Sochar Mór an Chrábhaidh

B.Á.C.: Brún agus Ó Nualláin (1834c)

Muiris Paodhar; eag. Risteárd Ó Foghludha




SOCHAR MÓR AN CHRÁBHAIDH.



Risteard Ó Foghludha, D. Litt. Celt.



Beati qui lugent quoniam consolabuntur.



Is beannuighthe lucht an dobróin, óir do gheóbhaidh siad sólás. - Soíscéal
Naoimh Maitiú,caib.5, bhéarsa 5.



Dá mba é an saoghal do labharfadh annso ní í an chaint seo do caithfí:
adéarfaí gan amhras gur beannuighthe iad lucht an tsaidhbhris, an lucht
do shealbhuigheann rachmas na beatha so, lucht na poímpe saoghaltha agus na
mórdhála. Ach adeir Íosa Críost, Dia na fírinne, gur beannuighthe, ní
hiad grádhthóirí an tsaoghail seo, ach grádhthóirí na síorraidheachta,
an mhuintir ná cuireann suím ionnta féin ná in éan nídh eile do
thuiteann amach annso thíos. Is beannuighthe na boicht i spioraid, oir is
leótha san ríoghacht na bhflaitheas: is beannuighthe, ní iad an
mhuíntir n-a bhfuil an saoghal ag trácht ar a ngaiscidheacht agus ar a
gcrógacht, ach an té do scriosann, le neart a dheóra, stair a pheacaí
amach as chuímhne Dé féin, oir dogheóbhaidh sé sólás síorraidhe:
is beannuighthe, ní hé an té do-níonn cúnncas ar an domhan, ach an té do
bhuadhann ar a chlaonta féin agus do choinnigheann iad 'dtaobh istig den
teórain do cheap dlighe Dé dhóibh, oir dogheóbhaidh sé sealbhachas i
dtalamh na mbeó: is beannuighthe, ní hé an té ar a mbíonn saint agus
dúil i ndiaidh glóire an tsaoghail seo, ach an té a bhíonn ocrach tartmhar
insan tsubháilce agus an naomhthacht, oir sásófar é le raidhse thighe
Dé: is beannuighthe, ní hé an té do sháruigheann cách eile i nglóire,
in uaisleacht agus i gcrógacht, ach an té thuilleann, i láthair Íosa
Críost, gairm thrócaireach, oir teaspáinfear trócaire dho: is beannuighthe, ní
iad an dream do bhuadhann ar a namhaid agus dothugann síothcháin dá
dtír, ach an té dothugann síothcháin dá choínsias féin tré na
hainmhianta do scrios amach as a chroidhe do bhuaireann an uile dhuine do
ghéilleann dóibh, oir glaodhfar mac do Dhia air. Hed iad, a Chríostaidhthe,
na dreama daoine ar a nglaodhann Íosa Críost beannuighthe, oir ní lorgaid
éan tséan eile ar an dtalamh so ach insan naomhthacht agus insa tsubháilce.



Ní tairbheach do dhuine gach nídh do shanntuigheann sé. Gach nídh ná
cuireann do ghrádh-sa, a Thighearna, i ndaingean in ár n-anam líonann sé
sinn le maitheas baosmhar, do fhágann ár gcroidhe folamh nó do-shásta;
oir níl meadhair is mó 'ná deagh-choínsias. - Cuireann an Eaglais i
dtuisgint dúinn, a Chríostaidhte, an fhírinne seo le solamnacht an lae seo.


L. 236


AN CHÉAD RANN.



Ó is é an t-ainbhfios, ina bhfuil an saoghal ag meas gur beatha dhoilgheasach
beatha na naomh ar an dtalamh so, an príomh-chúis do choisceann an
saoghal ó aithris do dhéanamh ar bheatha na naomh, cuireann an Eaglais, ag
onórú naomh an domhain indiu, i dtuisgint dúinn, ní hé amháin go
bhfuilid na naoimh sólásach anois i nglóire na bhflaitheas, ach fós gurbh
iad amháin a bhí sólásach ar an dtalamh so; agus an té do iomcharuigheann
malluightheacht ina chroidhe, go n-iomcharuigheann sé ann síor-eagla agus
síor-bhuairt; agus gur compórdamhla, míle uair, staid na bhfíoraen insa
bheatha so féin 'ná staid na bpeacach.



Ach cad ina luigheann séan na bhfíoraen insa bheatha so? Ar dtúis,
luigheann sé i sólás an chreidimh, do mhilsigheann an pheannaid is géire
don fhíoraen; agus déanann easpa an tsóláis sin níos géire gach peannaid
don pheacach. Insa tara háit, luigheann sé i ndrúcht na
ngrás do chiúnuigheann gach buairt in anam an deagh-dhuine; agus ó coiscthear
ar an bpeacach í, fágathar a chroidhe ag síor-chomhrac léithi féin. -
Tugaimís aire don dá fhírinne seo, oir atáid ana-oireamhnach chun grádh
do thabhairt dúinn ar an subháilce, agus chun sampla na naomh do dhéanamh
socharamhail dúinn.



