An Bheatha Shíoraí do Thuilleamh a Bhus

Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille (1768)

Anaithnid; eag. Brian Ó Cuív




AN BHEATHA SHIORAI DO
THUILLEAMH ABHUS



Cuirean Naomh Augustin a n-úil dúinn gur cóir bheith lán
d'oghmóghas is d'urraim a dtimpchioll rúindiamhra Dé,
bheith lánaireach ag déanamh machtnaimh orrtha, bheith
dianchúramach dá gcuardach comh fada agus fuileóngaidh
foirísleacht ár dtuigsiona is ár gcreidiomh dúinn é, agus
gan breitheamhnas díoghbhálach giorruisg do thabhairt
orrtha. Secretum Dei intentos nos habere debet non adversos.
Ag sin, a dhearbhráithreacha, ceacht ró-thairbheach díbh, mar
as aon do earráidibh ár spioraide as mó le fagháil nách 146
maith linn géilleadh do nídh air bith as dóigh línn a
bheith contrárdha lenár n-eólas agus lenár lagthuigsin
féin, agus dá bhrígh sin go gcuirean iongantas ró-
mhór orruinn na drochdhaoine do bheith cómh sonaídhe
air an saoghal so an fhaid agus bíd na deaghdhaoine annson
anacradh. Gidheadh áitighim nách cúis díbh sin chum bhur
gcreidiomh do luíghdiúghadh, óir bíodh nách bhfuil ann ach
rúindiamhair do-chuardaighthe nó dubhaigéin nách tiucfadh
linn go brách teacht chum a ghrinnioll, tar éis sin uile nír
chóir dár gcreidiomh aon athrúghadh d'fhagháil tríd ach
éighmheadh a n-éinfheacht leis an apsdal “o altitudo!”, agus
admháil gurb rúndiamhair é nách tiucfadh linn a thuigsin
mar as dual. Agus go fírinneach tar cheann nách tuigim
rúindiamhair oirdheirc na Tríonóide ró-naomhtha, nó
Ioncholnadh ár Slánaighthéora a mbroinn bheannaighthe na
Maighdine Muire tré chómhoibriughadh an Spioraid Naoimh,
ní bhiadh ceart agam amhras air bith do bheith orrtha. Agus
mar an gcéadna bíodh nách tuigim iompchar Dé na
n-uilechomhacht ag stiúradh 's ag riaradh an chine dhaonda
air feadh na beatha so, ní cúis dam é chum amhras do
bheith agam nách fuil Dia fírinneach ann dá stiúradh.



Atáid míle áitiomh aguinn chum a chruthughadh go bhfuil
Dia ann atá 'na chruthaightheóir is 'na riaghaltóir air an
gcruinne so, agus gach nídh dá dtuitean amach gur do réir
a thoile nó a ordaighthe bhíon. Níl aguinn ach ár súile
d'fhosgladh is féuchain air na cheithre dúilibh, air an spéir
is air an dtallamh, air a' ngréin, air an raé is air raeltanaibh
nimhe, air chréatúir eatartha nách tabharfaidh
fiadhnaise agus nách cruthóchuidh an fhírinne sin damh.
d'admhadar na págánacha is na daoine bhus oitire aineólaighe


