Sgéal ar Mhíorbhailtibh Mhuire

B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha (1796-1801)

Anaithnid




SGÉAL AR MHÍORBHAILTIBH MHUIRE.



Dobhí lánamha shuairc, sho-chinéalach 'san
domhan tsoir agus dobhí grádh mór aca
do'n Choimhdhidh chomhachtach agus dá Mháthair
bhuidh .i. do Mhuire Óigh naomhtha, agus do
smuaineadar in-a meanmain séipéal do
dhéanamh 'n-a n-onóir agus deilbh agus
íomháigh Mhuire agus a Mic do chur ann,
ionnas go mbéidís féin ag guidhe Dé
agus Muire ann de ghnáth. Do críochnui-
gheadh an smuaineadh sin leo agus do
ghlacadar féin seomra láimh leis an
séipéal agus do chuireadar a leaba ins
an seomra sin agus dothigidís gach aon
lá ar maidin agus um thráthnóna agus i
meadhón-lae ag déanamh urnaighthe 'san
tséipéal; agus ar ndéanamh na bpaidreacha
sin ann dothigidís chum a seomra tar
ais. Agus ar mbeith dhóibh mar sin aimsir
fhada thárla dhóibh gur thoil le Dia an bhean
do ghlacadh torrachais ón-a compánach
pósta agus ní lughaide thigeadh chum an
tséipéil gach tráth mar aon len-a fear
pósta ag déanamh na h-oifige mar badh
ghnáth leo nó gur luigh an torrachas go
mór uirrese i gcás nach mó 'ná gach re
lá dothigeadh chum an tséipéil. Agus ní
fhanadh an fear aon lá, agus an lá nach
dtigeadh a chompánach mar aon leis chum
an tséipéil do ghabhadh sin i láimh a gcuid
araon de na h-urnaighthe badh ghnáth leo
do dhéanamh. Gidheadh, níor chian dóibh
amhlaidh sin gur luigh an torrachas uirre
go mór ionnas gur bh'éigean dí gan a
leaba d'fhágbháil amach ná fós dul tar
dhoras a seomra, agus dothigeadh an fear
gach aon lá agus is fada dobhíodh amuigh
uaithe óir do ghabhadh a gcuid araon de
na h-urnaighthe do dhéanamh mar adubhramar.
Ar mbeith dhóibh ar an órdughadh sin aon de
laethibh dá raibh an fear 'san tséipéal ag
guidhe Dé agus i bhfad amuigh gabhas an
diabhal formad le deagh-bheatha na lána-
mhan sin, mar is gnáth leis toirmeasg do
chur ar an maith, go dtáinig an lá sin
isteach 'san tseomra agus an bhean torrach
'na leabaidh 'na h-aonar, óir ní raibh siubhal
ag daoinibh ar an áit acht ag an lánamha
féin, agus is amhlaidh tháinig i riocht cail-
lighe duibhe dobhí do chompánach ag an
mnaoi mhaith ar an saoghal amuigh, agus ar
dteacht isteach dí d'fháiltigh a croidhe sin
ar fheicsin a compánaigh caillilghe duibhe,
agus do shuigh ar cholbha a leabadh láimh
leis an mnaoi tinn agus do ghabhadar ag
teacht tar dhíogras rúin agus comhráidh len-a
chéile, agus ar mbeith ar na h-iomráidh-
tibh sin dóibh adubhairt an diabhal a bhí i
riocht na caillighe duibhe:



“A chompánaigh ionmhain,” ar sí, “is
trom agus is tréith atá tusa ag an dtor-
rachas sin agat.”



“'Seadh, go deimhin,” ar sí.



“Maiseadh,” ar an diabhal, “is truagh
agus is doilbh liomsa tusa bheith mar sin
ó'n té a bhfuilir amhlaidh.”



“Créad é sin, a chompánaigh?” ar sí.



“Atá, gan amhras, méad na mí-ghníomha
do-ghnídh sé tar do cheann gach aon lá, óir
an tan as dóigh leatsa agus shíleas tú
gur 'san tséipéal bhíos ag guidhe Dé, ní
mar sin do chaitheas seisean aimsir acht
ag aoibhneas agus ag ól i measg ban eile
agus ag caitheamh a choda eatorra agus ag
imtheacht orra tar do cheannsa.”



