An Raoile agus an tArbhar i nGort Dé

B.Á.C.: Brún agus Ó Nualláin (1834c)

Muiris Paodhar; eag. Risteárd Ó Foghludha




AN RAOILÉ AGUS AN tABHAR I NGORT DÉ.



Risteard Ó Foghludha, D. Litt. Celt.



Cum dormirent homines, venit inimicus homo et superseminavit zizania
in medio tritici.



An fhaid dobhíodar na daoine ina gcodladh, dotháinig an namhaid
agus do chuir sé raoilé tríd an gcruithneacht - Matt. xiii.25



Is i ngort an fheoirmeóra do cuireadh an droch-shíol tríd an arbhar
folláin; agus is in Eaglais Dé do mhairid na peacaig ar measc na bhfíoraen.
Le dorchas na hoidhche, nuair do thuit suan ar dhaoine, is dorinn
an namhaid foghail ar an ngort; agus is ar feadh aimsir dhorcha an bheatha so
dothugann namhaid Dé agus daoine fobha orainn, agus do chuireann sé na
droch-phlanndaí ar measc na gcrann folláin. Ní thagann sé an uair a bhímíd
inár ndúiseacht, an fhaid dobhíd ár súile oscailte agus aire agus coimeád
againn orainn féin; ach an tráth a bhíonn daíll-chiach agus ceó agus smúit
na n-ainmhianta ar ár súilibh, is annsan do shleamhnuigheann an diabhal
isteach inár gcroidhe, do chuireann sé síol an pheaca inár n-anam, agus
sluagh iomarcach 'mhallathóirí sa chríostamhlacht.



Do fhéadfadh Dia, lena sméide amháin, le aon phuith dá anáil,
iad go léir do dhísciú ar leagadh na súl. Ach feithimheann sé leis an
bhfoghmhar, 'sé sin le deire an tsaoghail seo, le lá an bhreitheamhnais
dhéanaig, nuair do chuirfidh sé a bhuanthóirí amach agus piocfaid siad an
raoilé amach as an arbhar folláin: 'sé sin, órdóchaidh sé dá aingil
na deagh-dhaoine do dheighilt ó na peacaig, iad súd do chur ar a láimh
deas agus iad so ar a láimh clé, chun na fíoraein do bhreith leis suas ina
ríoghacht, agus chun na mallathóirí do chaitheamh síos sa teine shíorraidhe.
“Cnósuighidh,” adéarfaidh sé leó, “an raoilé agus ceangluighidh suas 'na
beartaibh í i gcóir a dóighte; amhthaig bailighid an chruithneacht isteach
im scioból.”



Níor tháinig an t-am so fós, a Chriostaidhthe. Níor deárnadh an
deighilt seo fós, agus chun go ndéanfar í, mairfeam-na ar measc
mhallathóirí agus mairfid san eadrainne. Baineann sé mar sin libhse, a
chlainn Chríost, fios a bheith agaibh cionnas is ceart daoibh sibh féin do
iomchar 'na dtaobh, agus cad é an pháirtidheacht agus an comhluadar is ceart
daoibh do choimeád leó.



AN CHÉAD RANN



An té - adeir naomh Auguistín - do loirgeann an fáth n-a gceaduigheann
Dia peacaig a bheith meascaithe le deagh-dhaoine, scrúduigheann sé nidh atá
thar a chumas agus thar a thuisgint: do-chímíd go gceaduigheann Dia é, agus ní
beag dúinne san. Ach na réasúin le n-a lualann sé sin, ní fhéadfam a
bhfagháil amach sa bheatha so. Ámhthaig,


L. 20


buaineann sé go mór linn eólas do bheith againn cionnas do
iomcharuighimíd sinn fhéin 'na dtaobh. Agus cé thabharfaidh an
t-eólas san dúinn? Atá, Dia féin. Is é 'iomchar san is sampla do ár
n-iomchar-na phoínnte seo.



Is é Dia an naomhthacht iomlán; agus comhnuigheann sé, a Chríostaidhthe,
i bhfochair na bpeacach. Ach is le riachtanas dobhíonn sé 'na bhfochair,
agus déan sé a dhícheall iad so shlánú. Teaspáineann so cad atá
againne le déanamh: gur ceart dúinn a gcomhluadar do sheachaint má's
féidir linn é; agus marar féidir - má chuireann riachtanas ár staid
'fhiachaibh orainn a bheith 'na gcuideachtain - é ionntáil chun a dtairbhe
sin agus chun ár maitheas féin.



An té éisteóchadh le comhrádh Dé insa Scriptúir, adéarfadh sé
go mbíonn Dia, le sórd éigin contrálthacht, i bhfochair na bpeacach agus ná
bíonn sé 'na bhfochair; go dtairigeann sé é féin uatha agus ná tairigeann.
Cloisidh cionnas do labhrann sé fein ar an bpoínnte seo: “Líonaim,”
adeir se, “neamh agus talamh, agus pé áit, pé am, ina mbíonn an peacach, ní
fheadfaidh sé dul i bhfolach ormsa: pé gníomh do-níonn se, bíonn
mo shúil-se i gcomhnaidhe air.” Hedé Dia i bhfochair an pheacaig ins gach
am agus áit. Arís: “Atá doilgheas orm,” adeir sé, “i dtaobh an duine do
chruthú, agus tairiceóchad do spioraid uaidh de dheasca sailightheacht a
ghníomhartha.” - Hedé Dia scartha ón bpeacach chun é smachtú. “Cá
rachad uait, a Thighearna,” adeir rí Dáth, “nó cá dteithfead ód
aghaidh-se? Má sceinnim suas le sciatháin fiolair ar neamh, atá tú ann;
agus ná théighim síos go hifreann, atá tú ann romham,” - ag imirt do
chruadh-cheart ar an muíntir mí-fhortúnach do chomhnuigheann san áit
tubaisteach úd.



Comhnuigheann Dia mar sin - adeir Naomh Ierom - i bhfochair an
dream damanta; ach 'na choinnibh sin, éistígh le mallathóir ag dul in
éadóchas de bhrígh gur fhág Dia é; “Coarctor nimis et Deus recessit
a me”: “Atáim cumhaingithe ró-mhór agus do imthig Dia uaim.” Ní
ceart, mar sin, Dia do lorg i gcuideachta an pheacaig.



