Smaointe ar Pháis ár Slánathóra

B.Á.C.: Brún agus Ó Nualláin (1834c)

Muiris Paodhar; eag. Risteárd Ó Foghludha




Smaointe ar Pháis ár Slánathóra
Risteárd Ó Foghludha, D. Litt. Celt.



Atá gach nídh críochnuighthe - Soíscéal Naomh Eóin, cab. xix. bhérsa
30.



Is le na focail dhéanacha so do chríochnuig ár Slánathóir, do cuireadh
chun báis ar an gCrois i gcuímhne an lae seo, an íodhbairt sin
lenar scriosadh amach peacaí an domhain. Dob é seo an osna dhéanach
dochualadar na mná naomhtha, dobhí ag seasamh go cathuightheach ag bun na
Croise, ó chroidhe Chríost. Dob é seo an teagasc déanach do ghlacadar
na haspoil ó bhéal a Máistir bheannuighthe. Is mar seo do scarann sé
lena bheatha agus do fhágann sé a dheisciobail, scannruighthe le cruadas
a pháise, brónach i dtaobh a bháis, agus lán de iongantas i dtaobh
brígh dhoimhinn na bhfocal ndorcha ndéanacha so: “Atá gach aon nídh
críochnuighthe.”



Agus cad ab fhéidir leótha do thuigsint asta san? Cad ab iad
na smaointe doilgheasach do éirig ina gcraitheacha scannruighthe le línn
na nóimeantaí eaglacha san? B'éidir gur thuigeadar ó an ghrian do
dhorchuig, ó an dtalamh dobhí ar baille-chrith, ó na huaghnaibh
do bhéic, ó na mairbh do éirig, ó chruithnidheacht Dé do buaireadh, gurbh
é brígh na bhfocal úd gur éagadar na huile neithe le Íosa Críost,
ná féadfadh an domhan maireachtain tar éis bhás a ughdair, ná
féadfaí an fhíll-bheart do himreadh air do chúiteamh ach le milleadh an
tsaoghail. Neartuigheann gach ar chualadar roimhis óna bhéal, ar
ghiorracht uatha lae an bhreitheamhnais, insna smaointe uathbhásach so
iad: creidid, b'éidir, go bhfuil deire le gach uile nídh.



Ach inár dtaobh-na, a Chríostaidhthe, atá 'fhios againn, an tan do
thiocfaidh an lá déanach, nách é crot an lae indiu a bheidh ar Mhac Dé;
nách ceanglaithe le téid, corónta le deilgin, geárrtha le sciúirsíbh,
'na bhrágha ag mallathóiríbh, tarnáltha le crois, go tinn-lag
briste brúighte, do theaspáinfidh sé é féin; ach go dtiocfaidh sé 'na
leómhan fheargach, timchealluighthe le glóire na síorraidheachta, na mílthe
milliún aingeal solasmhar ag friothálamh air, an cine daonna go léir ag
crith os a chomhair, agus neamh agus talamh ag teitheadh le neart
scannradh óna fhéachaint fheargach. - Díchealluighimís mar sin, ciall
na bhfocal ndorcha so do thuigsint, oir is ionnta atá fíllthe suas an teagasc
is tábhachtamhla agus sár-eólas na Croise Naomhtha.



Ar dtúis, adubhairt an Tighearna go minic tré bhéal na bhfáidh nár
thaithneadar íodhbartha reithí agus tarbh leis; go gcuirfeadh sé ar
gcúla iad; agus ná fuiliceóchadh sé ar éanchor leó mura
mbeadh gur réamh-chomharthaí iad ar íodhbairt a Mhic fhéin: do


L. 102


choisceadar ar feadh tamaill a cheart; amhthaig níor shásuigheadar í.
Ach cólíonann bás Chríost indiu pé easnamh dobhí ar na sean-íodhbartha
úd, agus níl níos sia éan éileamh ag ceart an Athar síorraidhe ar
an nduine, oir cúitigheann Críost lena bhás é. Díolann sé an
fheóirling dhéanach de na fiacha lena chuid Fola. - Hen é an chéad
chríochnú.



Insa tara háit, níor luigheadar íochtaráin an Tigheasaig a lámha
fós ach ar a sheirbhísigh; níor bhásuig an cine Iúdach ach na fáidhí,
na teachtairí beannuighthe do chuir Dia chúcha. Ní raibh tomhas a bpeacaí
líonta suas fós go bruach. Níorbhfuláir fuil Mhic Dé do dhortadh chun
go mbeadh malluightheacht an chine mhí-chumannaig úd iomlán. -
Hen é an tara críochnú.



Fé dheire, na fíoraein fé an seannreacht dothug glóire do Dhia
tré bhás do fhulang ar son na fírinne, níor ofráladar do Dhia ach
beatha lán de aindeise agus de dhoilgheas - ach beatha a bhí truaillighthe
le cathuighthe na gcéadfatha agus na colna - agus cuirp a bhí cheana
fé mhallacht an bháis. Ach Íosa Críost, ag tréigean an bheatha ba
shonaí is nárbhféidir do shalachadh ná do thruailliú le héan pheaca,
íodhbruigheann sé anam nárbhféidir do bhuaint as ach lena thoil féin;
agus, ag blaiseadh go toiltheannach an bás san n-a raibh sé saor uaidh
tré cháilidheacht a nádúr fhéin, do theaspáin sé dá Athair shíorraidhe
grádh ní ba mhó 'ná do fhéadfaidís fíoraein an domhain do
theaspáint do. - Hed é an trímhadh críochnú.



Is é sin le rádh go bhfuilid, i mbás Chríost, trí chólíonadh, nó
trí chríochnú, do fhoillsigheann dúinn mistéir na mór-íodhbartha san
ar a gcuimhnigheann agus do onórann an Eaglais indiu: críochnú
cirte, do thaobh an Athar síorraidhe; críochnú mailíse, do thaobh
ndaoine; agus críochnú grádha do thaobh Íosa Críost. - Ortha so is
mian liom labhairt libh; oir atá ionnta cúnntas ar an bpeannaid
tarcuisneach agus ar an mbás náireach do fhulaig an Dia-dhuine sin
mac Dé Íosa Críost ar ár son-na i gcuímhne an lae bheannuighthe seo.
Do-gheóbham ionnta teagasc tábhachtach, agus fírinní ná blaiseann
an saoghal claon, oir ní aithnigheann an saoghal Íosa Críost, agus
dochífeam gurab í an Chrois daoradh an pheacaig agus gurab í
críochnú a mhailís í.