L. 54


é, agus créad é an fáth nách admhóchadh sibh-se é atá
ionbhur gCríosduighthe oilthe foghlomtha san tsoibhsgéal.
Agus ó nách bhfuil fios foirlíonta aguibh créad é an chial
'na bhfulaingean Dia na fíréin do bheith dá gcrádh is dá
gcéasadh, agus na mallaightheóirighe go súgach sonaídhe an
tan san, sásuighidh sibh féin le bheith ag smuaineamh go
mbiaidh sáirfhios aguibh fós air an tobar an eolais, 'sé sin a
nDia a seilbh na glóire síorruidhe. As amhla san do labhair
an Ríghfháidh. “Atá muinighin agam,” ar sé, “go dtiucfaidh
an lá aoibhin úd 147 ann na nochtfaidh tú dhamh go follas
do shlighte rúntacha ag riaradh an tsaoghail so, air chor go
dtuigfiod go soiléir créad é an fáth duit fulang don fhíréun
so bheith dá chéasadh is dá ghéarleanamhain gan aen chúis,
go bhfuilid saothar is cúraim an duine mhacánta úd ag dul
ar gcúla agus an bhean gheanmnuidhe cráibhtheach san ag
caitheamh a laethana a ndobrón is a n-anacradh, agus san
am chéadna go bhfuil fóirneart is anfhorlann an mhallaigh-
theóir úd ag buadchain air an neimhchiontach is air an
díleachtaidhe, go bhfuil an saoghaltánach aindiuide so gan
chreidiomh gan choinsias gan chrábhadh ag dul ar aghaidh
iona chúraim is iona áitrimh agus an mheirdreach mhal-
laighthe dothug í féin suas do bheatha náireach scandalach
ag maireachtain a lár aoibhnis is cumpórda an tsaoghail.
Ó, a Thiarna, múinfidh tú damh fós é le héan lonnradh
soillseach amháin dod eolas is dod mhórthuigsin an uair do
scaipfidh tú na néala dúbha diamhaire atáid dár gcongbháil
san dorchadas. Do mheas mé tré neart mo mhachtnaimh
féin go dtiucfadh liom do shlithte d'fhagháil amach.
Gidheadh do mealladh go mór mé agus dobhí mo lorgaireacht
gan aen tairbhe. Existimabam ut cognoscerem hoc; labor
est ante me, nó gur chuimhnidh mé gur ba chóir dham
fuireach le dul asteach ann do theaghlach naomhtha so, áit
iona bhfaicinn go glanruisg críoch dhéighionach air
dhóthchas an fhíréin comh maith leis an mallaightheóir.
Donec intrem in sanctuarium Dei, et intelligam in novissimis
eorum.



Ag so, a Chríosdaighthe, a n-athchumaireacht na réasúin
as féidir liom a thabhairt díbh a dtaobh iompchar Dé na
n-uilechómhacht an uair fhulangan sé bochtaineacht is
anacradh na bhfíréun. Atá, mar as meabhair leis a lucht
toghtha do ghlanadh is do sgiomradh ó gach salchar
pheacaidhle teine na n-anróidh is na n-anacradh fá mar do


L. 55


ghlantar an t-ór san bhfúirnéis. Atá, gur maith leis cead
slíghe do thabhairt dóibh chum a ndillseacht do chur a n-úil
do. Atá, gur méin leis a shlánúghadh do bheith deimhnighthe
agus a gcosain ó bhaoghalaibh do-áirmhthe do theang-
bhóchadh orrtha a lár aoibhnis is saibhris na beatha. Atá,
gur meabhair leis cathaighe gnáthacha do chur iona slíghe
148 d'fhonn cúis luaidheachta agus cosgair d'fhuráileamh
orrtha. Agus fá dheoig, dá fhíréuntacht is dá naomhthacht
a mbeatha, ó deimhnighean an sgríbhin diadha dhúinn go
dtuitean an duine fíréanta seacht n-uaire san ló, atá, chum
a bpeacaídhe do chúitionmh anois agus chum peanós do
thabhairt dóibh mar athair thruaighmhéileach do réir a
mhórthrócaire annso bheatha so chum gan aonpheanós do
thabhairt dóibh mar bhreithiomh láinfheargach do réir a
mhóirchirt annso bheatha shíorruídhe. Uime sin, más
deónaightheach le Dia an fíréun do chrádh is do chéasadh,
é do bhualadh le tinnios, le hanacradsh nó le bochtaineacht,
agus é d'úmhlughadh fós cómh hísiol le luaithréan na
talmhan, tabharfaidh a gcómhnuídhe míle moladh is
beanachtain le Dia d'eagla an t-asachán céadna do chas an
Slánaightheoir le Naomh Peadair do chur 'na leith, modicae
fidei, quid dubitasti? A dhuine chaoich dhallradharcaíghe,
léig dod Thiarna Dia a thoil féin do dhéanamh. Atá grádh
aige dhuit agus as fearr atá a fhios aige créad é an nídh
iorras (oireas) duit ná agad féin. Má thugan sé peanós
cruadhálach dhuit san tsaoghal so is le neart greanamhair-
eachta is dlúthannsacht ort do dhéanan é, d'fhonn peanós
as míle guasachtaighe ná é do sheachain air feadh na
siorruídheachta.