Cionnas do sheasóchaidh na neithe seo le chéile?



“Atá Dia i bhfochair na bpeacach,” adeir Naomh Tomás Acuine, “de
bhrígh riachtanas a cháilidheachta; agus níl sé 'na bhfochair le
grádh ná le cion orra.” Riaghlann sé gach nídh lena eagna, ceartuigheann sé gach nídh
lena chomhachta, agus cothuigheann sé iad le mhaitheas. “Lonnruigheann,”
mar adeir Íosa Críost, “a ghrian ar an ndroch- agus ar an ndeagh-dhuine, agus
tuiteann a fhearthain anuas ar an bpeacach agus ar an bhfíoraen.” Is
dualgaisí generáltha iad so do bhaineann le Dia san mhéid gurab é Cruthóir gach
créatúra é. Ach chomh luath is do thuiteann an duine i gcoir an pheaca,
briseann Dia gach aon cheangal speisialtha, gach aon charadas agus muíntearas
dobhí idir é féin agus an duine sin. Ní bhíonn éan choimeád speisialtha
aige air mar a bhíonn ar an ndeagh-dhuine. Ní bhíonn éan cheangal
grásamhail aige leis mar a bhíonn leis an bhfíoraen. Agus ní chomhnuigheann
sé níos sia ina anam mar do-níonn sé in anam an Chríostaidhe mhaith.



An teagasc nach fuláir dhúinn do bhuaint as so is é, sampla


L. 21


Dé do leanamhaint: ó fhulaigeann sé sin le peacaig, go bhfuiliceóchaimís-ne
leó mar an céadna; agus san le réasún - mar adeir Naomh Auguistín - oir,
an tráth a bhíomar féin go holc, go cuirpe, agus go hanrianta, do chuireadar
daoine eile suas lenár gcuirpeacht agus lenár n-anriantacht, agus do
iomcharuigheadar lenár ndroch-bhéasa; agus dá bhrígh sin - adeir sé - is ceart
dúinn gan ár bpeacaí fhéin do dhearmhad go bráth chun go mbeadh ár gcroidhe
líonta i gcomhnaidhe le truagh agus le carthanacht do chách eile.
“Cum tolerantia vivendum nobis est inter malos, quia cum mali essemus,
cum tolerantia vixerunt boni inter nos”: “Le foidhne mhór,” adeir sé,
“is ceart dúinn maireachtain idir dhroch-dhaoine, oir, an uair
dobhíomair fhéin go holc, is le foidhne mhór do iomcharuigheadar
deagh-dhaoine iad féin inár dtaobh-na.” - Tugaidh fé ndeara
ná deir na naomh so gur ceart dúinn an chuideacht pheacamhail do
ghrádhchaint, ná do lorg, ach í dfhulang le foidhne, chun go mbeadh ár
n-iomchar-na cosmhail le hiomchar Dé.



Atá, mar sin, caidreamh agus ceangal againne le droch-dhaoine nach féidir
do bhriseadh; agus dá mb'fhéidir fhéin, ná beadh ceaduighthe dhúinn a
scaoileadh. Ar cheart do athair scaramhaint lena chlainn mhí-riaghaltha?
nó do bhean lena fear mí-bhéasach? nó do íochtaráin lena máighistir
droch-shamplach? Gan amhras níor cheart: coisceann dlighe an diúité
agus dlighe an riachtanais é.



Ach, leath-is-muigh de cheart, de dhiúité, agus de ghátar, an té do
thoghann go toiltheannach droch-chuideachta, an té loirgeann muíntearas
agus caradas droch-dhaoine, téigheann sé díreach i gcoinnibh dlighe Dé
agus i gcoinnibh órdú aspoil an tSlánathóra: “Denunciamus vobis ut
subtrahatis vos ab omni fratre ambulante inordinate”: “Fógram oraibh,” adeir
Naomh Pól, “in ainm an tSlánathóra Íosa Críost, sibh fhéin do tharrac
ó chuideachta gach aon Chríostaidhe do mhaireann go mí-riaghaltha.” Do
chuireas im chroidhe - adeir an fáidh ríoghamhail - comhluadar na
bpeacach do sheachaint agus teitheadh ó chuideachta na mallathóirí, agus san
le grádh dom Dhia agus le cion orm fhéin. Éistíg, a Chríostaidhthe, le
comhrádh Dé féin ag cosc ar an bpobal Eabhra muíntearas do dhéanamh le
na droch-dhaoine dobhí ina gcomhursanacht, agus ag fógairt orra gan
cleamhnas ná caidreamh do bheith aca leó: “Is sibh-se,” arsa Dia leo,
an tráth dothug sé seilbh Thír na Geallamhna dhóibh, “is sibh-se mo
phobal féin: do thoghas sibh ar measc náisiún an domhain go léir chun a
bheith umhal dam agus mo réir do dhéanamh i gcomhnaidhe: ní dhéanfaidh
sibh muíntearas le héan chine eile, agus ní bheidh cleamhnas ná pósadh
agaibh le neach díobh sin.” “Cave ne unquam cum habitatoribus terrae
illius jungas amicitias”: “Tugaidh aire mhaith agus ná déanaidh
caradas le háitreóirí na tíre sin.” Agus arís deir sé linne tré bhéal
Naomh Póil: “Hereticum hominem devita!” Má's maith leat - adeir sé -
do chreideamh do choimeád glan, seachain an t-eiriceach! cosain thu féin,
ní amháin ar éan pháirtidheacht a bheith agat 'na chreideamh fallsa,
ach fós ná coimeád a chuideachta más féidir leat é. Agus coisceann sé


L. 22


comhluadar le drochChaitilicí: “Adubhairt libh cheana agus do scríobhas
im leitir chughaibh,” adeir sé le Críostaidhthe Corinth, “gan éan
pháirt a bheith agaibh le lucht droch-bhéasa do leanamhaint.
Má atá cion drithár agaibh ar éinne,” adeir sé, “agus má leanann an té
sin mí-bhanamhlacht, nó cúlchaint, nó bréaga, nó bitheamhantas, nó éan
droch-chleachtadh eile, ná caithid biadh i bhfochair a leithéid sin,
ar eagla go dtruailleóchadh a chomhluadar sibh.”



