Beatha St. Tomás Chanterbuiri sonn

B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha (1827)

eag. S. Ó Fuaighne




Le Tadhg Ó Conaill cois Laoi, láimh re Tobar Rígh an Domhnaicc an
15 lá do dheasrán 1827.



Beatha St. Tomás Chantarvuiri sonn.



Feacht naon dá raibh Bruigéiseach a Lúndain,
dárba chomhainim Geilbert Becet noch do
rugadh ann san áit ina bhfuil an teampoll
dárab ainim S. Tomás Ofacers, agus ba
duine fínéalta cráibhtheach an Geilbeart sin
agus ro ghabh cros chuige agus ro ghluais do
dhéanamh oilithre go cathair Ierusaleim chum
tuamba an Tighearna neamhda; agus dobhí
aon óglaoch ina fhochair darab comhainim
Risdéard; agus dobhí beagán do chuideachtain
eile aige agus mar do chriochnuigh sé a thuras
agus é ag teacht thar a ais do ghabhadar
muinntir phrionnsa Ameront é, agus do
cuireadh a bpríosún dorcha uaigneach é féin
agus a chuideachta, agus dobhí aimsir
d'áirighthe ann fá dhochar mhór, agus do líon
taithneamh agus gean ag an bprionnsa ar
Gheilbeart, agus ba ghnáth cómhrádh eatortha .i.
an prionnsa ag fiafruighe sgéal agus
creidhimh críche na Sagsan do Gheilbeart.
Dobhí aon inghíon óg aontúmha ag an
bprionnsa dárab comhainim Esnéra, agus
tug an inghíon sin toil agus tromghrádh
iomarcach do Gheilbeart agus d'innis dó
dá dtugadh a mhóide agus a ghealladh dhi fá
na posadh go dtréigfeadh a caraid agus a
dúthaigh, a fonn agus a fearann agus go
ngeabhadh baisde agus an creidiomh do
bhí aige fein chúice, agus tug san a ghealladh
dhí air an gconnradh sin, agus d'inns dí a
áit bhunaidh .i. Lúndain, agus níor chian as
a h-aithle sin gur éaluigh an inghíon na
h-uathadh agus na h-aonar agus is iomdha
slíghe uaigneach aimhréidh ionar ghabh sí, agus
níor túrnadh lé go ráinig cathair Lúndain,
agus dobhí ag rádh Becet, Becet do ghnáth,
óir ní raibh aon fhocal Béarla aice acht becet,
agus dobhadar mórán d'ógaibh na cathrach
ina timchioll ag deunamh ionganntais agus
fonomhuid fuithe mar nachar thuigheadar í agus
ar son a culaith; agus dobhí ag siubhal na
cathrach ar an ordúghadh sin nó go ráinig
doras tíghe Gheilbeart, agus do sheasaimh sí
ag an ndoras agus do aithin Risdeárd
óglaoch Gheilbeart í agus d'innis do
Gheilbeart inghíon an phrionnsa do bheith san
doras amuich agus ar dteacht amach do
Gheilbert mar dochonnairc Easnéra é, do
thuit sí chum na talmhan agus dochum anbhfainne
le lúthgháir eision d'fhaicsin, agus do
thógaibh Geilbeart í agus rug leis asteach í,
agus dochuaidh Geilbeart as a h-aithle sin
go follas mar a rabhadar na sé heasboig
dobhí ann do ghnáth an tan sin, agus d'innis
a sgéala ó thosach go deiridh dhóibh, agus
do baisteadh an inghíon, agus do pósadh le
Geilbeart í as a h-aithle, agus níorbh'fhada
dóibh go dtarlaidh an inghíon
taobhtrom torrach agus mar tháinig aimsear
tuismighthe a cloinne dorug sí gein
mailleathan mhic, Tomas Becet a ainim.
Agus ní cian as a h-aithle gur ghabh mian
Geilbeart dul d'oilithre arís, agus dobhí
amuich trí bliaghna. Agus níorbh'fhada don
leanbh gur cuireadh go teagh-sgoile é agus
robhí ag fóghluim léighinn go maith agus an
aois a 24 bliaghan do éag a mhathair, agus do
bhí an leanbh .i. Tomás Becet n-a phríntíseach
ag ceannaidhe a Lúndain ag coiméad a
shiopa agus a chúntais, agus ro imthigh ón
gceannaidhe go h-árdeasbog Canterbuiri .i.
Sdeiuin a ainim agus dobhí an Tomás sin a
gcion agus a lúthgháir romhór go ndearnaidh
an t-árdeasbog oirchinneach dhe, agus fós


