A Soldier's Letter Home

B.Á.C.: NUI, 1991 (1850lsc 19L)

Diarmaid Ó Muirithe




Sé mo chroidhe tá dhá shnaoidhe 's da ghearra, 's nfaid a mhairfid ní
fearrda mé,
aig an mbuidhean seo gach Aoine do chnagan athanta is ráite Dé,
gach nDomhnach chum teampuil na tiocfam biadh coiste ar ar gcuis go
daor,
's gan dout beidh ar ndrom aca á ghearra aig triantan ar lár Parade,



Ta mo shúilsi le húr mhac no bhflathas duiling peanaid is pais nar dtaobh,
go sguirtfigh troop chugain thar caise an airm sa nartaoibh saor,
go ndéanfamaoid faoistin nar mbeatha le sagart 'nar nduthig fein,
do thogfaidh an ceo dhin sa peaca, is do ghlanfaidh ar slighe chum Dé.



Más fíor go bhfuil solus no bhflathas aig sliocht Calvin is Luther claon,
nar chrom riamh a nglun chum aon tsagart is nar sheachuin fós druis na craos,
d'iompuig an Biobla ó Laidion mar gheilleadh do chursaoidhe an tsaoghuil,
'san bhuidean seo fuair sgriobhain ó Pheadar mar a mheasaim níl bridhe
nar sgéal.



Dá mbein ag Cillmhoro am sheasamh nó ar Sgreathan na sár-fhear seimh
is da gcasfaoi aon straoille aco am chuinimh thug masla gan cuis dam féin,
do bhainfin a chlaoidheamh dhe go tapaig nfhaid do mhairfeach an luth
am gheaig,
is do bhruithfin an tsuil aig an Orange ce deacair é rádh ach go réig.


L. 70


Dá mbein ar a slidhe chum a bhaile agus bata maith droighean am dhóid,
's sgriomhin o'n righ agam am pocket, gan eagla roimhe na am deoig,
do bhéarfain don diabhal a gcuid arm nfhaid do mhairfin go bradhach
de'm shaoghal,
's 'n uair a chife aris me mo chairde ba leathan e a ngaire beail.



Ad chunghnamh gan chuinnse go bpreabfam is go gcaithfir bheith sasta
baodhach,
go mbruthfam an tsuil aige an Orange a mhalladh is carran a gheill,
go mbeidh cuntais o Dhurlas go Calainn 's o Callaith Fionntragha go
Leim,
go durthachtach dulaighte daingion a gairm ar namhuid go lae.