Saltair Mhuire

B.Á.C.: Dominican Fathers (1630c)

Seathrún Céitinn; eag. Riseárd Ó Foghludha




Saltair Mhuire.



Seathrún Céitinn, D.D. do scríbh.



An dara caogad den tSaltair Mhuire,
ina bhfuilid Chúig Diamhar-rún Doilgheasacha.



Nár léige Dia go ndiongnainn acht i gCrois ár dTighearna Íosa
Críost, do umhluigh É féin, dorinne fóghmósas go bás, fós go bás
croiche.



An chéad diamhar-rún dhoilghéasach,
ar an gcéad Phaidir, d'imshníomh is d'fhulang ár dTighearna i
nGarrdha Getsémaní.



Iar n-ithe an Uain Chásca dár dTighearna is dár Slánuighthóir, mar
aon re n-a dhá Abstal déag, an oidhche ré n-a Pháis, do ghlac tubhaille
re hionnladh a gcos uile, agus ina dhiaidh sin do ghabh agá dteagasc ré
mbeith umhal glan: d'órduigh is do fhuráil is do fhreastal Sacraimint
ró-bheannuighthe is Sacrifis A Chuirp is A Fhola féin i bhfoirm aráin is
fíona, agus mar an gcéadna d'órduig Sácraimint naomhtha na nGrádha
nEaglaise agus d'fhógair dá Abstalaibh (dóibh féin is dá gcomharbaibh)
an ní céadna do dhéanamh mar atá Coisreagadh is Íodhbairt A Chuirp is
A Fhola ina Sacrifis ar mbeith dhi ina Sacrifis Nuareachta do réir
Úird Mhelchísedeic, go teacht Dó féin arís do dhéanamh breitheamhnuis
ar an ndomhan. Téidh Iudas an tráth sin amach agus do fhan an
Tighearna ag seoladh is ag teagasc, agus ag cur meisnigh i gcách, do
gheall dóibh an Spioraid Naomh, do ghuidh an tAthair ar son an
uile-fhíoraon, agus leis sin do thriall mar aon ris an aon-abstal déag, go
Garrdha Getsémaní, áit fa háithnid do Iudas, óir do ghnáthuigheadh an
Tighearna dul annsin mar aon re n-a dheisciobalaibh.



An chéad Abhe. - Ar ndul don Tighearna isteach don Gharrdha go n-a
dheisciobalaibh adubhairt riú, “Suidhtar libh annsúdh go ndeachad-sa do
ghuidhe.”


L. 64


An dara Abhe. - Ar mbreith Pheadair is Shéamuis is Eóin ar Íosa
beagán tairis sin, do thionnscain bheith tóirseach doilghéasach agus
adubhairt riú, “Atá mh'anam dólásach re hucht an bháis. Fanaidh annso
agus déinidh faire im fhochair.”



An treas Abhe. - Ar ndul mar an gcéadna urchur cloiche ón triúr
sin, dorinn guidhe agá rádh, “A Athair ionmhuin, má's féidir é, tiagadh
an corn so thorm; gidheadh, thairis sin, nárab é mo thoil-se acht do
thoil-se do dhéantar.”



An ceathramhadh Abhe. - Tig Íosa i ndáil a dheisciobal, agus iarn-a
bhfagháil ina gcodla, adubhairt ré Peadar, “An amhla atá, a
Shimeon, an codla dhuit, an é nach féadfá faire aon uaire do
dhéanamh mar aon riom-sa, déana faire is úrnaighthe, ionnus nach
lingfeá i mbuaireadh.”



An cúigmhadh Abhe. - Téid uatha arís agus guidhios amhail dorinn
thuas, “A Athair ionmhuin, má's féidir é, tógaibh uaim-se an corn so,
gidheadh, ní mar is toil liom-sa acht mar is toil leat-sa.”



An seiseadh Abhe. - Táine seision arís agus fuair ina gcodla iad,
óir dobhádar a súile ró-throm agus níorbh'fheas dóibh créad an
freagra dobhéaraidís air, agus ní dubhairt sin aon ní riú.



An seachtmhadh Abhe. - Arn-a bhfágbháil dó, téid arís do ghuidhe an
treas feacht na ghuidhe chéadna: “A Athair ionmhuin, má's féidir é,
tógaibh an corn so uaim-se, gidheadh, nárab í mo thoil-se acht do
thoil-se do dhéantar.”



An t-ochtmhadh Abhe. - Do taibhrigheadh dó annsin (gach uair de na
trí huairibh sin nó go háirithe an feacht déadhnach) aingiol do Neamh
dá neartughadh. Ó, a umhlacht aonaránach! Tighearna na n-uile dá
chomhfhortacht le n-a óglách, agus an Cruthuighthóir le n-a chréatúir.



An naomhadh Abhe. - Agus ar mbeith abhfad ag guidhe dhó i bhfulang
táine a allus amhail braoin fola, ág snighe síos go talmhain.



An deichmhadh Abhe. - Ar dteacht an treas feacht, adubhairt ris na
habstalaibh, “Codlaidh-si anois agus glacaidh suaimhneas”: (go grod
dá éis sin) “Is lór, táine an uair, féach, feallfuidhear ar Mhac an
duine, dá thíodhlacadh i lámhaibh na bpeacach; eirghidh liom, (ag
imtheacht), féach an tí lé a mbraithfidhear mise, atá sé do láthair.”


L. 141


An dara diamhar-rún doilghéasach, ar an dara Paidir:
Gabháil ár Slánuighthóra, a lámhughadh masluightheach is a sciúrsadh
cruadhálach.



An tan do labhair an Tighearna, ár Slánuighthóir, féach an méirleach
Iudas, duine dhen dhá fhear déag ag teacht agus drong mhór mar aon
ris go lóchrannaibh is go dtáprachaibh, go gcloidhmhibh agus go n-armaibh
eile, agus le glór Íosa do rádh “Is mise é” do thuiteadar ar a
gcúlaibh go talmhain, gidheadh, d'fhulaing Sé dhóibh éirghe arís, agus ar
mbeannughadh dá mháighistir do Iudas le póig (fa comhartha do chách le
heision do aithne tar na habstalaibh) do chuireadar a lámha i nÍosa,
do nocht Peadar a chloidhiomh agus do ghearr an chluas deas de
Mhalchus, óglách de mhuinntir an Árdshagairt. Do tháith is do leighis
an Slánuighthóir do láthair í. Adubhairt re Peadar a chloidhiomh do
chur ina thruaill taisce, de bhrigh gurab í sin toil A Athar, É féin
d'fhulaing bháis ar son an chine daonna, agus muna bheith sin go bhfaghadh
iomad léigion aingiol dá chosnamh dá mba amhla ba oireamhnaighe do
mhaith Dhé agus do shlánughadh na ndaoine é. An tan sin, ar dtréigion
a Mhaighistir do na deiscioblaibh, do ritheadar uile rómpa agus is
mar sin do chomhlíonadh an fháistine so, “Buailfid an t-aodhaire agus
do dhéantar na caoire do scaradh.”



An chéad Abhe. - Ar mbeith do Íosa ceangailte, rugadh go
hAnánias agus as sin go Caiphas é: do bheanadar sin araon forrthan
de do thaoibh a dheisciobal agus do leith a fhoirceadail, agus dorinne
casaoid bhréige air, do bhuailead ar a dheilbh lé daormhach é.



An dara Abhe. - Do chuir Caiphas de gheasaibh ar an Slánuighthóir a
inisin dó ar bh'É Críost Mac Dé é, agus an tan d'fhreagair agá rádh
gur bh'é do bheannuigsiod na diamhasluighthóirí á, agus dá rádh gur
chionntach ré bás dh'fhulang é, dá ghreamughadh go ró-tharcuisneach agus
go gcruadháil.



