Aithrighe Mháire Ní Mhuilmhichíl

Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1923 (1846ls 19L)

P. Ó F.




Is peacach ar strae, mo léan, le fada mé
Claon droich-bheathach is im' ghníomh mí-chóir
I bhfiadhnaise Dé, na naomh, is na n-abstolaibh
Ag séanadh bratacha an ríogh gan speóis.
Ní feasach dom féin nuair d' éist mé an t-Aifrionn,
Ná an sagart fén éide ag scéitheamh ná ag teagosc dom,
Paidir ná cré dhá léigheamh ná an tsailm fós,
Acht an saoghal so amh' dhalladh le baois is brón.



Is scannalach gránmhar gnásamhail gangaideach
Táim go deimhin fé chuing an smóil,
Gan fulaing im' chnámha ná ádhais im' chuisleanna
Ag méid na muirior so chlaoidhigh mé beó.
Tá m' anam id' dheádhaig mar an bhfásach loisgithe
Ar easba do ghrása tráighte cheal folcaidhthe,
Cosain mé i dtráth is ná fág mé foscanta
Im' sheithleach cosgurtha cnaoidhte deiréoil.



Sgreadaim is éighim go tréan óm' scartacha
Ag guidhe chum flaitheas ar righ na gcomhacht
Mé do fhuasgailt ón bpéin-se do thraoch is do lagaigh mé
le h-éigean anafa im' dhiaidh is rómham;
Mo bheartaibh ar an saoghal so claonmhar cealgach
Peacamhail baoth le chéile mhaitheamh dom
Tan tiocfaidh an t-éag ag raobadh an phartition,
Is ag léigionn m' anama ar síth id' chóir.



A athair na ngrás atá grádhmhar carthannach
éist gan fearg lem' dhuain dubróin
Chum flaithios go h-árd is gach bláth trí thalamh chuir
A shoillse an tsoluis 'sa rae gan cheó
Aitchim tú a ghrádh agus tárthuigh m' anam-sa
Tá ceangailte ar cábla ag Sátan mallaighthe
Am' tharraing do ghnáth ó scáth do bhratacha
'Sa raobadh t' aithionta mómhúil dar ndóigh.



A Mhic Mhuire na ngrás a thoigh bás go h-acfuinneach
Tabhair saor ár n-anamaibh ó chianntaibh an cheó
D' fhuiling an pháis dubha-chneadha agus garg-luit


L. 55


Ar thaobh na croise na pianta is mó
I gculaighthe árd sliocht Ádhaimh gur cheannaigh tú
I dtuile gan tlás ag tádhal go talamh síos
Gach cuisle is gach cnámh as a n-áitreamh stracuighthe
Is do ghéaga tarraingthe ód' chlí dom shórd



A spioraid atá naomhtha éighim is freagair mé
Agus déin mé do lasadh le soillse teó
cuir aithionta Dé go séimh am' aigne
'Na saigheadaibh carthannacht tríom let chómhacht
Aistrigh mé óm' néaltaibh mallaighthe
I gcrothaibh áidhbhéil chum staonadh ó pheacadh anois
Lem' dhearcaibh léig tréansruth déaraibh beannaighthe
Bhéarfas go Flaithios mé id' chuing go deoigh.



A Mhuire atá lán de ghrásaibh Parathuis,
Ná tréig mé a chara insan phian is mó,
Bhias orm tan éagfad nó tar éis bheith marbh dom,
An péarla ceannuigheadh let' shoillse féin
In aice na naomh 'sa ngéaga oscailte,
Na n-aingeal go léir 'sna ndéig na h-apstolaibh
Le gáirdeachas chléibh mar théarnuigh an t-anam bocht
Saor ó Acheron na bpian ar sógh.



Ná léig mé i ndólás chum fághain le fearg uait
Acht saor mé ó Thartarus na bpian go deóigh
Saor le truagh-chás mo chruadháil anacrach
Tá faon lag-bheartach fá'n ualach mór,
Mar shaor tú an t-óglaoch mac Ábratham beannaighthe
Do bhí ar dtaobh leis do bhláth is nár chásuigh é thabhairt duit
Néaltaibh an bháis gan spás ag bagairt air
Gur réidh tú ód' charthannacht é fhuasgail beó.



Saor m' anam go bráth is ná fág faoi scamall mé,
Mar shaor tú Lochluinn Ó a thighearna let chomhachtaibh;
Ar thuitim gan spás an árd-chríoch Gomorra,
I measg tréada Sodom nár stríoc dod' ghlóir.
Nó mar shaor tú Naoi ó'n mbás is a chuideachta,
I dtuile an uathbháis an uair báidh tú an chruinne ar fad,
Gach cruth is gach bláth chum fághain gur thriosla tú
Le gráin ar an dtubaist do chlaoidhigh an slógh.



A Uain dhílis Dé na tréig an peacach bocht,
Acht réidh an bealach atá iadhta rómham,
Airigh mo chruadh-dhail im ghuais bháis anafa,
Agus glaodhaig mé id' aice i gcuanta an tsóigh.
Saor mé go bráth ó'n álmhach cuiripe,
Mar shaor tú an triúr báb as árthrach na teine amach,
Gur iompuigh led' ghrása Nebuchadnazar
Do bhí claon cruaidh-bheartach is i mí-ghníomh mór.



