A West-Limerick Anthology, No.3

B.Á.C.: Sign of the Three Candles, 1937 (1824-25 19T)

Donncha Woulfe; eag. Tomás de Bháll




Donochadh Woulfe cct. aig Freagra an Aithir Uilliam Mac Gearailt,
mar aon ris na h-éigsibh ionmhuin' eile a ccondae chaomh áluinn
Luimne, do scríobhas air an nídh céudna etc.



I.
Mo chreach mo dhíth mo ghearghoin nách pearsa ghrinn don tréad mé
Fuair lachta chíodh na mbéithe is glé ghreanta cáil:
Is gasta gaoiseach gaosmhar is go blasda bríoghmhar braonmhar
Le barra pinn do léigfainnse dréacht uaim an dáil
An tsagairt teasdach treudach fuair clú agus searc na ccéadta
An Gearaltach ná géilfach do chraos choin an smáil
'S gan dearmad na héigsibh do bheachtaig ris an éifeacht
Ranna ruithneach réaltach air chréim Innis Fáil.



II.
An Innis Fáil ba thréitheach gach bile bláith caithréimeach
Do'n chine chraibhteach chraobhach do théarnaig ó'n Spáing
Satha tháir na méirleach do chleachtas áir is éirleach
Gur scaradar go saobhach, re saoir cóip na ngrás
Ó shoin anuas mo léanchreach! tá an aicme thruaill chíréipach
Ag imirt cluain, is daorchreach ar Ghaodalaibh mo chrádh!
Gan fearantas ná féile, gan caradas ná géile
Taise, truadh, ná tréine, aig aon acu re fághail.



III.
Ba fáilteach, fairsing, féastach, ann Áilghe ghlas na néigcheas
An tráith 'mbíodh fearruin, féile, is séadaibh aig Dáimh
An táin is fada traochta, gídh láidir lanach laochda
Sul ránga chúghain go h-Éirinn na méith phuic tar sáil
Níl foinn dá seola aig éigsibh, na ceolta caoin ar théadaibh
Níor dhíon dhóibh coillte craobhach ná sléibhtibh ó námhaid
Acht tagart as a néigion go caithightheach ré chéile
No chana síos go gléasta a ndréacht mar ba ghnáith.



IV.
Gnáith-chuman díbh ní thréigfiod, a Dháimh an ghrinn go néagfad
Gan sgáth, gan sgím, do léirigh na méirligh gan cháim
An trálach tím do chéas sinn, atá ar baois gan éirim
Mar asal fiaghain a béicaig, sa blaoidhrigh gach lá.
Trosga tráith ná tréaghnas, an chonairt thair ní chaomhnas
Beathaightheacht na naomhthacht, ná géile don Bháb
An Bhuime mhilis mhaordha, a friotal bhláith do léigios
A gcuideachtain na naomhaibh go saothrach n'ár bpáirt.



V.


L. 11


Páirt na h-Ógh air néaga, dob fhearr ad dhóith gan bhréaga
N'an solus seóil seo séide, dá ngéilid do ghnáith
An bhrealla-chóip 'tá 'straereacht a mbealach nuadh gan aoidhreacht
Gan Laidion aca, Gréigis ná Béarla air áird
Na seanmóntuighibh bréige gan aibíd fós ná éide
'Raide glóir díthcéile, ádhbhéileach re cách
Cosa gabhair is caorach, dá rúsga leo go tréitheach
Gan Fúiniméad, ná éirim, ná éifeacht na dtrácht.



VI.
Trácht a mádh, 'na mbéasa, cá bhfághach na stróinsíghe saobha
Atá faoi cheo na péiste, gíodh daor docht an dáil
Do dhíol a bhfoidhreacht naomhtha, air phuimp, 'sair mheidhir an tsaoghail
seo
Is do chleachtann Aoine an Chéusda stéig mhairt mar sháith.
Na bráthreacha ró-naomhtha, tug peanaid mhór dá gcréachtaibh
Is dob eaghlach na dhéig sin a saothar bheith tláith
Do meallag iad le chéile, go seachmallach san gcéil sin
Locht na feille bheasaibh má théid sin go hárd.



VII.
Árduig suas na Gaodhalaibh, a Righ na mbuadh 'tá 'neulaibh
An t-sinsir uasail, aosta, 'tá ceusta lag tláith
Sgaip an bhuairt 'sa spéirling, is fada 'gluaiseacht taobh linn
is galla chuain an éigin, ro claonsaig dúinn a dtráith
Na soillse nuadh so déalra, as maidhimiodóirighe an Bhéarla
Sháighiodan slóighte cléithbheartach, claonmhealla traíth
Múch gan spás a Dhé dhil, is dlúithig páirt na nGaodhalaibh
'Sa gcreideamh áluinn aosta, na tréig é go brách.



AN CÓIMHCHEANGAL.
Uí Dhómhnaill a leoghain gan ghanguid gan ghruaim
Do phórshliocht a bhFódhla ba ghradamach uair
Mo dhreóil ranna brónach is tarcuisneach truadh
Córaig is treóraig chum sagart na mbuadh.
Na lódhchruin do sheóil leis, is leatsa gan ghuais
Beo laoidhthe lónrachadh lasta glan uais
Mo chlódhsa nách fónta má rachan na gcluain
Na sgólaidís sgaluíghe bocht sgáthmhar ó Thuadhuin.