A Poem on the Downfall of the Gaoidhil

B.Á.C.: NUI, 1969-1970 (1631ls 17T)

eag. William Gillies




Cáit ar ghabhadar Gaoidhil?
créad díol na ndrong bhforbhfaoilidh?
ní fhoghbhuim a n-amhorc sin
a radharc ghormfhuinn Gaoidhil.



Ní fhaicim an ndroing ndearcghlais
um dhromchluibh dhionn n-oireachtais,
a ccongháir ní claisdear leam
ag taisdeal orláir Éireann.



Iongnadh leam créad a ccor-san,
laoich na longphort solusghlan;
fuaras bruidhne Banbha Cuinn,
buidhne a h-adhbha 's ní fhaghuim.


L. 205


Do sgarsat linn leath ar leath,
óig Laighean, laochraidh Mhuimhneach,
tréad fraochlann mhuighe Meadhbha
's cuire saorchlann seinEamhna.



Ní briochd síodhuidhe seanta,
ní ceó doilbhthe draoidheachta
do léircheil oirne ré h-eadh
na roighne ó ghléithreibh Ghaoidheal.



Measa mar tharla, truagh leam
foireann chumhdaigh chláir Raoileann,
meic ríogh ó bhionnardthoigh Bhreagh,
ionnarbthoigh dhíobh do dhéineamh.



Do cuireadh coinnmheadh fairsing
ortha ó Éirinn soluisslim:
tighe ríogh na ttíreadh thoir
do shíol Míleadh do mhúntoir.



Atá againn 'na n-ionadh
dírim uaibhreach eisiodhan
d'fhuil Ghall, do ghasraidh Mhonaidh,
Saxoin ann is Albonaigh.


L. 206


Roinnid í eatorra féin,
an chríoch-sa chloinne saoirNéill,
gan phoinn do mhoigh lachtmhair Fhloinn
nach bhfoil 'na acraibh agoinn.



d'iath Banbha is baramhuil soin -
clár óir fá fhoirinn tacoir;
ar bhfearoinn-ne fríth ré seal
do dhíth gealfhoirne Gaoidheal.



Cóir a ttuiriomh - tarrthaidh sinn
iomlaoid éaxamhla ar Éirinn,
'n a mbiadh iongnadh riamh roimhe
fa fhiadh lionnghlan Laoghoire.



Tarramar - trom an pudhar -
puirt oireachais d'fhásughadh,
na torchoirthe ag searg a sreibh,
dorchfhoithre sealg 'na sráidibh.



Coimhthionól tuatha a ttigh naomh,
seirbhís Dé fá dhíon bhfionnchraobh,
cuilt chliar 'na ccolcaidh tána,
sliabh 'na gortoibh gabhála.


L. 207


Aonuighe a n-áitibh sealga,
sealga ar slighthibh suaitheanda,
creasa tar fhaithche d'fhál air,
gan dál ghraifne fá a ngruadhaibh.



Bánaighid bruidhne flaithfhear,
tógbhaid le tréan n-anfhlaitheadh
líne lios bhfrosuaidneach bhfionn
um shlios n-osuaigneach nÉirionn.



Ní fhaic aoinneach d'fhuil Ghaoidhil
ní ar bioth lé mbí forbhfaoilidh,
ní chluin guth as láinbhinn leis -
uch! a n-áirmhim dá n-aitheis.



Ní binn leó díoghrais dána,
fuaim crot nó ceól orgána,
'náid sdaire ríogh bheannmhúr Bhreagh,
nó ríomh seanghlún a sinnsear.



Daoire na mbreath bhíos orra,
gadaidh asda a n-anmanna;
laoich ghleógharbha ghuirt Lughaidh,
cuirp bheómharbha a mbaramhuil.


L. 208


Díbirt Ghaoidheal ghuirt Bhanbha,
gé atá a chlú ar chath n-allmhardha,
fearg Dé ré ccách dá ccolgadh
is é is fháth dá n-ionnarbadh.



Ní h-iad a-mháin do milleadh,
iomdha dream ón droichchinneadh,
a los diomdha Dhé nimhe,
fár sgé iodhna a oirbhire.



Meic Israhel na n-arm nglan,
a fhearg riú an uair do h-adhnadh:
iomdha pláigh 'na ttug treathan
ar fhud gcáigh dá ccoireachadh.



Do chuireadh fós - cian ód chlos -
ar shliocht mhór Macabéos
dílgheann iomdha dob fháth sgís,
tar a thiomna an tráth théighdís.



Dá mhéad tarraidh gach drong dhíobh
tuilleamhuin fheirge an airdríogh,
fuair aithrighe cháidh na ccoir
maithmhighe dháibh 'na dheaghaidh.


L. 209


Aithrighe a-nois dá nós sin,
truagh nach déanuid meic Mhílidh,
do sgeith a dhíbheirge dhíobh,
do bhreith fhírfheirge an airdríogh.



Fréamh Ghaoidheal na ngleó nimhe,
go ttí d'fhiorta a n-aithrighe,
cora a ccoimhdhe ar cheard na ndúl,
fearg an Choimdhe do chlaochlúdh.



Díoghaltas Dé as adhbhar ann -
fir Albon, ógbhaidh Lunnand
do anadar 'na n-áit sin -
cáit ar ghabhadar Gaoidhil?