Sciath Mhuire

Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille (1844)

Anaithnid




Sciath Mhuire.



Stiúraigh mé dod' mholadh, cídh nach ollamh mé 'am éigeas,
A ghnúis ainglidhe gan locht, thug súgh a h-uchta dom shaoradh.
Tiomnaim mé féin fád' choimirce, a Bhuime mhúirneach an Aon-Mhic,
Fád' dhíon sciath mo chuirp, mo chroidhe, mo thoil, m'inntleacht.
Peacach mé tá líonta d'olc. Síoraim ort a dhéanamh,
A bhean-liaigh na n-othar n-anacra, ar dhall-chiach m'anama d'fhéachaint,
Teampall na dTrí bPearsanaibh, Athair, Mac agus Naomh-Spioraid.
Guidhim thú dom fhortacht, ar uair mo bhreithe agus m' éaga,
A Ríoghain, dá dtug an Rígh, an t-Athair Síor re buidheachas
Oighreacht is bheith ad' mháthair, guidhim do páirt dom' réidhteach,
Soightheach iomchur an Lóchrainn, is í ró-shoillse ós cionn gréine,
Taraing mé fád 'dhíon i gcuan as long díombuan an t-saogail.
Ar dtuitim 'san gcasán sleamhnuighthe, maide láimhe chun lúith do dhéanamh.
A Mhaighdean ó'n dtaobh andeas, go dtéighead ar neamh dod' fhéachaint.
Níl cion ar luas ná ar rith, gaoith adtuaidh ná sruith dá thréine
Ag ríomh luais re Máthair Chríost, do aicme dhlígheas a buidheachas.
Croidhe gan chionnta, cliabh gan choir, bean-óigh lé'r toghadh naomhthacht,
Is ort do chuirim mo chuing anois, ó ghuais shíorraidhe na péine.
A Mhuire mhódhamhail, mhaiseach, 'sa cheannsa chneasda mhaorgadh
Ní tursach mé fád' ghairm, is tú mo chrann cabharthach i mbaogal.
Féach led shúile ar lucht na bpian, má táid ar easbadh réightigh,
Aisiog dóibh a sláinte, 's a dteinneas trom go dtraochair.
Fuasgail iad ó gach peacadh, is faigh ó'n Athair Naomhtha
Do chabhair dóibh siúd, a Mhuire, is abair amen a chléirigh.