A Courtly Poem for Sir Richard Cox

B.Á.C.: NUI, 1944 (1714 18T)

Donal Ó Sullivan




A Risteárd mhuirnidh na ccreach,
go maire tú fá oineach;
nár théidh tú go hifrionn na cceall,
's go raibh tú beó againn tamull.



Nár fhaice tú choidhche an ghrís íochtrach,
's go raibh flaithios 'do choinne ro-chríochrach;
cam roilge nár bhainidh dhuit
nó go mbeire tú do chos ó do námhaid.



Má théid tú go hifrionn le fán,
go raibh mé agus tú ar áon-tiomáin;
nó, gidh bé háit a ngeóbhthar leat,
go raibh mé et tú a n-éineacht.



Nár fhága mé féin nó thú an sáoghal
nó go raibhmíd aráon gan áon-bháoghal;
's nár fhága mé an sáoghal choídhche, a Choxi,
nó go raibh mé et tú gan uireasbhaidh.



Fuil do chroidhe ná raibh 'do bhrághaid,
's ná raibh sláis-bhean fúd a' síor-chnáid;
bail a' diabhail ná raibh ort,
a sgraith fhíalmhar na mbeannacht.



Nár leagthar thú a ttigh an óil
le bata ceárnach as crúib tascóir;
nár thuitidh crann gábhacáin ort;
nár bhrisidh an námhaid do charbad.



Ná ráibh tú 'do shuidhe air an láir bháin
is neasgóid cháoch ar do leath-mhás;
's má bhainionn chaoíche dhuit a' dul amach
go seachnaidh Críost ort a' spioralach.


L. 285


Ná raibh gearbóg nimhneach ad chúl
is tú dol a bhoxáil le saighdúir;
nár thuitidh do bhrísde dhíot a ccath
's gan cnaipe nó poll 'na bhásta
is retréut ort go sgárrtha sganlach.



Ná raibh mailc bhéul gaile air do chruit
ó iomchar cléibhín go minic;
'sgúabadh sráide nár faicthear thusa,
a mhic mhágaidh do mháthar-sa.



Ná raibh tú et cailleach an hata
ag crois margaidh lá geimhriota,
is caimbéul ort go suighe do chlúais,
a' bollsaireacht bailéd go crithfhúar.



Galar sgrathach ná raibh ort
is sgafach iongan a n-éinfheacht
le bruid thochais, is tú ar crith,
ag síor-chur do thón le gríosaigh.



Ná raibh tú 'do dheóraidhe bhocht,
ar feadh Fódhla ad fhuighioll mallacht,
gan bhíadh, gan éudach, gan mhaoín,
ag síor-dhéirce go díomhaoín.



Nár bheiridh an parantóir ort ar speir
is tú 'ndeireadh na dreisi ar do mháthair;
's ná raibh bratlín ghlégheal fád chionn
'do bhollsaire a lár teampaill.



Ná raibh tú cóimhling ar son h'anma
air chapull mhailceach dho-dhealbhdha,
gan diallaoíd, gan srían, gan spuir,
dot chíapadh, 's a' tsían ad shúilibh,



An gháoth neartmhar, is í ó thuaith,
an h'aghaidh go díreach bith-bhúan,
hata múlla áird ar do chionn,
's do chrága ann, d'eagla tuitim,



Sdad sgárrtha do bheith innte
a lár gach átha 'san ccoimhling-se,
tú 'greadadh do shál, 's gan mhaith ann,
nó gurbh éigin 'san áit sin turling.


L. 286


Iar ccáill an rása, 's ar ndol don mbuta,
nár chaithidh thú go hárd curata
ar chlár h'éudain 'sa' sgreagach cloch
nó go bhfágaidh a néul thú go dochrach.



Fearaibh Fáil, is bíd 'na díaigh,
nach mbeirdís orrthaibh a n-aon-rían;
's ná an ghaoth Mhárta gur luaithe isi
ar a hais chum na háite ó ar ghlúais sí.



Chuirfinn challenge ar bhás na cceárd
dá leagadh a mhéur ort, a Risteárd;
bhuailfinn do dhóirn é ar an tsúil
nó go bhfágbhuinn é ar a leath-ghlún.



