An Teagasg Críosdaidhe

Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath (1611)

Bonabhentura Ó hEodhasa; eag. Fearghal Mac Raghnaill




AN TEAGASG CRÍOSDAIDHE
annso,
arna chuma do
BHONABHENTURA Ó H-EÓDHASA
bráthair bochd d'ord San Próinsias,
a ccoláisde S. Antoin a Lobháin.


L. 2


ORAOID DON LÉGHTHÓIR.





A fhir léghtha an leabhráin bhig,
féch an tobar ó ttáinig;
uille a tharbha iná a thaidhbhsi;
buime th'anma an obair-si.



An cisde trér cheandaigh fear
an fearann inar foilgheadh -
ag so an fearann ina bhfoil;
neamhfhonn do nocha dleaghoir.



An némhann trér dhiult duine
sealbh a thoiceadh ttalmhaidhe:
dá bhféchthar dhí an fonn 'na bhfoil
do-gébhthar sonn í a n-asgoidh.



Ag so anois do nimh chugaibh
sreath ghrianach gheam ccarrmhugail,
teagaisg thoirtheacha Dé dhúinn,
troimcheatha do sgé an sgrioptúir.



Ní thugsam dhóibh - ní díoth soin -
foighreadh a ngaoidhilg grianaigh;
a nDia, a lochthobar na leag,
cia an fothragadh nach fuairsead!



Ní dhearnsam - nír dhénta dhamh -
dorcha lé dealradh briathar
bhróin ngeamghoirthe niamhtha ó nimh
briathra dealraighthe an Dúilimh.



Lé hóradh briathar dá mbeinn,
mór dhíobh fá chiaigh dho chuirfinn;
congmhaid failghe chumhdaigh cloch
urdail na faighne a bhfolach.


L. 3


Rolla na bhfiach dho dhleaghair;
cairt do dhúithche ón Dúileamhain
daitsi gan sgéimh do sgríobh mé;
sgríobh féin an ccairt-si ad chroidhe.





DON TEAGASG CRÍOSDAIDHE
ANNSO.



Roinntear an Teagasg Críosdaidhe a ccúig cotchaibh: trách-
daidh an chédchuid díobh so ar an cCré, an dara cuid ar an
bPaidir, an treas cuid ar na hAitheantaibh, an ceathramhadh
cuid ar na Sacramainntibh, an cúigeadh cuid ar na Subháilchibh
agus ar na Lochdaibh.



DON CHÉDCHUID.
thráchdas ar an cCré.



AN CHRÉ A LAIDIN.



AN CHRÉ A NGAOIDHEILG.
arna roinn 'na hairteagalaibh 'sa ughdar féin ós comhair gach
airteagail.



1. Creidim a nDia Athar uileachumhachdach, cruthaightheóir
nimhe agus talmhan: 1. Petrus.


L. 4


2. agus a nÍosa Críosd, a énMhacsan, ar tTighearna: 2. Andreas.



3. do gabhadh ón Sbiorad Naomh, do geineadh ó Mhuire Óigh:
3. Ioanne.



4. do fhulaing páis fá Phoinnt Phioláid, do crochadh, fuair bás
agus do hadhlacadh: 4. Iacob Maior.



5. do-chuaidh síos go hifrionn, do éirigh an treas lá ó mharbh-
aibh: 5. Thom.



6. do-chuaidh suas ar neamh, atá 'na shuidhe ar deis Dé Athar
uileachumhachdaigh: 6. Iacob Minor.



7. as sin thiocfas do bhreith bhreithe ar bheóaibh agus ar mharbhaibh:
7. Phil.



8. Creidim san Sbiorad Naomh: 8. Bartol.



9. san naoimhEaglais Chatoilice, a ccumann na naomh: 9. Matt.



10. a maitheamh na bpeacadh: 10. Sim.



11. a n-eiséirghe na ccorp: 11. Iudas Thadeus.



12. san mbeathaidh suthain.
Amen, .i. Go fírinneach: 12. Matt.



AN CHRÉ A NDÁN.





Atáid trí doirsi ar theach nDé;
ní héidir le neach fán ngréin
gan dol tríotha so fá seach
rochdain anonn don rítheach.



Na trí subháilche diadha:
creideamh, dóthchas, grádh cialldha -
as iad na doirsi adeir mé
do bheith ar rítheach nimhe.



Ní cás dá gach neoch fá nimh
triall go doras an chreidimh;
eochair gach glais dá bhfuil air
fuairseam ó na habsdalaibh.


L. 5


Na heochracha, adeirim ribh,
arteagail chinnte an chreidimh;
a cCré na nEasbal, madh áil,
do-ghébha iad go hiomlán.



Teagaid seachd n-airteagail díobh
tar dhiadhachd airdRíogh na ríogh
is seachd n-airteagail oile
tar dhaondhachd Mheic mhórMhuire.



Na seachd n-airteagail si ar tús
lé nochdthar an dhiadhachd dúinn
atáid sonna; bíod ré a ais
'gan té théid d'fhios an dhorais.



Creideadh go bfhoil aoinDia ann,
Tríonnóid thrén na ttrí bpearsann;
Athair, Mac, Sbiorad naomhtha
go ccomhuaisle, comhaostha.



Ó aoinneoch ní tháinig soin,
an tobar diadha, an tAthair;
ón Athair gheinthear an Mac;
uatha araon tig an Sbiorad.



As Dia an tAthair 's as Dia an Mac:
Dia fíre fós an Sbiorad;
is ní trí dée iad soin
achd aoinDia a ttrí pearsanaibh.



As é an t-aoinDia sa do chum
neamh, talamh agus iofrann
's gach a bhfuil eatorra so
's a mbí ag áitioghadh ionnta.


L. 6


Uaidh do-ghébham, más í ar ttoil,
grása is maitheamh ar bpeacadh,
eiséirghe na ccorp Lá an Luain,
glóire shíor a mbeathaidh bhiothbhuain.



Ag sin na hairteagail daoibh
thráchdas ar an ndiadhachd naoimh;
gá ttám - anois as nochdtha
airteagail na daondachda.



Do chéidneithibh creidthe dhúinn
gur ghabh Muire a ndíoghrais rúin
ón Sbiorad Naomh 'na bruinne
Mac an Athar síordhaidhe.



Go ndearnadh Dia 'na dhuine
's duine 'na Dhia síordhaidhe,
go beith don dá nádúir soin
gan chumasg a n-éinphearsoin.



A ccionn naoi míos dá éis sin
rug an Ógh é san Bheithil,
gan choill a hóghdhachda dhi
'na dhiaigh, roimhe ná an uair si.



Aonmhac Dé, Dia agus duine,
fuair 'na nádúir dhaonduidhe
bás croiche, a adhlacadh soin
tré choirthibh chloinne hÁdhoimh.



An bás soin achd gé dho sgar
a chorp naomh ré a anam nglan,
nír sgaradh ré ceachdar díobh
diadhachd iodhan an airdRíogh.


L. 7


Téid go hifreand dá éis so
d'fhuasgladh na n-aithreadh naomhtha;
éirgheas ó mharbhaibh go prap
an treas lá arna adhlacadh.



A ccionn dá fhichead lá lán
do-chuaidh ar neamh na naoi ngrádh
ar deis a Athar gur shuidh
a n-énghlóir ris an nAthuir.



Do bhreathnughadh bhéo agus mharbh
tiocfaidh sé, bhudh tuirionn garbh
mar a ccuirfe gach duine
a nglóir nó a bpéin shíordhuidhe.



Ós cionn a n-abram anois,
gach a n-aibéora an Eaglas,
más sgríobhtha gion gurab eadh,
cóir don Chríosdaidhe a ccreideamh.



A ndobhramar sonn go se
biaidh ag gach aon dá ccreidfe
raon solas anonn ar nimh
tré dhoras ndorcha an chreidimh.





GLUAIS MÍNIGHTHI
AR NA RANNAIBH SI AGUS AR CHEITHRE HAIRTEAGALAIBH DÉGA AN
CHREIDIMH.



AN CHÉDCHAIBIDIL.
thráchdas ar aondachd na nádúire diadha agus ar phearsanaibh
na Tríonnóide.



1. ATÁID TRÍ DOIRSE AR THEACH, ETC.
As iad na trí subháilche diadha, .i. creideamh, dóthchas agus
grádh, as uaitneadha agus as gabhla fulaing fán mbeathaidh


L. 8


sbioradálta: gibé ó tteisdéobha énchuid díobh so, traisgeór-
thar a bheatha sbioradálta ar an tshaoghal sa agus ní bhia slighe
don bheathaidh shíordhaidhe anunn aige. As uime sin adeir-
thear annso gurab iad na subháilche cédna trí doirsi tré
ngabhann an Críosdaidhe go flaitheamhnas. As éidir na ceithre
cotchanna as prinsipálta don Theagasg Chríosdaidhe, .i. an
Chré, an Phaidear, na hAitheanta agus na Sacramainnti, do
thairreang dochum na subháilcheadh sa: ór teagaisgidh an
Chré dhúinn na neithe as cóir do chreideamh; iarthar san
Phaidir na neithe agár cóir dhúinn dóthchas do bheith againn
go bhfoigheam iad; lé comhall na nAitheantadh dhearbhmaoid
ar ngrádh ar Dhia agus thairrngeamaoid a ghrádh orainn; leis na
Sacramainntibh do-geibhthear agus choimhédtar na trí subh-
ailche rémhráidhthe.



2. NÍ CÁS DÁ GACH NEACH, ETC.
Foillsighthear annso, gibé nách léigthear astteach san
ccédoras sa atá ar fhlaitheamnas nimhe, .i. doras an chreidimh,
gurab air féin as cóir a aithfear do bheith, ar an n-adhbhar gur
fhágaibh ar Slánaightheóir Críosd eochracha an dorais si don
taoibh amoigh aige, madh áil leis féin an doras d'osgladh
léo. Do fhágaibh, iomorro, Críosd na heochracha sa ar láimh
na n-easbal; do fhágbhadar na heasbal ar láimh na hEagailsi
(iad); atá an Eaglas agá bhfoláir ar gach n-aon lénab áil a
nglacadh. As tuigthe dhúinn as so gurab deacair go saorfa
a n-ainbhfios an drong dho fhédfadh éolas a ccreidimh
d'fhagháil dá ndearndaois díthcheall dá iarraidh. As tuigthe
fós as an ní chédna an drong mhallaighthe adeir gurab maith
leó gan eólas do bheith aca ar aitheantaibh Dé, d'eagla nách
fédfadaois a ccomhall, gurab mór atáid arna mealladh agus nách
saorann a n-ainbhfios iad, ór as ionann dóibh sin do rádh agus a
rádh gurab maith léo gan na heochracha do bheith aca d'eagla
go n-oisgeóldaois an doras nó go rachdaois astteach.


L. 9


3. NA HEOCHRACHA ADEIRIM, ETC.
Follsighthear annso na heochracha lé n-osgailtear an
céddoras, .i. airteagail an chreidimh atá againn a cCré na
nEasbal.



4. TEAGAID SEACHT N-AIRTEAGAIL, ETC.
Atáid dá mhodh ar a ngnáthaighid na diadhaireadha
airteagail an chreidimh d'áireamh. An cédmhodh: do réir na
n-ughdar do chruinnigh a cceann a chéile iad, agus as ar an modh
sa adeirthear go coitcheann go bhfoilid dá airteagal dég, .i.
dá chuid dég, san Chré do réir nuimhir an dá easbal dég. An
dara modh ar a n-áirimhthear iad: do réir na neitheadh
chreidthear ionnta, agus atáid ceithre hairteagail déga ar an modh
sa ionnta, .i. seachd n-airteagail bheanas ris an ndiadhachd agus
seachd n-airteagail eile bheanas re daondachd ar tTighearna
Críosd, agus as ar an modh sa áirimhthear annso iad.



5. NA SEACHD N-AIRTEAGAIL SE, ETC.
Tionnsgainthear annso na hairteagail bheanas ris an
ndiadhachd.



6. CREIDEADH GO BHFOIL AOINDIA, ETC.
Atáid seachd n-airteagail don Chré bheanas ris an ndiadh-
achd, mar adobhramar thuas, .i. ceithre hairteagail bheanas ré
haondhachd na nádúire diadha agus ré trí pearsanaibh na
Tríonnóide, agus trí hairteagail eile bheanas ré hoibrighthibh Dé
agus ré a thiodhlaigthibh dhúinne. Ag so na ceithre hairteagail
bheanas ré haondachd na nádúire diadha agus ré pearsanaibh
na Tríonnóide: an cédairteagal: a chreideamh go bhfoil
aoinDia amháin ann; an dara hairteagal: a chreideamh go
bhfoil an tAthair neamhdha, an chéidphearsa don Tríonnóid,
ann; an treas airteagal: a chreideamh go bhfoil an Mac
síordhaidhe, an dara pearsa don Tríonnóid, ann; an ceath-
ramhadh hairteagal: a chreideamh go bhfoil an Sbiorad
Naomh, an treas pearsa don Tríonnóid, ann. Foillsighthear
na ceithre hairteagail si san rann úd: “Creideadh go bhfoil aoin-
Dia ann, etc.”


L. 10


GO CCOMHUAISLE, COMHAOSTA.
Foillsighthear annso nách foil barr a ngné ar bioth ag
pearsanaibh na Tríonnóide ar a chéile. Ionann iomorro
uaisle agus aos, glóir agus cumhachda do na trí pearsannaibh si; ór
dá mbeath barr uaisle ag an Athair ar an Mac, ní fédfaidhe a
rádh gomadh mac nádúrtha don Athair é, agus dá mbeath barr
aoisi aige air, ní fédfaidhe a rádh ris an Mac gomadh Día
síordhaidhe é, ór gibé neach bhíos nías sine iná neach oile,
bídh sé ann aimsear éigin gan an té sin as óige do bheith a
n-énaimsir ris, agus ní ní síordhaidhe an ní nách bí ann san uile
aimsir agus san uile uair gan tús gan dheireadh. Mar sin, dá
mbeath an tAthair ní bhudh sine iná an Mac, nách biadh an
Mac 'na Dhia síordhaidhe, agus dá mbeath ceachtar dhíobh ní
bhudh sine iná an Sbiorad Naomh, ní bhiadh an Sbiorad
Naomh 'na Dhia síordhaidhe; dá mbeath fós ceachdar dhíobh
ní bhudh uaisle iná an Sbiorad Naomh, ní fédfaidhe a rádh
riú gomadh aoinDia amháin íad, ór gach uaisle agus gach cumh-
achda dá bhfoil ag pearsannaibh na Tríonnóide, as ón
diadhachd atá sé aca. Ar an n-adhbhar sin, do réir mar as
ionann diadhachd, subsdainnt agus nádúir dhóibh, as ionann fós
uaisle agus cumhachda dhóibh.



8. Ó AOINNEOCH NÍ THÁINIG SIN, ETC.
Cuirid daoine foghlamtha an tAthair a ccosamhlachd ré
tobar ó mbiadh sruth ag sileadh dochum locha, agus an Mac a
ccosamhlachd ris an sruth féin, agus an Sbiorad Naomh ris an
loch; ór do réir mar as é an t-énuisge amháin bhíos san tobar
shileas dochum an thsrotha agus ón tsruth dochum an locha, as
mar sin as aoindiadhachd amháin, énnádúir agus énshubsdainnt
atá san Athair agus san Mhac agus san Sbiorad Naomh: ón Athair
théid an diadhachd sa d'ionnsoighidh an Mheic agus uatha araon
d'ionnsoighidh an Sbioraid Naoimh. An tAthair iomorro,
tobar na diadhachda, nír geineadh agus ní dearnadh riamh é agus ní
tháinig ó neoch oile; an Mac fós, ní dearnadh riamh é achd
atá sé ann riamh gan tús gan dheireadh mar atá an tAthair,


L. 11


gidheadh as ón Athair do geineadh gheinthear é; an Sbiorad
Naomh leis, ní dearnadh agus nír geineadh é, gidheadh táinig agus
tig ón Athair agus ón Mhac a n-aoinfheachd.



Fiafraighthear annso cionnas as éidir don Mhac bheith
comhaosta ris an nAthair agus a gheineamhain ón Athair, nó don
Sbiorad Naomh bheith comhaosta riú araon agus a rádh gurab
uatha araon táinig sé, ór do-chímíd gurab sine gach athair eile
iná a mhac, agus gach ní thig ó ní oile gurab luaithe bhíos an ní ó
ttig ann iná é. Ionnas go ttuigthéa so, bíoth a fhios agat do
chéidneithibh nách ionann gheintear an chlann thalmhaidhe agus
Mac an Athar síordhaidhe, ór ní geintear an chlann daon-
daidhe gan chumasg bhfhir agus mná agus gan ré n-aimsire, do
bhríogh gurab lé hoibrioghadh corpardha gheintear iad,
agus fós gan iomad saothair agus doilghis tré iardraoi mallachd na
sinsear. An Mac iomorro síordhaidhe, ní lé saothar corpardha
achd lé hoibrioghadh na tuigseana do geineadh ón Athair é ag
tuigsin agus ag féchain a dhiadhachda féin, mar gheintear íomh-
áigh ó dhuine ag féchain a sgáthán. An tan iomorro fhéchas
duine a sgáthán, geintear íomháigh uaidh san sgáthán chédna
cosmhail ris féin san n-uile chruth, ní hé amháin a bhfhioghair
nó a ngné achd a luighill agus a n-iomlat, ór gibé ar bioth iomlat
do-ghénasan, do-ghéna an íomháigh mar an ccédna. Ní
caittear aimsear ná saothar ris an n-íomháigh sin do dhénamh;
ní hiarrthar fós congnamh ionnsdramainnteadh dochum a
dénta, achd geintear a moiminnt í lé féchain amháin ar an
sgáthán. As mar sin don Athair síordhaidhe: ar bhféchain a
sgáthán na diadhachda dhó, do ghein sé íomháigh rochosmhail
ris féin, agus ar an n-adhbhar go ttug seisean atá 'na Dhia fhíre
a dhiadhachd, a shubsdainnt agus a nádúir féin uile don íomháigh
sin, as Mac díleas fírinneach Dé í. Dobheidís na híomháighe
gheinthear uainne san sgáthán 'na ccloinn fhírinnigh againn
mar an ccédna, dá bhfédmaois ar nádúir agus ar subsdainnt féin
do thoirbhirt dóibh mar sin. As éidir a thuigsin as so gurab
Dia an Mac mar as Dia an tAthair, agus nách fuil ionnta achd
aoinDia amháin, ar an n-adhbhar gurab éindiadhachd agus


L. 12


énshubsdainnt atá ionnta. As éidir fós a thuigsin as an ní
chédna nách óige an Mac iná an tAthair, ór atá an Mac ann
riamh mar atá an tAthair, ar an n-adhbhar go bhfuil an
tAthair riamh ag féchain ar a dhiadhachd féin, agus nách iarr-
tar aoinní oile dochum an Mheic do gheineamhain achd sin.



As éidir an ní cédna do rádh ris an Sbiorad Naomh, ór do
réir mar gheinthear an Mac ón Athair lé hoibrioghadh na
tuigsi, as mar sin tig an Sbiorad Naomh uatha araon le
hoibrioghadh na toile. An tan iomorro do-bheirid grádh
adhbhal dóibh féin agus dá ndiadhachd, lé tabhairt an ghrádha
sa séidthear an Sbiorad Naomh uatha araon; leis an séid-
eadh sa toirbhirid a nádúir dhiadha féin dó ionnas gurab
énnádúir dhiadha atá ionnta 'na ttríur. Do bhríogh go bhfhoil
an nádúir se in gach pearsain díobh, as Dia gach pearsa dhíobh
fá seach, agus do bhríogh gurab énnádúir amháin dhiadha gan
roinn atá ionnta 'na ttriúr, ní trí dée iad achd aoinDia amháin.
Do bhríogh fós go bhfoil an tAthair agus an Mac ag grádhoghadh
a ndiadhachda agus agá ngrádhoghadh féin riamh gan tosach gan
tionnsgnamh an feadh atáid féin ann agus nách iarrthar a aith-
earrach sin do chúis dochum an Sbioraid Naoimh do theacht
uatha, atá an Sbiorad Naomh ann riamh mar atáidsean. Ar an
n-adhbhar sin, ní fhuil pearsa dhíobh as sine ná as óige, as
uaisle ná as anuaisle, as treise ná as éidtreisi iná chéile, agus atá
gach pearsa dhíobh fá seach 'na Día, agus ní trí dée iad achd
aoinDia a ttrí pearsannaibh. As uime adeirthear san Chré:
“Creidim a nDia”, ór dá mbeith ní bhudh lia iná aoinDia
amháin ann, “Creidim isna déibh” adérthaoi. Gibé lérab maith
a shlánoghadh, creideadh na ceithre hairteagala sa bheanas ré
haondachd na nádúire diadha agus re pearsanaibh na Tríonnóide.



AN DARA CAIBIDIL.
ina ttráchdtar ar oibrighthibh Dé agus ar a thiodhlaicthibh
dhúinne .



9. AS É AN T-AOINDIA SA DO CHUM, ETC.
Foillsighthear san rann sa agus san rann oile 'na dhiaigh na trí


L. 13


hairteagail bheanas ré hoibrighthibh Dé agus ré a thiodhlaicthibh
dhúinne. An cédairteagal: a chreideamh gurab é aoinDia na
n-uilechumhachd do chruthaigh neamh agus talamh gan
adhbhar ná éinní dá ndiongantaoi iad d'iarraidh chuca. An
dara hairteagal: a chreideamh gurab é do-bheir grása agus maith-
eamh ar bpeacadh dhúinn. An treas airteagal: a chreideamh
go ttiobhra sé glóir shíordhaidhe iar mbás dúinn agus go ndiongna
ar ccuirp d'aithbheóghadh a ló an bhreitheamhnais
dhéigheanaigh.