Is maith le Dia go ndéanfaimís láithreach an nídh dodhéanfaidh
sé féin lá an bhreitheamhnais. Oir, an tráth dothiocfaidh Mac Dé
chun breith do thabhairt ar an ndomhan, éireóchaid na peacaig leis na
fíoraein, ach scarfar gan mhoíll lena chéile iad. Cuirfidh Críost a
aingil amach agus deighilfid na caoire ó na gabhair. Chun, mar sin, ná
beadh gátar ag Dia a aingil do chuir amach chun na fíoraein do chuardach
ar measc mhallathóirí, is mian agus is maith leis go scarfaidís na deagh-dhaoine
iad féin sa bheatha so ó na peacaig.



An tráth dothánadar an cine Iúdach isteach go tír Ceanán, do
bhuail cathair thréan umpa, cathair Ierichó. Dobhí seacht bhfallaí láidire
timcheall uirre, agus í líonta de lucht cogaidh. Do gheall
Dia go dtabharfadh sé seilbh na cathrach dóibh gan éan chath, agus do órduigh
sé dhóibh dul isteach timcheall uirre seacht n-uaire, agus an seachtmhadh uair,
an tráth do shéidfidís na sagairt na hadharca, go dtuitfeadh na fallaí.
Agus do fhógair dhóibh, dá mba maith leó a chongnamh fhéin do bheith i
gcomhnaidhe 'na bhfochair, gan buaint le héan chuid de éadáil na cathrach;
ach, thar éis an lucht dobhí innti do mharbhú, an t-éadach, an t-ór,
an t-airgead, an biadh agus gach nídh eile dobhí innte do dhóghadh agus do
loscadh.



Do ghabhadar seacht n-uaire timcheall ar an gcathair, agus nuair do
séideadh na hadharca do thuiteadar na fallaí tréana chun talmhan, agus do
ghabhadar an chathair, agus do mharbhuighdar gach éinne dobhí innti. Ach
do bhuain éinne amháin leis an éadáil choiscthe.



Beagán 'laethibh 'na dhiaidh sin, dothugadar na Iúdaig amas ar bhaile
bheag dobhí 'na n-aice; ach do briseadh orra. Agus adubhairt Dia leó
ná beadh seasamh aca lena namhaid, agus ná tabharfadh sé féin cabhair ná
congnamh dóibh, muna scriosfaidís an duine ciontach as a measc. Do throisc
Iosua agus an pobal go léir an lá san, agus do ghuidhdar Dia go dícheallach
an té dobhí ciontach ar a measc do fhoillsiú dhóibh.



Ar maidin go moch do éirigheadar agus do chaitheadar crainn, agus do thuit
an crann ar fhear n-arbh ainm do Áchan. “A mhic ó,” arsa Iosua leis,
“tabhair glóire do Dhia agus innis cad do dhéanais.” “Do pheacuigheas,” arsa
Áchan, “i gcoinnibh órdú Dé agus i gcoinnibh do órdú-sa. Agus so ar
dhéanas: Dochonnarc, ar measc na héadála, brat álainn corcra, dhá
chéad píosa airgid, agus díng óir, agus do ghlac saint me chúcha. Do bhailigheas
chugham iad agus atáid i bhfolach ina leithéid seo de áit im chábán.



Do chuir Iosua teachtairí agus dofuaradar gach aon nídh mar adubhairt
Áchan, agus thugadar an brat, an t-airgead, agus an díng leó, agus do chaitheadar i
láthair althóir Dé iad. Annsan, le hórdú an Tighearna, do tógadh


L. 23


Áchan agus a mhuíntir agus a shealbhúchas saoghaltha go gleann dobhí 'na
n-aice, agus do loisceadh iad, agus do cuireadh carn mór cloch anuas ar a
luaithreán. Agus do naomhuigheadh mar seo an pobal, agus do hionntuigheadh
fearg Dé uatha.



Tuigeann sibh as so gur minic do thairigeann aon droch-dhuine amháin
buairt agus briseadh ar an náisiún go léir, agus go ndéanann a dhíbirt mórsheirbhís
don choitcheantacht. Tóg ó thig áirithe seirbhíseach
malluighthe atá ann, agus ba thig naomhtha é. Díbir óna léithéid seo de
bhaile bean chúl-chainteach dhroch-labharthach atá ann, agus in ionad an
mhioscais agus an suathadh agus an cheannairg atá anois ann, dobheadh síothcháin
agus muíntearas agus grádh Dé agus na comharsan ann. - Atá, insa pharróiste seo,
a trí nó a ceathair de dhaoine, agus atáim deimhnitheach gur mó 'dhíoghbháil
do dhéanaid siad do na daoine eile 'ná dá mbeadh dosaen deamhan ag siubhal
orra ó cheann den bhliadhain go dtí an ceann eile!



An té thaithigheann droch-chuideachta, tugann sé tarcaisne do Dhia
agus droch-shampla dá chomhursa, agus déanann sé árd-díoghbháil dá anam
féin. Cad é an tuairim dothabharfadh sibh-se do mhac athar mhaith dobheadh
muíntearach agus páirteach le namhaid 'athar, do choimeádfadh cuideachtain
leó so dobheadh ag síor-dheargadh ar an athair sin, agus dobheadh ceanamhail
ar an dream dodhéanfadh gach aon lá urchóid dá athair - cad adéarfadh
sibh lena leithéid sin de mhac? Adéarfadh sibh, gan amhras, le fírinne,
gur dhroch-mhac é, gur mhac mí-nádurtha, mí-chumannaach, malluighthe é. -
Is tusa féin, a Chríostaidhe, an droch-mhac san. Coimeádann tu cuideachta
pheacach is namhaid don Dia is athair duit. Bíonn muíntearas agat le
mallathóirí do dhéanann deargadh an smeara gach aon lá ar Dhia.
Bíonn cion agus caidreamh agat le droch-dhaoine
do athnóchann créachta Chríost agus do athchéasann go laethamhail é:
“impio praebes auxilium et his qui oderunt Dominum amicitia jungeris,
idcirco iram mereberis”: “tugann tu congnamh don droch-dhuine,
agus atáir ceangailthe i gcaradas leis
an dream do fhuathuig Dia: dá bhrígh sin do thuillis go dtuitfeadh a
fhearg san ort.”