An treas Abhe. - Do ghabhadar daoine ró-úirísle do chruinntshilibh
i ndeilbh Chriost ár dTighearna, do bhuaileadar dá ndóirnibh é, agus
ar bhfolach a shúl dóibh, do ghabhadar air, agus d'fhuráladar air a thómhas
cia do bhuail é.


L. 142


An ceathramhadh Abhe. - Annsin do shéan Peadar fá thrí an
Tighearna, gidheadh, ré silleadh do Íosa air, dochuaidh amach as an
bpalás agus do ghuil go searbh, agus ar gcómhdháil comhairle do na
hIobhlaibh do damnuigheadh Íosa leó mar chionntach re n-a bhásughadh.



An cúigmhadh Abhe. - Go moch arna mhárach tugadar roighne na
nIudaigheach Íosa 'n-a bhrágha do Phíoláid, fear ionaid
Chaesair annsin. Mar dochonnairc Iudas Íosa damanta re n-a
bhásughadh do chroch é féin tré éadóthchus.



An sémhadh Abhe. - An tan d'fhiafruigh Píoláid díobh créad é an
gearán dobhí aca lé a chur i n-'aghaidh d'fhreagradar sin, “muna bheith
sé 'n-a dhrochbheartach ní dháilfimís-na dhuit-se é.” An tan do reic
Píoláid a neamh-chionnta, níor ghabhadar sin gan a chrochadh.



An seachtmhadh Abhe. - Do ghabhadar ag casaoid ar an tráith sin tré
bheith ag saobhadh a ndúthchusa, ag toirmisc ortha gan cíoscháin d'íoch
re Caesar agus tré Rí do ghairm de féin agus arn-a léigion de
fhreagradh do thabhairt ar aon chor ar an dá chéad ní (ar mbeith
fuarchúiseach dhóibh) do aduimh sé bheith 'n-a Rígh, gidheadh nach den
tsaoghal so a fhlathas.



An t-ochtmhadh Abhe. - An tan do thuig Píoláid gurab ón Gaililee
Críost, cuirios go hIoruadh é, mar a bhfuair iomad de cheastaibh
gannchúiseacha do chur air, magadh do dhéanamh faoi mar amadán, agus
achur tar a ais go Píoláid.



An naomhadh Abhe. - Do fhuráil Píoláid ar an bpobal a thoghadh cia
de dhís .i. Barabas nó Íosa do dháilfí saor dhóibh: dorug siad-san de
rogha Barabas; durfáil do fhuráil ortha mar an gcéadna Íosa, do
gháireadar sin ag rádh, “Beir uainn é, agus tabhair dhúinn Barabas.”



An deichmhadh Abhe. - Tug Píoláid fa deara (do bhogadh a gcroidheadha
clochda) ár Slánuighthóir do sciúrsadh chomh cruadhálach sin, ionnus
gur réabadh ó bhathas go bonn a chorp leis sin go huile, ar nglacadh
(amhail a deirthear do bheith arn-a thaisbeánadh do Bhríghid naomhtha)
chúig mhíle is cheithre chéad, a deich is cheithre fichid de chréachtaibh
i n-aon ló.



An treas diamhar-rún doilghéasach, ar an treas Paidir. Do
Chorónadh ár dTighearna lé deilginibh agus dá dhamnughadh ré a chéasadh.



Tar éis mar do sciúrsadh ár dTighearna go ró-chruadhálach, do
rugadar na diolmhúnaigh leó é go cúirt an pháláis mar ar thionóladar
an tsluaghbhuidhean sin i gceann a chéile mar gurab do thulaigh aidhbhsigh
chluiche dothiocfaidís, do ghabhadar ag fochuidmhe faoi, agus fá do
dhúthchásaibh na nIúdaigheach uile, dobhí ag maoidheamh garma boichte
dearóile ríogh is ríoghachta de: do stríocadh leó arís a éadach dhe,
agus do chuireadar ar a chorp, fórlíonta d'fhuil, ionar phuirpuir, ar


L. 143


gceapadh annsan coróinne go ndeilginibh láidre géara, agus do
chuireadar ar a cheann maoth coisreagtha í, mar nár fhágbhadar aon ní
gan déanamh d'fhóirfeadh ré n-a tharcuisniughadh is ré n-a phianadh, do
chuireadar búdán 'n-a láimh dheis, arn-a chur mar sin i n-ionad árd,
maille ré feacadh a nglún tré fhonomhad, do bheannuigh siad do, ag
rádh “Dia do bheatha a Rí na nIúdaigheach,” agus fós do shalachadh leó é
tré iomad tarcuisne lé n-a gcruinntsilíbh déistineacha a ghnúis
ró-choisreagtha, do ghabhadar mar an gcéadna dá ndóirnibh air amhail do
rinneadar na hIobhail an oidhche roimhe sin.



An chéad Abhe. - Do bheanadar as a lámhaibh agus do bhuaileadar
um a cheann an choróinn deilgneach, do chomh-éigniughadh a fhola
ró-choisreagtha ré linge amach ré snídhe feadh a chuirp uile.



An dara Abhe. - Arn-a mheas do Phíoláid ré fhaicsin an radhairc sin
go ngeabhadh an oiread sin de thruaigh na hIobhail dó go n-ainicfidís a
bheatha, rug amach ár Slánuighthóir gus an áitreabh imeallach ar an
órdughadh so.



An treas Abhe. - Arn-a thaisbeánadh mar sin ina earradh phurpuir,
go n-a choróinn deilgnigh um a cheann, go n-a bhúdán ina láimh, a chorp
uile go lochordha leadhbach, fórlíonta d'fhuil, adubhairt leis na
nIobhlaibh. “Féach an duine.”



An ceathramhadh Abhe. - Do gháireadar na hárdshagairt is an pobal
go hallatha, “Croch é! Croch é!” amhail adéaraidís “Is maith do
thosaigh tú; congaibh ort é, óir is maith oireas an ghné sciúirsithe sin
don tí dobhiag re hucht a chéasta.”



An cúigmhadh Abhe. - Ar ngabháil feirge Píoláid, trés an gcruadháil
sin, adubhairt. “Beiridh libh é, agus crochaidh é, óir ní fhaghainn-
se aonrud ré n-a dhéanamh air”: d'fhreagair siad gur fá héigion
a bhásughadh agus go gcaithfeadh bheith arn-a chéasadh.



An sémhadh Abhe. - Mar dochonnacadar na nIobhail, tar ceann a
leadráin, nach raibh mian ar Phíoláid Críost do chrochadh, do
bhagair siad air aindísleacht do dhlighe Chaesair do bheith ann,
agus ag éigmhe, ag rádh “Dá scaoile tu don fhior ní cara do Chaesar
thu.”



An seachtmhadh Abhe. - Ar gclos na nua-gháire sin do Phíoláid, rug
Íosa amach leis, agus suidheas arís i gcathaoir bhreitheamhnuis óir fá
fhearr lais cinneadh ar Chríost do bhásughadh (bíodh gur bhfeasach dho a
bheith ró-neamh-chionntach) iná a iocht do chur i nguais do thaoibh
Chaesair.


L. 227


An treas diamhar-rún doilghéasach, ar an treas Paidir. Do Chorónadh
ár dTighearna lé deilginibh agus dá dhamnughadh ré a chéasadh.



An t-ochtmhadh Abhe. - Gidheadh, aoinfheacht amháin do thaisbeáin sé
Íosa do na hIobhlaibh agá n-iomcháineadh, agus adubhairt “Féachaidh bhur
Rí féin annso,” do gháireadar sin agá rádh “Beir uainn é, Croch é!
ní bhfuil aoin-rí againn acht Caesar!”