L. 70


dobhí sé n-a phríomh-chomhairleach ar an árdeasbog,
agus is ro-bhuidheach dobhí an
t-árdeasbog dá ghníomharthaibh ag smachtughadh
na gcionntach, agus ag déanamh buidheachais
na ndeagh-dhaoine, agus is minic dothéigheadh
don Róimh do mhéadughadh ceart na h-eaglaise
agus níor chian as a h-aithle sin go ndearnadh
rígh Sagsan don dara Henrí .i. Mach na
Banímpire, agus dorin an Righ Sóinsilléir
na Sagsan don Tomás so, agus fá mór a
chomhachta agus dobhí an rioghacht saidhbhir
siothcháinteach re a linn, agus dobhí an righ
buidheach do gach gníomh dá ndeineadh Tomás:
agus gach uair dá ndeachaidh an Rígh go
Normoint d'fhágadh curam a mhic agus na
rioghachta ar Thomás, agus is maith d'iomcharadh
Tomás an cúram sin go teacht an righ tar a
ais, agus nior chian n-a dhiaigh sin gur éag
Airdeasbiog Chanterbuirí, Tibald a ainm, agus
dorin an righ ardeasbog a gCantearbuirí do
Thomás Becet, maille re toil chléire na
Rioghachta uile, agus is é dobadh aois dó an
tan sin .i. cheithre bliaghna agus dá fhithchid,
agus dobadh leasg leis an cúram sin do
ghabháil le h-ais; agus iar bhfagháil an bhulla
ó'n Róimh, do sácráladh é, agus dobhí na
dhuine naomhta, ag tabhairt pianta móra dhó
féin, agus dobhíodh léine róin lán do
chnapánaibh agus do shnaidhmannaibh móra
uime, agus brísdighe don tsord céadna go
dtí a ghlúine. Agus Domhnach na Tríonóide
so sácráladh é agus dobhí an righ agus móran
do thighearnaibh na Sagsan agus sé easboig
déag ann, aimsir na sácrála, agus do
cuireadh Ab Ephersui agus cléirigh eile do'n
Róimh ar cheann chomhaicht an Phápa chuige agus
dofuair iad agus do ghabh-san chuige go
h-úmhal iad, agus dobhí culaith Mannaigh
taobh istigh uime agus culaith easboig ar a
h-uachtar sin agus do chleachtadh sé troisgthe
móra do dhéanamh a chuirp truagh agus a anma
ramhar agus do cleacht sé bórd maith a bheith
aige, agus beagán do chaitheamh do féin ag tabhairt
eisiomplara maith uaidh do chach.
Agus gach uair da dtéigheadh an Righ go
Normoint d'fágadh sé ceannas a mhic agus
na rioghachta ag St. Tomás. Ba mhaith an
mhaise do-san sin, ór dobhíodh an Righ agus
an rioghacht buidheach de fein agus d'á
ghniomharthaibh. Agus dobhí sé aimsir imchian
mar sin. Agus an uair do-ghniodh an Righ
aon rud a n-aghaidh toile na hEaglaise do
bhíodh S. Tomás d'á thoirmeasg uime fá n-a
dhíthchill. As a h-aithle sin tarla Easbogoideacht
Lúndain agus Winchester do bheith
Sedevacante .i. folamh, agus do chongaimh
(i.e. chongabh) an Righ aimsear fhada iad ar
a láimh féin do grádh an tsochair do bheith aige
fein. Agus dobhí St. Tomás tuirseach uime
sin agus d'iarr mar athchuingidhe agus mar
ghrása ar an Righ an dá Easbogóideacht sin
do thabhairt do mhacaibh léighinn maithe agus
tug an righ a thoil dó uime sin agus dorin
Ardeasbog Winchester do mhac léighinn mhaith
.i. Maighistir Roger a ainm agus Árdeasbog
Lúndain do Mhac Iarla Gloucester .i.
Ribeárd a ainim. Agus as a h-aithle sin do
bheannaigh St. Tomás Mainisdir Seding,
noch do thógaibh an chéad Henrí dobhí n-a
righ ar Sagsaibh, agus an bhliaghain sin do
thógaibh sé an Righ darbh comhainim Eadbhárd
noch dobhí n-a Righ agus n-a chonfeasóir as an
dtuamba fa ionar cuireadh é agus ro
h-adhlaiceadh go honóireach é a Westminister
a dtuamba ro-bhréagha. Agus niar chian n-a
dhiaigh sin go dtárla maille le timptáisiún
an spioraid dheamhnuidhe imreasán agus
eisiothcháin ro-mhór idir an Righ agus S.
Tomas agus do chuir an rígh teachta ar ceann
easbog na Rioghachta uile lá d'áirighthe go
Westminister láimh re Lúndain, chum teacht
dá láthair fein agus tángadar uile ann agus
do chuir an righ fáilte rompa uile agus ro
innis dóibh S. Tomas a (i.e. do) sgrios a dhlighe,
agus nach raibh sé toilteanach ar gach
stáidiúd dá raibh ag a shinnsearaibh do
choiméad. Do fhreagair S. Tomás an Righ
agus aseadh adubhairt, nachair mhian leis
aoinídh do dhéanamh an-aghaidh an Righ acht nach
luighfeadh sé air aitheanta na h-eaglaise do
chur air gcúl. Is annsin d'innis an Righ
nachair thoil le S. Tomás, dá ndeineadh
Cléireach goid, moladh dlíghe an Righ do thabhairt
ann; agus adubhairt Tomás nach do'n Righ
badh chóir smacht do dhéanamh ar na cléirichibh
acht don Eagluis, agus ar mhórán do
stadiuidibh eile fós. Agus adubhairt an
Righ: Aithnighim go bhfuil tú ar tí dlíghe na
rioghachta noch atá ag mo shinnsearaibh san
aimsear anall do sgrios agus ní bhiaidh siúd
ar t'iocht. Agus d'imthigh an righ go feargach
agus tugadar na h-easboig uile do chomhairle
do S. Tomás comhairle an Righe do dheunamh no
go mbiadh an rioghacht buaidheartha agus
tugadar tíghearnaí na tuaithe an chomhairle
ceudna dó. D'fhreagair S. Tomás iad agus


