Do'n Aithrighe Cuirthear ar Cáirde

B.Á.C.: Brún agus Ó Nualláin (1834c)

Muiris Paodhar; eag. Risteárd Ó Foghludha




DO'N AITHRIGHE CUIRTHEAR AR CÁIRDE
Risteárd Ó Foghludha, D.Litt.Celt



An té - adeir an duine eagnach - le n-ar fonn scaramhaint le n-a dhuine
mhuínteara, loirgeann sé cae agus leathscéal a dhéanta.



Is mar seo atáid mórán daoine insa tsaoghal do scarann leis an gcaraid is
athairamhla agus do bhriseann leis an nduine mhuínteara is feárr aca fé an
leathscéal díchéilleach so, gur fonn leó filleadh arís tráth éigin dá
mbeatha air; amhthaig, cuirid an tráth so ó am go ham chun go ndúnann Dia
amach as aimsir ar fad iad agus go gceapann dóibh an pionós síorraidhe do
thuillid le n-a n-andóchas amadánta. Beireann fearg obann Dé go minic ortha,
sa chás san ná bíonn spás aca ar aithrighe do dhéanamh ina bpeacaí ná ar
mhaitheamhnas do fhagháil ionnta.



Níl earráid is coitchinne, níl mealladh is contabharthaighe le fagháil, 'ná
í seo. Dá bhrígh sin, úsáideann an spioraid mhailíseach úd, atá de shíor ar
tí ár ndíoghbhála, an meódhan so níos minicí 'ná aon cheann eile atá ina
chomhachta; agus adeirim go dána gur mó de anamaibh do caillthear tríd 'ná tré
aon chleas eile do chuireann an diabhal i bhfeidhm orainn. Do-chíonn sé go
glan an mhór-chontabhairt do ritheann an té do chuireann a aithrighe ó lá go
lá. Tuigeann sé gur aithrighe bhréagach aithrighe dhéanach; go dtairigeann
éan pheaca amháin duine chun peaca eile; go sóinseálthar béas ina nádúir;
gur ró-dheacair sean-aicídí do leigheas; an té ná bíonn ullamh indiu gur
lugha 'ná san a bheidh sé ullamh amáireach; go dtairigeann Dia a ghrása ón
té ná húsáideann iad in am; go mbrostuighthar le moíll chun feirge é; agus
go gcoigleann an té chuireann 'aithrighe i bhfad díoghaltas ar a anam féin.
Tuigeann ár namhaid spioradáltha so go léir; agus an uair ná féadann sé
tuisgint an Chríostaidhe do dhalladh chun an aithrighe do thréigean ar fad,
meallann sé é chun


L. 22


moíll do chur léithi, ag rádh leis gur feárr an chae dobheidh aige ar í do
dhéanamh ina dhiaidh so 'ná atá láithreach.
Ach éinne aige n-a bhfuil splainnc céille ina cheann, is uiriste dho
amadántacht agus fallsacht an mhealladh so do fhaicsint; oir, pé toirmisc atá
láithreach orainn ár mbeatha do shóinseáil nó ár n-aithrighe do dhéanamh, is
amhla do mhéadóchaidh an toirmisc sin le moíll agus do neartóchaidh sí le
haimsir. Oir dá mhinicí do dhéanann duine éan nídh, is eadh is usa do
dhéanfaidh sé arís é: tairigeann gnáth taithighe; tairigeann taithighe
béas; tairigeann béas nádúr; agus, an tráth do phréamhuigheann an
droich-bhéas san anam, ní féidir, nach mór, é do dhísciú as. Mar seo
do-chímid, an té do thaithigheann meisce nó mionna móra, bréaga nó
bitheamhant nó éan nós eile mí-chríostamhail, gurab annamh nó choidhche
do éirigheann sé asta.