A ghéig an tsóláis is a pháláis m' anama,
Mo Dhia mo chara is mo chaoin-chompórd,
Ná scar liom go bráth im' bhás ná im' bheatha dhom,
Ná ar uair na h-anafa is mé ag triall id' chóir.


L. 56


Saor in do láthair an fághanuidhe peacaigh bhoicht,
Mar Mhaois is Aoron ó Pharaoh sa ndearg-mhuir.
I gcuideacht do ghrása go dtáinigh an gasara
Slán go dtí an bhfearann do gheall tú dóibh.



Féach le truaigmhéil ar an gcréatúir ceannuighthe
Shaor tú le h-allais i bhfuil daoir dá deól
Ag an aicme úd do cheus tú i bhfiadhnaise t' athar ghil
Is tú i bpiantaibh marbhthacha ag ímpidhe dóibh.
Saor ar do sgáth is ná básuigh don pheacadh mé,
In éiric gach gnáis-bheart id' láthair dár thagras;
Ó a thighearna na ngrás sábháil mé ar Acheron
Mar shaor tú an fáidh beannaighthe as uamha na leómhan.



Ó a Thighearna na gcomhacht is a réalt-eólais na gcineadhacha
Saor mé óm' pheacaidhe mar shaor tú Jonas
As bholg na péiste is é ag téarnamh go neimhneach,
Ag deimhniughadh don aicme an bhreith bhíógach bhróin
Saor é ós na piantaibh i gciannta na lasrach
Bhias treasna san tsliabh rómham is mé ag triall ar do charthanacht
Réidh mé as na ciacha atá am' chiapadh le h-eagla
Agus glaodhaig mé go parathus na niúl go deóigh.



Saor mé a Dhia a ghrádh is a Shlánuightheóir sheasmhach
Mar shaor tú Eóin Baiste is an Mhaighdean d' fhóir
I mbruinnibh a máthar gan smál gur geineadh iad
Gairm ná fuair peacach is ná faghaidh go deóigh
Saor mé led' grádh-sa mar do shlánuigh tú Magdalen
Is na céadta bochtánaibh ar easlánta gur leasa tú
I ndorchacht dólásach go ndearna tú solus dóibh
A gcréimídh gur chneasaigh tú le soighead ód' chomhacht.



A Íosa chaoin ghlórmhair 'sa cheann órdha na n-abstalaibh
Saor mé ón bpeacadh mar do shaor tú Pól
Is Peadar fíor-naomhtha do bhí i ngéibheann faoi cheannglaibh
Le daor-eachtaibh mallaighte agus dlighe insan Róimh
Na máithirighe díogruiseach gur líon tú le meanmain iad
'S a gcuid fola dá íodhbairt mar dhíol ar son teagast duit
Ar Áird-neamh ataoi siad i gcuimhdeacht na n-ainglibh
I gcuan naomhtha Pharathuis 'na suidhe ins an chóir.



Saor mé a Dhia ghléigil lá an léirscrios ón anafa
Fá scéithibh do bhratacha ó fhíoghar do shnóigh,
Ó a thighearna ná léigh dom na bréathra go danartha,
Is na daor mé le fearg uait i gcuing na gcaor.


L. 57


A bhreithimh mhór fhoighideach ná deighil mé as do chuideachta
Is na friotalaibh doidhre do theill ó geineadh mé,
Ná múch uaim do shoillse acht féighill me in do chneádhacha
Ó dhoimhinn-loch gan grionghal na dteinte teó.



Mo shaidhbhreas, mo dhóthchas, mo raelt-eólais chum misnigh dom
Soillsigh mé a chara le soighead ód' chómhacht
Foillsigh do shlighe dhom 'sa bóthar cá raghaidh mé
Is ná léig me bhasgadh ins na mídhiribh ceó
Scrios mé ós na créimibh tá im chaomh-chorp-sa ceangailte
Agus nigh mé finéalta chomh gléigeal le sneachta ar bith
Le cumas do dhaonacht is le tréanshruth do charthanacht
Tabhair páirt dom i bparathas na niúl go deóigh.



AN CEANGAL.



Ár n-Athair, ár nDia, ár riaradóir greannmhar tú,
Ár gcaraid ár gciall ár riaghluightheóir anama agus cuirp,
Ár seasamh ár sláinte ár ngáirdín faire gach am,
Céad glóire go bráth leat a áirdrigh flaithios na rann.



An Dara Pearsa ár nDia do thriall ó Fhlaithios do thug
A cholann le riar mar bhiadh idir abstail, agus a fhuil
Do fhuiling an pháis agus bás na croiche le fonn
Chum sinne shábháil ó álmhach Lúsifer 's a phower.



Ar nDia an Spiorad Naomh do théidh ár sgairteacha i bhfuacht
Chuir tusa le daonacht go séimh 'nár gcroidheacha cruaidh
Cómhurraim cómhghlóire cómhchomhachta cómh-chumas cómhphower
Bhí eadruibh riamh go deó is anois is gach am.



FOIRCHEANN.