Saltair Mhuire

B.Á.C.: Dominican Fathers (1630c)

Seathrún Céitinn; eag. Riseárd Ó Foghludha




Saltair Mhuire.



Seathrún Céitinn, D.D., do scríbh.



Do réimthosach na Saltrach Muire annso.



Atáid neithe ionchomharthuighthe bheanas ris an Saltair Mhuire is
cneasta do mhíniughadh, agus measaid drong d'áirighthe gurab é an
t-athair riaghalta S. Dominic do thionnscain a hórdughadh, an tan fa
haois don Tighearna míle is dhá chéad bliadhain, nó measaid drong
eile gurab sagart riaghalta darbh ainm Piaras ó Amens san Piocarde
do thionnscain céad bliadhain roimhe sin í, maille re n-uimhir
dhó-áirmhighthe Paidreacha agus Abhe agus Créidh, mar aon le fáthrúnaibh
prionnsapáltha do smuaineadh i n-onóir ár mbantighearnan bheannuighthe
Muire Ógh. Agus is chúig Phaidreacha déag a líon, agus deich nAbhe
i ndiaidh gacha Paidre dhíobh, agus atáid chúig dhiamhar-rúin déag ann,
fhreagras do na chúig dheichniobhraibh déag sin, mar atá diamhar-rún i
n-aghaidh gacha deichniobhar dhíobh.



Is uime cheana goirthear Saltair Mhuire dhi, de bhrígh go bhfuil
Abhe no Fáilte innti i n-aghaidh gacha sailm dá bhfuil i Saltair
Dháibhith rí, óir, amhail atáid trí chaogad sailm i Saltair
Dháibhith rí, mar sin atá trí chaogad Abhe san Saltair Mhuire agus
atá trí fáthrúin fá leith ag gach caogad díobh, mar atá fáthrúin
gháirdeachuis ag an gcéad chaogad, fáthrúin dhoilghiosacha ag an
dara caogad agus fáthrúin ghlórmhara ag an treas caogad.



An fhoirm, iomorro, úrnaighthe so, atá sí arn-a chur i n-eagar
chomh-oireamhnach sin do gach aon duine ionnraic shaoileas bheith
fíor-aonda, gurab ró-éigeantach don aineólach, agus gurab ró-shochrach don
aithrigheach a gníomhghnáthughadh re díbirt an díomhaoinis agus re
foruagadh gach fághain inntinne ó aithfhriotal na húrnaighthe so. Agus
fós gurab sochrach í re tógbháil na hinntinne ré meas agus ré
machtnamh do dhéanamh ar rúndiamhraibh an chreidimh bheanas re n-ár
Slánuighthóir agus ré n-ár bhFuasclathóir ar dteacht ar an dtalamh do,
agus ré n-a dhul den domhan agus ré déanmhus neith sochrach a chuarda
ar talamh agus a thriallta ar Neamh, an mhéad bheanas ré n-a theacht ar
talamh, ní dobhí dáríribh dá thuar agus dá shanntughadh cian d'aimsir.


L. 618


San chéad caogad atáid ré n-a smuaineadh nó ré n-a rinnfheitheamh
againn chúig diamhar-rúin gháirdeachuis: -



An chéad diamhar-rún, cionnus d'fhoillsigh Gabriel Archaingiol
do Mhuire an Ógh neamhcháidheach go ngeabhadh agus go ngeinfeadh
Mac Dé.



An dara diamhar-rún, cionnus dochuaidh an Ógh choisreagtha
d'fhios a seathrach Elisabeth.



An treas diamhar-rún, breith ár dTighearna, a thimchioll-theascadh
agus adhradh na ndruadh chuige.



An ceathramhadh diamhar-rún, coisreagadh na Máthar Maighdeanda,
gan tsal, agus an dearlacadh dorinneadh ar ár dTighearna san
Teampull.



An cúigmhadh diamhar-rún, mar dofríth an Tighearna san Teampull
i n-aois a dhá bhliadhain déag, idir na dochtúiríbh, d'éis bheith trí
lá ar iarraidh ó n-a mháthair.



Atáid san Dara Caogad, mar an gcéadna, chúig diamhar-rúin
dhoilghiosacha ré n-a smuaineadh, bheanas re dul ár Slánuighthóra as an
domhan so le n-a pháis phianamhail agus le n-a bhás féin do réir mar
chuirfeam síos annso: -



An chéad diamhar-rún, an saoth nó an tamhluadh aigeanta agus an
ghuidhe áidhbhéil dorinn san gháirdín.