Fásaid ár mbuairt agus ár n-ainbhfios as aon phréimh amháin.
Nílimid donasmhar - adeir Naomh Ambrós - ach de bhrígh nách eól dúinn
maith agus olc fírinneach: “causa laboris ignorantia est”
“is í an t-anbhfios cúis ár nduadha.”
Ó is mac don tsolas an fíoraen, is sonasmhaire é 'ná an peacach; oir
is tuisgeanaighe i bhfad an deagh-dhuine 'ná an mallathóir. An solas
céadna do cheartuigheann tuisgint an fhíoraein, milsigheann sí ach peannaid
do; agus an creideamh do theaspáineann do an saoghal do réir mar atá sé
ann fhéin, ionntuigheann sé i gcúis sóláis do-san, na neithe céadna
ina bhfaghann an cuirpóir a bhuaireamh go léir.



Agus chun go dtuigfeadh sibh go glan an fhírinne thábhachtach so,
tugaidh fá ndeara, a Chríostaidhthe, má fhéachann an t-anam aithrigheach
ar an aimsir do imthig sul ar chas sí ar Dhia, nó ar na neithe do thuiteann
amach os comhair a súl gach aon lá, nó ar an aimsir atá le teacht,
go bhfaghann sí sólás as gach nídh aca-san, neartuigheann gach nídh í
insa deagh-rún do ghlac sí, déanann gach nídh a staid míle uair níos
compórdamhla 'ná staid an anama san do mhaireann i bpeaca. Oir cuirid
na neithe atá imthighthe, atá láithreach, agus atá le teacht, buairt agus
amhgar ar an bpeacach. Oir, bíodh croidhe an pheacaig ceangailte chomh
mór is is féidir do bhréag-shonas an pheaca, ní fhéadfaidh sé gan a shúile
do chaitheamh thar n-ais anois agus arís ar bhliadhanta na cuirpeacht
do fhágann sé cruachta ina dhiaidh, na laethanta dorcha do chaith sé i
malluightheacht. Níor éaluigheadar, níor éagadar, níor imthigheadar
chomh mór san ar fad ná go gcasaid ar uairibh chun a chuímhne.
Cuirid mí-shuaimhneas, buaireamh agus tuirse air, oir teaspáinid
carnán a chuirpeacht do in éinfheacht. Do-chíonn sé na grása do
tharcuisnig sé; na soillse naomhtha do


L. 237


dhí-mheas sé; tabharthaistí corportha agus spioradáltha de n-a
rinn sé droch-úsáid; na mí-bhéasa do chuireann a éadan ar lasadh le
náire; na cortha déistineach ar n-a n-oscluigheann sé a shúile le gráin. Hed
iad do fhaghann an peacach ina dhiaidh. Ní bhfaghann sé compórd ar bith ó an
aimsir atá imthighthe. Luigheann a shéan insan aimsir láithreach. Ní
mhothuigheann sé gur cosmhail é leis an mbeithidheach alltha ar ná
goilleann éan nídh ach na neithe do thuiteann fé n-a chéadfatha. Múchann sé
a chiall, truailligheann sé a réasún, chun suaimhneas fallsa do fhagháil.
As so ghluaisid na hearráid doilgheasach atá anois fairsion agus
faiseantamhail sa tsaoghal: gur díobháil iomarca cráibhe; go loiteann
machtnamh gach aon phléisiúr; agus, chun a bheith séanmhar, nách gádh puínn
smuainimh. - Ó, a dhuine, an i gcomhair do dhonais do shoillsig Dia le
ciall thu? Nách chun cabhrú leat chun an fhírinne do lorg tré n-a amháin is
féidir leat a bheith sé séanmhar, dothug Dia
dhuit an solas naomhtha san do uaisligheann do staid? Ar bhronn do
Chrunathóir ciall ort chun do shochair nó chun do aímhleas? Agus an
árduigheann sí thug go honórach os cionn na mbeithidheach, chun do staid do
dhéanamh níos measa 'ná a staid siúd? Loirgeann mar seo an t-anam
peacamhail a séan i meisce an mheadhráin, ag múchadh a céille agus a
deagh-cháilidheachta. Agus séan nóimeanta is eadh é sin; oir, an tan a
chiúinigheann an t-anam agus dothagann sí chúici féin, eitileann an bréag-
aoibhneas, scaipeann an sonas fallsa, agus fágathar an duine ina aonar gan
chuideachta ach a dhroch-choínsias agus a chuirpeacht.



Is neamh-chosmhail leis seo staid na hanama do shiubhluigheann id
chosáin-se, ó mo Dhia! Agus is dall agus is dona é an saoghal ná
cuireann aithne ort-sa. Oir, an cuímhneamh is compórdamhla in éan anam
naomhtha is é machtnamh ar an aimsir imthighthe. Is fíor go bhfaiceann sí
ann an chuid sin dá beatha do chaith sí i seirbhís an pheaca; ach cé go
líonann an radharc san a croidhe le cathú, agus go dtairigeann deóra na
haithrighe óna súile, cad é chomh sólásach is atáid na deóra san!
Oir ní féidir do anam aithrigheach a súil do chaitheamh ar na cúrsaí
díchéilleach do rith sí, gan trócaire Dé 'na taobh do mhothú go
beómhar: na slighte iongantach tre n-ar sheól Dia í, coisceim ar
choiscéim, chun aithrighe; an bhainistighe dorinn sé ar na huile neithe
chun cabhartha léithi a slabhraí do bhriseadh; an súil thrócaireach
a bhí ag Dia uirthi an tan féin dobhí sí ag rith uaidh; an ghuith chaol
phríobháideach dobhíodh ag síor-ghlaodhach uirthi filleadh ar a leas
agus ar a síothcháin, adeireadh i gcomhnaidhe léithi: Ca faid do leanfair
bréag-shonas nách tairbheach dhuit? Cá fada go gcuirir deire led
bhuarthaibh le deire do chur led chuirpeacht? Ná fuileann tu fós cortha
den saoghal mhailíseach atá gach lá ad mhealladh agus ad dhalladh?
Tástáil Mise agus do-chífir gur im sheirbhís-se amháin atá suaimhneas
fírinneach le fagháil!