L. 71


iseadh adubhairt: Cuirim a bhfiaghnaise ar Dhia
nár mhian liom riamh ná anois aon rud badh
olc ris an righ do dhéanamh ná éinidh dá cheart
do bhuain de. Ba luthgháireach na tighearnaí idir
thuaith agus eaglais don fhreagra sin agus
rugadar S. Tomás leó go dtigh an Righ go
Hocsanfort, agus níor labhair an righ aon
fhocal re St. Tomás agus do ghair sé na
tighearnaí chuige idir thuaith agus eaglais,
agus adubhairt go gcaithfidhe gach dlíghe d'á
raibh ag a shinnsearaibh roimhe d'athnuadha,
agus do críochnúigheadh sin leis na Tighearnaibh
idir thuaith agus eaglais. Na dhiaigh sin
d'fhogair an righ do na tighearnaoibh uile
teacht i na choinne féin, go Clarington chum
an pharlament a bpéin a dtighearnais lá
d'áirighthe: ro imthigh an righ uatha an lá sin.
Agus así aimsear in-a raibh an parlament
sin a gClarington .i. an naomhad bliaghain
do fhlaitheas an righ agus an bliaghain d'anáil
an Tighearna, 1104 ( 1164). Agus do
bhí morán do thighearnaibh annsa pharlament
sin agus dobhíodar uile an-aghaidh S. Tomás.
Agus adubhairt an righ a bhfiaghnaise na
dtighearnaoi agus é ina shuighe san bparlament:
An gcoimeadtar libh-se gach dlighe dá
raibh ag mo shinnsearaibh romhaim. Do labhair
St. Tomás ar son na h-eaglaise agus aseadh
adubhairt, gach uile dhlíghe mhaith atá ceart
agus nách fuil an-aghaidh na h-eaglaise .i.
ár Máthar Naomhtha, do-bheirim mo thoil ar a
chongbháil ó chroidhe mhaith. Acht annsin
adubhairt an Righ nach fuigfeadh aon phúngc
do gach dlighe d'á raibh ag a shinnsearaibh roimhe
gan a chongbháil, agus ro ghabh fearg mhór an
Righ le S. Tomás toil an rígh do dheunamh agus d'iarr
S. Tomás fios an dlíghe agus cáirde chum
freagartha do thabhairt ar an Righ, agus mar
dochonnairc sé an dlighe tug sé a thoil do
chuid dhe, agus diúlta do mhorán de, agus
adubhairt nach tiubhradh a thoil go lá an bhrátha
do'n chuid eile sin, agus do ghabh fearg mhór an
Righ agus adubhairt nach maithfeadh aon chuid
de. As annsin adubhairt S. Tomás leis an
Righ maille re tromchroidheacht mhóir: A
thighearna mhaith agus a Righ ghrásamhuil
gabhadh truagh dhúinne thú, an Eaglais
bheannaighte, agus do'n lucht atá ag guidhe ort
do ghnáth, agus tabhair cáirde dhuinn ar
feadh tamaill, agus d'imthig Tomás go Winchester
agus do chuir a ghuidhe go dúthrachtach
ar son na h-Eaglaise agus neart do thabhairt