An naomhadh Abhe. - Mar dochonnairc Píoláid nár bh'fhearrde dhó
aoin-ní dhíobh so, d'ionnail sé a lámha, agá admháil do láthair an phobail
“Atáim neamh-chionntach tré fhuil an fhíoréin seo: tabhraidh-se bhur
n-aire díbh féin.” Do gháir an pobal, agá rádh. “Bíodh a fhuil oirne
agus ar ár gcloinn.”



An deichmhadh Abhe. - Ar mbeith do Phíoláid arn-a shárughadh le
héighmhe an phobail, agus le heagla Chaesair, rug breith go gcuirfí
Íosa a' Nasareth, rí na nIúdaigheach, ar chrois go fagháil bháis dó.”



An ceathramhadh diamhar-rún doilgheasach,
ar an gceathramhadh Paidir. Do iomchair ár Slánuighthóir
a Chros go Cnoc Chalbhaire.



Rugadar an cheithrinn ár Slánuighthóir leo ar mbeith damanta ré
a bhásughadh ó shuidheachán an bhreitheamhnuis go cúirt an Pháláis, áit
inar thoghairmsiad i gceann a chéile an sluagh-bhuidhean uile, agus ar
mbuain an ionair de Chríost, dobhí ag leanmhain go docht ina
chréachtaibh, do tharraingsiad amach tuile fola agus do chuireadar a
éadach féin air, gidheadh d'fhágbhadar an choróinn deilgneach go
daingion sáidhte ina ceann, do mhéadughadh a phéine is a aithise, ionnus
nach taisbeánadh é acht i gcruith éigin ina mbiaidh innioll ríogh air, nó
d'fhaithchíos go mbiaidh easbhaidh peaill air a léigfeadh comhnuidhe dá
cheann ré mbeith dhó ar crochadh san gcrois dó, agus ar n-ollmhughadh
Croise uathbhásaighe ró-thruime, do chuireadar ar a ghualainn tinn í re
n-a hiomchar gó Cnoc Calbhaire, dá phianadh le hamharc is le truime a
chomhmór sin d'ualach sul do cuireadh na tairrngí ann uirthi: tairis
sin fá ró-thruime dó-san bheith ag gnáthsmuaineadh ar ár bpeacaíbh-na,


L. 228


tré ar fhuiling seision gach ní díobh so, go háirighthe ár neamhbuidheachus,
an méid nach cuirimíd romhainn a shompla d'aithris, i dtógbháil ár
gcros suas agus ina leanmhain féin, ná fós agus sinn inár
gcréatúiríbh dearóile agus inár ndaoirseachaibh neamhfhiúntacha, nach
breithnuighthar linn mar is díol, créad dorinn sé ar ár son.



An chéad Abhe. - Ar ndul amach do Íosa as an gcathraigh agus é
fá'n gCrois, ag caoineadh ár bpeacaí-na, d'fhágaibh san tslighe ré
mbeith ag triall dó, sliocht lorg a fhola féin, ionnus, gibé dobhiaidh
ina leanmhain go bhféadfadh gan dul amugha do lorg díreach a
chéimeann.



An dara Abhe. - Tárla an Mháthair ro-choisreagtha, an Mhaighdean
neamhcháidheach (ag iomchur mar an gcéadna na croise ró-thruime,
compáise), ar ár Slánuighthóir agus do mhéaduigh a faicsin is a teacht
ina láthair go mór an doilgheas is an phian dobhí roimhe sin air.



An treas Abhe. - Ar mbeith dár dtighearna an tan sin anbhfann ina
chorp agus ró-chortha d'éis a chomhmór sin de thruaill uile agus tréigthe
fola, tuitios i dtáimhnéall ar an dtalmhain, do thuit go faon fá n-a
chrois.



An ceathramhadh Abhe. - Buailid na ceasdúnaigh cruadhálacha ár
Slánuighthóir milis (ina luighe ar talmhain mar uan mhín nó mar chrúimh,
ní mar dhuine) agus sporaid le n-a gcosaibh é, agus sonnaid is
sraoilid ar a aghaidh é.



An cúigmhadh Abhe. - Gidheadh, d'eagla go bhfaghadh bás san slighe,
agus mar sin go rachadh as ó bhás d'fhagháil ar an gcrois, d'éignig siad
Simon Cirenon re hiomchar croise Chríost an chuid eile de'n tshlighe.



An sémhadh Abhe. - Do leanadar drong mhór den phobal Íosa.
Tárla dóibh sin drong d'áirighthe de mhnáibh cráibhtheacha, agus iad dá
chaoineadh; feasach ar a éigcirte do cuireadh dá chéasadh eision, nach
deárna dochar d'aonduine agus dorinn maith do mórán.



An seachtmhadh Abhe. - Ar bhfilleadh do Chríost ortha, adubhairt “A
inghíona Ierusalem, ná guiltear libh ar mo shon-sa, acht caointear sibh
féin libh agus bhur gclanna, oir tiocfaidh an lá an tan bhias
Ierusalem uile ní-sa-truaghánta iná mar saoiltear libh mise
do bheith.”



An t-ochtmhadh Abhe. - Soicheas bean chráibhtheach d'áirighthe dar
bh'ainm Bheronica a lámhghiobal do thiormughadh a dheilbhe leis, agus ar
mbeith lán d'allus, d'fhuil, is de chroinntsillaoibh salcha ó na
ceasdúnchaibh.



An naomhadh Abhe. - Dobheir an Tighearna di an lámhéadach gan é
salach amhail do saoilfidhe a bheith, acht maiseach uile, agus iomháig
ró-shochma a ghnúise geanamhla féin innti.



An deichmhadh Abhe. - Tig ár Slánuighthóir go cnoc Calbhaire, ionad
neamhshona, lán d'ablachaibh is de thaisíbh marbh, áit is nár ghnáth aon
duine do chrochadh acht feilbheartaig fhógartha: saoilid mórán gurab
san áit sin do hadhlaiceadh Adam.


L. 229


An cúigmhadh diamhar-rún doilgheasach,
ar an gcúigmhadh Paidir. Crochadh an Tighearna, agus
a bhás ar an gCrois.



Ré teacht don Tighearna go mullach sléibhe Calbhaire, i n-ionad
an fhíona shobhlasta fá gnáth do thabhairt do chur misnigh is neirt i
gcroidheadhaibh na droinge bhíodh re bás d'fhulang, do-bheirid dár
Slánuighthóir sámhchaoin (agus é lán de thuirse is d'imshníomh) bhinéigre
arn-a chumasc tré mhiorr is tré dhomblas aedha. Arn-a fhromhadh dhó
níorbh'áil leis a n-ól. Annsan arís do stathadh a éadach uile dhe
maille re n-a comhmór sin de chuthach is de fhraochtacht, go dtugadar
ní-sa-mhó d'fhuil a chuirp as cnéadhaibh do-áirmhighthe an Chuirp
choisreagtha, agus mar sin, ag sreangtharrang a lámha is a chosa tré
fhoiréigion mhór, dá gcómhshíneadh i n-oireamhan d'fhad na Croise,
maille re húirlighe iomad órd: do dhaingnidh siad le tairrngidhibh é
ar an gCrois, ag tolladh a chuislionn ró-mhaoth, lúthach a fheóla agus
cnámha a lámha is a chos le tairrngidhibh móra garbha, agus mar
mhéadughadh masladh do b'éigion dár Slánuighthóir beannuighthe suidhe
idir dhá bhitheamhnach, mar go ma é féin ba milltighe dhíobh uile, agus do
chuireadar tiodal garma ós a chionn ina raibh a ainm, a dhútha, agus
adhbhar a bháis scríobhtha i nEabhra, i nGréigis is i Laidin, “Íosa
Nasaret Rí na nIudaigheach,” agus leis sin do thógbhadar suas an
Chros, do leigiodar ar a bonn í, i bpoll dorinneadh d'aontoisc chuige
sin.



