Seanmóir ar ghnáithchleachtadh an pheacaidh

B.Á.C.: Ollscoil na hÉireann (1820c)

Tomás Ó hÍcí; eag. Pádraig Ó Súilleabháin




Seanmóir ar ghnáithchleachtadh an pheacaidh
Qui facit peccatum servus est peccati.
Atá an tí chleachtann an peaca ina sclabhaidhe aig an ppeacadh,
Eoin 8 34.



1 Is uathbhásach an sglábhuigheacht a bheith aig foghnamh nó
aig deunadh seirbhíse dhon bpeacadh; is diombhuadhach eolchair
an bhraighdionas agus an geibhiol é. Is ionann é agus a bheith ceangailte
síos a ndaorbhruid aig tíoránach nó anfhlaith nó sgriostóir neamh-
thrócaireach agus aig an namhuid is baoghlaighe dár n-anamnaibh,
namhaid nach ffuil aon nidh air a inntinn nios lugha ioná ár
ndíthláithriughadh agus aimhleas ár n-anaman. A bheith a sclábhui-
gheacht aig eascara, noch do shladann sinn de Dhia agus dá ghrásaibh,
d'argann sin air an uile cheart chum na fflaithios agus chuirionn sinn a
ccontabhairt ár ccaillte go síorruidhe. Aig sin an treun-namhaid
aigá mbíd peacaig fá dhaorbhruid agus fá mhoghsainne, go mormhór
an tráth dheunaid cleachta dhen bpeacaidh, aig friththuitim ann
d'éis faoisidín. Is dá samhuil sin de pheacachaibh is féidir linn a
thagradh a mbriathraibh na sgribhinne diagha, go ffuilid cuibhrighthe


L. 280


le slabhra an pheacadh, ceangailte le creasaibh na mallaightheachta,
agus chaithid a laethe a mbraighdionas anacrach. Dogheibh an
mhallaightheacht treis agus tighearnas orra; tre thathaighe tagann sé
chum athnádúra dhóibh agus claoidheann sé iad air mhodh gurab
éigionn dóibh géilleadh go táir do gach uile dhualgas tarcaisneach dá
ccuirfeadh sé orra, ionus go n-umhluighid siad dá dhaordhlighthibh.



2 Cá liacht sompla truaghach a chidhmíd go laetheamhuil air
an riachtanas sa a meisgeoiribh, a n-easgaineoiribh, a ttiomana-
doiribh, a striapachas agus a ngnaithpheacoiribh oile, noch do chaithionn
bliadhanta iomlána aig cneadaigh go haindeas fá chuibhreachaibh
daora a ndubhailce gradhacha? Is minic do ghoilleann an meadha-
chann uathbhásach so orra, agus is minic a ghabhaid orra an t-ualach a
theilgeann díobh, acht teibeann a neart agus a misneach orra an uair
budh dheallrach go mbeith fonn orra.



3 Gé go ffuil an chine dhaona go huile claon chum uilc, tairis sin
is ró-anamh a theilgeann aon é féin a n-aoinfheacht san mhallaigh-
theacht nó thugann é féin suas do ghráineamhlacht de thuraic; óir
do réir mar atáid céimionna aig na subhailcibh le a n-árduighthear
duine a n-áit a chéile dochum iomlán feabhais, is mar sin do na
dubhailcibh, atáid a ccéimionn féin aca le a ttúirlingeann duine
chum íochtair na mallaightheachta. Tarraingeann aon choir amháin
nach glantar amach go hobann le aithrighe fhirinneach, mar adeir
N. Greagóir, an peacach chum peacadh oile, ionus a n-áit a chéile
go ccruthaighthear cleachta nádúrtha chum uilc tre ghníomhartha
peacamhla dh'aithdeunamh go minic; agus an tráth ghlacann an gnás
pheacamhuil si freumh aon uair amháin geineann sé athnádúir,
air nach féidir treisiughadh, do réir mar adeir N. Abhaistín a
Sailm xxx, acht le conbhliocht, comhrag agus troid dhian dhocharach.



