Sochar na Faoisdine

B.Á.C.: Brún agus Ó Nualláin (1834c)

Muiris Paodhar; eag. Risteárd Ó Foghludha




SOCHAR NA FAOISDINE



Risteard Ó Foghludha, D. Litt. Celt.
Quos ut vidit, dixit: Ite, ostendite vos sacerdotibus.
An tráth dochonnairc sé iad adubhairt sé leo: “Imthighidh, teaspáinidh
sibh fhéin do na sagairt” - Soíscéal Naomh Lúcáis, 17 caib. 14.



Is é seo an órdú dothug Slánathóir an domhain do na deich
lobhair do athchuinghig air iad do shaoradh ó an aicíd ghráineamhail
mharbhthach dobhí ortha; agus is é seo an leigheas comhachtach do
thairisceann an Eaglais, in ainm Íosa Críost, dúinn-na, chun ár
nglanta ó aicíd míle uair níos gráineamhla agus níos contabharthaighe
'ná an lobhraisí, 'sé sin, an peaca marbhthach. Chun ár leighiste uaidh,
adeir sí linn i bhfocail Chríost, triall ar liaig ár n-anama, ar na
sagairt, agus ár n-aicídí spioradáltha do nochtadh dhóibh. Sa tseannreacht,
adeir Naomh Criosostom, níor fhéadadar na sagairt an lobhraisí
do leigheas: ní raibh de chomhachta aca ach breith do thabhairt go raibh
an duine glan uaidh. Ach sa dlighe nuadh, tré Shácraimint na hAithrighe,
féadaid seirbhísig an Tighearna, le hughdarás Mhic Dé, an peacach do
scaoileadh, do shaoradh, agus do ghlanadh óna pheacaí go léir.



Ach nách iongantach agus nách dólásach an nídh, a Chríostaidhthe, go
bhfuilid a lán peacach le fagháil agus ná déinid úsáid ar bith den
tabharthas trócaireach so, den leigheas chomhachtach so do bhronn Críost
ortha agus do fhág sé aca chun beatha agus sláinte do thabhairt dá n-anam!
In áit géilleadh do chuireadh ghrádhach Íosa Críost do shíneann amach
chúcha a láimh líonta de bheannachtaí, diúlthuighid go ceann-tréan teacht
chuige, agus fanaid go huaibhreach i bhfad uaidh. Atá an n-anam bocht loiscithe
le fiabhras teintidhe an pheaca, í scóltha le tart na cuirpeachta; ní
thagann siad chun tobar uisce na beatha dothabharfadh fuarthain, agus sláinte,
agus neart dóibh. Cosmhail díreach leó so dothéigheann ar buile ó ghreim
mhadra uilc, pianann síor-thart iad; loirgid an t-uisce; agus nuair a tugtar
chúcha é diúlthuighid é ól, oir líonann a radharc le cuthach, le ráig,
agus le buile craorac iad.



Is fonn liom indiu, a Chríostaidhthe, an sochair agus an tairbhe do
fhaghann daoine ó dheagh-fhaoisdin do chur in bhur láthair, chun gur móide
dodhéanfadh sibh taithighe den sácraimint sláinteamhail do fhág Críost
againn. Do labhradh go minic libh, is dóigh liom, ar na coinghill nách
foláir do bheith agaibh chun deagh-fhaoisdin do dhéanamh; ach b'éidir
nár cuireadh fós in bhur láthair an mór-shochar do fhaghtar aisti.
Gabhaim-se sin orm do teaspáint díbh le congnamh an Spioraid Naoimh, do
iarraim go humhal tré ímpidhe na Maighdine Muire, ag rádh: Go mbeannuighthar
duit, agus c..


L. 344


AN CHÉAD RANN.
Ní hé mo íntinn riachtanas agus oibliogáid na faoisdine do phrobháil
daoibh; oir, ó's cloinn don Eaglais sibh, géilleann sibh gan amhras dá
hughdarás; agus atá fhios agaibh gur ceann dá aitheantaibh sin faoisdin
do dhéanamh, an chuid is lugha dhe, uair sa bhliain. Aithne í seo atá
bunuighthe ar fhocal Íosa Críost. Is é an bharántacht atá léi, gnáthchuímhne
na sínsear. Neartuighid Comhairleacha Coitchean na
hEaglaise í. Do glacadh í i ngach am ó thúis chreidimh; agus do
chólíonadar na Críostaidhthe i ngach náisiún fé an ngréin í. Nílim
in ainbhfios cad é an breitheamhnas dothugaid eiricidí na haimsire seo
uirthi. Atá fhios agam go measaid gur cuing chruaidh dho-fhulaing í;
go ndiúlthuighid í ghabháil ortha féin; go ndeirid go bhfuil sí
ró-throm; agus go bhfágaid ina ndiaidh í. Ach, gan mé féin do
cheangal i gconspóid ná hoireann don am ná don áit ina bhfuilim, adeirim,
agus teaspánfad daoibh, ar measc na nós Críostamhla, ná fuil ceann
is mó tairbhe do ár n-anam 'na faoisdin.