Is mar seo do fhaghann an t-anam aithrigheach compórd insan aimsir
atá imthighthe. Agus faghann sí comh-shólás ó na neithe do


L. 238


thuiteann amach go laetheamhail os comhair a súl. - Annso do-chífidh sibh
cad é chomh shocharamhail is atá an subháilce don bheatha so féin, agus
cionnas dobhíonn an saoghal céadna san atá ina adhbhar chuirpeachta agus
ina thobar bhuairimh don pheacach, ina chúis sóláis don fhíoraen. Oir, cad é
an nídh an saoghal so do na saoghalthánaig féin, dóibh seo atá ar meisce óna
phléisiúr, agus ná féadann maireachtain gan a aoibhneas? Sclábhaidheacht
dúr is eadh é; seirbhís chruaidh; roithleán ródh do chorruigheann suas na
paisiúin is measa insan anam daonna; feall dorcha; formad nimheamhail; fuath
fíochmhar; eagla searbh agus dólás dubh. Talamh na mallachta is é é, n-a
bhfuil nimh an bháis ar na tortha is sciamhach. Atá a shaidhbreas
cuibhrighthe de ghnáth le héagcóir, a onóir le formad; agus críochnuigheann
a uile aoibhneas i gcrádh chroidhe. Is annso do lorgaid peacaig a séan: is í
seo an tír neamh-bhuan a thoghaid roimh ghlóire na bhflaitheas. - Ach an
tan do fhéachann an fíoraen le súile an chreidimh ar an saoghal, do-chíonn
sé ná fuil éan nídh buan, ná seasamhach, ná tábhachtach ann. Na fortúin is
blathmhaire, na caradais is daingne, ná cáilthe is onóraighe, na
gradaim is mó, na céimeanna is aoirde - scaipid mar thaidhreamh na
hoidhche, críochnuighid i neamhnídh. Do-chíonn sé an Eagna shíorraidhe ag
árdú an té ba ísle, agus ag ísliú an té ba aoirde, ag síor-shóinseáil
aghaidh an domhain. Do-chíonn sé na daoine ag caitheamh a mbeatha i
mbuaireamh; ag cur neithe ar bun indiu agus dá dtréigean amáireach; go
dóchasach anois agus go heaglach ar ball; do-shásta le neithe láithreach
agus buartha 'dtaobh na neithe atá ag teacht; mí-shuaimhneasach ag lorg
suaimhnis agus é ag teitheadh níos sia uatha. - Ó, a dhuine, cad é chomh
íntleachtamhail is atánn tú ad chrádh féin! Is lugha is duadh dhuit an
tsíothcháin do lorg 'ná an bhuairt! Chun sonas do fhagháil, an gátar
duit an fhairge do chrosadh, ná dul i ndúthaig imchian? Fíll ar do chroidhe
féin, agus do-gheóbhair ann í!



Cad é an sólás don fhíoraen a staid féin do chomórtasú le staid na
bpeacach! Mothuighean sé suaimhneas ina chroidhe agus síothcháin ina
anam, an tan a bhíd na peacaig caithte soir siar le stoirm na n-ainmhianta
agus dá gcáibleáil idir thonnacha a bpaisiún. An tan dochonnairc an
pobal Éabhra, agus iad ag seasamh ar an dtalamh tirim, tar éis teacht
dóibh le comhachta Dé slán tré chorp na Mara Ruaidhe, Pharaoh
agus uaisle na hÉigipte dá mbádh ar measc na dtonnacha, do líonadar
suas le áthas, agus, siúd is ná raibh slighe eile aca chun dul do n-a
ndúthaig féin ach fásach dealbh gainimheach, agus carraigreacha loma
gortach, níor tháinig mí-mhisneach ortha, ach do mholadar Dia go
hárd i taobh a mhíorbhúilí agus a thrócaire dhóibh.



Arís, cad é an fhoithin ná leigheas atá ag an bpeacach tar éis ar
íodhbair sé don saoghal is dá mháistirí: a shuaimhneas, a choínsias,
a neart, a shláinte agus a chlú; tar éis curtha suas do le tarcuisne


L. 239


agus le droch-úsáid - má fheallann an saoghal air mar is gnáith leis
fealladh, má ionntuigheann sé cam do, cad é an leigheas atá aige?
An raghaidh sé in uaigneas, an dtréigfidh sé an saoghal chun gearán ar
éagcóir agus ar mhí-chumann daoine? Ach in uaigneas is mó an chae a
bheidh ag doilgheas a chroidhe do ghreamú agus do ithe. An loirgeóchaidh
sé compórd tré n-a aindeisí fhéin do chompráideadh le haindeisí cháich
eile? Ach is truime i gcomhnaidhe in ár súile ár gceansaí féin 'ná
tubaiste éinne eile. An bhfuighidh sé leigheas tré phléisiúr chorportha
do thaithighe? Ach ní bhfaghann an croidhe, tré shóinseáil ainmhian, ach
sóinseáil pionóis. Níl, a Chríostaidhthe, doras chun compóird oscailthe
ar éan taobh don saoghalthánach mhí-fhortúnach. Dorinn sé a dhia den
saoghal; agus an tan do scarann sé leis sin, níl fagháil ar aoibhneas aige.