Arís, ní fhéadfaidh duine buachaint ar a bheag ná ar a mhór de pheaca gan
congnamh speisialta ó Dhia na glóire; anois, dá fhaid do chomhnóchaidh
duine i mbeatha pheacamhail is eadh is mó do thairiceóidh Dia a ghrása agus a
chongnamh uaidh, is eadh is mó a neartófar comhachta an áirseóra air -
lagófar a shaor-thoil, dorchófar a thuisgint, agus méadófar a chlaonas chun
uilc.



A Chríostaidhe ghrádhaig, cuimhnig, lé gach aon lá do fhanann tú id pheacaí,
go neartuighthar an béas peacamhail ionnat, gur daingine an greim a bhíonn
ag an áirseóir ort; is sia uait a bhíonn cabhair Dé; múchtar do
dheagh-íntinn, agus ionntuighthar comhachta do anama in olcas. - Is usa i bhfad
an t-uisce do thaoscadh amach as an loing an uair ná bíonn ach beagán innti
ná an tan a bhíonn sí líonta nách mór leis. Is costasamhla i bhfad, an tig
ar ná cuirthear díon ach go hannamh do chuir in órdú 'ná an tig do dhíonthar go
minic. Dá mhinicí a buailfar an tairine is eadh is doimhne doraghaidh sé agus
is eadh is deacra 'na dhiaidh sin é tharaint. - Cionnas, mar sin, a
Chríostaidhe, ná faiceann tusa, ná tuigeann tu, ná mothuigheann tu, tré
pheaca do chruachadh ar pheaca, gurab amhla do mhéaduigheann tu deacracht do
leóirghníomh ionnta?



Léighimíd, i mbeatha naoimh áirithe, gur theaspáin aingeal do duine dubh ag
gearradh adhmaid lá i gcoill; agus, an uair do gheárr sé brosna maith, do
cheangail suas é agus do chuir ar a ghualainn é. Ach de dheasca go raibh sé
beagán trom agus anacrach do, caitheann anuas ar an dtalamh é agus cuireann an
oiread eile leis; árduigheann arís air fhéin é agus faghann - nídh nach
iongnadh - níos truime go mór 'ná cheana é; leagann le neart feirge arís ar
lár é, agus cuireann a thrí oiread leis le híntinn é do éadtromú. An uair
dochonnairc an naomh iomchar díchéillech an ógláig úd, adubhairt sé leis an
aingeal: “Is dóigh liom,” ar sé, “gur fíor-amadán an díolamhnach dubh úd:
dobhí a bhrosna ar dtúis trom a dhaothain, nó ró-throm do, agus niorbhfuláir
do é mhéadú fé sheacht.” “Ná cuireadh,” arsa an t-aingeal, “iomchar an fhir
úd éan iongnadh ort, oir is cosmhail leis siúd an dream díchéilleach do
chuireann moíll le n-a n-aithrighe; fé mar atá an fear úd dubh ina
chroiceann agus dorcha ina cheannaighthe, is mar sin do


L. 23


na peacaigh: atáid dubh, cíor-dhubh, ina n-anam agus dorcha ina n-íntinn. Agus
fé mar do mheas súd, tré chorp díth céille, a ualach do éadtromú le breis do
chur air, is mar seo mhéaduighid seo ualach a bpeacaí, ag saoileadh gurab
usa dhóibh aithrighe do dhéanamh ionnta an tráth a bhíd trom ná an uair a
bhíd éadtrom.



