Seanmóin do Lá Nodlag, 1834

B.Á.C.: Brún agus Ó Nualláin (1834c)

Muiris Paodhar; eag. Risteárd Ó Foghludha




SEANMÓIN DO LÁ NODLAG, 1834.



“Evangelizo vobis gaudium magnum, quod erit omni populo; quia
natus est vobis hodie Salvator, qui est Christus Dominus.”



Innisim nídh dhíbh dobheidh 'na áthas mhór don uile phobal: go rugadh
dhaoibh indiu Slánathóir, Críost an Tighearna. Focail an aingil ag Naomh
Lúcás, 2 Caib., 10 bh.



Dob é seo, a Chríostaidhthe, an nuadhacht séanmhar lena raibh an saoghal
ag feitheamh ar feadh cheithre mhíle bliadhain. Dob é seo an nídh iongantach
ar n-ar labhradar na fáidhí. Leis seo dobhíodar na fíoraein ag tnúth
agus an domhan ag osnaighil le cíocras. Dob é seo an tabharthas uasal do
ullmhuig trócaire Dé don chine daonna, ó an am 'nar daoradh iad uile chun
báis agus chun ifrinn tré pheaca na préimhe úd as n-ar fhásadar, Ádhamh ár
sinnsear.



Do teaspánadh fé dheire, i gcóimhreamh an lae bheannuighthe seo, an
Slánathóir, an Críost, an Tighearna síorraidhe, don domhan. Do hoscluigheadh
na flaithis agus do thúirlic Rí na glóire i bhfuirm dhaonna ar an
dtalamh. Do lonnruig fé dheire grian an solais gan traochadh ar an saoghal
ndorcha. Do chuir an Mhaighdean a Mac di, agus amach as a broinn beannuighthe
dotháinig Rí na n-aingeal agus fuasclóir na ndaoine. Ó, is ró-shéanmhar
iad na scéaltha do 'niseann a bhreith seo do dhaoine; oir ní bheadh
an saoghal ag feitheamh leis, ní bheidís na fíoraein ag tnúth leis, ní
thráchtfaidís na fáidhí air, ní bheadh sé ina bhun creidimh ag pobal Dé,
mura mbeadh gurbh é an comhartha ba mhó ar a ghrádh dhúinn do fhéadfadh
ár nDia trócaireach do bhronnadh orainn. Ó, ba beannuighthe thar bárr
an oidhche dobhí os cionn bhreith an Leinbh naomhtha so: dochonnairc sí
solas na síorraidheachta ag briseadh amach i lár a dorchais! Le línn
breith Chríost do léim an talamh le áthas agus do chrithnigheadar na
flaithis le meidhir!



Ach, a Chríostaidhthe, chun a bheith páirteach insa mheidhir bheannuighthe
lenar líonadh neamh agus talamh agus cruithnidheacht Dé go léir i gcóimhreamh
an lae naomhtha so, ní foláir dúinn a bheith páirteach insna tabharthaistí
dothugann sí chughainn. Atá ár n-athas coitchean bunuighthe ar
an slánú coitchean do tairiscthear dúinn. Agus tar éis na fuascaltha so do
fhágháil, má rithimíd go ceanntréan chun


L. 416


ár ndonais, goileann ár
Máthair an naomh-eaglais os ár gcionn, agus cuirimíd deóra brónach ag
rith léithi-sin ar measc an áthais dothagann chúichi ó mhistéir
ghlórmhar an lae bheannuighthe seo.



Ach cad iad na sochair do-labhartha so dothagann chughainne ó bhreith
an tSlánathóra i gcóimhreamh an lae indiu? Do 'niseadar na haingil do na
haodhairí a bhí ag faire na hoidche os cionn a dtréada cad iad féin.
Adubhradar leó: “Gloria in excelsis Deo, et in terra pax hominibus”:
“Glóire do Dhia ar neamh, agus síothcháin do dhaoine ar an dtalamh.”
Hedé dhíbh bun agus crích agus toradh an mhistéir seo: do Dhia, an
ghlóire sin do mheasadar na daoine do bhuaint de agus do dhaoine,
an tsíothcháin sin do bhuaineadar go díchéilleach díobh fhéin.



Iarraim go humhal do chongnamh-sa, a Bhaintighearna ghlórmhar, chun
labhairt mar is cóir ar an mór-mhistéir seo led phobal-sa agus le pobal
do Mhic-se, ag rádh ó mo chroidhe agus óm béal: Go mbeannuighthear duit,
a Mhuire, etc.



AN CHÉAD RANN



Níor cuireadh an duine ar an dtalamh so ach a dfhonn go dtabharfadh sé dá
Chruthóir an ghlóire agus an uirrim ba ceart do san do fhagháil uaidh.
Do chuir gach nídh an dualgas san i gcuimhne dhon duine. Agus siúd is gur
chuir gach nídh i gcuimhne dho é, do dhearmhaid sé go tubuisteach é.



