Agallamh Oisín agus Phádraig: 'Lá dhúinne ar Sliabh Fuaid'

B.Á.C.: NUI, 1958-1961 (1748-66ls 18L)

Bearnárd Ó Dubhthaigh




Agallamh Oisín agus Phádraig



Lá dhúinne ar Sliabh Fuaid
Mise is Caoilte ba cruaidh lann,
Fionn Mhac Cumhaill ba maith brígh,
Isé ba rígh ós ar gceann.



Dá ochtar sinne fán bhfear,
Ní fhuaramar gean ar fheall,
A Phádraig na mbachall mín.
Ní tú ba rígh ós ar gceann.


L. 39


Daolghus is Diorruing is Art,
Triúr ba maith tlacht is greann,
A Phádraig, cé mór do bhrígh,
Ní tú ba rígh ós ar gceann.



Goll is Aonghus is Aodh,
Bláthnaid chaomh is Cnú na rann,
Fionn Mhac Cumhaill na lann mín.
Isé ba rígh ós ar gceann.



Osgar is Garaidh na bhfleadh,
Domhnall na gcneadh is Raighne ón ghleann,
A Phádraig na leabhar mín,
Ní tú ba rígh ós ar gceann.



Trí mic Aonchearda na sgiath,
Na trí Chian ó Chnoc na mBeann,
Fionn Mhac Cumhaill táinig don tír,
Isé ba rígh ós ar gceann.



A Oisín, sguir dod ghlór,
Léig thart fós do chomhrádh Finn,
Is tabhair th' aire go lór
Don Rígh Mhór atá ós do chionn.



An dá ochtar do áirmheas dhuit,
Más tú Pádraig an chluig mhín,
Dá mbéarthaoi iad uaitse féin,
Do ghuilfeá 'na ndiaidh fa thrí.



A Oisín, is baoth do ghlór,
Ar dteacht móráin mhóir dot aois,
Nach áil leat labhairt ar Dhia,
Agus an Fhian do chur ar sgís.


L. 40


Is olc liomsa Diarmuid Donn,
Agus Fearghus ba lonn glór,
Nach léigeann tú dhamh a luadh,
A Phádraig nua táinig ón Róimh.



A Phádraig, ó thugais cead
Beagán beag do rádh dhúinn,
Eadamar is cead le Dia,
Fionn na bhFian do rádh ar tús.



Cuirim cion do theagaisg dhíom,
A sheanóir chrín is tú ar baois,
Dá labhra tú ar an bhFéin,
A fhir léith ó tháinig th'aois.



Ní raibh maith ag neach fán ngréin,
Mé féin do labhairt ar Fhionn,
A chléirigh na leabhar gcruaidh,
Annsa liom a luadh 'ná an chill.



Ní thugamsa teagasg dhuit,
A sheanóir bhuig is tú liath,
Is fearr Mac Muire gach lá
'Ná a dtig is a dtáinig riamh.



Ní chreidim ó neach fán ngréin,
Gomadh fearr É 'ná mo thriath,
Níorr iarr sé ní ar neach
'S níor eitigh neach dár iarr.



Ná himir duine le Dia,
A fhir liath, is ná breathnuigh cách,
Is fada ó tháinig A neart
Is béarthaidh A cheart go bráth.


L. 41


Imeóra mise Fionn na bhfleadh
Riot go seadh, a Tháilginn fhinn,
Mac Muirne nár eitigh cliar,
Ní raibh Dia ós a chionn.



Na seacht gcatha do bhí an Fhian,
Nár chreid do Dhia na ndúl,
Ní mhaireann duine ar a sliocht,
'Sní bhfuilid 'na riocht, a Oisín úir.



Níorbh é sin ba coirtheach linn,
Ach turas Finn ar ndol don Róimh,
Gur cuireadh Cath Gabhra oruinn féin,
'S gur claoidheadh dár bhFéin go lór.



Ó do claoidheadh sibh uile ann,
Clanna Finn go ríghe réim,
Éist re tráthaibh Ríogh na mbocht,
Is guidh anocht Neamh dhuit féin.



Ó chuadar sin uile uait,
Guidhse go luath Rígh na reann,
Agus guidhfe mise leat,
An Té is treise ós do cheann.



Éist thusa, a Oisín léith,
As feartaibh Dé bíodh do dhóigh,
Ní mhaireann duine ar a sliocht,
'S ní fhaiceann tú a gcruit ná a gceól.



Ní bhéinn dhuitse im thocht,
A Phádraig atá dom mheath,
'S dá maireadh Conán cruaidh,
Do bhiadh do cheann 'na dhá leath.


L. 42


An Tighearna fíre atá thuas
Eadram is arm i mbí nimh;
A Oisín, acht cé mór th' fhearg,
Go mbeana Sé fúd mar sin.



Is olc do chion tighearna thú,
Cé maith th' iúl is do ghairt,
Do-ghéanadh Osgar, mo mhac,
Bhur ndá chorp 'na mballaibh breac.



Is truagh sin, a sheanóir,
Is nach bhféadaim do spreagadh,
An Té do chuir sibh 'san saoghal,
Go gcuire thú chum creidimh.



Creidim, a Phádraig na bhfeart,
Ód-chím do neart ós gach aird,
Ó nach maireann anois don bhFéin
Acht mise féin go meata garg.



Mo chion duit, a Tháilginn fhinn,
Ó nach maireann Fionn na bhFian,
Ciontuighim mé féin i ndearnas d'olc
'S do-bheirim m'anam bocht do Dhia.



Comairce an dá Easbal déag
Eadram is arm i mbí nimh,
A ndearnas do pheacaidh go trom,
I muine, 's i dtom, 's i dtigh!