An t-easpog beannuighthe Naomh Auguistín, ag trácht ar an míorbhúil dorinn
ár Slánathóir Íosa Críost, an tráth do thóg sé ó bhás go beatha an tsaoghail
seo Lazarus a bhí ceithre lá curtha insan uaig, fiafruigheann sé canathaobh
n-a dtáinig buairt aigne ar Chríost, agus n-ar ghoil sé sul a ndearnaidh sé an
gníomh san, agus cé go rinn sé go minic míorbhúilí chomh mór léithi níor
tháinig buairt ar 'aigne ná deór le n-a shúil. Adeir sé gurab é an fáth a
bhí leis, de bhrígh go raibh Lazarus marbh cheithre lá agus curtha insa
tuama, agus cialluighid sin cheithre staid an pheacaig: an chéad staid, toil
do thabhairt don pheaca; an dara ceann, é do chuir i ngníomh; an
trímhadh staid, grádh a bheith air; an ceathramhadh ceann, é chomhnú ann nó
a bheith ina thaithighe: agus an té atá curtha annsan - 'se sin, i dtaithighe
an pheaca - fé mar a bhí Lazarus insan uaig, “Ní féidir,” adeir an t-athair
naomhtha so, “é thógaint ó bhás an pheaca go beatha na ngrás gan
mór-mhíorbhúil ó Dhia agus gan iomarca deóra uaidh fhéin.”



Is maith an réasún do-bheireann an duine eagnach leis seo insna focail seo:
“Languor prolixus gravat medicum, brevem languorem praecidit medicus.”
“Coireann,” adeir sé, “aicíd fhada an liaig; amhthaig, leighiseann sé go
huiriste tinneas éadtrom.” “Líonfar,” adeir Job, “cnámha an mhallathóra le
peacaí a óigeacht, agus codlóchaidh a chionta ina fhochair insa chré.” Nách
amadántacht dúinne, mar sin, a Chríostaidhthe, nách díth céille, nách buile
chraidhreac, leas ár n-anama do fhágaint gan déanamh go dtí an tráth san n-a
méadóchaidh toirmisc agus dochar a dhéanta? Má bhíonn sé peannaideach ort
anois, a Chríostaidhe, troscadh, úrnaighthe, agus oibreacha eile aithrigheach
do dhéanamh cé go bhfuil do cholainn láidir agus do shláinte acfainneach chun
iad do fhulang, cionnas dodhéanfair iad id chríonacht, an uair a bheidh do
shláinte caithte amach agus do neart imthighthe, agus níos mó gátar ag do cholainn
le peataireacht 'ná le smachtú?



Dá mbeadh ualach trom agat le breith as so go Corcaig nó go hEóchaill,
go Port Láirge nó go Baile Átha Cliath, an gcuirfá an t-ualach
san ar shean-árthach dhreóighte chaithte, an fhaid is dobheadh
agat do thogha is do rogha de loingeas luatha láidire? nó ar dhrom
staigín chríona chaithte do fhéadfadh ar éigin a chosa do tharrac
ina dhiaidh, an fhaid is dobheadh agat do thogha agus do rogha de
chapallaibh teaspamhla láidire? Gan amhras ní dhéanfá; nó dá
ndéanfá, do chóimhreóchadh gach éinne ná raibh puinn céille
id cheann. - Anois, ná fuil sé, a Chríostaidhe, chomh mí-réasúnta
duit-se laethanta láidire teaspamhla do óigeacht do leogan go
díomhaoin thort, agus ualach trom, ualach peannaideach na haithrighe
do choimeád i gcóir na haimsire sin nuair do imtheóchaidh do
shláinte, do luth agus do neart uait, agus dothiocfaidh aicíd agus
tinneas agus lag-bhríoghacht ina n-ionad?


L. 24


Is mó cumaoine fé n-a bhfuilir, a Chríostaidhe, ó fhial-mhaitheas Dé. Is mó
tabharthas agus tíodhlaice do bhronn sé ort. Agus atá, gan amhras, súil agat an
tabharthas is feárr aige, 'se sin glóire flaitheamhnais, do fhagháil lá
éigin uaidh. An mbeir-se, mar sin, chomh mí-chumannach san le do Dhia
mhaith agus an chuid is lugha, is measa, agus is déanaighe ded bheatha do cheapadh
dá sheirbhís sin? “Is malluighthe,” adeir an fáidh Maelachlainn, “an té ag a
mbíd áirnéis fholláin agus do íodhbruigheann do Dhia éan bheithidheach
aicídeach, truaillighthe nó bacach”: nách mó 'ná san do thuilleann tusa, a
Chríostaidhe, mallacht i dtaobh an chuid is truaillighthe ded bheatha, do
chríonacht aicídeach, do choimeád i gcóir seirbhís Dé, agus laethanta
folláin neartmhara do óigeacht do chaitheam i seirbhís namhaide Dé agus
namhaide do anama fhéin?



