A Poem by Seán Ó Neachtain

B.Á.C.: NUI, 1975-1976 (1717ls 18T)

Seán Ó Neachtain; eag. N. J. A.Williams




Seaán Ó Neachtain .cc.



Do bhí Ludar cróin Mac Lóbuis
's Brían módhmhar Mhac Leasdair
ag búaint mhónadh Día hAoine
gan fiú an bhríste ar na bathlaidh.



Tháinig móráin ar mhalairt
gnás aicme Mheic Lóbuis;
a bhíadh féin ar gach duine,
seachnadh siosma agas comhraic.



Tháinig Cormac Mhac Gaoriolla
budh hé an siollaire preabach;
tháinig Gilbiort Ó Cléire,
a bholg géarmhéith 'na shodar.


L. 32


Tháinig Piarrus Ó Lachnáin
níorbh olc an sleághan íasacht';
tháinig Séamus Ó Treassa
's ní raibh a mhac ar íarraidh.



Ba binn Murchadh Mac Rónáin
'gabháil chrónáin don mheithil,
Díarrmoid borb Ó Mulríde
's Cathail Mhac Maolra 'n' fhochair.



Tháinig Maghnus Mac Searraidh
's Conchubhair lachna Mhac Maghnuis;
tháinig Phillip Ó Gaoithín,
Seón Ó Maoilín 's Má Gára.



Tháinig Cathail Ó Tuairisg
mór an ghúais a bheith roimhe,
's Lúadhach garg Mac Giolla Pháttruig,
fear do budh feárrde an cineadh.



Tháinig Finnín Mag Leamhsáin
's níorbh éith an clúasán cainnteach;
tháinig Conn Mac an Átha
's Conn Mac an Nádhma nár shannteach.



Tháinig Pól Mac Cruitín
's mór mo mhuinghin as 'olcus,
Conchubhair buidhe Ó Braonáin
's mac Uí Bhríonáin, an bodach.



An Calbhach dubh Ó Driseacháin
's níorbh é an briollachán brocach,
Catháoir cróin Ó Ceannamháin
's níorbh é an cirtleachán bodaigh.



Tháinig Brían buídh Ó Mártain
's giobal a chaise as a bhríste,
Dudhalltach mór Mac an tSionnuidh
's Taidhg beag cliste Mac Cáoilte.


L. 33


Ba spórt leat Donnchadh Ó Gealbhán
ag teacht mur shinneán gáoithe,
grúag a chinn inna leathláimh,
ag teacht óna leannán Síle.



Ioliomad do dhaoinibh oile
nár ghann goile lá foghmhair,
nárbh olc lámh ar a ccurrán
dá mbaineadh tútáil dóibhsion.



Shín ar a chéile an chóib-si
mar an ttoirnidhe san tsamhradh;
ní chluinfidhe ag méad a séideáin
cluig an éináit ná teanntainn.



Samhail do ghuinnaidheadh cáocháin
a raibh san gciapáil chruaidh-se;
ba ceó ar feadh sheacht míle
bréanstoirm a ngáoithe úatha.



Do bhíodur drong na mórbheart
'buaint mhónadh ar an acht-sa,
ag iomchar báraidh 's dá líonadh
ó d'éirigh an ghrian ar maidin.



'S gur shuidh sí lán do shotal
ar maidhe Mhullaidh na bFhlaithios,
am a d'fhreagair go díreach
mná síleach' na bfher-sa.



Tháinig Gormlaidh Ní Mhánuis,
tháinig Gráinne Ní Cholla,
tháinig Beanmhúin agas Síle,
mnáibh cíorrtha na holla.



Tháinig Máire Ní Mhaolra,
corp sgíamhach mar chrócha;
tháinig Siubháin Ní Mhaoilléide
budh gile nó an féur a scórnach.


L. 34


Tháinig Meadhbh óg Ní Chrosáin
teannoire measgán uirreadh;
Catarín rúadh Ní Chléire
bá cosmhail ré béam' a cossa.