4 Is deacair lámh ná cos a liaighios a bristear go minic, nó is
deacair soightheach a ghlanadh ná a chubhrughadh bhias a bhfad
líonta le salchar agus breuntas. Meas féin dá réir sin chomh docamhal
agus an nidh anam a ghlanadh agus sal an pheacadh a sgrios de an tráth
thugann sé aga mhór a ccleachtaibh míriaghalta an pheacadh. Más
deacara galar an choirp an tráth d'athiompuigheann sé go minic a
liaighios ioná ó thúis agus gur baoghlaidhe agus gur urchóidighe é an
t-athuair ioná an chéad uair, is furus a thuigsin go ndeunfadh
aththuitim san bpeacaidh an sgeul a ffad níos contabhartaighe agus
níos docamhla, do réir na mbriathar sa an tSoighsgéil, Lucas xi,


L. 281


“Is measa a leithéid sin fá deire ioná a ttosach”. Tagaid a chreuchta,
tre fhailíth, chum morgacht agus cuiriptheacht, agus tigid a ghalair spiora-
dálta, tré ghnáithchleachta, chum a mbeith, air mhodh, doliaighiosta,
agus is gnáthach gurb é is críoch dho, bás síorruighe a anama.



5 Is é fáth fá mbidhionn coinghiol an ghnáthpheacaig chomh
contabhairteach air fad agus a n-athrighe chomh docamhalach do
bhrigh go mbíd na slighte re a ngarmann Dia tar n-ais orra caillte
orra trena ndúireacht, a ccoirptheacht agus a ffailíth féin; óir ní theighid
aig iarraidh sacramainte air aon chor, nó má théid ní ghlacaid an
t-ullmhughadh budh chóir chúcha, ná ní ghlacaid comhairle an oide
faoisidíne. Tóigeann cleachta an pheacaidh a n-inntinn ó an uile
dhualgas spioradálta nó diagha agus ní bhidhionn blas aca air; muchann
sé gach uile spreagann coinsiasa; ní bhí suim aca a ccoir dá ghraine-
amhlacht, agus, do reir na caineamhna do chuirionn an sgriobtúir air,
cuirionn sé d'fhiachaibh orra mallaightheacht do shlogann mar
uisge, gan toirmiosg. Cuirionn gach aon aththuitim níos sia ioná
chéile iad ó Dhia agus deunann iad nios mó neamhfhiúntach dá
ghrásaibh, do bhrigh gur móide tharcaisnigheann sé a Ardfhlaithis
Diagha, a thrócaire a dhímheas, diombuidheachas dioblaighe, agus
neamhdhilseacht agus neamhthairiseacht níos táire. Níl aon choir
nuadh nach cuirionn barr daingin air an cceangal le a ccuibhrigh-
thear iad, agus dá bhrigh sin is céim nuaidh é a n-aghaidh a leasa; agus
an diabhal air feadh na haimsire aig síorghlacadh seilbhe ionnta agus
aig faghail barr comhachta os a ccionn, mar a bhidhionn síoreagla
air a alait a chailleamhuin go ndaingionnuigheann sé a thighearnas
os a ccionn tre shíoraththuitim agus go neartuighid a ngéimhioll orra
féin, ionus go ccaillid a misneach agus ná bidhionn sé dhe bhrigh ionnta
ná d'fhonn orra an chuing chráidhte si a chraitheadh dhíobh gan
congnamh grása neamhghnáthach, nach féidir leó súil a bheith leis
trena neamhdhílseacht do Dhia. Uime sin cuirionn an sgrioptúir an
peacach aththuitiomach a chleachtann an peaca do ghnáith a
ccompráid (15) le fear a ccurthar aon diabhal amháin as a sheilbh,
d'osglann a chroidhe dho arís, agus da ndeuntar ionad comhnaighthe
dho sheacht ndiabhal oile nios mallaighthe ioná an chéad diabhal.



6 Budh farall Lazarus do na cruadhpheacachaibh si .i. na
tiomnadóirighe, na heasgaineoirighe, na striapachasa, etc., noch do
luighionn marbh adhlaicthe a ccleachta an pheacadh mhairbh mar
dobheidís san uaigh, agus ní air feadh trí nó ceathair de laethibh
amháin acht air feadh trí nó ceathair de bhliadhnaibh, nó fós air