Insa tseannnreacht do coisceadh fé dhian-mhallacht ar éinne dhá shórt
tomhais do bheith ina thig aige - tomhas maith i gcóir a charaid agus tomhas
beag meallthach i gcóir chách eile. - Nách náireach duit-se, a
Chríostaidhe, dhá thomhas neamh-chothromamhail a bheith id chroidhe agat:
an tomhas maith mór i gcóir do mhí-charaid mhailíseach, an diabhal, an
saoghal agus an cholainn; agus an tomhas beag lochtach i gcóir do fhíor-charaid,
Dia na glóire! - do óigeacht, do shláinte agus do neart do chaitheamh ina
seirbhís siúd, agus annsan teacht le do shean-chnámha crapaithe coganta agus
caithte amach ón bpeaca chun seirbhís do Chrunathóra! Tugann tu fíon
folláin do bheatha le n' ól don diabhal 'agus níl agat ach na dríodair agus na
deasca i gcóir do Dhia - fuighlach na hannspioraide do thairisgeann tu mar
bhéile do Thighearna na glóire! Á, a Chríostaidhe, ní hí sin an úsáid do
thuilleann do Dhia ó do láimh-se!



Ma's áil leat do leas, glac agus lean an chomhairle dothugann an
Spioraid Naomh duit insna focail seo: “Memento Creatoris tui in
diebud juventutis tuae, antequam veniat tempus afflictionis, et
appropinquent anni, de quibus dicas: Non mihi placent”; “Cuimhnig,”
adeir sé, “ar do Chrunathóir i laethaibh do óigeacht, sul a
dtiocfaidh aimsir na haindeise, agus sul a ndruidfid leat na
bliadhanta ina ndéarfair: Ní thaithnid liom.”



Nách mó duine do-chonnarcamair geárrtha síos leis an mbás sul ar fhéad sé a
bheatha do shóinseáil? Nách mó duine dotháinig chun críonacht agus do
chuimhnig níos lugha an tráth san ar aithrighe do dhéanamh 'ná éan uair
riamh roimhis sin? Nách mó duine do mheas go bhféadfadh sé, le linn a bháis,
a shíothcháin do dhéanamh le Dia, agus do chaill a chaint, a mheabhair agus a
thuisgint, agus do éag mar a éagann an beithidheach alltha? Agus ca fios duit-se
nó damh-sa, a Chríostaidhe, ná gurab é seo ár gcás fhéin, má chuirimíd moíll
le n-ár n-aithrighe? Éistíg leis an gcaint do chaitheann Dia fhéin leótha so
do dhiúlthuigheann teacht chuige nuair do ghlaodhann sé ortha: “De bhrígh,”
adeir sé, “gur ghlaodhas oraibh, agus gur dhiúlthabhair-se teacht chugham: do
shíneas amach mo láimh agus níor thug éinne aire. Do tharcuisneabhair mo
chomhairle, agus níor chuireabhair suím im aspachán. Déanfaidh mise
fós gáire fé bhur ndonas-sa, agus déanfaidh mé magadh fúibh an uair do


L. 25


thiocfaidh an nídh is eagla libh. an tráth dothiocfaidh milleadh obann
oraibh, agus do dhruidfidh bhur léir-scrios mar stoirm libh: an tráth do
bhéarfaidh tubaiste agus anachain oraibh: annsan glaodhfaidh sibh orm-sa, agus ní
fhreagróchaidh mé sibh: loirgeóchaidh sibh go moch mé, amhthaigh ní
bhfaghaidh sibh amach mé.”