A n-éanfhocal, a chomhluadair chríosdamhail, má bheir
Dia peanós cruadhálach diachrach don fhíréan ar feadh na
beatha so le tinneas, le huireasbaidh nó le míoágh air bith
eile, as chum a fhoighide 's a dhillseachta do chur a gcuimhne
dho doghnídhean é. Óir deimhnighean sé dhúinn tré bhéil
na bhfáidhe a mórán ionaduibh don scríbhinn diadha gur
gnáthach leis an mhuíntir as annsa leis do smachtúghadh
tar cách eile. Ag so an freagra bunudhasach dothug
Minutius Felix, cosantóir díograsach an chreidimh a
n-aghaidh na bpágánach agus na díchreidmheacha, an
uair dobhídís ag áitiomh 'na choinne nách raibh
Dia maith ná trócaireach leis na fírchreidmheachaibh tar
éis iad do chéasadh is do ghéarleanamhain le hiomad foirnirt
agus mío-chomhthroim, gur fhreagair dóibh “atá sibh meallta


L. 56


go mór, a cháirde, ní theastuighean maithios ná mór-
chomhachta ónár Slánaightheoir dochum fóirighthin
orruinn; gidheadh as meabhair leis gach 149 n-aon aguinn
do mhionsgrúdadh ag buain saidhbhrios na beatha so dín.”
Deus ille noster quem colimus nec non potest subvenire nec
despicit, sed in adversis unumquemque explorat. Cuar-
duighean sé croidhe an duine leis na pianaibh éagcruais is
mórriachtanais. Vitam hominis sciscitatur. Comh maith
agus dá n-abradh Dia leis an bhfíréan “comh fada agus atá
tú ághmharach sonaidhe air an dtalamh ag blaiseadh mill-
seacht na síothchána is na sáimhe, as fíor go ndubhairt tú
gurb ionmhun leat me; gidheadh nírbh fhéidir meas mór do
thabhairt air an admháil sin; ach anois gur hiompuígheadh
cumpórd is aoibhnios do bheatha a searbhas, a n-uireasbaidh
is a n-édtreóir, is go bhfuilid iomad tromuilc dod threasgairt
ó gach árd, as annso staid sin as féidir liom creideamhuin do
thabhairt dod chómhráidhtibh is dod gheallamhnaigh; mar
sin má chídhim tú ag buanchosnamh ann mo dhlíghe, ag
dlúthchoiméad m'aitheanta; má gheibhim fós ag columhan
na h-altóra ag athnuadhchain do dhillseachta damh, creidfiod
annsan do bhréithre agus éisdfiod gan aen chontabhairt leat.”
As uime sin dorinne Dáibhí an úrnaighthe so chum De: “A
Thiarna,” air se, “cuardaigh is mionsgrúdaigh me chum go
dtaisbeánfainn duit cia hé mé agus créad é an t-áirdmhéin
atá agam chum urraim is onóir do thabhairt duit, ach ó
nach féidir liom é chur a n-aithne dhuit níbhus fearr na
le pianta is anacradh d'fhulang air do shon, deónaigh me
bhualadh me losgadh agus me chiorrughadhleis an aindeise.”
Proba me, Domine, et tenta me; ure renes meos.