Iarraim ortsa, a Ughdar na beatha do cuireadh chun báis i gcuímhne
an lae seo, eagna agus neart do thabhairt dam chun labhairt mar is
cóir ar do Pháis-se leis an bpobal so do cheannuighis le do chuid Fola
beannuighthe.



AN CHÉAD RANN



Ní bheadh Dia eagnach, ná naomhtha, ná ceart, ná fós trócaireach
- adeir Naomh Auguistín - dá raghadh an peacach gan díoghalthas do
bhaint as. Iarrann a ghlóire air, an tarcuisne dothug an peacach
do tréna easumhlaidheacht, do agairt air. Iarrann a eagna air, an
t-órdú do chuir an peacach buinoscionn, do athbhunú arís. Iarrann
a thrócaire air cosc do chuir le na cionta do ughdarásuig an peacach


L. 103


lena dhroch-shampla. Iarrann a naomhthacht air gan caidreamh ar bith a
bheith aige le créatúir sailighthe, agus méid a thubuiste do chuir in úil do
tré é féin do tharaint uaidh. In aon fhocal, ceanglaid cáilidheachta Dé
air, díoghalthas do bhuaint as an uile pheaca. Ach ó is le ceart Dé ar
leithlig do bhuaineann pionós an pheacaig, agus an uair ná faghann sí insa
pheacach éan nídh do chúiteóchadh agus do dhíolfadh í, an uair nach fiú é
go n-imreóchadh sí a dhíoghalthas air - oir, siúd is go bhféadann an duine
Dia do tharcuisniú, níl sé ábaltha ar Dhia do shásamh insa tarcuisne sin;
oir cionnas is féidir an duine do chomórtasú ar éanchor le Dia? -
níorbhfuláir mar sin neach éigin eile do chuir in áit an duine do sháiseóchadh
Dia go hiomlán ar a shon agus do-gheóbhadh ó Dhia párdún don duine. Ní
raibh an neach san le fagháil ar an dtalamh. Dobhí an duine, mar sin,
caillthe gan leigheas, nó gur oscluigheadar na flaithis agus gur thúirlic ar
an dtalamh so an t-Éinne amháin do fhéadfadh Dia do cheannsú, do fhéadfadh é
shásamh, é dhíol, agus níos mó 'ghlóire do thabhairt tréna umhlaidheacht do
'ná ar thug an duine 'tharcuisne dho tré pheacú; Neach do chuirfeadh é
féin idir sinne agus caor na feirge dobhí dírighthe inár gcoinnibh, do
ionntóchadh uainne í agus do thairiceóchadh air fhéin í. Dorinn Mac Dé é
seo go léir, tré é féin do íodhbairt dá Athair shíorraidhe i gcuímhne an lae
seo ar ár son-na.



Chun méid a eagna agus a thrócaire ar an ócáid seo do thuisgint
níos soiléire, tugaid fé ndeara go bhfuilid trí shórd mí-riaghalthacht
insa pheaca: mí-riaghalthacht insa tuisgint tré an mbreith fhallsa do
thugann sí ar an ngníomh coiscithe; mí-riaghalthacht insa toil, do
dhiúlthuigheann géilleadh do Dhia; agus mí-riaghalthacht insna
céadfatha, do thréigeann a n-úsáid dlisteanach is do mháistirigheann
an réasún daonna in ionad a chomhairle do leanamhaint.



Anois, ceartuigheann ár Slánathóir, tréa Pháis indiu, gach
mí-riaghalthacht acaso. Fulaigeann sé doilgheas ina thuisgint, tré
an radharc eaglach do fhaghann sé ar pheacaí an chine daonna go léir
ceanglaithe suas in aon bheart amháin. Umhluigheann sé 'anam tré í
chlúdach le náire ár gcortha déistineach-na; agus laguigheann sé
a cholainn agus a chéadfatha go bás féin, tré ualach ár gcionta-na
do ghlacadh air féin - Deimhneóchaidh cúnntas ar a pheannaid fírinne
an nídh adeirim; agus tré ghrádh do Íosa Críost foidhnighidh liom
an fhaid is do thráchtfad ar chéasadh an Té úd do fhulaig bás de dhruim
ghrádha dhíbh-se.



Ar theacht na huaire sin 'na raibh Íosa Críost, leis an dtalamh
so do fhágaint, agus dul ag triall ar a Athair síorraidhe tré gheataí
an bháis, dothug sé an comhartha déanach ar a mhór-ghrádh dá aspoil
tré a n-anamnacha do bheathú le Fuil agus le Feóil an Uain ghil gan
spota do scriosann amach peacaí an domhain. Do shólásuig sé iad
i gcoinne doilgheas a Pháise tré a n-anamnacha do neartú le harán
na beatha síorraidhe. Do theagascuig sé, do chomhairlig sé iad. Do
oscail sé a chroidhe agus 'aigne dhóibh le na focail ba carthanachtamhla,
ba compórdamhla. Téigheann sé annsan amach leó go Gáirdín na


L. 104


n-Olives chun go labharfadh sé an uair dhéanach lena Athair i dtaobh
fhuascladh an chine daonna. Ó bhíodar a dheisciobail fós lag, níor mhaith
leis go mbeidís 'na bhfiadhnithe ar a Pháis. Scarann sé leó, is síneann é
féin ar a bhéal agus ar a aghaidh anuas ar an dtalamh; agus annsan
glacann, ó láimh a Athar, deoch shearbh a Pháise.



