Smaointe ar Pháis ár Slánathóra 2

B.Á.C.: Brún agus Ó Nualláin (1834c)

Muiris Paodhar; eag. Risteárd Ó Foghludha




SMAOINTE AR PHÁIS ÁR SLÁNATHÓRA
Risteárd Ó Foghludha, D. Litt. Celt.
II



Insa tara háit, críochnuighthar mailís daonna tré dhíchreideamh na
sagart do dhaor Críost chun báis. Ar dtúis, ní chorruigheann
aithrighe Iúdais iad. Tagann an duine mí-fhortúnach chúcha, ar
buile le héadóchas. Caitheann sé chúcha airgead na fola ag rádh leo:
“Peccavit tradens sanguinem justum”: “Do pheacuigheas,” ar sé, “ag
díol fuil neamh-chiontach libh.” - Ní raibh teastas riamh ní ba
ghloine ó dhabhta 'ná í seo. Is é namhaid Chríost féin do fhógrann
dóibh go bhfuil sé neamh-chiontach; is é an tréatúir do ghlac breab
na bratha dothagann chúcha chun an bhreab san do chasadh ortha, ag
deimhniú dhóibh go raibh an éagcóir aca chun a Mháistir
bheannuighthe. Neart na fírinne amháin do thairigeann admhú a chora
uaidh. Ach na breithimh mhalluighthe seo, do chuir 'fhiachaibh
ar an ndonán le neart airgid an peaca do dhéanamh, dúnaid a súile
ar a aithrighe: adeirid leis: “Tu videris!” “Cad é sin dúinne, a
dhuine? Is é do ghnó-sa é: féach-se chuige!” - Imthigheann sé
gan mhoíll, crochann é féin, is tuiteann an t-ionathar amach as.



Ó a Thighearna, is ró-eaglach thu an tan do chruadhann tu craitheacha
na bpeacach! Na breithimh mhalluighthe seo, na huaisle seo na
n-Iúdach, do chuireadar go dtí so i gcoinnibh mhíorbhúilí agus
theagasc Íosa Críost. Na mairtínig do leighseadh, na daíll dofuair
úsáid a radhairc, na peacaig do tairigeadh chun aithrighe, na mairbh
do aithbheóthadh, bás eaglach Iúdais fhéin; na miorbhúilí ba mhó
agus ba iongantaighe dá rinneadh riamh, níor fhéadadar a gcraitheacha
cruadha do bhogadh ná do tharrac chun creidimh.



Is é an droch-úsáid do-nídh de ghrása an Tighearna do thairigeann
daoine chun an phas so. - Agus tusa, a Chríostaidhe, tusa a dhrúncéir
dhíchéillig, tusa a fhir na bruighne, tusa a dhuine dhrúiseamhail, atá
ag cuir go laethamhail i gcoinnibh grása an Spioraid Naoimh, má leanann
tu níos sia do chúrsaí malluighthe, fógraim ort go dtiocfairse - mura
dtáinis cheana féin - chun an chruadais cheadna; sa chas san, na báis
is uathbhásaighe, na fírinní is eaglaighe, na neithe is naomhtha, na
haithrighthí is beómhaire, ní chorróchaid ar éanchor do chroidhe. Oir,
tré shíor-chuir in aghaidh na fírinne, tré sholas do thuisgeana do
mhúchadh, tré an doilgheas san dotháinig go minic id chroidhe do thachtadh
suas, do thuitis i marbh-shuan an pheaca chomh trom san, ná fuil guith ar
neamh, ar talamh, ná fós in ifreann féin do fhéadfadh tu dhúiseacht chun
aithrighe. Atá scamall dhorchais an bháis shíorraidhe cheana féin ort.
Agus is é do chailleann ar fad thu ná mothuigheann tu ar éanchor méid
do dhonais!


L. 162


Tagann iongantas ar phrionnsa na sagart i dtaobh ná freagrann Críost insna
neithe dotugadh ina choinnibh. Do thuig sé, is dóigh liom, óna chneastacht,
óna chaoineas, óna fhoidhne, ó uaisleacht a fhéachaint, ó mhódhmharacht a
ghnúis, nárbh neach daonna é. Éirigheann sé ina sheasamh agus adeir le
Críost: “Aitchim ort, in ainm an Dé Bhí, innsint dúinn an tusa Críost Mac
Dé.”



Á, a shagairt mhailísig, má's fonn feasa do fhagháil atá ort, ní
gádh dhuit é féin do cheistiú. Do innis Naomh Eóin Baiste cheana
dhuit gurab é Críost é. Na hoibreacha, na míorbhúilí dorinn sé,
ná rinn éinne riamh a gcosmhalacht, teaspánaid gur teachtaire ughdarásach
ó an Athair síorraidhe é. Innisid naomhthacht agus gloineacht a bheatha
dhuit gurab é an Té is naomhtha é. Ó's agat-sa atá eochair an eólais,
oscail an scrioptúir. Ceistig Maois, agus na fáidí. Le héan ghuith
'neósaid duit gurab é Fuasclóir an chine daonna é. Na daíll do
shoíllsig sé; na mairbh do aithbheóig sé; na bodhair do leighis sé; na
poblaíocha ocracha do bheathuig sé - 'neósaid go léir duit nár thug Dia
a leithéid de chomhachta riamh do éinne is dothug sé dho san. Ceistig na
flaithis féin do oscail go minic os a chionn. Éist le guith an
Athar síorraidhe do chraobhscaoileann don domhan gurab é sin a Mhac
grádhach féin. Mura sásochaidh fiadhnaise neamh agus thalaimh tu, loirg
cúnntas ar ifreann féin; agus 'neósaid na diabhail do dhíbir sé as
colainn na ndaoine gurab é Críost Mac Dé é. Amhthaig, ní fios a bhí
uait, ach greim do bhreith ar Chríost ó n-a fhocail fhéin. Ní eólas do
loirgis ach cae feille.