In' éaghmais sin, féach chun do chreideamhaint fhéin. Cad é an
meas dobheidh ag éinne coinsiasach ort an tráth do-chífid thu ag gnáthú
droch-chuideachtan? Nách dóigh leó, agus san le ceart, go bhfuileann tu
gach aon phioc chomh olc led dhroch-chompánaig? - oir mara mbeadh go
ngrádhann tu a mbéasa, ní bheifá chomh minic sin 'na bhfochair.



Ach adéarfair nách le héan droch-íntinn dothéigheann tu ann, go
bhfuileann tu glan i radharc Dé, agus ná fuil suím agat ann cad déarfaid
ná mheasfaid daoine. “Cuímhnig,” adeir Naomh Ierom, “go bhfuil 'fhiachaibh
ort, ní amháin do choínsias fein a bheith glan i láthair Dé, ach fós
gan éan chúis cainte ort do thabhairt do chách eile. Féach,” adeir sé,
“cad é an teagasc dothugann Naomh Pól uaidh insna focail seo: “Non
solum providemus bona coram Deo sed etiam coram hominibus”: ...
“Soláthruighimís deagh-oibreacha ní amháin i láthair Dé, ach fós os
comhair daoine.” Agus féach,” adeir sé, “cad dorinn an t-aspol céadna
san, cé go raibh 'anam


L. 24


soillsighthe le solas an Spioraid Naoimh, agus a
choínsias glan ó pheaca i radharc Dé: do mheas sé ná faicfeadh sé
choidhche glóire an Tighearna dá dtabharfadh sé, agus san gan éan chiontú
uaidh fhéin, cúis scannail do chách eile; agus dá bhrígh sin ní íosfadh
sé biadh dobhí ceaduighthe dho do ithe, ar eagla go nglacfadh an dream
lag-choínsiasach dobhí láithreach scrupal dá dheasca.” - Anois, a
Chríostaidhthe, is gátaramhla i bhfad biadh do ár gcolainn 'ná an chuideachta
do thaithighimíd; agus ó mhúineann sampla an aspoil dúinn gur ceart
ithe an bhídh féin do sheachaint an tráth do chuirfeadh san scannal ar
chríostaidhthe laga, nách mó 'ná san an ceangal atá orainn droch-chomhluadar
do shéanadh nuair dothugann san cúis scannail do ár
gcomh-chríostaidhthe?



Arís, féach ar méid na díoghbhála do-níonn tu dod anam fhéin
tré chuideachta den tsórd do thaithighe. Cionnas do fhéadfair do chroidhe
do choimeád glan agus do choínsias neamh-chiontach? An té chomhnuigheann
in áit aicídeach tógfaidh sé, luath nó mall, an tinneas. An té
chuimleóchaidh a láimh de phic ceanglóchaidh sí leis. An té ghrádhann
an chontabhairt - adeir Dia féin - millfear ann é.



Féach na fáidhí, dobhí neartuighthe i ngrása Dé; na haspoil do
bhí buanuighthe i naomhthacht Chríost; na mairtírigh dobhí dainginithe i
subháilce an Spioraid Naoimh - chomh dícheallach is do sheachnuighdís cuideachta
dhainséarach, agus dothigeadh faitcheas agus eagla orra an tráth do thárluighdís
ann. Anois, a Chríostaidhe, ní treise tusa 'ná na daoine naomhtha so: cad
é an dánaidheacht díchéilleach duit-se meas go mbeir sábháltha san áit
do shaoileadar san go mbeidís caillthe?



Canathaobh gur choisc Dia go dian ar an bpobal Eabhra muíntearas do
dhéanamh le h-éan chine stróinséartha? Atá, de bhrígh go raibh 'fhios
go cruinn aige go dtairiceóchadh an caidreamh san chun droch-chreidimh agus chun
droch-bhéasa iad; fé mar dorinn i ndeire an scéil. Oir,”commixit
sunt inter nationes et didicerunt opera eorum”: “Do chómheascadar iad
féin le náisiúin eile agus do fhoghlamuighdar a mbéasa.”
Do íodhbruighdar a mic agus a n-ingheanacha do na deamhan, agus do dhoirteadar
fuil neamh-chiontach a gclann in onóir na ndiabhal: dá bhrígh sin do
lasadh fearg Dé 'na gcoinnibh agus dothug sé léirscrios orra.



Féach Solamh na céille: cionnas do tairigeadh é ina chríonnacht
chun déithe fallsa do adhradh; agus dodeárnadh amadán den duine ba
eagnaighe dár mhair riamh de dheasca droch-chomhluadair. - An rí naomhtha
Dábhí: do thuit in adhalltharnas agus dorinn murdar de dheasca cuideachta
contabharthach. - Samson an tréan-fhear: dobheireadh geata na cathrach ar
a ghualain leis; do strac leómhan láidir as a chéile; agus do mhairbheóchadh
míle fear, féna n-arm agus n-a n-éide, agus gan aige 'na láimh ach cnámh
géille asail; do chaill sé a neart, agus a shúile, agus a shaoghal le
droch-chuideachta. - Ar an aiste céadna, prionnsa na n-aspol agus dóirseóir na
bhflaitheas, Naomh Peadar: do shéan sé a Mháighistir beannuighthe, ár
Slánathóir Íosa Críost, mar gheall ar dhul ar measc dhroch-dhaoine.



An bhfuileann tusa, a Chríostaidhe, níos eagnaighe 'ná rí Solamh?


L. 25


níos naomhtha 'ná rí Dábhí? níos treise 'ná Samson? nó an mó do
chreideamh 'ná creideamh Naomh Peadair?
Agus do thuiteadar san, agus míle milliún duine nách iad, i bpeacaí móra
troma mar gheall ar dhroch-chomhluadar do choimeád.