Ó 'Athair naomhtha - adeir sé leis - dotháinig fé dheire lá do
ghlóire-se agus uair mo náire-se. Níorbhfiú leat íodhbartha an dlighe
do ghlacadh. Do chumais colainn damh-sa atá ábhaltha ar do cheart
do shásamh tré an bpeannaid do fhuiliceóchaidh sí. Níor thánag ar an
dtalamh so ach a dfhonn do thoil-se do dhéanamh, agus do shanntuig mo
chroidhe i gcomhnaidhe breith an bháis dothug tusa orm do chólíonadh.



Ní túisce do thoilig ár dTighearna mar sin a chuid Fola do dhortadh
ar ár son-na 'ná gur fhéach ceart Dé air mar pheacach, mar dhuine as
a bhféadfadh sí lán-díoghalthas do bhaint i dtaobh peacaí an domhain
go léir. Níor meas Dia feasta gurbh é a Mhac grádhach é, ach gur
neach é do ghabhann air fhéin ualach 'fheirge do iomchar, do íodhbruigheann
é féin do aon toisce chun go sásóchadh Dia a aigne air. Hen é an
nóimeant 'nar thuit caor na feirge ar anam bheannuighthe Chríost
agus 'nar loisc sí í. Hen é an tráth 'nar threascair agus 'nar
bhasuig - mar adéarfainn - ceart Dé anam an tSlánathóra le pianta
míle uair níos géire agus níos fíochmhaire ná bhásuigheadar na Iúdaig
a cholainn; oir insa Gháirdín do luig Dia feargach lámh air, ach ar
Chnoc Calbharí do ba ar láimh dhaoine mailíseach do thuit sé.



Ar dtúis, do dhoilgheasuig ceart Dé anam an tSlánathóra tré
chuirpeacht an pheaca do chuir go beómhar i dtuisgint do. Is é do
luighduigheann ár ngráin-ne ar an bpeaca de bhrígh ná faicimíd leath
ná trian a mhailís; oir, ár n-anam-na dúnta suas i bpríosún
chumhang na colna, múchta insna céadfatha, ní mhothuigheann sí ach,
mar adéarfainn, neithe corpora; ní fhaiceann sí gráineamhlacht
an pheaca do mharbhuigheann an t-anam agus do scarann sinn go brách
le Dia. Scannruighthar sinn le méid agus le síorraidheacht na
bpianta atá ullamh 'na chomhair; ach ní thuigimíd urchóideacht ná
truaillightheacht na gclaon-chor do thuilleann na pianta san dúinn.
Measaimíd go sáruigheann an pionós an choir, agus go bhfuil Dia ró-chruadh
tré choir nóimeanta do agairt orainn le pionós ná críochnóchaidh
go deó. Mar seo féachtar ar an bpeaca do scriosann
séala na beatha amach as ár n-anam, do dhíscigheann aisti comhartha
agus marc Dé féin, agus do-níonn sinn inár namhaid aige-sean.
Measaimíd, adeirim, nach éan nídh eile é acht locht nádúrtha, deasca
eólais, nó claon beag do leathscéalfar go huiriste; agus ó nách
aithnid dúinn an fhírinne shíorraidhe do tarcuisnighthar tré an bpeaca,
ná ceart Dé atá armáltha 'na choinnibh, ná an charthanacht do mhúchann
sé, ná an naomhthacht do thruailligheann sé, ná an sonas do caillthear
tríd, ná méid na haindeise do thairigeann sé orainn, ní bhíonn eagla
againn roimhis de bhrígh nách aithnid dúinn é. Amhthaig, anam
bheannuighthe an tSlánathóra a bhí lán de dhúthracht, de fhírinne, agus


L. 105


de sholas, dochonnairc sí go glan gráineamhlacht an pheaca - an
mhí-riaghalthacht, an éigceart, an spota dubh damanta doscriosta
do fhágann sé san anam; dochonnairc sí deasca doilgheasach an
pheaca - an bás, an mhallacht shíorraidhe, an t-ainbhfios doimhinn, an
t-uabhar, an truaillightheacht, agus gach uile olc do fhásann as an
bpréamh urchóideach san. Dofuair anam Chríost radharc i n-éinfheacht an
tráth san ar an uile aimsir, ó thosach an domhain go lá an bhreitheamhnais.
Dochonnairc sí síor-mhalluightheacht ar an dtalamh; na creidimh is
déistinighe bunuighthe ar meas ndaoine; eólas ar Dhia scriosta amach
as a gcraitheacha; na cortha is sailighthe onórtha; althóirí agus teampaill
déanta do dhrúis, do mheisce, agus do adhalltharnas; na daoine is eagnaighe
ag géilleadh do mhí-chráibhe agus do mhí-dhiadhacht. Do-chíonn sí an
Eaglais stractha le lucht siosma agus eiricidis; na halthóirí dá dtruailliú;
na cealla dá réabadh; na mainistrí dá mbriseadh; na sácraimintí dá
dtarcuisniú; an creideamh múchta; agus béasa cuirpeach na bpágánach dá
dtaithighe ag Críostaidhthe.



Ar measc na malluightheachta so go léir, dofuair Críost radharc
glan ar do dhroch-bheatha-sa, a pheacaig, ó an gcéad nóimeant do
shailighis do anam go dtí an tráth so ina bhfuilean tu ag éisteacht
liom-sa. Dochonnairc sí an béas náireach san atá ad leanamhaint
ins gach tráth de aos. Dochonnairc sí do chroidhe dá chruadhadh
féin i gcoinnibh grása Dé; tu ag diúltú dá shoillsibh sin; tu ag cur i
gcomhnaidhe in aghaidh an Spioraid Naoimh; do shláinte, do neart, do chiall,
gach tabharthas do bhronn Dia ort - tu dá n-ionntáil sin go léir i
gcoinnibh do Chrunathóra agus chun do aímhleasa fhéin.
Dochonnairc sí do anam, b'éidir, mar atá sí anois, ag comhracú
léithi féin, ar aigne slabhra a peaca do bhriseadh ach dá tharaint fós
ina diaidh; cortha den chuirpeacht, ach ná faghann sí innti féin í
thréigean; searbh den saoghal, ach fós dá ghrádhchaint; mí-shásta
fé ualach a claon-chortha, ach ná faghann sí innti féin an t-ualach
tubuisteach san do chaitheamh di; agus - cad déarfad? - an
t-anam san atá anois ar íntinn a beatha do leasú, is n-arb é an
toradh do bhainfidh sí as an dteagasc so breisiú i malluightheacht,
agus a cuirpeacht do choróiniú le droch-chomaoine ceann éigin de na
laethibh seo!