Ach ní mar seo don bhfíoraen; oir, bíodh an saoghal contráltha dho,
bídís daoine namhadach do, ní ghoilleann san air; is amhla do chuireann
san i gcuímhne dho go bhfuil Máisitir ceart os a chionn, dothabharfaidh
do gach n-aon do réir a gcroidhe agus a gcoínsias; ná feallfaidh sé
sin ar éinne, agus ná dearmhódfaidh sé an seirbhís is lugha a déantar
dho.



Is mar seo do fhaghann an fíoraen compórd ó neithe láithreach.
Ach is mó 'ná san de shólás dothagann chuige ó mhachtnamh ar na neithe
atá le teacht. Cé ná faghann an peacach uatha ach amhgar agus eagla,
neartuighid geallamhna a chreidimh an fíoraen. Feitheann sé le foidhne an
séan beannuighthe n-a bhfuil dóchas láidir aige do fhagháil ó Chríost.
Bíonn sé ag tnúth leis an nóimeant sona do chuibhreóchaidh
é le Eaglais na bhFlaitheas, mar a mbuailfid arís uime na caraid do
chaill sé ar an dtalamh so. Glacfar isteach é mar áitreóir i gcathair
na naomh, insa phobal ghlan shéimh úd atá i seilbh Dé féin. Is í
an charthannacht an dlighe do cheanglóchaidh a gcraitheacha le chéile;
fírinne an solas do lonnróchaidh ortha; agus an síorraidheacht féin
is tomhas dá sonas! - Tagann compórd na smaointe seo as so: go bhfuil
fhios ag na fíoraein go cruinn gurab ar fhírinne Dé féin atáid bunuighthe.
Atá fhios aca, tré shonas láithreach do thréigean, ná caillid aon
sonas substainteamhail: go n-imthigheann gach nídh aimsearach go luath:
gur neamh-nídh gach amhgar saoghaltha i gcomparáid don trom-ghlóire
tábhachtach atá ullamh ag Dia ina gcomhair: agus go bhfuil an bheatha
so chomh so-ghluaiste sin nách fiú ar éigean cúrsa a bliadhanta do
áireamh.



Atá fhios agam go seasuigheann creideamh droch-bhéasa le chéile;
agus go gcaillthear go laethamhail grása Dé, siúd is ná caillthear
géilleadh iomlán do na fírinní do fhoillsig Spioraid Dé dhúinn.
Ach an deimhniú creidimh do shólásann an fíoraen, is cúis fíor-amhgair
agus crádh croidhe í don pheacach. Oir, tusa n-a bhfuil cárnáin
peacaí cruachta ar do choínsias, dá dhaingne atá do chreideamh is eadh is
siúráltha do phionós ina dhiaidh so. Gach fírinne do chreideann tú
buaireann sí thu. An solas beannuighthe sin do dhoirt an Spioraid Naomhtha
it anam an tan do baisteadh thu, is solas peannaideach é do bhuaireann, do
stracann, agus do dhaorann thú. Cuireann sí it


L. 240


fhiadhnaise neithe dob áil leat do cheilth ort féin.
Oscluigheann sí do shúile ar neithe nách maith leat do fhaicsint. Is
pionós duit do chreideamh: is ifreann duit ar an talamh so féin í, a
pheacaig! Agus dá mhéid do ghéilleann tú don fhírinne is eadh is mó
do phionós! Ó a Thighearna, is mór í do thrócaire don pheacach tré an
tsubháilce do dhéanamh riachtanach dá shíothcháin. Agus tairigeann tú
chughat é tré gan ceadú dho a bheith séanmhar má scarann sé leat-sa!



Cas, a pheacaig, do shúil thar n-ais ort fhéin; agus, siúd is
nárbh'eagla dhuit ar éanchor an tsíorraidheacht, féach an compórdach duit do
staid insa bheatha so féin. Atá do amhgar gan leigheas. Atá do dhonas
gan sólás. Atá do aoibhneas gan suaimhneas. Láithreach, atá agat
peannaid; it dhiaidh atá doilgheas; agus romhat atá aindeise. Is cúis
éadóchais agus tubaiste dhuit do chreideamh. Cad é chomh dona agus atá
do staid! Cad é an sóinseáil anacrach do-níonn aon trom-pheaca
amháin, amuigh agus istig, insa duine! Ó, cad é an duadh do ghlacann duine
chun é féin do ullamhú i gcomhair mí-fhortúin shíorraidhe! Nách
fíor gur gairbhe i bhfad bóthar ifrinn 'ná bóthar na bhflaitheas? Nách fíor
gur deacra do dhuine ríoghacht an dorchais do thaighdeadh amach 'ná
ríoghacht an tsolais do bhuadhchaint? Níl éinne in ifreann ná,
dá bhfuiligeadh sé a leath-oiread i dtaobh a shlánuighthe is do fhulang
sé 'dtaobh a dhamanta, ná go mbeadh sé anois go sámh i bhflaitheamhnas.
Ó a ghloineacht chroidhe, cad é chomh socharamhail is atánn tú don duine!
Ó a dhuine, cad é a gcailleann tú tré ghloineacht do chroidhe do
chailleamhaint! Cailleann tu sólás do chreidimh agus drúcht ghrása Dé do
chompórdann an domhan daonna, dothugann réamh-bhlas di ar aoibhneas na
bhflaitheas, annso thíos i ngleann na ndeór.