Freagrann Críost gurab é Mac Dé é, gurab é Fuasclóir an chine
daonna é, agus go bhfaicfidh siad féin, atá anois ag tabhairt breitheamhnais
air, é ina shuidhe ar dheas-láimh Dé, agus é ag teacht, timchealluighthe
le haingil na bhflaitheas, chun breith do thabhairt ar bheódhaibh agus
ar mharbhaíbh - fé mar adéarfadh sé leótha: Ní admhuigheann sibh mé
insa chrot úiríseal ina bhfuilim anois; amhthaig, caithfidh sibh, gan
buidheachas daoibh, mé do admhú an tan dothiocfad lem chomhachta, lem
mhódhmharacht, lem ghlóire. Atáim anois mar chiontóir in bhur láthair-se;
amhthaig suidhfead ina dhiaidh so im breitheamh oraibh-se agus ar an ndomhan
go léir.



Labhrann sé ina Dhia, cé go bhfuil sé ceanglaithe i bhfuirm bhrágha,
ualuighthe le slabhraí, agus líonta le tarcuisne; ach tugann sé le
tuisgint dhúinn go sóinseálfar neithe insa tsíorraidheacht: nách é
an riarú céadna dobheidh sa bheatha thall atá insa cheann so; go mbeidh
an bochtán agus an deóraidhe ina suidhe ar chathaoireacha solasmhara
glórmhara; go mbeidh na fíoraein, atá anois dá mbrú fé chois gan meas
ná beann ortha, ag lonnradh an lá úd mar réalthain ghlana ghrianda, agus
ag tabhairt, le hÍosa Críost, breith ar an ndomhan; an fhaid is dobheidh
na huaisle, agus na daoine comhachtach, atá anois i gceannas na talmhan - na
gaiscidhig seo ná leómhann madra amhastrú ortha, lucht na poímpe, an
uabhair, agus an tsaidhbhris - go tláth-lag, go húiríseal, go hanbhfainneach,
clúduighthe le náire agus le scannradh i dtaobh a ndroich-bhearta.


L. 163


Ach is freagra bháis don tSlánathóir an t-adhmhú so. Stollann an
sagart truaillighthe seo a chuid éadaig. Screadann sé amach:
“Blasphemavit!” “Dothug sé naomh-aithis do Dhia! Ní gádh éan
fhiadhné eile dhúinn ar a chuirpeacht. Dochualabhair lenbhur gcluasa
féin an aithis dothug sé do Dhia. Cad is dóigh libhse dhe?” Le aon
ghuith do screadadar amach: “Reus est mortis.” “Atá sé ciontach.
Cuirtear chun báis é!”



Ó a Shlánathóir, insa bhreith fallsa so dotugadh gan chúis gan
chuardú ortsa, do adhrais an bhreith dothug do Athair síorraidhe an tráth
céadna san ort. Is óna bhéal san dochloiseann tu na focail seo do dhaor
thu: “Reus est mortis.” “Atá sé ciontach chun báis.” Ní thugann
Cáiphas ach iasacht a ghuith mheabhalthach don chéalmhain diadha san.
Dá bhrígh sin, ní mhilleánann tusa é; ach, mar an uan dobheirthar chun
a mharbhuighthe, ní oscluigheann tú do bhéal, agus onórann tu, ina
bhreith éigceart san, órduighthe do Athar naomhtha féin.



Foghlamuighimís-ne as so, a Chríostaidhthe, gan gearán in aghaidh
daoine an tan do dhroch-úsáidid sinn; oir is le órdú nó le cead Dé
féin dobhíd namhadach nó urchóideach dhúinn. Is óna láimh sin do
thagaid na hanacraí lena bhfiosruighid sinn; agus cé go samhlófaí ar
dtúis gurab ó mhailís nó ó namhadachas daoine do ghluaisid, ní headh
ar éanchor, ach ó cheart Dé do smachtuigheann sinn tríotha-san i dtaobh
ár bpeacaí.



Ach leanaimís stair dhoilgheasach Pháise an tSlánathóra ó thig
Cháiphas an t-árd-shagart, mar ar chaith Íosa Críost oidhche dhona:
dá bhualadh agus dá bhascadh ag seirbhísig mhalluighthe an droch-shagairt
úd; iad ag fonóid agus ag magadh fé. Ag cuir púicín ar a shúile do
ghabhaidís de dhóirnibh air ag rádh leis: “Tuairimig, a Chríost, cé
bhuail thu?” Do stolladar a ghruaig agus a fhéasóg, agus do chaitheadar
a seilí salacha ar a éadan agus ar a aghaidh.



Stracaid leó é go tig na cúirte tré shráidí poiblidhe na cathrach,
agus mob ceannairgeach cuirpeach ag púir ina dhiaidh, ag gabháil dá
gcosaibh air, dá tharcuisniú agus dá spídeadh. - Cad é an tsóinseáil
é seo! Ní raibh ach cúpla lá roimhis ó chuadar na daoine so
amach 'na choinne, ag fáilthiú roimhis, á ghlacadh go caithréimeach
isteach ina gcathair, ag leathadh a gcuid éadaig féna chosaibh mar onóir
dho, ag cruachadh beannachtaí air; agus indiu, scoilthid a scórnaig ag
lorg a bháis, éirighid ina choinnibh, agus ní shásóchaidh éan nídh eile
iad ach a chuid fola.



Leis an sampla so, teaspáineann tusa, a Thighearna, dod sheirbhísig,
gan brath ar charadas ná ar mheas daoine, n-a sóinseál a n-aigne mar
a shóinseálann an ghaoith, n-ar neambuaine a gcion 'ná an bláth, agus ná
fuil ina moladh ach puith anáile. - Á, is mairg don té thréigeann a
dhualgas agus a choínsias mar gheall ar cad adéarfaidís ná cad do
mheasfaidís. Níl éinne ciallmhar ach an té do fhéachann amháin chun do
charadais agus chun do mheasa, oir seasuighid sin go brách: ní shóinseálaid
go deó.