Chun a bheith deimhneach go bhfuil so fíor, is féidir an duine do
thabhairt fé deara ar dhá staid, 'sé sin, ar staid an pheaca nó ar
staid na ngrás. An tráth dobhíonn sé ar staid an pheaca, teastuigheann
leigheas uaidh, chun sláinte 'anama do chasadh air; agus ar staid na ngrás,
is éigean neart do chun a shláinte spioradáltha do choimeád aige. Anois,
deirim go ndéanann an fhaoisdin an dá nídh seo. Oir, is í an leigheas is
bríoghmhara ar gach aon pheaca í; agus is í cosaint is fearr dá dtug Dia
dhúinn ar shláinte spioradáltha ár n-anam í.



Is teagasc coitcheann sa diadhacht ná fuil brígh ar bith in éan
mhéodhan do úsáidimíd chun maitheamhnas ár bpeacaí do fhagháil, muna
dtaithneóchaidh an meódhan san le Dia agus muna gceanglóchaidh sé sin grása
an mhaitheamhnais de. Is fíor go deimhin ná toghann Dia éan mheódhan ach
ceann atá oireamhnach. Má fhiafruighthar díom: Cad as n-a bhfuil brígh
ag an bhfaoisdin peaca do mhaitheamh? adeirim gurab ó thoil Dé ar dtúis,
agus annsan óna nádúir féin, atá an brígh beannuighthe sin aici. Ba thoil
le Dia, a Chríostaidhthe, maitheamh an pheaca do cheangailt den fhaoisdin;
agus cé go samhlóchaidh sé gur coingheall cruaidh í, is ó thrócaire
Dé fhéin do ghluaiseann sí. Oir nách mór an trócaire agus an daonnacht do
dhuine do thuill damaint shíorraidhe, é shaoradh uaidh tré a choir do
admhú don Dia sin ar nách féidir éan nídh do cheilt? Is sórd breitheamhnais
nuadh é seo - adeir ceann de na haithreacha - go saorfaí an duine
ciontach le hé féin do chiontú, agus go ndaorfar é má leathscéalann é féin!
I gceart daonna, ní mar seo do thárluigheann: ní smachtuighidh daoine ach
an nídh do fhaghaid amach. Ach i gceart Dé, ní smachtuighthar
ach an nídh do ceilthar. Má fhoillsigheann tu do pheaca, adeir
Dia, leagfaidh sé óm radharc; agus má chiontuigheann tu thu féin im láthair,
ní me do bhreitheamh níos sia. As so leanann - adeir Easpog Bheróna - an
gearán do dhéanaimíd orainn féin, do réir dlighe na


L. 345


Críostamhlachta, ag cathaoir na faoisdine, nach admhú í dogheibhtear uainn
inár n-aindeóin, ná le neart peannaid; ach go ngluaiseann sí ón-ár
saorthoil féin, le haithrighe, le grádh do Dhia.
Ní féidir di, mar sin, gan a bheith tairbheach dúinn.
Agus ní loirgeann ár nDia uainn í le híntinn í ionntáil inár gcoinnibh,
ach chun cae a bheith aige a thabharthaistí raidhseamhail do bhronnadh orainn.



Hedé an fáth - adeir Naomh Crisostom - n-a bhfaoisdinímíd na peacaí
is príobháidighe inár gcroidhe. Ni thugaid breithimh shaoghaltha, adeir
an t-athair céadna, breith ach ar na gníomhartha do probhálthar ina láthair
agus dobhíonn poiblidhe. Ach sinne, do leanann a mhalairt de nós agus do
choimeádann dlighe ionnraic naomhtha, cuirimíd go fiú ár smaointe uaigneacha
fé bhreitheamhnas na hEaglaise; oir múineann ár gcreideamh dúinn, an
t-admhú so do dhéanaimid ar ár bpeacaí príobháideacha, ar
na smaointe atá coigilthe inár n-íntinn, i bhfad ó bhreith damanta do
tharrac orainn, gurab é amháin do chosnuigheann sinn ó an mbreith daortha do
thabharfadh cruaidh-cheart Dé orainn mara ndéanfaimís é.