As maith le Dia fós an duine fíréanta do shaoradh is do
ghlanadh ó gach anntoil dá bhfuil aige do neithibh na
talmhan, óir dá mbiadh an sochar saoghalta ceangailte dona
subháilcibh beannaighthe, as mar ghrádh dhóibh do
dhéanfamaois Dia d'ónórughadh is do fhreasdal, agus mar
sin ní bhiadh grádh aguinn dó air a shon féin. Asé anídh
céadna tug fá ndeara do Naomh Augustin a rádh “an uair
dochídhion sibh naimhde fógartha Dé is lucht a mhaslaighthe
a seilbhe mórshaibhris is áitrimh, glacan sibh miosgais is
foromad tríd ag rádh libh fén “as fada fada atáimid a
seirbhíse an Tiarna ag géilleadh do 's ag coiméad a aitheanta;
150 tar a cheann san atáimid gan saibhrios gan áitriomh,
ár gcúraim 's ár ngnótha saoghalta ag dul chum neimhbhreise
gach lá dá n-eirghean orruinn, agus ár muintir 's ár gcualacht


L. 57


ag imtheacht chum fáin is chum iarraidh; agus féuchaidh
an mhuintir úd atá a' maireachtain annsa pheacadh agus
annsan adhaltranas gan chreidiomh gan choinsias gan
chrábhadh, go bhfuilid gan uireasbaidh bídh ná dígh ná
deaghshláinte ag cur saibhrios ós ciónn saibhriosa agus onóir
ós cionn onóra.” Gidheadh freagran an dochtúir naomhtha
dóibh ag rádh “an iad a leithshéidighe sin dobhí tú a lorg
- talia ergo quaerebas?” - As mar gheall air deaghshláinte,
air shaibhrios agus air onóir shaoghalta ba mheabhair liot
Dia do ghrádhachan is d'onórughadh. An é nach raibh sé
oireamhnach mar sin, a chairde, iad go léir do bhuain díbh
chum go bhfoghlameóchadh sibh é do ghrádhachan air a
shon féin. Óir níl cóir ná ceart ag an gCríosduighe grádh
do bheith dho ach 'na thaobh féin, bar asé féin luach
saothair agus críoch dhéighionach gach n-aon dínn. Noli ad
praemium diligere Deum qui ipse est preamium tuum.



Atáid ollmhaithios is saibhrios na talmhan cómh
díoghbhálach san don mhuíntior do shealbhuíghios iad gur
minic tugaid chum droichbhearta is cuirptheacht na
deaghdhaoine. Atáid iomad suighidighe ró-fhollus aguinn le
faicsin air an bhfírinne sin, ach tréna mhór-thrócaire 's a
dheagthoil chum slánughadh síorruidhe na bhfíréun tugan
coimirc dóibh ar na baoghalaibh doi-ínste sin le bochtain-
eacht do thabhairt dóibh chum iad do chosain ó aicíd leathan
togbhalach an saibhris saoghalta, le foirísleacht a dtreibhe
's a muinteardhais dobheir coimirce dóibh air ghradam is
air réimonóir chailleamhnaighe, agus fá dheóig le héagcruas
nó le tinnios chum iad do chur bunoscionn air stríopachas,
air adhaltranas agus air iliomán peacaidhibh eile. As fíor
nach faicion an fíréan anois gach baoghal díobh, mar aon le
mórán eile nách áirmhim. Gidheadh gach n-aon díobh nach
faicion san bheatha so, dochídhfid fós go soiléir iad an lá
mórthaisbéanta an Tiarna. Annsain nochtfuighear do go
follas gach éagcóir dothiucfadh leis do dhéanamh dá mbiadh
saint do-shásda agus andúil ainmhianach don airgiod dá
bhrosdughadh chum uilc. As ann dochífidh gach claonbheart
do chuirfeadh uabhar is díomas d'fhiacha air a dhéanamh. As
ann dochífidh go glanroisg gach drochchomluadar do
chleachtóchadh agus gach mallaightheacht anna 151
dtiománadaois a dhrochchlaonta brúideamhla é muna mbiadh
srian na bochtaineachta do chur leo agus muna mbiadh
anacra na beatha so ag toirmisg teine na n-ainmhiana ó
adhaint is ó eadughadh (adudh) a meódhan a chroidhe, ionas