L. 164


I bhfírinne, breithnígh chomh fada is dobheireann an pobal dall so a dhíth
céille, agus féachaidh ca mhéid peaca ina bhfuilid ciontach tré aon choir
amháin. Ar dtúis, atáid ciontach in éigceart alltha. Taraisgthar dóibh Íosa
do shaoradh, nó cuirpóir nótáltha n-ar thuilleadar a chortha poiblidhe bás
do imirt air. - Ó cad é an comórtas é seo! Slánathóir an domhain do
chomóradh le mallathóir: Rí na n-aingeal le murdraeir dorcha! - Toghaid
Barrabas; agus sin le guith na poiblidheacht; le breith na sagart, na
seanóirí, na ndochtúirí, agus na bprionnsaí; os coinne bhreithimh phágánaig,
agus os comhair na tíre go léir.



Á, cad é chomh beómhar is do mhothuighimíd-ne an tan do íslighthar
sinn! Cad é chomh árd is do ghearánaimíd i gcoinne na héagcóra a
déantar orainn éan uair dotugathar tosach do éinne orainn! Milleánaimíd
toghadh ár n-uachtaráin, agus luighdighimíd deagh-cháil an té do toghadh
romhainn. Foghlamuighimís ó Íosa Críost gan suím do chur i mbreitheamhnas
daoine, ach féachaint i gcomhnaidhe chun breitheamhnas Dé.
Loirgimís, le beatha shubháilceach, meas agus moladh do fhagháil uaidh sin,
oir níl baoghal go ndearmhódfaidh sé sin an tseirbhís is lugha do
dhéanfam do.



Atáid, insa tara háit, ciontach i gcuthach chaoch. Ní bhfaghann an
breitheamh págánach ina chroidhe Íosa Críost do dhaoradh chun báis.
Nigheann sé a lámha os comhair an phobail ag rádh go bhfuil sé féin
saor ó chuid fola an duine naomhtha san. Ach an pobal cuthaig seo,
caoch le feirg, dall le fuatha, screadaid amach: “Sanguis ejus super
nos et super filios nostros!” “Bíodh,” ar siad, “a chuid fola anuas
orainne agus ar ár sliocht go brách!” Do lorgadar, do ghuidheadar,
an mhallacht shíorraidhe seo, gan scaradh leótha féin ná lena
sliocht go deó. Agus dofuaradar lán-toradh ar a nguidhe; oir atáid,
ó shin anuas go dtí an lá so, ina gcomhartha seasaimh ar fhearg
Dé; atáid gan tír, gan chathair, gan althóir, gan sagart, gan
íodhbairt, le hocht gcéad déag bliadhain, scaipthe ins gach náisiún
fé an ngréin; ag teaspáint rian na mallachta so ar a n-éadain
diablaidh.



Is mar seo do thárluighid breitheamhantaisí éigceart 'na gcúis
mhallachta do mhórán treabhchais daoine. Agrann Dia ar a sliocht go dtí
an ceathramhadh glún an fhuil neamh-chiontach do dhortadar a sinnsir.
Ní thrághann agus ní théigheann fearg Dé leótha ar gcúl ach leanann
díobh ó ghlún go glún; agus go deire beirid an chlainn comhartha
chuirpeacht a n-aithreacha greanta ar a n-éadan.



Insa trímhadh háit, atáid ciontach i mí-chumann dubh. Roimhis sin
dobhíodar chomh buidheach san don Slánathóir gur mheasadar, cóir
máireach, é do fhuadach leó agus rí do dhéanamh de os a gcionn. Ach
anois séanaid é, agus in ionad Mhac Dé a bheith 'na rí ortha, toghaid
an tíoránach fuilteach Caesar. Ach gé gur inniseadar a thuisgint agus
a choínsias do Phontius Pílád go raibh Críost neamh-chiontach, níor
leog eagla na n-Iúdach do breith chóir do thabhairt air. - Is mairg don
bhreitheamh do ghéilleann do éan nídh eile ach do cheart agus do


L. 165


fhírinne amháin! Is mairg do breith do thabhairt de dhruim grádha ná fuatha!
- Ní deirid na Iúdaig le Pílád: “Má shaorann tu an fear so, beir ciontach in
éagcóir; fágfair do cháil go brách fé tharcuisne,” ach abraid: “Má
scaoileann tu an duine seo, ní caraid do Chaesar thu!” Ní eagla éagcóra do
ghoilleann air ach eagla a shochair fhéin. Níl éan nídh níos contabharthaighe
do fhear phoiblidhe 'ná féachaint chun a shochair phríobháidig; oir as
san amach dearmhódfaidh sé a dhualgas; ní chun dlighe na córach do
fhéachfaidh sé, agus ní chuirfidh sé a hughdarás i bhfórsa.



Loirgeann Pílád ar namhaid an tSlánathóra, ar na Iúdaig, cad atá aca
le cur i leith Chríost. - A phobal amadánta, ná féadfá freagairt gur
shoíllsig sé na daíll, gur leighis sé na heasláin, gur thug sé lúth
a ngéag do na mairtínig, gur chraobhscaoil sé ríoghacht na bhflaitheas
do na boicht, agus gur aithbheóig sé na mairbh? Ach is amhla do
ghearánais go bréagach gurbh fhear ceannairge é, gur bhuarthóir é a bhí ag
corruighe suas na ndaoine chun reibiliúnthacht a dfhonn go
ndéanfaidís rí de féin. - Chun an duine neamh-chiontach do dhaoradh ní
gátar éan nídh eile ach rádh gur namhaid don Staid é; oir déanfaidh, insa
chás san, amhras ionad cruthuighthe; daorfaidh ainm thréasain
amháin, ciontóchaidh an droch-ainm sin é. - Ach cá raibh an t-arm nó
an saidhbhreas chun an cogadh so do chuir chun cinn? Cá bhfuair an duine
seo, dobhí chomh dealbh san ná raibh áit aige ar a luighfeadh sé a
cheann, meódhain chun cogadh le hímpire an domhain?