An dara diamhar-rún, an sciúrsadh cruadhálach agus gach aindlighe
éagcuimseach dar himreadh air.



An treas diamhar-rún, mar do cuireadh coróin de dhreasaibh
deilgneacha fá n-a cheann agus mar damnadh le bás d'fhulang é.



An ceathramhadh diamhar-rún, mar fá héigion do féin a Chros
d'iomchar.



An cúigmhadh diamhar-rún, mar do crochadh agus mar tugadh bás ar
an gCrois gcéadna dhó.



An mhéid bheanas ris gach déanmhus neith bheanas ré n-a theacht san
saoghal agus ré n-a dhul as an saoghal arís atáid sna chúig diamhar-rúin
ghlórmhara ré n-a rinnfheitheamh .i. an chéad diamhar-rún, eiséirghe
ár dTighearna; an dara diamhar-rún, a fhreasgabháil ar Neamh; an
treas diamhar-rún, teacht an Spioraid Naoimh; an ceathramhadh
diamhar-rún, bás beannuighthe agus dul suas ár mBantighearnan, Muire, ar
Neamh idir chorp is anam; an cúigmhadh diamhar-rún a corónadh agus a
dignit aonaránach os cionn an uile-naomh eile agus seirbhíseach nDé.


L. 700


Saltair Mhuire.



Seathrún Céitinn, D.D., do scríbh.



Is follus fírinne gach neith díobh so thuas a béaloideas agus a
gnáthchleachtadh chlannmhaicne gacha críche Catoilica, óir go háirighthe
atá an tSaltair Mhuire agá gnáthughadh re chúig céad bliadhain mar
atá ó aimsir S. Dominic nó roimpi, agus ón ársaidheacht agus ón
ughdarás sin atá gnáthughadh an phaidrín fríth ar shochar is ar
mhaith-nuimhir órduighthe na húrnaighthe curthar síos a rádh na Saltrach
Muire go hiomlán agus ar mheas nach féadann aonduine rinn-fheithiomh
maith do dhéanamh ar aon diamhar-rún, acht munab feasach é go cinnte,
agus muna gcuimhnighe go hiomlán ar phonncaibh speisialta an diamhar-rúin:
ní hamhrus linn gur múinadh inallúd don phobul Chríostaidhe iad i
gcoitchinne .i. ponnc cinnte na gcúig ndiamhar-rún ndéag thuas, agus
fós gur seoladh foirm is órdughadh dhóibh lé a bhféadfadís barr cuimhne
do bheith aca ar na ponncaibh sin agus ar gach aon phonnc díobh i n-a
n-áitibh cinnte féin, gidheadh, de bhrigh nach raibh an réim nó an
t-órdughadh so coitchionn ré a thaisbeánadh ná ar fagháil, agus go bhfuil
gnáthughadh an phaidrín arn-a thoirmeasc i mórán de chríochaibh, agus
gur guais do mhórán de Chatoilicaibh bhíos idir eiricibh san aimsir seo
a ghnáthughadh, agus go dtáinig de sin mórán de dhaoinibh fuarchráibhtheacha
dá thabhairt i bhfaillighe; gidheadh, mar leighios ar an easbhaidh so
do dhealbhuigh sagart Catoilica dobhí i bpríosún i dTor Lonndoine
tré n-a chreidiomh, ar mbeith gan leabhar gan phaidrín do, foirm is
smuaineadh ré rádh na Saltrach Muire, suim d'áirighthe de phonncaibh
rannuidhe fhreagrais do chúig dhiamhar-rúnaibh déag na gcúig ndeichneabhar
ndéag, lé a bhféadfaighear gan paidrín a nuimhir chinnte na
húrnaighthe do choimeád go hineamhail, agus lé a bhféadfaighear
leorchuimhne ollamh ineamhail do bheith ar an gcúis lé a dtóigfaighear


L. 701


an mheanma go Dia, agus lé a bhféadfaighear faghán díomhaoin na
haigionta do sheachnadh:



An chéad chaogad den tSaltair Mhuire,
ina bhfuilid na chúig diamhar-rúin gháirdeachuis.



I n-ainm an Athar, is an Mhic, is an Spioraid Naoimh. Amen.



Gibé san bhith ní dodhéana tu, ó a anaim, i nglór nó i ngníomh,
déana gach aoin ní i n-ainm an Tighearna, Íosa Críost, agus i nglóir
do Dhia, óir nár leige Dia go ndionghnainn glór acht i gcrois ár
dTighearna, Íosa Críost.