An chéad Abhe. - Breathnuigh anois, ó mh'anam féin, agus meas leat
féin mar atá a chorp uile ar crith go truaghánta, na tonna dá fhuil
luachmhóir atá ag snámhrith amach thar na cheithre lánchréachtaibh úd.



An dara Abhe. - Créad é a mhéid de dhoilghíos don tSlánuighthóir na
sagairt, na seanóirí, is na dlíghthóirí, ag diamhaslughadh air, ar mbeith
ar gcrochadh ar an gcrois ar a son sin, agus ar son an chine daonna.



An treas Abhe. - Smuain mar an gcéadna a grádh ró-iomlán, mar
nách é amháin do ghuidh sé ar son an domhain, acht fós go spesialta ar
son na droinge dobhí dá chrochadh an tan sin agus ag á dhiamhaslughadh,
ag á rádh “A Athair, maith dóibh, óir ní feas dóibh créad doníd.”



An ceathramhadh Abhe. - Breathnuigh mar an gcéadna agus cuir i
n-iongnadh doimhneas a ghrádh, a thrócaire sháruightheach do thaoibh na
h-aithrigheach, gur thoirbhir cómh grásamhail sin don ghaduidhe aithrigheach
nísa mhó 'ná d'iarr air, ag á rádh “Biaidh tu indiu mar aon riom-sa i
bParrthas.


L. 303


An cúigmhadh diamhar-rún doilgheasach, ar an gcúigmhadh Paidir.
Crochadh an Tighearna, agus a bhás ar an gCrois.



An cúigmhadh Abhe. - Is mó sa chách is ionchuir dhuit i n-iongantus
doimhne a ghrádh don uile-fhíréan agus go háirithe dá Mháthair ionmhuin
agus dá dheisciobal dil ag ár aithin sé féin dá chéile iad, ag rádh
léisi: “Féach do Mhac” agus ris-sion “Féach do Mháthair.”



An sémhadh Abhe. - Ar marthain dorchaduis feadh trí n-uaire as a
chéile do ghabh machtnamh mór iad uile. D'ofráil Críost mar dhuine é
féin do íodhbart do Dhia, agus sin go ró-éagcoimseach, ní d'fhoillsigh
sé féin fá dheireadh, ag á rádh, “Ó, mo Dhia, mo Dhia, créad fáth ar
thréigis me”?



An seachtmhadh Abhe. - Ar mbeith don Tighearna imshníomhach le
tiormach cuirp agus le ró-fhriochnamh slánuighthe an chine daonna,
adubhairt “Atá tart orm” ar mbeith dá cholain dáríribh le hionnfhuaradh
d'fhághail le dig, agus dá spioraid aithmhisneach d'fhághail tré
shlánughadh na n-anam.



An t-ochtmhadh Abhe. - Do tomadh leo spoinge lán de uinéigre go
n-ísóip, agus do shoichsiad ina bhéal é, arn-a ghlacadh go ceannsa don
Tighearna mhilis, adubhairt “atá sé críochnuighthe.”



An naomhadh Abhe. - Ar an adhbhar sin, ar gcomhlíonadh gach níth do
réir orduighthe Dé ar son an chine daonna, adubhairt de ghuth láidir
fhollusghlan “A Athair, tiomnaim mo spioraid it láimh.”



An deichmhadh Abhe. - Mar sin ag coimhling ris an mbás, bíth go
bhféadfadh marthain ní budh shia, le claonadh a chinn do thoirbhir a
spioraid, ag comhlíonadh an níth adubhairt sé roimhe sin: “ní bheanfaidh
aonduine mo bheatha dhíom, acht me féin dháileas uaim í.”



Biaidh a thuamba súd glórmhar.



Creidim i nDia, etc.



An tráth fuair Mac Dé bás ar an gCrois d'fhuascladh an chine
daonna, fá toil leis an gcomhacht ndiadha, mar fhiadhnaise agus mar
dhearbhadh ar a chomhiongantach san de dhiamhar-rún, míorbhúilí éagsamhla


L. 304


agus dearbhuighthe iongantacha do thaisbeánadh, agus badh follus don
domhan uile: ar dtúis, ar mbeith do chruithighthóir neimhe is talmhan le
haindlighe a chréatúirí, arn-a chrochadh ar an gcrois, do dhorchaidh an
talamh i meádhon laoi, mar sin dó trí huaire cómhlána diaidh i ndiaidh
tré úrdhubhadh na gréine os cionn na huile réimhe nádúrtha os cionn na
talmhan uile, agus sin san éasca lán. Dá éis sin, ar mbeith d'ughdar
na beatha rés an nádúir arn-a chómhéigniughadh do thiodnaic uaidh a
spioraid dá aonta féin, ní nách féadann créatúir ar bith eile do
dhéanamh. Annsin do scoilteadh brat an teampuill ina dhá rann, ó
bhuaic go lár, do chrithnigh an talamh, do raobadh na cairrge ina
mblodhaibh, do hoscladh na huaighe (tar éis eiseirghe an Tighearna),
d'eirgheadar iomad de chorpaibh na naomh dobhí ina gcodladh agus do
taidhbhsigheadh do mhórán iad. An captín is an cheithrín ag á rabhadar
a gcroidheadha arn-a gcruadhughadh le mailís ré n-imtheacht dóibh, do
adhmaidh siad go hoscailte gurab é sin dáríribh Mac an Duine, agus
mórán den lucht fa hanúide de na hIobhlaibh, do imthighdar go
haithrigheach agus iad ag bualadh a mbos. Ar dtolladh a thaoibh le gaith
do dhíolmhanach, tig go hobann fuil is uisce as. Téidh Ioseph ó
Armatéa, seanathair uasal, roimhe sin nár lámh a admháil é féin do
bheith ina dheisciobal ag Críost, téidh anois go dána go Píoláid agus
athchuinghios an corp, agus beiridh leis ón gcrois é. San obair naomhtha
sin dobhí duine prionnsapáltha de na hIobhlaibh dár bh'ainm
Nicodémus lé ar ghnáth dul d'fhios Chríost san oidhche, ní nach
lámhadh ar ló do dhéanamh, do tháith é féin leis, tug leis cumasc
mioir is aloe, tuairm céad púnt.



Féadta tu leis na neithibh míorbhúileacha sin tárla le linn báis ár
Slánuighthóra, a chur go cneasta, ag smuaineadh mórdhacht aonaránach,
cródhacht dochlaoidhte, agus neirt ró-fhoighidhnigh, agus búidheacht na
hÓighe Coisreagtha, a Mháthair, dochonnarc dá súilibh agus do mhothuigh
ina croidhe féin gach ní tárla ann; agus gurab ar a hAonmhach féin
do himreadh an díol agus gurab é d'fhuiling é, tairis sin nár aomh
agus nách deárnaidh gníomh badh éigcneasta dá phearsain iomshláin
ró-áird san uile-shubháilce; agus do thógaibh ina hucht féin a chorp
marbh, céadámeas a beathadh, do chaoin sí é agus do thoirbhir uaithe arís
é; dorinn feithiomh ar é d'adhlacadh, agus mar sin, ar mbeith don chorp
mórluaigh arn-a chórughadh le spíosardhaibh agus arn-a cheangal le
héadach líshnasda lín, do hadhlaiceadh i dtuamba nua dorinneadh i
gcarraig é mar nár cuireadh aonduine roimhe, agus do hiompuigheadh
líogh mhór ris an ndorus do chead Phíoláid ar ar chuir siad na hIobhail
mar an gcéadna séala agus do chuireadar lucht forfhaire do choiméad
an tuamba d'eagla a dheisciobal dhá ghoid leó agus dá rádh gur éirigh
ó bhás.