Dá bhrígh sin, dochonnairc Pílád gurbh éitheach do chuireadar air.
Amhthaig, fiafruigheann de: “Rex es tu?” “An rí thusa?” Adeir Críost leis:
“Is eadh, ach ní den tsaoghal so mo ríoghacht.” Cé gurbh de shliocht
righthibh agus de shíol flaithibh na n-Iúdach é, agus gurbh é féin an
t-oidhre dleaghthach ar choróin Dábhí, ba mhaith leis a chur i dtuisgint
do righthibh agus do mhór-uaislibh an domhain nách i gcomhachta ná i
bpoímp an tsaoghail seo do luigheann a séan fírinneach, ach i gcoróin
na glóire síorraidhe; gur díomhaoin dóibh a bheith 'na righthibh ar an
dtalamh so mura mbéarfaid leótha, go dtí an bheatha thall, ceart agus
fíraentacht agus naomhthacht tréna bhfuighid sealbhachas na ríoghachta
síorraidhe; ná raibh ach glór gan éifeacht insna teidil árd-fhuaimeamhail
lenar honóradh annso iad; gur dealbh agus nochtaithe agus ag crith le
heagla do sheasóchaid os coinne an bhreithim uathbhásaig do chuirfidh chúcha
an cheist chéadna do chuir Pílád chun Íosa Críost.



“Rex es tu?” “An rí thusa?” - Ní fiafrófar dhíot: “An de fhuil ríoghamhail
thu?” nó “An rabhais id thaoiseach ar arm, nó id uachtarán ar chóigíbh,
nó ina leithéid seo nó a leithéid siúd de phost onórach?” nó
“An rabh do ainm i mbéal gach éinne?” Ach: “An rabhais id rí ar do
chlaonta? Ar bhuadhais ort féin? An rinnis cúnncas ar do pháisiúin?
An rabhais chomh hárd os cionn chách tré mhéid do chreidimh agus tré
shubháilcidheacht is dobhís tré mhódhmharacht do staid agus árd-uaisleacht
do fhola? Á, is annsan do chaithfidh uaisle an domhain admhú gur den
tsaoghal so a ríoghacht, agus ná


L. 166


rabhadar mór ach ar feadh tamaill - ach chun a bheith íseal go brách agus
dona go deó; gur éaluig a sonas leis an saoghal so, agus ná fuil aca dá
bharra ach cathú do-leighiste síorraidhe i dtaobh an droch-úsáid do
rinneadar de.



Cloiseann Pílád an teagasc so le hiongantas, ach ní bhaineann sé sochar
ar bith as. Deimhnigheann an Slánathóir do ná éisteann éinne lena ghuith
ach an té do ghrádhann an fhírinne; ná géillid grádhthóirí na baoise
agus na bréige dá theagasc; chun naomhthacht agus gloineacht a ráidhte
do thuisgint nách fuláir iad do ghrádhchaint; gur leór grádh amháin
na fírinne chun í do thuisgint. - “Cad is fírinne ann?” arsa an breitheamh
fallsa so; agus annsan, gan fuireach le freagra do fhagháil ó Íosa
Críost, cuireann sé in úil dúinn nách fonn feasa na fírinne a bhíonn
ar uaislibh an domhain an tan do leigid ortha í lorg; gur comhrádh
díomhaoin a bhfocail an tan do labhraid uirthi; gur searbh leó í; agus
gurab annamh dochloisid í de bhrígh nách áil leótha í do chlos.



Cloiseann Pílád ó Chríost comhrádh nár chualaig sé riamh roimhis
sin. Do-chíonn sé go bhfuil an éagcóir chuige. Deimhnigheann sé don
phobal gur duine neamh-chiontach é. Ach thar éise sin, ní scaoileann
agus ní shaorann sé é, ach iarrann sé, athchuinghigheann sé ortha,
ceadú dho é shaoradh. Dobhí sé idir dhá aigne, idir dhá chomhairle.
Do 'nis a choínsias do go raibh Críost neamh-chiontach; ach dobhí
eagla an phobail air i dtaobh é shaoradh. An tan do fhéachadh sé ar an
bhfírinne do mheasadh sé é do scaoileadh; ach do ghruigeadh a shochar
fhéin é chun breith bháis do thabhairt air.



Tagann teachtaireacht óna mhnaoi chuige “ar a bhás gan éan nídh do
dhéanamh i gcoinnibh Chríost, oir go raibh aisling eaglach aici an lá san
timcheall air, gur fhulaig sí mórán mar gheall air tré thaidhreamh.”



Chun ná beadh éan lámh ag Pílád ina bhás, cuireann sé go Héród
é. Glacann sé sin agus a chúirt le áthas é, le súil go n-oibreóchadh
sé cuid dá mhíorbhúilí os a gcomhair. Ní fonn feasa ná foghlama do
bhí ar Héród, ach cíocras chun oibreacha iongantacha do fhaicsint. Ach
uair ná féadfadh sé an oiread is aon fhocal amháin do bhuaint as
Chríost, cuireann sé iorradh agus culaith amadáin air; agus mar seo, ar
measc fhonóide agus mhagaidh an tsluagh go léir beirthar thar n-ais go
Pílád arís é.