Dob é an nídh seo dochonnairc rí Dáth, dob é seo do thuig sé, an
tráth, thar éis athchuinghe ar Dhia truagh do ghlacadh dho, agus mór-thrócaire
do theaspáint do, agus 'anam do nighe níos mó agus níos mó ó shalachar a
pheacaí, adubhairt sé leis: Do-chíonn tu, a Thighearna, go n-admhuighim mo
pheacaí. Is fíor gur éadtrom an cúiteamh é seo i dtaobh mo chlaon-bhearta;
ach ó atáir-se sásta léi, ó dhéanann tu í ghlacadh mar
shásamh, tugaim go fáilteach duit í, atá mo mhuinighean go ndéanfaidh sí
mo shíothcháin leat. Maithfir-se mo mhalluightheacht dam de bhrígh gur
admhuigheas id láthair í. - Is mar seo, a Chríostaidhthe, do déighleáileann
Dia linn: teaspáineann sé a mhaitheas agus a mhórthacht tré ár
bpeacaí do mhaitheamh dúinn gan dul ar fad do cruadas an chirt linn.



Annso cuímhnighim ar an teastas dothugann Naomh Ambrós ar an ímpire
oiriric Teodosius mór. Ínseann sé dhúinn gur ghnáth leis an ímpire
mhaith seo ar uairibh suidhe i mbreitheamhnas ar thréatúirí; agus, an tráth
do fhaghtaí ciontach le neart fiadhnithe iad agus go gcaithfidís a dtréatúireacht
do admhú, ar an nóimeant n-a saoilidís go mbíodh breith báis le
tabhairt orra, do bhronnfadh seisean a mbeatha dhóibh agus do scaoilfeadh saor
iad. Do-niodh sé so, de bhrígh nár mhaith leis na truaillíní mí-fhortúnach
do bhású, agus chun go dteaspáinfeadh sé gur threise i bhfad a thrócaire
ríoghamhail 'ná a mailís siúd. - Is mar seo díreach do-néann Dia linn-ne;
oir ní shanntuigheann sé ár mbás. Níl uaidh leathscéal chun sinn
do shaoradh; do-fhaghann sé sin tré ár bpeacaí do fhaoisdiniú. Ní
chuireann sé a cheart i bhfórsa orainn, cé go bhféadfadh sé sin do
dhéanamh go dlightheach; ach trén-a thrócaire ghlórmhar maitheann sé
dhúinn iad. Hedé an fath n-a ndubhairt an fáidh ríoghamhail le Dia:
“Tibi soli peccavi et malum coram te feci, ut justificeris in
sermonibus tuis, et vincas cum judicaris”:
Do pheacuigheas id choinnibh-se, a Thighearna, agus dorinneas malluightheacht
id aghaidh-se: admhuighim duit é, chun go dteaspánfá do ghlóire tré


L. 346


mhaitheamhnas do thabhairt dam, agus go mbeadh fios ag an domhan go sáruigheann
do thrócaire mailís mo chroidh-se agus go mbuadhann sí uirthi.



Is í an trócaire chaithréimeach so do phoínnteálann an Spiorad Naomh
amach dúinn an uair do ghlaodhann sé orainn faoisdin do dhéanamh insna
focail seo: “Confitemini Domino quoniam bonus”:
“Admhuighidh do Dhia, oir atá sé trócaireach.” “A dhearbhráthair”,
adeir Naomh Auguistín, “cad é an dochar san ort do pheacaí
do admhú don Dia so atá chomh trócaireach san leis an ndream do fhaoisdinigheas
go fírinneach agus go fearamhail a gclaon-chortha? Nách fearra
dhuit, tré iad do admhú, Dia do dhéanamh fabhrach duit, 'ná, tré iad do
cheilt, é dhéanamh feargach leat?”



Ach adéarfair liom nách i láthair Dé amháin atá 'fhiachaibh ort do
pheacaí do admhú, ach nách duit rún do dhroch-bhearta do leigean le duine,
agus gur deacair duit san do dhéanamh. Lualaim gur le duine atá 'fhiachaibh
ort do pheacaí do fhaoisdiniú; ach is duine é ag n-a bhfuil ughdarás
agus baránacht ó Dhia féin - duine clúduighthe le comhachta Chríost chun a
thrócaire do roinneamhaint leat-sa - duine ceapaithe chun salachar do anama
do nighe le uisce na beatha - liaig ag n-a bhfuil órdú ó Íosa Críost
cneádha agus aicídí do choinsiasa do leigheas le Fuil beannuighthe an
tSlánathóra chéadna san. Pé peaca é, ní fhaicim cad é an cheist ná
náire ná dochar is ceart do dhuine a bheith air, dá mb'éigean do é
admhú os comhair an domhain mhóir, an tráth atá sé deimhneach go maithfidh
Dia dho é, an tráth atá sé siúráltha go bhfuighidh sé muíntearas a
Thighearna thar n-ais agus go saorfaidh sé ó bhás shíorraidhe an péarla
uasal san, 'anam féin. - Caith dhíot, a Chríostaidhe, an leamh-náire sin
ort, agus lean an deagh-chomhairle dothugann aspol an tSlánathóra dhúinn go
léir insna focail seo: “Adeamus ergo cum fiducia ad thronum gratiae,
ut veniam consequamur et gratiam inveniamus in tempore opportuno”:
“Teighmís,” adeir se, “go dóchasach go cathaoir na ngrása -
'sé sin go cathaoir na faoisdine do bhunuig Dia ina Eaglais -
chun go bhfuighimís maitheamhnas agus go ngreamóchaimís trócaire in uain
tráthamhail.” Is i láimh shagart Chríost atá scaipeadh na trócaire sin
orainn; oir is leó san amháin adubhairt Íosa Críost: “Pé nidh do cheanglóchaidh
sibh ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus pé nídh do scaoilfidh
sibh ar talamh beidh sé scaoilte i bhflaitheamhnas.” Hed iad a fhocail
agus hed é a gheallamhaint: ní féidir dóibh a bheith níos poínnteáltha
ná níos foirlíonta: nách namhaid dúinn féin sinne muna dtairbhímíd
asta?