L. 335


An treas caogad den tSaltair Mhuire,
ina bhfuilid chúig diamhar-rúin ghlórmhara.



Dobhí ár Slánuighthóir, Íosa Críost, fomósach go bás, fós go bás
na croiche. Tríd sin d'árduigh Dia é, agus thug ainm do os cionn an
uile ainm.



An chéad díamhar-rún ghlórmhar,
ar an gcéad Phaidir. - Eiseirghe an Tighearna.



d'éis mar d'fhágaibh a anam ró-naomhtha fíor-ghlórmhar, ár dTighearna
is ár Slánuighthóir, a chorp marbh ar an gCrois, téid gan fuireach don
log dá ngoirthear Limbus na n-aithreadha, áit nar líonadh tré bheith dá
láthair sin, anmanna naomh an tsheannreachta (dobhí arn-a gcoingbháil
i ndorchadus) le solus deallraightheach, le gáirdeachus do-mheasta,
agus le lúthgháir, ag glacadh na naomhbheatha ré a raibh a súil cian ó
shoin, dogheibhthior le Dia d'fhaicsin, agus mar sin don ghealladh thug
don ghaduidhe aithrigheach, mar a ndubhairt “Biaidh tu indiu mar aon
riom-sa i bParrthas.” An treas lá go grod i ndiaidh mheadhon oidhche
(do bharamhail sean-aithreach na heagluise) ar tilleadh don anam
ghlórmhar gus an gcorp, iad araon ag déanamh duine iomshláin, tig
amach as an dtumba agus gan é d'fhoscladh, agus ar dtriall dá éis
sin, do thúirling aingiol do Neamh, corruidheas an chloch ó dhorus an
tumba agus suidheas uirthi agus gabhas uamhain lucht na faire uime
sin, agus rithidh gus an gcathraigh agus nochtaid do na hÁrdshagartaibh
an ní thárla ann.



Ar gcómhthionól dóibh ris na seanóiríbh i gcomhairle, dáilid suim
mhór airgid don fhorfhaire tré n-a rádh go dtángadar a dheisciobail
san oidhche agus gur gadadh leó é, ar mbeith dóibh féin ina gcodla.



An chéad Abhe. - Dá éis sin do thaisbeán ár Slánuighthóir glórmhar é
féin dá Máthair ionmhuin rés an uile-dhuine ar mbith, ar
dtuilliomh an


L. 336


chomhshóláis sin di, amhail fhéadas gach Críostuidhe a mheas tar ceann
nách fuil sin (ar mbeith neamhéigiontach) arn-a scríobhadh san
tsoiscéal.



An dara Abhe. - Do Mhagdaléna naomhtha agus do dhís eile dobhí
ag teacht d'ungadh a chuirp, dorinn an t-aingiol d'fhiadhnaise gur
eiseirigh sé, ritheas sisi dá innisin do na hapstalaibh, agus tilleas
leó, ré n-imtheacht arís dóibh do thaisbeán an Tighearna é féin di.



An treas Abhe. - Do thaisbeán arís é féin do Mhagdaléna naomhtha
agus don dias eile, agus ré tilleadh dá dtig dóibh, do abhradar é,
agus d'fhuráil ortha dul dá innisin dá dheisciobhalaibh go bhfaicfidís
é féin san Ghaililee.



An ceathramhadh Abhe. - Do thaisbeán é féin, an lá céadna do
Pheadar agus do dhaingnidh ina chreidiomh é, agus do féadfaidhe gur
thaisbeán é féin do Eóin, dá chomhfhortacht óir do chreid sé d'éis an
tumba d'fhaicsin.



An cúigmhadh Abhe. - Do thaisbeán mar an gcéadna an Slánuighthóir
é féin do S. Seáin, fíoraon dá ngoirthear bráthair an Tighearna, is
ró-cosmhail an lá sin féin, óir adeirthear d'éis coirn an Tighearna nár
chaith biadh ná deoch go bhfeacaidh ar n-eiseirge ó bhás é.



An sémhadh Abhe. - Do thaisbeán é féin mar an gcéadna don dís
dheisciobal ré mbeith ag dul go hEmaus agus iad ag iomrádh air féin,
gidheadh níor chreidiodar a eiseirghe (mar go dtugadar cuireadh mar
dheórach dhó) gidheadh do aithneadar ar mbriseadh an aráin é.



An seachtmhadh Abhe. - Mar an gcéadna i dtráthnóna an laoi sin do
thaisbeán an Tighearna é féin do dheichneabhar dá abstalaibh dobhí i
bhfochair a chéile, ar mbeith do na dóirsibh druidthe ortha; ar mbeith do
Thomás amháin i n-a n-éaghmais an tráth sin, níor chreid an chuid eile de
na habstalaibh an tan do innis siad do go bhfacadar an Tighearna.



An t-ochtmhadh Abhe. - I gcionn ocht lá do thaisbeán an Tighearna é
féin don aonabstal déag agus adubhairt re Tomás “Cuir do mhéar i
ngonaibh mo lámh is mo thaoibh agus ná bí díchreidmheach acht bí díleas.”
Do fhreagair Tomás “Ó mo Thighearna is mo Dhia.”



An naomhadh Abhe. - Do thaisbeán an Tighearna arís é féin do
Pheadar, do Shéamus, do Eóin, do Thomás, do Nathaniel, agus
do dhís eile ag muir Tiber; annsin dorinn biocaire do féin de
Pheadar ar dtalmhain, agus árdaodhaire ar an Eagluis. Do
réimhfhaisnéis dó mar an gcéadna gurab é a chrochadh dodhéantaí.



An deichmhadh Abhe. - Do thaisbeán é féin arís don aonduine déag
san Gaililee, mar ar fhógair dóibh an soiscéal do sheanmóir agus na
sacramentí d'fhreastal ar feadh an domhain, arn-a ghealladh
dhóibh go gcuirfeadh an Spioraid Naomh do chongnamh leó go deireadh
an tsaoghail.


L. 470


An dara diamhar-rún glórmhar, ar an dara Phaidir. Freasgabháil
an Tighearna ar Neamh.



Ga mhioncha agus cia na pearsanna dár thaisbeán an Tighearna, ár
Slánuighthóir, é féin idir a eiseirghe is a fhreasgabháil, leith amuich
de na taisbeántaibh do luadhmair romhainn, ní feas do chréatúir san bith
somharbhtha é, tairis sin ní curtha dhúinn i gconntabhairt gur
taidhbhrigheadh go minic dá mháthair bheannuighthe é, agus fós is
ionchreidte gan eadeimhne gur taidhbhrigheadh ar uairibh é dá dhís óglách
Enoch is Elias ar mbeith dhóibh fós ina mbeatha ina gcorpaibh
somharbhtha i bParrthas talmhaidhe, agus gur taidhbhrigheadh go minic
dá abstalaibh é agus go raibh go muinnteardha ina gcaidreabh mar aon
riú, ní hiad amháin na seanaithre acht an Scrioptúir Naomhtha doní
d'fhiadhnaise é agá dheimhniughadh gur thaisbeán é féin beó dhóibh d'éis
a pháise ar mórán de chrothaibh feadh dá fhichid lá, dá thaidhbhreain
dhóibh agus ag labhairt ar Fhlaithios Dé mar atá ar Eagluis agus ar gach
feidhm agus ar gach ofic dobhiadh ré a dhéanamh innti. Idir gach ní
eile d'orduigh an chuid eile de na sacramentíbh nár hórduigheadh cheana,
agus thug ughdarás is comhacht iomshlán agus barántus dá eagluis
chaithaighthigh féin ré breith anam gus an eagluis mbuadhaigh, do
shaoradh na n-anam a carcar na n-aithreach, ar mbeith ainséin dá
leanmhain féin is gach áit gus a roicheadh.