L. 58


air mbeith do soillsighthe leis an lonnradh lántaithneamhach
so na glóire ag amharc air choispeinibh na diadhachta dá
stiúradh féin air feadh a bheatha chum a chrích
déighionaighe go dtabharfaidh míle moladh is buidheachas
lena Chruthaightheóir air son grása na bochtaineacht, na
n-éagcruais is na n-anacra do thabhairt do air an saoghal
so, ós iad féin fá ndeara é bheith a bhfochair Dé ann seilbh na
glóire re saoghal na saoghal.



Crádhan is céasan Dia na fíréin san bheatha so chum a
chur d'fhiachaibh orrtha filleadh air, dóthchas do bheith ann,
agus iad féin do thabhairt suas do. Óir deimhnighean Naomh
Bernard dúinn go bhfuilid cheithre aicme fíréan ann. An
chéad drong, an mhuintir do ghabhan ríoghacht Dé le
foiréigin, agus asé aicme iad na boicht toilthineacha do
thréigion an saoghal so uatha féin. An dara dram daoine
saibhre dothugan mórán déarca uatha do bhochtaibh Dé agus
don chléir chum guidhe Dé air a soin. An treas dram na
daoine foirísle unhalchroidheacha do sheachnan solas an laoi
agus do dhéanan a ndeaghoibreacha gan fhios don tsaoghal.
Agus fá dheóig na daoine rachas go flaitheamhnas dá
n-aimhdheóin, 'sé sin le rádh, dá mbiadh saibhrious ná onóir
shaoghalta aco mar atá ag daoinibh eile, nách tiucfadh
smuaineamh air bith dóibh chum cuighniomh air Dhia ná
chum leas a n-anama do dhéanamh, go díreach mar a' bpobal
cholnaidhe úd do oil sé le méithreas na talmhan ná
cuimhneóchadh gurb é a nDia ná a gCruthuightheór é mar
adeir Moyse. Populus incrassatus impinguatus dilatatus
dereliquit Deum factorum suum. Ach ó ba thoil leis deilgine
géara do chur iona shlighe mórán drochamhantura do thárla
dóibh, do chuireadar iad féin air a choimirce agus do ghlac
asteach air measg a chairde dillse iad ag tabhairt beatha dóibh
tar éis a mbásaighthe. Cum occideret eos revertebantur et
diluculo veniebant ad eum. Mar sin gan tréanchomhraic níl
buadh ná cosgar ág an gCriosduíghe le fagháil agus gan
buadh do bhreith níl coróinn ghlórmhar aige le saothrughadh
mar adeir an t-apsdal non coronabitur nisi qui legitime
certaverit.



Bíodh go smachtuighean Dia na fíréin annso bheatha so,
as smacht athardha thrócaireach é, óir “atá sé fíor nach
bhfuil aon neach dá mairion gan peacaidhe do dhéanamh agus
gur dual iad do chúitiomh air an saoghal so nó tar éis bháis.
Dar ndóigh ní féidir nách fearr leórshásamh do dhéanamh
ionta annso abhus chum a ghlóire shíorruidhe do