An uair dochonnairc Pílád ná fuair Héród féin éan chúis
bháis in Íosa Críost, ba deimhnithighe 'ná cheana dobhí sé na raibh
éan choir ar éanchor ann. Ach in ionad é do shaoradh, do órduig sé go
lag, go meathta, agus go táir é do sciúrsáil go cruaidh. Do mheas sé go
sásóchadh an pionós san na Iúdaig. Do shíl sé go dtráighfeadh a
mailís an tan dochífidís feóil Chríost dá gearradh, agus go múchfadh
radharc a chuid fola an fuath a bhí aca ina choinnibh, agus mar seo nár
ghádh é chuir chun báis. Tugann sé suas Críost do chuthach na
saighdiúraí fuilteach. -



Annso, a Chríostaidhthe, do ba mhaith go líonfadh bhur gcreideamh
suas pé easnamh atá ar mo chomhrádh. Ba beag an sochar sibh do


L. 167


bhogadh tré Pháis pheannaideach Chríost do aithris daoibh, ach is
árd-thairbhe thar bárr daoibh aithris do dhéanamh in bhur mbeatha ar bhéasa
Chríost; bhur n-anacraí do iomchar go foidhneach agus do ofráil suas don
Athair síorraidhe le spioraid na haithrighe, in éinfheacht agus i gcomhpháirt
le gach nídh dá ndearnaig agus dar fhulaig bhur dTighearna trócaireach ar
bhur son: bhur n-aindeisí do chur lena aindeisí sin, agus bhur ndeóra lena
dheóra san. -



Lingid na beithíg alltha so i bhfuirm dhaonna, na saighdiúraí fuilteach
so, ar Íosa Críost. Stollaid a chuid éadaig de; ceanglaid a lámha de
phillóir, agus téad righin chaol timcheall a chuime. É siúd n-arab é an
solas síorraidhe a bhrat, clúduighthar anois le náire é. Seasuigheann sé
annsúd nochtaithe os coinne an mhór-phobail, chun sásamh do dhéanamh in
bhur dtruailligheacht-sa, a mhná mí-bhanamhla. Fearthar ceathana de bhuillí
troma cruadha ar a ghuaille beannuighthe. Sceinneann a fheóil
mhaighdeanamhail ina píosaí dhe le neart sciúrsála. Is aon bheó-lot teinn
amháin a dhrom go léir. Coirid na búistéirí barbraithe iad féin le gabháil
ar an gcolainn úd do chúm an Spioraid Naomh de fhíor-fhuil na Maighdine;
agus is túisce a díscighthar neart na gcuirpthóirí seo 'ná a coirthear
foidhne an Uain naomhtha so.



Gé gurab ar éigean do iomcharuigheann sé a cholainn stracaithe,
scaoilthar ó an bpillóir é, suidhthar é ar bhínnse chloiche, clúduighid
le brat corcra é, tugaid slat chaol ghiolcaighe insa láimh sin do
rolluigheann an tóirneach, preasálaid coróin ghéar gharbh dheilgneach
ar a cheann bheannuighthe, cuirid folach ar a aghaidh chneasta, lúbaid a
nglún ag fonóid agus ag fochaid fé.



Á, casaimís ár súile ó na buillí troma do bualadh air, ó na
seilí salacha do chaithid ar an éadan glan glórmhar san n-arab é áthas
na n-aingeal agus sonas síorraidhe na naomh i bhflaitheas a bheith ag
féachaint uirthi. - Ó a Dhia an chirt agus na córa, is annso ba ceart duit
glóire do thabhairt dod Mhac mar a rinnis ar chnoc Tábor; is annso ba
ceart duit é chlúdach le glóire chun é chosaint ó an úsáid tarcuisneach
dofuair sé. Ach ní aithnigheann tu ar éanchor é de bhrígh é bheith
clúduighthe agus ualuighthe lenár bpeacaí-ne. - An comhartha ríoghdha
scannramhail sin air, peannaideann sí go géar a cheann. Atáid seacht
caol-shruith de dhearg-fhuil ag buinneadh as poíll na seacht ndeilgin
agus ag rith anuas lena ghruadh mhilis shuairc. Ní aitheantar níos sia an
leaca bhláith mhín úd ba bhreághtha sa tsaoghal. Atáid na súile réidhe
múirneach módhamhail úd, do bhogadh le haon fhéachaint amháin na craitheacha
ba cruadha, agus do threascair na méirlig le haon ghaith amháin chun
talmhan insa Gháirdín, atáid caoch le fuil.



Insa reacht so beireann Pílád ar láimh air, seólann amach as an
gcúirt é, teaspáineann do phobal é, ag rádh: “Ecce homo!” “Féach an
fear!” - Ó a ríghthibh naomhtha de fhuil Dhábhí, a ghaiscidhig chalma
de shíol na bpatriarcs n-uasal; ó a fháidhí beannuighthe,


L. 168


soíllsighthe le Spioraid Dé! - arbh é seo an duine n-a rabh bhur gcroidhe
ag osnaighil 'na dhiaidh? Arbh é seo an fear n-a rabhabhair ag tnúth chun é
fhaiscint? “Ecce homo!” Féachaidh air anois! Ó a Ádhaimh ár sinnsear
do cumadh le láimh Dé féin! Ó a Nóis do saoradh ó an ndílinn! Ó a
Ábrahaim, a athair na gcreidimheach! Ó a mhór-naoimh an
tseannreachta! - féachaidh an Fuasclóir do gealladh daoibh ó
chruthnú an domhain, an Fáidh fírinneach a bhí chun an tsaoghail do
shóillsiú, luathgháir na n-aingeal, grádh an chine daonna, compórd
na gcreidimheach, sólás na bhfíoraen, glóire na bhflaitheas,
solas agus slánú an domhain - ecce homo! hedé an fear! Féachaidh
air. An n-aithnighean sibh é tré na comharthaí náireach atá air?