Ná bíodh, a Chríostaidhthe, éan iongantas oraibh go ngrádhann Dia
an fhaoisdín agus go ngéilleann sé, mar adéarfainn, di; oir atá sí
ana-oireamhnach chun croidhe Dé do bhogadh agus chun spioraid na haithrighe de
chorruighe suas in anam an pheacaig. Umhluigheann ar dtúis faoisdín an
peacach, agus mar seo oireamhnuigheann sí é i gcóir aithrighe. Níl éan nós
inár gcreideamh do umhluigheann anam an duine chomh éifeachtamhail le
faoisdine. Ní chialluigheann an t-admhú


L. 347


coitcheann san do-nímíd i láthair daoine, le n-a ndeirimíd gur peacaig sinn,
ach gan áireamh ná ainmniú cad ann ná cionnas do pheacuighmair.
Ní chialluigheann fós an fhaoisdine
do-nímíd istig inár gcroidhe le Dia, trén-a n-ínsimíd do-san na neithe
atá fhios go maith cheana aige agus nách féidir linn do cheilt air sin. Ach
cialluigheann an fhaoisdin do chuir Íosa Críost ar bun agus do ghnáthuighean an
Eaglais, in ná bíonn an duine sásta le rádh gur pheacuig sé ach cionntuigheann
sé é féin fé leith i ngach droch-ghníomh dá ndearnaidh sé, agus
oscluigheann sé a choínsias i láthair an tsagairt sa tslighe chéadna ina
n-osclóchaidh Dia é i láthair daoine ar lá an bhreitheamhnais. - An
fhaoisdine sin ina leathaimíd os comhair súile ár gcomh-dhuine gach aon
smaoineamh claon dobhí inár gcroidhe, gach aon ghníomh truaillighthe do
bhí inár mbeatha, gach aon phoínnte lag dobhí inár n-iomchar, agus ina
n-éistimíd lena chomhairle, ina nglacaimíd go toiltheannach an pionós do
chuireann sé orainn, agus ina ndéanaimíd dícheall na riaghlacha do cheapann
sé dhúinn do leanamhaint - cad eile é seo ach síorghnáith den nós diadha
san ar n-a dtugaid na haithreacha mar ainm disciplina
humilificandi hominis? is é nídh an aithrighe, adeirid siad, nós ar
an nduine do umhlú.



Annso, a Chríostaidhe, tugaidh fé deara an mhór-dheifir atá idir
spioraid an chreidimh fhírinnig seo atá againne agus spioraid an chreidimh
fhallsa atá ag eiricidí na haimsire seo. Ó's ó spioraid an díomais agus
ó rí an uabhair dotháinig creideamh na n-eiriceach, ní fhéadfadh sí an
fhaoisdine ná an aithrighe, do umhluigheann croidhe an duine agus anam an
pheacaig, do fhulang ar éanchor. Do chaith sí dhi an chuing Chríostamhail
seo do chuireann 'fhiachaibh ar an bpeacach a chlaon-chortha do ínsint ina
choinnibh fhéin do shagairt na hEaglaise; agus 'na ionad níor choinnibh sí
ach scáil na faoisdine, in ná fuil éan nídh dócamhail don duine ná éan
nídh do umhluigheann an peacach. Oir cad é an dochar do éinne a rádh gur
peacach é? Cad é an umhlaidheacht do éinne a pheacaí do fhaoisdiniú le
Dia amháin? - “leat-sa, a Thighearna,” adeir Naomh Auguistín, “n-a bhfuil
fios gach nídh agat, agus n-ar díth céille dham a mheas go bhféadfainn dul
i bhfoladh ód shúil-se.” Ach is é spioraid Eaglaise Chríost gnáth-úsáid
do dhéanamh de shácraimint na humhlaidheachta do fhág an Slánathóir ina
oidhreacht aici. Agus mar seo cólíonn sí íntinn Chríost ag bunú an
tsácraimint bheanuighthe; oir do fhág seisean ina Eaglais é chun spioraid
na haithrighe do chorruighe suas i gcroidhe a cloinne féin. Agus ó's
compánaig do-scartha lena chéile an umhlaidheacht agus an aithrighe, ní féidir
an aithrighe fhírinneach do fhagháil ach san áit 'na bhfuil an umhlaidheacht
iomlán, 'sé sin, san Eaglais Chaitlicidhe.