AN DARA RANN.
An tan do gheallaimíd - adeir Naomh Auguistín - sólás agus síothcháin
mhilis do anamnacha peacamhla i dtaobh dlighe Dé do choiméad, measaid
nách éan nídh eile na geallamhna so ach cómhrádh breágh tré n-a
molaimíd an tsubháilce; agus uair ná féadann an croidhe nár bhlais
riamh mílseacht na subháilce, a sólás do thuisgint, caithfeam iad do
fhreagairt - adeir an t-athair naomhtha so - agus a rádh leótha: Cionnas
is féidir linn fírinne na neithe adeirimíd libh do chur i dtuisgint díbh?
Oir ní thuigeann sibh ár gcomhrádh. Ní fhéadfam a rádh libh: “Blasaidh
agus tástálaidh chomh milis is atá an Tighearna: oir, an croidhe breóite,
an aigne anrianta, ní bhíonn blas ná meas aici ar neithe naomhtha.
Ach faghaim croidhe do ghrádhann Dia agus tuigfidh sise
cad atá agam dá rádh!



Ní hé mo íntinn oibriú príobháideach ghrása Dé i gcraitheacha
na bhfíoraen do chuir in úil díbh: ach is maith liom a staid shéanmhar
súd do chomórtasú le staid aindeiseach na bpeacach, agus, tré an
gcomórtas san, misneach do chur ar an ndeagh-dhuine agus aiteas agus náire
ar an ndroich-Chríostaidhe.


L. 241


Adeirim libh go bhfuilid a dhá shórd sóláis ag an ndeagh-dhuine ó
ghrása Dé: sólás anama agus sólás corportha. Agus atáid seo araon chomh
riachtanasamhail sin chun séan dhuine insa bheatha so féin ná déanaid
aoibhnis uile an tsaoghail go léir a bheith ina n-ionad.



An chéad sochar inmheadhonach do bhronnann grása Dé ar anam an
deagh-dhuine is é go mbuanuighean sí síothcháin fhírinneach ina chroidhe,
agus go ndéanann sí í sásta léithi féin. Oir, a Chríostaidhthe, atáid
síoltha an chirt, an bhanamhlacht agus an mhacántacht fighte tré anam
gach n-aon againn. Beirthear sinn, fé mar adeir an t-aspol, le riaghail
dlighe Dé scríobhtha ar chlár ár gcroidhe; agus, siúd is nách don
tsubháilce do ghéillimíd ar dtúis, tuigimíd go dian-mhaith gur di ba chóra
dhúinn géilleadh. Is go díomhaoin do mheasann an chuirpeacht
a chuir i gcéill dúinn gur i gcomhair aoibhnis chorportha do cumadh sinn,
agus nách féidir gur cortha troma géilleadh do na claonta san do phréamhuig
nádúr in ár n-anam agus do fhaghann gach n-aon againn in íochtar a chroidhe
fhéin. Ní dhallann an meas fallsa so an t-anam truaillighthe. Dob áil
léithi gurbhfíor é, ach ní fhéadann sí é chreideamh. Atá breitheamh cóir
istig ionainn do ghlacann i gcomhnaidhe páirt na subháilce
i gcoinnibh na gclaonta is annsa linn. Ar measc na bpaisiún is tréine,
cuireann a ghuith ár ndiúité in úil dúinn, agus buaireann sí sinn i
lár ár meadhaire agus ár n-áthais. Is é seo staid ghnáith an drochchoínsiais.
Is céasadóir príobháideach i gcomhnaidhe air féin an
peacach. Dá bhfaghfá radharc ar a chroidhe, do-chífa í ag síor-chomhrac
ina coinne fhéin. Pé áit n-a dtéigheann se, beireann sé leis ualach
buartha nách féidir do éadtromú, trom-chnoc bróin ar anam ná gabhann
leigheas chuige. Donasmhar, mar ná buadhann sé ar a ainmhianta, agus níos
donasmhaire mar ná tigeann leis guith a choínsias do mhúchadh, an faobhar
do bhaint dá phriocadh ghéar atá dá shíor-ghoineadh. A chuirpeacht dá
bhrostú chun uilc, agus a chiall dá chosc ó an olc. Daorann sé é féin
insa nóimeant chéadna n-a ndéanann sé an peaca. Cad dodhéanfaidh sé?
An múchfaidh sé a chiall chun a choínsias do shuaimhneasú? An mbádhfaidh
sé a chreideamh chun maireachtain gan buaireamh ina chuirpeacht? Ach is
eaglaighe i bhfad an dí-chreideamh 'ná an chuirpeacht féin. Maireachtain
gan Dia, gan chreideamh, gan dóchas, gan chráibhe: meas gur mar a chéile
na cortha is déistinighe agus na subháilcí naomhtha; nách éan nídh eile
an duine ach obair na cinneamhna; agus ná fuil ina chomhair, i ndiaidh na
beatha so, ach an neamh-nídh síorraidhe úd as n-ar fhás sé; ná fuil
Dia ná saoghal eile an - hedé an dí-chreideamh, agus fágaim fé nbhur
gciall féin an féidir compórd ar bith do bhaint as smaointe chomh dorcha
leótha so. Ní fhéadann an t-anam go fiú cuimhneamh ortha gan eagla
déistineach.