Ach fágaimís an pobal malluighthe. Ar fhaiscint dóibh an chrotha
a bhí ar Íosa Críost, do iarradar arís a chuid fola do thuitim ortha
féin agus ar a sliocht. Fágaimís iad san ag cuir bárr ar a malluightheacht
tré bás Slánathóra an domhain do iarraidh, agus ceaduighidh dam é do
theaspáint daoibh féin, a Chríostaidhthe. Ecce homo! Féach an fear!
Má is dá dheisciobail thu, an luigheann Dia láimh throm ort? An sciúrsálann
sé le haindeisí thu? Féach ar Íosa Críost, sciúrsáltha agus brúighte
agus briste ag an bpillóir. Ar baineadh do chuid go héagcórach díot?
Féach ar an Té úd do shíoluig ó iliomad 'ríghthibh, 'na sheasamh annsúd
go fuar nochtaithe mar an sclábhaidhe is táire; clúduighthe lena chuid
fola; gan an oiread is fuirm dhaonna nách mór air; agus cad é an chúis
gearáin atá agat? Le neart éithig, ar baineadh do chlú saoghaltha dhíot?
Cuímhnig ar an ndearg-éitheach do cuireadh ar Mhac Dé. Má coirthear thu
i slighe na subháilce: má shíleann tu ná fuil an naomhthacht chomh cruaidh
is adeirthar - féach ar Íosa Críost; foghlamuig óna shampla san gur
ceart duit fós, dá mba gádh é, do chuid fola do dhortadh ar sucht na
fíoraentacht.



Ach má is namhaid do thu, má is peacach thu - ecce homo! féach ar an bhfear!
Féach do chuid oibre-se. Féach críochnú do mhailíse. Féach an gníomh
damanta do athnuachann tu gach tráth do pheacuigheann tu. Féach an cholainn
do thruailligheann tu gach uair do shailigheann tu le peaca do cholainn féin.
Féach an ceann do chorónann tu le deilgin chomh minic is do chuímhnigheann
tu le áthas ar smaointe drúiseamhla. Bíonn tu páirteach insa
bhfonóid dorinneadar na Iúdaig fé Chríost an tan do-níonn tusa magadh
fé lucht chráibhe. Féach an cholainn bheannuighthe do stracann tu le
sciúirsí géara an tan a bhíonn tu ag ithe na feóla fuaire, ag
tromaidheacht, ag stracadh agus ag stolladh deagh-chlú do chomhchréatúra.
Féach an fear, corónta le deilginí, stollaithe le sciúirsíbh, sailighthe le
seile, clúduighthe le brat amadáin, a chuid fola ag sileadh
leis - hin é obair do lámh-sa, a pheacaig mhailísig.



An mbogann do chroidhe fós leis an radharc. An bhfuil sí chomh
cruaidh sin ná sásóchaidh éan nídh eile thu ach fuil a chroidhe go
léir do dhortadh? An screadfair amach arís, le na Iúdaig fhallsa:
“Crucifige eum!” “Céas é! Cuir chun báis !” - “Is dóigh


L. 169


leat,” adeir Naomh Auguistín, “go bhfuil mailís na muíntire do thárnáil
indiu leis an gcrois é críochnuighthe. Meallann tú thu féin: is é do mhailís
féin atá críochnuighthe má níonn tu díomhaoin tré do pheacaí toradh a Pháise
ar do shon, má tharcuisnigheann tu ina ghlóire an Té sin n-ar
tharcuisnigheadar na Iúdaig ina ísleacht , má chéasann tu arís an Té úd
do éirig ó mharbhaíbh chun ná fuigheadh sé bás go brách an tarna huair.



AN TRÍMHADH RANN



Do ba mhaith liom go bhféadfainn stair dhoilgheasach a pheannaid do
chríochnú annso; agus, tar éis é do theaspáint daoibh tabhartha do
chruaidh-cheart a Athar insa Gháirdín agus do mhailís daoine i gcúirt
Phíláid, do ba mhaith liom nár ghádh dham é theaspáint daoibh ar
éanchor ar chnoc Calbhairí, mar ar tugadh suas chun báis é tré neart
ghrádha.



Oir ná loirgídh, a Chríostaidhthe, in éan áit eile cúis Pháis
Chríost ach ina chroidhe féin. Ná saoilidh gurbh é tréatúireacht
Iúdais, formad na sagart, mí-chum na poiblidheacht, meathtacht
Phíláid, ná malluightheacht na gcéasadóirí, do chuir chun báis é. Níorbh
é ar éanchor, ach méid a ghrádha dhuit-se agus damh-sa agus dúinn go
léir. “Do ghráidh sé mé,” adeir an t-aspol, “agus dothug sé suas é
féin chun báis ar mo shon.” Agus mura mbeadh gur ghráidh sé me, ní
fhuiliceóchadh sé ar mo shon. Ba díomhaoin do náisiúin an domhain,
do ríghthibh an tsaoghail, éirghe chun Críost do bhású. Mura mbeadh
gur thoilig sé féin, ní fhéadfaidís go brách ná go deó díoghbháil
ar bith do dhéanamh do; oir, lena sméideadh amháin do chaithfeadh sé
iad-san, agus an chruithnidheacht go léir, thar n-ais i neamh-nídh. Ach,
fé mar adeir an soíscéalaidhe, “ó ghráidh Íosa Críost a chuid fhéin,
do ghráidh sé go bás iad.”



Ní raibh riamh grádh chomh íntleachtamhail, chomh neamh-spleadhach,
chomh fial, chomh caithréimeach, chomh aithreach, i gcroidhe éinne
agus dobhí i gcroidhe Íosa Críost dúinne.



Tugaidh fé ndeara ná raibh Críost sásta le méid a ghrádha do
chuir in úil dúinn tré bhás croiche do fhulang ar ár son; ach athnuachann
sé go laethamhail tré íodhbairt an Aifrinn cuímhne a bháis; agus insa
tSacramaint Bheannuighthe do-bheireann le n'ól dúinn an Fuil chéadna do
dhoirt sé ar chnoc Calbhairí chun ár bhfuascaltha. Niorbhfuláir do
sinn do fhágaint tréna bhás, agus dá bhfanfadh sé inár bhfochair ní
bhfuighimís tabharthaistí an Spioraid Naoimh. Fulaingeann sé bás chun
an Spioraid Naomh do chur chughainn; ach tré Shácramaint a Chuirp Naomhtha
fanann sé inár bhfochair go críoch an tsaoghail, chun ná beimís inár
ndílleachtaí, chun ná beadh cathú ar ár gcroidhe ná doilgheas ar ár
n-anam.