An chéad diamhar-run gháirdeachuis, ar an gcéad phaidir,
d'fhoillsiughadh Chríost, agus dá theacht i gcolainn.



An Chéad Phaidior.



Arn-a fhaicsion don Tríonóid ró-naomhtha, Aoindia uilechomhachtach
atá ró-cheart, ró-thrócaireach, go dtiocfadh an cine daonna on stáid
ró-chonáigh i nar cruthuigheadh iad, a dtruagántacht neamhchríochnuighthe
mar chaill sé subhailce, agus deárlaighthe ró-dhearscnaithe Dé, tré
shárughadh fógartha Dé, i mbriseadh cánach an ubhaill, agus don leath
eile teangmháil a bpeacadh, a mbás is a ndamnadh síorruidhe, agus
nár bh'fhéidir aisiog na céadstáide do thabhairt dó, tré ghníomh ná tré
subháilce duine san bith, nó aingil nó glanchréatúra. Do bhreathnuigh,
ar an adhbhar sin, dá ghrádh neamhchríochnuighthe féin, amhail fa
hoireamhnach dá mhaith dhiadha, rés an uile dhomhan, Mac Dé, an dara
pearsa den Tríonóid ró-naomhtha, teacht do ghabháil na nádúire daonna
uime, ionnus ar mbeith ina dhuine dó, go ndíolfadh fuascladh an duine
le n-a bhás ar an gcrois, agus mar sin, ní hé amháin do dhíothchuir an
peacadh i gcoitchinne as an ndomhan acht mar an gcéadna sinne na fíoraoin
naomhtha, agus beiridh gus an mbeatha mharthanaigh gus ar cruthuigheadh
sinn ar dtús, gach aon againn lé a dtáidtior go cneasta an leighios
luachmhar sin a pháise.



An Chéad Abhe. - Do gheall ár dTighearna an t-eadargánuidhe so
do láthair d'éis tuitmhe Ádhaimh, agá rádh go mionbhrúghfadh síol na
mná ceann na nathrach nimhe ina bhlodhaibh.



An Dara Abhe. - Do athnuaidh an tAthair neamhdha an gealladh
céadna don Árdathair Abraham, agá rádh, “beannóchar na huile-threabha
it shíol-sa.”



An Treas Abhe. - Is minic do aithfhriothail Dia uilechomhachtach an
gealladh céadna do Dábhith Rígh, agá rádh, “ó thoradh tharneadh, cuirfead
ar do shuidheachán, agus daingneochad go síorruidhe tu.”



An Ceathramhadh Abhe. - Ar mbeith don Aingiol arn-a chur ó Dhia
timchioll cheithre mhíle bliadhain iar gcruthughadh an domhain, tháinig gus
an Maighdin róghlain Muire, do bheannuigh di, ag rádh “Dia do bheatha,


L. 702


a Mhuire, atá lán de na grásaibh, atá an Tighearna maille riot, ataoi
beannuighthe idir na mnáibh.”



An Cúigmhadh Abhe. - Do meadhradh an ógh ró-umhal trés an aitheasc
so, agá meas aici féin créad do ba fáth don beanchadh so, oir ní raibh
níis lugha lé a raibh a súil ná í féin do chlos arn-a moladh chomh mór
san.



An Seiseadh Abhe. - “Ní heagal duit, a Mhuire,” ar an t-aingiol,
“óir fuair tu grása do thaoibh Dé, féach, ginfir agus béaraidh tu mac
agus dobhéara tu Iosa d'ainm air.”



An Seachtmhadh Abhe. - d'fhiafruigh sise cionnus, nó créad an modh
ina ndionghantaoi sin, “óir ní bhfuil fhios fir agam,” ar dtabhairt
móide roimhe sin ré hóghacht shíorruidhe do choimeád.



An tOchtmhadh Abhe. - d'fhreagair an t-aingiol agá rádh, “Tiocfaidh
an Spioraid Naomh, díonfaidh comhacht an tí is ró-áirde thu, dá bhrigh
sin an tí gheinfidhear go naomhtha ba mac Dé bhias d'ainm air.”



An Naomhadh Abhe. - Féach Elisabeth, do shiúir, do ghaibh sisi mar an
gcéadna mhac ina haois ársadh agus isé seo an seiseadh mí torrach
aici-se dá ngoirtar aimrid, oir ní bhí aoin-ní dó-dheanta ag Dia.



An Deichmhadh Abhe. - d'fhreagair an ógh choisreagtha, ag rádh, “Féach
innill an Tighearna, deantar damh-sa do réir do bhréithir-si,” agus leis
sin dorinn colann don bhréithir agus d'áitigh mar aon linne Dia is
duine i n-aon phearsain dhiadha.