dó féin agus cúmhdach agus do léig ar a ghlúinibh
é féin agus adubhairt; Ó a Thighearna mhór
trocaraigh, atá a fhios agam go ndearna mé
cionnta, agus gurab ar son mo chionnta fein
atá an dochar so ag teacht chum na h-eaglaise
agus breathnuighim, a thighearna, dul don Róimh
go bhfaghainn absolóid ó'n bpápa; agus dochuaidh
annsin go Cantarbuiri agus as annsin
do chuir an righ a dhaoine féin go mainearuibh
St. Tomas agus rugadar a raibh do mhaitheas
saoghalta ionnta leó, ar son nár úmhlaigh sé
agus nach tug a thoil chum dlighe an Righ do
chongbháil, agus adubhairt an righ a dhuthaigh
uile do thógbháil chuige féin. Agus
d'imthigheadar a mhuinntir uile ó St. Tomás
agus ro imthigh féin go bruach an chuain chum
na rioghachta d'fhágbháil agus ní fhuair cóir
gaoithe; agus dochuaidh in-a loing trí h-uaire
agus dobhí an ghaoth in-a aghaidh gach aon uair
díobh-sin. Agus ro aithin St. Tomás nach
raibh tóil Dé aige chum na tíre d'fhágbháil
agus ro ionntaidh thar ais go Canterburí.
Fá luthgháireach a mhuinntir féin roimhe, agus
a moch an laoi airna mháireoch, tángadar
muinntir an Righ do bhreith a bhfaighdís do
mhaitheas saoghalta a gcúirt Chanterbuirí leó
agus mar a fuaradar St. Tomás ar a gcionn
ann, ní rugadar aoinidh leó agus d'innseadar
don Righ St. Tomás do bheith a gCanterbuirí.
Agus asa h-aithle sin táinig S. Tomás do lathair
an Righ go Woodstock dá iarraidh air bheith
go maith don Eaglais Catoilice. Adubhairt
an Righ ag fochmhaideadh fá S. Tomás: nach
feidir dúinn araon bheith i n-aon rioghacht,
agus do chroidhe annsa chruadhas agus annsa
daingne sin. D'fhreagar St. Tomás an
righ agus adubhairt: Níor smuaineas-sa riamh
gan do thóil do dheunamh acht nach luigheadocha
(laghdocha) tú ceart na h-Eaglaise, óir
seasochaidh mé an ceart do chongbháil dí an
gcéin mhairfios me fá am dhithcheall. Agus
ro ghabh fearg ro-adhbhal an Righ agus tug
a mhóide go gcoimhlíonfadh sé a dlighe, agus
go speisialta dá ndéineadh Cleireach goid
go gcaithfeadh sé bás d'fhulang do mholadh
dlighe an Righ agus nach é dlighe na h-Eaglaise
do-bhéaradh bás dó agus adubhairt an Righ
nach biadh cleireach 'na mhaighistir ar na
Rioghacht fein, agus tug mar aithne do S.
Tomás teacht n-a láthair fein go Northampton
agus easboig na Rioghachta uile do thabhairt
leis ann. Agus ro imthigheadar, agus ro
sgaradar re chéile mar sin agus do ghuidh