Ionnas gomadh feirrde do thuigfithéa an cédairteagal díobh
so, tabhair dot aire, gion go n-abairthear a cCré na nEasbal
gur chruthaigh Día acht neamh agus talamh amháin, tar a cheann
sin gurab é dho chruthaigh an domhan uile agus an uile ní
ar-cheana, mar atá: neamh maille ré a bhfoil d'ainglibh agus
d'anmannaibh daoine mbeandaighthe dá áitioghadh; an
talamh gona chrannaibh, gona luibhibh, maille ré a bhfoil do
dhaoinibh agus do bheathodhachaibh égciallaidhe dá áitiogh-
adh; ifreand maille ré a bhfoil do dheamhnaibh agus d'anmann-
aibh damanta ann; a bhfoil idir neamh agus talamh, mar atá: an
t-uisge gona iasg, an t-aiér gona énlaith, an teine agus na seachd
bpláinéid atá ós a cionn agus na cúig flaitheamhnais atá ós a ccionn
sin. Gidheadh, do ba lór leis na heasbalaibh an dá chuid si as
prinsipálta don domhan d'áireamh, mar atá neamh agus talamh
dho chruthaigh Dia fá chomhair an duine agus an aingil, an dá
chrétúir as uaisle dhár chruthaigh riamh agus dá ndénaid an uile
chrétúir oile seirbhís. Tabhair dot aire fós nách é amháin gur
chruthaigh Dia iad so uile achd fós gurab é bhíos agá ccoimhéd
do ghnáth, ór dorachdaois ré turnamh an abhra ar neimhthní
muna bheathsan dá ccoimhéd.



10. UAIDH DO-GHÉBHAM, ETC.
Foillsighthear annso an dara hairteagal don chaibidil si ar a
ttugthar an seiseadh hairteagal bheanas ris an ndiadhachd, .i.
go bhfhoigheam grása agus maitheamh ar bpeacadh ó Dhia. As
iad peacaidh mhaiththear dhúinn, peacaidh na sinsear ina


L. 14


ngeintear an uile dhuine agus na peacaidh do-nímíd féin. Leis na
sacramainntibh thrá shaoras inn uatha so, go háiridhe leis an
mbaisdeadh agus leis an bhfaoisidin. Leis an mbaisdeadh
mhaithtear peacadh na sinsear agus gach peacadh oile do-nímíd
ré mbaisdeadh ina ndénmaoid aithreachas dúinn. Leis an
bhfaoisidin maittear an peacadh do-nímid iar mbaisdeadh
dhúinn; ag scrios na bpeacadh sa do-bheir grása dhúinn,
ionnas go mbímíd inar ccairdibh agus inar ccloinn aige féin, inar
n-oighreadhaibh ar ríoghdhachd nimhe. Ní híad so amháin
grása do-bheir dhúinn, achd as é fós do-bheir grása agus cong-
namh dhúind lé bhfillmíd ór bpeacadhaibh, ór ní héidir linn
éirghe ar ar ttreóir féin ó thuitmíd san bpeacadh gan a
ghrásasan dár ttógbháil. As dá ghrásaibh fós fuaramar na
hionnsdramainnte lé saorthar sinn ó na peacadhaibh cédna,
.i. na sacramainte, mar cheiríneadha ina bhfoil bríogh pháisi
Críosd dá tumha ré créchdaibh ar n-anmann. Gach bríogh
iomorro dá bhfoil ag na sacramainntibh, as ó pháis Chríosd atá
sé aca.



Bíoth a fhios agat nách foilid ar bioth tiodhlaigthe as mó
ináid so, ór ní fhuil ar bioth olc as mó agus as gráine iná an
peacadh dho-bheir ar dhuine bheith 'na námhaid ag Dia, 'na
shearbhóntaidh ag an diabhal, agus mharbhas an t-anam. Mar
mharbhthar thrá an corp lé sgarthoin an anma as bheatha
dhó ris, as mar sin mharbhthar an t-anam an tan sgarthar a
bheatha, .i. Dia, ris. Ar an n-adhbhar sin, ní fhoilid tiodhlaig-
the as mó ináid na grása lé maitthear na peacaidh, lé n-aithbh-
eóaighthear an t-anam, lé ndéntar cairde agus clann Dé do
shearbhóntaidhibh an diabhail.



As dochum an tsheisidh hairteagail si bheanas ris an
ndiadhachd tharraingthear an naomhadh hairteagal don Chré
do réir an mhodha oile ar a n-áirimhthear iad, .i. “Creidim
san naoimhEaglais Chatoilice agus a ccumann na naomh”, ór ní
maithtear a pheacaidh do neoch agus ní fhaghann grása muna


L. 15


rabh 'na bhall fhírinneach don Eaglais Chatoilice. Dá rabh
iomorro mar sin, ní hé amháin go bfhoighe grása agus maitheamh
a pheacadh, achd do-ghébha fós a chuid do chumann na
naomh: mar sin nách foláir don thé iarrfas na tiodhlaigthi
si a fhios do bheith aige cia hí an Eaglas Chathoilice agus a bheith
'na bhall fhírinneach dhí. Ar an n-adhbhar sin, bíoth a fhios
agat gurab ionann eaglas ré a rádh agus comhchruinnioghadh na
cCríosdoidheadh dho baisdeadh, dho ghabh creideamh agus
dlighthe Críosd chuca, maille ré bheith umhal d'fhior ionaid
Chríosd a ttalamh. Ní fhoil san nEaglais si achd aonchorp
cumaisgthe agá bhfoil Críosd 'na chionn, agus an uile Chríosdaidhe
glan mhaireas nó fuair bhás agus an uile aingeal beandaighthe
'na mballaibh, ionnas nách foil ann achd éineaglas amháin do
ghnáth. As í so an Eaglas Rómhánach agus a ngabhann lé, ór as í
sin amháin choimhédas creideamh agus dlighthe Críosd agus atá
umhal dh'fhior ionaid Chríosd a ttalamh, .i. an Pápa.



As tuigthe as so nách eaglas fhírinneach comhchruinniogh-
adh an chinidh Iúdaidhe, na tTurcach, agus gach ainchríos-
daidheadh oile nár ghabh baisdeadh chuca, ná comhchruinn-
ioghadh na n-eiriceadh nách creideann na sacramainnte agus na
dlighthe do fhágaibh Críosd againn agus nach foil umhal do
bhiocáir Chríosd, an Pápa.



Dá bfhiafraightheá créd an dearbhadh atá againn gurab í
an Eaglas Rómhánach an eaglas fhírinneach, as é ar ndearbhadh
air sin na ceithre comhartha phrinsipálta lé n-aitheantar an
eaglas fhírinneach, mar as fhollas as an Chré, .i. bheith
naomhtha, bheith catoilice, .i. bheith coitcheand, bheith 'na
héineaglais, lorg na n-easbal do leanmhain go díreach - go
bfhoil gach énchomhartha díobh ar an nEaglais Rómhánaigh
agus nách foil énchomhartha dhíobh ar eaglais na n-eiriceadh.


L. 16


Do chéidneithibh, atá an Eaglas Rómhánach 'na héineaglais,
ar an n-adhbhar gurab éincheand amháin agus énaodhaire
atá uirthe, agus gurab éinchreideamh, énbhaisdeadh agus éinreachd
atá aice ó aimsir Chríosd gus aniogh ar feadh na cruinne gu
coitcheand. Na heiricidh iomorro, as beag dhíobh nách bí
contrárdha dá chéile 'na ccreideamh. Ní hé amháin: bídh
énduine amháin díobh go minic contrárdha dhó féin a n-iomad
do bhallaibh - mar sin nách éidir léo a rádh gurab éinchrei-
deamh amháin nó éindligheadh atá aca. Dá n-abradaois na
heiricidhe go mbíd doctúire na hEaglaisi Rómhánaighe
contrárdha dá chéile mar an ccédna, ní fíor dhóibh, ór gidh
iomdha diosbórachd idir Scotus agus San Tomás, ní fhoil siad a
n-aghaidh a chéile a ní ar bioth dá mbeanand ris an ccreideamh,
achd as éinchreideamh amháin theagasgaid san uile bhall,
agus mar sin do na doctúiribh oile archeana. Na heiricidhe
iomorro, bíd a bpongcaibh prinsipálta an chreidimh a
n-aghaidh a chéile. Maille ris sin, ní héincheann atá ortha, ór
adeir cuid díobh go bhfoil gach prionnsa 'na cheann ar eaglais
a dhúithche féin, agus adeir cuid oile nách foil ceand ar bioth ar
an n-eaglais; mar sin nách éidir dhóibh a rádh gurab éineaglas
amháin atá aca ar énchor.



Atá fós an Eaglas Rómhánach coitcheand ar thrí modhaibh,
do bhrígh go bfhoil coitcheand ag an uile phearsain, ag an uile
áit agus ag an uile aimsir. Ar tús atá coitcheand ag an uile
phearsain más bochd nó saidhbhir, uasal nó anuasal, fogh-
lamtha nó ainbhfeasach dhóibh. Atá fós coitcheand do
bhríogh gur leathnaigh ar feadh an domhain uile: In omnem
terram exivit sonus eorum, etc.. Atá leis coitcheann do bhríogh
go bhfhoil ann san uile aimsir ó aimsir Chríosd a le gan
chlaochlódh a creidimh. Ní mar sin d'eaglais na n-eiriceadh:
ní fhoil sí coitcheann ag an uile phearsain. Ní hé amháin: ní
shaoilim go n-anfadh duine ar bioth a ngioll ar a creideamh
innte, ór as fírthearc duine foghlamtha, mar as aithnidh dá
ccoinsias féin, do anfadh innte achd a ngioll ar onóir mbig
saoghalta nó ar antoil a ccolna. As lór do dhearbhadh air sin


L. 17


forgla phrionnsadh na n-eiriceadh, mar atá Lúitér agus Cailbhín
etc., gurab as an Eaglais Rómhánaigh do imthigheador mar
nár fhédadar antoil thruaillidhe a n-inntinne do choimh-
líonadh innte. As deimhin fós nach anfadh duine ainbhfheasach
ar bioth a n-eaglais na n-eiriceadh muna thugadh eagla air é,
nó ainbhfhios, do bhríogh nách cualoidh a haithearrach.
Maille ris sin, ní fhoil eaglas na n-eiriceadh coitcheand in gach
énbhall, ór gidh iomdha áit ina bhfhoil eiriceachd, as beag do
na háitibh sin atá ar éinchreideamh. Ní fhoil sí ann fós in gach
énaimsir ó aimsir Chríosd ale, mar as follas dá gach aon, ór
ní fhoil eiriceacht Lúitéir ann achd ó aimsir Lúitéir féin, agus ní
fhoil eiricechd Chailbhín ann achd ó aimsir Chailbhín féin.
Lúitér, thrá, an treas bliadhain ar cheithre fichdibh ar cheithre
cédaibh ar mhíle d'aois an Tighearna rgadh é, agus an
sechdmhadh bliadhain dég ar chúig cédaibh ar mhíle do
thionnsgain a eiriceachd, ionnas nach foil ann achd ré ceithre
bliadhnaibh déga ar cheithre fichdibh, agus as giorra iná sin an
aimsear ó dho thionnsgain eiriceachd Chailbhín agus gach
deisgiobail dár lean é féin agus Lúitér.



As í fós an Eaglas Rómhánach agus ní heaglas ar bioth oile atá
ar lorg na n-easbal go díreach, mar as éidir do dhearbhadh ar
iomad do mhodhaibh. Do chéidneithibh, do gheall Críosd do
Pheadar nách rachadh a eaglas féin a mbáthadh go bráth, agus
as follas as leabhraibh annálach na hEaglaisi nach foil eaglas
ar bioth ann do ghnáth ó aimsir Chríosd agus na n-easbal ale achd
an eaglas atá fá riaghladh an Phápa; ar an n-adhbhar sin, as
í sin amháin an eaglas fhírinneach atá ar lorg Críosd agus na
n-easbal. Dá n-abradh Cailbhín nó Lúitér gurab í eaglas
Chríosd agus na n-easbal atáid féin do leanmhain, fiafraighim
dhíobh: An ndeachaidh sí a mbáthadh d'éis Chríosd agus na
n-easbal go teachd dóibhsean? Má dho-chuaidh, cionnas as
éidir léo Críosd do shaoradh ar bhréig? Muna dheacha, c'áit
ina raibhe sí nó créd fá ttugthar iadsan mar ughdara ria? Go
deimhin, as follas as so nach í eaglas Chríosd ná na n-easbal


L. 18


leanas siad ar énchor. Dearbhadh oile: ní dearnadh sagart ná
easbag inar n-eaglaisne riamh gan easbag oile do bheith dá
dhénamh. Ar an n-adhbhar sin, as é Críosd féin an tEasbag
Mór agus an Sagart Síordhaidhe do-rinne na céideasbaga innte,
agus na heasbuig sin easbaga eile, agus mar sin a ndiaigh a chéile gus
aniogh, ór ní héidir a thuigsin cionnas do-rinneadh an céideas-
bag innte - ó nách éidir lé tuata easbag do dhéanamh - muna
abairthear sin. Ar an n-adhbhar sin, as follas gurab ar lorg
Críosd agus na n-easbal san líne dhíreach atá ar n-eaglaisne. Ag
so an dearbhadh nách éidir leis na heiricibh do thabhairt ar a
son féin, do bhríogh nách easbaig oile do-ní easbaga nó
sagairt aca, ór as deimhin nach dearna easbag ar bioth oile
easbag do Lúitér nó do Chailbhín. Ar an n-adhbhar sin, ní
rabhadar féin ná duine dá ttáinig ar a lorg 'na n-easbagaibh,
agus nírbh éidir léo easbaig nó sagairt do dhénamh.



Atá fós an Eaglas Rómhánach naomhtha tar gach n-eaglais
oile, do bhrígh go bfhoil ceann ronaomhtha uirthe, Críosd,
agus go bhfoil creideamh agus reachd ronaomhtha innte nách iarann
aoinní do dhénamh achd ní maith, agus nách toirmisgeand achd
droichní; agus fós ar an n-adhbhar nách raibhe riamh gan iomad
do dhaoinibh naomhtha innte agá mbeidís bésa agus subháilche
ronaomhtha, nách raibhe a leithéide idir na heiricidhibh
ríamh, mar as follas as na míorbhuilibh móra mionca do-nídís
na naoimh go ttrásda agus do-níthear fós anois go laitheamhail.



Go deimhin atá a n-aghaidh an uile résún a rádh go mbiadh
seachrán 'na gcreideamh ar na seanaithribh naomhtha, col-
amhain na hEaglaisi, mar 'tá Ambrós, Augustín, Hiearonimus,
Grioghóir, etc., nó ar naomh Pádraig tug Éire dochum
creidimh, do dhíbir naithreacha neimhe eisde, do-níodh
míorbhuileadha dofhaisnéisi; nó ar naomhaibh oile Éirionn,
Colaimcille, Brighid, Ciarán, agus iomad oile nách éidir cinn-
teachd do chor ar a naomhthachd agus ar a míorbhuilibh; nó ar
San Phroinsias dár dhechdaigh Dia féin riaghail a bheathadh
agus dár fhógair a theach féin, .i. an Eaglas, d'athnuadhaghadh;
agus go mbiadh éolas grinn 'na chreideamh ag Lúitér dár mhaigh-
isdir an diabhal do réir a fhiaghnaisi féin; nó a rádh nách biadh


L. 19


beatha naomhtha ag San Phróinsias do chaith - ní áirmhim
cách oile - a bheatha a n-urnaighthe agus a ttrosgadh, do
aithbheóaigheadh mairbh, do ghrádhaighdís na beathadhaigh
éigciallaidhe, agus ar ar chuir Críosd séla na ccréchd dobhí
air féin; agus a rádh go mbiadh beatha naomhtha ag Lúitér do
imthigh as an ord riaghalta ina raibhe, rug cailleach dhubh
as an riaghail oile ina raibhe sí mar mhnaoi dhó féin, agus agá
raibhe an diabhal nísa mhuinnteardha iná Caitearfhíona, .i.
an chailleach dhubh rémhráidhthe do ba bean dó, do réir a
fhiaghnaisi féin; nó ag Cailbhín ar ar cuireadh séla d'iarann
dearg tréna pheacadhaibh míonádúrtha. As éidir an ní cédna
do rádh ré forgla a ttáinig 'na ndiaigh, gibé dho-ghénadh
tóraigheachd díthcheallach ar a mbeathaidh.



As follas as na ceithre comharthaibh si adobhramar go
nuige so, gurab í an Eaglas Rómhánach an eaglas fhírinn-
each: mar sin nach foláir don tí iarras grása agus maitheamh a
pheacaidh ar Dhia, creideamh san nEaglais si agus a bheith 'na
bhall fhírinneach dhí, ór as ar láimh chinn na hEaglaisi, .i.
Peadar, agus fear ionaid Pheadair 'na dhiaigh, tug Críosd eochr-
acha na ngrás.



Gibé bhias 'na bhall don Eaglais si, biaidh a ccumann na
naomh. Ionann sin ré a rádh agus go mbia a chuid aige don uile
dheaghoboir dá ndiongna gach neach oile don Eaglais san
tsaoghal sa nó a n-égmhais an tsaoghail; ór mar nách foil
ionnta sin uile achd boill énchuirp amháin, gach maith do-ní
cuid díobh, téid sé a sochar don chuid oile mar théid an biadh
shíneas an lámh dochum an bheóil, chognaid na fiacla,
thoirbhireas an teanga d'ionnsoighidh an ghaile, a sochar do
bhallaibh an chuirp uile.



As so as tuigthe dhúinn go ttéid ar nguidhe ar an thsaoghal
sa a sochar do na hanmannaibh a bpurghadóir, agus a nguidhi-
sean agus guidhe na muinntire atá ar neamh a sochar dhúinne,
ór ní fhoil ionnainn uile achd boill énchuirp amháin darab
ceand Críosd. Gidheadh, bíoth a fhios agat nach foil a ccuid do


L. 20


dheaghoibrighthibh cáich oile ag an droing bhíos coinneal-
bháiththe, ar an n-adhbhar nach foil ionnta achd boill arna
sgathadh, ná ag an droing bhíos a bpeacadh mharbhtha ar an
n-adhbhar nach foil ionnta achd boill mharbha chríona, ór ní
roinneand an Eaglas na grása do-gheibh ó Chríosd ríu sin,
mar nách roinneand an crann an súth thairrngeas ón talamh ris
na gégaibh ghearrthar dhe nó bhíos críon air.



11 EISÉIRGHE NA CCORP, ETC.
Foillsighthear annso an seachtmhadh hairteagal bheanas
ris an ndiadhachd, .i. a chreideamh go ttiobhra Dia glóir anma
agus chuirp san bheathaidh shíordhaidhe dhúinn dá ndearnam a
thoil san tshaoghal sa. Do ghlóir an chuirp: a aithbheóghadh
ó mharbhaibh, a cheangal ris an n-anam dhobhí 'na chompán-
ach aige roimhe, ionnas go bhfaghadh a ccuideachda an anma
cédna a chuid don ghlóir shíordhaidhe dho thuilleadar ar
éinshlighidh san tshaoghal sa léna ndeaghoibrighthibh.



Cuid an chuirp don ghlóir si: ar tús do-gheibh sé ceithre
tiodhlaigthe glórmhara ó Dhia. An céidtiodhlacadh dhíobh:
nách éidir lé ní ar bioth, mar atá fuachd nó teas, arm nó
saothar, etc., urchóid do dhénamh dhó. An dara tiodhlacadh:
dealradh solasta, ór rachaidh a sholas agus a dhealradh tar
dhealradh na gréine. An treas tiodhlacadh: lúthmhaireachd,
ór bhudh éidir leis gan saothar dol ó oirthear go hiarthar an
domhain, ó thalamh go neamh ré silleadh na súl. An ceath-
romhadh tiodhlacadh; gomá héidir leis dol trésan n-uile
ccorp gan díoghbháil dó féin ná don churp oile, mar
dho-chuaidh Críosd tré leic an tumba, tré chomhlaidh an
tsheomra ina rabhadar na heasbail, agus mar dho-chuaidh féin agus
Muire gona ccorpaibh glórmhara trés na pláinédaibh go
flaitheamhnas nimhe. Ós a ccionn so, do-ghébha gach
cédfaidh fá seach a glóir féin, ór do-ghébha an tshúil radharc
chuirp Chríosd, Mhuire agus na naomh; biaidh an chluas ag
éisdeachd ré a ccomhrádh so agus ré cantaireachd ttaghiúir na


L. 21


naomh ag moladh Dé. Maille ríu sin uile, gach glóir dá
bfhoighe an t-anam, bhudh glóir leis an ccorp í.



Glóir an anma iomorro: radharc Dé agus an grádh roimhilis
bhíos ag an anam chédna dhó arna fhaicsin. Ag so an mhaith
nách héidir lé Dia féin maith as mó iná í do thabhairt do
chrétúir ar bioth; ag so an chríoch dhéigheanach dochum a
bfhoilmíd uile ag tairreang, an mhéid atámaoid inar mballaibh
fírinneacha ag Eaglais Dhé. Gibé dho-ghébha an ghlóir si
énuair, ní sgarfa ris ré saoghal na saoghal; as uime sin
ghoirthear an conách síordhaidhe agus an bheatha shuthain dí.



AN TREAS CAIBIDIL.
thráchdas ar ghabháil Chríosd a mbroinn agus ar a bhreith.