Á, is fíor, is ró-fhíor an chaint adeir Naomh Pól insna focail
seo: “Nolite seduci, corrumpunt mores bonos colloquia mala”:
“Ná bídh mealltha, truailligheann droch-chomhluadar béasa maithe”;
agus is dóigh liom go bhféadfaidh gach éinne atá ag éisteacht liom fiadhnaise
do dhéanamh ar fhírinne an ráidhteachais sin. Caitheadh gach éinne
súil thar n-ais ar a bheatha imthighthe, agus do-chífidh sé gur droch-shampla,
nó droch-chuideachta, nó droch-chomhairlig, do thairig ar dtúis chun peaca
é. Féach gach aon bhitheamhnach, gach aon chladhaire, gach aon robálaidhe,
gach aon mhurdréir, dobhíonn dá chrochadh - cad do fhágaid lena
n-udhacht? Nách iad so na focail déanach dothagann as a mbéal:
“Á, mara mbeadh droch-chuideachta ní thiocfainn chun an chríoch náireach
só” - “Quis nescit,” adeir Tertullianus i leabaidh a bháis, ag tabhairt
comhairle dá mhnaoi, dá bpósfadh sí thar éis a bháis, gan cleamhnas do
dhéanamh le eiriceach, “obliterari quotidie fidem commercio infideli”:
“Ce atá in ainbhfios ná go laguighthar go laethamhail an
creideamh le cuideachtanas eiriceach.” Agus cé cheisteóchaidh ná gur mó
anam diadha do tairigeadh chun uilc le comhrádh agus le sampla dhuine éigin
mhuínteara mhí-riaghaltha!



An braon uisce do thuiteann go minic, pollann sí an chloch chruaidh.
Is mar sin do shúncálann an droch-chomhairle, an droch-shampla, an
droch-bhéas do-chítear go minic, san anam folláin. Ar dtúis, bíonn sórd
éigin gráin againn ar an ndroch-bhéas; ach nuair dothéighimíd ina
thaithighe, imthigheann an ghráin sin agus déanaimíd mar chách eile, agus
leanaimíd é gan scrupal. Hedé an fáth n-a ndeir an seanfhocal: Innis dam
do chuideachta agus inneósad duit cé hé thu féin.



Ní fuláir duit mar sin, a Chríostaidhe, briseadh le gach aon chuideachta
chontabharthach. Dá mba annsa leat iad 'ná do shúil, dá mba
riachtanasamhla dhuit iad 'ná do láimh dheas, is éigean scaramhaint leó;
do réir mar do chomhairligheann Críost duit insna focail seo “Má's
ciontach,” adeir se. “do láimh dheas le scannal do thabhairt duit geárr
díot í agus caith uait í; oir is fearra dhuit dul go flaitheas Dé ar leath-láimh
'na dhá láimh do bheith ort agus do dhul go hifreann, i dteine nách
féidir do mhúchadh, an áit ná faghann an phiast bás agus ná múchtar an
teine. Agus má's ciontach do chois le scannal do thabhairt duit,
geárr díot í; oir is fearra dhuit dul go flaitheamhnas ar leath-chois 'ná
do dhá chois do bheith agat agus do chaitheamh síos go hifreann, áit
ná fuighidh an phiast bás agus ná muchfar an teine. Agus má's ciontach do
shúil le scannal do thabhairt duit strac amach as do cheann í; oir
is fearra duit, srl.” - Is iad so focail bhur mBreithimh agus bhur Slánathóra
Íosa Críost, agus fágaim fúibh-se, a Chríostaidhthe do thaithigheann an
droch-chuideachta agus do ghrádhann an droch-chomhluadar, machtnamh go grinn
orra.


L. 26


AN DARA RANN



Is fírinne chinnte, a Chríostaidhthe, siúd agus go bhfuil an peaca 'na
árd-olc ann féin, agus gur tarcaisne speisialtha i gcoinnibh Dé é,
go n-ionntuigheann Dia é chun a ghlóire agus chun a mhórthachta do mhéadú.
Oir ní cheadóchadh sé ar éanchor sa domhan é mura mbeadh gur féidir
dho é a ionntáil chun a ghlóire; agus is túisce do dhísceóchadh sé a bhfuil
de pheacaig ar an dtalamh 'ná aon cheann amháin aca do fhaiscint air, ná
méadóchadh, ar shlighe éigin, a mhórthacht. Le peaca - adeir Naomh
Auguistín - gortuigheann an duine é féin, ach ní féidir dho maitheas
Dé do chosc leis. Is oibreoir iongantach Dia, agus ionntuigheann sé
lochtaí na hoibre chun a mholtha féin. Do chruthuig Dia lena chomhachta
gach nídh go maith; amhthaig, tré mhailís an diabhail, agus tré chionta na
ndaoine, tagann milleadh agus truailligheacht an pheaca agus do loiteadh an
obair mhaith sin. Ach tairigeann Dia lena eagna maitheas as an olc féin.



Féach cad é an úsáid do-níonn sé de na peacaig atá sa domhan - cionnas
do ionntuigheann sé iad go léir chun a ghlóire. Teaspáineann sé
a ghrása míorbhúiltheach insna págánaig; oir an bhfuil éan nídh do
neartuigheann fírinneacht ár gcreidimh níos mó 'ná an domhan go léir do
tharaint chun eólas an chreidimh sin le teagasc dhosaen iascairí bochta?
Úsáideann sé na heiricidí chun sinn do dhainginiú inár gcreideamh.
Agus na Iúdaig - an fuighlach mí-fhortúnach san de phobal Dé, an chlann
mhalluighthe sin dotháinig ó shinnsear bheannuighthe - fanaid fós ar an
dtalamh so mar fhiadhnithe ar fhírinne Chríost. Is raoilé iad so go léir
i ngort Dé; ach ionntuigheann sé sin iad chun a ghlóire fhéin agus chun
tairbhe an arbhair fholláin. Foillsigheann i míle slighe a cháilidheachta
naomhtha leó; sciúrsálann sé leó na peacaig; agus tástálann leó na
fíoraein.



An uair do léirscriosadh cathair Ierusalem fé an Ímpire Titus,
do úsaid Dia árd-mhianas na Rómhanach chun a dhíoghaltas do imirt ar na
Iúdaig. Ba pheacamhail árd-mhianas na Rómhánach, ach dobhí díoghaltas
Dé dlightheach. Cad dorinn na tíoránaig do mheas an t-ainm Críostamhail
do scrios amach as an náisiún so? In ionad na gCríostaidhthe do dhísciú,
do mheaduigheadar iad ann. Do líonadar an domhan le fiadhnithe ar chreideamh
Chríost. Do líonadar an Eaglais le martairí cródha, agus flaitheas Dé le
naoimh ghlórmhar.



Is fíor, mar sin, go méaduigheann Dia a ghlóire agus ár dtairbhe-na
le peacaig. An tarcaisne do fhaghann sé óna mailís agus óna malluightheacht,
cúitigheann sé ón mailís agus ón malluightheacht chéadna é.



