Seanmóir ar an Meisce

B.Á.C.: Ollscoil na hÉireann (1820c)

Tomás Ó hÍcí; eag. Pádraig Ó Súilleabháin




Agus ná bighidhe air meisge ó fhíon ionna bhfuil craos, ach
bighidhe líont leis an S. Naomhtha - Eph. v. 18 rann.



1 An uair a bhí an duine cruthaighthe aig Dia uilechomhachtach
do réir a chosmhúlacht féin, a' roint páirt dena Sprid dhiagha leis,
mar do measfaidhe, annsan d'uaisligh sé a chuid oibre le tréithibh
áirighthe, dá árdughadh os cionn na mbeathadhach éigciallaighe, agus
go n-aithneothaoi thársa é. Má mhasluighmíd an comhartha uasal
san, má mhúchamaoid an chiall-bhronntach san le mire mheisge
túirleónfamaoid níos táire ioná an beathadhach agus tiubhramaoid
aithis d'árdfhlaithios an té úd dothug a chosmhúlacht fein duinn;
agus atá daoine chomh mór san a ttaithighe meisge ná cuirid siad de
shuim ann acht uiriod is damadh é a mholadh leó a dheunfach a
ccreidiomh. Cuirionn seanthaithighe brat sgamail air an ccuid is
mó dá ghráineamhlacht, agus níl aon díoghbháil dá dhonacht ná tagann
le rian a sgaoile leis; deunann sé módabhall de dhuine, ionnsa
tslighe ná biodhann aon chabhair dá chomhairliughadh; biodhann
sé neamhshuimeamhuil ann-aon read dobhiadhach air mhaithe
leis, agus níl aon read is fearr leis ioná a aimhleas. Gidheadh, bé air
domhain mar ghabhann seanchleachta a leithsgeal, má fheucham-
aoid an Sgruiptiuir chídhfeamaoid go bhfuil sé a ttosach na bpeac-
aidhe a choimheudann an t-anam ó dhol a seilbh rioghacht na
bhflaithios. Dearbhuigheann N. Pól ná rachaidh lucht gaduigheacht
ná sainte ná meisgeoireacht go flaithis Dé go bráthach, agus cuireann


L. 315


sé dhe dhualgas air gach aon chríostaighe gan caidreamh ná comh-
luadar a dheunadh le haon dá chreidiomh a bhiach santach ná a
striapachas ná meisgeoireacht 1 Cor. v 9, 10; agus adeir an t-easbol
céadna gur comhartha é air an mhuinntir seo sheunann Críost agus
leanann droichchreidiomh: “Ní seirbhísigh d'Íosa Criost a leithéidibh
seo”, deir sé, “acht dá mboilg féin”. Agus caoineann sé go brónach
iad leis na briathraibh truaighmhéileacha so: “Is iomdha duine
shiubhlann, air ar thrácht me libh go minic, agus air a labhradh me anois
a sileadh deór, gur namhaid do chrois ceusta Chríst iad, gurab
léirsgrios is críoch dhóibh, gurab iad a mboilg is dia dhóibh, agus
gurab é a náire is glóire dhóibh” Philip. iii 18, 19. Feachaighidhe,
a phobaill, godé an brigh tha ionnsna focail sin! Godé an deirc
mhallaightheacht agus cruas croidhe a tteilgthear sinn an uair fhógraigh-
míd cogadh air Shlánaightheoir an domhain, dothug é féin suas agus
dhoirt a chuid fola air son fuasgailt na cine daona, a' fonóid faen
gcrois úd tréar saoradh sinn agus ionna bhfuil dóthchus iomlán na
bpeacach.



2 Deimhnigheann an fhaig Isaias go ttréigid na meisgeoirighe an
Tighearna agus go siubhlaid anáirde air a aitheantaibh: “Is danaid
díbhsi dh'eirgheann go moch chum dol ag ólachán agus fuireach ag ól
go tráthnóna, chum a bheith a' brúchtaoil le fíon; atá an chruit agus an
chláirseach agus an phíp agus fíon ionn bhúr ccóisir, agus nil aon mheas
aguibh
air obair an Tighearna; is air an adhbhar san do mheudaig ifrionn a
theaghlach agus d'osgail sé a chraos go fairsing chum na ttreunfhear so
do shlogann, agus rachaid siad síos ann” Isa.v 11,12.