12 GÁ TTÁM - ANOIS AS NOCHDTA, ETC.
Tionnsgaintear andso na hairteagail bheanas ré daondachd
ar tTighearna Críosd. An cédairteagal díobh: a chreideamh
gur ghabh Muire Ógh Mac Díleas Dé Athar do réir a dhaon-
dachda mar thoirrcheas fána bruinne, gan coimhriachdain ré
fear, lé hoibrioghadh an Sbioraid Naoimh. An dara hairteagal:
a chreideamh go rug an Ógh sa é, gan chaill a hóghdhachda
agá bhreith ná íarna bhreith. An treas airteagal: a chreideamh
gur fhulaing an Mac sa Dé a chrochadh, a bhásoghadh agus a
adhlacadh, d'fhuasgladh an chinidh dhaonda óna bpeacadh-
aibh. An ceathromhadh hairteagal: a chreideamh go ndeach-
aidh a anam iar sgaradh ré a chorp, gan sgaradh ceachdair
dhíobh ris an ndiadhachd, go hifreand, agus go dtug sé anmanna
na n-aithreadh naomhtha dhobhí ag feitheamh ré a
fhurtachd na mílte bliadhan as. An cúigeadh hairteagal: gur
éirigh an treas lá ó mharbhaibh. An seiseadh hairteagal: go
ndeachaidh suas ar neamh agus gur shuidh ar deis Dé Athar
uileachumhachdaigh. An seachdmhadh hairteagal: go ttiocfa
do bhreith bhreithe ar bheóaibh agus ar mharbhaibh, mar a
ttiobhra glóir shíordhaidhe do luchd na mbeandachd do
choimhéid a reachd, agus pian shíordhaidhe do luchd na mallachd
dho bhris a aitheanta.


L. 22


13 DO CHÉIDNEITHIBH CREIDTEAR LIBH, ETC.
Foillsighthear annso an cédairteagal bheanas ré daondachd
ar tTighearna, .i. Muire do ghabháil Mheic Dé 'na broinn
lé hoibrioghadh an Sbioraid Naoimh. As amhlaidh
do-rinneadh sin: do dhealbh an Sbiorad Naomh corp leinibh
bhig d'fhuil fhíorghloin na banóighi si 'na broinn féin, agus do
chruthaigh an uair sin féin anam ro-uasal gan smál bpeacaidh,
agus do cheangail ris an ccorp soin é, agus do cheangail an Mac, an
dara pearsa don Tríonnóid, iad so ar an bpongc ccédna sa
inar cruthaigheadh iad dá phearsain diadha féin, ionnas go
bhfoilid an dá nádúir, an nádúir dhiadha agus an nádúir
dhaonda, iomlán gan chumasg a n-éinphearsain an Mheic;
gonadh aire sin atá 'na Dhia agus 'na dhuine. Gidheadh, ná meas,
gé dho ghabh an Ógh an Mac 'na broinn ón Sbiorad Naomh,
gomadh é an Sbiorad Naomh a athair; ór ní lór do neoch
ní do dhénamh nó do chruthaghadh dochum a rádh go mbiadh
sé 'na athair aige, achd ní foláir dhó a dhénamh dá shubsd-
ainnt agus dá nádúir féin. As uime sin nách abairthear gurab é an
saor athair an tighe nó an gabha athair an chloidhimh dho-ní;
mar sin nách é an Sbiorad Naomh athair an Mheic, ar an
n-adhbhar nach dá shubsdainnt féin achd do nádúir na ban-
óighe do chruthaigh é. Gonadh aire sin as isi a mháthair do
réir a dhaondachda agus as é an tAthair neamhdha amháin a athair
do réir a dhiadhachda.



14 A CCIOND NAOI MÍOS, ETC.
Foillsighthear annso an dara hairteagal bheanas ré
daondachd ar tTighearna, .i. a bhreith ó Mhuire Óigh.



As amhlaidh thrá rugadh é: a theachd amach a ccionn naoi
míos gan doilgheas ná díghbháil do dhénamh dá mháthair,
gan bhriseadh sgannáin, gan shlighidh ar bioth d'osgladh
roimhe, mar tháinig as an tumba dhúnta trésan ccomhlaidh
d'ionnsoighidh na n-easbal, gan cheachtar dhíobh do bhriseadh
mar adobhramar thuas, nó mar théid ga gréine tré ghloine gan


L. 23


a lot; mar sin nár chaill máthair ar Slánaighthéora a hóghdh-
achd agá bhreith ná agá ghabháil a mbroinn, agus ó nár chaill
ceachdar don dá uair sin, nír chaill uair ar bioth; gonadh aire
sin adeirthear Ógh shíordhaidhe ria.



Féch a liachd iongnadh dothuigseana san diamharrún mhór
sa dho-chuaidh ós cionn chumhachd an uile inntleachda
nádúrtha! Féch: máthair 'na hóigh, Dia 'na dhuine, duine 'na
Dhia, aoinneach 'na Dhia agus 'na dhuine, go n-athair gan
mháthair ar neamh, go máthair gan athair ar talamh, .i. agá
bhfoil athair do réir a dhiadhachda agus máthair do réir a
dhaondachda, agus ag nách foil athair do réir a dhaondachda
ná máthair do réir a dhiadhachda! Dia síordhaidhe do
gheineamhain 'na dhuine ón chrétúir do chruthaigh sé féin!
Dá nádúir do bheith gan chumasg a n-éinphearsain gan roinn:
ór do réir mar atá énnádúir dhiadha a ttrí pearsannaibh na
Tríonnóide gan roinn na nádúire, gan chumasg na bpearsan,
as mar sin atáid dá nádúir - nádúir dhiadha agus nádúir dhaonda
- a n-éinphearsain a cCríosd, gan chumasg na nádúireadh, gan
roinn na pearsan.



AN 4 CAIBIDIL.
thráchdas ar pháis agus ar bhás ar tTighearna.



15 AONMHAC DÉ, DIA, ETC.
Foillsighthear annso an treas airteagal bheanas ré daond-
achd ar tTighearna, mar' tá a chrochadh, bás d'fhagháil dó, agus
a adhlacadh. As deimhin nár fhéd Críosd an bás sa d'fhulang
do réir a dhiadhachda, ór atá sé do réir a dhiadhachda 'na
Dhia ghlórmhar mharthanach dá nách éidir urchóid do
dhénamh, mar sin gurab 'na nádúir dhaonda do fhulaing páis.
Ní hé amháin, achd as adhbhal an t-iongnadh agus as do na
míorbhailibh as mó do-rinne Dia ríamh Críosd d'fhulang
bháis do réir na daondachda féin; ór gibé bhíos beannaighthe
ag feitheamh na Tríonnóide, bídh an uile shólás agus an uile


L. 24


mhaith aige. Gibé thrá agá mbí an uile shólás agus an uile mhaith,
ní héidir doilgheas ná urchóid ar bioth do dhénamh dhó.
Críosd iomorro, dobhí agus atá a anam glórmhar ag feitheamh
na Tríonnóide aghaidh ar aghaidh, agus ag feitheamh an uile
shólás a sgáthán na diadhachda ó mhoiminnt a chruthaighthe
gus aniogh. Ar an n-adhbhar sin, nírbh éidir dhó bás dh'fhulang
do réir na daondachda féin achd lé míorbhailibh dothuigseana
Dé.



As deimhin fós gurab dá dhéoin féin do fhulaing Críosd
bás, ór ní raibhe díoth cumhachd air lé ccoisénadh é féin ar
bhás. Dá dhearbhadh sin, ní fhoil éinní dár imthigh air nár
innis do na heasbalaibh suil táinig dochum críche, agus tar a
cheand sin nír sheachain éintrioblóid dá raibhe chuige.



As deimhin leis nách tréna choir féin do fhulaing bás - ór
gé dhobhádar na huilechumhachda aige, nírbh éidir leis
peacadh do dhénamh - achd tré choirthibh an chinidh
daonda. As uime thrá do fhulaing páis, ionnas go ttugadh an
mhéid gur dhuine é díol ceart do Dhia san n-aindligheadh
tugadar na daoine dhó, mar atá an peacadh do-rinneadar ar
sinsir Ádhamh agus Ébha a bparrthas ag briseadh aithne Dé,
agus fós gach peacadh oile dá ndearnadar agus dá ndénaid a sliochd
'na ndiaigh.



Ná meas as so go sláineóchthaoi an uile dhaoine dá olcas
ní do-ghéndaois; ór gidh díolaidheachd chothrom 'na
ndearnamar agus 'na ndiongnam páis Chríosd, tar a cheand sin
ní foláir lé Dia gach neach do thoirbhirt na díolaidheachda sa
as a láimh féin uaidh, agus ní bhí páis Chríosd againn léna
toirbhirt gan na sacramainnte agus gan na deaghoibrighthe. Ní
leighiseand thrá an cheirín achd an chneadh lé gcuirthear í;
leis na sacramainntibh iomorro agus leis na deaghoibrighthibh
chuirthear an cheirín bhríoghmhar sa páis Chríosd rér
ccneadhaibhne.


L. 25


Bíoth a fhios agat, gé dho fhulaing Críosd bás rodhocamh-
lach ar son ar bpeacaidhne, gur fhéd sé bás duine éigin oile nó
ní beag égin do ghabháil ar son ar bpeacaidh, nó gan ní ar
bioth d'iarraidh ar a shon, gidheadh do b'fhearr leis mar
dho-rinne do dhénamh, ór as mar sin as mó do fhoillsigh Dia
a cheart, a thrócaire agus a ghráin féin ar an bpeacadh, agus as
amhlaidh as mó tug Críosd sompla foighide, umhlachda agus
grádha dhúinne. Do fhoillsigh thrá Dia a cheart ar an n-adhbhar
an choir as truime ar bioth, mar atá aindligheadh do thabhairt
do Dhia, go ttugadh an díol as mó dob éidir do thabhairt innte
'na héraic, mar atá bás an duine dhobhí 'na Dhia. Do
fhoillsigh a thrócaire ar an n-adhbhar nách é amháin gur
shaor ón choir romhóir si inn, achd gur thoirbhir a Mhac féin
ar ar son, mar nách raibhe díolaidheachd againn féin do-bérmaois uainn.
Do fhoillsigh a ghráin ar an bpeacadh lé
truime na díolaidheachda do iarr ann. Tug fós Críosd sompla
foighide, umhlachda agus grádha dúinne, ór nírbh éidir foighide
do dhénamh bhudh mhó iná bás d'fhulang gan choir ar bioth,
agus nírbh éidir umhlachd nó uirísle do thaisbénadh budh mhó
iná rí na ríogh d'fhulang bháis chroiche idir dhís bithbheanach;
nírbh éidir fós grádh do thaisbénadh bhudh mhó iná neach
do thabhairt a anma ar son a easccarad.



16 AN BÁS SOIN GÉ DHO SGAR, ETC.
Gé dho sgar an bás an corp agus an t-anam re chéile ag
Críosd, gidheadh nírbh éidir leis an diadhachd do sgaradh
ré ceachtar dhíobh; ór gé dho fédadh an cuibhreach nádúrtha
dobhí idir an n-anam agus an corp do thabhairt fá chumhachd-
aibh na ccrétúireadh nádúrtha dho imir bás ar Chríosd,
gidheadh nírbh éidir an cuibhreach, dho-chuaidh ós ciond
chumhachd na n-uile neitheadh nádúrtha dhobhí idir an
ndiadhachd agus gach cuid díobh, do thabhairt fá chumhachdaibh
crétúir ar bioth - mar sin go raibhe an diadhachd ceangailte
ris an ccorp san chroich agus san tumba agus ris an n-anam a
n-ifrionn. As tuigthe dhúinn as so gurab usa linn féin sgaradh
rinn féin iná le Dia sgaradh rinn. Fiafraighthear annso, má tá


L. 26


nár sgar an diadhachd ris an ccorp ná ris an n-anam ag Críosd,
créd fá ndobhairt sé san chroich: 'A Dhé, créd fár fhágbhais
mé?' As í cúis fá ndobhairt sé sin, do bhrígh nách tug an
diadhachd congnamh ar bioth don nádúir dhaonda a n-aghaidh
an bháis agus na bpian ndocamhlach dobhí uirthe.



AN 5 CAIBIDIL .
thráchdas ar dhol an Tighearna go hifrionn, ar a éirghe ó
mharbhaibh agus ar a dhol suas ar neamh.



17 TÉID GO HIFREAND, ETC.
Foillsighthear andso an ceathromhadh hairteagal bheanas
ré daondachd ar tTighearna, .i. a dhol go hifrionn. Tabhair
dot aire annso nach deachaidh achd anam Críosd ceangailte
ris an ndiadhachd go hifrionn, agus nách deachaidh sé tar ifrionn
na n-aithreadh naomhtha síos, agus nár thaisbéin a dhia-
dhachd achd don mhéid dobhí annsin amháin. As iad thrá
sin amháin dobhí ullamh glan dochum a faicseana, achd go
feadh Críosd dá bhfuasgladh ó cháin an tseinpheacaidh agus
d'osgladh dhorais na beathadh síordhaidhe rompa léna bhás.
Gidheadh, do léig sé dá raibhe a n-ifrionn uile a anam
d'fhaigsin, ionnas go ccuireadh criothnughadh agus eagla ar na
diabhlaibh ag faigsin an chosgair agus na buaidhe rug sé, agus ar na
hanmannaibh damanta ag bagar mar airdbhreitheamh ortha,
agus ionnas go ttugadh sólás inntinne mar abhcóididh agus mar
shlánaighthéoir don droing a bpurghadóir.



Bíoth a fhios agat go raibhe sé a n-ifrionn go haimsir na
heiséirghe Domhnach Cásg, agus nách rug sé as achd an mhéid
dobhí a n-ifrionn na n-aithreadh naomhtha amháin; ór ní rug
na hanmanna damanta dobhí a n-ifreann íochdarach as, do
bhrígh gurab pian shíordhaidhe dhlighthear dhóibh; agus ní rug
an drong dhobhí a bpurghadóir as, ar an n-adhbhar nár dhío-
ladar a bfhiacha go hiomlán. Fiafraighthear annso ciondas as
éidir a rádh go raibhe Críosd ó aimsir a bháis go haimsir na


L. 27


heiséirghe a n-ifriond, agus gur gheall sé don tshladaidhe san
chroich go mbiadh maraon ris an lá sin féin a bparrthas. As
í ar bhfreagra air sin, nách ar pharrthas ttalmhaidhe tug sé
parrthas annsin, achd ar an sólás síordhaidhe agus ar an cconách
suthain, .i. radharc na diadhachda, agus mar sin do chomhaill
a ghealladh don bhithbheanach a n-ifrionn féin. Bíoth a fhios
agat fós nach deachadar na haithre naomhtha ar neamh ar ball
d'éis bháis Chríosd, achd dobhádar a bparrthas ó aimsir na
heiséirghe nó go rabhadar a ccuideachda Chríosd ag dol ar
neamh.



18 ÉIRGHEAS Ó MHARBHAIBH, ETC.
Foillsighthear annso an cúigeadh hairteagal bheanas ré
daondachd ar tTighearna Críosd, .i. a éirghe ó mharbhaibh an
treas lá ar ngabháil a chuirp féin uime arís.



Tabhair dot aire annso gurab uime do fhulaing Críosd a
adhlacadh agus do an sé an fad sa gan éirghe ó mharbhaibh,
d'eagla go ccuirfidhe amharas 'na bhás.



19 A CCIOND DÁ FHICHED LÁ, ETC.
Foillsighthear annso an seiseadh hairteagal, .i. a dhol ar
neamh a ccionn dá fhichead lá ar n-éirghe ó mharbhaibh dhó,
nó gur shuidh ar deis Dé Athar na n-uilechumhachd.



Bíoth a fhios agat nach foil lámh dheas ná chlé ag Dia mar
bhíos ag na daoinibh, ór ní nádúir chorpardha atá aige achd
nádúir sbioradálta. Ar an n-adhbhar sin, as é tuigtear annso go
ttug an tAthair onóir agus glóir chomhchothram ris féin don
Mhac, ór gibé ar a ttugann duine meas commór ris féin, as
gnáthach leis a chor 'na shuidhe ar a láimh dheis. Gidheadh,
bíoth a fhios agat nách do réir a dhaondachda achd do réir a
dhiadhachda atá Críosd a ccothrom glóire ris an nAthair.
Tar a cheand sin, do bhrígh gurab éinphearsa amháin dhiadha
atá aige do réir a dhiadhachda agus a dhaondachda, adeirthear go


L. 28


bfhoil Críosd, 'na Dhia agus 'na dhuine, 'na shuidhe ar deis Dé
Athar; mar sin go bfhoil a dhaondachd ós cionn an uile naomh
agus aingeal 'na suidhe ar deis Dhé Athar - ní hé gurab uaisle ó
nádúir í iná nádúir na n-aingeal, achd do bhríogh go bfhoil sí
ceangailte do phearsain Mheic fhírinnigh an Athar neamhdha,
mar bhíos édach an ríogh san chathaoir ina mbí féin 'na
shuidhe ós cionn na n-iarladh agus na ndiúiceadh, ní ar a uaisle
tharrsa achd do bhrígh go mbí ceangailte do chorp an ríogh.



Tabhair dot aire annso gurab uime do an Críosd dá fhichid
lá gan dol ar neamh, iondas go mbiadh ag teagasg na n-easbal,
agus gomadh móide do creidfidhe a eiséirghe ó mharbhaibh.



AN 6 CAIBIDIL.
thráchdas ar theachd Chríosd dochum an bhreitheamhnais.



20 DO BHRETHNOGHADH BHEÓ AGUS MHARBH, ETC.
Foillsighthear annso an t-airteagal déigheanach, .i. go
ttiocfa Críosd ar ccríochnoghadh an domhain si do bhreith
bhreithe ar bheóaibh agus ar mharbhaibh, ar dhaoinibh agus ar
ainglibh, 'na bhreitheamh chruadálach, gan fhoghar do neoch
achd do réir mar dho thuilleadar a ghníomhartha dhó. Ní
tháinig aimsear riamh agus ní thiocfa mar an lá sa agus mar an
aimsir a ttiocfa Críosd dochum an bhreitheamhnais a leith
ré huathbhás, do réir fhiaghnaisi an tSlánaighthéora féin, Luc.
8; ór sgarfaidh a solas ris an ngréin, biaidh an ghealach mar
fhuil, tuitfid na rélltanna, beid na cineadhaigh dá ccomhthuar-
gain lé cogthaibh, lé conghalaibh, lé gorta agus lé plághaibh, beid
na dúile agus na hairdreandaigh ar coimhchriothnoghadh, biaidh
iomad do chomharthaibh uathbhásacha oile ann na cúig lá
dhég résan mbráth, do réir fhiaghnaisi an naoimh Hiearonimus.
Lá doilghis agus bochdaine dáríribh an lá sa an bhreitheamhnais
mhóir, ór ní tháinig briathar dá loighead tar ar mbél amach
riamh agus ní dhearnamar smuaineadh dá édtruime inar n-inntinn,
nách bá héigean dúinn cunntas do thabhairt andso ionnta, do
réir fhiaghnaisi Críosd, Matth. 12, agus an té bhias dár n-agra,
as é féin bhús breitheamh agus bhús fear fiaghnaisi orainn, .i. fear


L. 29


sgrúdaidh na ccroidheadh, Íosa Críosd. Budh tormánach an
tuireann do-bhéra an breitheamh sa go ttóicheasdal naomh
agus aingel nimhe maraon ris ag teachd dochum an bhreithe-
amhnais si: carbad teinntidhe bhias faoi, rothadha teinntidhe
fán charbad; biaidh sruth tairptheach teinntidhe ag sileadh
óna ghnúis; biaidh an teine si 'na purghadóir ag an droing nár
dhíol a bhfiacha go hiomlán a bpurghadóir, 'na péin ifrionnda
ag an droing dhamanta; ní bhia croidhe gan chriothnoghadh
ag faicsin ruithnidh na feirge bhias a ngnúis an airdRíogh an
lá sa; ní bhía pian bhús mó leis na peacthachaibh iná féchain
air, ór sgríobhthar ortha go mbeid ag iarraidh ar na bean-
daibh agus ar na sléibhtibh tuitim ar a muin dá bhfolach, d'eagla
an radhairc si d'fhaicsin. As í eagla an radhairc si dobhí ar
Iob, gion go raibhe 'na pheacthach, an tan adobhairt gurbh
fhearr leis go bhfoghadh a fholach a n-ifriond go ndeachadh
fearg an Tighearna thairis. Ní gébhthar aithreachas ná leith-
sgél ó dhuine annso; ní bá héidir inntinn an bhreithimh do
chlaonadh lé ceandach ná lé guidhe; ní bá héidir gairm óna
bhreith d'ionnsoighidh bhreithimh oile; ní bhia slighe theith-
mhe ag aoinneach uaidh, ór caithfid na huile ar ccluinsin an
chaismearta anbhuainigh úd sinnfidhear ar sdoc Míchíl teachd
isna corpaibh cédna ina rabhadar ar an tshaoghal sa gan
mhoille dochum an bhreitheamhnais. Adhbhar criothnaighthe
croidhe guth an sduic si amháin do chluinsin. As leis so
adeireadh Híearonimus dámadh ag ól nó ag ithe dhó, dámadh
'na chodladh nó 'na dhúsgadh dhó, go mbíodh sdoc Míchíl
dá sheinm do ghnáth 'na chlúasaibh; nír sgar thrá eagla an
sduic si ar feadh a bheathadh ris.



Bíoth a fhios agat gurab do réir a dhaondachda bhías Críosd
'na bhreitheamh annso, ór as iomchubhaidh cách uile
d'fhaicsin an bhreithimh, agus ní héidir léo uile an diadhachd
d'fhaicsin, ór dá bfhaicdís uile í ní daiméontaoi énduine dhíobh.


L. 30


Bíoth a fhios agat fós go mbeirthear breath dhamanta nó
shlánaighthe ar an n-uile dhuine a bpungc a bháis: ór dá
bhfagha bás gan smál bpeacaidh ar bioth agus gan fhiacha péine
ar son a pheacaidh, rachaidh gan fhuireach go flaitheamhnas.
Dá bhfagha bás don taoibh amuigh don Eaglais 'na eiricidh nó
'na ainchríosdaidhe nó a bpeacadh mharbhtha, rachaidh gan
mhoille go hifreand n-íochdarach a tteinidh shíordhaidhe a
n-aontaidh na ndiabhal mar nách faicfe gnúis Dé tré bhiotha
síor. Más duine é dhár maitheadh a pheacaidh tréna aithre-
achas agus nách dearna lóirghníomh ionnta, rachaidh go
purghadóir go díol a fhiach; rachaidh 'na dhiaigh sin go
flaitheamhnas gan chunntabhairt. Más leanabh é do-ghébha
bás gan bhaisdeadh a n-aois neamhurchóidigh, rachaidh a
n-áit ar leith go hifreand mar nách faicfe radharc Dé do shíor
tré urchóid pheacaidh na sinsear; gidheadh, ní bhia do phéin
air san áit sin achd gan Dia d'fhaicsin. Gé bheirthear breath
ar gach aon mar so a n-aimsir a bháis, tar a cheann sin nír lór
le Dia sin gan bhreitheamhnas ccoitcheand do bhreith ar chách
uile an lá úd ar iomad d'adhbharaibh.