L. 785


Saltair Mhuire.



Seathrún Céitinn, D.D., do scríbh.



An dara diamhar-rún gháirdeachuis, ar an dara Paidir, mar dochuaidh an
Mhaighdion Bheannuighthe d'fhiosrughadh S. Elisabeth.



An dara paidear.



Ar mbeith don Ógh ró-umhal ar ngabháil teachtaireachta do Neamh ó
Dhia lé tímpireacht Ghabrial, Archaingiol, léar fógradh a beith
fórlíonta de ghrásaibh agus ar mbeith ar ngabháil Aoin-Mhic Dé, ina
broinn bheannuighthe mhaighdionda. Críost ár dTighearna, fuasclathóir
an domhain, ar mbeith arn-a déanamh, 'n-a Máthair Dé, agus 'na
bhainríoghan ar na huile-chréatúiríbh; ní bhfuil dá mhéid do hárduigheadh
í nach mó sa chách doníodh í féin d'inísliughadh, agá mheas gur chneasta
di féin agus fós go raibh sé d'fhiachaibh uirthi, ar mbeith níis óige di,
dul d'fhios a seanmhná gaoil dobhí sé mí torrach. Níor bhean, iomorro,
an dignit nua fuair sí féin ná dearóile na hinnmhe dobhí agá siar,
ná eagla faide ná gairbhe na slighe dobhí roimpi gus an gcaithrigh dá
ngoirthear Hebron. Ó, a anaim, déana iongantus annso fá umhlacht
agus fá mhór-aigne na Maighdine, Mathair Dé, mar nár mheas sí gur
bh'uirísiol nó gur chruadhálach di féin feidhm san bith do ghabháil re
hais, do bheanfadh re buidheacht.



An chéad Abhe. - Ar dteacht don Ógh Bheannuighthe gus an gcathraigh
téidh go tigh Zacharias, beannuigheas dá siar Elisabeth, ag
cómhghárdughadh léi tré mac do ghabháil ina broinn tré cháirdios
spesialta Dé.



An dara Abhe. - An tan dochualaidh Elisabeth beannchadh na
Maighdine Coisreagtha di, do ling an naoidhin dobhí ina broinn le
lúthgháir agus fós do naomhadh i mbroinn a mháthar é.



An treas Abhe. - Ar mbeith fós d'Elisabeth comhlán den Spioraid
Naomh, dorinn éighmhe go hárd agá rádh “Is bheannuighthe thu idir na
mnáibh agus is beannuighthe toradh do bhruinne.”



An ceathramhadh Abhe. - Ar ndéanamh tuille measta di, ar mhórdhacht
na hÓighe agus ar a humhla is a dearóile féin adubhairt, ag
déanamh iongantuis, “créad as a dtárla dhamh-sa Máthair mo
Thighearna do theacht im dháil”?


L. 786


An cúigmhadh Abhe. - Dorinn an Mháthair Mhaighdionda fáistine
agus do mhol Dia tré laoidhe, ag rádh “Tá m'anam ag móradh an
Tighearna, agus atá mo spioraid ag gáirdiughadh i nDia mo
Shlánuighthóir.



An seiseadh Abhe. - Ar dteacht d'aimsir túismighthe do Elisabeth,
rug sí mac agus arn-a chlos san dá comhursnaibh is dá comhfhogus
gaoil, thángadar uime sin do dhéanamh comhlúthghara léi.



An seachtmhadh Abhe. - I gcionn ocht lá dorinneadh timchioll-theascadh
ar an leanbh agus dobhí mian ar mhórán Zacharias do thabhairt
d'ainm air, ar lorg a athar: d'fhuráil a mháthair Eóin do
ghairm de agus do scríobh a athair gurab Eóin do fá hainm dó.



An t-ochtmhadh Abhe. - Do hoscladh iar sin béal Zacharias, (dobhí
balbh deich mí, tré mar do dhíchreid sé briathra an aingil adubhairt go
mbéarthadh an bhean sin mac) agus dorinn fáistine agá rádh go raibh
an Tighearna, Dia Israel, beannuighthe.



An naomhadh Abhe. - Gach aon adchualaidh na neithe seo do ghabh
iongantus ina gcroidhibh iad agá rádh: “cionnus saoiltear libh bhias an
leanbh so, óir dobhí lámh an Tighearna leis”?