An chéad Abhe. - Fá dheireadh an dáfhicheadmhadh lá déis a eiséirghe,
ar mbeith don Tighearna arn-a thaidhbhreadh i mBetánia da abstalaibh,
do thill go déadhnach ón Gaililee, d'fhógair dóibh gan triall go
Ierusalem, go ndoirtí cómhachta anuas ortha.



An dara Abhe. - Adubhairt fós riú go madh fiaguin iad ar a pháis,
ar a eiséirghe, ar mhaitheamh na bpeacadha in Ierusalem agus san uile
Iudea agus san Samaria agus fós gus an rann is iomluighe den
talamh.



An treas Abhe. - Ar mbeith don Tighearna ar sliabh Olibhet do
láthair follamh ré freasgabháil ar neamh, mar cheileabhradh déadhnach,
ag


L. 471


togbháil a lámh suas, do bheannuigh an eaglais ag sloinn a grás (amhail
dorinn go minic roimhe) le comhartha foirimeallach.



An ceathrámhadh Abhe. - Ar ndáil a bheannachta mar sin, do
freasgabháladh go díreach ar Neamh é, go n-uimhir mhóir dá fheithiomh,
nó gur folachadh lé scamall rug as a radharc é.



An cúigmhadh Abhe. - Ar mbeith dóibh ag á ghnáth-fhéachain ina dhiaidh,
má thárla gur fhéadadar a fhaicsin i meadhon na néall, féach dá
aingiol i riocht fear ina seasamh lámh riú i n-earradhaibh bána.



An sémhadh Abhe. - Adubhradar na haingil riú “Sibh-se a fheara
Gaililee créad é fáth bhur seasaimh ag féachain go Neamh? an tÍosa so
do glacadh uaibh go Neamh tiocfaidh sé amhail dochonnairc sibh ag
imtheacht é.”



An seachtmhadh Abhe. - Annsin ar mbeith dóibh sin uile dá adhradh
triallaid ó shliabh Olibhet go Ierusalem, go ngáirdeachus mór,
ag breith buidheachuis ris an dTigheana tré na tiodhlaicibh
iongantacha do bhronn agus d'ollmhuigh sé ré slánughadh na ndaoine.



An t-ochtmhadh Abhe. - Ar dteacht dóibh gus an gcathraigh, ár
mbantighearna, máthair an Tighearna mar aon ris na habstalaibh is ré
fíoraonaibh eile, tuairm sé bhficidh a líon, ag dul suas i seómra, do
bhádar d'aoinmhéin ag buansheasamh úrnaighthe.



An naomhadh Abhe. - Do fhuráil Peadar annsin mar príomhaodhaire
ar an ndeibhleán sin uile togha do dhéanamh ar apstal do chómhlíonadh
ionad Iudáis, ní nách déarna sé tré fhógra fhollus scríobhtha ó Dhia,
acht tré fhuráiliomh spioraide Dé dhóibh go hoireamhnach don
Scrioptúir.



An deichmhadh Abhe. - Do thoghadar dias, Ioseph is Matias, agus ar
nguidhe Dé dhóibh tré thoradh crannchur, a fhoillsiughadh dhóibh cia díobh
araon badh rogha leis le glacadh, tuiteas an crannchur ar Mhatias agus
do háirmheadh é mar aon ris an aonapstal déag eile.



An treas díamhar-rún glórmhar,
ar an treas Paidir. Do theacht an Spioraid Naoimh.



Ar bhfaicsin na Maighdine ró-naomhtha, Máthair Dé, lán de ghrásaibh,
na hapstail naomhtha dobhí mar an gcéadna arn-a n-óirneadh do
chumhacht is d'ughdarás, agus na creidmhigh uile ar mbeith fíoraonda
dhóibh, taris sin go ndeárnadar buantseasamh i n-urnaighthe deich lá
cómhlána ré teacht an Spioraid Naoimh do gealladh leis an Slánuighthóir
dhóibh. Is mó sa chách dleaghthar dhúinne, na peacaigh truaghanta, atá
n-ár soitheacha aibhriosca éagcruaidhe, buansheasamh do dhéanamh i
n-aithrighe agus i nguidhe agus i n-úrnaighthe, ionnus go nglacfadh an
Spioraid Naomh sinn ré maithiomh ár bpeacadha dhúinn má táimíd go
fóill san staid sin, nó ré méadughadh grás má táimíd cheana ar
bhfagháil aisig cáirdeasa Dé, agus annso, ó, m'anam, is mó sa chách
dhligheann tú bheith friochnamhach i ndéanamh rinnfheithimh an diamhar-rúin


L. 472


sin, de bhrígh go bhfuil annso haonta saor féin agus do chómhoibriughadh
ag a iarraidh go héigiontach ré thu féin do shaorghlanadh agus dot ghairm,
aon ghníomh badh chongnamh ar obair nDé. Acht cheana muna raibh gabháil
go haontadhach agat ar an ngrás d'fhagháil duit, agus comhoibriughadh
do dhéanamh leis, ní hé amháin, gan sealbh na beatha suthaine d'fhagháil
duit, acht fós is barr damanta theagmhas duit tré n-a chomhmhór sin de
thiodhlacadh do thabhairt i ndearmad.



An chéad Abhe. - An deichmhadh lá déis a fhreasghabhála, arn-a bheith
caogad lá déis Cásca, an treas uair ó éirghe gréine, tig go hobann
torann do Neamh, amhail dobhiadh ó ghaoith gháibhthigh, agus líonas an
teach uile ina rabhadar ag úrnaighe.



An dara Abhe. - Do taidhbhrigheadh do láthair teangtha éagsamhla
dhóibh amhail dobhiadh ó theine, doní solus, agus comhnuidheas ar gach
aon de na sé fichid pearsa dobhí mar sin ag úrnaighthe mar aon.



An treas Abhe. - Atáid arn-a líonadh de rath an Spioraid Naoimh,
ar gabháil bisig grás go líonmhar, maille ris na seacht dtíodhlaicthibh na
heagna, na tuigsiona, na comhairle, an neirt, an fheasa, na búidheachta
agus eagla an Tighearna.



An ceathramhadh Abhe. - Ar gclos an torainn sin do thionóil an
pobul i n-éinfheacht ó iomad críoch, agus teanga n-éagsamhail, dochluin
gach aon díobh na hapstail ag labhairt a dteanga féin, mórghníomha Dé.



An cúigmhadh Abhe. - Adeir drong dhíobh “Ag magadh atáid na fiora
so lán nua”; gidheadh claoidheas Peadar an tuathleas so, ag suigheamh
Íosa do crochadh leó-san gur eiséirigh agus gur freasghabháladh é, agus
gur chuir an Spioraid Naomh uaidh, agus do baisteadh chúig mhíle annsin.



An sémhadh Abhe. - Seanmóraid na hApstail go dána Críost do
céasadh, ag suighiomh a bhforcadal le Scrioptúir is le míorbhúilibh, tar
ceann gur fhógradar na hIobhail dóibh, le bagarthaíbh gan labhairt ar
chor ar bith ar Íosa.