L. 282


feadh deith mbliadhna, fithche bliadhain nó b'fhéidir níos sia, aig
leathnughadh aicíde a mallaightheachta a measg cháich a ccoitchine
agus aig cuidiughadh a ngalair leó trena sómpla sganalach. Foillsighid
na cuibhreacha dobhí aig ceangal na heisléine air lámhaibh agus air
chosaibh Lásaruis na slabhradha agus na géibhiolla ionna mbidhionn
an duine ceangailte san bpeacaidh; is cosmhúil an chloch dobhí aig
clúdamh na huaighe leis an meadhachann do chuirionn gnáith-
chleachta an pheacaidh air an anam agus fhaisgionn síos ris an ttalamh é
le fóirneart chomh dasachtach san go liughann N. Abhaistín dá
rádh, “Ó cad é chomh deacair don té úd eirghe atá fáisgthe ris an
ttalamh le meadhachann droichchleachta!” Acht cheana níl aon
chor ina raibh Lasarus roimh a eisirghe, do réir an tSoighsgéil,
acht cosmhúlacht don riocht dhona ionna mbíd gnáithpheacóiridhe, agus
gach deócamhal dá mbidhionnn chum a n-eiseirghe spioradálta dho
theibeadh. Adeir N. Abhaistín gurab ionann iad agus an oiread
Lásaruis, nach féidir a mhúsgladh chum beatha na ngras gan iomad
goil agus miorbhúille iongantach áighmhéil de ghrásaibh Iosa Críost.
Is air a son dobhí buaireamh air Chríost air fhaicsint leachta
Lasarais; is air a son do cheasnaigh agus do ghoil sé an uair sin;
óir cia oile is mó do thuill déara Mhic nDé, mar adeir N. Abhaistín,
ioná anam cruthaighthe a ccosmhúlacht Dé agus thugann é féin suas do
sglábhuigh-eacht an diabhail le peaca marbhthach? An bhfuil aon
nidh annsa saoghal sa is comhachtaighe chum deara tharraint ó
shúilibh Iosa Críost ioná an t-anam úd do cheannaigh sé air
luaidheacht a dhaor-fhola a fhaicsint fillte suas a nglasaibh
cionntacha agus curtha síos a ccleachta an pheacaidh a cceartlár
na tubaiste?



7 Tuitionn an gnáithpheacach, air mbeith dho claoidhte annsa
riocht sain, a neamhshuim a n-áit a chéile ionas go n-osglann an
tslighe chum neamhaithrighe dheighionnach. An chéad uair do
thuit sé a ppeacadh do las sé le náire trena lagachar; dobhí geite air
a choinsias trena mhí-agha; acht an uair dorin se arís agus arís e agus
dorin sé tathaighe dhen choir cheadna níor airigh sé aon chás ná
míshásamh aigne. Omne peccatum consuetudine vilescit adeir N.
Abhaistín; atá sé lántsasta ina aigne, ge go ffuil se ina namhaid aig
Dia agus ina sglábhaighe aig an diabhal, agus gach aon nómaint ccontabh-
airt tuitioma a ccraostheinte ifrinn. Air mbeith dho theine na
carrthannachta múchta ionna anam cruadhann a chroidhe amhuil
carraig chloiche, adeir N. Greagóir. Atá sé airna chruadhadh, adeir
N. Abhaistín, amhuil uisge dá ndeuntar leac oighre san ngeimhre an
tráth thearrnann an ghrian a gaithe niamhracha uaidh. Ní bhfuil
d'éifiocht san ccomhairle is fearr dá ttugthar dho acht an oiread le


L. 283


braoin uisge air chloich; roigfeadh leó ó bheith aig síorthuitim rian
beag leith amuigh, gidheadh ní roigid an croidhe chaoidhche air
mhodh go n-oibreóchadaois a leas. Go deimhin dob éidir dá mbeith
sé aig éistiocht le seanmóntaighe díograiseach diandhíthchilleach
go roigfeadh leis osnadh a tharraint ón ccroidhe clochach dobheith
aige, deur beag óna shúil, nó lagdhúil aithrighe; do roigfeadh dhó
go ndeunfadh geallamhaint thaithniomhach aithrighe; do roigfeadh
leis fonn diaghacht d'oibriughadh ann; acht faraoir! a n-áit a ccur
a ffeidhm teithfeadh sé tar a ais leis an ccéad chathughadh agus tiubhraidh
sé toil don dubhailce dá ffuil claoine aige. B'fhéidir go ndeurfadh sé
air uairibh leis féin, air nos Shamsoin an tráth fuair se é féin air
chumas na fFilistíneach, reighfead agus sgaoilfead me féin ón achrann
sa; gidheadh má chuirionn sé roimhe é luighionn sé arís, mar dorin
taoiseach mí-ághmharach chlainne Israel, fá uallach a shlabhradha.
chidheann sé é féin chomh cuibhrighthe agus a n-achrann chomh
daingionn san annsa tseirbhís dhoilg si nach fanann misneach, fonn
ná cumas aige do bhrisfeadh na hinleóga ionnar theilg sé é féin tre
ghnáithchleachta bheith aig aththuitim. Do thaisbeun me dhíbh
anois agus leag me bhúr láthair an riocht dhona ionna mbidhionn an te
ghnathuigheann aththuitim a bpeacadh. Dochualabhair na deocamh-
lacha chuirionn cleachta mhallaighthe a n-aghaidh leasa dhuine.
Tugamaoid anois dár ttuigsin go hathchumair na slighthe le a
ttreisighthear air na deocamhlachaibh sin. Aig si an nidh air a
ttrachtmhar san dara pongc, noch do sheólfad a mbeagán focal.