An deichmhadh Abhe. - Ar gceileabhradh dár mBaintighearnain
mBeannuighthe dá siar, d'fhill sí go Nasareth an lá i ndiaidh
timchioll-theasctha an leinbh do réir mar is iontuigthe, óir adeir an text
gur d'fhuirigh sí i bhfochair Elisabeth tuairm trí mhí, agus isé an lá so
doní an Eagluis Féil Fiosruighthe Mhuire.



An treas diamhar-rún gáirdeachuis, ar an treas Paidir,
mar do túismeadh an Tighearna.



An treas paidear.



Tar éis mar do thill an Ógh Naomhtha go Nasareth ó fhiosrughadh a
seathrach, an tan do mhothuigh a fear pósta, Ioseph, a beith torrach,
do ghabh meadhradh meanman é agus dobhí i gconntabhairt créad do ba
indéanta dhó, óir dobhí eagla an dlighe do thaoibh air, dá gceileadh nach
uadha féin dobhí an bhean torrach, agus don leith eile, dobhí a fhios
aige an Mhaighdion, a bhean féin do bheith diadha geanmnaidhe gan smál
ar a beatha, is uime sin nár dhána é ar chasaoid do dhéanamh uirthi, ná
droch-bharamhail san bith dá luighead do bhuain aisti. Isi fós mar an
gcéadna ró-umhal, ró-mhacánta, níor nocht sí dá fear pósta díograiseach
féin, a chomh mhór sin de dhiamhar-rún do dhealbhughadh innti
féin do chomhacht Dé; ar mbeith fós do Ioseph fíoraonda naomhtha, do
sheachnadh buaidheartha, do mheas go folaightheach a tréigion. Acht cheana,
ar mbeith ag déanamh an mheasta sin dó, féach aingiol dá thaisbeánadh
féin do tré shuan, agá rádh “A Ioseph, mac Dáibhith, narab eagal leat
fuireach i bhfochair do mhná, Muire, óir an ghein do ghabh sí is ón


L. 787


Spioraid Naomh atá, agus béara si mac agus do-bhéara tu Íosa
d'ainm air, óir fóirfidh sé a phobul féin óna bpeacaidhibh.



An chéad Abhe. - Tré fhógra Chaesair Augustus, fá héigion gach aon
do chur i leabhar agus gach aon díobh ina ionad nó ina athardha díleas
féin, téid Ioseph is a bhean gus an mBeithil, Cathair Dáibhith,
de bhrigh gurab ó thig Dháibhith thángadar agus gur dá threibh
iad.



An dara Abhe. - Ar mbeith annsin dóibh, tré 'na mboichte féin agus
tre iomad cómhdhála pobul ann ní bhfuaradar ionad i n-aoin-tigh ósta,
acht do ghabhadar ionad mar do fhiadadar i stábla.



An treas Abhe. - San áit seo rugadh ár dTighearna is ár Slánuighthóir,
Rí na ríogh, Mac Dé; ann do ceangladh é, agus do luigh i gcró
lámh ré damh is ré hasal, agus do gorthaí dá n-análaibh é.



An ceathramhadh Abhe. - Do láthair, iarn-a bhreith do thaisbeán an
t-aingiol é féin do na haodharaíbh, ag rádh riú “Rugadh díbh Slánuighthóir,
Críost ar dTighearna i gCathair Dháibhith, agus dogheabhthaoi ceangailte
i n-éadaighibh, agus ina luighe i mainséar é.”



An cúigmhadh Abhe. - Tárla go hobann sluagh neamhdha mar aon ris
an aingiol sin, ag guidhe Dé agus ag cantain cheóil, “Glóir do Dhia is
na hionadaibh ró-árda agus síth i dtalmhain do dhaoinibh deághthoile.”



An seiseadh Abhe. - Annsin adubhradar na haodhairí “Triallam gus
an mBeithil agus féacham an ní so dorinn Dia agus do thaisbeán
dúinn,” agus ar n-imtheacht go ndeifir dhóibh, fuaradar an Leanbh ina
luighe i mainséar agus leis sin thugadar glóir do Dhia.



An seachtmhadh Abhe. - I gcionn ocht lá dorinneadh timchioll-theascadh
ar an Leanbh agus tugadh Íosa d'ainm air; ionann sin agus Slánuighthóir,
do réir mar do chuir an t-aingiol i gcéill roimhe sin don
Mháthair Mhaighdionda é, agus do Ioseph an t-athair agá raibh ar a
scáth.



An t-ochtmhadh Abhe. - Arn-a fhios don triúr ríogh le taisbeánadh
réaltainne glórmhaire dhóibh, an tairngaireacht ré a raibh a súil,
thángadar ón árd thoir go Ierusalem dá adhradh.