Do árd-cheannas agus do mhódhmharacht Dé ba ceart do adhradh
agus ómós do theaspáint; a thrócaire atharamhail do ghrádhchaint; a
thoil agus a thuigsint féin do umhlú do eagna Dé gan teórain - do
scríobhadh na dualgaisí seo ar chlár croidhe an duine. Do análadh insan
anam daonna iad an tan do análadh an t-anam san isteach ina cholainn ó
bhéal Dé fein. Do fígheadh tréna nádúr iad. Do innis gach créatúir
de chréatúirí Dé dho iad. Ní fhéadfadh sé éisteacht le fiú fuaim
a ghotha féin gan iad do chloisint. Ach do dhearmhaid sé iad. Do scrios sé
iad dá chroidhe. Ní fheacaig sé níos sia in oibreacha Dé an onóir agus
an uirrim ba cheart do theaspáint do; ná insna tabharthaistí do chruach
Dia air, an grádh ba chóir a bheith aige do bhronntóir na dtabharthaistí
céadna; ná insa dorchas lena gclúduighthar, gach re seal, cruithnidheacht
Dé, an doimhneas dorcha san atá leathta ar rúndiamhra an Tighearna, agus
an dí-acfuinne atá i gciall daonna iad do thuisgint. Dotugadh do chréatúirí
Dé an t-adhradh san nár ceart do theaspáint ach do Dhia amháin.
Do onóruig, go deimhin, an pobal Eabhra é lena mbéal, ach dobhí a
gcroidhe i bhfad uaidh. Dochuadar daoine eagnach an domhain amudha ina
gciall. Do mheasadar solas Dé do thomhas le soíllsí an réasúin, agus
nárbh inchreidte éan nídh ach na neithe do thuigfidís. In aon fhocal,
níor aithnigheadh Dia, agus níor onóradh é.



Agus níor aithnigheadar daoine iad féin. - Féachaidh chomh fada
agus n-a ndeachaig díth céille dhaonna. Do fhaghadh caraid grádhach bás.
Do loiscthí a chorpán truaillighthe. Agus na cnámha bochta


L. 417


dóighthe sin, ar a mbíodh an neamh-nídheacht scríobhta, ba teideal iad
chun dia do dhéanamh de!



Do tógadh althóirí, do ceapadh sagairt, agus do cinneadh íodhbairt in
onóir dhrúise is mheisce, in onóir shainte agus uabhair. Do déithigheadh
adhalltharnas agus fuath agus gach aon ainmhian eile do thruailligheann agus
do shailigheann agus do ísligheann nádúr uasal an duine. Dobhídís déithe
cnoc agus déithe bánta ann, déithe tíre agus déithe mara, déithe crann
agus déithe luibhneacha. In aon fhocal - mar adeir an file Gaedhealach




Do ghabhadh Jupiter an iomad géilleadh
Mar dia flaitheas is talaimh in éanfheacht;
Neptune 'na dhia ar an muir mbraonach,
Pluto in ifreann, agus ní in' aonar.



Do adhradh cuid díobh dia na gréine,
Agus cuid eile aca rae agus réilthe;
Mars, Bacchus, Cupid, Phoebus;
Apollo glic, dia na céille;



Dia na ngaibhne, Vulcan béal-dubh;
Pan, dia bhuachaillí na gcaorach;
Juno, Pallas, Venus, Thetis;
Agus Aoibheall, ban-fháidh Charraige Léithe!




Dobhí iomadamhlacht na ndéithe bréagacha so do réir iomadamhlacht
na ndroch-chlaon a bhí i gcroidhe an duine. Dobhí, nách mór, an oiread
déithe ann is dobhíodar daoine. Dorinn an duine dia de gach nídh;
ach níor aithin sé agus níor adhair sé an t-aonDia cóir do chúm agus
do chruithnig é. - Dobhí an domhan, nách mór ó thosach aimsire, báithte
insan ainbhfios eaglach so. Dobhí an mhalluightheacht iongantach so ag
méadú gach aon lá, agus na daoine ag fás ar an olcas agus ag breisiú
i gcuirpeacht fé mar do dhruideadar le ceann an téarma ina raibh an
Slánathóir chun iad do fhiosrú ina thrócaire.



Cathair na Rómha féin, ba banríoghan an tan san ar an ndomhan, do
bhí sí múchta i bhfallsacht creidimh gach cine ar n-ar bhuaig sí; agus
dobhíodar déithe bodhra balbha gach náisiúin ar n-a rinn sí cúnncas
le faiscint i dtaobh istig dá múraibh - ní mar chomharthaí ar a cródhacht
ceannaiseach, ach mar chomharthaí seasmhach ar a díth céille leamh agus
ar a hainbhfios damanta.



Ach siúd agus gur “thruaillig an uile fheóil a slighe,” siúd agus
gur bhréan an talamh ó chuirpeacht na ndaoine, níor thoil le Dia a fhearg
do fhearadh ortha. Níor bháig sé le dílinn nua iad. Dob fhonn leis iad
do shlánú; iad do níghe, le dílinn a thrócaire do scaoileadh ortha.
Do chuir sé insna flaithis comhartha a chonnradh leis an ndhomhan ná
báidhfeadh sé choidhche arís in' fheirg í; agus dob é comhartha é sin,
ní an bogha leachta úd do-chímíd ag lonnradh go míorbhúiltheach insa
spéir, ach Íosa Críost, a Aon-mhac féin, an Focal do ghlac colann daonna,
fíor-chomhartha a charadais shíorraidhe leis an ndomhan, agus an t-aon solas
do scaipeann dorchas gach anama. Do teaspáineadh i gcóimhreamh an lae seo
é ar an dtalamh, agus dothug sé dá athair


L. 418


an ghlóire sin do mheas cuirpeacht daonna do bhaint de.
Cúitigheann an t-anam beannuighthe daonna dobhí ceangailthe de phearsa
Mhic Dé gach tarcaisne dá dtug malluightheacht na ndaoine do Dhia. Tugann
an Duine Dia, Íosa Críost, níos mó onóra, glóire, agus ómósa don
Tighearna uile-chomhachtach ná dhiúlthuigheadar daoine dho.