L. 59


shealbhughadh gan aon toirmisg thall. As amhlaidh so do
thug Naomh Jerome cumpórd do bhean uasal áirighthe dárab
ainm Paula tar éis a muintior 's a maoin saoghalta do chail-
leamhain, chum a' dobróin do ghlac sí tríd do sgaipeadh.
Elige, aut sanctes et probaris, aut peccatrix et emendaris.
'Sé sin le rádh, créad é an fáth dhuit an oiread san deóra do
shilleadh. Bíodh do robha agad don dá chomhairle so dobheirim
dhuit agus tabharfaidh ceachtar dhíobh sólás duit.
Má atá do chroidhe díleas umhal dod Thiarna Dia gan rún
pheacaidh, cuimhnidh gur chum do shúbháilcidhe do
mhéadughadh le teine glanta na n-anróidh is na bochtain-
eachta atá tú ag fulang. Nó má smuainion (tú) air na
coirteachaibh ann na raibh tú ciontach roimhe, bíodh
cumpórd ort fós gur ba deónaightheachle Dia tú smach-
tughadh agus meódhan d'fhuráileamh ort comh saordhálach
san chum leórghníomh do dhéanamh ionnta. Agus go
fírineach, a chairde, níl dá fhaid chuirean Dia a dhíoghaltas
air cáirde nach dá mhóide agus dá nimhnighe thuitean sé air
na mallaightheóiribh. Agus as mairg mairg do lucht saibhris
na beatha so, do lucht an díomais agus an uabhair, atáid dá
ramharúghadh féin mar iodhbartaigh fá chomhair lae
fhíochmhair feirge an Tiarna mar adeir Tertulian: quasi
victima ad supplicium saginatur.



Uime sin, a dhearbhráithreacha róghrádhacha, níl aguibhse
ach géilleadh ó chroidhe agus foighide do bheith aguibh anns
gach cruadháil do theangmhochuid díbh, agus doilghios mór
do ghlacadh anois mar nach dearnabhair gach anacradh,
tinneas is bochtaineacht d'ár chuir Dia orruibh go dtí so
d'iompódh chum tairbhe agus chum búntáiste síorruídhe
dábhur n-anam. Mar d'éisteabhair go ró-iomarcach le
smuaintibh míodhóthchais agus go ndeárnabhair iad do
chraobhsgaoileadh air measg an choitchianacht le gearáin
do dhéanamh an aighidh bhur maighisdre mórchomhachtaidhe
atá dábhur bhfáire is dábhur bhforcamás do ló is d'oidhche.
Atá, a dtaobh gan cluas bhoghar do thabhairt do chomh-
ráidhtibh mealltacha suaracha an tsaoghail a dtimpchioll bhur
mío-áigh agus bochtaineacht bhur staide beatha. 153 Atá,
mar nach raibh tuigsin aguibh mar ba dual annsna riaghal-
achaibh oirdhearca úd an tsoibhsgéil. As beannaighthe na
boicht do bhrígh gur leo bhainean ríoghacht flaitheamhnais.
As beannaighthe an dram do fhulaingean géarleanamhna air
an dtallamh agus dobhíon ag silleadh na ndeór do bhrígh go


L. 60


dtabharfuighear sólás síorruídhe dóibh annsna flaithis.



Air an adhbhar san, ó a Thiarna ró-mhillis, órduigh dhúinn
do réir do thoile agus déan línn fá mar as maith leat. Bíodh
ardcheannas is uachtaránacht ag an mallaightheóir air an
bhfíréan. Déanadh é shatail fána chosaibh, agus tugthar an
drochúsáid as mó le fagháil damh féin tar cách eile. Ní
labhóraidh mé choidhche mar na hapsdail meata timeaglacha,
ag rádh “tabhair cabhair dhúinn, ó mo Thiarna, atáimíd a
mbaoghal ár mbáidhte”, acht dár gcaithiomh féin suas a lámh-
aibh do thrócaire is do mhaithiosa doichríochnaighthe déar-
faidh mé mar aon leis an bhfáidh in te Domine speravi, non
confundar in aeternum; 'sé sin le rádh, as ionat atá mo
dhóthchas agus ní meallfúighear go brách ann mo mhuinighin
me, óir atáim deimhnightheach go rachaidh gach aon nídh
chum tairbhe is sochar síorraidhe dham an fhaid agus biaidh
mo dhóthchas go daingion buantseasmhaightheach ionnat.
Mar sin is fíor nách bhfuil aen nídh annsan iompchar so Dé
na n-uilechomhachta ag tabhairt bochtaineacht is anacradh
don fhíréan d'fhéadfadh ar gcreidiomh do lagughadh ach
deimhnighim díbh fós gur meódhan ró-neartmhar dhúin é
chum ar gcreidiomh do chothughadh suas.



BRIAN Ó CUÍV.