Is eaglach agus is dólasach mar do labhrann an Fáidh ríoghamhail ortha so do
chuireann a n-aithrighe ó am go ham: “Convertentur ad vesperam et
famen patientur ut canes, et circuibunt civitatem”: “Fillfid siad,”
adeir sé, “um thráthnóna agus fuilingeóid ocras mar mhadraí, agus
tímcheallóchaid an chathair.” Teaspánaid na focail dothéigheann
rómpa so agus do leanaid iad méid an bhagairt seo níos soiléire. Is
iad so na focail dothéigheann rómpa: “A Thighearna Dia na sluagh,
tar agus fiosruig gach éan náisiún, agus ná bí trócaireach le lucht
oibriú na hurchóide.” Na focail do leanaid iad is iad so: “Labharfaid
le n-a dteanga agus atá cloidheamh ina mbéal: oir adeirid:
Cé chualaidh sinn? Ach déanfair-se, a Thighearna, fonóid fútha.” Is ionann
so agus dhá ndéarfadh sé: Screadfaidh na daoine seo amach ina
gcruadhtan déanach, agus beidh a nguith chomh goimheamhail le
cloidheamh géar; ach ní thabharfaidh éinne toradh ortha. Agus tusa,
a Thighearna, do fhéadfadh amháin iad do fhuascailt, ní fhóirfir
ortha agus ní ghlacfaidh tu truagh dhóibh; ach déanfair fonóid fé
n-a ndonas, gáire fé n-a n-aindeise, agus magadh fé n-a
dtubaiste.



Tugaidh fé ndeara, a Chríostaidhthe, go n-abrann an fáidh ar dtúis: “Fillfid
um thráthnóna,” is é sin ar uair a mbáis; oir, fé mar is é an tráthnóna
deire an lae agus tosach na hoidhche, mar seo, is é deire an tsolais agus
tosach an dorchais shíorraidhe don mhallathóir uair a bháis. Insa tráthnóna
san, mar sin, insan eidir-sholas so - an uair atá gileacht agus teas
ghréine an tsaoghail seo imthighthe, gach pléisiúr múchta, gach aoibhneas
eitilte, lá breágh fada grianach an bheatha so críochnuighthe, agus oidhche
dhorcha ghéimhreamhail na síorraidheachta tosnuighthe - insa tráth san
fillfidh an mallathóir ar Dhia, sóinseálfaidh sé a bheatha, déanfaidh sé
aithrighe; ach an nglacfar an aithrighe sin uaidh? An nglacfar uaidh í? Do
chualabhair an athchuinghe do iarr an fháidh insna focail seo: “A
Thighearna Dia na sluagh, ná bí trócaireach le lucht oibriú na hurchóide!”
Níor iarr an fháidh an athchuinghe seo le híntinn Dia a bheith
mí-thrócaireach, ach de bhrígh go raibh fhios go maith aige chomh dian, chomh
cruaidh is chomh ceart is dobheidh Dia leó so ná cosann air go tráthnóna nó
deire a mbeatha.



Cuirthear aindeise na ndaoine seo níos soiléire i dtuisgint dúinn insna
focail seo: “Fuilingeóid ocras mar mhadraí agus tímcheallóchaidh an chathair”;
oir, fé mar a bhíd madraí ocrach ag uallfairt go truaighmhéileach, ag rith
annso agus annsúd ag lorg nídh éigin le n' ithe, is mar seo dobheid na
mallathóirí ar uair a mbáis, ag scréachaig agus ag béicig, ag lorg compóird dá
n-anamnacha gortach - 'á iarraidh ar gach éinne atá istig i gcathair Dé, is
é sin, insa bhfíor-eaglais. Ach ní fhóirfidh éinne ortha. Oir cé
fhuasclóchaidh iad? An mbeidh