Grádh neamh-spleadhach: oir ní cheadóchadh sé go bhfuiliceóchadh
éinne eile ina fhochair. Órduigheann sé do na mallathóirí dorinn
brágha dhe a dheisciobail do scaoileadh uatha. Níor mhaith leis fós na
deóra do sileadh mar gheall air: goilleann an íde a bhí le himtheacht


L. 170


ar chathair Ierúsalem níos mó air 'ná do ghoíll an pheannaid do imir an
chathair mhí-chumannach san air féin. Oir an tan dochonnarcadar mná
Ierúsalem é ag iomchar na croise troma ar a dhrom theinn bhrúighte, níor
fhéadadar a ndeóra do chosc. Adubhairt sé leótha: “mhná
Ierúsalem, ná golaidh ormsa, ach golaidh oraibh féin; oir tiocfaidh
an lá n-a nglaodhfaidh sibh beannuighthe ortha so nár thug clann
riamh uatha.” Tré neart ghrádha ní fheacaig sé a aindeise féin ar
éanchor ach na haindeisí a bhí le teacht ortha san. - Caitheann sé
an chaint chéadna indiu libhse, a Chríostaidhthe: Ná golaidh
ormsa atá ualuighthe leis an gcrois seo ag dul chun mo bhásuighthe,
ach golaidh ar staid dhoilgheasach bhur n-anamnacha ndona féin
atá ag triall ar chéasadh síorraidhe fé ualach bhur bpeacaí móra. Ná caoidh
im thaobh-sa, oir buadhfaidh mise ar an mbás; ach canathaobh ná buadhann
tusa ar an bpeaca san atá ag tabhairt báis le cianta dod anam? Is fonn leat
a bheith scartha leis, ach ní dhíchealluigheann tú é do chrothadh dhíot.
Éireóchaidh mise go glórmhar ó an tuama, agus ní bheidh comhachta feasta as
san amach ag an mbás orm; ach fanann tusa ag dreóghadh le bliadhanta in
uaimh salach do pheacaí. Ná brónaidh mar gheall ormsa, oir ar leagadh na
súl do fhéadfainn-se an cuibhreach atá orm do bhriseadh, agus an domhan go
léir do cheangal de chois mo Chroise; ach an mbrisfir-se choidhche an
trom-shlabhra atá cuibhrighthe timcheall do chroidhe, atá ad tharrac go
laethamhail go hifreann, atá ag tromadh le haos, ag neartú le haimsir;
fáscaid mo shácramaintí-se a ghreim ort, oir glacann tu iad le croidhe
neamh-aithrigheach. - Sil do dheóra ort féin, a pheacaig;
ní theastuighid uaimse.



Dobhí a ghrádh chomh fial san go nguidheann sé fós ortha so do
thárnáil leis an gcrois é. Cruinnigheann sé an méid beag nirte
do fhágadar ann chun a leathscéalú i láthair Dé. Árduigheann sé a
ghuith bhásmhar, screadann sé: “'Athair síorraidhe,” ar sé, “maith
dhóibh, oir níl fhios aca cad do-nídh.” Ofrálann sé a chuid Fola go
léir chun a bpeaca do scrios amach: is í a chrois féin an althóir ar a
ndéanann sé a síothcháin lena Athair. - Ó mo Shlánathóir, faghann tusa
bás ar son do namhaid marbhthach; ach feithimíd-ne go bás féin gan
maitheamh do ár ndearbhráithreacha.



Dobhí a ghrádh chomh caithréimeach san go ndéanann se, ar
phoínnte an éaga féin, deisciobal. Caitheann sé súil na truaighmhéile
i leathtaoibh ar bhitheamhnach dobhí dá chéasadh lena ais. Bogann an
t-aon ghaith mhín dotháinig as an súil sin, dorcha le aith-néall
an bháis is múchta le fuil, bogann sí an chroidhe malluighthe úd ba
cruadha go dtí san 'na an chloch ghlas. Do-chíonn an bitheamhnach súil
an tSlánathóra air. Scartann sé ar Chríost: “Ó a Thighearna, cuímhnig
ormsa an tan dothiocfair id ríoghacht!” Cloiseann sé ó bhéal an
tSlánathóra na focail chompórdacha so: “Go deimhin beir-se im fhochair-se
anocht i bParrathas Dé.” - Ó is beannuighthe thu, a bhitheamhnaig, nár
scarais id bhás féin led chéird: do ghuidis leat céad-tortha Fola an
tSlánathóra féin. Do sceinnis ó an gcrois


L. 171


náireach go glóire na bhflaitheas, oir do admhuighis gurbh eisean Críost
Mac Dé an tráth do shéan an saoghal go léir é, cé ná
raibh de dheimhniú agat ar a dhiadhacht ach méid a fhoidhne. - Is sonasmhar
fós sibhse, a pheacaig mhóra atá ag éisteacht liom, oir is daoibh-se do
tháinig an osna dhéanach as a chroidhe; agus do chuir sé an chéad chuid, an
chuid dob fheárr, dá chuid fola i leathtaoibh daoibh-se.



Dobhí a ghrádh chomh aithreach chomh módhamhail sin nár dhearmhad sé cúram
a Mháthar cathuighthighe do chur ar a aspol ghrádhach Naomh Eóin agus
cúram an aspoil sin do chur uirthi-sin. “A bhean,” adeir sé léithi, “féach
do mhac.” Agus annsan adubhairt sé leis an ndeisciobal; “Féach do Mháthair.”
Ionntuigheann sé an uair dhéanach ar an inghin seo an dobróin. Do-chíonn
sé 'na suidhe í ag bun na croise, a croidhe scoilte le cathú; na géaga
gléigeala san, do iomchuir é féin ina leanbh, dearg anois lena
chuid fola; an bhacalain sin, do fháisc go minic lena croidhe é, fíllthe
anois timcheall adhmad na croise. Is maith leis lán a shúile do bhaint
aisti sul a ndúnfaí an tsúil sin le scamall an bháis; agus ó ab uirthi sin
ar dtúis do oscail a shúil le línn a theacht ar an saoghal so, ba mhaith
leis gurab uirthi is déanaighe do dhúnfadh sí le línn a fhágaint do.