Do thaithn an t-ómós so thar bárr le Dia; oir is tríthi do
scriosadh fallsacht déithe den talamh. Is í do chuir deire le diablaidheacht
chreidimh. Is í do leag althóireacha na ndeamhan; do bhalbhuig a n-íomháigí;
is do ionntuig na teampaill oireirice sin ina adharthaí an
diabhal, chun bheith ina n-árais onóracha ina n-adhraid daoine an fíor-Dhia
le creideamh, le dóchas, le grádh naomhtha, le húrnaighthe, agus
le híodhbairt an Aifreann bheannuighthe.



Is mar seo do atharruigheadh aghaidh na talmhan; do cuireadh aithne
ar an AonDia; do ghéill an domhan dá Chruthóir; do shealbhuig Dia a
cheart fhéin arís; do bunuigheadh cráibhe oireamhnach do ar an dtalamh
tréna n-onóraid daoine é i spioraid agus i bhfírinne.



Dob é seo an chéad shochar do fhás as breith Chríost, agus dob í
seo an chéad ghlóire dothug sé dá Athair.



Ach, a Chríostaidhthe, an bhfuilimíd-ne páirteach insa tsochar san?
Ar scrios breith Chríost gach Dia bréagach amach as ár gcraitheacha-na?
Ar múchadh ionnta fós Jupiter, dia na poímpe agus an uabhair? Ar
básuigheadh ionnta fós Venus, bandia na drúise? Ar marbhuigheadh
Mars fíochmhar, dia na ceannairge agus na bruighne? Ar claoidheadh
fós ionainn Bacchus craosach, dia na meisce agus na póite? - Siúd is
ná adhraimíd anois, mar dorinneadar ár sinnsir, íomháigí bodhara
balbha na ndéithe bréagacha so, is eagla liom go n-adhraimíd na
hainmhianta cuirpeach ba cúis agus ba adhbhar dhóibh: feall agus
uabhar agus drúis agus saint, an saoghal meallthach agus a bhréag-
aoibhneas, an cholainn agus a claonta salacha. Oir pé nídh do
ghrádhaimíd níos mó 'ná Dia, adhraimíd é. Pé nídh is annsa lenár
gcroidhe 'na Dia, is dia dhúinn é. Pé nídh do thairigeann sinn
chun dlighe ár gCrunathóra do shárú, gan amhras is dia bréagach é
do chuirimíd suas i dteampall an chroidhe sin do chúm Dia chun
go n-adharfaí i gcomhnaidhe é fein amháin ann.



Fóríor, is iomarca dia bréagach den tsórd so indiu ar measc Chríostaidhthe!
- A fhir dhrúiseamhail, an mhéirdreach úd do thaithigheann tú - an
bhean tubuisteach úd chun n-ar thugais do ghrádh, do neart, do airgead,
do shláinte, do chreideamhaint, agus do shuaimhneas - an stiúrsaidhe úd
ná féadann do chreideamh, ná fós do shochar saoghaltha, a chuir fhiachaibh
ort scaramhaint léithi - is í Dia dhuit-se; agus cad do theastuighean
uait ach í adhradh, an tan do ghlaodhann tú do shearc, do rún, annsacht do
shúile, compórd do anama, agus grádh do chroidhe uirthi?



Tusa, a dhuine shaintamhail, do chailleann do aimsir, do shaothar,
gloine t'anama, agus suaimhneas do choinsias a dfhonn go gcruinneofá ina
chárnaibh lóchán an tsaoghail seo, cré bhuidhe agus bhán na


L. 419


talmhan, airgead n-a n-íosfaidh meirg ina dhiaidh seo é, agus n-a scaipfidh daoine
eile gan bhuidheachas duit-se - is é an saidhbhreas saoghaltha is dia
dhuit-se.



A dhrúncéir thubuistig, do ísligheann thu féin níos íslí 'ná an
beithidheach alltha; tusa do chailleann do shláinte, do chlú, agus do
chreideamhaint le ólachán; tusa do fhágann cuid do mhná bochte agus
substainnt do leanbhaí dealbha ag lucht tábhairne; tusa do chreachann agus
do chuireann thu féin le fán an tsaoghail - is é is dia dhuit-se an bolg
bréan san, an méadal gránna san do líonann tu le biotáille nó go
gcuireann tu as do cheann an chiall san do chuir Dia inntí Múchann tu do
thuisgint, cailleann tu do mheabhair, agus bíonn tu ullamh i gcóir gach
aon olc do chuireann do chaptaoin chrúbach, áirseoir ifrinn, in do shlighe.



Do scrios Íosa Críost amach as an dtalamh íomháigí na ndéithe
mbréagach, tré na hainmhianta truaillighthe, do chuir suas na híomháigí
gránna san, do bhású i gcraitheacha na ndaoine. Cad é an tairbhe dhuitse
mar sin, a Chríostaidhe, aithne a bheith agat ar Dhia má thugann tu a
onóir sin do éan nídh eile? Agus murab é an Dia fírinneach is Dia ar
do chroidhe, cuireann tu, mar do chuir na págánaig insa tseanaimsir, créatúir
táir éigin eile insan ionad a bhí ceaptha dho san, agus ní thugann
tu dod Chrunathóir an ghlóire is ceart do theaspáint do.



Fós ní raibh Críost sásta le hainm Dé go fhoillsiú don domhan
agus le creideamh a Athar do árdú ar measc daoine. Níorbh fholáir
do adhrathóirí do chumadh do mhórfadh agus do naomhóchadh a ainm agus do
ofrálfadh do na tabharthaistí is taithneamhla leis - is iad san, trócaire
agus ceart agus fíoraentacht. Dob é seo an tara sochar dothug breith
Chríost chughainn, agus an tara sórd glóire do íodhbair sé dá Athair.