8 Adeir an t-apstol nach lugha atá comhachta dochuimsighthe
soléir a n-iompoghadh an pheacaig chum a leasa ioná ann aith-
bheodhadh na marbh; óir is leis an árdchomhachta iongantach
céadna a deuntar é .i. an marbhán a thógbháil ina bheathaidh agus an
peacach a mhúsgladh ó bhás an pheacadh chum beathadh na ngras. Ní
fhaicimsi aon difir eadora acht so amháin .i. nach teagmhann aon
toirmiosg do ghuith shárchomhachtach Dé ann dul go fíoríochtar
na talmhon chum an chuirp mhairbh do ghairm ón uaigh agus a
dheunadh chomh beó agus dobhí sé riamh; gidheadh, an mallaightheoir
a bhfuil a anam marbh le peacadh is cosmhúil go ffuil sé beo bríogh-
mhar go leór chum neamhshuim a dheunadh den nguith si agus cur a
n-aghaidh Dé uileachomhachtach agus cluas bhoghar a thabhairt dá
ghlor, air a nglaodhann se chomh cáirdeamhuil sin ó log dhoimhin an


L. 284


pheacadh ionna bhfuil sé dá mhuchadh. Agus gé go ttuigfidhe gomadh
ródheacair a shamhuil sin de pheacach a tharraint chum a leasa is
nidh é is féidir a dheunadh, agus le congnamh De roigfeadh leis theacht
fós chum a bheith taithniomhach. Dá bhrigh sin ní cóir d'aon duine
dá dhonacht rith a n-eudóthchas, mar dorin Iudás tubaisteach nó
Cáin mallaighthe, agus a mhuinghín do chur a ttrocaire Dé, mar
Mhaigdelen, agus na slighthe oireamhnacha chum oibre chomh práin-
neach lé do thabhairt chum críche, do freagairt agus a ccur a ffeidhm
gan stad agus cur roimhe chomh maith is d'fheudfadh sé a mhuinteardhas
agus a shíothcháin a dheunadh rena Dhia; agus 16 glacfaidh Dia
leis go trócaireach.



9 Úrnaighthe an chéad shlighe díobh sa .i. urnaighe úmhal
dúthrachtach agus teasghrádhach, agus trosgadh agus déirc ina choimhdeacht.
Uime sin, a dhearbhraithre, má tá aon duine bhúr measg air a
mbeith sé dhe mhí-ágha a bheith fán mbraighdionas sa an ghnáith-
pheacaidh, sírigidhe air Dhia sibh a shaoradh uaidh, iarraighe go
duthrachtach é a n-ainm Iosa Críost ós é do gheall go solmonta
gidhbé nidh iarrfaoi air an Athair ina ainm féin go ffaghthaoi é.
Labhraighe leis san ccanamhuin thruaighmhéileach úd ar labhair
Marta agus Maigdelen an tan do chuireadar a n-athchainge air son a
ndearbhráthar féin Lazarus, “A Thighearna, an té úd do chruthaighis agus
cheartaighis chum do chosmhúlacht féin; a Thighearna, feuch air an
té d'fhuasgail tu air luach do dhaorfhola, agus dá leoighfinn a radh,
feuch atá an tí úd aigá ffuil gradh agat fós tinn agus an léigfeadh tu dho
dul d'eug agus a bheith caillte go síorruidhe tairéis ar chosain sé dhuit?
An léigfeadh tu dho lonnughadh air feadh a bheathadh fá dhaorbhruid
an diabhail agus bás anaba gan aithrighe a leigionn do? Déinighe an
urnaigh si air maidin, déinighe um thráthnóna é, déinighe aig cois
na haltórach, déinighe é ionn bhúr ttighthibh féin. Muna mbeith
athchainge dheirbhsheathracha Lasarais ní tóigfidhe ina bheathaidh
é. Níl dá mhéid agus bhiaidh sibh tabhartha do na droichchleachtaibh si
nach móide is éigionn dibh bhúr n-úrnaighthe agus bhúr ndíograis do
dhúblughadh, agus is aoirde chaithfeadh sibh glaodhach air Dhia aig
iarraidh maithfeadhchais agus trócaire, mar do chleacht an fháigh
ríoghamhuil, noch do gháir amach as an duibheacán doimhin,
De profundis, etc. “As na háigéanaibh do éigh me ort, a Thighearna,
a Thighearna, cluin mo ghuith”, Sailm cxxix.