An cédadhbhar dhíobh: d'fhoillsioghadh ghlóire, chumh-
achd agus cheirt Dé; ór measaid iomad daoine gan chéill nách
déanand Dia ríaghladh ceart ar an saoghal sa agus gurab cuma leis
créd do-níthear ann, ar an n-adhbhar go bfhaicid peacthaigh
agus drochdhaoine go conáich saidhbhir gan bhuaidhreadh ar
bioth, agus deaghdhaoine cráibhtheacha fírénta go bochd, lán do
dhoilgheas agus do thrioblóid. Ar an n-adhbhar sin - ionnas
gomadh follas d'fhearaibh an bheatha go sdíurann Dia go
ceart an n-uile ní agus nách dénann égcóir nó fairbríogh ar
énduine - na peacaidh si dá ttug sé rath beag saoghalta ar
feadh ttamaill a ndíol na maitheasa bige do-rinneadar nárbh
áil leis do léigean a n-aisgidh, do-bheir piana síordhaidhe
annso a bfhiaghnaisi fhear ndomhain a ndíoghail a bpeacadh
ttrom dóibh. Na fírénaigh thrá dá ttug bochdaine agus peandaid
bheag aithghearr san thshaoghal sa a ndíoghail na bpeacadh
n-édtrom do-rinneadar, do-bheir glóir shuthain ina ndeagh-
oibrighthibh dhóibh. As tuigthe as so gurab adhbhar eagla an
saoghal d'fhagháil go soirbh.


L. 31


An dara hadhbhar: dochum glóire Críosd, ór do damnaigh-
eadh dochum báis ar an tshaoghal sa mar dhrochdhuine é; do
bhí iomad nár aithin é; dobhí iliomad nach tug onóir dhó. Ar
an n-adhbhar sin, nírbh fholáir lá éigin do theachd ina
n-aitheóndaois luchd an bheatha uile é, ina ttiobhradaois uile
onóir dhó, dá ndéoin tré ghrádh nó dá n-aindeóin tré eagla,
mar Rígh bhfíreannach agus mar Thighearna ccoitcheand na
n-uile.



An treas adhbhar: ar son na naomh agus na mairtíreadh fuair
iomad pian agus tarcaisne ar an tshaoghal sa, ionnas go bhfaice-
adh an uile dhuine ag fagháil ghlóire agus onóra iad.



An ceathromhadh hadhbhar: dochum a leimhe do chor a
ccéill go hiomlán do luchd an díomais ísleóchthar go mór
isan ló sa, agus fós dochum péine na bpeacadh do mhédoghadh
ag faicsin na bhfírén ag fagháil ghlóire, ag faicsin na n-olc
do-rinneadar go folaightheach dá bhfoillsioghadh a bhfiagh-
naise fhear ndomhain.



An cúigeadh hadhbhar: ionnas go mbiadh an corp, arna
cheangal don anam, d'fhiaghnaisi ar an mbreith ndamanta
nó slánaighthe dobérthaoi air féin.



Ní bhia purghadóir tar éis an bhreitheamhnais chiorghalaigh
úd ann, achd biaidh gach neach a nglóir nó a bpéin shíordh-
aidhe gan chrích gan fhoirceand.



Fiafraighthear annso créd fá n-abairthear go ttiocfa Críosd
do bhreith bhreithe ar bheóaibh agus ar mharbhaibh, ór adeir-
thear go coitcheann go bhfuighe an uile dhuine bás suil tí sé
d'ionnsoighidh an bhreitheamhnais déigheanaigh. As éidir a
rádh ris so gurab ar an ndroing shláineóchthar do-beirthear
daoine beóa, ór gé fuaradar bás corpardha, mairid go síordh-
aidhe san bheathaidh sbioradáltha, agus gurab ar an ndroing
ndamanta do-beirthear mairbh ar an n-adhbhar go sgarthar
go síordhaidhe ris an mbeathaidh suthain, ré Dia, iad.



21 ÓS CIOND A N-ABRAM ANOS, ETC.
Ní hé amháin atá d'fhiachaibh orainn na hairteagail si atá
go follas againn a cCré na nEasbal do chreideamh, achd ós a
ccionn sin atá d'fhiachaibh orainn gach aoinní oile do chreide-
amh fhoillseóchas an Eaglas do bheith dár ccreideamh, dá


L. 32


rabhad sgríobhtha gion go rabhad. Tuig as so gurab mór an
seachrán do-bheir ar na heiricidhibh nách creidid na neithe
atá againn ó ghnáthchuimhne na hEaglaisi, quae vocantur
traditiones muna fhaice siad sgríobhtha san sgrioptúir iad, ór
as follas as an sgrioptúir féin a n-iomad do bhallaibh gurab
cóir iad sin do chreideamh gion go mbeidís sgríobhtha.



22 A NDOBHRAMAR SUNN, ETC.
Foillsighthear annso an tarbha atá ina ndobhramar go
nuige so do chreideamh; gibé thrá chreidfeas iad, biaidh an
céddoras atá ar fhlaitheamhnas nimhe osgailte roimhe, .i. doras
an chreidimh.



Fiafraighthear annso an bhfoil d'fhiachaibh ar an n-uile
Chríosdaidhe fá phéin a slánaighthe iad so uile do chreide-
amh. As í ar bhfreagra go bhfoil d'fhiachaibh ar an n-uile
dhuine foghlamtha agus ar an n-uile dhuine ar a bhfoil cúram
teagaisg an phobail, airteagail na Créidhe go hiomlán do
chreideamh go follas, agus a bhfios do bheith aige. Na daoine
ainbhfeasacha thrá, dho-gheibh tógbháil suas bharbardha agus
nach cualaidh iomrádh go meinic ar airteagalaibh an chreidimh,
ní fhoil d'fhiachaibh ortha fá phéin a slánaighthe a bhfios uile
do bheith aca, achd atá d'fhiachaibh ortha na hairteagail as
prinsipálta agus as mionca ar a ccluinid iomrádh do chreideamh go
follas, .i. a chreideamh go bhfoil aoinDia amháin ann, go
bhfoilid trí pearsanna san Tríonnóid, go ttáinig Críosd a
ccolaind daonda, gur fhulaing páis, etc. Atá dh'fhiachaibh
ortha fós bheith ullamh dochum an uile neitheadh do chreide-
amh agá bhfoillséocha an Eaglas gurab cóir a chreideamh.
Maille ris so, as cóir don uile dhuine a dhíthcheall do dhénamh
ar fhios airteagal an chreidimh do bheith aige go hiomlán, agus ar
an cCré do bheith do mheabhair aige, agus dá rabh aige san teang-
aidh ina tuigfe í, as amhlaidh as fearr é. Gibé do fhédfadh a
bhfios so uile do bheith aige agus léigeas sin de tré mhainneach-
tnaighe, ní gabhthar a leithsgél ar énchor.


L. 33


AN 7 CAIBIDIL.



Don Choisregadh.



Ní hé amháin gurab cóir don Chríosdaidhe airteagail an
chreidimh do chredeamh 'na inntinn, achd as cóir dhó a
chor a ccéill lé comharthaibh foirimelacha go ccreideann iad.
As do na comharthaibh as fearr chuireas sin a ccéill ar bioth,
comhartha na croiche lé ndénmaoid ar ccoisreagadh, ór as é
sin armas an Chríosdaidhe lé n-aitheantar ridireadha Críosd tar
easccairdibh na hEaglaisi naomhtha, mar atáid na geintlidhe,
na Turcaigh, an cineadh Iúdaidhe, na heiricidhe agá mbí gráin
ar comhartha na croiche.



As amhlaidh as cóir dho dhuine a choisreagadh: barr a
bhaisi do chor ar uachdar a édain ar tús, ag tabhairt aighthe a
bhaisi air féin, agus ag rádh In nomine Patris; 'na dhiaigh sin ar
íochdar a ochda, ag rádh et Filii; dá éis sin ar a ghualainn chlí,
ag rádh et Spiritus; 'na dhiaigh sin ar a ghualainn deis, ag rádh
Sancti; fá dheóigh ar lár a ochda, ag rádh Amen. As é ciall na
mbriathar sin: 'A n-ainm an Athar agus an Mheic agus an Sbioraid
Naoimh; bíoth mar sin.'



As mór an bhrígh atá ag an bheagán bhriathar sa maille ris
an ccomhartha sa do-níthear agá rádh, ór as beag nách
foillsighthear suim an chreidimh uile ionnta. Ag rádh iomorro
In nomine, .i. 'A n-ainm', ciallaighthear nach foil ann achd
aoinDia amháin, ór as 'A n-anmannaibh' adérthaoi dá mbeath
iomad Dia ann. An tan adeirthear 'an Athar agus an Mheic agus
an Sbiorad Naoimh', foillsighthear trí pearsana na Tríonnóide
atá 'na n-aoinDia amháin, a n-énnádúir agus a n-énchumhachd.
Ag breith na láimhe ón édan go híochdar an ochda, foill-
sighthear an Mac síordhaidhe do thurnamh a mbroinn na
hÓighe, gur ghabh colann daonda uime dár slánoghadh.
Foillsighthear lé fioghair na croisi do-níthear ag breith na
láimhe ón édan go híochdar an ochda agus ón ghualainn chlí
gusan ngualainn ndeis, an bás croiche do fhulaing Críosd


L. 34


ar ar son. Foillsighthear fós, ag breith na láimhe ón ghualainn
chlí gusan ngualainn ndeis, go rug sé ó laige go neart, ó bhás
go beathaidh, ó pheacadh go grásaibh inn.



As tuigthe as so an tarbha atá san choisreagadh. Do chéid
neithibh as tarbhach dhúinn a dhénamh ionnas go n-admham
ar ccreideamh leis agus go bhfoillsigheam gurab Críosdaidhe sinn.
Maille ris sin, atá tarbhach dhúinn ionnas go ngoirmís ar
chongnamh Dé san uile ní do chuirfeamaois romhainn do
dhénamh, ór goirmíd go follas ar an tTríonnóid a n-onóir
pháisi ar tTighearna an tan do-nímíd ar ccoisreagadh. An
treas tarbha: ionnas go mbiadh 'na arm agus 'na éideadh orainn
a n-aghaidh chathaightheadh agus aimsightheadh an diabhail,
ór claoitear an diabhal go hurasa ag faicsin an armais sin lé
rugadh buaidh roimhe air.



Ar na hadhbharaibh si as cóir dhúinn ar ccoisreagadh go
meinic, go háiridhe ag luighe agus ag éirghe, ag dol amach agus ar
bfhilleadh tar ais, ar tteachd don Eaglais, ag tionnsgnamh an
uile neitheadh dobeithí do dhénamh, agus gach uair mhothócham
guasachd nó cathoghadh an diabhail nó na colna. Gibé lérab
maith tarbha an choisreagtha d'fhagháil, smuaineadh go
díthcheallach ar a chéill an tan bhias dá choisreagadh, agus
bíodh dóthchas aige go bhfuighe toradh air.



AN DARA CUID
DON TEAGASG CRÍOSDAIDHE.



Don Phaidir agus do na neithibh bheanas ris an ndóthchas.


L. 35


Ortha an Tighearna dá ngoirthear an Phaidear
A ar nAthair atá ar neamh, naomhthar th'ainm;
tigeadh do ríoghdhachd;
déntar do thoil ar an talamh mar dho-níthear ar neamh;
ar n-arán laitheamhail tabhair dhúinn aniogh,
agas maith dhúinn ar bhfiacha mar mhaithmídne dár
bhféicheamhnaibh féin,
agas ná léig ind a ccathaghadh,
achd saor inn ó ulc.
Amen, .i. Bíoth mar sin nó Déntar sin.



Fáilte an aingil do Mhuire dhá ngoirthear Ave Maria
Dia do bheatha, a Mhuire, atá lán do na grásaibh; atá an
Tighearna maille riot; as beannaighthe thú tar na mnáibh, 's
as beandaighthe toradh do bhronn, Íosa. A naomMuire, a
Mháthair Dhé, guidh orainne na peacaigh anois agus a n-aimsir
ar mbáis. Amen: Déntar sin.



AN PHAIDEAR A NDÁN.





Dóthchas an dara doras;
gibé thogras triall chuige
gach aisgidh ar Dhia as iarrtha
iarradh 's measadh go bfhuighe.



Gach itghe as oircheas d'iarraidh
atá a hiarraidh san Phaidir;
abradh í so go minic
gibé lé sirthir aisgidh.


L. 36


Bíoth, a Dhé, a Athair neamhdha
a meanma, a mbél gach duine
th'ainm ré saoghal na saoghal
dá naomhadh feadh na cruinne.



Tigeadh chugainn do ríoghdhachd;
go rabham síodhach sádhal
gan ghuais ndeamhan ná dhomhain
gan omhan bhreithe an bhrátha.



Do thoil, mar aingle nimhe,
déntar linne ar an thalmhain;
beatha dár ccurp, a Athair
tabhair aniogh 's dár n-anmain.



Maith na coirthe do-níamaid
gé táid 'na bfhiachaibh troma,
mar mhaithmíd féin a ccoirthe
do chách oile ar dho shon-sa.



Ná léig cathaighthe an dhiabhail
do dhol a bhfhiachaibh oirne,
achd saor inn ó gach énulc.
Déntar a n-iarmaid oirbhsi.





FÁILTE AN AINGIL.





Dia do bheatha sa, a Mhuire,
a thuile lán do ghrásaibh;
atá an Tighearna at fhochair
a ghein shochair chlann nÁdhaimh.



Beannaighthe thusa tharsa
deaghmhná na talmhan uile;
's as beandaighthi an ghein ríodha,
Íosa, toradh do bhruinne.



A naomáthair Dhé, a Mhuire,
a bhuime mar an ccédna,
guidh orainne na peacaidh
'nar mbeathaidh 's a n-am éga.


L. 37




GLUAIS MÍNIGHTHE
NA RANN SA AGUS NA PAIDRE
AN CHÉDCHAIBIDIL.
Don chédathchuinghidh don Phaidir.



1. DÓTHCHAS AN DARA DORAS, ETC.
Do fhoillsigheamar go nuige so an céddoras atá ar fhlaithe-
amhnas nimhe, .i. doras an chreidimh. Tiocfamaoid annso
go haithghearr ar an ndara doras, .i. an dóthchas, agus ar na
neithibh bheanas ris.



Do chéidneithibh, bíoth a fhios agat nach éidir aoinneach
do shlánoghadh gan dóthchas, mar sin nách foláir do neoch a
fhios do bheith aige cia na neithe as iomchubhaidh d'iarraidh
ar Dhia maille ré dóthchas do bheith aige 'na bhfhagháil.



An uile athchuinghidh iomorro as maith dhúinn d'fhagháil
do thaoibh anma agus chuirp, agus inar cóir dhúinn dóthchas do
bheith againn go bfhoigheam í, atá againn san Phaidir dá
ngoirthear Urnaighthe an Tighearna; ór gion go bhfoil achd
seacht n-athchuinghidhe go follas innte, tar a cheand sin atá
iarraidh na n-uile neitheadh as cóir d'iarraidh ionnta sin.
Goirthear Urnaighthe an Tighearna don Phaidir do bhríogh
gurab é an Tighearna féin do-rinne í, agus do ordaigh dhúinne a
rádh an tan dobheamaois ag guidhe Dé.



Ní fhoil don uile urnaighthe urnaighthe as fearr iná an
urnaighthi si, ar iomad d'adhbharaibh: ar tús tré uaisle an
ughdair atá aice, .i. Críosd; maille ris sin do bhríogh go bfhoil
ro-aithghearr, ionnas nách cás dá gach aon a cor do mheabhair,
agus go bhfoil iarraidh na n-uile neitheadh as maith dhúinn
d'fhagháil innte; agus fós gurab deimhin go bhfoigheam gach ní
iarrfam innte maille ré dóthchas agus ré creideamh dá rabham a
n-égmhais pheacaidh mharbhtha, más é ar leas a fhagháil, agus
go maiththear ar bpeacaidh shologhtha dúinn an tan
adeirmíd maille ré dúthrachd í; agus ós a chionn sin, do bhríogh
nách é amháin go n-iarrann ar n-athchuinghidhe dhúinn ar
Dhia, ach go múineand dúinn na neithe as cóir d'iarraidh, agus an


L. 38


modh ar ar cóir a n-iarraidh. Ar na hadhbharaibh sin, as
cóir dá gach Críosdaidhe a beith do mheabhair aige, a tuigsin,
agus a rádh gach laoi - gonadh aire sin ghoirthear an Ortha
Laitheamhail dí.



2. BÍOTH, A DHÉ, A ATHAIR NEAMHDHA, ETC.
Foillsighthear san cheathromhain si na briathra do ordaigh
ar Slánaightheóir dhúinn do rádh ar tús, do thairreang thoile
an Athar neamhdha orainn suil do iarmaois athchuinghidh
air.



As iad na briathra sin: 'A ar nAthair atá ar neamh'. As
leis na briathraibh si do mhúin ar maighsdir neamhdhaidhe
Críosd dúinn créd an modh ar ar cóir dhúinn teacht d'ionn-
soighidh na hurnaighthe do ghuidhe Dé, .i. maille ré grádh,
ré humhlachd agus maille ré dóthchas; ór ní fhoilid briathra ar
bioth as mó mhosglas chuige sin inn ináid na briathra úd:
'A ar nAthair atá ar neamh'. An tan iomorro ghoirmíd 'ar
nAthair' dhe, as deacair dhúinn gan ghrádh d'fhoillsioghadh
mar chloinn dó. As deacair dhúinn fós gan dóthchas do bheith
againn go bhfoigheam ar n-athchuinghidh uaidh, agus nách bia
míghean aige ar inn dá hiarraidh air. Ag rádh 'atá ar
neamh', as tuigthe dúinn gurab é prionnsa agus airdrí nimhe agus
talmhan é, go bhfhoilid na huile ar a chumhachdaibh, gurab
éidir leis a n-iarrmaoid do thabhairt dúinn, agus fós gurab oircheas
dúinn teachd dá ionnsoighidh maille ré heagla agus ré humhlachd.
Ag rádh go bhfoil ar nAthair ar neamh, as tuigthe dhúinn nách
foil achd oilithrigh nách fuair seilbh a n-oighreachta go fóill
ionnainn féin ar an talmhain si, ag siobhal idir ar n-easccai-
rdibh, ionnas go bhfoil feidhm romhór ar chuidioghadh ar
nAthar againn.



Bíoth a fhios agat nách athair nádúrtha dhúinn Dia, mar as
athair nádúrtha do Chríosd é, achd athair toghaidhe dho
thogh mar oighreadha ar a oighreachd a bhflaitheamhnas


L. 39


inn. As tuigthe as so nách éidir leis an bpeacthach, nách foil
ag triall dochum na hoighreachda sa achd atá ag daingnioghadh
'na pheacadhaibh gach laoi, a ghairm mar athair; ná lé duine
ar bioth dá bfhoil don taoibh amoigh don Eaglais, ór gibé ag
nách bia an Eaglas 'na máthair ní bhia Dia 'na athair aige -
mar sin gurab díomhaoin bhíd so ag gairm a n-athar 'na
bPaidir, agus gan a fhios aca cia as athair dhóibh.



Tabhair dot aire mar dho ordaigh ar Slánaightheóir dhúinn
'A ar nAthair' do rádh tar a rádh 'A Athair', ionnas go
ttuigmís gurab bráithre dá chéile sinn uile, go bhfoil d'fhiach-
aibh orainn grádh bráthardha do bheith againn féin ar a
chéile mar atá grádh athardha ag Dia orainn, agus nách cóir
d'énchuid againn tarcaisne do dhénamh ar an ccuid oile ar an
n-adhbhar gurab ionann uaisle dhúinn a bhfiaghnaisi Dé, ór
as clann énathar inn; agus fós ionnas go ttuigeadh gach neach nach
air féin amháin as cóir dhó guidhe, achd ar chách oile go
coitcheann, an mhéid díobh bhias 'na mballaibh fírinneacha
ag an Eaglais.



3. A MEANMA, A MBÉL, ETC.
Foillsighthear annso an chédathchuinghidh iarrmaoid san
Phaidir, .i. 'naomhthar th'ainm'.



Bíoth a fhios agat nách iarrmaoid naomhthachd nuaidhe
nach foil aige féin cheana don Athair neamhdha annso,
ór atá naomhthachd éigcinnte nách éidir do mhédoghadh ann
féin riamh, achd as é ní iarrmaoid, an naomhthachd atá ann
féin do bheith follas ag cách uile. Ar an n-adhbhar thrá go
bfhoil iomad ainchríosdaidheadh, eiriceadh agus peacthach ar
feadh an domhain ag tabhairt imdheargtha agus aithisi do Dhia,
agus ag nach bí iomrádh naomhtha ar bioth air, do ordaigh ar
Slánaighthéoir do na Críosdaidhibh atá 'na ccloinn toghtha
ag Dia agus lérab mian onóir do thabhairt dá nAthair, a ghuidhe
go dúthrachdach d'iarraidh a anma do naomhadh, .i. a chlú,
a éolas agus a iomrádh naomhtha do bheith a ccroidhe agus a
mbél gach duine ar feadh an bheatha go coitcheand, ar sgrios
a seachráin agus a bpeacadh uatha, ionnas go moladh agus go
n-adhradh gach aon é mar as cubhaidh.