3 Mar is cuid desna dubhailcibh seo is deacair a liaighios ná
duine a bhriseadh dhíobh, is gnáthach go ttarraingeann sé chum
damaint shíorruidhe é. Is mór an sásamh aigne linn an uair a chluin-
eamaoid tracht air pheacaig a dh'iompoghadh dobhí a bhfad da
saoghal fae leatromm droich-chleachta malaighthe; acht coin a
chonarcamaoir meisgeoir aig iompoghadh stuama? Cá liacht duine
chímíd tairéis a n-óige a chaithiomh le craos agus le meisge, lena ccois
air bhruach na huaigh, a' tuitim den chríon, agus ní le haois acht le
gach galar dár tharraing a n-anntlás féin orra tré ól biotáile. An
uair a thuitid siad tinn tiubhraid siad gach aon gheallamhuint dá
bhreaghthacht uatha go leasóchaid a mbeatha, go seachnóchaid siad
ólachán, go mbeid siad stuama, measardha, etc.. Acht is amhlaigh é:


L. 316


b'usa meisgeoir a bhriseadh dhe ólachán air fad ioná a chur d'fhiach-
aibh air fuireach taobh le beagán; agus is róghnáthach meisgeoirighe
fhaicsint a' dol chum báis ann lár a meisge, gan chiall gan mhothugh-
adh, aige imtheacht ó bhórd na póite go cathaoir an bhreitheamhnais.
An bhfuil aon olc is mó a ttagann léirsgrios dá dheasgaibh ioná é?
Cá liacht muintir le déirc? Cá liacht cuid a sloigeadh síos leis an
ainmhian bhrúideamhuil si? Cá liacht ceardaighe a thuilleann an
oiread agus chothóchadh a muintir go macnaiseach, agus, séineach, gurab
é gné na gorta agus an ocrais thá orra? Agus dá ttagach cioth cinn ná
coise, tinnis nó eugcruais orra chuirfeach ó obair iad, sin iad teilgthe
ann lár na haindeise iad, gan air a ccur an oiread le cloch prátaoi
cheannach a choimheudfadh beó iad fein ná a 6 bpáistighe, acht
léigeann don mbean bhocht dol a' saláthar déirce dhóibh a n-íochtar
a cóta, gan fiú an mhála; agus godí an chúis? Mar a chaitheann an fear
a mbeagán uaireanta an chloig an méid a thuilleann sé ionn an
oiread céadna laetheantaibh.



4 Sin olc eile thagann de mheisgeoireacht: síorachrann agus imreas
idir lánamhnacha pósta. An bhean a' casaoid leis an bhfear, agus ní
gan chúis, a ttaobh an airgid sin budh chóir a chur chum tairbhe dhi
féin agus dá clann, é sin a bheith dhá chaithiomh a ttighthibh ósda, le
rangás oidhche, agus í féin agus a murar a' dol d'eug den dítheacht, anacra
a' fásgadh air gach taobh di, gan chabhair gan chongnamh, agus is
móide loisgeann sé uirthe, smaoineadh, an té dár chóir a bheith ina
chrann cosanta agus ina sgiath dhidhin di, an uair a bhiodhann sé air
cuthach le meisge, nach taobh le hanchaint ná easgaine dheunamh
uirthe bhiodhann sé, acht is meabhair leis í chur den tsaoghal air
fad. An chlann bhocht chraidhte a' fidhnéigheacht air an ngaisge
mhífhearamhuil seo, gan bhia, gan deoch, gan teine, gan eadach lae
ná oidhche, gan leughan gan fhoghluim, an féidir leó uraim a
thaisbeanadh dho athair den tuairisg sin? - athair agus mathair atá
gan mheas orra fein. Ní bhiadh. Ó sé an t-athair a n-oide múinte
fanfas an sómpla chífid siad aige ionna n-aigne bhog óg go lá a
mbáis, agus ó ná fuil dada aige d'fhágfach sé le hughacht aca acht
anacra, fágfaidh sé a ainmhian mallaighthe mar oighreacht aca, agus
chífeadh sé iad ábalta air ghlaine biotáile dh'ól sul bhiaidh a fhios
aca iad féin a choisreagann, agus is luaithe bheid siad ina meisgeoiribh
ioná ina gcríostaighthibh.



5 Má tá aithreacha ná máithreacha annso thugann masladh
mar seo dá ccreidiomh, sganail do chriostamhlacht agus drochshómpla
dá cclainn, meabhruighdís go tromdha air na deasgaibh a leanann


L. 317


an t-anamhian mallochtach so: nach iad a ccoirthe féin amháin atá
le cuitiughadh aca acht fós peacaidhe dhaoine oile, ón tís is gur
tharraingeadar cach chum oilc. Bé air domhain compórd a ghlacaid
siad air uair a mbáis, is mór an searbhús dóibh smaoineadh, biodhach
gur choisgeadar féin ó mheisge, biodhach gur leagadar uatha
cloidheamh na mallocht, atá sé fós a lamhaibh na clainne, noch
d'fhoghluim uathasan cionnas dheunfadaois úcáid de. Go spreagadh
Dia uilechomhachtach gach aon athair agus máthair leis na smaointibh
seo a ttraith, ionnas le beatha mheasardha, stuama a chaithiomh as
so suas go ndeunfaidís leórghníomh iomlán air son gach sganail dá
ttugadar air an saoghal so agus go ffaghdaois aoibhneas siorruidhe air
an saoghal oile. Amen.