An seachtmhadh Abhe - Ananias is Saphira, tré n-a gceallarghoin, do
thuiteadar marbh ar fhocal Pheadair, agus do leighis drong eile ó
easláintibh fós le scáth Pheadair arn-a theilgion mar aon re drong
eile i bpríosún, ar mbeith arn-a bhfóirithin le haingiol, agus do
sheanmóir go hoscailte san teampoll.



An t-ochtmhadh Abhe. - Do lámhuigheadh uile arís iad agus rugadh gus
an gcomhairle iad agus do héiligheadh tré shárughadh fhógartha na
nÁrdshagart iad, gidheadh d'fhreagradar sin gurab éigion fóghmós do
thabhairt do Dhia nísa chóra ná mar dobhéarthaí do dhuine. Fá dheireadh
do sciúrsadh iad agus do ghabh luthgháir iad tríd sin.


L. 546


An treas díamhar-rún glórmhar,
ar an treas Paidir. Do theacht an Spioraid Naoimh.



An naomhadh Abhe. - Dorinneadh déacon de Stiabhna naomhtha mar
aon lé seisior eile, do sheanmóir sé Críost, do ghníomhuigh míorbhúile,
do chlaoidh a eascaraid, do cuireadh ina leith diamhasladh do dhéanamh
agus do clochadh gur marbhadh é, gidheadh, atá arn-a choróineadh ar
Neamh, agus táinig iompódh mhóráin dá bhás is dá úrnaighthe.



An deichmhadh Abhe. - Doníd an dá easpal déag an Chréidh, agus iar
ndul dhóibh i rannaibh éagsamhla an domhain seanmóraid an suibhscéal,
dorinneadh príomhapstal de Pheadar, agus mar sin do sheanmóir sé
Críost, ag iompódh iomad cinidheach.



An ceathramhadh diamhar-rún glórmhar,
ar an gceathramhadh Paidir. Bás is dul suas na Banóighe.



An tráth do sheanmóradar na hApstail suibhscéal Chríost do réir
a bhfeadhma, agus do shaothruigh siad na hanaim i n-ionadaibh éagsamhla,
agus go háirithe is na rannaibh seo den domhan: Peadar, prionnsa na
n-apstal, ar dtús, san Iudea, annséin san Syria, san Antiocia, agus
i n-áitibh eile, agus fa dheireadh san Iodáil; Andrias san
Acaia; S. Séam Mór san Easpáinn; Eóin san Asia; S. Séam
Beag san Ierusalem, agus Pilib san Phrygia; Pártholán san
Scythia; Matha san Ethiop; Síomon san Persia; Thadeus i
bPalestína; Pól i n-urmhór an domhain, an eaglais uile ag fás
san uile ghné shubháilcigh. Do dearscnaidh an Ógh ró-choisreagtha
Máthair Dé tar gach uile, gidheadh tar cheann go raibh sí sár-
áightheach arn-a hóirneadh le heolus diadha, ionnus gur sheól sí
dona suibhscéalaibh mórán de neithibh do bhean ré teacht ár
Slánuighthóra i gcolainn, ré n-a bhreith ré n-a oideas agus
ré n-a n-ionamhlaibh eile de dhiamhar-rúnaibh is fearr do b'eól
disi 'ná do na huile-dhaoinibh; acht cheana ar mbeith n-a
deagh-mhnaoi agus í ró-umhal tar an uile-chréatúr, níor sheanmóir
sí ós árd; ní thug fós


L. 547


caidriobh do mhórán, acht thug a beatha as go huaigneach i
ngníomh-ghnáthughadh shíor na n-uile-shubháilcí, gur fhágaibh réim a
beatha san domhan mar riaghail ró-iomlán agus mar bheó-shómpla do na
huilibh lé ar mhian triall i ndáil na hiomláine.



An chéad Abhe. - Tar éis fhreasghabhála ár dTighearna, ar mbeith dá
Mháthair Bheannuighthe ár mBaintighearna, ní-sa-saoire ná dobhí
riamh roimhe ón uile-chúram shaoghalta, do ling sí go léir ar
chrábhadh maille ré hEóin suibhscéal do bheith ag soláthar di san
uile-riachtanus aimsiordha agus spiorada.



An dara Abhe. - Ar mbeith ag fuireach di i gcionn chúig mbhliadhan
ndéag, do foillsigheadh don Ógh ró-choisreagtha go ndeaghnadh malairt
a beatha somharbhtha ar bheatha dhomharbhtha, agus mar sin go ngreamóchadh
sealbh shíor a Mic bheannuighthe.



An treas Abhe. - Do iarr ar a mac go humhal go madh fiú lais
radharc na n-abstal do thabhairt di, sul go dhéanfadh ceileabhradh don
bheatha tadhaill seo.



An ceathramhadh Abhe. - Do tógbhadh na habstail uile go hobann i
n-éinfheacht suas san aieor agus tugadh iad go Ierusalem d'
fhiosrughadh na Naomh-Óighe, acht S. Séam dobhí arn-a mhartradh
agus S. Tomás táinig tré oirchill spesialta Dé, beagán ní ba
deadhnaighe.



An cúigmhadh Abhe. - Ar gcruinniughadh i gcionn a chéile do na
habstalaibh agus do dhaoinibh eile abstalda, ré triall d'anam
ró-naomhtha na hÓighe Coisreagtha go sámh as an gcorp, téid ar Neamh go
n-aicme d'ainglaib glórmhara.



An sémhadh Abhe. - An Corp Coisreagtha (ó ar ghaibh Dia colann)
atá go ró-onórach arn-a adhlacadh i nGetsemaní go gceól abstal is
aingiol, agus oirfídeadh ró-neamhdha.



An seachtmhadh Abhe. - Do chomhnuigh an chora aingiolda sin trí lá
chomhlána ag an uaigh, ag sinnim salm, n-iomnach, agus gcainticeadh
spiorada, ag moladh Dé agus a Mháthar.



An t-ochtmhadh Abhe. - I gcionn trí lá dorinneadar scur dá seinm,
agus Tomás Abstal ag teacht tré glandúthracht bhruithnig, d'iarr
ar an gcuid eile de na habstalaibh, radharc an Chuirp Choisreagtha
ró-chadhusaigh do thabhairt dó.



An naomhadh Abhe. - Mar shárughadh dá mhianduthracht d'oscail siad
an uaigh, áit is nach fuaradar acht an eisléine amháin go ndeaghbholaith
gcúbhra, mar a raibh an Naomhchorp cumhdaighthe: níor fríoth an corp
féin ar chor ar bith san talmhain.



An deichmhadh Abhe. - Uime sin dobhí an oiread san d'fhiadhnaibh
dearbhtha dearscnaithe, do bhreathnuigh siad gurab é an tí do ghabh colann
san chorp neamhcháidheach so do ghlac ar neamh é, iarn-a cheangal ris an
anam i nglóir shíorruidhe.


L. 626


An cúigmhadh diamhar-rún glórmhar, ar an gcúigmhadh Paidir.
Do Chorónadh na Bantighearnan.



