Eachtra Áodh Mhic Goireachtaidh

NUI; B.Á.C. (1802 19T)

Ó Longáin, Micheál Óg




Sliocht ó Mhícheál Óg Ó Longáin, 1802



Aig seo riaghlacha beaga simpleadha saora socair iomdha noch
do cheapaim agus do ghealluim do dhlúithleanmhain maille cógh-
namh Dé air feadh mo gheáirrbheadhtha féin air an sáoghal
suarrach saobhnósach dearóil díothcháirdeamhail seo, agus iarruim
air an Athair síorraidhe tré impeadha na Maighdine Muire agus tré
bhás agus pháisi ár tTighearna mhilis Íosa Críost grása na haith-
ríghe agus na foighde do thabhairt dúinn uile agus go speisialta bráon
beag dá ghrasaibh do leigean am chroidhe cruaidh clochach
féin do bhogfaidh agus do dhianbhrostóchaidh chuim na haithríghe
me, oi<r> foraoír is peacach rómhór rómhiofhoirtiúnach me! Agus


L. 230


ionnus go ccoiméadfuinn agus go leanfuinn na riaghlacha so síos
.i.



1. Gan aoin nídh do rádh ná do dhéanamh air áonduine
náchair mhaith liom do rádh ná do dhéanamh orm féin.



2. An mhaith ba mhaith liom do dhéanamh orm féin dá
mbiainn an áon riachtanus, do dhéanamh air dhuine eile dá
bhfeicinn a ngábhadh ná a riachtanus e agus é air mo chumus féin
an tan sin maith do dhéanamh do.



3. Gan mionna mora bréaga barrbarthacht ná drúngcaéreacht
do dhéanamh go deó - ná a neisteacht ó dhaoine eile dá
bhfiadfainn.



4. Gan aifreann Domhnaig do leigean uaim an aointslíghe na
bhféadfuinn dul <a'> triall air ná é fhághuil.



5. Gan drochshómpla do thabhairt dáon duine a mbriathur a
ngníomh na a bhfaill.



6. An aon bhall na bhfeicinn nó na ccloisfinn dlíghe Dé dá
bhrise maille mionna mora bréaga barrbarthacht agus cúlchainnt
gaduigheacht nó a nionshamhail eile do chosg dá bhféaduinn
nó muna bhféaduinn imtheacht as.



7. Faoistin Nodlag is Cásga do dhéanamh an chuid is lúgha
dhe.



8. Seacht bPaidreacha agus seacht nÁibhe Mairie agus Cré do rádh
uair san ló go noidhche an onóir chúig créachta Chríost agus a
phaise agus a bháis.



9. Paidear Aibhé Maré agus Cré do rádh uair san ló an onóir
Mhichíl árrcaingeal.



10. P. A. agus Cré an onóir dom aingeal cuímhdeachta.



11. P. A. agus Cré do Phadraigh naomhtha apstal agus pátrún
Eirionn.



12. Gach áon Aoíne do dhéanamh na trosgadh áonchoda agus
coróinn Muire do rádh an Aoíne sin.



13. Cuirim druim le dul go hiofrainn agus re peacadh marbh do
dhéanamh ream thoil go bráth ná chaoídhche - oh! gráin air
an bpeacadh marbh.



14. Eirgídhe much tímcheall eirge gréine an leathbhliadhain
fhada .i. ráthe an tsamhraig agus ráthe an fhóghmhair sé sin ó
Bhealltaine go Samhuin agus éirge roimh éirghe gréine an leath-
bhliadhain ghearra .i. ó Shamhuin go Bealltaine agus mo cheann
do chíoradh agus mo lámha agus mh'aighidh do níghe, agus gan bheith
díomhaoin - acht bheith a léightheóireacht, a sgríbhneóireacht
ag obair nó ag úrnaíghtheacht.


L. 231


Náchair gheibhiom bás a bpeacadh marbh agus nár gheabhiom
bás go ndéanfam lóirghníomh le Dia agus ris an sáoghal, agus nár
éagham go mbiam a seacht nórdaibh nó fós a naoi nórdaibh
Amen. Sin a Thighearna - go madh fíor soin a Dhia, ag ad
sheirbhíseach bocht féin ciodh ró admhuim nách fiú me bheith
am oglaoch agadsa a chrughthóir an domhuin go léir, acht
mar sin féin ní háill liom sgaradh leat agus nár sgarradh do ghrása
naomhthasa liomsa ó so amach go deo. Mícheál Óg Ó Longáin.



An 24 la do June 1802. Laus Deo. Amen. June 24th 1802 I
took the above resolutions in my house near the chappel of
Cockhill in the Barony of Araught in the county Kerry. The
grace of God to us. Amen.