Is mar seo nách fuláir dhúinne do dhéanamh, má's éigean dúinn,
tré riachtanas ár staid, comhnú ar measc pheacach: an chuid is lugha
dhe, do réir shampla Dé, an comhluadar san do ionntáil chun ár dtairbhe
fein; an mhaith do tharrac as an olc. Oir, pé nídh do dhéanann an
peacach n-ar gátar dham maireachtain 'na fhochair, má


L. 27


bhíonn spioraid mo Athar naomhtha Dé go fírinneach im chroidhe,
múinfidh sé ceacht maith dham, agus tabharfaidh sé cae fhabhrach
dam mo anam do naomhú. Má chéasann
sé me, foghlamóchad foidhne as an gcéasadh san. Má's namhaid dam é,
beidh cae agam as san mo charthanacht do chuir i ngníomh. Má eirigheann sé
os mo chionn anáirde le spioraid an uabhair, múineann sé dham meas umhal
a bheith agam orm féin. Má bhíonn sé feargach liom, oibrigheann sé mo
cheannsacht. Má thuiteann sé i bpeacaí scannalach, corruigheann sé suas
mo thruagh dho agus mo dhíograis.



Téighim níos sia agus adeirim - leis an bPápa Naomh Gregorí - ná beadh
an fíoraen iomlán, ná beadh sé críochnuighthe i subháilce ná daingean
i naomhthacht, mura mbeadh gur cheaduig Dia dho maireachtain tráth éigin
dá bheatha i gcomhluadar peacach. Agus canathaobh san? Atá, de bhrígh
gurab é an comhluadar san do scriosann agus do ghlanann óna lochtaí é,
do sciúrálann a dhroch-bhéasa dhe. Oir cionnas dodhéanfadh - adeir an
t-athair naomhtha so - an fíoraen aithris ar charthanacht Mhic Dé
do órduigheann dhúinn ár namhaid do ghrádhchaint, maith do dhéanamh in
aghaidh an uilc, guidhe ar lucht ár gcéasta, chun go mbeimís inár gclainn
fhíoraenach ag an athair trócaireach san do chuireann fearthain
a ghrása anuas ar anam an mhallathóra chomh maith agus do chuireann ar anam an
fhíoraein, agus n-a lonnruigheann grian a ghrádha ar chroidhe an pheacaig
chomh te is do lonnruigheann sí ar chroidhe an deagh-dhuine - cionnas do
fhéadfadh sé so do dhéanamh mura mbeadh tarcaisne, agus éagcóir, agus bréaga,
agus cúl-chaint le maitheamh do chách eile aige? An saighdiúir ná tástálthar
i gcath ná i gcogadh, ní thuilleann sé moladh agus ní dleathach buidheachas
do bhreith leis. Is mar sin díreach don Chríostaidhe: níl buidheachas
ná moladh le fagháil aige óna Chaptaoin Íosa Críost mura gcuiridh
sé suas go foidhneach agus go cródha le contrálthacht agus le fonóid agus le cnáid
agus le céasadh ó pheacaig.



Níl éan nídh níos cinnte, a Chríostaidhe, ná, dá mbeadh fíordhíograis
orainn ár n-anam do shábháil, agus fíor-fhonn orainn dul ar ár
n-aghaidh i subháilce agus breisiú i ngrása Dé, ná go mbíonn cae againn
san do dhéanamh gach aon lá do eirigheann orainn. Oir, ar fhaiscint
dúinn na bpeacaí troma ina dtuitid ár gcomh-chréatúirí, dá machtnuighmís
mar is ceart orainn féin, dobheadh ár gcroidhe líonta le buidheachas do
Dia i dtaobh sinne do chosaint ina thrócaire ó thuitim insna cortha tubuisteacha
san; dobheadh ár n-anam tuilthe le humhlaidheacht agus le haithrigh,
ar eagla go mbeadh sé de dhonas orainn fhéin an cleas céadna do dhéanamh;
dobheadh ana-thruagh againn do pheacaig bhochta, agus do ghuidhfimís Dia go
dúthrachtach ar a son, oir níorbh fhios dhúinn ca tapamhlacht dobheimís
féin sa reacht chéadna nó béidir níos measa. Is foidhneach agus is sásta
dobheimís dá dtugaimís fé ndeara go bhféadfaimís ár bpeacaí troma
fhéin do chúiteamh, agus ár bprugadóireacht do dhíol sa bheatha so, tré
chuir suas le lochtaí ár gcomhursan agus tré ualach cách eile do iomchar.
Ach fóríor, ionntuighimíd an nídh dodhéanfadh ár dtairbhe chun ár
n-urchóide. 'Sé íntinn Dé go naomhóchadh comhluadar na


L. 28


bpeacach sinn an tráth is gátarach dhúinn é thaithighe; amhthaig,
trén-ár gcionta fhéin, truailligheann sé sinn.
Tairigeann Dia a ghlóire as, ach tairigimíd-ne
ár ndonas uaidh.



Ceaduighidh dam, a Chríostaidhthe, páirt dom rún do leigeant libh.
- Tagann osna agus cnead im chroidhe an tráth dochloisim duine ag gearán a cháis
agus ag cuir mhilléan a pheacaí ar mhí-riaghalthacht a mhná agus a mhuíntire.
Nuair dochloisim bean ag innsint dam gur de dheasca í bheith ceangailthe de
fhear mhí-bhéasach mhalluighthe do pheacuighean sí, cad é an freagra is
féidir dhamh-sa do thabhairt uirri? Goilleann sé orm daoine do fhaiscint
ag déanamh droch-úsáid den chae fhabhrach dothug Dia dhóibh chun a n-anam
do shábháil. Gearánaim, ní go bhfulaingid, ach go bhfulaingid gan
tairbhe dhóibh féin; ná cuimhnigheann siad, ná tugann siad fé ndeara,
gurab é nídh na daoine mí-riaghaltha malluighthe atá cuibhrighthe leó,
gurab é an nídh díreach iad san, úirlis do thóg Dia chun iad do thástáil,
chun iad do shábháil. Nach doilgheasa an gnó go gcaithfear
anacra an droch-chomhluadair do fhulang agus ná bainfear éan tairbhe as! go
n-iomcharófar an chrois agus go gcaillfear an choróin ghlórmhar atá ceangailthe
dhi! go n-ólfar an deoch shearbh shláinteamhail agus go n-ionntófar, le
díth céille agus le mí-fhoidhne, i nimh marbhthach í!