L. 72


S. Tomás Dia na n-uilecomhacht fá cabhar
do thabhairt dó, agus dobhadar na h-easboig
d'ar chóir congnaimh leis ina aghaidh leis an
Righ. As a h-aithle sin dochuaidh St. Tomás
go Northampton mar a raibh an Righ, gus
tighearnaí na Sagsan na thimpcheall ann,
agus mar tháinig St. Tomás do láthair an
Righ adubhairt sé: Thainigh mé do dheunamh
do thoile do réir h-aithne, gidheadh ní feacathas
Airdeasbog Canterbuirí annsa chruith ina
bhfuilim riamh, óir as me t-athair faoisdineach,
agus ní h-é dlighe Dé riamh an mac do dhíbirt
an athar ar a bhfuil cúram h-anma; agus do
chuir do bhuadhreadh-sa na h-easboig darba
choir bheith leis an Eagluis n-a h-aghaidh agus
am aghaidh-si agus atá a fhios agad nách
fuilim-si ionchomhraic agus ó nach fuilim,
atáim ollamh chum báis d'fhulang thar cheann
ceart na h-eaglaise. Acht annsin do labhair
an Righ agus adubhairt; as cosmhuil re
cléireach ceanamhail air fein mar labharas
tú agus ísleochaidh mise h-árdinntinn óir
caithfimid araon cúntais do dheunamh re aroile.
Atá a fhios agad go rabhais ad
tsóinsilleir agamsa, agus go dtug mé
cúig céad pont ar airleacadh dhuit agus nar
íocais fós iad agus anois dob'áil liom tú
dhá n-íoc nó caithfidh tú dul don phríosún.
As annsin do labhair S. Tomás agus aseadh
adubhairt; Do bhronn tú na cúig céad pont
san dam; ní cóir an nidh do bronnadh
d'iarraidh tar ais. Gidheadh tug S. Tomás
urra re díol na gcúig céad pont. Agus as
a h-aithle sin d'iarr an Righ trí mhíle pont ar
S. Tomás, noch do haithriseadh do ghoid S.
Tomás an uair dobhí sé n-a Shóinsilleir, agus
d'iarr S. Tomás cáirde chum freagartha do
thabhairt air sin, agus asé freagradh tug sé
air sin an uair dorin sé Easbog de, gur
chuir se saor annsan easbogóideacht é
a bhfiaghnaise tighearnaoi tuaithe agus eaglaise
na Rioghachta, agus ar an adhbhar sin nár chóir
dó freagra do thabhairt ar an gcúis sin.
Agus d'iarradar na h-easboig uile air S.
Tomás a thoil do thabhairt a n-aghaidh na
h-eaglaise. Acht annsin tángadar na
h-easboig chum an Righ, agus tugadar a
dtoil chum an uile neith do réir toile an Rígh,
agus do thréigeadar S. Tomás agus ro
thréigeadar muinntear dhíleas S. Tomás
fein é. Acht as annsin tángadar daoine
bochta do dheunamh cuideachtain do S. Tomas
agus tángadar an oidhche sin féin, dias
tighearnaí do mhuinntear an Righ agus
adubhradar le S. Tomás Sagsa d'fhágbháil
nó go gcaithfeadh sé bás d'fhulang, agus
an oidhche na dhiaigh sin ro éaluigh S.
Tomás a gculaith bráthar agus dochuaidh
tar farraighe do'n Fraingc, agus do chuir
Righ Sagsan litreacha n-a dhiaigh go righ Fraingc
dá rádh sin gan S. Tomás do ghabháil chuige,
agus do chuir an Righ dias easbog do ghearán
ar S. Tomás ris an bpápa. Mar tháinig S.
Tomás mar a raibh Righ Fraingc do chuir
an righ fáilte roimhe agus adubhairt, gibé
cionnta dodhéanfadh duine a Sagsana go
mbiadh sé saor san bhFraingc, agus adubhairt
re S. Tomás gach nídh ba mhaith leis do dhéanamh.
Is annsin do chuir Rígh Sagsan tighearnaí do
dheunamh gearáin ar S. Tomás chum an phápa
agus dorinneadar an gearán go trom agus
mar dochualaidh an pápa an gearán
adubhairt nach tiubhradh freagra ortha go
bhfaiceadh an t-Áirdeasbog féin, agus go
dtiocfadh sé go h-athghairid, agus níorbh'áil
leis na tighearnaí fanmhain le S. Tomás, agus
dochuadar thar a n-ais go Righ Sagsan gan
freagra ó'n bpápa, agus as a h-aithle sin
táinig S. Tomas go cathair na Rómha la S.
Marcas suibhsgéaluidhe, tar éis mheadhoin
laoí agus ní fhuaradar a mhuinntear iasg
ré a cheannach chum a ndinnéir, mar dobhí
an lá sin n-a chathaoir, agus d'innseadar sin
do S. Tomás agus adubhairt leó gibé beatha
do-gheabhadaois a cheannach agus do cheannaigheadar
feóil agus do bhruithigheadar í agus do
friotháladh S. Tomás maille re cábún
róstaigthe agus a mhuinntear maille ré
feóil ó phota. Agus dochualaidh an pápa
S. Tomás do theacht do'n chathair, do chuir
cairdionál do chur fáilte roimhe, agus fuair an
cairdionál S. Tomás ar dinnear ag ithe feóla
agus do chuir an fháilte roimhe agus do innis
do'n phápa go raibh S. Tomás ag ithe feóla,
agus nachar dhuine mar adúbhradh é agus níor
chreid an pápa an cairdionál agus do chuir
cáirdional eile dá fheachain sin agus adubhairt
ris part do'n bhiadh do thabhairt chuige, agus
do chuir an cairdionál ceathramha don chábún
iona naipchin agus rug leis chum an phápa
í, agus adubhairt gurbh'fhior do'n chéad
chairdionál a ndúbhairt. Agus ro sgaoil an
naipchin a bhfiaghnaise an phápa, agus fuair
an cheathramha chábúin iarna h-iompoghadh na