Ní raibh éan díoghalthas dubh, ó dhortadh fola Abel le láimh a
dhearbhráthar; éan bheart drúiseamhail, ó chiontú clainne Dé le
hingheanacha na ndaoine, as n-ar fhásadar na hathaig gan bhéasa; éan
mhalluightheacht damanta, ó rinneadar sliocht Chain cholgaig déithe
bréagacha de iarann agus de phrás; éan naomh-aithis, ó thógadar
clainn Noa cathair agus túr i gcoinnibh flaitheamhnais; éan tarcuisniú
athar ná máthar, ó tharcuisnig Cam a athair ina mheisce
fáth-rúnda: in aon fhocal amháin, níor dearnadh go dtí san,, agus ní
déanfar go brách, éan choir pheacamhail ná go bhfuair Críost an tráth
san radharc uirthi, ná gur thuit sí anuas i n-éinfheacht ar a anam


L. 106


beannuighthe. Dob é an t-ualach trom so, peacaí an chine daonna go léir, do
threascair chun talmhan é. Ba truime ar 'anam iad 'ná dá mbeadh an domhan
go léir anuas ar a cholainn; oir glacann sé áthas, adeir an scrioptúir, ag
iomchar na cruithnidheachta, amhthaig gearánann sé go géar, tré bhéal na
bhfáidhí, gur thromuigheadar mallathóirí ualach a bpeacaí chomh mór san
anuas air nárbhféidir leis iad do iomchar níos sia.



Luighduigheann an easpa dhíograis atá orainne an ghráin ba cheart
do bheith againn don pheaca. Ní ghoilleann tarcuisniú Dé orainn tré
luighead ár ngrádha do Dhia; oir is é an grádh tomhas an doilgheasa.
Ní fhéachaimíd ach chun ár sonais agus chun ár sochair féin, mar ní
ghrádhaimíd ach sinn féin; níl suím ná caitheamh againn i ndiaidh
onóra ná glóire Dé. Bímíd sásta má bhíd an mhuíntir atá fén-ár
smacht dílis dúinn; má nídh ár ngnó, má thugaid aire do ár
gcúram, má chólíonaid ár n-órduighthe, is leór dúinn san, ní ghearánaimíd
ortha. Ach bídís gan bhéasa gan chráibhe, gan bheann ar chreideamh,
gan eagla roimh Dhia - ní ghoilleann san ar éanchor orainn.
Ach anam bheannuighthe an tSlánathóra, nár loirg éan nídh eile ach
glóire a Athar, agus do ghráidh é le grádh gan teórain, mothuigheann
sí go beómhar an tarcuisne dotugadh dá mhódhmharacht shíorraidhe.
Doilgheas Dábhí i dtaobh peacaí an domhain; díogras Elias i dtaobh
scannail agus íodhal-adhradh an phobail Eabhraig; cathú agus deóra
an fháidh Ieremias i dtaobh dí-chreidimh na n-Iúdach - ba neamh-nídh iad
seochas cathú anama Chríost an fhaicsint di peacaí an chine daonna.
Do réir méid a ghrádha is eadh dobhí a pheannaid, is ó bhí a ghrádh
gan teórain ní raibh teóra lena dhoilgheas.



Do ba mhaith linne go minic 'fhios a bheith againn an mbainimíd go
fírinneach le Dia, an mairimíd ina ghrádh agus ina ghrása. Atá 'fhios
agam ná fuil 'fhios ag éinne na naoidhe grádha nó fuatha é féin;
ach má's féidir fios den tsórd san do fhagháil insa bheatha so, do-gheóbhfar
é tré sinn féin do cheistiú an ngoillid na scannail do-chímíd
go laethamhail orainn: an líonaid comhrádhtha díchéilleach na
bpeacach, béasa cuirpeach na saoghalthánach, aindeisí na hEaglaise,
truailliú na dteampall, agus anriantacht na coitchiantacht ár gcroidhe le
doilgheas. Amhthaig, má fhéachaimíd le súil chiúin ar sheachrán ár
ndearbhráithreacha, má chuireann a gcuirpeacht áthas orainn, ní
ghrádhaimíd Dia; oir ní grádh ach sórd fuatha atá ag lonnú sa
chroidhe sin ná lasann le díogras an tan a tarcuisnightar Dia.



Cúis eile fós do luighduigheann gráin ár n-anama ar an bpeaca
is eadh uireaspa naomhthacht. Ó thosach ár n-aois, ó thúis ár saoghail,
bímíd i gcoidreamh an pheaca. Téighimíd ina thaithighe. Ní bhíonn
scáth ná eagla againn roimhis. Ní shaoilimíd gur gránna é ar éanchor
de bhrígh gur cosmhail linn féin é. Ach anam bheanuighthe an tSlánathóra,
ba ghloine agus ba ghile míle uair 'ná an solas, ó ná raibh gaol, comhgas,
coidreamh ná taithighe aici leis an bpeaca, ní fhéadfadh sí radharc ní
ba scannramhla léithi do fhaicsint 'ná é. Dochuaidh sí in éag nách


L. 107


mór le náire an tan dochonnairc sí í féin clúduighthe le bearta
déistineach dorcha na n-uile pheacach. Is annsan dotháinig an anbhfainne,
an tuirse, agus an doilgheas básmhar air. Saigheada nímhe tréna shúile
dob eadh radharc na bpeacaí seo. Dob áil leis 'amharc do ionntáil uatha,
ach o choinnigheadh cruaidh-cheart an Athar i gcomhnaidhe os a chomhair
iad. Do-chíodh sé, insa tsolas ba gloine, a n-uathbhásaigheacht go léir,
agus gan amhras do thuitfeadh sé marbh ar an spota mura mbeadh gur choinnibh
'Athair síorraidhe ina bheathaidh é chun breis pheannaide do fhulang.