Tháinig Siúbhán Ní Lúba
céad-duibhe a cúl nó pota,
cléibhín orraidh fá cháfra,
is pál lán ag Máire Nic Eóchadh.



Sac do dhubharrán pónra
bhí ar Orthla Ní Chaisil;
úalach capuill do sgálaidh
bhí ar Mhárín Ní Chamhuil.



Measgán ruibeach ag Róise
budh gile go mór nó sneachta;
ag Mómhuda churcaidh Ní Léibhín
do bhí mórchléibhín meacain.



Cá dó cléibhíin an gharla
do bhí lomlán do chathail
ag Meidhbh dhorcha Ní Chearna
's naoi spána budh leathan?



Bhí pál lán praisce ag Síle
budh gile nó taoibh na móna,
's do bhí brathlín fa photáta
ag Meidhbh ádhmhar inghean tSeóirse.



Dá n-áirmhín a raibh san imirt
bíadh sé liosda re n-innsinn;
is leór go ttáinig mórán
do mhéadughadh an chomhgháir chinte.


L. 35


Do líonadh míasa is cupáin;
ní raibh mórnáin gan líonadh;
bhí lán an gach cuachán
's ní raibh tobán gan stríoc air.



Dubhairt Gormlaidh lé Ludair:
"Suidh thusa is Mac Leastair.
Saoiliom gur dáoibh is córa
ó sibh is óige san ngasra".



Dubhairt Rándhald Ma Ghléamhsa:
"Damhsa is cóir a bheith 'ttosach".
Dubhairt Cathail cas Ó Maolríde:
"Fuil íce píce, a bhodaidh.



Sguir dot ghlugar glaigion,
sguir do do chlabar clampair;
's beag oram grudar grádéis
ag bodach a' rábéis cainnte".



"Th'anam do Phiarrus, a bhodaidh",
do rádh Colla Mhág Lamha
a' tógbháil sgála praisce
do bhuail san mbáthis ar Ránall.



Do rug Diarmuid Searraidh
ar dhá mheacain 'na lámhadh
's do bhuail íad araon an éinfheacht
tarsna an bhéil ar Mhá Gára.



Do rug Má Gára ar sgála
bhí lán cáfra nó praisce
's do bhúail é a gclár an éadain
ar Bhrían mhéadhlach Mac Camhail.


L. 36


Do rug Brían Mór ar mhórnáin
do bhí lomlán bainne
's do sgab sé é go faobhrach
ar fud an bhídh 's na gasraidh.



Do fuair Diairmoid Ó Dalláin
mias do bhí lomlán cathail
's do leathnaidh sé é go sgíamhach
a mullach na maoile ar Mhaircuis.



Do thuit a chac ó Mháoil Mhórdha;
"'S maith an cómhgar", arsa Diarmuid
ag tógbhbáil lán a dhoirnn de
's dá bhualadh ar Sheón sna fiacla.



Tháinig Máire Ní Bhiorrín
's níorbh isi brillín gránna;
bhuail sí lán an mhórnáin
annsa chlíathán ar Mháible.



Do rug Úna Nic Arrtáin
's a bolg mar sgiortán torrach
ar mhullach chinn air Áidhne
dá cárnadh fána cossa.



Do bhuail Murchadh Ó Breasail
laisg do ládal ar Mháol Rúana;
bhúail Máoil Rúna mias phraisce
ar mhac Mharcuis Uí Dhúda.



Do rug Mór mhór Ní Lopáin
ar chois ar chuileán Úna
's do bhuail é 'lár na méadla
ar mhac Shéarluis Uí Fhiúra.


L. 37


Thuit an madadh sa phraisigh
's níor fhág drama gan dórtadh
's do rioth sé lán do lúsra
an ucht Úna inghean tSeóirse.



Do rúg Úna ar an mada
's do bhúail é tarsna na sróna
ar Chonchubhair chróin Mac a' Liorsa,
fear budh binne nó tóirneach.



