A Poem by Domhnall Ó Cuileannáin

B.Á.C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913 (1786ls 18D)

Domhnall Ó Cuileannáin; eag. T.F. O'Rahilly




Ba mhinic me go hurramach mar aon i mbuidhin,
Ba bhinne me 's ba shultmhaire ná éan ar craoibh;
d'imthigh sin mar dhuille anois na gcraobh re gaoith,
Níl cuid agam do dhuine ar bith, ná ag éinne dhíom.



Is tubaisteach do chuma orm, a shaogail chuim,
Ó shnuimis sinnre huireasba gan aonrud gill;
Gach nduine acu léar ghile sinn dá ngéagaibh gaoil,
Ná tigid sin dár bhfiosradh dá n-éagaimís.



Ní misde sin, be mise agam féin arís,
Is ní fhicfhead sibh ná ficeann me 's ná taobhann sinn.
Tigid nithe is ionganta san tsaoghal gach laoi
Ná sibhse bheith mar mise agus mé mar bhíd.


L. 185


Dá luige cruth 'nar cuireadh sinn, cé léir a luighead,
Níor thuiteamair ná tiocfadh sinn le haontoil Chríost;
Is iomdha fear cumasach noch théid don chill,
Is fuirghimse féam uireasba dá n-éis ar moill.



Tá urra agam ná imirc is ná tréigeann sinn,
'S is cuma liom cé am choinnibh bheas ach é bheith linn;
Ursa chumainn churata gan géille puinn
Do rugasa, 's ní misde dham, mar sgéith dom dhíon.



Ar Mhuire dham an t-urra sin do léigean síor;
'S nár fhiceadsa, ach nách giorraide mo shaoghal a ghuidhe,
A osgardhacht ná a oirbheart ná a thréithe i gcill,
Go gcuiridh sin i bhfoirgneamh gach n-aon dá chloinn.



Gan Muiris liom, gur gile dham a ghné sa tslighe
Ná a bhfuilidsean, cé hiomdha mo ghaol sa tír, -
Cionnas sin, mar tuigthear dam a mhéin 's a ghnaoi,
'S gan oiread duibh na hiongan ionta claon mar bhíd.



Ar thubaistibh, ar thurainnibh, ar éag do bhidhg,
Ar mhunabar, ar mhiosgaisibh, ar bhréagaibh fill,
Ar choimircibh 'seadh chuirim thu na ndéithe shíor,
A fhir fhilleas dam an druimfhionn dubh ón bplé gan moill!