Ó, thusa atá ag eisteacht liom, do-chíonn tú anam bheannuighthe do
Thighearna ag éagadh nách mór le neart doilgheas, náire, agus
scannradh, an tráth dochonnairc sí gráineamhlacht an pheaca i solas
Dé. Doilgheas cosmhail léithi seo nách fuláir duit-se do thabhairt
leat an tráth do thriallfair, lá éigin aca so, ar chathaoir na faoistine
chun go shíothcháin do dhéanamh le Dia.



Is é Íosa Críost do eisiompláir fírinneach. Ach tar éise sin,
is le súile tíorma, is le croidhe chiúin, isle héadan ná lasann le
náire i dtaobh na droch-bhearta dorinnis, ach le ceist i dtaobh a
bhfaoistiniú, is eadh do thriallann tusa, a Chriostaidhe, chun tu féin
do ghearán id pheacaí, agus is seasc go leór an cúnntas dothugann
tu uait ionnta.



Is ar éigin ar éanchor do bhogfam do chroidhe cruaidh. is id
aindeóin do dhúiseócham tu as do mharbhshuan. Agus le dochar mór do-gheóbhann
aon drithle doilgheasa as do anam. Caithfeam labhairt agus
ath-labhairt leat; ímpidhe ort; an cúrsa agus an slighe úd do
thriall leat; tu chomhairliú; tu ghlacadh go bog, ag féachaint an
dtiocfadh linn tu mhealladh chun na haithrighe. Agus má chuirimíd chun
do shúile do oscailt ar staid aindeiseach do choínsiais, má chomhairlighimíd
duit an súil do scannalann tu do stracadh asat, an
ócáid pheaca do mhilleann tu do sheachaint, cuirfir inár n-aghaidh;
gearánfair go bhfuilimíd ró-dhian ort; go mbuairimíd gan chúis
do choínsias agus go gcaithimíd in éadóchas tu.



Ó a Dhia, an mar seo do shásuighid peacaig tu? An iad so
arraingeacha naomhtha na haithrighe? Agus an tráth do oibrigheann
do ghrása ar anam atá corruighthe leis an ndoilgheas dothéigheann
roimh an aithrighe, nách é gnó aingeal na hEaglaise, teachtairí na
síothchána, compórd do chuir ar an bpeacach, é shólású, é mhisniú,
a dheóra do thíormú agus méid a dhoilgheas do luighdú; agus in
ionad é dhúiseacht as a leisce agus a uabhar do ísliú, searbhas
a chathuighthe do mhilsiú agus ualach a náire do éadtromú?



Dob é seo an trágh-chéim i bPáis Chríost, an náire lenar chlúduig
a Athair é, an ísliú dothug sé air, chun go bhfuigheadh sé sásamh
insa tarcuisne dotugadh do tré uabhar na bpeacach. Oir ar dtúis
íslighthar Íosa Críost i meas a dheisciobal, dobhí ina bhfiadhnithe ar
a dhoilgheas agus ar a anbhfainne. Cailleann 'anam bheannuighthe a
misneach os a gcomhair tré radharc an bháis. É sin do mhisnigh go
minic a dheisciobail chun fulang, contrálann sé, nách mór, a fhocail
lena ghníomhartha. Is éigean do a eagla agus a dhoilgeas do admhú


L. 108


go poiblidhe. Ímpidheann sé ortha cabhrú leis. Iarrann sé ortha gan é
thréigean insa chruadh-chás ina bhfuil sé. “Sustinete,” adeir sé,
“hic, et vigilate mecum”: “Foidhnighidh liom annso, agus fairidh im
fhochair.” - Arbhféidir do Pheadar Críost Mac Dé do aithint insa
reacht san? Ná casann sé thar n-ais an t-admhú glórmhar dorinn
sé ar a dhiadhacht, agus ná tosnuigheann sé cheana féin ar a Mháistir
beannuighthe do shéanadh?



Do ba seo mar do náruigheadh Críost inár dtaobh-na. Ní raibh
sé sásta ualach ár bpeacaí do thógaint air féin; glacann sé fós
náire ár ndroch-ghníomhartha. - Agus sinne, an tráth donímíd-ne
ár n-aithrighe, lorgaimíd meas, moladh, agus onóir ina thaobh ó dhaoine!



Insa tara háit do ísligheadh Críost chomh mór san gurbh éigean
do congnamh do fhagháil ó aingeal. Dobhí sé chomh lag san, do ghoíll
eagla an bháis chomh mór san air - nó, chun labhairt níos cruinne, do
luig a Athair a láimh chomh trom san air - nárbhfuláir do aingeal
teacht anuas as na flaithis chun é chompórdú, chun é mhisniú, chun é
shólású, agus chun é neartú. “Apparuit illi angelus de coelo
confortans eum”: “Agus dotháinig aingeal ó na flaithis ag tabhairt
compóird do.” - A aingil ó fhlaitheas, níorbh é sin riamh roimhis do
oific. An tráth thigtheá i ngar do, do ba chun umhlú dho agus chun é
do adhradh. Ach indiu, atá an Té sin do chothuigheann suas na huile
neithe lena fhocal, níos luighe 'ná thusa. Atá sé idir do lámha-sa,
faon-lag, ar baille-chrith, ag fagháil bháis nách mór, agus ag brath
ar do chongnamh-sa.



Ní loirgeann Críost sólás ar a dheisciobail, agus ní dhiulthuigheann
sé sólás do ghlacadh ón aingeal, chun go dtuigfimís nách ceart dúinn
sólás ár ndobróin do lorg ar dhaoine, ar shaoghaltánaig, do leigeann
ortha fhéin go ngoilleann ár n-aindeise ortha; ach é lorg, é do iarraidh,
ar mhinistéirí an Tighearna, ar aingil na hEaglaise, do chuirfidh
aigne agus íntinn agus órduighthe Dé in úil dúinn. Oir ní maith le
Dia go loirgeóchaimís leigheas ár ndobróin ach insna neithe ina bhfuil
sé go fírinneach le fagháil, is é sin, i gcráibhe agus i gcreideamh.
Oir má's ar dhaoine do bhrathfaimíd, má's ionta do chuirfimíd ár
muinighin, meallfar sinn. Bíonn Dia éadmhar linn, agus caillimíd
an teideal a bhí againn compórd do fhagháil uaidh fhéin tré shólas do
lorg ó dhaoine.