As so tuigidh, a Chríostaidhthe, an mhuíntir seo do fhanann ó
Shácraimint na hAithrighe tré náire a bpeacaí do fhaoisdiniú ann - an té
do-níonn so measann sé gur tairbheach do é féin do mhealladh! Teitheann
tu ó an fhaoisdin agus tréigeann tu í, a Chríostaidhe, de bhrígh gur
peannaideach leat agus gur náireach duit í dhéanamh. Ach hené díreach an
fáth n-ar ceart duit í thaithighe. Oir umhluigheann an náire sin thu


L. 348


i láthair Dé, agus is é an nídh do umhluigheann do anam i radharc Dé ba
ceart duit do lorg san aithrighe. Dob é an nidh do chaill thu, a pheacaig
bhoicht - adeir Naomh Criosostom dob é cúis an dhonais easba náire;
oir do chuiris éadan striapaighe, 'sé sin, éadan gan eagla gan náire,
ort fhéin chun an peaca do dhéanamh. Ní foláir duit an náire do
chaillis do fhagháil arís thar n-ais, má's méin leat casadh i ndáiríribh ar
do Dhia. Agus cá bhfughir níos cinnte í sin 'ná i bhfaoisdiniú do pheacaí?



An tráth dochloisim sagairt ad iarraidh peacaig do tharraint chun
faoisdin, ag rádh leó nách ceart dóibh éan cheist ná náire do bheith
orra a gclaon-bhearta do ínsint, admhuighim daoibh-se, a phobal Chríostamhail,
cé go molaim a ndíogras, go measaim iad do chontráil. Oir canathaobh
go mbainfeá de pheacaig an brat le n-ar ceart iad do bheith clúduighthe?
In ionad a náire do bhaint díobh, is amhla ba cóir í thabhairt dóibh.
Ar measc na ndroich-fheidhm eile do-níthear den fhaoisdin níl ceann is mó
'ná daoine áirithe do fhaiscint ag triall uirthi gan náire ar bith ortha
i dtaobh tuitim insna cortha do bhainfeadh, dá mb'fhéidir, lasadh as an
gcloich nglas féin. Fé mar do dhéanadar na peacaí scannramhla so le
croidhe iarainn agus le aghaidh phráis, admhuighid iad gan lasadh 'na ngruadh,
gan deargadh ar a n-éadan, agus gan osna ina gcroidhe. Is comhartha follas é
seo ar chruadas croidhe agus ar neamh-aithrighe, nó is neamh-aithrighe
fhírinneach é. Atá fhios go maith agam go dtéigheann an náire seo go
minic thar chóir agus thar cheart -- mar do-néann sí an tráth do oibrigheann
sí ar pheacach chomh mór san go gceileann sé tríthi a pheacaí ag cathaoir
na faoisdine. Is olc mór gan amhras é seo; ach is chomh olc leis, nó
b'éidir níos measa, peaca do fhaoisdiniú gan náire anama agus gan umhlaidheacht
croidhe.



Adeirim fós go gcorruigheann admhú ár bpeacaí doilgheas i dtaobh na
bpeacaí céadna san suas inár n-anam. Agus ag seo réasún maith leis
an nídh adeirim: oir cumthar doilgheas inár n-anam, agus éirigheann cathú
inár gcroidhe, le smaoineamh ar mhailís agus le mothú go beómhar malluightheacht
agus gráineamhlacht an pheaca. Anois is cinnte ná fuil éan am i n-a
mothuighmíd níos beómhaire mailís an pheaca, agus 'n-a dtuigimíd níos fearr
méid a ghráineamhlacht, 'ná an tráth i n-a dtéighimíd chun é
ínsint ag cathair na faoisdine. Hené an t-am 'n-a dteaspáineann sé ina
fhoirm uaigseach fhéin; hené an tráth i n-a mbíonn scannradh agus déistin
agus cathú ar ár gcroidhe i dtaobh tuitim ann, agus i n-a ndeirimíd, leis an
bhfáidh ríoghamhail: Non est pax ossibus meis a facie peccatorum
meorum “Níl suaimhneas im aigne, ná síothcháin im anam, ag radharc
mo pheacaí.” Roimhe sin ní leath-smaoinimíd ar mhailís an pheaca;
agus cé go mbíonn sé ina ualach ar ár n-aigne agus ina chnoc ar
ár gcroidhe, ní mhothuighmíd ar éanchor é chun go dtagaimíd i láthair
teachtaire an tSlánathóra chun é fhaoisdiniú agus chun é ínsint. Is
annsan do fhaghaimíd radharc glan air. Annsan do ghruigeann sé, do
chrádhann, do loisceann se ár croidhe. Tairigeann sé gráin orainn
fhéin i dtaobh é dhéanamh. Bíonn searbhas inár n-anam agus an deór guirt
lenár súil. Adeirimíd, leis an rí