L. 285


10 Slighe oile atá chum cleachta peacamhuil a thréigionn, síocair
an pheacadh do sheachnadh, do réir na riaghladh do tionnsgnadh
san Soighsgeul, Matha xviii 8. “Madh thugann do lámh ná do chos
adhbhar oilbhéime dhuit gearr dhíot agus caith uait iad; agus má bheir do
shúil adhbhar oilbhéime dhuit
staith asat agus teilg uait í”; is ionann
san agus gurab éigionn duit an nidh is annsa leat annsa saoghal sa a
threigionn níos luaithe ioná leanfadha dho fhearg do chur air Dhia
agus t'anam a chailleamhuint. Níl éifiocht díbh ionna radha go cclaoidh-
feadh sibh bhúr n-ainmhiantaibh miriaghalta ná go ttreiseochadh
sibh air bhur ndroichchleachtaibh gan na slighthe riachtannacha sa
do fhreagradh. Is díomhaoin díbh súil a bheith aguibh le claochlogha
croidhe dáríre an feadh leanfaidh sibh de na contabhartaibh agus de
na geallamhnachaibh úd noch do chur na foinn is fearr dár
ghlacabhair riamh a neimhbhrigh míle uair. Is eolbhaoiseach díbh
smaoineadh go mbeithighe geanmnaighe ionraic ná measardha an
feadh thaitheochaighe na hionaid úd ar gnathach meisgeoireacht agus
míriaghaltacht, agus an feadh nach seachnóchthaoi gach dánacht, gach
cuairt uaigneach, gach tigh mí-iomcharach, leabhartha agus sgeulta
gáirseamhla agus gach cuideachta macnaiseach, noch do mhill bhúr
mbeusa chomh minic go ttrasda. Air a shon san is gnathach go
ffaicimíd peacaig lear mhian a mbeatha do leasughadh agus filleadh air
a tTighearna Dia, air mbeith dhóibh sáraighthe a slighthibh na
mallaightheachta agus cortha dá ccoirthibh gráineamhla, acht nach áil
leó eirghe as na cosbóiribh ná na hinleóga do sheachnadh, noch budh
chionntach lena neamhurchóid a mhilleadh agus tréar thuiteadar chomh
minic sin annsa n-aindeise. Déinid gan amhras lagiarracht a thabhairt
aig iarraidh aithrighe a dheunadh; cuirid a ccás síos do oide faoi-
sidíne, agus ní leisg leó geallamhnacha breaghtha a dheunadh agus inntinn
mhaith a ghlacadh; cuirionn an sagart d'fhiachaibh orra a bheith
sásta air fhuireach sgathamh gan absolóid shacramainteamhuil
d'fhaghail ionus gomadh follus san tréimhse sin go mbeith fonn daríre
orra a mbeatha leasughadh agus aithrighe cheart a dheunadh agus go
nglacfadaois slighthe oireamhnacha chum iad féin d'iomchur go
hiomchúbhaidh an chuid oile dá saoghal.