L. 73


hiasg darbh'ainim carp. Ar bhfaicsin na
míorbhuille sin do'n phápa, adubhairt nachar
daoine fírinneach iad tré bhréig do chur ar
an Árd-Easbog naomhtha sin. Agus
adubhradar san gurbh fhírinneach dóibh féin a
ndubhradar. Agus níor chian as a h-aithle
sin go dtáinig S. Tomás chum an phápa, agus
d'fhear an pápa fior-chaoine fáilte ris, agus
tar éis beagáin briathar do rádh dhóibh
d'fhiafruigh an pápa do S. Tomás créad an
dínnéar dobhí aige an lá sin, agus adubhairt
S. Tomas gurbh' fheóil dobhí aige mar nach
fuair sé iasg. Do thuig an pápa annsin
gur míorbhuille dorin S. Tomás, mar do
h-iompuígheadh an cheathramha cábúin chum bheith
n-a h-iasg, agus air son na míorbhuille sin
do fhoillsigh Dia, tug an pápa cead feóla
d'ithe do gach aoinneach a ndeósus Chantarbuirí
lá St. Marcus más ar lá cathaoireach bhias;
agus an párdún san do thabhairt dóibh ó
sin amach, agus atá san dá chongbháil gus
aniúgh. Agus annsin do innis S. Tomás do'n
Phápa mar dobhí righ Sagsan dá iarraidh air
thoil do thabhairt ar mhórán do staidiúdaibh do
bhí a n-aghaidh na h-Eaglaise, agus gach éagcóir
dá ndearnaidh an Righ air fein go nuige sin,
agus dá bhfághadh sé bás air a shon nách
tiubhradh a thoil chuige sin choídhche. Mar
dochuala an Pápa sgéala St. Tomás do ghuil
sé le truaighe agus rug a bhuidheachas re
Dia a dtaobh a leithéid sin do easbog. Agus
do chuir an Pápa bulladha agus litreacha
d'á sgriobh chum Easboig na gcríoch dá ordughadh
dhóibh a dheunamh mar dorin St. Tomás. Agus
as a h-aithle sin, d'fhogar St. Tomás a
Easbogóideacht agus a bharaoin (bairín) agus
a chros agus a fháinne don phápa. Agus tug
an pápa d'aithne dhó-san a gcongbháil aige
fein do shíor, agus nárbh' aithne dhó féin duine
arbh'fearr an díol iad ná é féin. As a
h-aithle sin adubhairt Aifrionn a bhfiaghnase
an phápa a gculaidh ghil agus andiaigh an
Aifrinn adubhairt ris an bpápa go raibh
a fhios aige maille re taidhbhse oidhche go
gcaithfeadh sé féin bás d'fulang air son chirt
na h-eaglaise agas gibe tráth do-gheabhadh sé
bás go n-iompochadh dath an chochaill ó bhán
go dearg, agas ar sgaradh ris an bpápa dó,
táinig anuas do'n Frainngc go mainnistir
Pontnéi, agus fuair sgéala mar thángadar
teachta an Righ ón bPápa .i.
tighearnaoi tuaithe agus Eaglaise agus ro
inniseadar do'n Righ nach fuaireadar a