Do aithin go deimhin an cine Iúdach Dia. Ní raibh íodhal ná
íomháig bhréig-dhia le faiscint eatortha. Níor onóradh cosmhalacht éan
deamhain in Iácob agus ní fuaradh fear piseóg in Israel. Dob é seo an
t-aon pháirt amháin den domhan a bhí saor ó an pláig choitchean so.
Dobhí teampall oireiric álainn tógaithe in onóir Dé aca. Dobhí íodhbairt
uasal agus saoire sholamanta ghlan ghlórmhar aca, agus deas-ghnáis
mhódhmharacha, eatortha, ag teaspáint uirrime agus onóra don Tighearna
chomhachtach. Ach ní dheachaig a gcráibhe thar na neithe fóirimealacha so.
Dobhíodar a mbéasa truaillighthe go leór. Do faiceadh agus dofuaradh
éigceart agus feall, bréaga agus barbraitheacht, craos agus drúis, adhalltranas
agus bitheamhantas, agus gach aon pheaca scannramhail eile, chomh
fairsing agus chomh faiseantamhail ina measc agus dofuaradh ar measc na
bpágánach fhéin. Do onóradar Dia lena mbéal; amhthaig dobhí croidhe an
phobail mhí-chumannaig seo i bhfad uaidh.


L. 420


Dotháinig Íosa Críost chun an earráid dainséarach so do chur
ar gcúl. Do mhúin sé dhóibh gur chun an chroidhe agus chun na híntinne
is mó do fhéachann Dia; gur beag an maitheas an taobh amuigh den
árthach a bheith glan má bhíonn an taobh istig líonta le salachar agus
le bréantas an pheaca; agus ná adharthar Dia go fírinneach mura
ngrádhthar go fírinneach é.



Ach a Chríostaidhthe, ná fuil an earráid chontabharthach so, do chas
Críost go minic leis an bpobal Eabhra, le fagháil fós eadrainne?
Oir cad é bunús ár gcráibhe-ne? Beagán dualgaisí corpora do chólíonadh,
diúitéthe áirithe fóirimeallach do cheanglann dlighe ár gcreidimh
orainn do chuir dinn - is é seo cráibhe an dream is eagnaighe ar ár
measc. Tigid go póinnteáltha chun Aifrinn do éisteacht. Coiméadaid
dlighthe na hEaglaise. Deirid a n-úrnaighthe. Solamnuighid gach saoire
fógartha agus méaduighid na táinte dothigeann go dtí ár dteampaill-ne.
Atá an taobh amuigh den árthach glan, ach cionnas atá an taobh istigh de?
An bhfuil ann croidhe glan, creideamh beó, agus fíor-ghrádh Dé agus na
comhursa? Ná fuil gach ainmhian le fagháil ann in éanfheacht le na
dualgaisí naomhtha? Ná fuil uabhar, agus sainnt, agus drúis, agus fuath,
agus formad ar maireachtain ann? - A, a Chríostaidhthe, ní he seo an
chráibhe do bhunuig Íosa Críost, ach cráibhe an chroidhe, na spioraide,
agus na beatha; agus an té ná fuil so aige, siúd is go bhfuil a bheatha
riaghaltha go leór, atá sé i bhfad ó Dhia, ní onórann sé é ach lena
bhéal, amhthaig atá 'anam truaillighthe le peaca agus míle droch-mhian 'na
máighistrí ar a chroidhe.



AN DARA RANN.
Dobhí síothcháin choitchean ins gach críoch den domhan an tan do
thúirling Íosa Críost, prionnsa na síothchána síorraidhe, ar an dtalamh
so. Do iomchair go suaimhneasach gach náisiún do umhluig do smacht na
Rómhánach cuing chruaidh na máighistrí uaibhreacha so. Cathair na
Rómha féin, n-ar díscigheadh a daoine agus n-ar deargadh a sráidí
le srotha fola tré cheannairg a huaisle agus tré chogadh a
taoiseach, do luig sí síos an deire fé ughdarás Augustus Chaesair,
agus dofuair sí, fé cheannas éinne amháin, an suaimhneas san ná
fuair sí riamh an tan a bhí sí ar a toil féin gan ceannas éinne uirthi.



Dobhí saoghal, mar sin, síothchánta, ach ba shíothcháin fhallsa í.
An duine, stracaithe le ainmhianta tréana, do mhothuig sé cogadh cruaidh
agus ceannairg fhíochmhar istig ann fhéin. Scartha le Dia, ag géilleadh do
gach droch-chlaon do éirigheadh suas ina chroidhe, do loirg se síothcháin;
ach ní raibh fagháil aige uirthi, oir níor loirg sé insan ionad chóir í.
I gcúis a bhuartha, i dtobar an mhí-shuaimhnis - is é sin, i sásamh a
ainmhianta - do mheas sé go bhfuigheadh sé í; ach ní bhfuair ann ach breis
bhuartha agus méadú ar a dho-shástacht. Do ghealladar na daoine foghlamtha
eagna do mhúineadh don lucht do leanfadh a dteagasc; ach an ciúineas do
ghealladar agus do mholadar go hárd, do fhág sé nimh na bpaisiún insa
chroidhe agus cogadh na n-ainmhian insan anam. Síothcháin dhíomais agus
phoímpe dob eadh í; do tástáladh


L. 421


agus dofuaradh folamh í; agus do chas an duine le breis bhuartha ar a
chroidhe bhrónach fhéin.



Túirliceann Críost indiu ar an dtalamh chun na síothchána san do
thabhairt do dhaoine ná féadfadh an saoghal do bhronnadh ortha. Tugann sé
leis leigheas gach uile uilc. Ní bhíonn sé sásta le teagasc poímpamhail
do thabhairt uaidh do thaithnigheann le réasún daonna, ach na leighiseann
aicídí an chroidhe. Agus ó ba ó uabhar, ó dhrúis, ó rún díoghalthais agus
ó fhormad do ghluais gach luascadh do bhuairig an croidhe daonna,
tugann Críost síothcháin chun an chroidhe sin le gach aon droch-chlaon do
scrios amach aisti tré chomhachta a ghrása agus tré fhórsa a theagaisc agus
a shampla.