11 Beartaighthear an t-amm agus an lá dhóibh air a bhfuilid chum
dul arís chum faoisidíne. Air tteacht na haimsire agus an lae chinnte
chúcha, a n-áit theacht aig suighiughadh agus aig dearbhadh a seas-
amhuigheachta, ní faicthear iad nísa mhó; tig míthapa éigín ionna
slighe, noch do tharraingeann arís iad chum peacaidh, nó b'fhéidir


L. 286


go ccuirid iad féin deunadh fheidhm ann slighe a dheunta. Is leór so
chum iad do thoirmiosg air thobar na ngrás d'ionnsaigheadh;
déinid gearán gan chúis gurab eugcórach an nidh absolóid a choi-
mheud uatha, air son gur air mhaithe leo a deuntar é, ionus go
rachadh sé chum tairbhe dá n-anamnaibh; agus mar sin a leigid siad
an aimsir tarsa, aig fuathughadh a ccuibhreach, agus gan iad féin a
shaoradh óna ndaorbhruid. Aithrighig do réir chosmhúlacht acht
peacaig do ghnaith do réir dearbhthacht, air an adhbhar nach bíd
sásta air na síocair chontabhairteacha an pheacaidh do thréigeann.
Is é brigh an sgéil, a dhearbhraithreacha, ní féidir buadhachann air
bhur ngnáithchleachta peacamhla, ní féidir bhúr n-ainmhianta a
chlaoidheadh acht le sgarramhaint leis na cosbóiribh do ghríos air
ttóis iad. Dá bhrígh sin ní fuláir dhíbh obair bhúr slánaighthe do
thoisiughadh le sgarramhuint ris na siocraibh sin. Aistrigidhe gach
nidh do theibfeadh grasa Dé air theacht ionn bhúr ccroidhthibh.
Admhaim go bhfuil an obair anshásta agas ródhoilg d'fhuil agus d'fheoil,
do réir deallraidh. Tairis sin is obair í nach fuláir dhíbh a dheunadh nó
is damaint shiorruidhe is luaidheacht do bhúr neamhshuim agus do bhur
leisge. Gabhaighe oraibh féin dá réir sin a dhearbhráithre, ó so
suas gan sgannradh ghlacadh roimh aon teibeail do chuirfeadh an
diabhal ionn bhúr slighe a ttaobh bhúr leasa. Dá dhonacht bhúr
ccás ná gabhaidh eudóthchas; atá bhúr liaighios le faghail fós. Níl
aon pheacadh domhaitheach, níl aon chneadh doliaighiosta fá
láimh uilechomhachtach an liaigh atá aguinne .i. Iosa Críost, an té
d'fhág comhachta aigá Eaglais chomh fóirlíonta agus bhí aige féin.
Níl aon droichchleachta dá aostacht, da dhúireacht, dá bhoirbe nó
dá dhonacht nárbh éidir libh a 17 dhíochur go hiomlán, maille re
congnamh Dé, má shaothruigheann sibh go daríre agus comhoibriu-
ghadh go dílios rena ghrasaibh diagha, noch is leór chum an chroidhe
is coirpe air bith do chlaochladh a n-aon nómaint. Atá Iosa Críost,
noch do thóig Lazarus ón mbás, fonnmhar agus cumasach chum a
leithéid oile do dheunadh fós díbhsi, air choinghíol go ndoirtfeadh
sibh bhúr n-aigne air go hiomlán ó bhúr ccroidhthibh. Má táid aon
Lasarais san bpobal so, má táid aon tseanpheacóiribh gnáith-
chleachtacha annso atá a n-achrann a staid ghuasmhar agus a seirbhís
pheacaidh mharbhthaich, Ó impighim orra gan codladh níos sia a
n-ucht na haindeise acht eirghe as a spaidtheinnios gan mhaill agus
iad féin a theilgionn aig cosaibh thrócaire nDé le croidhe umhal
comhbhriste, do nach diúltuigheann se chaoidhche. Ó a Thighearna
throcairich agus thruaighmhéiligh, feuch anuas orainn uile re súil na
truaighe, agus ó dorinis roimhe si clann Israel do shaoradh ó bhraigh-


L. 287


dionas na hÉgypte, aontaig sinne go léir a shaoradh ó bhraighdeannas
an pheacaidh. Reub slabhraighe na haindlighe re a bhfuilimíd
ceangailte agus aisig orainn saoirse mhilis do chlainne ionus go
bhforálfamaois iodhbairt altaighthe duit, agus h'adhmhola bhioth-
bhuan do fhorfhogradh air feadh na síorruigheachta a ccomhluadar
na n-aingiol agus na naomh a rioghacht na fflaithios, nidh atáim
d'iarraidh go duthrachtach díbh uile, a n-ainm an Athar agus an Mhic
agus an Spiorad Naoimh. Amen.