A Bhean na gCíoch gCorrsholus

B.Á.C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913 (16 - 17L)

T. F. O'Rahilly




A Bhean na gCíoch gCorrsholus



A bhean na gcíoch gcorrsholus,
noch do chonnarc ó chianaibh,
mo bheith ag coill th'óghachta
badh aoibhne liom 'ná iarlacht.



Mairg do nocht am' ghoiresi
th'ucht is do chíocha corra;
mó do threaghd mo chroidhesi
mar do fhéachamar ortha.



A Dhé, is beag dom dhonasa
i measg an tighe uile
féachain ar th'ucht solasa
ré ndul dom leabaidh luighe.



Níor chodlas uair d'aon-oidhche,
ó thárla mh'aire ar th'fhéachain,
gan osna nó éagcaoine
fád cheannsa, a dhreach dhéadla.



Mé d'fhéachain ar th'aol-uchtsa, -
truagh nár dalladh mé roimhe;
mór do ghearr dom shaoghalsa
féachain an ochta gilse.



Ní tug cú dá céad-chuaine,
ná lacha do linn uisge,
ná bean d'fhear aon-uaire
oiread mo ghrádha dhuitse.



Bím le hiomad t'ionmhuine
ag tuile bhróin dom báthadh;
mh'fhortacht, a chúl fionnbhuidhe,
ní thiocfa do shíol Ádhaimh.


L. 240


Mar bhím gan do radharc-sa
ní fhuilngim bheith at éagmhais;
bheith trian uaire at amharc-sa
ní fhéadaim, a shaor shéaghain.



Mo chroidhe do ro-ghortuigh
méad mo ghrádha dod dhreich gcoimhthe:
dóthain phrionnsa d'osnadhuigh
do-ghéabhthar uaim gach n-oidhche.



Bím ag iarraidh uaigneasa
mar fhortacht mór dom aigneadh;
do bheith ort ag smuaintiughadh
ní fhéadaim cách do chaidreamh.



Ní chreidim uaidh aon-luidhe,
gé madh eólach é ortsa,
damh dá ndearbhadh aon-duine
nách tú is áille san domhan.



Ní chreidfinn ó phríomhfháidhibh
go dtáinic do shíol Ádhaimh
aon-ainnir ba fíor-áille
ná thusa, a throigh bhán-tais.



Go ríomhthar na réaltana
nó drúcht ar féar faithche,
trian mo ghrádha éagmhaise
go brách ní fhéadfainn d'aithris.



'Snámh i n-aghaidh tréan-tuile,
nó is cur gaid um ghainimh,
cur rem leigheas d'aon-duine
ón toil don mhnaoi do radas.



Nách nár don mhnaoi shéaghuinse
bheith dom mhealladh gan adhbhar,
's nár mheallas féin aon-duine
do mhnáibh ná d'fhearaibh talmhan.


L. 241


Bean do bheith dom shír-mhealladh
damh ní hiongnadh dá aithle,
's gur mheall bean go fírinneach
Solamh fa hiúlmhar aigneadh.



Ovidius glic glantsolus,
cidh lán d'fhoghluim a aigneadh,
dearbhaimsi gan amharas
go dtáinic le mnaoi a mhealladh.



Rí an domhain go ndeaghthuairisg
do mheall bean é go hadhbhal,
Alexandar an-uaibhreach,
go dtáinic do mhnaoi a mhealladh.



Gráinne ghasda ghruadhsholus
do mheall sí Diarmuid déadla,
go ndeachaidh lé i nuamhphollaibh,
gur thuit le Fionn 'na héaraic.



Mac ríogh go réim n-urradhais,
Conall Gulban an ghaisgidh,
tug grádh d'Eithne Uchtsholais,
's dob aithreach leis a thabhairt.



d'éis Conall dá tarrachtain
rugadh uaidh í go hathlamh;
ro b'iomdha gleó gráineamhail
fuair Conall ina deaghaidh.



Gá dtáimíd dá ndeagh-áireamh,
ar mealladh le mnáibh domhain
do mhíleadhaibh mear-áille
do ghoimh an ghrádha folaimh?



Ní hiad adhbhair mh'éagnaighse, -
measa liom féin mo mhealladh
don inghin shaoir shéaghainse,
don ghrádh disi do radas.


L. 242


Mar táim d'éis a grádhaighthe,
uaidh muna fhaghar fortacht,
deimhin damh go háirighthe
go dtiocfa dhe mo dhochar.



Coll is nion go nua-ghloine,
is dá choll ar n a gceangal,
ruis is coll go cruadh-shnoighthe,
ainm na mná so dom mhealladh.



Gidh bé bhias re síor-thuigse,
atá an sloinneadh re leanmhain
mar ainm ar shruth fhíor-uisge
thiar isan Mumhain meadhraigh.



Bean do ní mo dhocharsa
ó nách lámhaim a guidhe,
mé d'fhortacht ón ro-thoilse
sirim ar Oighre Muire.



Dá mbeith ríoghan an ruisg mhoill
oirne ag amharas cumainn,
ciabh ghlansholus ar ghné an óir,
do b'é an t-amharas éagcóir.



A bhean na gcíoch gcorrsholus.