A Poem by Cathaoir Mac Cába

B.Á.C.: Comhartha na dTrí gCoinneal, 1940 (1736 18L)

eag. Tomás Ó Cléirigh




Níor bhainntreabhach Éire gus anocht,
ní raibh sí tréithlag tárrnocht
gan fear caomhna is chosnadh a clúidh
gur cosgradh ríghmhac Rúghraidh.



Gidh mór a d'imidh tar sáile
dá síol uasal don Easpáinne,
ní raibh gan céile Clár Cuinn
go héag Mhághnuis Uí Dhomhnuill.



Ó éag Mhághnuis d'ísligh neart
is cródhacht Gaoidheal i n-éinfheacht,
d'imidh an fhéile gan fios a sgéul
's an tí a ghéubhadh a leithsgeul.



Och! is cruaidh ár ccás anois,
is páirt romhór dár n-ainnis
tréangheall Banbha i ccómhra chláir,
a h-éanghrádh, h-anum 's a h-éadáil.



Mac Rúghraidhe, searc na sgol
d'fhíorchrú Chonuill Golban,
's é a bhás a d'aistrigh gach cruth
is d'fhág gan aithne fir Uladh.



Tá Dún na nGall, dar leam, faoi cheas
is Beul Áth Seanaidh gan chádhus,
dá sgreuchadh an dá chuan le racht
is pleusgadh, dob é a n-oighreacht.



A Chlár Banbha, guil go trom,
níl 'n-án furtach dot leatrom;
ní bhfuighir cobhair le do ló,
ní bhfuil leighios ar h'iargnó.



Dob uras ria fada a tuiccsi,
gur ag caoineadh th'aoin-mhicsi
nach raibh do rosg gan braon trom
is osnadh 'n-a dhiaidh a ccomhthrom.


L. 91


Och! is tú do thairrngir olc,
mo lot anocht don fhíorbhocht,
do thuaith, do chléir is do chill
tá buarrtha i ccéill 'sa n-inntinn.



Cá rachaidh cliar, cá rachaidh dáimh,
cia dhéanfus riar gach macáimh?
cá ngéabhaidh an dall gan tsúilidh anois
is cia éisdfios greann dá aithris?



Cá bhfuighthear fíon, cá bhfuighthear ceol,
cá bhfuighthear cuirm is cómhól?
cá bhfuighthear críonnacht, dísleacht is maith
chaoidhche mar bhí 'san árdfhlaith?



Fóill dom' fhios, is feasach mé
triúr macaomh mín réidh
don shréimh ón tuinn-bháite,
theacht ón Mághnus reamhráidhte.



Calbhach ainm an mhic,
oighre oirdheirc ionruic,
geug ghlan is gile bláth
agus seud is sine comhrádh.



Tóigfidh ár n-uaill, gan gó,
an fear feasach ó thromcheódh;
ní bhiam feasda lán do cheas
's biaidh an Calbhach 'n-a Mhághnus.



Dar leamsa, ní beag sin,
sgeula is maith re n-innsin
go bhfuil ár ccaruid arís beodh
dár ndídion ar gach iargnó.



Deo gratias, a shaoith gan locht,
gidh táim tinn fad hoighreacht,
gur tú amháin tar chach uile,
an fear ceanna dúbhramairne



Go saoghlaidh Dia gan locht
an dias eile don chómhlucht,
Aodh agus Mághnus i nglóir
i ccéim, i n-uaisle 's an onóir.


L. 92


Do loit mo dheor mo rosg,
ní léir dhamh leus gan én chosg,
tá mo shúile ag sileadh 'ghnáth
le cúmhaidh tuirsi 's tromchrádh.



Sochar do Pháisi, a Mhic Muire,
iarrmaoid uile is trócaire
d'anam Mhághnuis nar dhiúlt neach
's dob úire lámh 'san eineach.



Seacht ccéad déag bliadhain beacht
sé is triocad dá ccoimhideacht
ó theacht Chríost go bás Mhághnuis,
sgrios tíorrtha is dúnárus.



NA hABHRÁIN



Ón ló sin Mhághnuis, fágbhuim Éire ar druim,
gan ceol, gan dáimh, gan dán, gan spéis i bhfonn,
ach brón ar mhnáibh, ar bháidhbh 's ar éisg na ttonn
's gach nós dá ndearnaidh árd-fhuil Ghaedheal gan suim.



tá gach óigbhean bhráighdgheal, mhánla, mhéirlag, dhonn
gan sódh, gan árus, cráite, créachtach, lom,
ó leon an bás le spairnn an té do bhronn
ór 'na mhámaibh dhaibh is céile coim.



Cia thógfus lámh le bárd, cá ngéabhaidh an drong
's cia fhóirfeas cás gach brághad i ngéibhionn throm?
cá seolfaid a mbárc atá dá ccéasadh ar luing
ón Róimh, ón Spáinn tar sáile ár ccléir bhocht chrom.



Ochón! mar táim, dá bhfághainnsi sléibhte Cuinn,
's coróin na Spáinne ar ball 'n-a dhiaidh gan mhuill,
go ló mo bháis, na táinte ag éirghe leam,
dar nDomhnach, do b'fhearr leam Mághnus féin mar roinn.