Do cuireadh na habstail arís tar an ais gus na háitibh as a
dtugadh iad, agus do faisnéiseadh leó-san agus le drongaibh eile
bás agus dul ar neamh na hÓighe glórmhaire ró-ghloine Muire, Máthair
Dé, fá huile rannaibh an domhain, agus mar sin is mó sa chách do
chóimhlíonadh an fháistne dorinn sí, agá rádh: “ó sin amach déaraid na
huile-chineadha gurab beannuighthe misi,” óir, do láthair, iarn-a bhreith
ar neamh do thionnscain Eagluis Chríost amhail atá do ghnáith ar marthain
agus ag foillsiughadh go ró-shollamanta ní hé amháin dul ar neamh dá
hanam ró-naomhtha (amhail naomh eile) acht fós eiséirghe agus dul ar
neamh a Cuirp glórmhair mar a sealbhuigheann radharc iomlán Dé san
chéim is áirde d'éis a Mic ós an uile-chréatúr, arn-a daingniugadh
'n-a banríoghain ar Fhlaithios Dé agus ar an uile-naomh beannuighthe
agus ar na hainglaibh lé n-a hóirneadh le coróinn dhearscnaithe dá nach
samhail ní talmhuidhe san bith: tar cheann gurab minic tarngaradha dá
hionn, shamhlughadh le hiomad de neithibh agus re pearsoin
dearscnaithe - gidheadh ní bhfuil críoch ar a neamhchosmhaile ris an ní
ré a samhluighthear iad.



An chéad Abhe. - Do coróineadh í 'n-a banríoghain ós cionn an
uile-chonfeasóir, agus an uile aingiol, óir ar gcoiméad gloine
aingiolda di san bheatha so i staid phósta, do beannuigheadh í le
toradh tré ar fuascladh an cine daonna.



An dara Abhe. - Do coróineadh í 'n-a banríoghain ar an uile-bhaintreabhaigh
agus an Archainglaibh aingiolda, do sháruigh comh-dhearscnaithe na huile eile
i ngloine mhaghdanda, amhail sháruigheas banríoghain a híochtaráin i ndignit
phrionnsamhail.



An treas Abhe. - Do coróineadh í 'n-a banríoghain ós an uile órd
riaghalta agus ós na comhachtaibh aingiolda de bhrígh ar ndiúltadh don
tsaoghal di agus ar dtréigion le móid gheanmnuidheachta do thabhairt,
an modh gineamhna do ghabh ón Spioraid Naomh ár bhFuasclathóir.


L. 627


An ceathramhadh Abhe. - Do coróineadh 'na banríoghain ar na
suibhscéalaibh í agus ar na subháilcíbh aingiolda óir do theagaisc sí
na suibhsceóil féin i rúndiamhraibh diadha, agus do ghabh 'n-a clí
agus d'iomchair an tí is ughdar amháin agus is gníomhuighthóir ris na
huile-mhíorbhúilibh.



An cúigmhadh Abhe. - Do coróineadh ós na habstalaibh i gcéimibh
onóra í, amhail do thuill naomhthacht a beatha riamh ó thús.



An sémhadh Abhe. - Do coróineadh í ós an uile-easbog agus aodhaire
ar na trónaibh aingiolda de bhrígh go dtug sisi (ar dtabhairt a haonta
spesialta ris an ní do breathnuigheadh leis an dTríonóid mBeannuighthe)
gus an ndomhan arán na beatha, oileamhain fhíor na n-anam.



An seachtmhadh Abhe. - Do coróineadh í ina banríoghain ar na
hárdaithribh agus ar na trónaibh aingiolda de bhrigh gur ghabh sí ina clí
ar mhodh dofhaisnéisi, agus gur iomchair ina broinn naoi mí Mac Dé,
agus a mac díleas féin.



An t-ochtmhadh Abhe. - Do coróineadh í ina banríoghain ar an uile-fháidh
agus ar an uile-cherubin naomhtha, óir is iomláine dobhí fios an
uile-dhiamhar-rúin aici (ar mbeith di ina Máthair Dé) 'ná ag créatúr
eile san bith.



An naomhadh Abhe. - Do coróineadh í ina banríoghain ar na huile-mhartíribh
agus ar na Seraphínibh loiscneacha óir is cian do sháruigh iad
(san ní nar dhearscnuig siad tar seirbhíseachaibh Dé) i mbruithnigh grádh.



An deichmhadh Abhe. - Is í ar an adhbhar san do sháruigh i ngrásaibh
an uile-órd de dhaoinibh agus de anglaibh, do sháruigh iad mar an
gcéadna i gcéim ró-árd glóire agus atá arn-a suidhe agus arn-a
coróineadh i bhfochair a Mic ró-dhearscnaithe féin ina banríoghain ar na
huile-chréatúiribh.



Tugadh an uile-bhreathamhnus don Mhac de bhrigh gurab Mac Duine É.



Creidim i nDia, etc.



Bí buidheach (ó, m'anam) den Tríonóid, Aon-Dia síorruidhe, do
chruthuigh thu ar a iomháigh féin, ionnus go ndéantá feidhm dhó, agus
maille ris sin go ngabhthá ríoghacht Neimhe ón tí fós d'fhuascail tu, ar
mbeith dhuit de bhíthin an pheacadh it dhíorsach ag an diabhal agus ciontach
ré bás síorruidhe agus ré bheith damanta, do chuir a Aon-Mhac féin (an
dara pearsa den Tríonóid ró-naomhtha) do ghabháil cholna ón nduine
agus do bhreith ó óigh, ré marthain i mbochtacht, i saothar, i mbuaidhreadh
agus i dtruaghántacht shaoghalta, agus fá dheire, ré fulang báis
ró-mhaslaighthigh phiantamhla na Croise, an tí do eiséirigh an treas lá ré
naomhghlanadh, do freasghabháladh ar Neamh i gcionn dá fhichid lá dá éis
sin, lé ar glórmharadh é agus tar éis deich lá eile, do chuir an
Spioraid Naomh (an treas pearsa den Tríonóid ró-bheannuighthe úd i
gcomharthadhaibh só-fhaicsiona ina eaglais féin ar dtionnsonadh an tráth


L. 628


sin in Ierusalem) re marthain nó ré gnáthfhuireach mar aon ris an
eaglais sin go deire an tsaoghail, ionnus, maille re n-a ghrásaibh agus
ré n-a chomhoibriughadh go mbiadh tusa agus gach anam eile páirteach
ris na comhmór sin de thiodlaicthibh do shaothruigheadh chomh daor sin dár
Slánuighthóir sár-chaoin féin, agus go rannuidhe bí buidheach, de bhrígh
gurab do na grásaibh ón Spioraid Naomh, (ní nách ar bh'fhéidir leat-sa
do thuilliomh ar chor ar bith) ataoi-se anois ad bhall den Eaglais
Chatoilica: agus mar sin bheith páirteach uim cheann shácramentí
n-éagsamhail agus diamhar-rún ró-naomhtha eile ré húrnaighthibh agus ré
luachsaothar fioraon an tsaoghail seo, agus fós ris an gcoradh neamhdha
uile; agus leis na grásaibh sin mar an gcéadna ód pheachadhaibh do
saoradh is do naomhadh thú, agus ní aon uair amháin sin acht go minic,
gan d'fhuasclathóir agá fhulang gus anois, gan tú féin d'fhagháil bháis
ad pheacadhaibh (amhail fuaradar an iomad eile) acht d'fhuráil sé a
ghrás agus a mhaithfiochas féin ort, é ollamh réd ghlacadh gacha mioncha
fhilleas tú dáríribh air, agus geabhaidh sin uait go díograiseach do
láthair anois, acht muna ruagthar leat féin uait é, agus fá dheireadh
má doní tú buantsheasamh i ndéanamh feadhma dhó go deireadh,
do-bhéartha dhuit (ó a anaim) go haithghearr i ndiaidh bháis, agus don
cholainn ar do shon, lá na breithe coitchinne an tan dodhéana an
uile-cholan eiseirghe, Coróin domheasta ghlóire, agus beatha shíor. Amen.