L. 349


bheannuighthe Ezechias: “Recogitabo tibi annos meos in amaritudine
animae meae” “Cuímhneóchadh, agus cóimhreóchad, agus leathfad id
láthair-se, a Thighearna, blianta mo bheatha i searbhas mo
chroidhe.”



Ag seo mar do thárluigheann go laethamhail do mhórán peacach.
Cé go mbíonn a gcroidhe calcuighthe, bogann sé agus leigheann sé chomh luaith
is do thosnuigheann a dteanga ar a bpeacaí do fhaoisdiniú. Go dtí san do
bhí a n-aigne dúnta, dobhí a n-anam cosanta i gcoinnibh grása Dé;
níorbh'fhéidir é pholladh le saighid na haithrighe ná le claidheamh an doilghis.
Ach is ar éigean do thosnuigheadar ar iad féin do chiontú - ní maith do
bhí a n-anam loiscthe leathta i láthair Dé ag cathaoir na faoisdine -
nuair do thúirling fearthain a ghrása ortha agus do fliuchadh le drúcht ó
neamh iad.



Do pheacuig Rí Dáth go trom thar bárr i gcoinnibh Dé, mar inneósad
daoibh. - Lá áirithe dochonnairc sé bean bhreágh dá nighe féin, agus do
ghlac sé dúil innti agus do chiontuig sé léi. Beagán 'laethibh 'na dhiaidh
san do chuir sí teachtaireacht chuige dá ínsint do go raibh sí trom uaidh,
agus ó ba bean phósta í, agus ná raibh a fear sa bhaile, go bhfuighfí amach
uirthi é agus go gcurfaí chun báis í. Oir dob é sin an pionós do chuirtí
ar lucht adhaltarnais ar measc na nIúdach. Ba captaoin a fear i sluagh Rí
Dábhí. Fear cródha calma dob eadh é, agus dobhí sé an tráth san i
gcampa chogaidh an rí. Do chuir an rí fios air, agus thar éis é cheistiú
tímcheall an chogaidh, do chuir se 'fhiachaibh air ithe agus ól 'na láthair
fhéin, agus adubhairt sé leis dul abhaile an oidhche sin agus teacht chuige
amáireach. In ionad dul abhaile, is amhla do fhan an fear i bhfochair na
saighdiúirí eile ag faireachán ag dóirsíbh pháláis an rí. Do 'iniseadh
don rí ná deachaidh sé abhaile, agus an lá arn-a mháireach adubhairt an
rí leis: “O bhís tar éis mórán siubhail agus tuirse, canathaobh nár
chuais abhaile agus codladh agus suan do dhéanamh id thig féin, in ionad fuireach
suas i bhfochair mo shaighdiúirí-se?” “Dar do bheatha agus do shláinte -se,
a rí,” adubhairt an captaoin, “ní fhéadfainn-se codladh ná suan do dhéanamh
an fhaid is atáid mo thaoiseach, agus sluagh Dé atá fé, amuigh ar an
machaire, gan clúdach ortha ach an spéir atá os a gcionn. Cad é an gnó
dhamh-sa dul dom thig féin agus déanamh go sóghach i bhfochair mo mhná.
agus mo mhuíntir, an fhaid is atáid prionnsaí agus tighearnaí mo rí ag fulang
anacraí agus cruadas an chogaidh?”



Do choimeád an rí moíll trí lá air, agus gach lá aca-san do chaitheadh
sé dínnéar ina fhochair féin. Do chuireadh an rí ar bog-mheisce é, agus do
órduig sé dho dul chun codalta ina thig fhéin. Ach do fhanadh sé sin i
bhfochair gárda an rí. Do scríobhaidh an rí leitir leis go dtí an
general ag rádh leis an fear san do chuir sa chuid sa chuid ba thréine den
chath agus a leigean do mhilleadh ann. Dorinn an general órdú an ríogh,
agus do marbhuigheadh an fear cródha so.