Do theilg Diarmoid Mhag Leannáin
lópán do chathail cheannainn,
's a cclár an éadain ar Shiubháin
bhí sé 'na phreabán tarsna.



Do bhain meacain do Bheanmhúin
annsa leathshúil go díreach.
Do baineadh trí fiacla as Ghráinne
le urchar de photáta ó Phíter.



Dubhaltach dubh Ó Duifiolla
níorbh é an glugare craosach
ar son lán gridle do shruán
is cúpla measgáin go nd-íosach.



Sgiorr a chosa ó Ghiolla Easpuig,
do thuit ar a chainthe san chafra;
tráth 'shaoil éirghe 'na sheasamh
bhuail meacain sa gcáir air.



Rug Calbhach cróin Ó Cléibhín
ar Bhrían Ó Céirín ar 'mhullach
's do tharraing é tríd an gcáfra
gé gur láidir an curadh.



Bhí an achrann ana chéile
náoi bfhir dhéag ar fhithchid;
do thuit 'na ngirle guairle
beag is mór annsa chuife.


L. 38


Bhíodur a' giúrnáil a chéile
san ccuife bhréandubh mhónadh
gur chosmhail' íad ré deamhain
nó le fearuibh na Fódhla.



An chuid nár thuit san chuife
bhíodar a' teilgion a chéile
ar feadh an chathail 's na praisce
go ndearnadh greallach dá nd-éadach.



Do ghluais síad uile tránóna
fáoi lán mónadh agus fola
fáoi lán cathail is cáfra
dubh bá bán ag an mbainne.



Níor aithin éinndís a chéile
's air éigin é féin a d'aithin
áon dá raibh san ccomhrac
do shliocht Uí Lóbuis leathain.



Dubhairt Cormac Mhá Gára
a' déanamh gáire go slachtmhar:
"'S í seo mo chomhairle dhíbhse,
'chairde dhísle gan pheacadh:



Glúais liom go tighe an leanna
's ceannuigham standa beag beórach.
Núadhchrodhaidh sé sin ar ccairdeas".
"'S maith", arsa cách, "do chomhairle".



d'imigh gach aon don chóib-si
'réir 'chomhurle go teagh 'leanna;
níor fhan duine sa teaghlach
ré corp eagla gan sgaba.



Dubhairt Murchadh Mac Rónáin
lér mhinic mórán céille:
"Suidhidhe síos, a cháirde;
'bhfuil san áit is linn féin é".


L. 39


'Raibh do thuigheadh san iothluinn
chráitheadur í go huile
a nós easrach fáoi airnéis
's do shuidhe 'na ngláimhfhíacha dhubha.



Ní raibh annsin mías no scála,
cúach, mórnán no measair
fa shliocht praisce nó cáfra
nár líonadh do chách gan ghlanadh.



Rinneadar ól gan ghantainn
annsa tseomra nár chúrrdha;
bhíodar a' caint 's a' crónán
go ndearnadh coinleáin dá súile.



Bhíodar ag ól 's a' sgearaidh
go raibh an asair 'na camra,
gur thuit 'na ccodladh 'n éinfheacht
ar chumann gan éara an chlannsa.



Do bhí Conchubhair Mág Náosga
'n ionadh Ghioll' Íosa ag Áidhne;
bhí fear Onóra Nig Leanáin
'n ait a leanáin ag Máire.



Bhí bean Chonchubhair Uí Chuicle
tar éis a tulcadh ag Mac Máolra;
bean Eóin Mheic an Námha
bhí fó dháir ag Brian Táodach.



"'S misi an bhean do fuair náire",
do rádh Máire inghin Tóna
ag tógbháil a cinn a'n asair
ó Bhrían reamhair Mhic Códa.


L. 40


Do bhí Siubhán Ní Leibhín
ag Brían déadbhuidh' Mac Dáire
tar éis a tulcadh san teagbháil:
is isi fuair giúrnáil chráite.