Fé dheire, do hísligheadh Críost tré chodladh is tré theitheadh a
dheisciobal uaidh. Do-chídh an Máistir maith ag iomrascáil leis an
mbás: is cuma leó cad do imtheóchaidh air. Codlaid go meathta
agus go táir. Is éigean do a spadántacht do chasadh leó: “An é”,
adeir sé leó, “ná féadfadh sibh faire ar feadh aon uair amháin im
fhochair?” Fulaigeann sé in' aonar. Níl éinne do chabhróchadh leis.
Is gearánach a bhímíd-ne ar mhí-chumann ár gcaraid an tráth ná bídh
chomh cúramach inár dtimcheall is is dóigh linn ba ceart dóibh.
Foghlamuighimís ó Íosa Críost gan súil a bheith againn le nídh eile ó dhaoine
ach le mí-chumann. An tráth donímíd-ne maith do chách eile, an tráth


L. 109


do ghrádhaimíd iad, a bhíonn cion againn ortha, gluaisigheann an
cion agus an grádh san go minic, ní ó charadas ach ó bhaois, ó mhear-aigne,
nó ó rún thruaillighthe éigin eile. Ach ó ba le neart 'fhíor-ghrádha
ortha do thoghuig Críost a dheisciobail, dá brígh sin goilleann
a mí-chumann air do réir méid a cheana ortha.



Ag seo mar do hísligheadh Íosa Críost ina Pháis. Ach níorbhfuláir
do fós sásamh do thabhairt do Dhia i dtaobh an taithnimh mhí-riaghaltha
dothugaimíd don pheaca. Dá bhrígh sin do líonadh a anam le dobrón
an tan dochonnairc sé an pheannaid a bhí ullamh ina chomhair. Goilleann
go minic radharc na peannaide atá 'fhios againn a bheith 'nár gcomhair
níos mó orainn ná an pheannaid féin. An té n-a mbíonn a chos le
gearradh dhe, scannruighthar é níos mó le na sceana agus na húirlisí
eile do fhaicsint 'ná an tan dothéighean an t-iarann trén-a chnámh.
Ach cuireann ceart Dé gach nídh ar leithlig os coinne Chríost: an
oidhche a bhí le caitheamh aige i gcuideachta mallathóirí gan bhéasa; na
seilí salacha a bhí le caitheamh ar a éadan chaoin; na dóirní tíorma
teódha dobhí le bualadh ar a leaca áluinn; an sciúrsáil ag an bpillóir;
an fhonóid; an chrois - goillid go léir ar 'anam sul do fhulaig a cholainn
iad.



Ina Pháis tagaid a phionóis i ndia' chéile: ní sciúrsálfar, ní
corónfar le deilgin, ní céasfar é in éinfheacht. Ach tagaid uile
anois le chéile air. Briseann fairge doilgheasa agus dobróin in éinfheacht
isteach ar 'anam.



Ar chnoc Calbhairí, glacann an chruithnidheacht go léir a pháirt:
clúduigheann an ghrian í féin le brat bróin; critheann an talamh
tré uathbhás an fhíll-bhirt do himreadh air; scoilthid na carraigreacha
le neart cathuighthe i dtaobh a pheannaid; béicid na huaghna le brón
i dtaobh a bháis; admhuighid a namhaid fhéin gurab é Mac Dé é.
Amhthaig, insa Gháirdín, fulaigeann sé i ndorchas agus in uaigneas.
Tréigid a aspoil fhéin é agus teithid uaidh.



Is mar seo ní fhéadfadh an t-anam beannuighthe seo an t-ualach
trom dobhí uirthi do iomchar níos sia; agus ní fhuasclóchadh cruaidh-
cheart Dé í ó an ualach san. Dobhí sí doilgheasmhar go bás, is
níorbhféidir di éagadh; gan í ábaltha ar a peannaid do iomchar ná do
chríochnú; an bás ag oibriú uirthi agus í fós ina beathaidh. Dob é
an toradh searbh do lean as na haindeisí seo go léir, an talamh do
fhliuchadh le trom-allas fola do bhris amach ar a cholainn go léir.
“Et factus est sudor ejus sicut guttae sanguinis decurrentis in
terram”: “Agus dobhí 'allas mar fhearthain fola ag tuitim anuas
ar an dtalamh.” - A Dhia uile-chomhachtaig, nár leór duit Fuil
bheannuighthe do Mhic do dhortadh le láimh a namhaid gan tu féin
dá dortadh?



Ag so, a Chríostaidhthe, mar do shásuigheann Dia a fhearg ar a Mhac
fhéin i dtaobh ár gcionta-na. Cad é an ceangal atá orainne, mar sin,
sásamh cruaidh na haithrighe do thabhairt uainn, agus cúiteamh do
dhéanamh feasta arís le Dia i dtaobh truaillightheacht ár ndroch-bhéasa!
Tréigimís as so suas iad. Oir, an Dia sin do fhulaig an oiread san ar ár
son-na i gcuímhne an lae seo, ní chun go mairfimís i bpeaca


L. 110


dofuair sé bás, ach chun go bhfuighimís-ne bás don pheaca agus go
mairfimís ina ghrása san.



Ná caillimís-ne toradh a Pháise ar ár son. Do fhulaig Críost
gach nídh inár dtaobh-na. Is ó luacht a pheannaid sin is eadh atá toradh
ar á bpeannaid-ne. Agus is tré an bhfuil do shil sé sin do
theaspáineann Dia trócaire dhúinn. Amhthaig, is ar choingheall go
bhfuiliceócham-na féin pionós na haithrighe is eadh dothabharfaidh Dia
páirt dúinn insa tairbhe do faghthar as pheannaid Íosa Críost.