Tamall ina dhiaidh san dotháinig fáidh, naomhtha go dtí an rí agus
adubhairt sé leis: “Atá,” ar seisean, “duine saidhbhir áirithe ina
leithéid seo de áit - ba agus caoire, muilt agus bolláin thar chóimhreamh aige;
agus 'na chomhursanacht atá duine bocht ag ná raibh ach aon chaoirín


L. 350


amháin. An lá fé dheire dotháinig stróinséir éigin chun tigh an fhir shaidhbhir
seo, agus, cé go raibh a lán-dóthain aige féin níorbhfoláir leis caoirín
an fhir bhoicht do mharbhú mar féasta don stróinséir.”



Ar chlos an chomhráidh seo don rí do las sé le fearg agus adubhairt: “Mar
a mhaireann Dia, is mac don chroich an fear saidhbhir seo, agus caithfidh sé
a sheacht n-oiread déag do dhíol leis an nduine mbocht!”
“Breith do bhéil fhéin ort, a rí,” arsa an fáidh, “is tú féin an fear
san! Dobhí mná do dhóthain agat, agus ní rabhais sásta; leó-san:
níorbhfoláir leat a bhean do thógaint óna leithéid seo de chaptaoin, agus é
féin do bhású le cloidheamh a namhaid; do chuiris murdar le hadhaltharnas”.
“Á,” arsa an rí, “do pheacuigheas go cruaidh i láthair Dé.
“De bhrígh go rinnis an t-adhmú san,” arsa an fáidh, “do mhaith Dia
coir do pheacaí dhuit; amhfaig ní mhaithfidh sé an pionós aimsearach
duit. Atáim-se dá fhógairt duit ná scarfaidh sciúirse ná claidheamh led
thig ná led shliocht go brách i dtaobh an fhir sin do mharbhú agus a bhean
do thógaint uaidh.”



Féachaidh, a Chríostaidhe - adeir Naomh Ambrós - cad é an bhrígh
mhór, cad é an fórsa iongantach, atá insa bhfocal so “do pheacuigheas.”
Do shóinseáil sí croidhe Dé; oir ó bheith ina Dhia fheargach, dorinn
sí Dia trócaireach de; agus do shóinseáil sí croidhe Rí Dáth; oir,
o bheith ina adhaltrannach agus 'na mhurdraeir, dorinn sí fíor-aithrigheach agus
naomh mór de. Agus ó bhí sí chomh bríoghmhar 'na chás san, is bríoghmhara
i bhfad í inár gcásna. O shin do dearnadh í ina páirt riachtanach
de shácraimint le n-ar cheangal Íosa Críost grása an mhaitheamhnais;
agus ó an tráth san i leith, atá brígh naomhtha aici ná raibh riamh
cheana.



Téighim níos sia: adeirim gur trén-ár gcionta féin do thárluigheann
ná scriosann an fhaoisdin pian an pheaca amach; adeirim gur cúiteamh
sa pheaca í. Oir, ó's peannaideach linn í dhéanamh, ó's deacair linn í
thaithighe, ó's oibliogáid shaothrach den chráibhe Chríostamhail í,
créad é an fáth ná rachadh sí 'na díolaidheacht i láthair Dé ar ár
son? Créad é an fáth ná déarfaí an nídh céadna inár dtaobh-na
adubhairt Naomh Gregorí do thaobh an tseirbhísig ainmnighthe sa tsoíscéal,
do chaith é féin ag cosa a mháistre ag admhú dho ná féadfadh sé
díolaidheacht do dhéanamh leis; agus, 'tré an admhú san, dofuair sé
maitheamh iomlán ina throm-fhiacha: “Cum poenitentiam ageret,
absolutionem debiti a Domino accepit.”



Is é seo an fáth n-a ndubhairt Naomh Ambrós gurab í an fhaoisdin
aithghearr gach pionóis do cheap Dia don pheaca; agus cé go saoilfí go
dtéighid na focail seo thar cheart agus thar fírinne, atá barántacht
dian-mhaith leó. Is cinnte ná maithfidh agus ná caillfidh Dia éan phioc
dá cheart féin, insa tsaoghal so ná insa cheann thall. Bainfidh sé
lán-shásamh, bainfidh sé díolaidheacht iomlán as gach peaca do-níthear
ina choinnibh. Anois, is poínnte den chreideamh go dtuilleann an peaca
pianta síorraidhe insa tsaoghal thall; agus is poínnte eile creidimh go
maithtear na pianta san tré an peaca do fhaoisdiniú


L. 351


annso i bhfus. Ní foláir, mar sin, nó go bhfuil sa bhfaoisdin nídh éigin atá,
láthair Dé, cothrom agus comh-ionann le síorraidheacht phianta; agus go bhfuil
brígh na bpianta san insa ghéar-dhoilgheas le bhfaoisdínigheann anam
aithrigheach a claon-chorthá. “Omnium poenarum compendium”:
“Is aithghearr de an uile phionós é.”