ngnóithe agus go raibh fearg ró-mhór ar an
Rígh agus gur dhíbir sé caraid agus gaol S.
Tomás agus go ndubhairt riú an Rioghacht
uile d'fhágbháil agus gur bhain mionna dhíobh
dul mar a raibh S. Tomás agus a innsin dó
gurab ar a shon do díbreadh iad féin; agus
d'imthigheadar go mainistir Pontneí lán do
thromchroidheacht air a shon sin. Agus as a
h-aithle sin dobhí órd manach do na Fistians
.i. an sord manach dobhí a bPontneí a Sagsana
agus adubhairt an righ riú litreacha do
sgríobh go Pontneí d'á rádh riú S. Tomás
do dhíbirt uatha no go sgriosfadh sé féin iad
sin; agus ar eagla go ndéanfadh an Righ sin
do sgríobhadar leitreacha go Pontnei dá
innsin sin agus dobadh éigion do S. Tomas
agus a mhuintir uile Pontnei d'fhágbháil. Agus
dobhí S. Tomás bocht trom-chroidheach agus
tug an chúis uile do Dhia agus gach éagcóir
dá ndearnadh air. Agus as a h-aithle sin
do chuir Righ Frainngc sgéala chum S. Tomás
dá rádh ris anmhuin san bhFranngc agus go
n-íocfadh sé fein a chostas féin agus a
mhuinntire. Agus dochuaidh St. Tomás agus
a mhuinntear go Semes, agas táinig Ab
Semes in-a choinne agas d'innis S. Tomás
do'n Ab gur foillsigheadh do féin go
gcaithfeadh sé féin bás d'fhulang tar cheann
cheart na h-eaglaise agus do iarr mar
athchuinghidhe ar an ab rún do dhéunamh air
sin an feadh dobhiadh sé féin beó. Na dhiaigh
sin táinig Righ Sagsan do'n Fhraingc an
tan sin agus ro innis do Righ Fraingc go
raibh St. Tomás ag sgrios a dhlighthe féin.
Do chuir Righ Franngc fios ar cheann S.
Tomás agus dorinn Righ Fraingc réidhteach
eatortha fa n-a dhithcheall, agas níor fhéad
óir ní léigfeadh an Rígh aon rud dá dhlighthe
ar gcúl, agus ní mó do leigfeadh S. Tomás
aon rud do cheart na heaglaise air gcúl.
Agus do ghabh rígh Frangc párt Rígh Sagsan
an-aghaidh St. Tomás agus tug fógra dó
féin agus dá mhuinntear an Fhraingc
d'fhagbháil agus ní raibh a fhios ag S. Tomás
cá rachadh sé, agus dobhí sé ag cur intinne
iona mhuinntir mar dob'fhéidir leis. Agus
dobhí sé ar tí dul ag iarra déirce, agus
mar dobhí sé ag imtheacht do chuir righ Fraingc
sgéala ar a chionn, agus adubhairt ris anmhuin
san bhFraingc agus go n-íocfadh sé fein a
chosdas agus d'iarr maithfeachais (maitheamhnas)
air tré mar adubhairt sé ris an tír d'fhágbháil.
As a h-aithle sin dorin Righ Sagsan Rígh