Adeirim gurbh é an t-uabhar príomh-chúis gach trioblóid do strac
an croidhe daonna. Cá liacht cogadh, ceannairg, agus gleó do las sí suas
ar an dtalamh! Cá liacht srotha fola lenar dhearg sí aghaidh an domhain!
Stair ach cine agus gach ímpireacht, cúnntas gach prionnsa agus gach
gaiscidhig chródha, seandála gach aimsire agus gach náisiúin - cad eile
iad uile ach cúnntais ar na iliomad aindeisí do tairigeadh de dhruím
dhíomais ar an gcine daonna. Stage leathan dob eadh an talamh so go léir
ar n-a n-imrigheadh an t-ainmhian díchéilleach so go laethamhail na cluichí
ba dheirge agus ba dhoilgheasaighe.



Ach ní raibh insna gníomhartha fuilteach tubuisteacha dodéantaí
go ró-mhinic ar an dtalamh ach comhartha, nó íomháig, ar na trioblóidí
do mhothuig an duine uaibhreach ina chroidhe féin. Do ba thogha subháilce
an fonn a bheith os cionn chách eile. Meas duine mheáthta a bhíodh ar an
bhfear ceannsa. Déanann aon fhear amháin cúnncas ar thír a dhúthchais.
Réabann sé gach dlighe. Briseann sé tré chóir agus tré cheart. Milleann
agus marbhuigheann na mílthe aindeiseóirí bochta. Agus so go léir chun
go mbeadh sé ina thíoránacha cheannasach os cionn a dhúthaig féin. Agus
tairigeann ádh a chlaon-chortha árd-mholadh air. Scríobhtar a ainm, a bhí
sailighthe agus dearg le fuil a chomhbhraithreacha, go honórach insna hannálaibh
poiblidhe; agus an mallathóir gránna do ghaibh, tré mhurdar agus
éigceart, ceannas aindleaghthach ar thír a dhúthchais, cóimhrighthar é
ar measc na ndaoine ba mhó dár mhair riamh.



Cé ná raibh an t-ainmhian so chomh nótáltha ar measc an dream
úirísil, ba comh-fhairsing agus ba comh-bhuartha eatortha í; níor
shuaimhneasaighe é an fear íseal ná an duine poiblighe. Dob fhonn le gach
éinne é féin do árdú os cionn cáich eile. Tré neart uabhair do loirgeadar
uile onóir agus glóire ó dhaoine, agus do chailleadar uile tríthi
a síothcháin agus a suaimhneas.



Ach tré bhreith Chríost do saoradh an domhan ón bpláig seo, agus do
bunuigheadh ar talamh an tsíothcháin sin do dhíbir uabhar aisti. Do
fhéadfadh Críost é féin do fhoillsiú don domhan clúduighthe le glóire.
Do fhéadfadh sé gairm rí agus prionnsa agus cúnncasóra do ghlacadh air
féin. Do fhéadfadh sé righthibh agus náisiúin an domhain do chnósach
ina thimcheall ag umhlú dho, agus glóire an tsaoghail seo,


L. 422


agus glóire na síorraidheachta do chur air féin. Ach ní hamhla dorinn. Do ba
mhaith leis go dtuigfidís daoine gur i naomhthacht agus i neithe spioradáltha
dobhí a séan le fagháil, agus ná raibh ach breis aindeise agus méadú buartha
dhóibh i nglóire, in aoibhneas, agus i bpoímp an tsaoghail seo.



Is dá bhrígh sin dorugadh é i mBeithlehem, i staid uiríseal táir,
gan poímp shaoghaltha, cé go rabhadar sluaighte na n-aingeal á mholadh
go hárd. Dobhí gan teideal ar bith do nótálfadh é i measc daoine.
Cé go raibh sé os cionn na comhachta ba aoirde i bhflaitheas, do cheaduig
sé 'ainm do scríobhadh ar measc ainmneacha na n-íochtarán ba shuaraighe
dobhí ag Caesar - eisean n-a raibh ainm aige os cionn gach ainm, do
ainmnighthar ar neamh, ar talamh, nó in ifreann - eisean do scríobhann ainm
gacha fíoraein i leabhar na beatha atá thuas aige ar neamh. Tigid aodhairí
bochta dealbha chun é onórú - eisean n-a gcaithfidh gach glún lubadh in
onóir do. In aon fhocal, cnósuighthar i mbreith Chríost gach nídh is
tarcaisneamhla le díomas daonna. Dá ndéanfaidís teidil chaithréimneach
agus mórdháil agus aoibhneas na beatha so sinne séanmhar annso thíos, dá
dtugaidís síothcháin fhírinneach don chroidhe dhaonna, dobheadh Mac Dé
clúduighthe leó, agus dothabharfad sé iad don dream do chreideann ann.
Ach tré iad do dhímheasú tugann sé síothcháin chughainne; agus múineann
sé dhúinn gan éan bheann a bheith ortha ná éan chaitheamh ina
ndiaidh má's maith linn suaimhneas fírinneach do fhagháil; oir is cúis
buartha iad don uile dhuine do chuireann dúil ionnta. Theaspáin sé dhúinn
maitheas is substainnteamhla, is buaine i bhfad 'ná iad, maitheas do líonfaidh
ár n-uile mhian, dothabharfaidh sólás do ár n-anam agus compord
do ár gcroidhe, saidhbhreas ná féadfaidh fóirneart an tsaoghail do bhaint
dinn; agus chun an tsaidhbhris seo do fhagháil, nách riachtanach éan nídh
eile ach é ghrádhchaint.