L. 40


As uime do ordaigh dhúinn an athchuinghidh si d'iarraidh do
chéidneithibh, suil do iarrmaois énathchuinghidh eile, do
bhríogh gurab córa don chloinn dílis onóir a n-athar d'iarraidh
ar tús, iná an ní théid a sochar dóibh féin; maille ris sin go
bhfoil d'fhiachaibh orainn Dia do ghrádhoghadh ós cionn na
n-uile neitheadh, agus grádh do bheith againn dó nách bia againn
dúinn féin, ar an n-adhbhar gurab uaidhsean do-gheibhmid
gach maith agus uainn féin gach olc.



AN DARA CAIBIDIL.
Don dara hathchuinghidh don Phaidir.



4. TIGEADH CHUGAIND DO RÍOGHDHACHD, ETC.
Mínighthear annso an dara hathchuinghidh don Phaidir, .i.
'tigeadh do ríoghdhachd'.



Ionnas go ttuigthéa cia an ríoghdhachd sa iarrmaoid ar Dhia
do chor chugainn, bíoth a fhios agat go ttuigthear “ríoghdh-
achd Dé” ar thrí modhaibh san sgrioptúir dhiadha. Do chéid
neithibh, do-bheirthear “ríoghdhachd Dé” ar an ttighearntas
nádúrtha atá aige ar an uile chrétúir a nimh, a ttalamh agus a
n-ifrionn, ar an n-adhbhar gurab é féin a tTighearna nádúrtha,
a nDia agus a ccruthaighthéoir, agus as dá réir sin sdíuras agus riaghlas
iad do réir a thoile féin. Do-beirthear fós “ríoghdhachd Dé” ar
na grásaibh lé sdíurann Dia anmanda agus croidhe na ndaoine;
as leis an ríoghdhachd sa dh'fhagháil dúinn fhuasgailtear ó
thighearntas an diabhail agus ó phríosún na bpeacadh sinn.
Do-beirthear leis “ríoghdhachd Dé” ar ríoghdhachd na glóire
do-ghébham san bheathaidh shuthain tar éis imtheachda as
an ghleann sa na ndéor, agus as ar an modh ndéigheanach sa
tuigthear an ríoghdhachd ar a luaigheam annso, ór an
ríoghdhachd iarrmaoid annso atá ag triall chugainn. Mar sin
nach labhramaoid ar an ccéidríoghdhachd ar an n-adhbhar
go ttáinig sí cheana; ní labhramaoid fós ar an dara ríoghdhachd
do bhrígh go ttáinig cuid mhór dhi, agus maille ris sin gurab


L. 41


ionann í agus an ní iarrthar san chédathchuinghidh. Ar an
n-adhbhar sin, as í an treas ríoghdhachd sa amháin atá go
hiomlán gan teachd iarrmaoid annso. Ar n-íarraidh thrá ghlóire
Dé ar nAthar dhúinn san chédathchuinghidh, iarmaoid annso
san dara hathchuinghidh ar nglóir féin, .i. ríoghdhachd Dé,
mar as cosmhail do chloinn oighreachd a n-athar d'iarraidh.
Mar sin gurab é suim a n-iarrmaoid andso, glóir shíordhaidhe
anma agus chuirp dho-bérthar dhúinn go hiomlán tar éis lae an
bhreitheamhnais. Ar tteachd iomorro na ríoghdhachda sa,
biaidh tighearntas, ní hé amháin ag Dia, achd ag an uile
naomh, go háiridhe tar éis laoi an bhreitheamhnais, ar an uile
chrétúir, ionnas nach bá héidir le haoinní urchóid do dhénamh
dhóibh; ór rachaidh cumhachda an diabhail agus na bpeacthach
ar neimhthní and sin ar an n-adhbhar go mbeid ceangailte a
bpríosún shíordhaidhe a n-ifreann. Biaidh síoth idir an n-anam
an corp, iondas nách bia gúasachd ó chathaighthibh na colla
ortha. Ní bhia eagla an bháis ná an bhreitheamhnais déighean-
aigh ortha, achd bíaidh éinríoghdhachd chiúin shocair aca
a n-aontaidh na n-aingeal ar aghaidh na Tríondóide, ar a mbia
sealbh shíordhaidhe gan eagla a cailleamhna ag an uile
fhírén.



AN 3 CAIBIDIL.



Don treas athchuinghidh.



5. DO THOIL MAR AINGLE NIMHE, ETC.
Ar an ttreas n-athchuinghidh tigthear annso, .i. “déntar do
thoil ar talamh mar dho-níthear ar neamh”. Ar an n-adhbhar
go n-abair ar Slánaightheóir: “Ní hé gach énduine adeir
riomsa: A Thighearna, A Thighearna, achd as é an té do-ní
toil mh'Athar atá ar neamh rachas go ríoghdhachd nimhe”,
as cosmhail dá gach aon lérab mian triall don ríoghdhachd sin,
grása agus cuidioghadh d'iarraidh ar Dhia lé ndiongna a thoil.


L. 42


As uime sin, ar n-iarraidh ar n-oighreachta, .i. ríoghdh-
achd nimhe, ar ar nAthair san dara hathchuinghidh, iarrmaoid
andso an modh ar a ttiocfam dochum na hoighreachta sa, .i.
grása lé ndiongnam toil ar nAthar agus lé ccoimheólam a
aitheanta.



As annso mhúineas ar Slánaightheóir dhúinn an riaghail lé
ndlighmíd ar mbeatha do riaghladh, .i. toil Dé. As iomdha
olc éirgheas dúinn do bhríogh nách leanmaoid an riaghail si;
ór gach imreasain agus gach ní oile dá n-éirgheann eadrainn san
tshaoghal sa, as é ní as ciontach ris go mbí gach aon gan
fhéchain ar thoil nDé, ag leanmhain a thoile féin agus ag dréim ré
mian a antoile do choimlíonadh. Dá ccuirmís thrá ar ttoil féin
ré toil nDé, do réir mar as éntoil amháin nách claochlaoithear
atá aigisean, as mar sin dobheamaoisne uile ar éntoil, agus ní
bhiadh trioblóid ar bioth eadroinn. As tuigthe as so go
bhfoil d'fhiachaibh oruinn, ionnas go ccuirmís ar ttoil do réir
thoile Dé, foighide do bheith againn san uile ní dá dhoilgheas-
aighe dhúinn, ór as follas dá gach aon nách éidir ní ar bioth
do dhénamh gan Dia dhá dhéonoghadh nó dhá fhulang go
háiridhe.



Tabhair dot aire mar adeirthear annso: “mar dho-níthear
ar neamh”, ionnas go ttuigmís gurab cóir dhúinn a mhian do
bheith orainn bheith umhal do Dhia, agus ullamh dochum a
thoile do dhénamh coimhésgaidh ré hainglibh nimhe nách
dearna claonadh beag dá loighead óna thoil riamh, agus grása agus
cuidioghadh dh'iarraidh air féin chuige sin, ór as deacair
prémha na heasumhlachda do planntoigheadh lé peacadh na
sinsear ionainn do sgrios uainn, muna sgriosa Dia féin lé
grásaibh sbeisialta iad. Go deimhin, dá measmaois féin méd
an uilc táing tré easumhlachd ar sinsear, méd na maitheasa
táing tré umhlachd ar Slánaightheóra Críosd, do ba cóir
dhúinn an athchuinghidh si iarrthar andso, .i. grása lé
mbeamaois umhal do Dhia iondas go ttigeadh lind a thoil dho


L. 43


dhénamh, d'iarraidh go dúthrachdach meinic. Gidheadh, as
díomhaoin dúinn so d'iarraidh air, muna thairgeam féin a
chuidioghadh leis a thabhairt orainn a thoil do dhénamh. As
amhlaidh do-níthear a thoil: a aitheanta do choimhéd.



AN 4 CAIBIDIL.



Don cheathromhadh hathchuinghidh.



6. BEATHA DAR CCURP, ETC.
Foillsighthear andso an ceathromhadh hathchuinghidh, .i.
“ar n-arán laitheamhail tabhair dhúinn aniogh”. Iar n-iarraidh
iomorro na neitheadh bheanas ré glóir ar nAthar agus ris an
nglóir síordhaidhe atá fár ccomhair féin go nuige so, iarr-
maoid andso mar chloind ar ar nAthair, mar bhochda
daidhbhre ar Thighearna na n-uile shaidhbhreas, gach ní atá
'na riachdanas ar ar mbeathaidh ccorpardha, mar atá biadh
agus édach, agus ar ar mbeathaidh sbioradálta, mar atá sacramainnt
Chuirp ar tTighearna agus na sacramainnte oile archeana. Ar an
n-adhbhar thrá nách éidir leis an n-anam, gan chongnamh an
chuirp, deaghoibrighthe do dhénamh lé ttiocfadh sé d'ionn-
soighidh na beathadh síordhaidhe, as iomchubhaidh dhúinn
riachdanas an chuirp d'iarraidh maille ré riachdanas an anma,
ionnas nach cuireadh an easbhaidh do bhiadh ar an ccorp
toirmeasg ar dheaghoibrighthibh na hanma; gonadh aire sin
iarrmaoid arán, ór ciallaighidh arán an uile bhiadh. Atáid
thrá dá ghné bhídh and, .i. biadh sbioradálta agus biadh corp-
ardha, agus iarrthar gach biadh dhíobh andso, go háiridhe Corp
Críosd, ar a ttugthar arán go meinic san sgrioptúir.



Adeirmíd “ar n-arán féin” ris an arán iarrmaoid andso, ar
an n-adhbhar - más ar Chríosd labhramaoid - gurab é ar
n-arán féin go fírindeach é, ór as dúinn féin dochum ar
slánaighthe do fuineadh leis an Sbiorad Naomh a mbroind na
hÓighe é. As dúinn fós do bruitheadh ar greidil na croiche é,


L. 44


agus as chugaind leis chuirthear ar bord na haltóra go laithe-
amhail é dá chaitheamh. Más ar an n-arán ccorpardha fós
laibheóram, iarrmaoid ar Dhia ar n-arán díleas féin, .i. ní agá
mbia ceart againn chuige, gan chuid duine oile do leigean
go hégcórach chugaind.



Tabhair dot aire nách é ní adeirmíd “mh'arán”, achd “ar
n-arán”, ar an n-adhbhar gurab riachdanas coitcheand atá
oraind uile, agus gurab Athair coitcheand atá againn ar a
n-iarrmaoid furtachd, agus gurab cóir dhúind féin guidhe ar a
chéile mar adobhramar thuas.



Adeirmíd “ar n-arán laitheamhail”, ar an n-adhbhar go mbí
riachdanas gach lae ris, agus fós do bhríogh nach cóir dhúinn
beatha dhénmhasach chosdasach d'iarraidh, achd beatha
shimplidhe mar bhíos go laitheamhail ag cách oile go coitch-
eand, do chosg ar ríachdanais amháin.



Adeirmíd “aniogh”, dá chor a ccéill nách cóir dhúind cuid
an lae amáraigh do bheith 'na bhuaidhreadh orainn aniogh,
ag teachd eadraind agus seirbhís Dé, agus gan a fhios againd an
mairfeam amárach, ór as lór don ló aniogh a thrioblóid féin
'na dhiaigh; achd as é ní as cóir dhúinn cuid an lae aniogh
d'iarraidh aniogh agus an phaidear chédna do rádh amárach
d'iarraidh choda an lae amáraigh.



Gidheadh, ná meas as so go ccuirfeadh Dia toirmeasg orainn
fá chúram résúnta, nách cuirfeadh buaidhreadh ar ar ccrábh-
adh ná ar ar ndeaghoibrithibh, do dhénamh fán ní dobhiadh
'na riachdanas orainn san aimsir atá chugainn, go háiridhe
más ní é ar nách biadh breith uair oile; ór as ionann dúinn
cúram do bheith againn fá fhíon nó fá arbhar do chruinn-
ioghadh san fhoghmhar fá chomhair na bliadhna uile, agus
cúram do dhénamh fá chuid an lae aniogh amháin, ar an
n-adhbhar nách foil lá oile againd dochum an arbha ná na
fíneamhna do bhuain achd aniogh; ór dá léigmís cuid an
earraigh don ghort gan bhuain go hearrach agus cuid an tshamh-
raidh go samhradh, ní bhudh éidir a bhuain an uair sin ar an
n-adhbhar nach mairfeadh aoinní dhe; mar sin nách foil


L. 45


peacadh do dhuine a leithéid sin do chúram résúnta do
dhénamh fá riachdanas na haimsire bhias chuige. Ni hé
amháin: as mó an peacadh dhó sin do léigean tairis gan
dénamh 'na thráth féin, go háiridhe más duine é ar a bfhoil
sin d'fhiachaibh as a oific.



AN 5 CAIB.



Don chúigeadh hathchuinghidh.



7 MAITH NA COIRTHE, ETC.
Tráchdtar andso ar an ccúigeadh hathchuinghidh don
Phaidir, .i. “maith dhúinn ar bhfiacha mar mhaithmíd féin
dár bhféicheamhnaibh”. Ar n-iarraidh thrá an uile mhaitheasa
síordhaidhe agus iasachda dhúinn go nuige so, iarrmaoid isna trí
hathchuinghibh si inar ndiaigh ar saoradh ar an n-uile olc
dá ttáinig, dá bfhoil do láthair, nó dá ttiocfa. As é iarmaoid
san athchuinghidh si, ar saoradh ar an n-olc do-chuaidh thort,
.i. an peacadh do-rinneamar; ór mar fhoillsigheas an Tighearna
ag Matha san tsheiseadh caibidil, as ar an bpeacadh
do-beirthear fiacha annso, do bhríogh gurab iomdha fiacha
luigheas oraind ag Dia ar son ar bpeacaidh, mar atá: díol an
aindlighidh do-bheirmíd dó ag dénamh peacaidh 'na aghaidh,
an cháin as cóir do bhuain dínn fá bhriseadh a aithne, agus díol
na ndeaghoibrightheadh léigmíd thorainn ag dénamh an
pheacaidh, agus bhíos d'fhiachaibh orainn do dhénamh, ór as lé
Dia sealbh dhíleas ar n-uile ghníomh - gonadh aire sin bhíos
fiacha aige oraind isna deaghoibrighthibh léigmíd thorainn
tré mhainneachdnaighe. Ar an n-adhbhar sin, ó luigheas na
fiacha sa go meinic orainn, ní foláir dhúinn ar bPaidear do
rádh go meinic ag iarraidh mhaithmheachais ar Dhia.



Tabhair dot aire andso, gé ghoirmíd ar n-arán féin don
arán iarrmaoid san cheathromhodh hathchuinghidh, agus ar


L. 46


bhfhiacha féin do na fiachaibh iarrmaoid do mhaitheamh
dhúinn annso, nách ionann modh ar a bhfaghmaoid gach
cuid díobh so; ór as ó thiodhlaigthibh Dé do-gheibhmíd an
t-arán, agus ór n-olc féin do-gheibhmid na fiacha sa do bheith
orainn.



8. MAR MHAITHMID FÉIN, ETC.
Foillsighthear san leathrann sa an coingheall ar a n-iarr-
maoid maitheamh ar bhfiach ar Dhia, .i. ar eachd sind féin
do bheith maithmheach dár ccomharsain mar tá isna briath-
raibh úd na Paidre: 'mar mhaithmidne dár bhféicheamhnaibh
féin'. As follas as so go bhfoil d'fhiachaibh orainn an
t-aindligheadh nó an tarcaisne do-bheir ar ccomharsa dúind
do mhaitheamh dhó, mar iarrmaoid féin maitheamh an ain-
dlighidh do-nímid ar Dhia air; ór ní bhí Dia trócaireach achd
ris an ttí bhíos féin trócaireach, agus ní mhaitheand a pheacaidh
achd don té bhíos maithmheach do chách oile, do réir fhiagh-
naisi Críosd san tshoisgél; mar sin gurab mó iarras an duine
neamhthrócaireach neamhthrócaire Dhé iná a thrócaire ag
rádh a Phaidre, ór ní iarann trócaire achd ar an modh ar a
ndénann féin trócaire.



Gidheadh, bíoth a fhios agat nach cóir dhoit a léigean díot
do Phaidear do rádh dá mbeithéa ar feadh tamaill nách
foighthéa uait féin urchóid t'inntinne dod chomharsain do
léigean díot, ór atá iarraidh na ngrás atá d'easbhaidh ort
dochum na hurchóidi si do léigean díot agat san Phaidir.



AN 6 CAIB.



Don tsheiseadh hathchuinghidh.



9. NÁ LÉIG CATHAIGHTHE, ETC.



Foillsighthear andso an seieadh hathchuinghidh, .i. 'ná
léig a ccathaighthibh inn'. Annso iarrmaoid congnamh a


L. 47


n-aghaidh an uilc atá inar ccionn, .i. cathaighthe an diabhail,
na colna, an tshaoghail, etc., ór as iad na cathaighthe as slighe
dochum an pheacaidh, agus do bhríogh go bhfoilid roghuasachd-
ach agus an bhuaidh rochunntabhartach, ní foláir dhúinn a
iarraidh ar Dhia gan cathaighthe lé cclaoifidhe sinn do
léigean orainn.



Tabhair dot aire annso, gidh é ciall choitcheann na mbria-
thar laidni si et ne nos inducas in tentationem, 'ná beir a
ccathaighthibh inn', tar a cheann sin nách é ní iarrmaoid ar
Dhia gan ar ttairreang dochum peacaidh - ór as í sin gnáth-
obair an diabhail ar an mbí gráin mhór ag Dia - achd as é ní
iarrmaoid, ar ccosnamh ar chathoighthibh dho chlaoifeadh
sinn, ór as gnáthach lind a rádh ris an tté dho-chí agus fhuilngeas
ní do dhénamh dho fhédfadh sé do thoirmeasg, gurab é féin
do-rinne an ní sin. Do-chí iomorro Dia gach buaidhreadh agus
gach cathaighthe dá ccuirionn an diabhal ar na daoinibh, agus
do fhédfadh a ttoirmeasg dá ttogradh féin. Gidheadh fuilngidh
sé ar uairibh buaidh do bhreith ar chuid díobh a ndíoghail na
bpeacadh do-rinneadar dá ndeóin féin, gan róchathaighthe
do chor ortha. Ar an n-adhbhar sin, iarrmaoidne annso air,
gan an díoghaltas cédna do dhénamh orainn féin inar bpea-
cadhaibh.



An 7 CAIB.



Don tsheachdmhadh hathchuinghidh .



10. ACHT SAOR IND, ETC.
San cheathromhain si fhoillsighthear an athchuinghidh
dhéigheanach don Phaidir, .i. “saor inn ó ulc”. As é ní iarrmaoid
annso, ar saoradh ar an n-uile olc dá bhfoil do láthair, dá
ndeachaidh thorainn, nó dá bhfoil inar ccionn. Gé iarrthar
thrá cuid díobh so isna hathchuinghidhibh si ar ar thráchda-
mar thuas, tar a cheann sin iarrmaoid annso leis iad, ór as
gnáthach le neach, an tan iarras iomad athchuingheadh fá
seach, iad sin uile do chur a n-énathchuinghidh amháin fá
dheireadh mar dhaingnioghadh ar na cédathchuinghidhibh -


L. 48


mar adeir duine: “Atám ag taobhadh Briain agus Taidhg agus
Domhnaill agus mo chloinne uile riot”.



Tabhair dot aire nách é ní dho theagaisg Críosd dúinn ann
so a iarraidh ar saoradh ar olc d'áiridhe, mar atá teinneas,
bochdaine, bás, do bhríogh gurab iomdha ní shaoilmídne do
bheith olc dhúinn, agus go bhfaiceann Dia gurab é ar leas tig asda,
agus gurab iomdha ní shaoilmíd do bheith maith dhúinn, agus go
bhfaiceann Dia gurab é ar n-aimhleas tig asda. Ar an n-adhbhar
sin, iarrmaoid ar Dhia, do réir theagaisg ar Slánaighthéora,
ar saoradh ar an ní as aithnidh dhó féin do bheith olc dhúinn,
ní ar an ní as olc linn.



11 DÉNTAR A N-IARMAID, ETC.
Foillsighthear san cheathromhain si ciall an fhocail úd
Amen. Atáid dá chéill san fhocal soin. An chéidchiall: “as fíor
sin”, nó “go fírinneach. An dara ciall: “bíodh mar sin”, nó
“déntar sin”, agus as í an chiall déigheanach sa atá aige annso,
agus in gach áit oile ina n-iarrthar athchuinghidh. An chéidchiall
atá ann ar deireadh na Cré agus in gach áit oile ina mbí faisnéis
nó foillsioghadh amháin.



AN 8 CAIB.



Don Ave Maria .



12. DIA DO BHEATHA SA, A MHUIRE, ETC.
Foillsighthear andso fáilte an aingil Gabríal ré Muire an
tan do ghabh Mac Dé, Críosd, 'na broinn.



Bíoth a fhios agat gurab uime adeirmíd an tAve Maria a
ndiaigh na Paidre, ar an n-adhbhar go bhfoil Muire 'na
habhcóididh eadrainn agus Críosd, do réir mar atá Críosd 'na
abhcóididh eadrainn agus an tAthair; gonadh aire sin, ar n-iarraidh
ar n-athchuingheadh ar an nAthair lé teagasg cCríosd,
do-bheirmid aghaidh ar Mhuire ionnas go ccuireadh impidhe ar a
Mac agus ar Athair an Mheic chédna fár n-athchuinghidhibh do
thabhairt dúinn; ór as gnáithbhés ag daoinibh an tan iarraid
athchuinghidh ar phrionnsa, labhairt ris na daoinibh as


L. 49


treisi do-chíd san chúirt 'na dhiaigh sin ionnas go mbiadh a
n-impidhe léo. Adeirmíd do chéidneithibh: “Dia do bheatha”,
dá chor a ccéill gurab cairde agus daoine muinntire agá bhfoil
éolas uirthe sinn, ionnas gurab cosmhail dúinn bheith dána
uirthe. As uime adeirmíd briathra an aingil tar bhriathraibh
oile ag cor na fáilti si, ar an n-adhbhar go ccuireann
cuimhnioghadh na ttiodhlaigtheadh mór fuair Muire ré cois
na mbriathar sa an chéduair adobhradh ria iad gairdeachas
mór uirthe; maille ris sin go ccuireann gairdeachas uirthe
cuimhne do bheith againne ar na tiodhlaigthibh cédna, agus
buidheachas do bheith againn ar Dhia ar a son.