Na crúba a' coisreagadh an tuill
d'fhúigfinn aige 'san iorghuill,
's 'na sheasamh air a theangaidh 'san ccac
nó go ccuirinn Risteárd as amharc.



Fear mór fada bhus cneasda do ríghthibh Fáil,
's ar ndóigh nach bhfaicthear a shamhail go ttí an lá
bráth,
crann seóil snasda nach nglacadh siúd spíd ó chách,
oil óil go maire sé 'fhad is bhías grian ar áier!



<N Éigse04 288-291>


L. 289


1853ls 19L
Nioclás Ó hAodha

Mo fháth-thuirse déarach, mo léir-ghoin, mo dhíth,
'S is fada tá Gaodhail-bhoicht gan réim anns an tír,
Faoi amadh ag méith-phoic le gear-smacht dá cclaoidheamh,
A d'fág iad go dúbhach a's go cásmhar;
Dá ccartadh, dá ccéasadh, dá ttraochadh do shíor,
Lucht deachmhaighthe ag pléidh leo, dhá bhfaobhar-sgrios le fíoch
Gach sraith eile 's éiliomh nach féidir leo dhíol,
Acht go cráidhte ag gach dream uilc dá bhfásgadh.



Ní'l aindeise a nEirinn is géire le Gaoidhil,
'Ná gardhaidhthe daoradh da ccréim-chur de'n tsaoigheal,
'S is measa leo éirlis roimh rae le cur díobh,
'Ná lán-bhille cúntais na páirce;
"Twelve pounds an acre," sin Béarla ar an ccíos,
"And a pound on the nail" go ró léir ar gach roinnt
'S an fear bheidh gan éirlis ní'l aon mhaith dhó a caint,
Mo lámh dhuit gur cúthail é a ghárda!


L. 290


'S a Rígh dhil na naomh ó's tu réidheann dúinn gach snaidhim,
Nach damanta an daor-bhreith an méid sin le díol,
Ag duine bocht raebhriste, faon-lag gan mhaoin,
Mo lán-lot 's gur fann-lag é a sholáthar;
Dá mbiadh earradh na hEireann chomh saor leis na gadhair,
Ní leagfaidís rael de idir éirlis 'ná cíos,
Caithfid na daor-bhoicht an claon-mheas so a dhíol,
'S gan fághail aca air chongnaidh ná ar cháirde!



Tá gearra-phoic Ghaodhalach' chomh géar leis na Gaill,
Ní bheidheadh airgead tae aca 'ná béabhar do'n mhnaoi,
Ní bheidheadh bolg ná saothar ar aon bhodach dhíobh,
Muna bhfáisgidís púint as na sár-bhoicht;
An té leanann an daor-acht so, an féidir a mhaoidheamh,
go bhfuil eagla Dé air, 'ná daonnacht 'na chroidhe?
Pé aca gallda nó Gaodhalach lucht déanta an leath-truím,
Ní chrághfadh na Iúdaigh níos feárr iad!



Is cumadh cia ndéin é, tá'n chréim-chine síos,
Agus bochtaibh na hEireann le chéile fá sgríb
Dá ndalladh le glaodhtaidh 's dá ccaochadh ag gach buidhinn,
Mo chás! cé ghur cúmhang bocht é a bhfághaltus;
Gan earradh gan éadach a n'éagchruith do bhíd,
Gan tuilleamh do réidhfeadh a ngéarbhroidibh díobh
Acht an "lumper" mar bhéile a's caol-deoch ó'n ndíg,
'S nach láidir an drong iad le cábladh.


L. 291


Is fada iad ar dhaor-nasg gan faoiseadh gan bhrígh,
Dá ruagadh 's dá raobadh's dá séideadh gan suím,
Ag fághail bearradh na ngéidheanna gach féile gan fuígheall,
Noch dfhágann a n'amhgar de ghnáth iad;
'S a Rígh dhil na féile 'na bhfuil gach aonmhaith ad' chroidhe,
Tabhair fuasgailt go héasga ar an ttréid-bhocht so a
ngreidhim,
Díbir gach claon-acht as Eirinn gan mhoill,
A's tárrthuigh do chlann ar gach pláigh oilc!



TORNA