An naomhadh Abhe. - Do meadhradh an rí Ioruath agus lucht Ierusalem
uile ar gclos na nua-scéal so. Do loirg siad na trí draoithe sin ar
na hárdshagartaibh agus fuaradar uatha gurab san mBeithil do geinfí
Críost.



An deichmhadh Abhe. - Ré triall do na draoithibh i gcionn na Beithile
dochonnarcadar an réaltan agus do threóruigh iad gus an dteagh ina
bhfuaradar an Leanbh agus d'adhradar é, gach aon díobh ag ofráil trí
dtíodlacha dhó, mar atá ór, tús, agus miorr.


L. 865


Saltair Mhuire.



Seathrún Céitinn, D.D., do scríbh.



An ceathramhadh diamhar-rún gháirdeachuis: ar an gceathramhadh
Paidir, do choisreagadh na hÓighe agus an déarlaice dorinneadh
ar an dTighearna.



Dobhí an rí, Ioruath, ag feithiomh re tilleadh na ndrua tar a n-ais,
do réir mar d'fhuráil sé féin ortha an Leanbh d'iarraidh go friochnamhach
agus an tan dogheabhaidís é, teacht le deimhin chuige féin, go ndeachadh
do adhradh an ríogh nuadh sin, óir isé sin do léig sin air féin do
dhéanamh, gidheadh isé fá rún dó dáríribh, Críost do thultonáith san
chliabhán. Gidheadh thug Dia rabhadh (maille ris an aingiol) do na
draoithibh ina suan, gan tille go Ioruath, agus mar sin do thilleadar
dá ndúthaigh féin i slighe eile.



Dochuaidh an Mhaighdion neamhcháidheach, gion go raibh i ngeall a
coisrigthe nó a ceangailte ré cómhlíonadh naomhghnáthuighthe an dlighe,
acht gí dobhí mian uirthi nós na mban eile do choiméad, agus í ollamh
ré triall do dhéanamh ofrála do réir an dlighe, nó fós níos mó ná mar
dobhí sé d'fhiachaibh uirthi-si, do thíodlaic dá thurtair dá choinnlín
coluim, óir bí gur dhíol di-si coinnlín díobh, tairis sin do ofráil si
coinnlín dá gach ealta dhíobh, agus ní gan fáthrún do thoirbhir iad oir
na turtair ar mbeith 'n-a n-éanaibh dhóibh cialluighid osnadha uagnacha
agus éighmhe seirbhíseach nDé, agus na coluim ar mbeith socumhain
dóibh, cialluighid guidhe choithchionn na hEagluise go huilidh agus
d'ofráil sisi iad araon anois ar neamh, an mhéid gurab í codhnach na
n-uile í.



An chéad Abhe. - Triallas an Mháthair Mhaighdionda suas go
Ierusalem agus a Mac ar iomchur aici mar aon ris na haiscidhibh sin:
agus Ioseph, a fear, dobhí ar scáth bheith ina Athair ag Íosa, ina
cuideachtain, ag congnamh léi.



An dara Abhe. - Do dhéarlaic an Ógh Ró-choisreagtha a Mac da Dhia
san teampoll i gcionn dá fhichid lá iarn-a bhreith.



An treas Abhe. - Fuair Simeón, seanóir cráibhtheach, fíoraonda, de
fhreagradh ón Spioraid Naomh nach faghadh féin bás go bhfaicfeadh ar
dtús Ungthach an Tighearna; ionnan sin agus Críost, an Tarrangairtheach,
dorinneadh do thuar.


L. 866


An ceathramhadh Abhe. - An seanóir naomhtha so, Simeon, tre oirchill
spesialta Dé, tárla san Teampoll é an tan tugadh an leanbh Íosa lé
na thúismighthóiribh annsin dá dhéarlachadh.



An cúigmhadh Abhe. - An tan dochonnarc an seanóir cádhusach an
leanbh Íosa do thógaibh do láthair idir a lámhaibh É, agus ar mbeith dá
chroidhe lán de lúthgháir do ghabh gáirdeachus spioraide é.



An seiseadh Abhe. - Ar gcur gach nith dá ndubhradh ris an Leanbh i
n-iongantus dá thúismighthóiribh, do bheannuigh Simeón iad agus dubhairt
ris an Máthair: “Féach do cuireadh an Leanbh tré thúrnamh agus tré
thógbháil móráin ó Ierusalem.”