13. A THUILE LÁN DO GHRÁSAIBH.
Foillsighthear annso an cédmholadh do-beirthear ar Mhuire
a bhfáilte an aingil, .i. a beith lán do ghrásaibh.



Ionnas go ttuigthéa cionnas dobhí Muire mar sin, bíodh
a fhios agat go n-oibrighid na grása trí neithe prinsipálta a
nduine, mar atá: gan sal peacaidh do léigean ar a anam, tlachd
álainn do chor ar an n-anam ccédna lé subháilchibh, neart agus
bríogh do thabhairt dó dochum deaghoibre do dhénamh. As
follas as gach énchuid díobh so go raibhe Muire lán do
ghrásaibh, ór nír luigh peacadh na sinsear riamh uirthe, agus ní
dhearna féin peacadh marbhtha ná sologhtha; fuair fós an uile
shubháilcheadh agus tiodhlaigtheadh ón Sbiorad Naomh go
roidhearsgnaigheach, agus do thoill an oiread sin do bhuidheachas
ó Dhia léna deaghoibrighthibh, ionnas gur cuireadh ós cionn
an uile aingeal a nglóir í, maille ré a corp daonda do bheith
uimpe.



14. ATÁ AN TIGHEARNA, ETC.
Ag so an dara moladh do-beirthear ar Mhuire annso, lé
cciallaighthear go raibhe Dia ó thús a geineamhna riamh maille
ria agá teagasg, agá riaghladh agus agá coimhéd ionnas nach é
amháin go raibhe grása ó Dhia aice dá coimhéd ar pheacadh-
aibh, achd go raibhe sé féin dá coimhéd do ghnáth.


L. 50


15. BEANDAIGHTHE THUSA, ETC.
Ag so an treas moladh do-beirthear ar Mhuire annso, lé
bhfoillsighthear go bhfuair grása nach fuair bean riamh do
mhaighdin ná do mhnaoi phósta. As beannaighthe an tiodh-
lacadh lé mnaoi agá mbí fear clann d'fhagháil; as beandaighthe
an tiodhlacadh lé hóigh a hóghdhachd do choimhéd. Ní
fhaghann éinbhean oile achd cuid éigin díobh so, gidheadh
fúair Muire iad araon. Fuair gan choill a hóghdhachda an
chlann as fearr fríoth riamh ná bhudh éidir d'fhagháil, .i. Mac
nádúrtha Dé bhí, ionnas go raibhe beannaighthe tar an n-uile
mhnaoi oile.



16. 'S AS BEANNAIGHTHE, ETC.
Ag so an ceathromhadh moladh do-beirthear ar Mhuire
annso, ina bhfoillsighthear nách é amháin gurbh fhiú í a
moladh ar a son féin, achd gur thuill a moladh tré fheabhas an
toraidh táinig dhí, Íosa Críosd. Ór mar as moladh ar an
gcrann toradh maith do theachd de, as mar sin as moladh ar
na mnáibh clann mhaith do bheith aca. Ar an n-adhbhar sin,
ó nách é amháin go raibhe Críosd 'na dhuine dáríribh bean-
naighthe tar an n-uile dhuine, achd go raibhe 'na Dhia agus 'na
dhuine beandaighthe tar na huilibh, as mar sin nách é amháin
go raibhe Muire beannaighthe ós cionn an uile bhan, achd go
raibhe beannaighthe tar an n-uile chrétúir do bhríogh go
raibhe 'na máthair ag Día agus ag duine.



17. A NAOMÁTHAIR DHÉ, ETC.
Foillsighthear annso na briathra úd do chuir an Eaglas
leis an Ave Maria, mar atá: 'A naoMuire, a Mháthair Dhé,
etc.' As annso do-bheir an Eaglas an tiodal as mó as éidir do
thabhairt do mhnaoi dhí, .i. Máthair Dhé do ghairm dhí; agus
arna fhoillsioghadh san tiodal sa go bhfoighe ó Dhia - ar an
n-adhbhar gurab í a Mháthair í - gach ní dá n-iarrfa air,
iarraidh an Eaglas chédna uirthe, agus iarrmaoidne boill na
hEaglaisi fá seach, guidhe ar ar son do ghnáth ar an n-adhbhar


L. 51


go bhfoilmíd a nguasachd mhór do ghnáth ar an thsaoghal sa.
Go háiridhe, iarrmaoid uirthe guidhe orainn a n-uair ar
mbáis, ór as é sin an pongc díoghbhálach guasachdach ar a
bhfoil ar mbeatha shíordhaidhe go bráth agus iar mbráth.



AN TREAS CUID.



DON TEAGASG CRÍOSDAIDHE.



thráchdas ar an haitheantaibh.



DEICH N-AITHEANTA DÉ.





1. Dá n-iarra osgladh 'gun ghrádh
an treas doras atá ar neamh,
comhaill deich n-aitheanta an ríogh
mar táid annso síos fá seach.



2. Dia bréige d'adhradh ná tairg;
3. ná tabhair ainm Dé gan fháth;
4. Domhnach, lá an Thighearna Dé
coimhédtar libh é dho ghnáth.



5. Onóraigh th'aithre go búidh;
6. ná déin marbhadh, 7. drúis, 8. ná goid;
9. ná déin bréigfhiaghnaisi ar neach;
10. a mhaoin ná a bhean ná hiarr dhoit.




CÚIG AITHNE NA HEAGAILSI.




Cuir a cceann a ndobhairt mé
cúig aithne na hEagailse:
coimhéid gach saoire go beachd
's déin aithfreann innte dh'éisdeachd.



Troisg an Corghas go glan glan,
uighil 's troisgthe na hanman;
ná tomhaill feóil ar dho phroinn
Dia hAoine ná Dia Sathroinn.


L. 52


Tré bhiotha síor ná bíodh sibh
éinbhliadhain gan fhaoisidin;
Corp Críosd ón Domhnach ré cCáisg
caith lá éigin, go mionCháisg.



Ná déna banais íar ndáil
ó thús Chorghais go mionCháisg,
ná ó thús Aidbheant go grod
go dá lá dhég d'éis Nodlag.



Muna dhearna a n-abram ribh,
trí doirsi thighe an Dhúilimh
iadhfaidhear uile rét uchd -
dol astteach ní bhia ad chumhachd.




GLUAIS MÍNIGHTHI.



AR NA RANNAIBH SI AGUS AR NA HAITHEANTAIBH.



AN CHÉDCHAIBIDIL.



Do na haitheantaibh go coitcheann.



1. DÁ N-IARRA OSGLADH, ETC.
Tráchdtar annso síos ar an treas doras atá ar fhlaithe-
amhnas nimhe, .i. an grádh agus an tshlighe ghabhthar chuige,
mar tá comhall na n-aitheantadh.



As é so an doras as prinsipálta ar flaitheamhnas, ór ní
héidir leis an ccreideamh agus leis an ndóthchas duine do
shlánoghadh gan chongnamh an ghrádha, ór ní fhoil achd
subháilche marbha ionnta gan ghrádh. As uime sin adeir Pól
easbal gurab uaisle an grádh iná ceachtar dhíobh, agus as follas
dúinn so ó résún; ór ní chreidmíd achd an ní nách faicmíd, agus
ní bhí dóthchas againn ní d'fhagháil achd an tan nach bí an
ní cédna inar láimh againn. Ar an n-adhbhar sin, ó
dho-chífeam go follas a bhflaitheamhnas gnúis na Tríonnóide agus na
neithe chreidmíd ar an tshaoghal sa, ní bhía creideamh againn
ó sin amach; agus ó dho-ghébham an uair sin an ní ina bhfoil
dóthchas againn ar an tshaoghal sa, .i. an bheatha shuthain,


L. 53


radharc Dé, ní bhia dóthchas as sin amach againn. Gidheadh,
ní sgarfa an grádh choidhche rinn, mar sin nách foláir dhúinn
cúram mór do bheith againn fá na neithibh bheanas ris an
ngrádh. Ar na hadhbharaibh sin, madh áil leat grádh fírinne-
ach do bheith agat, comhaill aitheanta Dé, bíodh a bhfios agat,
ór ní bhia grádh Dé ag an té nach diongna a thoil, agus ní héidir a
thoil do dhénamh gan comhall a aithneadh.



Ní fhuil don uile dhligheadh dligheadh as córa do choimhéd
agus as uaisle ináid na haitheanta sa ar mhórán d'adhbharaibh.
An cédadhbhar: do bhríogh gurab é Dia féin as ughdar
dhóibh, dho sgríobh ar tús a ccroidhibh na ndaoine iad; ór ní
fhoil duine ar bioth nách taisbénann a nádúir féin dó, agus nach
éidir leis a léghadh 'na choinsias, gurab cóir gach aithne
dhíobh so do choimhéd. Do sgríobh 'na dhiaigh sin a ndá
chlár marmair iad do Mhaoisi ar Sliabh Sinas. An dara
hadhbhar: do bhríogh gurab iad na haitheanta cédna dligheadh
as sine ar bioth, agus gurab iad as tobar don uile dhligheadh oile.
An treas cúis: do bhríogh nách foil dligheadh ar bioth as
coitchinne iná iad, ór ní fhoil duine ar bioth agá bhfoil a chiall
ar a chumas saor ortha, agus fós do bhríogh nach foil ar bioth
dligheadh as docra do chlaochlódh iná iad; maille ris sin do
bhríogh go bhfoilid 'na riachdanas ar an n-uile dhuine
dochum a shlánaighthe, mar theagaisgeas Críosd san tsoisgél.
Adhbhar oile fós: do bhríogh gur foillsigheadh go puiblidhe ar
Sliabh Sinas iad maille ré sollamain móir, go ccaismeartaibh
na n-aingeal, go ttoirnigh agus go soighnénaibh teinntidhe, a
bhfiaghnaisi chloinne Israihél go huilidhe.



Tabhair dot aire annso bríogh na mbriathar úd do sgríobh
ar tTighearna ar tús na n-aitheantadh an tan tug sgríobhtha
do Mhaoisi san dá chlár iad: Ego sum Dominus Deus tuus, qui
eduxi te de terra Aegypti, de domo servitutis, .i. “As meisi do
Thighearna Dia, tug ó thalamh na hÉighipte, ó thigh na
daoirsi thú”. As uime adobhairt ar tTighearna na briathra
sa, ionnas go ccuireadh a ccéill dúinn go raibhe cumhachda
aige féin dligheadh d'ordoghadh ós ar ccionn, agus go raibhe


L. 54


d'fhiachaibh orainn a dhligheadh agus a reachd do choimhéd fá
phéin ccána, ar an n-adhbhar gurab é féin ar tTighearna,
gurab é ar nDia agus ar ccruthaightheóir, tug dhúinn a bhfoil
againn agus inn féin; gurab é do shaor ó thigh na daoirsi, .i. ón
pheacadh agus ó shearbhóntachd agus ó bhiothmhuinntearas an
diabhail ind - gonadh aire sin atá d'fhíachaibh orainn fá phéin
ccána a aitheanta do choimhéd. As í an cháin si, damainnt
phríosúin shíordhaidhe go bpianaibh éigcinnte gan fhoirceand.



As é líon na n-aitheantadh a deich, .i. trí haitheanta bheanas
ré Dia féin, agus seachd n-aitheanta bheanas rér ccomharsain.
Ag so na haitheanta cédna:



Na haitheanta bheanas re Dia:
1. Ná hadhair dée bréige.
2. Ná tabhair ainm do Thighearna Dia go díomhaoin.
3. Coimhéid saoire an Domhnaigh.



Na haitheanta bheanas ris an ccomharsoin:
4. Tabhair onóir dot athair agus dod mháthair.
5. Ná déna marbhadh.
6. Ná déna drúis.
7. Ná déna goid.
8. Ná déna fiaghnaisi bhréige a n-aghaidh do chomharsan.
9. Ná sanntaigh bean do chomharsan.
10. Ná sanntaigh teach ná fearann, óglach ná innilt, bó ná
asal, ná ní ar bioth do chuid do chomharsan.



Dobhádar na trí cédaithni sin bheanas ré Dia sgríobhtha
san chédchlár don dá chlár fuair Maoisi, ionnas go ttugthar
“Aitheanta an chédchláir” ortha. Dobhádar na seachd
n-aitheanta oile sgríobhtha san dara clár, ionnas go ttugthar
“Aitheanta an dara cláir” ortha. As so gurab é suim agus éifeachd
na n-aitheantadh uile: grádh Dé agus grádh na comharsan. Ar an
n-adhbhar sin, gibé choimhédas an dá aithni si an ghrádha, .i.
grádhaigh Dia tar an uile ní, agus grádhaigh do chomharsa mar
thú féin, coimhédaigh na haitheanta uile.


L. 55


AN DARA CAIB.



Don chédaithne.



2 DIA BRÉIGE d'ADHRADH, ETC.
Labhairthear san rann sa ar aitheantaibh an chédchláir, .i.
na trí haitheanta bheanas ré Dia féin. An chédaithne dhíobh
so, ar a ttráchdthar san chaibidil si: gan dée bréige dh'adhradh.
Atá bríogh dá aithne ag an aithni si, ór as é so a ciall: adhair
meisi an t-aoinDia fírinneach agus ná hadhair dée bréige. Ar an
n-adhbhar sin, atá d'fhiachaibh orainn, do bhríogh na
haithni si, creideamh, dóthchas agus grádh do bheith againn,
onóir do thabhairt do Dhia agus do na neithibh bheanas ris, agus
gan an onóir dhlighthear dhó do thabhairt d'aoinní oile.



As a n-aghaidh na haithni si pheacaigheas an drong ag nach
bí creideamh, mar atáid na hainchríosdaidhe, agá mbíd crétúire
corpardha, .i. grian nó gealach nó íomháighe bodhra balbha
dá n-adhradh mar Dhia; na heiricidhe, na siosmaiticidhe, an
té nach creideann na neithe fhoillsigheas an Eaglas do bheith
dár ccreideamh, nó léghas leabhair eiriceachda gan chead
sbeisialta do bheith aige dochum a léghtha, nó éisdeas ré
seanmóir eiriceadh; theagaisgeas nó fhoghlamaidheas
draoitheachd nó asrolaigheachd; chuirfeas a chomhairle a
n-uchd dhuine agá mbiadh cunnradh ris an ndiabhal; do-ní
piséoga, nó geasadórachd, nó do-bheir fá deara a ndénamh dhó;
chreideas d'aislingthibh, do dhearnadórachd, do nélladórachd,
etc.



As a n-aghaidh na haithne cédna pheacaigheas an drong
ag nách bí dóthchas, mar atá an drong bheanas súil do
ghrásaibh Dé, mheasas nach éidir dhóibh aitheanta Dé do
chomhall nó na neithe atá 'na riachdanas ortha dochum a
slánaighthe do dhénamh, agus an drong agá mbí dóthchas gan
chéill go saorfaidhear lé grásaibh Dé iad gan chongnamh a
ndeaghoibre féin d'iarraidh, chuireas a ndóthchas uile a saidh-
bhreas nó a ccumhachdaibh saoghalta amháin. As a


L. 56


n-aghaidh na haithne cédna fós pheacaigheas an drong ag nách bí
grádh do Dhia, agá mbí fúath air, do-bheir grádh ós cionn a
ghrádha do ní shaoghalta ar bioth, chuireas é féin nó a Eaglas
nó neithe coisreagtha a ttarcaisne.



Bíoth a fhios agat nach foil an aithni si ag toirmeasg onóra
do thabhairt do na naomhaibh agus do na hainglibh, ór an
Tighearna féin, aithneas dínn é féin amháin d'adhradh mar
Dhia, ordaighidh sé dhúinn onóir dho thabhairt dár n-aithribh
agus dár máithribh. Go deimhin, dá bhfhógradh rí gan duine ar
bioth d'onóroghadh mar rígh 'na ríoghdhochd achd é féin
amháin, do ba mór an díoth céille a rádh go mbiadh a
n-aghaidh aithne an ríogh a onóir iomchubhaidh féin do
thabhairt don diúice nó don iarla, achd amháin gan a
n-adhradh mar rígh. Mar an ccédna ar tTighearna, gé tá agá
thoirmeasg orainn annso crétúir ar bioth d'adhradh mar
Dhia, ní chuireand toirmeasg orainn fá a n-onóir iomchubh-
aidh féin do thabhairt do na naomhaibh agus do na hainglibh.
Ar an n-adhbhar sin, as cóir dhúinn onóir do thabhairt dóibh
agus congnamh a nguidhe dh'iarraidh, do bhríogh gurab boill
éinEaglaisi inn féin agus iad, 's go bhfoil siad a radharc Dé do
ghnáth agus a mhian ortha ar maithne do dhénamh; maille ris sin,
do bhríogh gurab gnáthach riamh congnamh a nguidhe
d'iarraidh, mar as follas as gnáthchuimhne na hEagailsi, as
an sgrioptúir dhiadha, agus as ughdardhás na ccomhairleach agus
aithreadh na hEaglaisi.



Bíoth a fhios agat fós gurab dleisdeanach, agus nách foil a
n-aghaidh na haithni si, onóir do thabhairt do thaisibh na
naomh, nó urnaighthe do dhénamh 'na bfhiaghnaisi ar an modh
ar a ngnáthaighthear a dhénamh idir na catoilicibh; ór ní iar-
maoid aoínní ar na taisibh san urnaighthi sin, mar shaoílid na
heiricidhe, do bhríogh go bhfoil a fhios againd nach cluinid
agus nách faicid ní dá ndénmaoid. Achd iarrmaoid ar na hanmann-
aibh naomhtha, dho-rinne iomad deaghoibrightheadh isna
corpaibh sin, guidhe ar ar son d'ionnsoighidh Dé; agus bídh
résún san urnaighthi sin do dhénamh maille ré honóir do


L. 57


láthair na ttaiseadh tar áit oile, ionnas go n-iarrmaois ar na
naomhaibh cuimhne do bheith aca orainn maille ré cuid-
ioghadh linn, mar atá cuimhne againne orthasan maille re
bheith ag onóroghadh a ttaiseadh.



Bíoth a fhios agat fós nach foil a n-aghaidh na haithni si,
mar shaoilid na heiricidhe, onóir dá ttugmaoid d'íomháighibh
Críosd nó Muire nó na naomh, ná urnaighthe dá ndénmaoid
dá láthair. Do chéidneithibh, ní fhoil 'na haghaidh onóir dhá
ttugmaoid dóibh, ór ní don phinnteóirechd bhíos ortha, dá
bhreaghdhachd bhíos, ná don mhiotal bhíos ionnta, dá uaisle
bhíos, do-bheirmid onóir, achd don té thaisbénaid dúinn. As
uime thrá do-bheirmíd onóir dhóibh, do bhríogh go ttaisbénaid
Críosd nó Muire nó na naoimh dhúinn, ionnas go ttabhraid
inar ccuimhne iad. As mar sin bhíos onóir agus grádh ag na
heiricidhibh féin ar íomháighibh a n-aithreadh nó a bprionn-
sadh, ní ar son na ndath n-álainn ná na pinnteóireachda bhíos
ortha, ná ar son an mhiotail bhíos ionnta, achd ar son na
droinge thaisbénaid dóibh 'sa cuimhne do-bheirid 'na n-inntinn.
Ar an n-eachd ccédna, an tan ghlacas neach litreacha a
phrionnsa agus do-bheir páxa don tshéla bhíos ortha, as deimhin
nach don pháipér ná don chéir, achd don phrionnsa do-bheir
an onóir sin. As mar sin nach don mhaide chríonas agus bhíos
dá chreinn ag cnumhaibh ar uairibh do-bheirmídne an onóir
do-bheirmid d'íomháigh Chríosd nó Mhuire, achd don té
darab íomháigh í. Ní fhoil fós a n-aghaidh na haithni si
urnaighthe dá ndénmaoid a bhfiaghnaisi na n-íomháigheadh
sa ar an n-adhbhar nach iarrmaoid aoinní ar na híomháighibh
san urnaighthi sin, ór atá a dhearbh againn nach cluinid agus
nách faicid ní dá ndénmaoid; achd iarrmaoid dá láthair ar an
tté thaisbénaid dúin athchuinghidh, mar atá grása más íomh-
áigh Chríosd í, nó guidhe ar ar son más íomháigh Mhuire nó
naoimh bhias ann. Dá n-abairthéa, mar adeirid na heiricidhe,
gur ordaigh Dia gan íomháigh ar bioth do dhénamh, as í ar
bhfreagra air sin: fá mar dho ordaigh Dia gan dia bréige
d'adhradh, do ordaigh mar an ccédna gan íomháigh do


L. 58


dhénamh do haidheórthaoi mar dhia mbréige, agus nír chuir
toirmeasg ar íomháighibh oile do dhénamh. Dá dhearbhadh
sin, tug Dia féin ar Mhaoisi a thabhairt fá deara íomháigh
nathrach agus chearuib do dhénamh agus tug Solamh fá deara iomad
íomháigheadh do chur san teampoll mhór do-rinne do Dhia.
Maille ris sin, sgríobhaidh Eusebius san chéidleabhar do
sdair na hEaglaisi, agus Damaisénas, gur chuir Críosd a íomháigh
féin d'ionnsoighidh an ríogh Abagar. Adeir fós Damaisénus,
1. 4, go bhfoilid na híomháighe ar gnáthoghadh ó aimsir na
n-easbal ale. Aithristear fós go coitcheann go ndearna Lúcás
soisgélaidh íomháigh Mhuire. Ós a ccionn sin, molaid iomad
do chomhairlibh na hEaglaisi na híomháighe do bheith ar
gnáthoghadh, agus sgríobh Sérlas Mór ceithre leabhair a n-aghaidh
lochda diommolta na n-íomháigheadh.