Bhí bean Donnchaidh Uí Éile
ag Conn séimhidhe Mac Breasail
's bean Diarmoda Má Gára
ag Cían Mac Cába dá lasgadh.



Míchéil maol Ó Gormáin
budh mór a thormán ar Síle
's a bhean féin ag Mag Lámhsa
malairt nár chám acht díreach.



Bhí Anna mhór Ní Bheacháin
's budh ramhar an préacháin caile
dá brughadh ag Mleachloin Ó Dúirnín,
bodach an chúirnín thacair.



Bhí Gormlaidh óg Nic Íomhair
faoina bhrísde ag Mac Eocha;
ní eidar gé do bhíodur a dhéanamh
acht do-chonairc mé an airde a cosa.



Bean Bhríain bhuíde Uí Mhártain
bhí da cairnadh ag Ó Gealbháin;
bhí bean Donnchaidh an Fhoghmhair
faoina thóin ag Mac Crosáin.



Do bhí Gráine Ní Alpuinn
's níor mhó capall nó 'tíarach;
chuaidh sí is Breasal chum sparna
acht do bhí Gráine an íochtar.


L. 41


Ní nár do Róisi Ní Mhídhtháin
go raibh a clíotháin brúite
's í dá furcadh ag Mac Searraidh
a nós capuill a ccumhgach.



Do bhí Beas bheag Ní Bhuidháin
faoi Labhráis Mac an Uisge;
dar liom budh beag an sgéal sin
ó bhí 'fear féin ar meisge.



Dá n-áirmhinn an girle guairle
's a' brille búaire brocach
a raibh mo chuideachta chatach,
b'adhbhar gáire an obair.



Muinnter chriothnach an áruis
tairnghídar gáirda fhorra;
shaoileadair íad do cheangal
go ndeachadair ar a ccosnamh.



Do rug Páttruig ar shaighdiúr
's do bhuail sé maidiúr maide
a ccláir ághaidhe is éadain
gur séideadh é ar talamh.



Thug Diarmoid óg Ó Dúirnín
trip faoi mhúirlin bodaigh
ag buaint a ghuinna as a lámhadh
's é 'ccuinne bheith' lámhach orradh.



Do rug Murchadh Mac Sgalaidh
ar son gur bheathlaidh bhí 'éadach
ar mhullach chinn ar chnápach
do bhí lán stáice as a Bhéarla.


L. 42


Tharraing taoiseach an bhanda
buille cloídhiomh chum Maolra
gur bhúail go tapa a shiúr Máible
buille sgála san mbláoisg air.



Do bhuail Conchubhar Mhag Anna
buille channa lán beorach
annsa mblaoisg ar lictónoel Lt.- Coirnéal?
's do bhúail Tiobóid stróic air.



Do bhuail Calbhach Mag Lamha
buille dhá lámh do mheasair
ar churadh 's a ghunna líonta
gur thuit sé síos san assair.



Do chuir Críostóir is Úna
seiser fúthadh san chóisir;
do léaig Seaón Mac a' Léibhe
seiser leis féin 'na ccóir súd.



Do ceangladh go huile an garda
is lucht an áruis, mar chúalus;
do thug laoidigín a ccosuibh
sionus do bhun a cclúasuibh.



D'óladair lán a cclíatháin
do lionn is do shórtáil fíona
's go ghluaiseadair leó go tapaidh
as an mbaile an áoinfheacht.



Chúadar go grod 'na dhiaigh so
go habhainn shnámha dá nglanadh;
chuadair an éadach lae sáoire
'chuir íad go fíor as aithne.


L. 43


Tráth bhí cuairtughadh dá n-iarraidh,
ghlúais siadsan mar gach duine
's ní shaoilfeadh neach a cclár Fódhla
go raibh an chóib-si cionntach.



Míle slán beó do chóib na mbairínidh,
nár chuir tóir dá ndeoin ar paittrínidhe;
b'fhearr leó pónra go leór is meacainidhe,
pís is eorna do nós a seandaoine.