Seanmóir ar an Troscadh

B.Á.C.: Ollscoil na hÉireann (1797c)

Anaithnid; eag. Greagóir Ó Dúghaill




ON FAST. AR THROSCADH



Cum jejunasset quadraginta diebus et 40 noctibus postea esuriit.
Math. cap.4.



Agus an tan a throisc daichead lá agus daichead oíche, do ghabh
ocras é ina dhiaidh sin.



Taispeánann an eaglais dúinn in soiscéal an lae inniu, an chéad
Domhnach den Charghaos, troscadh agus cathaithe Íosa Chríost ar
an bhfásach. Is mian léi a thaispeáint dúinn mar ba mhian le hÍosa
Críost cathaithe a fhulaingt ón Diabhal, ainneoin go raibh sé
neamhchiontach agus nárbh fhéidir leis peacadh óna nadúr, nach
fearr leis Críostaí a bheith gan cathaithe, go mba cheart dó é féin
a ghabháil ó shiocair ar an saol seo agus nach í an tslí bua a fháil
ar na cathaithe barúil a thabhairt nach dtitfimid iontu; ach má's
mian linn bua a fháil ar chathaithe go síoraí, ba cheart dúinn aithris
a dhéanamh ar Íosa Críost le troscadh géar, agus diúltú do gach ní
agus creatúir a tharraingeodh sinn ar na cathaithe. Ní hé an diabhal
atá mar údar na gcathaithe a mbaineann sé úsáid dhíobh lenár
dtarraingt ar a stáid féin. Údar paisiún a mbaineann sé usáid dhíbh
mar airm inár n-aghaidh féin, faigheann sé ionainn féin iad agus
cuireann inár n-aghaidh iad. Chúnn's go lagófaí na cathaithe, ní
foláir dhúinn na paiseoin a lagú agus níl aon rud níos fearr chuig
iad a lagú agus iad a chlaonadh ná an troscadh atá chomh tairbheach
ag an anam agus ag an cholann in éineacht. Mar a deir an naomh-
eaglais sna hortha, quod corporibus animabusque curandis salubriter
institutum est.



Cén ní níos tairbhí, níos pléasúrach agus níos fearr ar féidir liom
a inseacht dhíbh, a dheartháireacha, le bhur mbeatha shíoraí a
shaothrú, ná dlí an troscaidh seo a thosnaíúir le beagán laethanta.
Ach ar eagla go gcuirfeadh an Diabhal de chathú oraibh an riail
dhiaganta seo a bhriseadh is é mo dhiúité sibh a shaghdadh lena
comhlionadh leis an sampla is géire agus is preasálta ar féidir
smaoineamh air, is é sin sampla Íosa Chríost féin a rinne troscadh
40 lá agus 40 oíche cum jejunasset. Dia nach bhfuil paisiún aige le
claonadh ná drochsmaointe aige le bua a fhail orthu, Dia a ghlac
an nádúr, ach a ghlac é gan peaca agus nárbh fhéidir leis peacadh,
do chlaon sé féin do throscadh chomh fada, chomh géar seo; agus
mise, peacach tarcaisniúil, dá raibh de neart agus géireacht mo


L. 137


phaiseon go bhfuil a fhios agam go mba cheart dom an chuid eile
de mo shaol a chaitheamh ag tabhairt sásaimh do cheart diaganta
Dé in éiric na bpeacaí a d'imigh orm, beidh dúlmharacht orm riail
chomh diaganta léi seo a chomhlíonadh. Ba chóir go sásodh an
sampla seo amháin sinn. Ach mar nach bhfuil aon aithne is luaithe
a bristear ná í seo, is mian liom oibleagáid na haithne seo a mhíniú
dhíbh, agus an nós go mba chóir troscadh an Charghaois a
dhéanamh.



1. Tá riail troscaidh an Charghaois naofa.



2. Agus comhlíonadh an riail seo ba cheart dó bheith naofa.



Ní raibh iontas orm ariamh go mbeadh údair an chreidimh
phrotastúnaigh ina námhaid ag an dá airticil seo dár gcreideamh:
is é sin riachtanas an fhaoisdin agus comhlíonadh an troscaidh.
Chonaic na ceannfoirt mhallaithe seo nach raibh aon rud ba
chlaoine don anam ná faoisdin a dhéanamh inár bpeacaí, agus nach
raibh aon rud ba dhócúla don cholainn ná troscadh a dhéanamh.
Dá thairbhe sin, nuair a ghlacadar an rún diabhalaithe le scaradh
ón eaglais, do ghéilleadar do gach pointe acu seo, chúnn's go
dtarraingeoidís agus go meallfaidis na daoine. Agus is é an rud a
chuireas iontas orm, agus is cúrsaí iontais é do gach duine dá bhfuil
ina chiall, go n-ainmneoidis iad féin lucht stiúrtha nó deisithe an
chreidimh. Cén dánacht é, cén nuaíocht díchéilli é! Nár phléasúrach
an scéal é ná mbeadh convent de dheirfiúracha San Phroinsias ann
a dhiúltódh dá móide, a thréigfeadh an t-uaigneas, an bhochtain-
eacht, an troscadh agus an umhlaíocht, chúnn's go mbeidis ag
leanúint do imirt, do ól, do striapachas, agus go n-ainmneoidis iad
féin ina dhiaidh sin lucht stiúrtha an oird. Ar a shon sin, is mar seo
ann Luther agus Calvin agus an chuid eile de cheannfoirt an
chreidimh phrotastúnaigh. Fuaireadar locht ar na sagairt agus ar
na bráithre mar nar phósadar san pósadh scannalach. Thréadadar
i ndiaidh paiseoin. Ba mhian leo gach gníomhadh
spioradálta diaganta a chur ar gcúl agus na harraingeacha
tarraingeacha saolacha ó gach paisiún is láidre agus is dáinséaraí
sa cholainn daonna ... agus ina dhiaidh sin tá sé de
dhánaíocht iontu iad féin a ainmniú lucht stiúrtha an chreidimh.
Ná tugadh ar ndeartháireacha na protastúnaigh an méid seo féin
faoi ndeara c'ar bheag é lena súile a oscailt cúnn's go ndiúltóidis do
cheannfoirt a bhfuil bréantas a ngníomhartha chomh follasach sin
agus ar ordaigh an tAspal Pól dúinn iad a sheachaint mar nach
seirbhís Íosa Chríost a dhéanann siad agus go bhfuil siad ina