Ach cé hé do bhlais an tsíothcháin fhírinneach so? An bhfuilid
cogaidhe agus ceannairgí níos fánaighe insa tsaoghal ó rugadh é?
An bhfuilid na ríoghachta do chreideann ann níos síothchánta? An gcuireann
an t-uabhar san, n-a dtáinig sé do aon toisce chun é dhísciú, níos
lugha buartha idir dhaoine? Loirg ar measc Chríostaidhthe an tsíothcháin
sin do bronnadh mar oidhreacht ortha, agus cá bhfuighir í? Insna cathracha?
Ionnta san beódhann uabhar gach croidhe. Is fonn le gach n-aon é féin do
árdú os cionn a shinnsear. Déineann éinne amháin do árduig go cinneamhnach
le fortún míle donán do-shásta: leanaid le cíocras a shlighe, ach
ní shroisid a chéim siúd. An bhfuighir istig fé mhúraibh tighe phríomháidig
í? Do-gheobhair cúraim agus buairt ann. Do-chífir an ceann urraid
síor-thógaithe suas, ní le oideachas críostamhail do thabhairt dá
leanbhaí, ach cúramach go léir chun iad do árdú insa tsaoghal; agus le
línn báis do, fágann sé mar oidhreacht agá chlainn, ní beatha dheagh-shamplach,
ach na cúraim agus na trioblóidí céadna do fhágfaid siúd fós
mar oidhreacht aga sliocht dá n-éis. Ach b'éidir go lonnuigheann sí i
bpálás na righthibh? Is


L. 423


annsúd do itheann árd-mhian gan teórain an uile chroidhe
Is annsúd do riaghlann uabhar gach anam. Sealbhuigheann an t-ainmhian is
fíochmhaire, is tréine, is doimhne, is duibhe, an uile chúirtóir; agus
fé amhlachas an tséin agus an áthais clúduighthar craitheacha briste le
brón agus líonta le doilgheas.



Ach gan dearmad do-gheóbhair insan Eaglais í? Ba ceart go bhfuighfí
ann í, oir ba í sin an t-ionad ceaptha chun go gcomhnóchadh síothcháin
Dé go deó ann. Ach do bhris spioraid na poímpe saoghaltha isteach fós
insan áit naomhtha. Loirigthear céim onórach insan Eaglais - ní chun
sochair ár gcomh-dhriotháracha, ach chun ár dtairbhe fhéin - le cíocras
agus le saothar; agus go minic le slighthe eile mí-dhlisteanach do
loirgithear é. Agus má mí-phoínntéalthar sinn, bíonn an oiread cathuighthe
agus doilghis orainn is dobhíonn ar ghrádhthóirí an tsaoghail seo an tan
ná faghaid an nídh so shanntuig a gcroidhe. Cúram nár cheart do ghlacadh
ach le crith agus le mór-eagla, iarrthar é go dána agus loirigthear é go
ceann-tréan. Suidheann an sagart peacamhail i dteampall an Tighearna gan
láimh Dé dá chur ann. Cuireann sé é féin mar cheann ar phobal an
tSlánathóra gan béal Chríost a rádh leis, mar adubhairt sé le Naomh
Peadar: “Pasce oves meas”: “Beathuig mo chaoire-se.”
Agus fé mar do ghlac sé an oific throm so air féin gan Dia dá ghlaodhach
chuige, agus gan tréithibh ná acfuinní oireamhnach dho, seolthar
an tréada gan chráibhe gan naomhthacht, agus go minic, fóríor, le scannal féin.



Ó a shíothcháin bheannuighthe Chríost, do sháruigheann an uile
smaoineamh, agus do leighseann gach buaireamh do éirigheann inár gcroidhe,
cé thabharfaidh dhúinne tu? Cá bhfuighimíd-na ar éanchor thu?



Ach siúd is gur dhíbir uabhar síothcháin Dé ón dtalamh, agus gur
thug sí dílinn bhuartha ar an gcine daonna, do fhás a chomh-oiread aindeisí
chúcha de dhruím drúise. An tan do dhearmhaid an duine uaisleacht a staid
agus naomhthacht a nádúr álainn, dothug sé suas é féin gan scrupall,
mar bheithidhig na talmhan, do fhórsa an ainmhiain táir seo. Ó fuair sé
gurab é an claon ba treise agus ba coitchinne ina chroidhe, do mheas sé
nárbh éan pheaca, ach gur dhleaghthach, géilleadh dho. Agus chun breis
ughdaráis do thabhairt do, dorinn sé ina phoínnte cráibhe é. Do cheap
sé déithe drúiseamhla dho féin, agus ina dteampaill ní onórthaí iad
ach leis an ndubháilce salach so. Ollamh mór féin - Plátó, an duine do
ba mhó léigheann agus eagna agus foghlaim ar measc na bpágánach - ar eagla
gur shrian ar an gclaon doilgheasach so an pósadh, do mheas sé a chuibhreach
naomhtha san do bhriseadh ar fad, ceadú do na daoine coidreamhadh le chéile
ar nós na mbeithidheach alltha, agus go raghadh an cine daonna in iomadamhlacht
lena bpeacaí do mhéadú. Dobhí an peaca so chomh coitcheann san
gur saoileadh nár pheaca ar éanchor é.



