-a aonar,
gan duine 'n-a fhochair.



18 Dorugadh é ar dtúis i
láthair Annas, athair céile Chaiaphas,
dobhí mar árd-shagart an
bhliadhain sin. Ó Annas rugadar
go Caiaphas an t-árd-shagart ,
agus do lean Peadar abhfad uaidh,
an áit go raibh na scribes, na
sagairt agus sinnsir cruinnighthe.
Dubhairt an t-árd-shagart
leis: “Cad é an t-údarás
go dtógann tú chút deisciobail
agus go scrúduigheann tú creideamh?”
“Gach aon lá do
thugas teagasg ins a' synagogue,
agus fiafruigh ar na daoine do
bhí ag éisteacht liom ar mhúineas
aon chreideamh fallsa.” Agus
nuair dubhairt sé é seo, bhí officer
ar seasamh 'n-a láthair, dothug
sé buille d'Íosa, a' rádh: “Freagair
an t-árd-shagart.” Do fhreagair
Íosa é: “Má dubhart olc, dein
fínné i dtaoibh an uilc; agus,
má's maith, cad 'n-a thaobh tu me
bhualadh?”


L. 171


p. 50 19 Deinidh saothar
ní ar son an bhídh théid amugha
acht ar son an bhídh mhaireann
chun na beatha síorruidhe bhéaras
Mac an duine dhíbh, óir is é
seo an té do chuir Dia an t-Athair.



20 ... ?



21 An tráth go rabhamar
greamuithe ag an ndiabhal do
tháinig Íosa Críost, aon-Mhac
san ár dTighearna, do geineadh
ón Spiorad Naomh, dorugadh
ón Mhaighdin, ós na flaithis i n-ár
lorg, chun sinn-ne do fhuascailt ó
sclábhaigheacht an domhain. Stad
ar feadh nóimint. Ar bhfacathas
riamh, nó ar cloiseadh, a leithéid
d'iongna? Dia ag teacht anuas ós
na flaithis agus a' taisdeal ar a'
dtalamh so, agus a' fáil bháis ar
son na gcréatúirí gur
cheap sé féin! An Dia úd do
bhfuil ó thús, an Dia
mór do shín amach na flaithis,
agus do chuir le chéile an saoghal
so le briathar a chomhachta féin,
túirliceann sé ar a' dtalamh so,
ísligheann sé é féin chun sinn-ne
'árdú suas. Comhnuigheann sé
agus caitheann sé biadh i n-ár
bhfochair. Deintear duine 'gainn
féin de; agus i n-aimsir fuiliceann
sé (an) bás is truaighmhéilighe
dár fhuilig duine riamh.



22 Ó! chomh fabhrach, chomh
trócaireach is dobhí Dia dhúinn!
Nuair do thuit na h-aingil, ní
fheicim gur taisbeánadh aon trócaire
dhóibh. Níor thóg Dia aon
notice díobh. Níor ceapadh éin


L. 172


slighe dhóibh an fíréantacht do
chailleadar do thabhairt thar n-ais
dóibh. Acht ní mar sin dodhein
sé leis na daoinibh é. Mar níos
túisce ná thuit an duine, nár
gheall Dia Slánuightheóir, 'sé sin, a
Mhac taitneamhach grádhach féin?
'Sé sin an price nó an t-earnest do
p. 51 fágadh ar son anam gach
n-aon againn. Féach annsan cad
is fiú t'anam. Féach an price do
díoladh asat. Féach chomh daor
agus do ceannuigheadh sinn. Níor
ceannuigheadh sinn le h-airgead
ná le h-ór, acht leis an mbraon
deireannach de chuid fola ár
Slánuightheóra Íosa Críost. Mar
do scaoileadh gach aon fhéith 'n-a
chorp i slighe agus nár fágadh
deór 'n-a thaoibh.



23 Agus ritheann an fhuil
chéadna dhúinn indiu chomh te
agus chomh friseáltha agus rith sí
ins na laethibh úd. Mar do cheap
Críost nithe áirithe chun toradh
a pháise agus a bháis do thabhairt
dár n-anamnaibh - agus isiad so
na sacraimintí. Ós a gcionn san
ní tugthar amháin dár n-anamnaibh
fuil Chríost, acht ólaimíd
an fhuil sin do rith anuas ó chrann
na croiche, agus caithimíd an corp
do tárnáladh don chrois chéadna a
mhinicí is ghlacaimíd comaoine.
Donal O'Sullivan