D'éist an bhean torrach leis sin agus ní
thug freagra ar bith uirre agus níor chreid
aon nídh dá ndubhairt, agus arn-a mheas
do'n chailligh dhuibh nach fada go dtiocfadh
an fear ó'n tséipéal, chum gan bheith roimhe
istigh gabhas a cead an uair sin agus
d'imthigh. Níor chian iar sin go dtáinig an
fear ó'n tséipéal agus go dtáinig mar a
raibh a chompánach roimhe ar a leabaidh,
agus fáiltigheas roimhe go ró-mhór, agus


L. 49


dobhí de mhéad de ghrádh aice dhó nár
chreid aon nídh dá ndubhairt an chailleach
dubh léithe agus do chaith amach an oidhche
sin, agus ar n-éirghe dósan arn-a mhárach
do thriall chum an tséipéil mar badh ghnáth
leis agus dobhí ag déanamh oifige ann,
agus tháinig an chailleach dubh chéadna an
dara lá agus do ghabh ag innsin na sgéal
gcéadna agus níor chreid an bhean mhaith
aon sgéal dár innis dí. Gidheadh, tháinig
an treas lá agus do labhair go truagh,
tuirseach agus adubhairt gur crádh croidhe
agus doilgheas ró-mhór léithe ise do bheith
in-a chomh mór sin de ghéibheann agus de
ghuasacht ó'n té dobhéadh ag síor-dhéanamh
iomad mí-ghníomha le mnáibh eile gach aon
lá tar a ceann ar sgáth bheith ag guidhe
Dé 'san tséipéal. Gabhas tocht mór an
bhean torrach agus adubhairt. “Is deacair
liom,” ar sí, “mí-sgéal ar bith do ghlacadh
ar mo chompánach pósta agus is ró-dheacair
liom gan mo chompánach caillighe duibhe do
chreideamhaint, agus ní dhéanfaidh mé de
dhíoghaltas ar an té do-ghnídh na mí-ghníomha
sin tar mo cheann acht mé féin agus an
ghein atá im' bhroinn do lot air. Agus
d'éis na mbriathar do rádh do ghabh altán
sgeine sgoth-ghéire in-a láimh agus do
thug sracadh dhí ó ubhall a brághad go sioch
a h-imleacáin agus do leig a h-abhach
agus a h-ionathair agus an leanbh dobhí in-a
broinn in-a fiadhnaise. Mar dochonnaic
an chailleach dubh .i. an diabhal an
gníomh sin, mar ní raibh ar iarraidh aige
acht é, d'imthigh féin 'n-a spiorad mhalluighthe
mar badh ghnáth leis trés an bhfuinneoig
ngloine dobhí ar an seomra.



Ar gcríochnughadh a urnaighthe do'n fhear
'san tséipéal tháinig do bhaile, agus ar
ndul dó isteach 'san tseomra dofuair
a bhean ar an órdughadh sin marbh ar
a chionn agus a leanbh agus a h-iona-
thair in-a fiadhnaise. Agus arn-a bhfeic-
sin mar sin dó coisreacas é féin agus
gabhas bíodhgadh agus crith-eagla mhór é agus
d'iarr ar Dhia agus ar Mhuire é féin do
shaoradh ó'n mí-ghníomh sin, óir do smuain
aige féin nach raibh siubhal ag duine
ar bith orra agus gurab fán-a chomhair
féin do cuirfidhe an gníomh si do dhéanamh,
agus do ghuidh Dia agus Muire go dúth-
rachtach fá é féin do shaoradh uaidh, agus
tar éis sin 'sé comhairle ar a dtáinig, sul
do leathfaidhe an sgéal amach an tír uile
d'fhágbháil agus dul go crích éigin eile i
gcéin uaidh. Agus dá dhruim sin do ghluais
roimhe agus ní dhearna acht an doras do
dhúnadh in-a dhiaidh, agus ar mbeith ag
imtheacht na sligheadh agus é ag gabháil tar
an séipéal sin do-rinne sé féin do chuimh-
neamh go mbadh chóir dó a chead do ghabháil
le h-íomháigh Mhuire agus a Mic roimh
imtheacht dó. Agus dorinne sé sin agus
feacas a ghlúine faoi agus do chrom sé
ar a ghuidhe go dúthrachtach agus d'iarr ar
Dhia é féin do shaoradh ar an ngníomh sin.
Agus arn-a gcríochnughadh dhó agus é ag
imtheacht, do chuimhnigh aige féin gurab olc
dorinne nár chuir folach ar an gcorp
idir é agus truailliughadh an aeir nó go
mbeiridís daoine air. D'fhill sé chum
brait éigin do leathadh ar an gcorp agus
ar dteacht isteach dó is amhlaidh fuair an
bhean roimhe agus í sleamhain, slán-chréachtach,
agus mar dochonnaic sí é d'fháiltigh a
croidhe roimhe.