AN TARA RANN



Do-chíom i mBás Chríost dhá chríochnú ar mhailís daonna: ar
dtúis, insa mhéid go ndeaghaidh sí chomh fada is dob fhéidir léithi dul,
oir líonaid na Iúdaig indiu suas go bruach tomhas pheacaí a sínnseara
leis an gcoir is damanta le fagháil; insa tara háit, críochnuighthar
í de bhrígh go bhfaghthar sásamh innti agus leigheas uirthi. Dob é an
críochnú dúbaltha so do fhaisnéis an t-aingeal don fháidh Domhnall,
ag tarngair bháis Chríost do. “Críochnófar,” ar sé, “an chuirpeacht
tré mhailís na muíntire do bhásóchaidh é: cuirfar deire le peaca
agus scriosfar amach malluightheacht.”



Níl éan nídh iongantach insa teagasc so, ó deimhnigheann an t-aspol
dúinn gur dhaor agus gur dhamnuig Íosa Críost an peaca tré pheaca,
agus gur tharraig sé an trócaire is mó don chine daonna as an mbeart
ba measa dá ndearnadar daoine riamh. Oir adeirim go ndeaghaidh
mailís daonna indiu chomh fada is dob fhéidir léithi dul; agus san,
má fhéachann tu ar fheall na n-aspol do thréig Críost; ar
dhí-chreideamh na n-árd-shagart dothug breitheamhnas air; ar
mhí-chum an phobail do loirg é bhású; ar mheathtacht Phíláid do
dhaor é; agus fé dheire, ar fhíochmhaireacht na muíntire do chéas é.



Is ar éigin do chuir Críost ár dTighearna an t-allas fola dhe,
ní maith dotháinig sé thar n-ais uatha, is ar éigin do éirig sé go
fann-lag ó an dtalamh, an uair - adeir an soíscéalaidhe - “dotháinig
Iúdas, aon den dá aspol déag, is buidhean mhór saighdiúirí, armáltha
le claidhte agus le bataí,” le hórdú ó phrionnsaí na sagart brágha
do dhéanamh de.



Cé chreidfeadh, a Chríostaidhthe, an fear úd do thoghuig Críost
féin chun a bheith 'na aspol aige, chun a bheith 'na charaid agus
'na chompánach aige, an fear úd n-a raibh a chogar agus a chomhairle
leis, dobhí 'na fhiadhné ar a mhíorbhúilí, agus dobhí páirteach,
cúpla uair a' chluig roimhis sin, ina chuid Fola agus Feóla beannuighthe -
cé chreidfeadh, adeirim, go mbeadh an fear san chomh feallthamhail, chomh
malluighthe, chomh dubh-chroidheach san, agus teacht mar cheann feadhma
ar mhurdraeirí chun beartha ar a Mháistir beannuighthe agus é do
thabhairt suas chun báis! Cad é an tocht cathuighthe do chroidhe an
tSlánathóra, an tan dochonnairc sé gurbh é fear a bhraithte a charaid
fhéin, an t-aspol san a bhí ceaptha chun a chreideamh do chuir in úil don
domhan, chun daoine do tharaint chun é adhradh, agus chun a chuid fola do
dhortadh tré ghrádh dho!


L. 111


Á, a Chríostaidhthe, an tráth do cheangluigheann duine é féin i ngrádh le
Críost mar dorinn an t-aspol so - an té do soillsighthar le solas an
chreidimh, agus annsan do scarann le Críost, níl teóra lena chuirpeacht,
bíonn sé ullamh i gcóir gach aon droch-bheart. Má nímíd díomhaoin an grása
dofuaramair ó Dhia, dá aoirde ár gcéim insa tsubháilce is eadh is doimhne,
is eadh is tubuistighe, ár dtuitim; is níl éinne níos measa 'ná an té, tar
éis siubhail ar feadh tamaill i slighe na fírinne, do chasann arís ar an
mbréig agus do fhógrann cogadh ar Íosa Críost mar dorinn an duine seo.



Breithníg chomh fada is dobheireann an fear so a fheall. Ní
thagann sé go hoscailthe agus go fearamhail chun breith ar a Mháistir.
Clúduigheann sé a rún dorcha fé shamhlachas an charadais is ceanamhla.
Tugann sé póg do Íosa Críost - póg, adeir Naomh Leo, do ghoin míle
uair níos géire croidhe an tSlánathóra 'ná rinn an píce do sháidh lámh
an tsaighdiúra tréna thaobh agus tréna chroidhe agus é ag crochadh ar
chnoc Calbhairí. Ionntuigheann se comhartha na síothchána is cneasta
i gcomhartha an fhíll is measa. Druideann sé a bhéal plághamhail, a
bhéal ar a bhfuil nimh an bháis, an pus meabhlach úd adubhairt an
nóimeant roimhis sin le na sagairt: Cad a thabharfaidh sibh damh-sa agus
brathfad daoibh é? - druideann sé é sin le balsam-ghob chraidhreac mhilis
bheannuighthe an Tighearna, do fhéadfadh é shéideadh, le haon phuith
amháin dá anáil, síos go hifreann!



Ach in áit breith a dhamanta, ní chloiseann fear an fhíll ó an mbéal
san ach focail na trócaire. “A charaid,” arsa Críost leis, “cad do
thug thu?” Le na focail ghrádhacha so do chuir sé in úil don chuiripóir
ná raibh sé fós ró-dhéanach do filleadh thar n-ais, ná raibh doras na
trócaire fós dúnta air. - Ó a dhuine dhona, ba cruadha do chroidhe 'ná
an charraig ghlas insa tráth nár bhog sí le na bréithre compórdamhla
so! “A charaid, cad dothug chugham thu?” Cionnas do sheasuighis le
gaith na truaighmhéile do chaith a shúil chaoin ort? Canathaobh nár
chaithis thu fhéin ag a chosa, ag iarraidh le deóra guirte air do
mhalluightheacht do dhearmhad?



Á foraoir, is mó aithriseóir ar do chuirpeacht insna laethaibh naomhtha.
Is mó duine ná tagann chun Íosa Críost ag bun na haltórach san ach le
croidhe ceapaithe ar é thréigean. Is mó duine ná tugann póg na
síothchána dho tré a chorp naomhtha do ghlacadh ach ar íntinn a dhíoltha
lena namhaid. Is mó anam fallsa lena ndéarfaidh sé fós, fé mar
adubhairt sé leatsa: Á, a Iúdais, an le póg do bhrathann tu mac an
Duine?



