A Poem on the End of Patronage

B.Á.C.: NUI, 1999 (1630-31ls 17T)

P. A. Breatnach




Maith an compánach an dán,
ó fuair an mhaith bás ré a thaobh
níor áil leis gan imtheacht dh'éag
gé mór an sgéal iad araon.



Síol mBriain agus Clanna Néill,
ó fuair a maith go léir bás,
ris an maith i n-éinfheacht d'éag
créad as nach rachadh an dán?



Mág Uidhir is Brian Ó Ruairc,
a maith ó do chuaidh mar chách
dís ó bhfaghmaois ar mbreath féin
dá n-éis níor anta don dán.



Triúr mac Shéamais ó Thráigh Lí,
do bhrígh dá chur ina mbás
ag éigsibh Éirionn fa seach
nach ní leó teacht thar an dán.


L. 86


An rísi Bhéarra go nua,
ó tharla ar ndul uaim anos
madh beag mór a mair don dán
ní ón mbás is dócha a dhol.



Ó Súilleabháin Mór 's a bhean
inghean Chormaic na n-each luath,
tar éis na deisi do dhul
don dán dobudh guth bheith buan.



Rí Leamhna Mág Carthaigh Mór
Domhnall Óg do chardaois mná,
marthain dá éis gan dul d'éag
ní bhia mar sgéal ar an dán.



Níor chompánach cóir an dán
muna bhfaghadh bás 'na ndiaidh;
i dteampall Bhréanainn na gclog
maith Mhuimhneach ar ndol fa chriaidh.



Ceól agus imirt is ól,
Mac Muiris do budh mór clú,
cosmhail ris an dán a gcor,
do chuadar d'éag dá dhol súd.



Ceannach fíona, ceannach each
leath ar leath maille ris an dán,
ón taoibhsi adeirim dá ló
ní mór nach bhfuaradar bás.



Pádraigín a mhac dá éis
ag seanLoch Léin gé fuair bás,
atáthar dá aithris air
a chion do dhul leis don dán.



Dá mbeinnsi im chompánach chóir,
an beagán glóir atá im chionn
do rachuinn d'éag mar mo dhán,
ga fearr dhamh cách dá chur riom.


L. 88


Dáibhí mac an Bharraigh Mhóir
ní cóir gan a chur le cách,
do bhí an dán 'na ualach air,
an gcéin do mhair tarla lán.



Madh gearr madh fada mo ré,
an méid adeirim ó nach mair
is cuma liom cionnas bhias,
m'anam acht go mbí go maith.
MAITH