L. 26


súil fortachta aca óna saidhbhreas? Faraoir, do-chífid gur fíor, gur
ró-fhíor, an nídh adubhairt Spioraid Dé insna focail seo: “Non
proderunt divitiae in die ultionis”: “Ní thairbheóchaidh saidhbhreas
i ló an díoghaltais.” An bhfóirfidh a gcaraid ortha? An
dtabharfaidh a gcompánaig rélíf ortha? Níl aca-san dhóibh ach
deóra neamh-thairbheach agus dóchas neamh-chompórdamhail. Níl, mar
sin, éinne do fhéadfadh fóirthin ortha ach Dia amháin. Ach, i bhfad
ó thrócaire do theaspáint dóibh, nó truagh do ghlacadh ar a gcás,
is amhla, mar adubhairt me cheana, dodhéanfaidh sé magadh fé n-a
ndonas, gáire fé n-a n-aindeise, agus fonóid fé n-a dtubaiste.
Ní hé go bhfuil Dia mí-thrócaireach: ní hé go gcuireann sé suas
don pheacach do ghlacadh, pé tráth do chasann sé go fírinneach air;
ach de bhrígh gurab annamh, gurab ró-annamh, a bhíonn aithrigh le
línn báis fírinneach, deagh-chroidheach, nó tairbheach.



Ach adéarfaidh, b'éidir, duine agaibh liom: Cionnas adeirir, a shagairt,
gurab annamh a bhíonn aithrighe le línn báis fírinneach, deagh-chroidheach,
nó tairbheach, agus go ngeallann Dia féin, pé tráth do chasfaidh an peacach
air, go nglacfaidh sé go fáiltheach é agus go dteaspáinfidh sé trócaire dho? Má
theaspáineann, mar sin, Dia trócaire dham - má dhearmhadann sé mo
mhalluightheacht an tráth dodhéanfad mo aithrighe - canathaobh go
ndéanfainn í indiu seochas amáireach; cad é an díoghbháil dam mo thoil agus mo
réir fhéin do leanamhaint ar feadh ré mo nirt agus mo óigeacht, agus annsan casadh
ar Dhia im chríonacht, agus mo aithrighe do dhéanamh le línn mo bháis?



Tugann duine, a Chríostaidhe, níos ughdarásaighe 'ná mise, agus is é
an duine é sin Naomh Auguistín, freagra ort insna focail seo:
“Adeirir go ndéanfair do aithrighe amáireach; go sóinseálfair do
bheatha amáireach; go gcasfair ar do Dhia amáireach! Á, is fada
atá an mháireach san ag teacht. Ámáireach! Ámáireach! Is í an
mháireach san gadaidhe na haimsire. Ach ca fios duit an mbéarfadh
an mháireach san go brách ort? Is maith dhuit, gan amhras, muinighean
a bheith agat go maithfidh Dia do pheacaí an tráth do chasfair
air. Ach an Dia do gheallann san duit, níor gheall sé riamh duit go
mairfá go dtí amáireach, ach comhairligheann sé dhuit filleadh gan
mhoíll air; de bhrígh go dtagann a fhearg go hobann, go
n-éaluigheann sí i gan fhios ar dhaoine mar do éaluigheann an
bitheamhnach insan oidhche; agus in am an díoghaltais ná spárálfaidh
sé thu. Dá bhrígh sin ná bí mall, a dhearbhráthair; ná dún ort
féin an doras do osclann Dia dhuit. Féach, osclann bronntóir an
mhaitheamhnais doras na trócaire romhat: an bhfanfair-se amuigh?
Ba mhór é áthas do anama dá n-osclóchadh Dia dhuit an tráth do
bhuailfir ag a gheata: féach, osclann sé uaidh féin anois duit;
canathaobh ná téigheann tu isteach? Do thaobh oibreacha na trócaire
atá sé scríobhtha mar seo ó bhéal Dé fhéin: “Ná habair leis an té
do iarrann cumaoine ort, agus a tabhairt uait láithreach ar do chumas:
Tair chugham amáireach agus do-bhéarfad duit é. Ná habair sin, ach
tabhair uait gan stad é.” Dochualabhair é bheith coiscithe moíll
do dhéanamh ag bronnadh na