Do chaitheamair dínn, mar sin, gach uile dhíograis agus cúram i dtaobh
ár slánú síorraidhe, mara ndéanfam taithighe den nós naomhtha so atá
tuilthe le togha gach sochair spioradáltha. An t-easpog Naomh
Auguistín, ag míniú na bhfocal so den fháid: “Confessio et
pulchritudo in conspectu ejus”: “Atá faoisdin agus breághthacht ina
láthair” - “Tabhair fá do dheara,” adeir sé, 'ná scarfaidh an dá nídh
seo le chéile i láthair Dé - admhú an pheaca, agus breághthacht an anama do
admhuigheas é; agus as na focail seo fhoghlamóchair in éinfheacht cé leis
n-a taithneóchair agus cionnas do thaithneóchair leis. Cé leis n-a
dtaithneóchair ach led Dhia? Agus cionnas do thaithneóchair leis ach tré
fhaoisdiniú do pheacaí? Má ghrádhann tu, mar sin, do anam, má's fonn
leat í dhéanamh breágh i radharc Dé, taithig go dícheallach, gnáthuig
go minic, an fhaoisdin.” - Hed iad focail an easpuig bheannuighthe seo.



Á, a Chríostaidhthe, dá mbeadh sibh chomh imnidheach, dá ba chomh
saotharach sibh chun caradas bhur nDé do sholáthar agus do lorg is do
sholáthruigheann sibh agus do loirgeann sibh caradas neamhbhuan agus muintearas
fallsa an tsaoghail seo - agus sibh-se, a mhná, dá bhféachadh sibh chomh géar
chun órnáid, chun scéimh, agus chun breághthacht bhur n-anmnacha do-mharbhtha
is do fhéachann sibh chun órnáid, chun scéimh, agus chun áille urchóideach
bhur gcolainn thruaillighthe dobheidh ina dhiaidh so mar bhiadh ag piastaí
-is dícheallach agus is díobhóideach agus is minic dochífí sibh ag bhur
bhfaoisdin; níor ghátar a bheith bhur mealladh, a bheith ag tathant
oraibh teacht chuige; chomh luath is do mhothóchadh sibh sibh fhéin i
namhadacht lenbhur nDia, chomh tapaidh is dochífeadh sibh bhur n-anam
clúduighthe le lobhraisí spioradáltha an pheaca, do thriallfadh sibh gan
mhoíll ar liaig bhur n-anamnacha, do níghfeadh sibh cneádha bhur gcoínsias
i dtoibreacha an tSlánathóra; ní fhanfadh sibh le cianta ag dróghadh in
bhur bpeacaí, le blianta ag lobhadh i salachar bhur gclaon-chortha - mar an
ainmhidhe alltha úd ar a dtráchtann an fáidh insna focail seo:
“Computruit jumentum in stercore suo”: “Do dhreoig an beithidheach
ina ghoir.”



AN DARA RANN
Gidh - do réir teagasc na n-aithreacha naomhtha - ná fuil, idir oibreacha
Dé, gníomh níos mó 'ná an peacach do shaoradh ó choir agus ó chionta
a pheacaí; gidh gur deacra do Dhia é dhéanamh 'ná na mairbh do aithbheodhú
nó an domhan do chruthnú, is féidir linn do rádh le fírinne gur beag an
tairbhe don pheacach grása na haithrighe do bhronnadh


L. 352


air mura mbeadh meódhain éigin aige do choinneóchadh an grása san ar marthain
ina chroidhe.
Oir, fé mar adeir Naomh Ierom, a bheith leighiste chun tuitim arís in aicíd
níos contabharthaighe, agus a bheith aithbheódhtha chun bás níos peannaidighe
do fhulang, is tubuiste agus ní trócaire, is donas agus ní daonnacht san. As so
tuairimighidh agus tuigidh brígh agus feabhas na faoisdine; oir, in éinfheacht,
síothcháineann sí ár n-anam le Dia, agus coimeádann sí sinn ar staid
bheannuighthe na ngrás agus cosnuighean sí sinn i gcoinnibh an pheaca.



Is féidir an fhaoisdin, nó sácraimint na haithrighe, do bhreithniú
ar dtúis fé mar do bhaineann sí lena hughdar, 'sé sin Íosa Críost;
insa dara háit, fé mar bhaineann sí le fear a friothálamh, 'sé sin an
sagart; agus insa tríomhadh háit, fé mar do bhaineann sí linn féin.
Anois, adeirim, má thugaimíd an fhaoisdin fé deara insna trí poínntí
seo, dochífeann gur duine do dhearmhadann leas 'anama ar fad an Críostaidhe
dobhíonn faillightheach innti.



Oir cad é an nídh an fhaoisdin, insa mhéid do bhaineann sí le hÍosa
Críost?



Risteard Ó Foghludha.