L. 74


dá mhac agus do chuir Árd-easbog Sorcf
(York) agus easbog eile an choróin air
agus níor cheart dóibh sin do dheunamh óir as
do Ardeasbog Chanterbuirí badh dual a cur
air, agus fuair S. Tomás Bulladha an Phápa
do choinneall-bháthadh na muinntire dorin sin,
agus a n-aghaidh gach duine dá raibh ag congbháil
mhaithis tsaoghalta S. Tomás, Agus is gairid
do mhair an tsíothcháin sin dóibh óir do éirigh
an righ ó'n tsíothcháin go h-athghairid tar éise
sin agus táinig S Tomás as muinghin na
siothchána do mharthain eadtortha go Canterbuirí,
agus dobhí gach aoineach ró-bhúidheach
agus ró-lúthgháireach roimhe. Agus maille re
cómhachta an Phápa do chuir fios ar gach aoineach
dorin éagcóir air agus do chuir coinneal-lbháthadh
ós árd ortha, nó go ndéanfaidís
aithreachas ann san eagcóir dorinneadar air
féin agus ar an Eaglais. Agus mar dochualadar
lucht na gcionnta sin tángadar
chuige agus dob'áil leó a chur fá deara air
maitheamh dóibh dá aimhdheóin, agus do chuireadar
sgéala chum an Rígh do'n Fhraingc ar gach nidh
dá ndearna S. Tomás agus do ghabh fearg
ró-mhór an Righ uime sin agus adubhairt dá
mbeith daoine aige lérbh'ionmhuine é, ná
fuilingeóchaidís a leithéid sin do thréatúir
beó n-a dhúithigh, agus mar chualadar ceathrar
ridireadha d'á mhuinntir sin dorinneadar
comhairle le chéile agus do bhreithnigheadar go
bhfaghaidís féin buidheachas mór ó'n Righ ar
son S. Tomás do mharbhadh. A ndiaigh na
drochómhairle sin do ghluaisigheadar go
deifreach chum cuain, agus fuaradar long ar
a gcionn ann, agus níor chomhnuigheadar leó
go rángadar cathair Chanterbuirí, agus mar
dochualaidh an Righ a n-imtheacht do ghabh
aithreachas é, agus do chuir teachta in a ndiaigh
agus ní rugadar na teachta ortha. Agus
rángadar an ceathrar ridireacha sin go
Canterbuirí. Agus dorin S. Tomás seanmóir
a gCanterbuirí lá Nodlag, agas do
bhí ag déanamh na seanmóra, oir ba dhearbh leis
an bás d'fhulang, agus dorin an coinneall-bháthadh
ar gach néach a raibh a n-aghaidh chirt na
h-Eaglaise. Agus an lá san féin an uair
dobhí an Righ ar an mbórd ann sa bhFraingc
gach aon do ghlacadh an t-arán níorbh'fheidir
leó aon ghreidhim do chaitheamh dhe, óir do liaith
agus do mhorgaidh an t-arán, agus an t-arán
náchar ghlacadar, ní raibh locht air. Agus
tángadar an ceathrar ridireadha go Canterbuirí
Dia Máirt .i. an cúigmheadh lá do'n
Nodlaig ann aimsir Easbartha do ló agus
tángadar mar a raibh S. Tomás, agus adubhradar
gur chuir an Righ mar aithne chuige
leasúghadh do thabhairt do ghach neach dá ndearna
sé do choinneall-bháthadh nó go gcaillfeadh sé
a anam. Adubhairt St. Tomás: gach uile nidh
as cóir dham do dhéanamh, maille re ceart, do
dhéanfaidh mé é; agus ar son na h-aithne do
fritheóladh ní bhfuil a sgaoile agam-sa,
muna ndearnaidh siad aithreachas do'n Eaglais
óir as é an Pápa do chuir amach í agus ní
mise. Adubhairt Ridire dhíobh; Muna dtuga
tú absolóid do'n Righ agus do chách uile
coiseónaidh sé do bhás duit. Atá a fhios
agat, ar S. Tomás, go ndearna an Rígh agus
mise réidhteach ré chéile, lá féile Muire
Maigdeleán, agus rachaidh an coinneall-bháthadh
amach ar na daoinibh dorin éagcóir ar
an Eaglais. Is annsin do bhuail Ridire dhíobh
ann a cheann St. Tomás agus é ar a ghlúinibh
a bhfiaghnaise na h-altórach. Agus do chuir
Sír Eadbhard Grém .i. fear iomchair na croise,
an chros idir St. Tomas agus an buille;
agus do ghearr an buille an cros agas lámh
Sár Eadbhard, gur theith sé fein agus na manaigh
eile uile. Agus do bhuail gach aoinneach do'n
cheathrar díobh sin buille ar St. Tomás, gur
bhaineadar mullach an chloiginn de gur thuit a
inchinn ar na clochaibh n-a bhfiaghnaise agus do
bhris fear díobh deas a chloidhimh ar na clochaibh.
Agus is mar sin do martradh St. Tomás .i.
Árd-Easbog Chanterbuirí in a theampoll
mór féin, agus is e dob aois dó an tan san .i.
44 bliaghna agus aois an tighearna an tan san
.i. Mile bliaghain agus céad agus aon bhliaghain
déag agus fithche. Agus an lá do básuigheadh
S. Tomás, do iompuighh an chochall annsa Róimh,
ó bhán go dearg agus do aithin an Pápa ar an
gcochall gur martradh St. Tomás agus do
chuir aifrionn d'á rádh ar a anmhuin (anam)
agus táinig an t-ainghiol os cionn na manach
agus do chan sé Laetabitur Justus, etc.,
agus do thionnsgain oifig an Aifrinn agus
rug an Pápa buidheachas mór re Dhia na
miorbhúillídhe sin dfhoillsiughadh ó Dhia air
St. Tomas.
Finis.