Ó cad é an fhéachaint chaoin mhín ghrádhmhar dothug Muire agus a
Mac ar a chéile! Cad é an claidheamh géar nímhneach do sádhadh trín-a
croidhe an tan do luig súil Chríost uirthi! Ní féidir le teanga
dhaonna innsint an méid do fhulaig sí insa nóimeant so i dtaobh í a
bheith ina Máthair ag Dia. - A Mháthair bhrónach, cad é an t-ualach
cathuighthe dotháinig ar do anam an tráth san! Ach do adhrais
an láimh do bhrúig thu; do ofrálais suas dá Athair síorraidhe, a
dfhonn peacaí an chine daonna do scrios amach, an t-Uan geal gan
spota do iomcharuighis ar feadh naoi mí id bhroinn; agus do fhoghlamaís
dúinne gur sochar mór aindeisí troma, agus gur tobar sóláis
ná dísceófar go brách féachaint chun fírinní ár gcreidimh insna
anacraí dothagann orainn.



Fé dheire, ó ná raibh a thuille ag Íosa Críost le déanamh ar an
dtalamh dúinne; ó a bhí a gnó a thug annso é críochnuighthe aige; ó
sáisigheadh cruaidh-cheart 'Athar; ó cuireadh bárr ar mhailís daonna; ó
do chólíon sé a ghrádh; ó híodhbradh suas do Dhia an mhór-íodhbairt
a bhí uaidh; ó líonadar na Iúdaig, le bás Mhic Dé, tomhas pheacaí
a n-aithreacha go bruach; ó fírinnigheadh gach tairngireacht; agus ó
cuireadh an creideamh cóir ar bun - ní raibh a thuille ag Críost le
déanamh chun méid a ghrádha ortha do chuir in úil dóibh. Dá bhrígh sin,
cromann sé a cheann, agus le guith thréan n-ar cloiseadh a fuaim ar neamh
thuas agus in ifreann thíos, tugann sé suas a anam agus a spioraid dá
Athair síorraidhe dothug do iad.



Le fórsa na guithe sin, fágaimís an ghrian fé éclips, an talamh ar
baille-chrith, an mhuir ag búirthig, na carraigreacha ag scolthadh, na
huaghna ag béicig, na mairbh ag éirghe, an chruithnidheacht ag


L. 172


luascadh, namhaid féin an tSlánathóra admhú gurab é sin go fírinneach
Mac Dé - fágaimís na míorbhúilí móra so, agus tugaimís aire amháin do Íosa
Críost, marbh ar an gcrois tré neart ghrádha dhúinne.



Féach, a pheacaig, a cheann cromtha anuas chun póg na síothchána do
thabhairt duit, a lámha leathta ag fáilthiú romhat, a chosa ceangailthe
chun ná teithfeadh sé uait, áras a chroidhe agus a chléibhe oscailthe
id chomhair. A Thighearna Dia! cad eile atá uait air? Labhair, a
pheacaig, labhair! An bhfuil a thuille uait air? Féach má tá, do-gheóbhair
i Sácramaint an Chuirp Naomhtha an ceann so do corónadh le
deilginí, an cholainn seo do sciúrsáladh, na lámha agus na cosa so do
polladh, an croidhe seo do oscluigheadh le píce, an fhuil seo do dortadh - in
aon fhocal, do-gheóbhair ann diadhacht agus daonnacht Mhic Dé, mar bhiadh
do anam ocrach. Ach 'na n-ionad so go léir caithfir, ó an nóimeant so,
tu féin do thabhairt suas do sheirbhís Chríost as so amach. Faghann sé
bás chun tusa do fhuascailt. Faghann sé bás id ionad-sa. Faghann sé
bás aimsireach chun ná himreófaí bás síorraidhe ar do anam-sa. Faghann
sé bás de bhrígh go ngrádhann sé thusa. Agus faghann sé bás de bhrígh
ná grádhann tusa é. Agus faghann sé bás de bhrígh ná gradhann tusa é.



An mbeidh teóra feasta led dhoilgheas, led chion agus led ghrádh dho?
Agus mura ngrádhfair as so amach Íosa Críost céasta ar do shon-sa, a
pheacaig, is spota dubh damanta thu i cruithnidheacht Dé.
........



An mhuíntir a bhí ag féachaint indiu ort-sa, a Mhic Dé, agus tu
ar crochadh leis an gcrois ar chnoc Calbhairí, adeiridís leat, ag fonóid
fút: “Túirlic anuas den chrois, agus creidfeam gur tu Mac Dé.” Ach ní
hí an chaint seo do chaithfeam-na leat, a Shlánathóir an domhain. Do
chuais anáirde uirthi mar gheall orainn-ne agus dorugais fós í ar
dheas-láimh do Athar i bhflaitheas chun í do theaspáint do ar ár son-na,
agus chun trócaire do fhagháil tríthi dhúinn-ne. Is tu ár nDia agus
ár bhFuasclóir-ne: ná scar ar éanchor leis an adhmad bheannuighthe sin
oir is í ár ndóchas agus ár gcompórd í, agus, fé mar do gheallais,
tarraig sinne agus an domhan go léir chughat féin tríthi. Do cheannuighis
ár n-anamnacha go daor, go hana-dhaor: ná leig dúinn iad do chailleamhaint;
ach déin páirteach sinn annso id chrois chun go mbeimís páirteach
leat ina dhiaidh seo id ghlóire shíorraidhe le saoghal na saoghal.
Amen.



Risteárd Ó Foghludha
do chuir i n-eagar.