Is fíor, mar sin, gurab é nídh an dí-chreideamh éadóchas an pheacaig;
ach ní leigheas ar an bpeaca é. Teitheann an peacach uaidh féin, ar
eagla go bhfágfaí ina aonar le n-a choínsias é. Tuiteann sé ó
pheaca go peaca, ó fhaill go faill. Saoileann sé, tré -a ainmhianta
do shóinseáil, go bhfuighidh sé aoibhneas uatha. Oscluigheann sé a
chroidhe go fairsion do gach nídh is dóigh leis do fhéadfadh an cíocras atá


L. 242


air i ndiaidh an tséin do shásamh. Ach freagrann gach nídh aca-san é, ag
rádh leis: Ná meall thu fhéin - ní ionainne atá an sonas do loirgeann tu; ní
fhéadfaimís é do thabhairt duit. Má is maith leat é fhagháil, árduig thu
féin os cionn gach nídh cruthnuighthe; lorg i nDia é, mar is annsan amháin
do-gheóbhair é. Is é seo staid an pheacaig.



Ní hé go bhfuil croidhe an deagh-dhuine chomh socruighthe sin i
síothcháin ná go dtástalann sé, ar uairibh, buairt agus amhgar agus
aindeisí. Ach níl ionnta ach scamall imthightheach do ghluaiseann go luath
ar aghaidh an anama: istig ann atá ciúineas doimhinn, atá suaimhneas
coínsiais, atá símplidheacht croidhe, atá cneastacht spioraide, atá
muinighean bheómhar, atá foidhne shocair, atá síothcháin iomlán is
réamh-bhlas don anam dhiadha ar shuaimhneas na bhflaitheas.



Is é seo an chéad chompórd don bhfíoraen - síothcháin croidhe.
An tara ceann is é seo: go mílsigheann grádh Chríost gach anró do
thagann ar an ndeagh-dhuine; agus go n-éadtromuigheann do, do réir
geallamhaint Chríost, cuing an tSlánathóra air. Oir grádhann an
t-anam aithrigheach a Dia níos déine, níos teódha, agus níos tréine i
bhfad 'ná do ghráidh sí an saoghal roimhis sin. Gach nídh dá chruadha do
fhulaigeann sí ar a shon, ní ghoilleann sé ar a croidhe, ach faghann sí
pléisiúr ann. Oir is é brígh an ghrádha naomhtha, an tan do phréamhuigheann
sé insan anam, go mísligheann sé gach peannaid agus go n-ionntuigheann sé
gach amhgar in aoibhneas. An t-anam atá i ngrádh le Dia, maitheann sí gach
tarcuisne le áthas, fulaigeann sí gach peannaid le dóchas, smachtuigheann sí
a hainmhianta le fonn, tréigeann sí an saoghal le n-a lán-toil. Adeir sí a
húrnaighthe le compórd, agus có-líonann sí a dualgas le blas. Dá dhéine a
grádh is eadh is éadtruime cuing Dé uirthi. Do réir méid a ceana is eadh is
mó a séan; oir is é bárr séin an nídh atá riachtanach dhúinn do
ghrádhchaint.



Ach do thaobh an pheacaig, dá dhéine a ghrádh don tsaoghal is eadh is
mó a dhonas. Do réir iomarca a ainmhianta is eadh is mó chíocras;
agus méaduigheann a dho-shástacht mar a mhéaduigheann a bhréag-aoibhneas.
Is é a ghrádh cúis is thubaiste; is é a chionn ar an saoghal adhbhar a
pheannaid; oir, an saoghal san do ghrádhann sé, ní fhéadann sé
leigheas ar a ghrádh do thabhairt do. Ní líonann a aoibhneas uile an
dúil i ndiaidh séin atá plannduighthe insan anam dhaonna. Dá mhéid
caitheamh aimsire agus pléisiúr atá insa tsaoghal, bíonn an dream do
thaithigheann iad cortha dhíobh insa deire, agus ní bhfaghaid asta ach
buaireamh agus do-shástacht.



