()


An Saor Mór cct.



Aisling do Chonnarc tré mo Chodhla.
LS. Uí R. 69, LL371 - 373.



Ar leabain go déannach am aonar am luighe mé
An aisling trém' neulta ba léir dhom go soillseach
An sagart dob aosda fán éide ba saidhbhre
D'éis Aifrionn do léigheamh dhó is scéimheach an radharc sin:
Sléachtann sé is feacann go tapaidh ar a ghlúin,
Féachann sé ar fhlathas le hamharc a shúl,
Is braona go talamh 'na srothaibh leis, a dubhairt -
Gairim Thú, a Dhé dhil, dom shaoradh ó dhoilgheasaibh
Ná maslaigh do chléir bhocht le géur-ghoin a naímhde.



Do dhearcas go h-éascaidh tar éis stad ó chaoi dhó
Aingiol mar cherub 'na léir-sheasamh taoibh leis;
Lasaid na spéartha le caorthaibh ba thaidhbhseach
Is dalladh mé in aoinfheacht le gléire na soillse.
"Bfeuchfá, thígearna Easbaig," go h-airthinneach dubhairt,
"'Sé an Naomh Spioraid ó fhlathas do bhagar mé chughat
chun éirligh mar maith leat é ar chrapadh na súl."
"Ó a Victor, san mhéid sin is méin liom bheith foighdeach
Do glacadh na Ninevites is dob fhéidir dom chloinnse.



Iar dteacht dom go h-Éirinn ní féidir nach cuibhim leat
'sé Satan ba léir dom ag aodhaireacht na críche ann
Níor bhfeasach dom aon neach do ghlaodhfadh ar Íosa ann
Acht ar Pallus nó Phoebus, ar Bhéalus nó Aoibheall.
D'éist siad le teagasg na n'aitheanta ar dtúis,
Le Cré na nApstal is paidreacha annsúd
Sléachtfaid do Eaglais is feacaid go h-úmhail.
Is gairid 'na dhiaidh sin gur claonadh a n'inntin
Chun Aifrionn le méin mhaithis treadhanas Dia hAoine.



Bhí sagart fá thréad i ngach gléib insas tír so
A' síor-chanadh daonacht' an tsaoir-Mhic 'sa dhiadhachta
Gan easba ar an léirsgrios fuair déithe na ndraoighthe,
'Sis talamh ró-naomhtha do ghlaodhadar don ínnse.
Do ba séanmhar an aisde dóibh seallad mar siúd
Ag éisteacht na psailm is canticles úird
Te Deum gach maidin is Vespers dar liom
'Sé an seallad badh réim dóibh, gladhaig aon ar gach géimre
Sin Calvin dá chéasadh i gcionn céad tar-éis míle.


L. 9


Cia taithniomhach na tréighthe le hAon-Mhac na soillse
Badh geanmnach éagnach truaighbhéileach gan taidhbhse,
Ceapan dá éis sin a léighiomh go ró dhéimhneach.
cia an tanfadh is tréinne nach dtraochfadh a bhfoidhne
Seo Sibeal na mallacht dá ngreadadh gan cúis
Is dá mba fhéidir badh mheasa dhóibh Albanach Stuart.
Raobaid a gcealla is scaipid a núir
Gach abadh san tréad bhocht chum déirce dá saighdeadh
Gan tairbhe gléibe ná aon reid mar raíghse.



Do bhárra gach éigceart dá mba fhéidir leo smaoineadh
Nár leagadh ar na Gaodhailibh i réimheas gach righ dhíobh.
Níor feannadh in aoinfheacht is níor léirleagadh síos iad
Go bpreabaid Cromwellions go tréanmhar tar taoide
Na faolchoin so creachaid a mbailte 'sa ndúin
Is créimid an Eaglais le masla fá smúit
Gan éiliomh ar bheatha aca acht seamair na súmhadh.
Seo Easbaig is Prelates chuim déirce gan saoirse
Is fearantus Éirionn le chéile faoi dhaoirse.



An t-Aifrionn dob éigin do léigheamh go ró íseal
I mbathais na sléibhte nó i gcaol ghleannaibh ísle
I gcuasaibh da éirde, trí léige ó dhroch dhaoine
Gan daingion ón spéir acu acht caol-dair nó craoibhe.
Seo Gaodhal bocht 'gna Protestants caithte ar a chúl
Gan léas aige ar thalamh ná taitheach ná clúid
Gan éide gan arm ná caraid i gcúirt,
Acht bascaithe in éigceart gan éiliomh ar saoirse
Acht flaithis go haonda tan éagfaid san tír seo.



Ár n-athair geal naomhtha thug éisteacht dá bhfoidhne
Is gurab aige go haonda tá a ngéibheann so-leigheasta
Geallan gur séanmhar a gcléir bhocht le maill bheag
I bhfearantas Éibhir gan creimeadh ná doimhin smacht.
Beidh an téarma fuair Calvin go gairid ar chúl
Is céadta do Protestants casda go húmhal
Ag éisteacht na nAithfrionn is greamuighthe in úird
Measaim gur séimhe le haoinneach mar leigheas sin
Nó a gceartadh mar Laoghaire, pé céim ionna ndéidhig sé.