Mo chumha géar - adéarfaidh duine - agus mo uchlán brónach, ná fuilim i
staid éigin eile beatha: is maith an aire dothabharfainn dom anam! Ach
atáim cráidhte ag an saoghal. Buaineann bean bhorb mhillteach atá agam mo
chiall díom. Loisceann droch-chomhursa atá i mbéal mo dhorais me gach aon
lá do éirigheann orm. Céasaid mo leanbhaí crostáltha me. Nó ní leogann
so nó súd dam leas mo anama do dhéanamh. - Ach adeirim-se leat, a
Chríostaidhe, go meallann tu thu féin: oir ní fhéadfair leas do anama do
dhéanamh gan congnamh Dé; agus ní thabharfaidh Dia an congnamh san duit ach
sa stáid bheatha ina bhfuilir. Hené am bóthar marcáltha amach duit
chun siubhal go flaitheas Dé. Oir, ó's le hórdú agus le hughdarás Dé atáir sa
staid sin, ní theipfidh a chongnamh ort, ní dhiúlthóchaidh sé cabhair do
thabhairt duit. Déin-se do chuid fhéin den ghnó, agus gan éan chontabhairt
tabharfaidh Dia an chuid eile dhe chun deagh-chríche le solas is neart a
ghrása. Má chuireann tu go fearamhail do aghaidh i gcoinnibh an pheaca;
má dhiúlthuigheann tu do chathuighthibh an diabhail; má sheasann tu go
cródha in aghaidh droch-shampla saoghalthánach agus do chroidhe agus do aigne do
thabhairt ar do oibliogáidí do chólíonadh, agus ar dhlighe do Thighearna do
choimeád - cruinneóchair mór-shaidhbhreas i láthair Dé, agus siubhlóchair
go daingean i gcasán an chirt, agus sroisfir gan contabhairt ríoghacht an
tsuaimhnis shíorraidhe.



“Do chuir an mallathóir bárr ar a mhalluightheacht,” mar adeir an
fáidh Isaias, “le gníomhartha peacamhail do dhéanamh i dtalamh na naomh:
dá bhrígh sin ní fhaicfidh sé choidhche glóire Dé agus ní glacfar go
bráth isteach é in áras na bhfíoraen.” Ó 'sé bárr mailís agus malluightheacht
peaca do dhéanamh i gcuideachta na naomh, leanann as san


L. 29


gurab é bárr naomhthacht subháilce do thaithighe ar measc na bpeacach.
Molann Naomh Pól go hárd Maoise de bhrígh gur choinnibh sé a shúil
agus a íntinn i gcomhnaidhe ar Dhia, an fhaid dobhí sé i gcúirt mhalluighthe
Pháró. Agus an rí beannuighthe Naomh Laoiseach, ar measc phoímp a chúirte
agus gheoin agus bhuairt na gcogaidhe móra dobhí ar láimh aige, níor dhearmhaid,
ar feadh aon nóimeanta amháin, seirbhís a Árd-rí, Dia na n-uilechomhachta.
An té atá cuibhrighthe le daoine gan chreideamh gan bhéasa, agus do
choinnigheann 'anam saor óna ndroch-chleachtha, tuilleann sé agus do-gheóbhaidh
sé ó bhéal Chríost an moladh céadna dothug an Slánathóir ar na haspoil:
“Vos qui permansistis mecum in tentationibus -”:
“Sibh-se do fhan im fhochair ar measc mo chathuighthe go léir - sibh-se
dobhí dílis dam, nár thréig mo chúis riamh, ach do onóruig me lenbhur
ndeagh-bheatha i láthair daoine, beidh sibh páirteach liom im ríoghacht
naomhtha.



Léighimíd i leabhar an fháidh Domhnall conspóide, nó comórtas,
nó deifir iongantach, idir bheirt aingeal beannuighthe i láthair Dé, aingeal
choímhdeach na nIúdach agus aingeal choímhdeach na Persia. Do athchuinghig
aingeal na nIúdach ar Dhia na hIúdaig do shaoradh agus do scaoileadh
abhaile ón bPersia, ar eagla go dtruailleófaí iad agus go gcaillfidís a
gcreideamh ar measc phágánach na dúthaighe sin. 'Na choinnibh sin do iarr
aingeal na Persia ar Dhia na Iúdaig do choimeád insa dúthaig, chun go
dtabharfaí áitreóirí na tíre sin chun creidimh Dé tré chomhrádh agus
tré dheagh-shampla na nIúdach; agus i bhfírinne
do hionntuigheadh roimhis sin trí righthe comhachtacha dobhí ar an náisiún
san chun an chreidimh fhírinnig. Adeir an Pápa Naomh Gregorí gurab é an
nídh do chialluigheann an deifir dobhí idir an bheirt aingeal so, dhá thoil
i nDia. Oir is maith leis sin go seachnóchaimís, do réir ár ndíchill,
comhluadar na bpeacach: agus is é sin atá cialluighthe le hathchuinghe aingil
na nIúdach. Agus an tráth ná féadaimíd é sheachaint agus do chuireann
cúis éigin réasúnta agus riachtanach sinn eatortha, órduigheann sé dhúinn
maireachtain go diadha 'na measc, chun go mbeadh ár gconbharsáid leó
tairbheach dá n-anam: agus hedé atá cialluighthe le hathchuinghe aingil na
Persia.



Níl éan dabhta ná gurab í toil Dé go ndéanfaimís, an fhaid do
bhímíd ar measc pheacach, ár ndícheall iad do stiúrú ar a leas.
Oir déanann Dia an cleas céadna: meallann sé iad chuige féin lena
gheallamhaint; tairigeann se iad lena thabharthaistí; bailigheann sé chuige
iad lena bhagairt; agus cnósuigheann sé iad lena smachtú. Úsáideann sé a
eagna, a thrócaire, agus a cheart leó. Agus siúd is go mbíonn 'fhios roimh
ré aige go mbeid damanta, bíonn sé chomh cúramach timcheall orra is dá
mbeadh sé siúráltha go mbeidís sábháltha. Atá a thrócaire agus a thruagh
chomh mór san dóibh ná fágann sé éan nídh gan déanamh chun go
sábhálfaidís a n-anam.