Agus a Thighearna Dia! cé áireómhaidh na haindeisí lenar líon sé
an domhan! Do chuir sé pobal i gcoinnibh pobail, rí i gcoinnibh rí, fuil
i gcoinnibh fola, dritháir i gcoinnibh drithár. Do síoluigheadh


L. 424


cogaidhe, agus bruigheanta, achrann, agus namhdachas, agus ár, agus léirscrios,
agus marbhú dá dhruím tríd an saoghal go léir.
Atáid catharacha oireirice réabtha, ríoghachta rathamhla díscighthe,
coróineacha ceannaiseach briste, mar fhiadhnithe againn ar na mí-fhortúin
troma dothug an peaca so ar an gcine daonna. Ba cúis bróin gan tomhas
é don uile dhuine dothug é fein suas do. Do gheall sé sásamh agus
aoibhneas do, ach do lean ar a choiscéimí éad, agus droch-amhras, ráig,
formad, fuath, gráin, déistean, agus doilgheas dubh.



Ní raibh leigeas le fagháil air, ná teitheamh uaidh. Do órduighdar
dlighthe é. Do neartuig nós é. Do chomhairlig an saoghal é. Níorbh
fholáir, mar sin, oideachas éigin comhachtach chun an teine thréan so do
mhúchadh i gcroidhe an duine. Dotugadh so don domhan tré bhreith an
Fhuasclóra san dotháinig chun na daoine do tharrac ó an uaimh dhoimhinn
chuirpe seo, chun iad do ghlanadh ó an salachar so, chun na géibhinn
náireacha dobhí ortha do bhriseadh, agus saoirseacht agus fuascailt do
thabhairt dóibh ó an sclábhaidheacht agus ó an dtíoránacht ina rabhadar
múchta.



Dorugadh é ó Mháthair ba mhaighdean, ba gloine de chréatuirí Dé.
Agus tríd sin sin do onóradh an subháilce sin, an maighdeanas, nárbh
aithne riamh roimhis sin don domhan, agus n-ar mheas pobal Dé fein gurbh
aspachán mór é le casadh le héan bhaineannach.



Agus fós, tré ár nádúr bocht-na do ghlacadh air féin, dodearnadh
ina Cheann orainne é, agus sinne inár mbaill dá cholainn siúd, inár
ngéaga den cholainn fáth-rúnda úd do ghlacann beatha agus gluaiseacht
uaidh siúd n-a bhfuil gach oific dá cholainn, naomhtha, agus n-arb é a
cheart suidhe ar dheas-láimh Dé, ag fagháil ghlóire le saoghal na saoghal.



Féachaidh mar sin, a Chríostaidhe, chun cad é an ghlóire n-a n-árduigheann
Íosa Críost, tré mhistéir an lae seo, ár bhfeóil-ne. Dorinn sé í
ina teampall ag Dia, 'n-áit chomhnuidhthe ag an Spioraid Naomh, 'na cuid
de cholainn ina n-áitreabhuigheann líonmhaireacht na Diadhacht féin,
agus ina naoidhe ghrádha ag an Athair síorraidhe. - Ach ná truaillighimíd-ne an
teampall beannuighthe sin? Ná déanaimíd úsáid táir den cholainn sin
atá 'na géaga de cholainn Chríost? An bhfuil meas ceart againne ar uaislidheacht
ár gcuid feóla féin ó dearnadh í ina páirt de fheóil bheannuighthe
Mhic Dé? An é ná fuil ainmhian salach na drúise fós 'na mháighistir
orainne atá inár gclainn an tsolais agus an naomhthacht. Ná buairigheann sé
fós síothcháin an domhain, suaimhneas ríoghachta, maitheas muíntire,
naomhthacht an phósta, agus sochar gach nduine? Cad as n-ar fhás gach
aindeise agus gach tubuiste chughat-sa, a dhuine dhrúiseamhail atá ag
éisteacht liom? Nách é an peaca so do chuir buairt agus achrann ar measc
do mhuíntire? Nách leis do scaipis do chuid, do tharcaisnighis do ainm,
do bhrisis do shláinte, agus nách tríd do chaitheann tu beatha náireach
dhoilgheasach ar an dtalamh? Cad atá le fagháil istig id chroidhe ach
síor-eagla, buairt, droch-mhian, éad, amhras, gráin, doilgheas, fuath,
crádh, agus cathú. Ar bhlaisis síothcháin nóimeanta


L. 425


ó shailighis do anam leis an bpeaca so?
Nách é do chuir gach buairt tré do bheatha go léir? Déin, in ainm Dé,
do uile dhícheall chun go mbéarfaí Íosa Críost id anam. Oir is é sin
amháin dothabharfaidh suaimhneas fírinneach do chroidhe. Is é do
dhibreóchaidh na spioraidí salacha aisti. Agus annsan beidh áras do anama
síothchánta. Beir id mhac na ngrás. Agus do-gheóbhair an nídh ná
fuarais fós agus ná fuighir go brágh ón bpeaca, sólás anama agus compórd
croidhe.



Fé dheire, dorinn breith Chríost síothcháin idir Dhia agus daoine.
Do mhúch sí gach namhdachas. Dorinn sí aon chine amháin de na huile
chinidheacha. Dothug sí aon chroidhe agus aon anam amháin do na huile
chreidimhig. Roimhis sin, ní raibh muíntearas creidimh, ná ceangal
dóchais, ná caradas ar bith eatortha. Do mheasadar nách mór, gur aithearrach
nádúra a bhí ag gach cine aca: aithearrach tíre, deifir béasa,
malairt teangtha - do shóinseáil sé an nádúr céadna ionnta, agus ní
raibh éan chomhartha lena n-aithineófaí gurab ó aon phréimh amháin do
fhásadar ach an chuma chéadna dobhí ar a gcolainn. Do mharbhuighidís a
chéile fé mar bheithidhig alltha iad; agus gan amhras ba bheithidhig alltha
i bhfuirm dhaonna iad. Dob é a nglóire a gcómh-chréatúirí do dhísciú
ó aghaidh na talmhan, agus cinn fhuilteach a chéile do chuir ar bharra
spéiceacha mar chomharthaí caithréimeacha ar a mbuaidh agus ar a gcródhacht.
Do samhlófaí nárbh éan neithe eile iad ach créatúirí namhdacha do
cumadh chun a bheith ag síor-chogadh lena chéile, agus ná raibh de ghnó
aca ar an dtalamh so ach léirscrios agus ár do thabhairt ar a chéile.
Do chuir gach nídh ceannairg eatortha, agus ní raibh cosmhalacht charadais
aca lena chéile in éan nídh ach insna droch-chlaoin ónar fhás a
n-eascaradas go léir.