Gach teagasg nach téarnan i réim ceart ó Íosa
Tré Pheadar ba naomhtha 'na aodhaire dá línne
Gan deascadh drochbhéasaibh ná claon-chleasa daoine
Ná mallairt aon chéim den tsoisgéal do chraobhsgaoileadh
Ní féidir leis seasamh ró fhada gan siubhal
Már éirghís ar maidin den talamh an drúcht
Is éigin dó scaipeadh go tapaidh mar chubhar.
Gach pearsa díthcéilleach nach ghéilleann don dlighe so
Stadadh is léigheadh sé rann éagnach den Bíobla.


L. 10


M'aisling do thréig mé nuair d'aosuigh an oidhche
Is do tharaigios buidheachas do Dhé labhair taoibh liom
Measann gur éagnach gach bhéarsa dá chainnt sin
Is príomh-easbog Éireann dom éisteacht dá innsint,
tá Cré ceart na n-abstal na seasamh dar liom
'S is naomhthacht a gairm sin feasda is ó thíus.
A naomhthacht má theastuigh ó Calvin a cheartughadh
Aithris má féidir le héifeacht é shuidhiughadh
Nó is Arsenic gan éifeacht do léighion is do sgríobhainn.



An chathair seo deineadh í, ar aedhir-chnoc dá aoirde
Le dearcadh ag gach aon neach dar mian leis teacht innte
Fuair gealladh nách bréagach ón Naomh-Spioraid 's ó Íosa
Go lá dheire an tsaoghail a caomhnadh 'sa cuimhdeacht.
Dá haodhaireacht fuair Peadar a phatain uaidh síud
Tá an séaladh comh neartmhar air feasda is ó thúis
Go déidheannach is beathach 'na seasamh gan smúit
Le gaisge na Caesars a dtréinne ná a ndithchioll
A leagadh níor bhféidir, a raobadh ná a díbirt.



An chathair so Éadbhairt níor léir dúinn riamh roimhe seo
Is lag a foundation is é féin an chloch íochtair
Níor dearcadh le haon neach, is ní caoch do bhí a sinnsear
An Hannraoi ba déidheannach gur éag sé le díomas:
Fuair Seymour is Cranmer a cheannas ar dtúis
Agus Sibéal na mallacht ba charaid dóibh siúd,
Is í féin dob' easbog dá nglacadh ins na húird,
A patain cár théarnaig ní fhéadann sí innsint
Ó fhlathas ní ghéillim, acht déarfainn Cocytus.



Gach gaige nach leigheanta is gnáth léigheas an Bíobla,
Puinn logic nach léir dhó ná aon-fhocal diadhachta,
Nach feas dó doimhin éifeacht aon rann don Bhíobla
Már is Eagluis go haonda 'n ar féidir leo innsint.
Léighfidh as Peadar má's maith leis an chúis
'Nar bhfíuntach dó a ghráfadh do leagadh air, 'na súil
Is éigin dó creatha mar Aspen duilliúr
Tríd an mhasla bheir séithlig do naomhaibh is d'Íosa
Le racaireach éithig do dhéanamh dá mBíobla.



Ar talamh pé déarfadh an éisdeacht do rígh ar bith,
Is feas dom gurab éitheach is gurab bréag a n'innsir,
A dtagann ód' bhéal chughainn, ní h-é bhíos id' inntin,
Is gairid gur dreimire na caor-theine a dhíol sin;
Acht Aon-Mhac ár n'Athair do ghníos ceart i ngach cúis
Is éigceart ní feasac go ndeachadh in a chúirt,
Ní ghéilleann go maithfeadh sé a mhasla dó súd.
An bhreith cheart so bhéarfuidh insa ngné sin go hionnraic
Ar fhlathas tá a néiliomh, 'sis ró bhaoghal dul síos dóibh.


L. 11


CEANGAL.



Tá rinnce a' teacht 'nár ngar ó bhinn-chruit chéoil,
Is biaidh binneas feasda i bhfearrann Chuinn is Eoghain;
Is binn do cannfar Aifrionn Chríost gach ló;
Is na mílte a' teacht ar n-ais le hinntin chóir.



Is cóir 'sis ceart an teacht so ceapadh dhúinne,
Is go deo ní ceart dúinn stad ó mholadh an Dúilimh
Do dheóin dúinn ceart gan smacht ó chleasaibh Luther
tá ar féodh is ar meath le seal, 'sa phrop a' túirlint.



Do thúirling spré 'ón spéir do bhaineas le Dia
Bheir congnadh plé don chléir le ceannus go dian,
Múin dí léigheann nách féidir do chrapadh le srian
Go ndubhaig an spéir go léir an ghealach 's an ghrian.



Grian eolais gan teora do ceapadh di ar dtúis
Bheir eolas dá seoladh i ngach bealach 'tá cumhang,
I ngleo grod ní fhóghnann do Calvin a cheartughadh
Dá fhógairt cheal eolais go ndeachaidh sí amú.



Amú má dheachaidh, a Calvin, as lár an tslighe
Taréis ar mhúin di Peadar an t-apstal ba ghrádhmhar croidhe,
Tá cúrsa a phaitin 'na sheasamhle grása Chríost,
Is Luther caithte fá sgamall go bráth airís.



Airís tan léigfear a psailm, is gan sgáth ón dlighe aice
Gan feaidhim gan prapa chun seasamh, ná fábhar ímpre
Beidh soillse ar lasadh 'nár neaglais is grádh dá rígh aice,
Is le meidhir, cidh deacair é, caithfeadsa fásgadh ar rinnce.