L. 138


sclábhaithe ag a mórthoil agus ag claonta drúisiúlacha na colainne,
ag tarraingt agus ag mealladh na gCríostaithe simplí lena mbriathra
caoine milse máilíseacha.



D'fhógair Dia orainn do mháilís na n-eiricíteach seo. Ní féidir leo
dul ar aghaidh thar na trí ríocht seo nach dtagann lena chéile,
agus gur sia óna chéile iad ná na protastúnaigh de réir dlí, agus sin
é. Is beag de áiteacha eile a bhfuil tréantas ar bith acu, agus fad is
tá an creideamh caitliceach á shíneadh féin ó éirí na gréine go dtína
luí: ach ar eagla go mbéarfadh máilís a mbriathra bua oraibh agus
go síolóidis in bhur gcroíthe is dóigh go mba mhian libh aithne na
heaglaise seo a mhíniú díbh. Déanadh sibh troscadh an Charghaois
go glan glan agus is é an nós ar mian liom é a mhíniú fallsacht agus
laigeacht argóinteacht na n-eiricíteach a tháispeáint díbh. An
chéad argóint a ndéanann sé úsáid, titeann sé ar oibligeáid na
haithne seo. “Ní hé Dia a d'ordaigh an aithne seo”, deir siad, “ach
croimneasc a chuir daoine ar mhuineál daoine eile. Cén oibligeáid
atá orainn é a chomhlíonadh?” 2. “Mar gheall ar gheasa ar bhia
is cosúla an troscadh seo leis an seanreacht ná leis an reacht nua.”
3. Mar gheall ar an aimsir: is cosúla suim na haimsire 40 lá le
creideamh piseoige ná le creideamh críostúil.” Seo hiad na briathra
a ndéanann na heiricítigh agus lucht an chraois úsáid dhíobh, ag
tabhairt drochmheas agus tarcaisne do throscadh an Charghaois
agus tabharfaimid iarracht ar iad a fhreagairt.



1. “Ni haithne ó Dhia troscadh an Charghaois”, deir an
t-eiricíteach, “níl iontu ach aithne a chuireas daoine orainn”. Ach,
a dheartháireacha dílse, is é Dia a ordaíos díbh umhlaíocht a
thabhairt do na daoine seo. Is mian leis go mbeidh sibh ómósach
claon do na heaspaig, do na huachtaráin ar thug sé stiúradh na
heaglaise díobh ar talamh. Ná ndéarfadh duine de do chlainn leat,
“is duine thusa, a athair; dá oireann sin níl oibleagáid ormsa
urraim ná ómós a thabhairt duit”, cá bhfuil nach bhfreagófá é,
“is fíor sin, a mhic, is duine mé; ach d'ordaigh Dia duit urraim
agus ómós a thabhairt dom.” Is mar seo a fhreagras ár naomh-
mháthair an eaglais thú: “is daoine iad ach d'ordaigh Dia dhuit
umhlaíocht, éisteacht agus ómós a thabhairt dhóibh”. “Mura
n-éiste sé leis an eaglais”, deir Íosa Críost, “ná tabhair de mheas
dó ach meas eiricítigh nó págánaigh”. Ní hí eaglais na haimsire
seo a d'ordaigh troscadh an Charghaois. Ní hiad easpaig ná Pápa
na haimsire seo a d'ordaigh dúinn an t-ualach seo a iompar. Tá sé
ar bun ó aimsir na n-aspal. Deir San Jerom tá míle bliain ann,
nos


L. 139


unam quadragesimam, secundum traditionem Apostolorum toto anno,
tempore nobis congruo jejunamus, Hier. Epist. 31 ad Marcellum..



Tá seanmóirí na n-aithreacha naofa againn ar throscadh an
Charghaois. Níl againn ach féachaint sna leabhra agus feicimid go
ndearnadh troscadh an Charghaois ó tháinig an creideamh Críos-
taithe ar bun roimh an Cháisc, ag caoineadh bás agus pianta Íosa
Chríost.
Gréagóir Ó Dúghaill
An Oifig Taifead Poiblí