L. 27


déirce; agus an mbeir-se, tré mhoíll, fíochmhar le do anam féin? Dá bhrígh
sin, ná bí mall, a dhearbhráthair! Bronn an déirc seo ar do anam; ná
ionntuig uaithi an láimh thrócairech san atá oscailthe agus ullamh chun
maitheamhnas iomlán, chun párdún fóirlíonta, a peacaí go léir do bhronnadh
uirthi, le aithrighe láithreach.” Hed iad, a Chríostaidhthe, focail an
mhór-naoimh seo, agus éinne do ghrádhann leas 'anama ní dhí-mheasfaidh sé iad.



Dá mbeadh donán bocht sínte i ndíg an bhóthair, leathta ag an bhfuacht,
caoch le pluda, fann-lag ó ocras, snoídhte le huireaspa, gan neart ná cumas
ann fhéin éirghe choidhche as an staid dona san, agus go ngeóbhadh duine
uasal comhachtach an tslighe, dá seasóchadh sé os cionn an bhochtáin sin,
dá mbéarfadh ar láimh air, agus dá n-abróchadh leis: “Tógfad as so thu, a
dhuine bhoicht, béarfad liom abhaile thu, níghfead an pluda dhíot, cuirfead
éadach maith ort, beathóchad le biadh folláin agus le deocha bríoghmhara do
cholainn bhocht lag, agus beir, ar feadh do bheatha, fé mheadhair agus fé
chompórd im thig-se' - an mbeadh sé, fiafruighim, de dhíth céille ar an
ndonán úd rádh leis an nduine uasal: “Imthig uaim anois; fág annso indiu
agus anocht me; amhthaig, tair amáireach agus rachad leat.” Gan amhras, ní
mar seo do fhreagróchadh sé, ach do ghlacfadh sé an cuireadh sólásach go
buidheach beannachtach. Agus tusa, a pheacaigh, atá sínte le cianta i ndíg
shalach do pheacaí - tusa atá ag dreóghadh i mbréantas do chlaon-chortha,
tusa n-a bhfuil do anam marbh ó do dhroch-ghníomhartha - an mbeir-se chomh
malluighthe sin agus an cuireadh sin dothugann Dia na trócaire dhuit anois
do eiteach?



Féach, seasuigheann ughdar an tsolais agus na sláinte os do chionn. Síneann sé
amach chughat an láimh úd do leath an spéir fhairsion ghorm os ár gcionn, an
láimh úd do mheádhchann an talamh agus do thómhaiseann an fhairge ina
dearnain, síneann sé amach chughat í chun tu do tharaint as uaimh an bháis.
Níghfidh sé pluda do pheacaí dhíot le fearta a chuid Fola i sácraimint na
haithrighe; éadóchaidh sé do anam le brat shaidhbhir na ngrás; téighfidh
do chroidhe fuar le heagna; agus sáiseóchaidh sé an t-ocras san ort le
harán na n-aingeal - a chuid Fola agus Feóla fhéin do bhronnadh ort mar bhiadh
agus mar lón dod anam ghortach.



Ó, tusa atá anois id sclábhaidhe ag an bpeaca, id sheirbhíseach ag an
ndiabhal, id oidhre ar theine na bpian, má chasann tu le croidhe
fíor-aithrigheach ar do Dhia, beir id mhac ag an Athair síorraidhe, id
dhearbhráthair ag Íosa Críost, id charaid ag an Spioraid Naomh, id
chompánach ag na haingil bheannuighthe, agus id oidhre ar ríoghacht an tséin
agus an tsonais úd do cheannuig Íosa Críost le Fuil a chroidhe dhuit. - Go
dtugaidh Dia dhíbh-se agus damh-sa seilbh na ríoghachta glórmhaire sin;
athchuinghe do iarraim, agus beannacht do-bheirim díbh go léir, in ainm an
Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen



Risteard Ó Foghludha, do chuir in eagar.