“A chompánaigh ionmhain agus a aon-
ghrádh tar mhnáibh na beathadh,” ar sé, “nó
cionnas thárla dhuit nó créad é sin
d'imthigh ort?”



D'innis agus d'aithris dó amhail mar
tháinig an diabhal i riocht na caillighe duibhe
dobhí 'na compánach aice ar an dtuaith
agus mar do mealladh leis í, “agus níor
chreideas an céad lá dó ná an dara lá
aon fhocal dár labhair ortsa dá líomhnadh
gurab ag déanamh mí-ghníomh tar mo
cheannsa dobhí tusa le mnáibh eile gach
uair badh dhóigh liomsa tú bheith 'san tséi-
péal ag guidhe Dé agus Muire. Gidheadh,
tháinig an treas lá agus do ghearán chomh
mór sin ort dá rádh gur ró-dhoilg leis
féin mise do bheith ins na reachtaibh sin ó'n
té do-ghnídh na mí-ghníomha sin tar mo
cheann, agus is é adubhartsa nach ndéan-
fainn do dhíol tríd sin acht mé féin agus
an ghein dobhí im' bhroinn do lot ar an
té do-ghníodh na bearta sin tar mo cheann.
Air sin gabhaim altán sgeine sgoth-ghéire
chugam agus thug mé sracadh dhí ar mo
bhroinn gur leig mé mo leanbh agus
m'ionathair fá lár im' fhiadhnaise mar
dochonnaic tú féin an tan tháinig tú isteach.”



“Maiseadh, a chompánaigh ionmhain,” ar
sé, “aithris dom anois cionnas thángais
id' chéad riocht mar atá tú anois.”


L. 50


“Ag so mar thángas,” ar sí. “An tan
thángais im' cheannsa agus mé mar chon-
naicis féin, gabhas eagla tusa roimh an
ngníomh do chur id' leith féin óir ní raibh
siubhal daoine ar bith ormsa acht agat
féin, agus do chuiris romhat an tír d'fhág-
bháil ar teicheadh roimhe sin; agus ag
imtheacht duit tar an séipéal dochuaidh
tú isteach ag gabháil do cheada le h-íomháigh
Mhuire agus a Mic agus dobhí de ghéire
do ghuidhe gur thoil len-ár mbain-tighear-
nain Muire teacht chugamsa agus bréid
gheal i láimh léithe agus snáthad agus snáth
i láimh eile léithe, agus do chuir mo leanbh
agus m'ionathair isteach ionnamsa arís mar
dobhí roimhe agus d'fhuaigh suas mo bhroinn
leis an snáthaid agus leis an snáith go
bhfuilim arís slán-chréachtach mar do-chídh
tusa.”



Agus ar rádh na mbriathar sin díse do
leigeadar araon ar a nglúinibh iad féin
ag tabhairt buidheachais do Dhia agus do
Mhuire agus gluaisid araon chum an
tséipéil agus ar ndul dóibh ann is amhlaidh
fuaireadar ann deilbh Mhuire ar a gcionn
agus an bhréid gheal sin in-a láimh agus
an tsnáthad agus an tsnáth in-a láimh
eile, agus len-a chois sin do bhaineadar
cloig cheoil-bhinne 'san tséipéal; agus mar
dochualadar a gcomharsain a chomh mór
sin de cheol neamh-ghnáthach thángadar dá
fhios; agus do thaisbeánadar na míorbhailte
sn dóibh agus d'éis sin dóibh thug siad
moladh do'n Tríonóid agus do Mhuire
Bheannuighthe gan chrích, gan foircheann.
Amen.