An seachtmhadh Abhe. - Mar is taosca d'fhéad Simeón labhairt tré
gháirdeachus, do bheannuigh Dia, agá rádh: “anois scaoileas tú dot
óglách a Thighearna, do réir do bhréithir-se i síth, do bhrigh go bhfeacadar
mo shúile féin do shlánughadh.”



An t-ochtmhadh Abhe. - Adubhairt mar an gcéadna ris an Máthair,
“toillfidh cloidheamh t'anam féin.” Ionnan sin ré a rádh agus go madh
geall ré bás di féin an tinneas is an chomhpháis dobhiadh uirthi tré pháis
a Mic, nó go rachadh amhail cloidheamh tré n-a croidhe.



An naomhadh Abhe. - Da tharranghair baintreabhach aosta uasal dar
bh'ainm Anna, dobhíodh do ló is d'oidhche ag foghnamh do Dhia tré
throscadh is tré urnaighthe, an Leanbh so do gach aon ré raibh súil
fuasclaithe Israel.



An deachmhadh Abhe. - Tar éis mar do chomhlíonadar gach aoinnídh do
réir an dlighe do thilleadar dá n-árus féin slán síodhach, agus níor
léig Dia do Ioruath baramhail do bhuain gurab é an leanbh sin an tí
dobhí sé féin d'iarraidh ré a mharbhadh, agus fa heagal leis féin.



An cúigmhadh diamhar-rún gháirdeachuis: ar an cúigmhadh
Paidir mar dofríoth an Tighearna ar mbeith trí lá ar iarraidh dhó.



An cúigmhadh Paidior. - Arn-a thuigsin don rígh Ioruath gur
mealladh leis na draoithibh é do ghabh forrán feirge dá bhíthin sin é,
agus do chuir scor marcach agus dronga díolmhúnach do thultonáith a
raibh de naoidheanaibh fear san mBeithil agus 'n-a comhfhogus do gach
leith dhi, an méid díobh do mhair ó aois aon oidhche go haois dá bhliadhain
déag, agus is é líon na leanbh do mharbhadh cheithre mhíle dhéag, agus
fuaradar an líne leanbh sin, tré phribhléid spesialta, coróin mhartra
gach aon díobh. Acht cheana, fuair Ioseph do rabhadh an leanbh do bhreith
leis agus imtheacht as an gcathraigh an oidhche chéadna sin agus teicheadh
gus an Éigipt, agus is mar sin do comhlíonadh faistne Isaias mar a
ndubhairt: “Dochuaidh ár dTighearna suas ar néall éadtrom (ar
mbeith do Chríost aga iomchur aga Mháthair fa Maighdean) agus rachaidh
isteach don Éigipt agus tórnfuighear ina láthair láimh-déithe nó
bréig-dhealbha na hÉigipte.”


L. 947


Saltair Mhuire.



Seathrún Céitinn, D.D., do scríbh.



Ar mbeith do Chríost timchioll sé mbliadhain déag innti agus ar
bhfághail bháis do Ioruath an tráth sin do thilleadar go talamh
Israel; gidheadh, arn-a chlos go raibh Archelaus i n-áit a
athar, Ioruath, i bhflaithis aindlightheach, fa heagal leó dul
annsin, agus ar bhfághail rabhaidh do Ioseph ina shuan, do
thilleadar go críochaibh na Galile agus dorinneadar comhnuidhe i
Nasareth agus is uaidh sin goirtear Iosa a Nasareth dár dTighearna.



An chéad Abhe. - Ar mbeith do Íosa i gcionn a dhá bhliadhain déag,
do réir an ghnáth-thaithighe dobhíodh aca a sollamhain Laoi Cásca, do
chuaidh seision agus a thúismightheóirí suas go Ierusalem do choiméad
na féile nó an fhéasta sin.



An dara Abhe. - Ar gcaithiomh laoi na féile, do fhuirigh an Leanbh
Iosa in Ierusalem iar dtille dá thúismighthóiríbh (arn-a mheas dóibh sin
go raibh san chuideachtain) dá dtig, agus níorbh'fheas dóibh eision
d'fhuireach dá n-éis.



An treas Abhe. - Ar dteacht na hoidhche, agus nach fuaradar go
dtáine Íosa san gcuideachtain, do shireadar idir a lucht gaoil is
caidreabha é, agus ní bhfuaradar é.



An ceathramhadh Abhe. - An lá fa neasa ina dhiaidh sin, do thilleadar
go ró-thuirseach, agus iad ag dógradh, go cathair Ierusalem dá iarraidh.



