Don Fhaoisdin

Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille (1826c)

Anaithnid




DON FHAOISDIN



“Gabhaidh chúghaibh an Spiorad Naomh; gach n-aon go maithfidh sibh a
pheacaidh dó beidh
siad maithte aige, agus gach n-aon n-a gceangalfaidh sibh a pheacaidh air
beidh siad
ceangailte.”



Uair dos na h-uairibh dár theasbáin
ár Slánuightheoir É féin dá lucht
leanamhna tar éis aiséirighe, dubhairt
Sé leo “Síothcháin Dé chughaibh, mar ar chuir
an t-Athair Mise Uaidh Táim-se 'bhúr gcur-se
Uaim.” Agus tar éis na bhfocal so do
labhairt, do shéid Sé anál ortha agus dubhairt
“an mhuinntear n-a maithfidh sibh a bpeacaidh
dhóibh tá siad maithte acu agus an mhuinntear
nách mbeid i gcoinghioll a maithte dhóibh,
fanfaid fé chuing a bpeacaidh.” An t-am
do chríocnuigh Íosa Críost, Fuascaltóir na
cine daondha, an gnó mór chum a dtáinig
sé, agus go raibh Sé le triall go lh-athchoimir
ar neamh chum suidhe ar dheasláimh an Athar
Uile-chómhachtaigh, mar a bhí fhios aige cé
naomhtha an creideamh do chraobsgaoil Sé,
do chómh-neartuigh Sé le míorbhuiltibh agus
ar ar chuir Sé séala A chuid fola - (thuig Sé
an t-am san) nár bhfoláir i gcaitheamh na
h-aimsire go leigfí i léic é. Chun é choiméad
go buan seasamhac go deire an domhain
do thoigh Sé drong áirighthe daoine mar
stiobhaird, chum A ionad féin do dhéanamh.
Agus leis na cómhachta dothug Sé dhóibh,
dorinne Sé a bhfriotháileamh ní h-é amháin
tairbheach ach fós cómh riachtanach san do
lucht an chreidimh nár bhféidir do réir cúrsa
coitcheann an t-saoghail iad do shábháil dá
n-éaghmais.



Mar is peacaidh sinn go léir, agus gan
trócaire agus maitheamhnas ár dTighearna ní
fhuil dul ó dhamantacht againn. Anois tá
an maitheamhnas so le riar orainn ag an
muinntir do thoigh ár Slánuightheóir chuige
sin. Má scaoilid táimíd sgaoilte; má
cheangalaid sinn táimíd ceangailte, agus
geobhfar le ais ar neamh an breitheamhnas a
bheirid orainn. Anois cum ár bhfuascailte
ó heaca a n-éaghmas croidhebrúghadh - sé sin,
doilghios fírinneac ceanntuitim ionnta -
tá coinghioll eile riachtanach, sé sin faoisdin
do dhéanadh go h-iomlán nár bhpeacaidh, nó
iad admháil do dhuine ag a bhfuil cómhacta
chun a maithte dhúinn. Teasbáineann na
comhachta thug Críost d'á dheisciobuil, agus
do'n Eaglais a bhí le teacht na dhiaidh, an
riachtanas atá ag an aithrigheach faoisdin
do dhéanamh cómh soiléir sin gur mór an
iongnadh aoinne do chreideas gurb é an
soiscéal focal Dé dá shéanadh. Mar, leis
na cómhachta dotugadh dóibh, do ceapadh iad
mar liagha anmnacha daoine chum na gcneadha
dorinn' an peaca do leigheas; agus mar
bhreithimh chum staid a gcoinnsias do briethniú,
a gcortha agus a neamhchionta do tabhairt
fé ndeara; chum saor-bhreith do thabhairt ar
chuid, agus daor-bhreith ar chuid eile acu.



Ach dar ndóigh is soiléir ná gheobhadh aon
liagh ann féin, 'na chéill nadúrtha, leigheas
éifeachtamhail do thairgsnt d'othar ar nár
chuir sé ceist ar bith agus ná chuala sé cad
iad comharthaí a ghalair. Dar ndóigh, ní
fhuil aon bhreitheamh ar talamh dogheobhadh
d'ughdarás air féin duine do dhaoradh agus
duine do shaoradh agus gan fhios aige cé
acu dobhí sé ciontach nó neamhchiontach.
An t-am, mar sin, do cheap Críosd 'A
dheisciobuil mar liagha agus mar bhreithimh
ar anmnachaibh daoine, dothug sé le tuisgint
sul a gcuiridís chum a leigheasta go mbeadh
fhios acu cad í an aicíd a bheadh ortha, agus
sul a ghabhadaís ortha a mbreitheamhnas do
thabhairt go bhfuighfidís amach cad iad na
cortha 'n-a rabhadar ciontach chum pionós
a chur d'á réir. Ach cé tá le fios do thabhairt
dóibh ar na neithe seo go léir - níor gheall
Críosd go gcraobhscaoilfeadh Sé iad;
ní fhuil fhios ar domhan ag an oide faoisdine
ortha. Ní fhuil sé i gcumas aoinne, le feiscint


L. 69


ar aghaidh duine eile, fhios do bheith aige cad
iad na cortha 'na raibh sé ciontachnó cá
mhéid uair. Agus mar is lia do pheacaidh
a déantar le smaointe ná le gníomhartha,
ní fhuil sé ar chumas éinne beó fhios do bheith
aige conus nó cá mhéid uair do pheacaidh
duine eile sa tslighe seo. Níl aonnidh mar
sin chun na neithe seo do thabhairt chum soluis
ach an peacadh féin. Caithfidh sé é féin an
coir 'na bhfuil a anam do nochtadh d'á liaigh
agus d'á bhreitheamh, sé sin le rádh nach
foláir dó faoisdinúmhal iomlán a pheacaidh
a dhéanadh nó bheith fé ualacha (cúcha) agus
a bheith caillte. 'Sé an (fáth) é: dá bhféadfaí
do réir riaghlaca coitcheana an chreidimh
maitheamhnas d'fagháil 'na pheacaidh ach le
faoisdin, ba diamhaoin do Chríost a rádh
le na dheisciobuil “gach n-aon na gceangal-
faidh sibh a pheacaidh air beidh siad
ceangailte.”