Ar an n-adhbhar sin, as deimhin nár thoirmisg Dia achd
íomháighe na ndia mbréige, nó do haidhéorthaoi mar dhée
coimhitheacha bréige, agus nár thoirmisg íomháigh Mhuire ná
na naomh ar énchor; ór ní dée coimhitheacha iad so achd
clann toghaidhe agus luchd éintighe Dé; agus ní thabhramaoidne
onóir dhóibh féin ná dá n-íomháighibh mar dhée, achd
do-bheirmid onóir do Mhuire mar mháthair nDé, agus
do-bheirmid onóir do na naomhaibh mar chairde agus mar chloinn
nDé; agus do-bheirmíd an onóir chédna dá n-íomháighibh do
bhrígh go ttaisbénaid iad féin dúinn. Ionann sin ré a rádh agus
go ttugmaoid a n-onóir iomchubhaidh féin dóibhsean arna
ttaisbénadh 'na n-íomháighibh dhúinn. Agas as lugha iná sin
thoirmisgthear íomháigh Chríosd, ór as Dia fíre an té
thaisbénas agus adharthar dá láthair. Go fírinneach, atá a
n-aghaidh résúin a rádh nách molfadh Dia na híomháighi si,
agus méd na tarbha tig dhíobh; ór do-níd áit leabhar do na
tuatadhaibh ó nách éol léghthórachd do dhénamh, ag tabhairt
chuimhne Críosd agus a pháisi, Muire agus na naomh, 'na
n-inntinn, ionnas go mosglaid a sbiorad chrábhaidh dochum
grádha agus anóra do thabhairt dóibh so, dochum buidheachais


L. 59


do bhreith iona ttiodhlaicthibh riú, agus dochum a mhiana do
bheith ortha a sompla do leanmhain do réir a ccumhachd.



Ní hé sin amháin achd as adhbhal an tarbha do-níd na
híomháighe do na daoinibh foghlamtha féin, ór gluaisid a
n-inntinn nísa romhó iná ghluaiseas an léghthórachd; maille
ris sin, an ní agá ccaiththear aimsear fhada agá léghadh, as
éidir lé neach lé hénradharc amháin ar íomháigh a thabhairt
uile 'na inntinn.



Fiafraighthear annso: má tá nách mothaighid na híomh-
áighe nó taisi na naomh éinní dá ndéntar 'na bhfiaghnaisi, mar
adobhramar thuas, cionnas do-níd na míorbhaile móra
do-chímíd aca dá ndéanamh gach laoi? As í ar bhreagra air sin
nách iadsan do-ní na míorbhuile sin achd Dia féin ar impidhe
na naomh nó Mhuire, agus fós ionnas go bhfoillsigheadh gurab
maith leis onóir agus débhóision do bheith ag cách fá na naomh-
aibh agus fá thaisibh na naomh.



Fiafraighthear fós créd fá ndealbhthar an tAthair
neamhdha go ndeilbh sheanduine, agus an Sbiorad Naomh go
bhfioghair cholaim, agus na haingil ar inneall n-ógánaigh go
sgiathánaibh, ór as deimhin nach foil fioghair chorpardha ar
éinphearsain don Tríonnóid do réir a ndiadhachda, ná ar na
hainglibh do bhrígh nách foil ionnnta achd sbioraid fhíorghlana
dhofhaicseana nach éidir a ccosmhaileachd do bhuain lé
pinnteóireachd chorpardha. As í ar bhfeagra air sin, nach
uime dhealbhthar mar sin iad dá chor a ccéill go bhfoilid a
leithéide sin do chorpaibh aca - ór as fíor nách foilid cuirp ar
bioth aca, agus nách éidir a ccosamhlachd do thaisbénadh do
réir mar atáid ionnta féin le fioghair ccorpardha ar bioth -
achd as í cúis a ndelbhtha mar sin, ionnas go mbeidís
comharthadha corpardha éigin againn do-bhéradh inar
ccuimhne iad, ór ní héidir leis an n-anam san truaill thalmh-
aidhe ina mbí ar an tshaoghal sa, teacht a n-éolas na sbiorad
neamhdhaidhe gan comhartha ccorpardha éigin dá ghluasachd.
Ní fhoil thrá comhartha as iomchuibhdhe chuige sin iná


L. 60


dealbh an reachda inar thaisbénadar féin roimhe so do na
daoinibh táinig romhainn ar an saoghal sa iad. Ar an
n-adhbhar sin, dealbhthar an tAthair neamhdha go bhfioghair
sheanduine do bhrígh gurab san riochd sin do thaisbéin é féin
do Dhainiél fáidh. Dealbhthar an Sbiorad Naomh go ndelbh
cholaim do bhrígh gurab san riochd sin do thoirinn ós cionn
Chríosd ag Sruth Oirrthionáin an tan do baisdeadh lé
hEóin é, agus dealbhthar na haingil a n-íomháighibh ógán do
bhrígh gurab ar an modh sin dho thaisbénadar iad féin don
bhanóigh Muire, do Thobias, d'Abraham agus d'iomad oile. As
éidir fós a rádh gurab uime dealbhthar an tAthair neamhdha a
ndeilbh sheanduine, dá chor a ccéill go bhfoil ann riamh gan tús
gan tionnsgnamh, ionnas gurab sine é iná an uile ní; agus an
Sbiorad Naomh a ndelbh cholaim, dá chor a ccéill go ttabhair
naomhthachd, gloine agus neamhurchóid mar an ccolaim dhúinne;
agus na haingil a ndealbhaibh ógán, do bhrígh go mbíd álaind
gan truailleadh le haois dho ghnáth, agus go ccuirthear sgiatháin
ortha dá chor a ccéill go bhfhoilid ésgaidh luath le techdair-
eachd nDé, etc.



AN 3 CAIB.



Don dara haithne.



3 NÁ TABHAIR AINM DÉ, ETC.
Ag so an dara haithne, .i. gan ainm nDé do thabhairt go
díomhaoin. Cuirthear dá ní d'fhiachaibh orainn san aithni
si, .i. onóir dho thabhairt lér mbriathraibh d'ainm Dé, agus gan
easonóir do thabhairt dó. As iomdha modh ar ttugthar
onóir agus moladh d'ainm Dé, mar atá: a admháil mar
Thighearna, mar Dhia; a bhriathra d'éisdeachd, d'fhoghlaim,
do theagasg agus do sheanmóir; a mholadh a n-urnaighthe agus a
n-iodhbartaibh; a ghuidhe, d'iarraidh ar riachdanais air. Go
háiridhe, atáid ceithre modha ar a ttugthar onóir lé briath-
raibh, do réir na haithni si, nó easonóir dhó.



An cédmhodh: do-beirthear onóir dhó an tan bhíthear dhá
iomrádh go meinic maille ré teasngrádha agus ré débhóision. As


L. 61


ar an modh sa dhobhíodh Pól easbal 'na eibisdilibh go meinic
ag iomrádh air, ór ní bhíodh 'na bhriathraibh achd drithleanda
do sginneadh ón lasair ghrádha dobhí ar fadódh 'na inntinn.
'Na aghaidh so, do-beirthear easonóir dhó an tan bhíos duine
go meinic lé droichcleachdadh ag iomrádh air a n-aimsir
shúgartha nó fhanámhaid, mar dho-níd daoine leamha go
meinic ar nach teagmhann cainnt oile adérdaois, agus luchd an
mhíghrinn shaoileas gurab greand Dia nó briathra Dé do
thabhairt astteach a ndíomhaoineas. Ór do réir mar adeir-
thear go ttabhair duine easonóir agus tarcaisne don édach ro-
onórach bhíos aige an tan chongmhas uime do ghnáth san uile
bhall dá shailche é, as mar sin an té bhíos ag iomrádh anma
Dé do ghnáth gan fhéchain 'na thimchell gan ghrádh gan
débhóision, san uile bhall dá shailche, do-bheir tarcaisne dhó.
Do-beirthear fós onóir nó tarcaisne d'ainm Dé lé hiomrádh
meinic do dhénamh go maith nó go holc ar an modh sa ar
Mhuire nó ar na naomhaibh, ór gach onóir nó easonóir
do-gheibhid sin, as onóir nó easonóir do Dhia í.



An dara modh: do-beirthear onóir nó tarcaisne d'ainm Dé
an tan do-beirthear mar mhionna é. As ionann mionna do
thabhairt agus Dia do thógbháil mar fhiaghain ar an bhfírinne
do bheith agat. Do-beirthear onóir d'ainm Dé lé mionnaibh
an tan do-beirthear go dleisdeanach iad. Ionnas go ttugthaoi go
dleisdeanach iad, tabhradh neach dá aire an bhfoil an fhírinne
gan chunntabhairt ar bioth aige, agus an bhfoil riachdanas dáríribh
ris na mionnaibh do thabhairt, agus an bhfoil iomchubhaidh
a ttabhairt san aimsir nó san áit ina ttárla sé, agus coimhédadh
gan a ttabhart do dhruim fheirge, fhuatha nó ghrádha,
achd tugadh iad do mhian na fírinne amháin maille ré
fírriachdanas, a ccúis éifeachdaigh; agus más fá ní bhias roimhe
bhias ag mionnoghadh, tabhradh dá aire an ní dleisdeanach
é, ór gibé mhionnoigheas go ndiongna sé droichní éigin,
peacaighidh a n-aghaidh na haithni si - gidheadh, ni fhoil
d'fhiachaibh air a ccomhall ar énchor, agus dá ccoimhle iad


L. 62


cuiridh peacadh ar muin peacaidh. Gibé choimhédas iad so
uile ag tabhairt mionn, do-bheir mionna go dleisdeanach mar
as follas as an sgrioptúir, agus onóraigh ainm Dé agá ttabhart.
'Na aghaidh so, do-beirthear easonóir d'ainm Dé an tan
mhionnaighthear a mbréig é, ór as mór an easonóir dhó a
thógbháil mar fhiaghain ar an mbréig. Do-beirthear easonóir
mar an ccédna dhó an tan mhionnaighthear gan riachdanas
é, nó nách coimhédtar na coinghill oile adobhramar thuas.
Do-beirthear fós tarcaisne d'ainm Dé an tan do-beirthear
Muire, nó lebhar, nó na naoimh, nó crétúir ar bioth dár
chruthaigh Dia a mbréig nó go díomhaoin, agus an tan
do-beirthear dia bréige a bfhíor nó a mbréig, ór as mór an easonóir
ar Dhia dia bréige do thógbháil mar fhiaghain ar a bhélaibh.



An treas modh: do-beirthear onóir d'ainm Dhé lé móid
ndleisdeanaigh do thabhairt agas do chomhall; do-beirthear
easonóir dhó leis an móid ccédna do bhriseadh. As é ní dá
ngoirthear móid, gealladh do thabhairt do Dhia fá ní mhaith
ar a mbia buidheachas ag Dia do dhénamh. Iarrthar trí
neithe dochum na móide. An céidní: gealladh do thabhairt, ór
dá mbeath rún ag duine ní do dhénamh, nó dá mbeath mian a
dhénta air, ní móid ceachdar díobh sin muna ghella é go follas
go háiridhe 'na inntinn. An dara ní: an gealladh sa do thabhairt
do Dhia dá ttugthar an uile mhóid go prinsipálta, ór gé
dhobheirthear móid do Mhuire nó do na naomhaibh ar uairibh,
as do Dhia go prinsipálta do-beirthear an mhóid sin féin. An
treas ní iarthar dochum na móide: an ní ghelltar innte do
bheith maith agus buidheachas do bheith ag Dia fána ghealladh
dhó, mar atá óghdhachd do choimhéd, geanmnaidheachd,
bochdaine tholtanach, umhlachd, etc. Gibé thrá gheallas
peacadh nó droichní do dhénamh, nó ní nách beanfa ré
seirbhís nDé, nó fós ní maith do chuirfeadh toirmeasg ar
mhaith budh mhó iná sin, ní bhí buidheachas ag Dia ar a
ghealladh, agus peacaighibh a n-aghaidh an dara haithni si.


L. 63


An ceathromhadh modh: do-beirthear onóir d'ainm Dhé
an tan mholtar é féin agus a oibrighthe. 'Na aghaidh so,
do-beirthear easonóir dhó an tan dhiommoltar é, dho-beirthear
aithis nó imdheargadh dhó, nó do-níthear bhlaisfémia 'na
aghaidh. As é as blaisfémia ann, aindligheadh nó aithis do
thabhairt le briathraibh do Dhia nó dhá naomhaibh.



Do-níthear bhlaisfémia ar chúig modhaibh. An cédmhodh:
an tan adeirthear ní do bheith aige nár chubhaidh dhó do
bheith aige, mar atá a rádh go mbiadh cos nó lámh nó corp
do réir a dhiadhachda aige, nó go mbiadh cumas aige ar
pheacadh do dhénamh. An dara modh: an tan adeirthear go
mbí easbhaidh neith ar bioth bhudh mhaith dhó do bheith
aige, mar atá easbhaidh cumhachd, eagna, eólais, ceirt, tróc-
aire, etc. As ar an modh sa do-níthear blaisfémia an tan adeir
duine nách éidir le Dia ní éigin do dhénamh, más ní é do
fédfaidhe do dhénamh nó nach biadh peacadh 'na dhénamh,
nó an tan adeir neach nach faiceann Dia, nó nach foil a fhios
aige na neithe do-níthear, nó nách foil cóir nó ceart isna
neithibh do-ní, etc. An treas modh: an tan adeirthear go mbíd
na neithe atá ag Dia amháin go díleas ag crétúir ar bioth, mar
atá a rádh go bhfédfadh an diabhal míorbhaile nó fáisdine
do dhénamh, go mbiadh fios na neitheadh nách táinig ag duine
ar bioth gan Dia d'fhoillsioghadh an neith dobhiadh d'fháisdine
dhó. Ní áirmhim eatorra so dá n-aithneadh duine na neithe
nádúrtha dobhiadh gan teachd tré oibrioghadh nádúrtha na
cúisi dobhiadh aca, mar atá an ghrian d'éirghe amárach,
urrdhubhadh do theachd ar an ngealaigh nó ar an ngréin a
n-uair áiridhe do ló nó d'oidhche. An ceathromhadh modh:
an tan mhallaigheas duine do Dhia nó do Mhuire nó do na
naomhaibh. An cúigeadh modh: an tan ainmnighthear boill
náireacha Críosd nó na naomh mar aithisioghadh ortha, nó
an tan ainmnighthear énchuid dá mballaibh maille ré fan-
ámhad nó lé feirg, fá mar dho-níd na cerrbhaigh lasánta
go meinic.


L. 64


Bíodh a fhios agat nach foil peacadh as truime iná an
blaisfémia, mar as follas as truime na bpian ordaighthear ar a
shon, ór do ordaigh Dia féin san tsheinreachd an pobal uile do
ghabháil do chlochaibh ar ball gan mhoille ar an ndroing
do-ghénadh blaisfémia. Ordaighidh dligheadh bás do thabh-
airt don droing chédna; ní hé amháin, achd as gnáthach a
n-áitibh áiridhe an bél do bhuain le teanchair ndeirg asda.
Maille ris sin, sgríobhaidh Grioghóir gur damnaigheadh
leanabh chúig mbliadhan do chleachdadh blaisfémia do
dhénamh ar ainm an Tighearna, agus go bhfacaidh an leanabh
féin ré mbás deamhain ag teachd a ccoinne a anma. Gidh
adhbhal truime an pheacaidh si ann féin as truimide é go mór
a usachd a sheachna, ór ní fhoil aoibhneas ná tarbha ann mar
atá isna peacadhaibh oile - gonadh aire sin as lugha gabhthar
leithsgél ó dhuine ann iná a bpeacadh ar bioth oile. As urasa
a thuigsin as a ndubhramar go nuige so na peacaidh do-níthear
a n-aghaidh an dara haithni si.



AN 4 CAIB.



Don treas aithne.



4 DOMHNACH LÁ, ETC.
Iarrthar san treas aithni si saoire an Domhnaigh do
choimhéd. Atá dithfir idir an aithni si agus na haitheanta oile,
ór atáid na haitheanta eile do dhligheadh na nádúire, ionnas
nách éidir a cclaochlódh; an aithni si iomorro, atá gné ina
bhfoil do dhligheadh na nádúire agus gné oile is nach foil. Atá
thrá d'fhiachaibh orainn ó dhligheadh na nádúire Dia
d'adhradh, onóir do thabhairt dó lér ngníomhradh foirimeal-
ach, agus aimsear éigin do chaitheamh ré hoibrighthibh naomh-
tha amháin do dhénamh 'na onóir; gidheadh, ní fhoil
d'fhiachaibh orainn ó dhligheadh na nádúire sin do dhénamh
Dia Domhnaigh tar lá oile.



Bíodh a fhios agat ar an n-adhbhar sin gurab é an Sathrann
do ordaigh Dia do chloinn Israihél do choimhéd ar bhfilleadh


L. 65


as an Éghipt dóibh, do bhríogh gurab Dia Sathairn do
chríochnaigh féin chruthoghadh an domhain, agus dobhí 'na
thosd iar mbeith na sé lá roimhe ag cruthoghadh an domhain
chédna go huilidhe. Do chuimhnioghadh thrá an tiodhlaicthe
mhóir sin tug d'fhearaibh an bheatha, do ordaigh an Satharn
do choimhéd, maille ris sin ionnas go mbiadh suaimhneas ag
an luchd oibre agus ag na heallaighibh an lá sin tar éis a saothair
an chuid oile don tsheachdmhain. Gidheadh, do haithrigheadh
san reachd nua saoire an tShathrainn ar an nDomhnach, do
bhríogh gurab Dia Domhnaigh rugadh Crísd, do éirigh ó
mharbhaibh, táinig an Sbiorad Naomh d'ionnsoighidh na
n-easbal; maille ris sin, do bhrígh nach fearr an cuimhniogh-
adh ar chruthoghadh an domhain saoire an tSathairn iná
saoire an Domhnaigh féin, ór as Dia Domhnaigh do tionnsgn-
adh cruthoghadh an domhain.



Bíoth a fhios agat fós nách é amháin atá d'fhiachaibh orainn
an Domhnach do choimhéd, achd atá dh'fhiachaibh orainn
fós féilte Muire, na n-easbal agus na naomh oile ordaigheas an
Eaglas dúinn do choimhéd 'na saoire.



As iad oibre atá toirmisgthe orainn isna féiltibh si oibre
corpardha, mar atá saoirseachd nó gaibhneachd nó a leithéide
oile, ar a ttabhairthear “oibre daora”. Gidheadh, gach obair dá
ndénmaoid go prinsipálta lér ttuigsin nó lér ttoil, dá mbeath
go n-iarrfamaois cáil éigin chonganta ar na ballaibh corpar-
dha dhochum a ndénta, ní briseadh saoire iad, mar atá
urnaighthe nó seanmóir nó léghthórachd, etc.



Ní hé amháin: atá d'fhiachaibh orainn urnaighthe agus oibrigh-
the sbioradálta do dhénamh lá saoire tar lá oile, do bhrígh
gurab dochum seirbhísi Dé do dhénamh as mó do hordoigh-
eadh an tshaoire, mar adobhramar thuas; mar sin nách
briseadh saoire na hoibre corpardha bheanas ré seirbhís nDé
agus nárbh éidir do dhénamh uair oile, do dhénamh innte, mar
atá buain na cclog, nó a leithéid oile. Ní briseadh saoire fós
biadh do bhruith, friothólamh do dhénamh ar bord, agus gach
ní oile dá mbeanann ré beathaidh an lae sin agus nach éidir do
dhénamh an lá roimhe.


L. 66


A n-aghaidh na haithni si pheacaigheas an té do-ní obair
chorpardha, leath amoigh dá ndobhramar nó dá leithéidibh
oile; do-ní reic nó ceannach leath amuigh do bhiadh; nó
léigeas de aithfreand nó cuid bhús ionáirimhthe d'aithfreann
d'éisdeachd lá saoire; nó do-bheir aire do chomhrádh nó do
léghthórachd shaoghalta a n-aimsir an aithfrinn; agus an té
théid d'éisdeachd ré seanmóir nó don teampall a ngioll ar
radharc ttruaillidhe d'fhagháil ar mhnáibh, nó ar chomhrádh
ndíomhaoin, nó ar chúis ar bioth oile achd cúis dhidha.



AN 5 CAIBIDIL.



Don cheathromhadh haithne.



5 ONÓRAIGH TH'AITHRE, ETC.
Foillsighthear san rann sa na seachd n-aitheanta bheanas
ris an ccomharsain, agus do chéidneithibh an ceathromhadh
haithne do na haitheantaibh, .i. onóraigh th'athair agus do
mháthair.



Atáid trí gnéithe onóra ann atá d'fhiachaibh orainn do
thabhairt dár n-aithribh agus dár máithribh. An chéidghné: ar
ccuidioghadh do thabhairt dóibh 'na riachdanas, agus do
choimhéd a nádúireadh daonda, ar an n-adhbhar gurab uatha
fuaramar féin ar nádúir dhaonda. An dara gné: bheith umhal
dóibh san uile ní nach bia a n-aghaidh aithneadh Dé; san
chúis iomorro bhias a n-aghaidh thoile Dé, ní fhoil d'fhiach-
aibh orainn bheith umhal d'athair ná do mháthair. An treas
gné: onóir agus modh do thabhairt dóibh inar mbriathraibh agus
inar ngníomhaibh foirimealacha mar as cubhaidh. Dá dhear-
bhadh sin, do ordaigh Dia san tsheinreachd gibé do mhaill-
eóchadh dá athair nó dá mháthair, bás d'imirt air. Tabhair
dot aire annso an luach ghellas Dia dhoit fá onóir do thabhairt
dot athair agus dod mháthair, .i. saoghal fada. Tuig as sin go
mbia saoghal gearr, gan áireamh pian oile, ag an té
dho-bheir easonóir dhá athair nó dá mháthair, ór as ceart an
bhreath gan beatha fhada do bheith ag an té nach tabhair
onóir do na daoinibh ó bhfuair bheith 'na bheathaidh.