An cúigmhadh Abhe. - I ndiaidh thrí lá dofuaradar san teampoll é,
i meadhon na ndochtúirí i n-a shuidhe, ag éisteacht riú agus ag cur
ceast ortha.



An seiseadh Abhe. - Do ghabh machtnamh mór an drong dochuala an
Leanbh ag labhairt; trés an eagna dobhí ann, ag freagradh is ag
fiafraighe.



An seachtmhadh Abhe. - Adubhairt a Mháthair ris “A Mhic créad as a
ndearna tu mar so linne? Féach mise agus t'athair tóirseach dot
iarraidh.”



An t-ochtmhadh Abhe. - Adubhairt Críost riú, “Créad as an rabhabhar


L. 948


dom iarraidh; an é nach fuil a fhios agaibh gur ab éigion damh-sa bheith
timchioll na nitheadh bheanas rem Athair?”



An naomhadh Abhe. - Dochuaidh seision an tráth sin leo síos go
Nasareth agus é inísiol dóibh, agus do áitigh mar aon riú annsin an
chuid ba mhó dá ré san saoghal so.



An deachmhadh Abhe. - Thug an Mhaighdion Mháthardha dá haire agus
do choiméad ina croidhe uile-ghníomha agus ráidhte ár Slánuighthóra
agus dobhíodh ag árd-mheas is ag rinnfheithiomh ortha. Is annsin do
thionnscain Iosa gníomhughadh agus múnadh.



Creidim i nDia, Athair uile-chomhachtach, etc.



Ar ngabhail feirme moghaidh do Mhac Síorruidhe Dé, an eagna
neamhchruthuighthe ón Athair, ár dTighearna is ár Slánuighthóir, dobhí
arn-a mheas go coitcheann ina shaor, agus ina mhac saoir agus tríd is tríd
neamhfhoghlumtha. San treas bliadhain ar tríochad dá aois, ar
gceileabhradh dá mháthair, gan a bhara faoi bheith ina caidreabh ní-sa-mhó,
dochuaidh i ndáil Eóin Baiste agus do ghabh baiste uaidh a sruith
Iordain, agus do thriall do láthair as sin, gan biadh gan dig ar chor ar
bith, dá fhichid lá is dá fhichid oidhche. Dá éis sin do ghabh an diabhal
aga bhuaidhreadh, agus do chlaoidh seision é, agus ina dhiaidh sin
d'fhoillsigh sé é féin don domhan agus do seanmhóir an aithrighe, do
thogairm deisciobal, agus tré ghloine a bheatha, tré neamhdhacht a
fhoirceadail, agus a mhíorbhail, do tharraing chuige iliomad de lucht
leanmhna, d'orduig Sácraimint an Bhaistighe re maithiomh na bpeacadha (ní
dár bh'fhíoghair amháin Eóin Baiste), do theagaisc iomláine na
fíoraondachta, go háirithe an déirc, is an úirnaighthe, is an troscadh, na
hárdshagairt, na dlighthóirí is na Phairisínig, na Sadúcéi, na Heródáni is
an chuid eile de na millteachaibh tríd sin ar iomad de chrothaidh ag
inghréin air, gidheadh thairis sin, do bhuantseasamh i ndéanamh maithiosa
gach aoin, ag clódh a seachráin, ag diomoladh a bpeacadha, ag fuascladh a
gceart mailíseach meabhlach, ag nochtadh a dtuathleasa agus fós smuaineadh
séicréideach a gcroidhthe, agus do sheachnadh a rún ndorcaideach
ndéistionach dobhíodh aca ag iarraidh a dhunmharbhtha, do éalódh go minic
uatha agus ar uairibh go míorbhúileach. Gá dtáim ris, ar mbeith san
riocht sin dó ar an saoghal trí bliadhna déag ar fhichid agus beagán
ní-sa-mhó fós, ar dtaisbeánadh soileasa éigin mar an gcéadna don
ghlóir dhéadhnaigh ar na ilreachtughadh do dhruing d'áirithe dá abstalaibh.
Fá dheire dochuaidh isteach ar mhuin bhromaig asail, a dheisciobail is an
pobal ag leathadh a mbrat, agus ag srathadh ngéag pailme is crann
eile san slighe, do ghabhadar leis mar Righ maille re cómhgháirdeachus,
na leinbh mar an gcéadna ag éighmhe san teampoll, “Hosana do Mhac
Dábhith; is beannuighthe an tí thig i n-ainm an Tighearna; Hosana isna
háitibh is ró-áirde, Ó, a Rí Israel.”