Féachaíg Slánathóir an domhain, gabhtha ag tréatúir, 'na bhrágha
ag méirlig. Lámhaid é. Scórnuighid é. Tairigid leó é chomh maith
is dá mba bitheamhnach é. Éirigheann Naomh Peadar chun é chosaint.
Tairigeann sé a chlaidheamh chun comhracatha ar a shon. Órduigheann
an Slánathóir do a chlaidheamh do chuir suas arís ina thruaill taisce -
ag múineadh dhúinn gurab é an t-arm do fhág sé ag a Eaglais, arm
spioradáltha; agus gur le foidhne, le húrnaighthe, le naomhthacht
a mbeatha is ceart do shagairt iad féin do chosaint, agus ní le


L. 112


fóirneart claidhimh, le tréineacht lámh, ná le comhachta saoghaltha; go
bhféadfadh sé fhéin a namhaid do scriosadh ó aghaidh na talmhan le
catha aingeal do scaoileadh fútha, ach in' ionad san, gur dheónuig sé
guidhchant chun 'Athar síorraidhe ar a son - ag teaspáint dúinn go raibh a
chreideamh le bunú agus le háitreabh tré charthanacht, tré chaoineas,
agus tré umhlaidheacht, agus gur chuir sé claidheamh i láimh na
hEaglaise chun an chuirpeacht do bhású agus ní chun na bpeacach do
mhilleadh.



Ní fada nó go mbréagnuigheann Naomh Peadar é féin. Ní
sheasuigheann díogras díchéilleach i bhfad: scaipeann sé leis an
gcéad chontabhairt. Do lean Peadar Íosa Críost; amhthaig, do fhan
sé i bhfad siar uaidh. Ní leantar Críost i bhfad an tráth do coinnighthar
amach uaidh.



Dochuaidh Peadar isteach go halla an árd-shagairt; agus é
siúd do mhaoidh an tráthnóna roimhis sin go leanfadh sé Críost go
príosún agus go bás féin dá mba ghádh é, séanann sé le móide gurbh
aithnid do ar éanchor Críost. Cuireann bean eagla air. Le ceistiú
chailín aimsire dearbhuigheann sé fé thrí nách deisciobal le Críost é:
agus so i gcomhchlos agus fé shúile a Mháistir bheannuighthe atá annsúd
ceangailthe, masluighthe, tarcuisnighthe, 'na chúis gháire agus mhagaidh
agus fhonóide ag deasca agus ag dríodar an chine daonna!



Ó a Thighearna, ba mhór an turainn í seo: prionnsa na n-aspol,
ceann na sagart, pillóir na hEaglaise, an deisciobal úd n-a
ndubhairt do bhéal fhéin gur bheannuighthe é thar na haspoil eile, an
fear úd n-ar bhronn do Athair síorraidhe-se grása chomh mór san
air gurbh é an chéad duine do admhuig riamh do dhiadhacht-sa, go
dtréigfeadh sé anois thu, go séanfadh sé thu, go ndearbhóchadh sé
ná raibh aithne aige ar éanchor ort!



Ach níor scrios an tuitim táir sin an t-aspol mí-chumannach so
as croidhe Íosa Críost. Is fiú é fós go gcuimhneóchadh Críost air.
Ar measc na heasmailt do chruachadar na sagairt air, ar measc
an dearg-éithig do chuireadar na fiadhnithe bréagach air, ar measc
na tarcuisne dothugadar méirlig do, ar measc gheóin na
murdraeirí dobhí ag lorg a bháis, ní dhearmhadann Críost an t-aspol
lag so. Caitheann sé a shúile beannuighthe air. Le haon fhéachaint
amháin bogann sé a chroidhe chun aithrighe. Adeir sé go híseal ach go
fórsamhail lena anam: An é seo, a Pheadair, an dílseacht do gheallais
go minic dam? Nách cuímhin leat gur neartuigheas thu chun siubhail
ar thonnacha craosach na fairge? Agus an eagla leat ná féadfainn
do chosaint i gcoinnibh comhachta ndaoine? Goilleann do thuitimse
níos mó ar mo chroidhe-se 'ná ghoillid na haindeisí seo go léir
do-chíonn tu atáim ag fulang. Do dhearbhuighis anois nár aithnighis
riamh me. Á, a mhí-chumannaig, cé gur shéanais me, admhuighim-se fós
thu: is tu ceann mo Eaglaise; is tu árd-aodhaire mo chaorach-sa.
Grádhaim thu fós siúd is ná tuilleann tu uaim é. Agus na deóra
san do-chím ag rith as do shúile, is iad toradh mo ghrádha-sa dhuit iad,
is nighfid do pheaca dhíot!



Ní luatha, nách mór, dorinneadh an choir 'ná gur maitheadh í. Agus
nách mó uair, ar dhéanamh an pheaca dhúinne, do fhéach Críost le súil


L. 113


na truaighmhéile orainne! Do chorruig sé suas doilgheas géar nímhneach inár
gcroidhe, do tharraig sé luisne an náire ar ár n-éadan agus deóra
cathuightheach lenár súil, agus gráin agus fuath againn orainn féin.



Ach ní raibh ionnta ach deóra luaimneacha; doilgheas nóimeanta;
cathú do ghluais, ní ó ghráin ar an bpeaca, ach do dhruim grádha orainn
féin. Bíonn dobrón orainn do bhrígh ná faghaimíd séan i bpléisiúr
chorpora. Do ba mhaith linn a bheith síoch agus sona i gcuirpeacht;
agus, an uair ná bímíd, tagann cathú orainn. Bíonn searbhas orainn,
ní do thaobh ár malluightheacht, ach i dtaobh ár mbuartha. Agus goilleann
sé orainn ár gcroidhe a bheith, ní namhadach do Dhia, ach trioblóideach
dho féin.



Risteárd Ó Foghludha
do chuir i n-eagar.