Ná saoilidh gur ag moladh na subháilce do mhéaduighim mar seo
tubaiste na saoghalthánach. Atá fhios agam go saoilthar go minic aoibhneas
a bheith ag saoghalthánaigh; go bhfaicthar grádhthóirí an tsaoghail
seo i seilbh shonais do thairigeann formaid cháich ortha. Ach árduig
beagán an folach atá ortha. Féach isteach ina gcraitheacha, agus cad
do-gheóbhair ann ach buaireamh, agus amhgar, agus cogadh coínsiais.
Druid leótha so n-a measann tu gurab iad daoine sona an domhain


L. 243


iad, agus chun do iongantais do-gheóbhair dorcha gruama do-shásta iad, ag
tarrac le péin agus le dochar slabhra trom an choínsiais chuirpig. Ceistig
iad insna nóimeantaí n-a bhfuaraid a bpaisiúin. Éist leótha an tráth n-a
mbíd ar a gcéill; agus admhóchaid duit ná fuilid séanmhar, gur ab é
lonnradh breacadh an tséin atá timcheall ortha, agus gur mó 'naoidhe truagha
ná formada iad.



Tusa féin, a Chríostaidhe, atá ag éisteacht liom, do chaith mórán
bliadhanta i seirbhís na cuirpeacht, ar chuiris do shonas go mór chun
cinn? Cuir ar cheann na meadha gach lá áthasach agus gach nóimeant
sólásach dofuairis. Ar an gceann eile, ina choinnibh sin, cuir gach
aon amhgar agus gach aon dólás dotháinig ort, agus féach ciaca ceann
is truime. Dobhí tráth ann, b'éidir, an tan, ar meisce ó an
bpeaca, adubhairt do chroidhe léithi féin “bonum est nos hic esse”
“is maith dúinn a bheith annso.”
Ach meisce ghearra dob eadh í. Do theaspáin an chéad nóimeant
céille gur aoibhneas fallsa do ghreamuighis, agus do chas arís an
gnáth-bhuaireamh ar do chroidhe. Ceistig an croidhe sin insa
nóimeant so féin. An bhfuil sí sásta? An dteastuigheann éan nídh
ód shonas? An eagla leat éan nídh? An fonn leat éan nídh? An
dtuigeann tu ná fuil Dia id fhochair? An bhfuileann tu sásta le
maireachtain agus le bás do fhagháil insa staid ina bhfuileann
tu láithreach? An ngoilleann sé ar do anam a bheith scartha leis an
Té do chúm thu? Atáid dhá uair déag insa lá: an comh-shéanmhar a
bhíonn tu ins gach uair aca-san? Agus ar tháinig leat do
choínsias do shuaimhneasú ar measc do chlaon-chortha? Siúd fós is
gur chaithis thu féin i ndoimhneas na cuirpeacht chun go múchfá do
choínsias agus go mbádhfá an spréidh bheag san de chreideamh do
labhrann fós led chroidhe i bpáirt na subháilce, nár órduig Dia don
athair nímhe dul agus tu do chealgadh ann? agus ná mothuigheann
tu ar uairibh a fiacla ag breith? “Etsi celaverint se ab oculis
meis in profundo maris, ibi mandabo serpenti, et mordebit
eos”. “Má chlúduighid, adeir Dia, “na peacaigh iad féin i ndoimhneas
na fairge ó mo shúilibh-se, órdóchaidh mé don phiast agus creimfidh
sí annsan féin iad.” Nách fíor gurab iad na laethanta ba séanmhaire
ded bheatha iad so do chaithis i seirbhís Dé - tré oibreacha do
chreidimh do thaithighe, tré do choínsias do athnuachadh i
gcathaoir na faoisdine - agus nár bhlaisis riamh aoibhneas ba mísle
'ná í sin do fhásann ó choínsias ghlan?



A Dhia chomhachtaig, cad é an nídh ar éanchor an duine, go mbíonn sé ar
feadh a bheatha ag síor-chomhrac leis féin? Is fonn leis a
bheith séanmhar gan do chongnamh-sa, it aindeóin-se, tré chogadh leat-sa.
Mothuigheann sé a dhonas, agus grádhann sé an donas san! Tuigeann sé gur
tusa amháin a shonas fírinneach, agus teitheann sé uait-se! Cad é an
nídh an duine, a Thighearna? Cé do thuigfidh doimhneas a shlighte, agus
an síor-chontrálthacht atá ina chroidhe?



In éaghmuis an chompóird chroidhe dobhíonn ag an bhfíoraen ó
ghrása an Spioraid Naoimh do longuigheann ina anam, do fhaghann sé


L. 244


neart agus sólás agus congnamh mór ó na sácraimintí do thaithigheann sé, ó
shampla na naomh, ó theagasc na hEaglaise, ó íodhbairt naomhtha an Aifrinn,
agus ó iomarca na nós eile ndiadha atá ar bun in ár gcreideamh-na. Anois
atáid na toibreacha beannuighthe seo dúnta ar an bpeacach. Atá sé i bhfad
óna Dhia; fé sclábhaidheacht an pheaca; ag cogadh leis féin; a chroidhe
dorcha gan áthas ar bith; go minic gan blas aige don aoibhneas ní mó's 'ná
don subháilce; fuathmhar do dhaoine tré thruaillightheacht a ghníomhartha;
déistineach do féin tré chontrálthacht a dhroch-chlaonta; a
choínsias buartha ag innsint go síor do go bhfuil sé fé ghráin Dé; gan
toradh na sácráimintí óna gcoimeádann a pheacaí é; gan compórd óna
chreideamh le n-ar thug sé a dhrom; gan sólás óna úrnaighthe, de bhrígh go
gcoisceann a bheatha chuirpeach air iad do thaithighe ar éanchor, nó ní
deireann sé mar is cóir iad. Cad é an nídh eile, mar sin, an peacach ach
fuath na bhflaitheas agus sceilimis na talmhan!