Hedé an sampla is ceart dúinne do leanamhaint, fé mar do mhúineann an
Spioraid Naomh insna focail seo: “Unicuique mandavit de proximo suo”:
“Do órduig Dia do gach éinne a bheith
cúramach timcheall a chomhursan.” Oir níl éinne sa domhan nár


L. 30


cheangail Dia air carthanacht do theaspáint dá chomhursain.
As so ghluaiseann an oibliogáid atá orainn congnú lenár gcomh-chréatúirí
ina riachtanas corpora. Anois ó cheanglann carthanacht orainn
fóirithinn ar ár gcomh-chréatúirí ina ndealbhas corpora, nách treise
'ná san an oibliogáid atá orainn congnú leó agus fóirithin orra ina ngátar
spioradáltha. Cailleann duine grádh Dé agus grádh na comhursan má
dhiúlthuigheann sé a bhiadh do roinnt leis an ocrach; agus cionnas do
choimeádfaidh sé iad má dhiúlthuigheann sé fóirithin ar na hanamnacha
bochta do ceannuigheadh le fuil Íosa Críost? Má caillthear iad san,
tré gan comhairle a leasa do thabhairt dóibh, tré gan teagasc agus deagh-shampla
do thabhairt dóibh, cionnas dobheidh an scéal aige-sin?



Oir atáid - mar adeir Naomh Auguistín - mórán 'na bpeacaig anois do beidh
'na dhia' so 'na gcaraid ag Dia agus 'na naoimh ghlórmhar
i bhflaitheamhnas. Níl 'fhios againne cé hiad fós; oir atáid áitreóirí an dá
chathrach - 'siad san, flaitheas agus ifreann - meascaithe lena chéile sa
bheatha. Níl deighilt fós eatortha; agus chun go ndéanfar san, is é ár
ndiúité-na carthanacht do threaspáint do gach éinne; deagh-shampla, agus
teagasc, agus deagh-chomhairle do thabhairt in am agus i dtráth don mhuíntir atá
'na ghátar agus n-ar dóigh linn do ghlacfaidh uainn é; fé mar do chomhairligheann
Naomh Peadar insna focail seo: “ut ex bonis operibus vos considerantes,
glorificent Deum”: iomcharuighidh sibh féin sa tslighe sin,
“ar bhfaiscint bhur ndeagh-oibreacha do pheacaig, go dtabharfaidís
géilleadh agus glóire do Dhia.”



Baineann an oibliogáid seo le daoine seochas a chéile. Mar seo: cé
cheartóchaidh agus do chomhairleóchaidh an mac mí-riaghaltha, mara ndéanfaidh
'athair é? Nách ar an máthair chiallmhar do luigheann an inghean óinseamhail
do stiúradh? Nách ar an máighistir atá smachtú an tseirbhísig
mhalluighthe? Déanaid daoine é seo go díograsach i neithe an tsaoghail
seo. Gabhaim-se orm, má dhéanfadh bhur seirbhíseach, bhur bhfear oibre,
bhur gcailín aimsire, faillighe in bhur ngnótha saoghaltha - dá ndéanfaidís
díoghbháil in bhur substainnt daoibh - gur tapaidh do cheartóchadh sibh
iad; gurbh fheargach dobheadh sibh chúcha dá dtugaidís tarcaisne dhíbh.
Agus ní chuireann sibh éan tsuím, ní theaspáineann sibh éan díogras,
ní ghlacann sibh éan fhearg chúcha, nuair, os comhair bhur súl agus i gclos
bhur gcluas, do tharcaisnighid Dia agus do dhíoghbhálaid a n-anam fhéin gach
aon lá. - Dá ndéanfadh gach éinne againn ár ndiúité sa phoínnte seo,
is gairid go sóinseálfaí aghaidh na críostamhlacht: dobheadh ceart, agus
macántacht, agus deagh-bhéasa le faiscint in áit na héagcóra, agus na cuirpeacht,
agus na truailligheacht atá leathta go fairsion ar an ndomhan.



Ach baineann an diúité seo go speisialtha le na peacaig féin, 'sé
sin, leis an ndream do n-ar theaspáin Dia a mhór-thrócaire, tré iad do
tharrac, le spioraid na haithrighe, óna staid damanta. Dá ndéanfá
díoghbháil do chomhursan 'na chlú nó 'na shubstainnt, atá fhios agat,
a Chríostaidhe, nách fuláir an díoghbháil sin do chúiteamh. Ach tré
do pheaca do thógais ó Dhia an onóir agus an uirrim do bhuain leis; agus le do
dhroch-shampla do thairigis do chomhchréatúir sa tubuiste is mó, agus is
tríot do chaill sé an saidhbhreas is táchtamhla dobhí aige,


L. 31


'se sin, glaineacht 'anama. Ní fuláir duit, mar sin, do dhícheall do dhéanamh chun
an urchóid dorinnis do do chneasú, é tharrac thar n-ais arís ar staid na
fírinne, é chasadh arís ar a Dhia ó's tú ba fáth n-ar scar sé leis.



“Docebo iniquos vias tuas, et impii ad te convertentur”
A Thighearna - arsa an rí aithrigheach Dábhí - ní leór dam mé
féin do chasadh ort, ach tabharfad thar n-ais chughat gach aon pheacach;
múinfead do shlighe-se dhóibh, agus cuirfead do thrócaire in úil dóibh le mo
fhocail agus le mo ghníomhartha. Ní amháin gur tharcuisnigheas thu le mo
chlaon-chortha féin, ach fós le peacaí an mhuíntir do thairigeas chun
malluightheacht. Déanfad, mar sin, mo dhícheall do ghlóire-se do mhéadú,
le deagh-chomhairle, le deagh-theagasc, agus le deagh-shampla do thabhairt dóibh
as so amach. - Déanaimís, a Chríostaidhthe, an cleas céadna, agus sóinseálfar
go gairid an raoilé in arbhar fholláin: tabharfar an peacach, ó bheith
'na namhaid, chun bheith 'na charaid ag Dia. Agus mar seo baileóchaimíd
saidhbhreas na ngrás annso agus tuillfimíd saidhbhreas na glóire sa tsaoghail
thall. Go dtugaidh Dia na trócaire san dúinn go léir. Amen.




Risteard Ó Foghludha
do chuir in eagar.