'Barántas' ón mBliain 1714

B.Á.C.: NUI, 1986 (1714 18T)

Pádraig de Brún




Dómhnall Úa hUallacháin .cc.



Táinig im láthair gearán cráite
an cúigeadh lá don bhliadhain
míle agus seacht gcéad 's a ceathair déag
do Aois an Tighearna
deifearach áir, ní cheilim an dáil,
is fíoreaspaitheach,
ceithre lá gan bhreis gan bharr
roimh aonach Thairbeart
lé Séamus Mac Gearailt, laoch gan mheabhail
gan dúil bhréige,
ar an bhfear is ceannard ar an nGuthard,
cúl lé réiteach,
gur ghoid sé lánmhuc roimh an lá sin
do sheilbh an taoisigh,


L. 69


do bhí dá biathadh lé trí bliadhna
istigh gan scaoileadh
agus a gheallamh istigh mar thaca
ar an nduine uasal
ar son chúig bpúnt gan tnúth a ndiúlt'
air mar ualach.
Is é freagra an tí gan charthannacht
ná dúil réitigh:
cac an diabhail do bheith ina fhiacail
's bonn don mhéid sin,
fós nách díolfadh do ló ná d'oíche
an fad do mhairfeadh
feoirlinn a choite ná obh lobhtha
go dtéadh i dtalamh.



An uair do fuaras an teastas cruaidh-se
ar mhóidibh saoithe,
tugas m'ordú dá bhur dtreorú
chum a gheimhleadh
anois fám shéala gan dáil réitigh
go cur dom láthair
Donnchadh Mac Glanchadha do rín an fainne-ghníomh,
ón is náireach.
Ag so an bhuíon do chorp na críche
d'iarr an Gearaltach
do dhul dá thóraíocht uile gan chomhnaí
go dtugaid ceangailte
cúl lé réiteach gan dúil a shaortha
go dtugadh an reamharthorc
ann a sheilbh gan chaill gan cheilg
agus a hanlann
dá chuid dílis do ló nó d'oíche
lé dlí córach
gan feall gan ghangaid gan chaill ar charaid
ná ar a chomharsain,


L. 70


Murchadh Mac Briain, an scannaire fial
atá díreach,
gan cham gan chealg gan feall ar charaid
in ard ná in íseal
agus an ministir ceart lé dtuigtear
dlí gan falsacht,
ós é theagaisceas lucht an mhacnais
chum bheith ceannsa
agus gach aoinneach lér thaithneamh beart díreach
don dlí gan stánadh,
go dtugadh a chabhair go gcurthar i dtaca
an fiaire feadha sin.
Bíodh agaibh faire mhaith gan seachmall
ar an gCosán
agus gan amhras i Raitheamhna
's i mBaile Í Lochráin.
Téid ar uairibh go Lios Tuathail
d'fhios an mharga.
Téid go Gluaire gan bhréig go fuadrach
is go Cill Arada.
Do bhí sé ar féasta i mBaile na gCaorach
gan géag tharta
's go deimhin do chuala go raibh ar cuaird
i mBaile na nGearra.