Sgéal ar Mhíorbhaillibh Iordanus annso

B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1910 (1817)

Anaithnid; eag. P. Ó C.




SGÉAL AR MHÍORBHAILLIBH.
IORDANUS ANNSO.



Neach naomhtha robhí san domhan roimhe seo,
darbh ainm Iordanus. Badh dheigh-bhéasach
geanmnuidhe an fear sin, budh sheanmhórtuidhe
ró-mhaith é, agus lá áirithe dá raibh ag dul chum
na heaglaise ag déanamh seanmóra thárlaidh
bean dásachtach dhithchéillidhe dhó agus bheannaigheas
an bhean go héaduathmhar dhó as teangaidh
nachar labhair aon fhocal agus nach ar fhoghluim
gus an uair sin. Ní tú do bheannaigh, ar
Iordanus, acht an diabhal fil ad' chorp, óir
níor shaothraighis 'san teangaidh sin gus anois,
agus a dhiabhail, ar sé, cuirim d'fhiachaibh ort
freagradh do thabhairt orm ar son Dé do
chruthaigh sinn araon. Freagras an deamhan
dó a meadhon na mná agus as eadh do ráidh,
créad as áil leat d'fhiafraighe dhíom? Innis
dom, ar Iordanus, cread thug san mnaoi
sin thú. Mo Athair féin agus mo Chruthuightheóir,
ar an diabhal, ro aontaigh dhom gach a meall-
fainn de'n chine daonna do bheith for mo
sheilbh, agus fós droich-inntinn agus droich-
chreideamh na mná so gus indiu thug orm
a hamus. An bhfuil, ar Iordanus, aon
ionad eile i n-ar bhfearr leat bheith ioná an
t-ionad sin? Truagh sin, ar an diabhal,
dar liomsa as éigcialldha, a Iordánuis, an
cheist sin do chuiris orm. Créad an t-ádhbhar, ar
Iordánus? Freagras an deamhan dó agus as
eadh adubhairt, an bhfuil ionad eile i n-ar bhfearr
leatsa bheith, a Iordanus, ioná an t-ionad sin
a bhfuile? Atá, ar Iordanus, óir do b'fhearr
liom a bheith a bhfaraidh an Athar neamhdha ar
neamh ioná san ionad seo. Maise, ar an
deamhan, as mar sin domhsa, ní bhfuil, ní
raibh, agus ní bhéidh aon nidh d'á mbudh liom nách
tiubhrainn ar dheallradh aighthe mo Chruthuigh-
theora d'fheicsint aon uair amháin. Créad
an méad peannaide nó péine d'aontóchthá
do chur ort, ar Iordanus, ar radharc aon
uaire do bheith agat ar dheallradh an Choimhdhe.
Truagh sin, ar an deamhan, a bhfuil do phianaibh
agus do phlághaibh for dheamhnaibh agus for anam-
naibh ifrinn agus for chréatúiribh na cruinne,
d'aontóchuinnse sin uile do bheith for mo
chorp i n-éinfheacht ó'n ló dorinseam an
tiomarbhas ar neamh go lá an bhrátha dá ro
fhéad liom radharc beag do bhreith for aghaidh
an Choimhdhe. Iarn-a chlos sin do Iordanus
tháinic néall báis chuige, agus ar n-éirghe as an
néall sin dó as eadh adubhairt, Measaim,
ar sé, an t-an robhádhaisse for neamh go rabhais
ann onóir mhóir ag an Coimhdhe ós iomad
d'ainglibh an t-an ba follas duit deallradh
A aighthe d'fheicsint ionnus gur ghrádhais chomh
mór sin í. Fíor sin, ar an deamhan, óir
dobhádhas ann onóir mhóir os ainglibh, agus atá
oiread gach a raibh d' onóir agam ar neamh
do bhárr péine orm ann ifrionn thar an ccuid
eile d'aingllibh an iomarbhais. Innis domhsa,
ar Iordanus, ó dochonnarcais aghaidh an
Choimhdhe, a tuarasgabháil amhail fhéadfair.
Truagh sin, ar an deamhan, a bhfuil d'ainglibh
ar neamh ar amharc an Choimhdhe do ghnáth ó
thánagsa anuas agus roimhe sin, ní fhéadfadaois
ó thosach go deire an domhain deallradh aighthe
an Choimhdhé d'fhaisnéis ná d'innsint, gidheadh
inneósadsa dhuitse beagán d'á tuaras-
gabhail. A bhfuil de dhuille for fhiodhbhuidh,
agus d'fhéar for thalmhain, do réaltannaibh for
aer, agus do ghainimh i muir, dá gcurthaoi deallradh
gréine agus éasga ann gach aon fá leith dhíobh,
agus an deallradh as lugha d'á ttig d'aghaidh an
Choimhdhe gach uair tré bheathaidh shíor as mó é
ioná iad sin uile. Ro chaoidh Iordanus iar
sin agus do ráidh, as mairg d'aon neach, ar
sé, thuilleas tré n-a bheathaidh féin gan dul
d'fheicsin an ionaid in-a bhfuil an deallradh
sin agus an t-soillse. Tusa iomorro, ar
Iordanus, a dheamhain, fágaibh an t-ionad sin
a bhfuile, agus ná buadhair an bhean níos mó.
Fágbhas an deamhan í annsin. Ro bheannuigh
agus ro choisrigh Iordanus an bhean as a haithle
agus dorinne sí aithrighe dhúthrachtach in-a
coirthibh agus ba shaoi cráibhtheach í ó shin amach.