Ach préamh ár síothchána Íosa Críost. Cúis ár gcaradais é. An
chloch chúinneach shnoídhte do cheanglann an dá fhalla lena chéile. An
t-aon Cheann beannuighthe do chuibhrigheann géaga an chuirp lena chéile agus
do-níonn aon cholainn bheó dhíobh uile. Ceanglann gach nídh sinn leis;
agus gach nídh do cheanglann sinn do san, ceanglann sé sinne dá chéile.



Aon Spioraid amháin do bheódhann sinn. Aon dóchas amháin do chothuigheann
sinn. As aon bhroinn amháin - ó thobar bhaistidhe Chríost - do
rugadh go spioradáltha sinn. Aon chró amháin, an Naomh-Eaglais, do
chnósuigheann sinn, agus aon árd-aodhaire amháin, Pápa Dé, do sheólann
sinn. Clainn sinn uile den Athair chéadna, Dia na n-uilechomhacht. Oidhrí
sinn ar an tsonas céadna, ríoghacht na glóire. Agus aon tír amháin
dúthchais atá againn, flaitheas na naomh!



Ach, a Chríostaidhthe, an gceanglaid na cuibhreacha beannuighthe seo
go léir bhur gcraitheacha i gcaradas lena chéile? An dteaspáinid bhur
mbéasa grástamhail gur clainn fhírinneach do Dhia na síothchána sibh?
- sibhse do baisteadh in aon tobar amháin baistidhe; sibhse n-ar doirteadh
an Spioraid Naomhtha céadna in bhur n-anam; sibhse do ghlacann
an Slánathóir céadna san, Prionnsa na síothchána Íosa Críost, ó láimh
shagairt Chríost, ag althóir Chríost; sibhse n-a bhfuil an creideamh
céadna agaibh, na sácraimintí céadna dotháinig


L. 426


ó thaobh agus ó chroidhe an Chríost chéadna le línn báis do ar an gcrois -
an ngrádhann sibh a chéile? An bhfuil muíntearas agus caradas agus
síothcháin agaibh dá chéile?



Fóríor dóighte! agus fóríor cráidhte! Glaodhaim in bhur
gcoinnibh gach aon lá Domhnaig do thruailligheann sibh len bhur mbruigheanta
meisceamhail. Glaodhaim in bhur gcoinnibh gach aon lá margaidh agus aonaig
ina mbíonn sibh ag réabadh plaosc agus ag dortadh fola a chéile. Glaodhaim
in bhur gcoinnibh na gártha fíochmhaire do chuireann sibh asaibh an tan, ar
buile le biotáille agus ar lasadh le feirg diabhlaidhe, do ionnsaigheann
sibh a chéile, cosmhail le scata deamhan, chun a chéile a mharbhú.
Glaodhaim suas in bhur gcoinnibh cúirt na ngiúisdísí eiricideach ar n-a
gcuireann sibh árd-áthas len bhur leabhartha éithigh agus le spalpadh Bíobla
Dé go bréagach i gcoinnibh a chéile. Glaodhaim in bhur gcoinnibh an spídeadh,
an tarcaisne bhréagach, an scobhlaeracht
sceimhleamhail, dothugann sibh go laethamhail dá chéile nuair do éirigheann
éan deifir shuarach eadraibh. Agus fiafruighim, nách go díomhaoin do
tháinig Íosa Críost ar an dtalamh chun síothcháin do bhunú in bhur measc!
Dotháinig an t-Uan geal gan spota anuas óna shuaimhneas shíorraidhe chun
suaimhneas do dhéanamh eadrainn. Do fhág Sé mar oidhreacht againn í; agus
níl éan nídh is annsa lena chroidhe 'ná go ngrádhfaimís a chéile.
Agus níl grádh ná caradas, cion ná muíntearas, le fagháil ná le faicsint
eadrainn; ach fuath, agus formad, agus feall leathta go fairsion ar an
ndomhan; láimh gach éinne árduighthe i gcoinnibh a chomh-chréatúra;
teanga gach éinne géaruighthe chun tromaidheacht agus cúl-chainnt is
éitheach do dhéanamh ar a gcomh-chríostaidhthe. - Arú! a lucht leanta na
ndubháilcí seo, is go díomhaoin dorugadh Críost daoibh, oir ní Slánathóir
daoibh é ach sciúirseóir feargach!



Ach má eirigheann sibh díobh, agus grádh Dé agus na comhursa a
bheith ar maireachtain in bhur gcraitheacha, tabharfaidh sé páirt daoibh
ar an dtalamh ina shíothcháin bheannuighthe; agus tabharfaidh, i ndiaidh
an bheatha só, seilbh dhíbh i ríoghacht na síothchána síorraidhe.
- Go dtugair sin dúinn go léir, a Thighearna thrócairig. Amen.



Risteárd Ó Foghludha
do chuir in eagar.