An bhfuil fhios agaibh, a Chríostaidhte, cathú searbh na mallathóirí
insa lá san n-a dtabharfaidh Dia luacht a chroidhe agus a chuid oibre
do gach éinne? Saoileann sibh, b'éidir, go mbeidh cathú ortha i dtaobh a
séin atá imthighthe, agus go ndéarfaid: Atáid laethibh ár sóláis eitilte
uainn, agus an saoghal san ina bhfuaireamair ana-chuid séin, níl sé níos
sia ann: ba neamh-bhuaine ár n-aoibhneas 'ná taidhreamh; atá deire le
n-ár sonas, agus atá ár ndonas ag tosnú. - Atánn sibh mealltha!
Ní hí seo a gcaint. Ach cloisidh mar do dheimhnigheann Spioraid Dé
dhúinn do labharfaid an lá san: Níor bhlaiseamair riamh - adéarfaid
- éan sólás fírinneach insa pheaca; do shiubhluigheamair i gcomhnaidhe
i slighte doilgheasa deacara; do choirtheamair sinn féin i mbóthar na
cuirpeacht: ba peannaideamhla dhúinn míle uair na peacaí do leanamair 'ná
dá taithighmís na subháilcí ba aoirde; agus is mó de dhuadh do chosain
sé dhúinn sinn féin do dhamaint 'ná do chosnóchadh ár ndul suas indiu
le na fíoraein i ríoghacht na beatha síorraidhe. Ba sinn na fíor-amadáin,
do cheannuig dúinn féin, le beatha dhoilgheasach pheannaideach, peannaid ná
críochnóchaidh go brách!



Má's maith leat-sa, a Chríostaidhe, gan páirt a bheith agat insna
focail bhrónach so, má's maith leat maireachtain go séanmhair ar an
dtalamh so, mair go críostamhail. “Atá cráibhe socharamhail chun na n-uile
neithe.” Tobar an uile aoibhnis fhírinnig is é coínsias glan. Ionntuig
ar ach taobh. Níl - adeir Spioraid Dé - síothcháin ar bith don mhallathóir.
Tástáil gach uile aoibhneas saoghaltha: do-shástacht, agus
amhgar, agus buaireamh aigne, agus crádh croidhe do-gheóbhair ionnta.



Ná saoil gur mar seo atá ag an fíoraein. Ná meas agus ná tómhas
méid a séin ó neithe fóirimeallach do mheallann go minic. Do-chíonn tu
go deimhin a ndeóra ag rith; ach ní fhaiceann tú an Láimh
bheannuighthe do thíormuigheann suas go tapaidh iad. Cloiseann tu
a gcroidhe ag cneadaig fé ualach na haithrighe; ach ní mhothuigheann


L. 245


tu ola na ngrás do éadromuigheann díobh an t-ualach san. Do-chíonn
tu a mbeatha dhoilgheasach chruaidh; ach ní fhaiceann tu an
coínsias áthasach síor-shuaimhneasach. - Is cosmhail iad le hÁirc Dé
insa bhfásach, n-a raibh an taobh amuigh dhi clúduighthe le rón agus le
croiceann beithidheach, ach dobhí glóire an Tighearna ag deallradh
go míorbhúileach istig innti. Mar sin, is taidhbhse shuarach go
leór a bhíonn ar an bhfíoraen insa bheatha so; amhthaig, dá bhfaghfá
radharc ar a chroidhe, cad iad na neithe iongantacha dochífá ann!
Do-gheobhfá clúduighthe le hór ghlan na ndeagh-oibreacha ; í líonta
le glóire Dé,; baluith mhilis chumhra na subháilcí ar gach páirt di;
túis na n-úrnaighthe ag síor-dhul suas chun Dé; teine a ghrádha naomhtha
ag síor-lasadh ar althóir ghlan an chroidhe; suaimhneas, síothcháin, agus
módhmharacht an Tighearna innti. Do-gheóbhfá Dia féin innti, do thoigh
í mar ionad comhnaidhthe dho féin go brách.



Cuireadh a séan san díogras naomhtha ort-sa, a Chríostaidhe, a
bheith cosmhail leó; oir atá san go huiriste ar do chumas féin. Do
bhíodar-san roimhe-seo, b'éidir, chomh ciontach leat-sa, chomh doimhinn
i gcuirpeacht, chomh truaillighthe i mbéasa, chomh sailighthe in mbeatha;
ach dorinneadar aithrighe. Déin-se aithris ortha, agus buanófar síothcháin
fhírinneach in do chroidhe. Is mithid duit a bheith cortha den
chuirpeacht; is mithid duit scur de bheith ag cogadh leat féin. Fíll ar do
Dhia atá ag glaodhach ort, atá ag feitheamh leat. Scrios cúis do amhgair,
an peaca marbhthach, as do anam. Bíodh do choínsias glan as so suas,
agus mairfir go sona ar an dtalamh so, agus ní bheidh insan t-séan
aimsireach san duit ach tosnú an tséin ná críochnóchaidh go deó.
Amen.



Risteárd Ó Foghludha
do chuir in eagar.