L. 67


Ní hé amháin atá d'fhiachaibh orainn onóir do thabhairt
dár n-aithribh agus dár máithribh, achd atá d'fhiachaibh orainn
fós an onóir chédna do thabhairt don uile uachdarán bhias
againn do thuaith nó d'Eaglais. As urasa a thuigsin as so cia
pheacaigheas a n-aghaidh na haithni si.



AN 6 CAIB.



Don chúigeadh haithne.



6 NÁ DÉNA MARBHADH.
Ní toirmisgthear san aithni si beathodhaigh bhrúdeamhla
do mharbhadh, ór as do na daoinibh féin do cruthaigheadh
iad, ionnas go bhfoghnadaois dóibh dochum a mbeathadh.
An duine ámh - ós do Dhia amháin do cruthaigheadh é, agus
nár cruthaigheadh duine ar bioth do dhuine oile riamh - as
ag Dia amháin atá tighearntas ar a bheathaidh, mar sin
gurab duine amháin thoirmisgeas do mharbhadh annso. As
tuigthe as so go ttoirmisgthear san aithni si ar dhuine é féin
do mharbhadh, ar an n-adhbhar nach leis féin achd lé Dia
sealbh a bheathadh. Agas dá n-abairtheá gur mharbhadar
daoine naomhtha áiridhe iad féin d'eagla a ccreidimh nó a
n-óghdhachda do chailleamhain, as meastha dhoit nach
dearnadar sin gan ughdardhás folaightheach do bheith ó
Dhia aca.



Tar a cheann sin, bíodh a fhios agat nach foil a n-aghaidh
na haithni si an tan chuirid uachdaráin nó breithimh na
tarbha puiblidhe luchd uilc dochum báis, ar an n-adhbhar
nach as a n-ughdardhás féin do-níd sin, achd do bhrígh go
bhfoil ordoghadh ó Dhia aca, mar luchd oifice, na droch-
dhaoine do bhásoghadh iondas go mbeidís na deaghdhaoine
go suaimhneach.



Ní fhoil a n-aghaidh na haithne cédna duine do mharbhadh
a ccath dhleisdeanach, achd nách lé naimhdeanas achd do
chosnamh na córa mhuirfeas é. Ní fhoil fós 'na haghaidh an tan


L. 68


mharbhas duine duine oile agá chosnamh féin ar bhás, nó dá
neamhthoil lé cinneamhain, achd amháin gan mhainneach-
dnaidhe do dhénamh fán ccoimhéd dobhiadh d'fhiachaibh air
dho dhénamh, d'eagla bás duine do theachd de.



Ionnas go ccoimhleamaois an aithni si, atá d'fhiachaibh
orainn na neithe iarrthar dochum inntinne na ndaoine do
chongmháil síothchánta do bheith againn, .i. grádh agus
ceannsaigheachd agus maithfeachas do thabhairt san n-aind-
ligheadh do-bérthaoi dhúinn.



Ar an n-adhbhar sin, ní hé amháin an té do-ní marbhadh
pheacaigheas a n-aghaidh na haithni si, achd an té agá mbí
fuath, do-bheir comhairle fá mharbhadh do dhénamh, iarras
nó fhreagras comhrag, chuireas é féin nó duine oile a nguas-
achd eassláinte le meisge nó lé craos, etc.



AN 7 CAIB.



Don drúis.



7 DRÚIS.
Do bhríogh nách foil ag neach ní as measa leis do chaille-
amhain iná a onóir, leath amoigh dá bheathaidh, ar ttoirmeasg
an duineamharbhaidh lé ccailltear an bheatha, toirmisgthear
annso peacadh na drúisi lé ccailltear an onóir. As air do-bearar
drúis annso, peacadh do dhénamh ré mnaoi neampósta, gé
madh bean sgaoilte gan fhear í, nó bean chuil, nó bean phósta
fhir oile, nó bean riaghalta, nó bean ar bioth leath amoigh do
mhnaoi phósda dhuine féin. Atá an peacadh sa toirmisgthe ó
dhlighthibh an tseinreachda agus an reachda nuaidhe, ór as é
pian do hordaigheadh do luchd an adhaltrannais san
tsheinreachd: gabháil do chlochaibh ortha; san reachd nua
adeir Pól easbal ré luchd na drúisi nach rachaid go flaithe-
amhnas choidhche.



Go deimhin, ní hiongnadh gráin do bheith ar an bpeacadh
sa tar na peacadhaibh oile; ór na peacaidh oile do-ní duine,
bíd don taoibh amoigh dá chorp; peacadh na drúisi iomorro,


L. 69


a n-aghaidh a chuirp féin do-ní neach é do réir fhiaghnaisi
an easbail. Maille ris sin, as lór do chúis ghráine air, a liachd
masla agus aindligheadh do-bheir neach uaidh agá dhénamh, ór
ní hé amháin go ttabhair míochlú dhó féin agus go marbhann a
anam leis, achd do-bheir fós míochlú ar an tshaoghal sa don
mhnaoi agus marbhaidh a hanam leis. Do-bheir fós masla d'fhior
na mná, má tá fear aice, agus dá fuil; do-bheir masla don chloinn
geintear uaidh ag dénamh an uilc sin, ar an n-adhbhar gurab
é as ciontach réna ngeineamhain 'na ccloinn bhasdaird.
Do-bheir masla do Chríosd ar an n-adhbhar go ndénann boill
mheirdrighe do bhallaibh Críosd, ór atá an uile Chríosdaidhe
'na mballaibh aige mar adobhramar roimhe so. Maille ris sin
do-ní aindligheadh oile air, ag reic na n-anmann do cheannaigh
ar a fhuil féin ris an ndiabhal. Do-ní fós aindligheadh ar an
Sbiorad Naomh, a theampall do thruailleadh, .i. anam agus corp
an Chríosdaidhe dá ngoireann Pól teampall an Sbioraid
Naoimh.



Ó atá an peacadh comhurchóideach agus so, ní foláir do
dhuine an uile ghliocas do dhénamh dochum a choimhéda air.
Ar an n-adhbhar sin, gibé lérab mian a sheachna air, ná
bíodh díomhaoin, seachnadh lóghmhaireachd bídh agus dighe,
comhluadar ban, coimhédadh a shúile ar fhéchain mhailísigh,
seachnadh damhsa, comhrádh graosda, abhráin shalcha,
leabhair shuirgheacha do léghadh, íomháighe truaillidhe
d'fhéchain. Dénadh faoisidin agus glacadh Corp Críosd go
meinic; dénadh iomad urnaighthe, troisgthe agus oilithre; léghadh
iomad a leabhraibh diadha, go háiridhe a mbeathaidh na
naomh. Smuaineadh go díthcheallach, gach énuair mhothóchas
cathoghadh an pheacaidh si, a ghiorra mhairfeas aoibhneas
an pheacaidh, a fhad mhairfeas an phian shíordhaidhe
do-gébhthar ar a shon; truaillidheachd an ghníomha agus an náire
dobhiadh air a dhénamh a bhfiaghnaisi dhaoine dá n-uirísle, agus
nách éidir dhó a dhénamh gan fiaghnaisi móráin do bheith air,
mar atá an t-aingeal coimhideachda atá agá thoirmeasg, an
diabhal atá agá bhrosdoghadh agus bhias ag casaoid air, agus an


L. 70


breitheamh cruadálach Dia, do-chí gach ní agus bheanfas cunntas
neammaithfeach ina bhfaicfe.



Gibé do thuitfeadh go cinneamhnach ó bhréithir nó ó
ghníomh san bpeacadh sa, bíodh a fhios aige nách foláir
dhó a innisin 'na fhaoisidin cáilidheachd na pearsann re
ndearna é, ionnas go ttuigeadh an sagart an ghné pheacaidh
do-rinne; ór as gnéithe peacaidh ar leith teagmháil ré mnaoi
phósta fhir oile, ré mnaoi chuil, ré mnaoi riaghalta, ré mnaoi
gan fhear, nó bean ar bioth d'éignioghadh.



AN 8 CAIBIDIL.



Don ghoid.



8 GOID.
Do bhrígh nach foil ní saoghalta ar bioth ag duine, leath
amoigh dá bheathaidh nó dhá onóir, as measa leis do
sgaradh ris iná a shaidhbhreas saoghalta, ar ttoirmeasg na
neitheadh lé ccailleann neach a bheatha agus a onóir isna
haitheantaibh si romhainn, toirmisgthear san aithni si an ní
lé ccailleann duine a shaidhbhreas saoghalta, .i. an ghoid.
Atáid dá mhodh ar a bhfaghann duine cuid dhuine oile go
holc. An cédmhodh: a ghlacadh gan fhios, gan toil dá dhuine
féin, agus as de sin ghoirthear goid go díleas. An dara modh: ní
do ghlacadh ós aird do neamhthoil an té lérab leis é, mar atá
creach, fuadach, éirghe shligheadh, etc., agus as truime so mar
pheacadh go mór iná an céidpheacadh, ar an n-adhbhar nách
é amháin go mbeanann neach mar so a chuid do dhuine oile,
achd go ttabhrann tarcaisne dhó agá fhoillsioghadh nách foil
suim ina dhíoghaltas aige. An gadaidhe iomorro, gé dho-bheir
aindligheadh do dhuine ag buain a choda dhe, gidheadh as dó
féin amháin do-bheir tarcaisne, ór admhaidh gurab boichde
mhíthreóraighe é féin iná an té dá mbeanann a chuid gan
fhios. Toirmisgthear ar an n-adhbhar sin gach cuid díobh so
san aithni si, ór atá a n-aghaidh résúin go ccuirfeadh Dia
toirmeasg ar an bpeacadh as lugha agus nach cuirfeadh toirmeasg
ar an bpeacadh as mó.


L. 71


Ní hé amháin achd toirmisgthear annso a n-ainm ghada:
mealltórachd do dhénamh a reic nó a cceannach; úsurachd, .i.
ceannach do bhuain do dhuine do chionn airdleagaidh
airgid do thabhairt dó; díoghbháil ar bioth do dhénamh do
dhuine agus gan a leasoghadh; gan aiseag do thabhairt san ní do
mheasfadh duine do bheith aige ó dhroichthiodal; gan an ní
do-ghébhadh ag dol amugha do thabhairt dá dhuine féin, más
éidir leis a fhios d'fhagháil; gan luach a saothair do thabhairt
do luchd oibre mar as luaithe as éidir, nó luach saothair budh
mhó iná an chóir do bhuain amach; gan fiacha nó cíos do
dhíol; goid do cheannach as a riochd; comhairle nó congnamh
do thabhairt dochum a choda féin do bhuain do dhuine oile
go holc; sealbh do chor ar an ní dobhiadh coitcheann idir
dhaoinibh; roinn éigceart do dhénamh ar an ní do-gébhthaoi
ré a roinn ar dhaoinibh oile, etc.



AN 9 CAIB.



Don ochdmhadh haithne.



9 NÁ DÉIN BRÉIGFHIAGHNAISE, ETC.
Arna thoirmeasg go nuige so an égcóir do-níthear ar an
ccomharsain le gníomh, toirmisgthear annso an égcóir
do-níthear air lé briathraibh, mar atá fiaghnaisi bhréige agus gach
briathra oile théid a n-urchóid dó. Tabhair dot aire annso go
bfhoilid trí gnéithe brég ann. An chéidghné: coir bhrégach do
chor a bfhiaghnaisi bhreithimh ar dhuine, agus brég dhíogh-
bhálach goirthear dí sin. An dara gné: an tan do-ní neach
brég ag tairgsin duine do shaoradh ar bhás nó ar pheiriacail
ina mbiadh, gan díoghbháil do dhénamh do dhuine oile, agus
brég fhogharthach do-beirthear uirthe sin. An treas gné: an
bhrég nach dénann díoghbháil ná cuidioghadh, agus brég dhíomh-
aoin as ainm dí sin. An chéidbhrég díobh sin thoirmisgthear
annso go prinsipálta, ar an n-adhbhar nách é amháin go
bhfoil sí 'na bréig, achd go bhfoil 'na haindligheadh mhór agus 'na


L. 72


peacadh throm. Ní mar sin do na brégaibh oile: ní fhoil
aindligheadh ná égcóir ionnta, agus ní fhoilid 'na bpeacadh
comhthrom ris an ccéidbhréig; gidheadh, ní fhoil amharas go
bhfoil an uile bhrég, gibé ar bioth cúis fá ndéntar í, 'na
peacadh shologhtha go háiridhe.



Bíodh a fhios agat nach é amháin go ttoirmisgthear fiaghnaisi
bhréige annso, achd go ttoirmisgthear an uile ghné cháinte,
ithiomráidh agus easgaine. Agas ní hé amháin atá d'fhiachaibh
orainn gan fiaghnaisi bhréige do dhénamh a n-aghaidh ar
ccomharsan, achd atá d'fhiachaibh orainn fós as an aithni si
an fhírinne rachas a leas dó do dhénamh an tan iarrfaithear ar
bhfiaghnaisi.



AN X CAIB.



Don naomhadh haithne agus don deachmhadh haithne.



10 A MHAOIN NÁ A BHEAN, ETC.
Arna fhógra lé Dia dhúinn san tsheiseadh agus san tsheachdmh-
adh haithne gan chiontoghadh ré mnaoi fhir oile ná ré mnaoi
neamhpósta ar bioth, agus gan chuid duine oile do ghlacadh go
holc, do fhógair ós a chionn sin annso gan cheachdar dhíobh
sin do shanntoghadh inar n-inntinn, ionnas go bhfoill-
sigheadh dúinn gurab peacadh ar leith iad sin.



Ionnas go ttuigthea nádúir na bpeacadh sa, tabhair dot aire
go ttig drochsmuaineadh ar thrí modhaibh a n-inntinn dhuine.
An cédmhodh: an tan do-bheir an diabhal sanais do dhuine ag
cor uilc éigin 'na fhiaghnaisi, agus nach tabhrann aonta dhó agus
nach gabhann aoibhneas truaillidhe chuige 'na inntinn leis an
smuaineadh sin. Dá ndearna an té si a dhíthcheall ar an smuain-
eadh sin do chor uaidh mar as luaithe bhús éidir leis, ní hé
amháin nach peacaigheann achd bídh luaighidheachd mhór
aige; mar sin nach é a leithéid sin do smuaineadh thoirmis-
gthear annso. An dara modh: an tan bhíos aoibhneas ag
cédfadhaibh duine san drochsmuaineadh agus nach tabhrann
lántoil tar a cheann sin chuige; agus bídh sin go coitcheand 'na
pheacadh shologhtha. An treas modh; an tan nach é amháin


L. 73


go mbí aoibhneas cédfadh ag duine san drochsmuaineadh,
achd go ttugann a thoil, agus a aire air féin, dochum an pheac-
aidh do dhénamh, nó dochum anamhna dá dheóin féin ós
cionn an drochsmuainidh nó an aoibhnis thruaillidhe sin; agus
bídh a leithéid sin do smuaineadh 'na pheacadh mharbhtha,
más cúis pheacaidh mharbhtha an ní ar a smuaintear do chor
a ngníomh, agus as é sin thoirmisgthear annso.



Tabhair dot aire fós nách é amháin go bfhoil peacadh dhoit
dúil do chor a mnaoi nó a saidhbhreas do chomharsan, achd
atá peacadh dhoit a mhian do bheith ort dia bréige d'adhradh
nó an tshaoire do bhriseadh, nó a shanntoghadh ní ar bioth
dá bhfoil a n-aghaidh na n-aitheantadh oile do dhénamh.
Gidheadh, do ba lór lé Dia a aithne dhínn go follas gan
mhaoin ar ccomharsan ná a bhean do shanntoghadh, ar an
n-adhbhar nách sanntaigheand duine peacadh ar bioth achd
peacadh agá bhfaicthear dhó maith éigin do bheith ann; mar
sin go sanntoigheand neach an drúis do bhríogh go measann
aoibhneas d'fhagháil innte, agus cuid dhuine oile do bhríogh go
bhfaiceand tarbha dhó innte. Gidheadh, na peacaidh oile,
as beag dhíobh a mbí tarbha ná aoibhneas ná maith ar bioth;
gonadh aire sin nach ar a son féin shanntaigheas duine iad,
achd a ngioll ar ní éigin oile ina mbiadh tarbha nó aoibh-
neas. Ar an n-adhbhar sin, ní thug Dia aithne ar leith do
thoirmeasg a sanntaighthe, achd do ba lór leis na haitheanta
thoirmisgeas iad féin mar thoirmeasg ar a sanntoghadh leis.



Tabhair dot aire fós nách toirmisgid na dlighthe saoghalta
neithe do shanntoghadh mar thoirmisgeas dligheadh Dé ann
so. As é a adhbhar sin nách faicid na daoine na neithe bhíos
a ccroidhibh na ndaoine oile, mar sin nach biadh tarbha
dhóibh toirmeasg do chor ar chách fá ní do shanntoghadh 'na
ccroidhe; ór gibé do bhrisfeadh an dligheadh sin, ní fhédfadaois
ceartoghadh do dhénamh air, ar an n-adhbhar nach biadh
dearbhadh aca air. Achd ós é Dia sgrúdas an uile chroidhe,
as éidir leis an dligheadh sin d'ordoghadh agus a dhíoghail ar an
tté do bhrisfeadh é.


L. 74


Bíodh a fhios agat an toirmeasg cuirthear annso ar fhear
fá mhnaoi phósda fhir oile do shanntoghadh, go ccuirthear
an toirmeasg cédna ar mhnaoi fá fhear mhná pósda dho shann-
toghadh; agus ní hé amháin: atá an toirmeasg cédna ar fhear fá
mhnaoi ar bioth do shantoghadh achd a bhean féin, agus ar
mhnaoi achd a fear féin.



AN XI CAIB.



d'aitheantaibh na hEaglaisi.



Ní cás a thuigsin as na rannaibh adobhramar thuas créd as
bhrígh d'aitheantaibh na hEaglaisi. Ar an n-adhbhar sin, ní
fhoil fáth againn bheith dá mínioghadh annso. Achd so
amháin tabhair dot aire: ós é an Pápa fear ionaid Chríosd,
ceann na hEaglaisi, agá bfhoil an uilechumhachd a nimh agus a
ttalamh ó Chríosd, mar adobhramar roimhe so, gurab éidir
leis reachd agus dlighthe dh'ordoghadh agus a chor d'fhíachaibh
ar an n-uile chríosdaidhe a ccoimhéd. Gonadh aire sin atá
d'fhiachaibh ar gach aon aitheanta na nEaglasi do choimhéd,
agus gibé nach coimhleann iad, ní don Phápa amháin nó don
Eaglais do-bheir aindligheadh, achd do Chríosd leis, ar an
n-adhbhar gurab leis an n-ughdardhás fríoth uaidh do
hordoigheadh iad. Tuilleadh oile: ar an n-adhbhar go bhfoilid
troisgthe na hanman d'fhiachaibh ort ó aithne na hEaglaisi,
mar adobhramar, bíodh a fhios agat go mbíd ann ceithre
huaire san bhliaghoin, .i. an Chédaoin agus an Satharn agus an
Aoine tar éis an ChédDomhnaigh don Chorghas, tar éis
Chingcísi, tar éis Fhéile na Croiche san fhoghmhar, agus tar éis an
treas Domhnaigh don Aidbheant. As air do-beirthear Aid-
beant, aimsior theachda an Tighearna, agus an Domhnach as
goire d'fhéil Aindrias easbal, roimhe nó 'na dhiaigh, an
cédDomhnach dhe.


L. 75


AN CEATHRAMHADH CUID.



DON TEAGASG CRÍOSDAIDHE.



Do na sacramainntibh.





Na seachd sacramainte dhoit:
Baisdeadh, Dol fá láimh easboig,
Corp Críosd is Faoisidin ghlan,
Ola ré mbás, Ord, Pósadh.



As leó sin ghléstar na glais
atáid róimh ar dhún bparrthais
a n-aimhréidh dá ndeachad so
tré chaill aithne an ardFhlatho.





GLUAIS MÍNIGHTHE.



AR NA RANDAIBH SE AGUS AR NA SACRAMAINNTIBH.



AN CHÉDCHAIB.



Do na sacramainntibh go coitcheand.



Óirchisde na hEaglaisi Catoilice na sacramainnte naomhtha,
lé bfhaghthar, le ccoimhédtar agus lé médaighthear grása Dé a
nduine, agus lé n-athnuaighthear na grása cédna an tan
chailltear leis an bpeacadh iad.



As air do-beirthear sacramaint annso, comhartha somho-
thaighthe lé cédfadhaibh corpordha, chiallaigheas agus oibrigheas,
lé hordoghadh Dé, grása a nduine. Iarrthar ar an n-adhbhar
sin trí neithe dochum na sacramainnte. An céidní: comhartha
éigin as éidir d'fhaicsin nó do ghlacadh nó do mhothoghadh lé
cédfaidh éigin. An dara ní: an comhartha sa do bheith arna


L. 76


ordoghadh ó Dhía dochum grás d'oibrioghadh a nduine. An
treas ní: cosamhlachd éigin do bheith aige don taoibh amoigh
ris na neithibh oibrigheas na grása do-gheibhthear leis ó
Dhia san anam don taoibh asttigh, ionnas go cciallaigheadh
iad. As mar sin chiallaigheas nighe an chuirp lé huisge don
taoibh amoigh san bhaisdeadh, glanadh an anma don taoibh
asttigh ó na peacadhaibh leis na grásaibh do-geibhthear ó
Dhia san bhaisdeadh chédna.



Ar an n-adhbhar thrá go bfhoil corp agus anam sbioradta
ceangailte dá chéile inar nádúir dhaonda, tug Críosd na
comharthadha corpordha sa chiallaigheas agus oibrigheas grása
sbioradálta san anam dúinn; ór dá mbeath ar nádúir 'na
sbioraid amháin, do-bhéradh grása dhúinn gan chomhartha
corpardha ar bioth d'iarraidh chuige, mar tug do na hainglibh.



Gach bríogh dá bhfoil ag na sacramainntibh, as ó pháis
Chríosd atá aca, ór as tríotha so, mar uisge tré fheadánaibh,
doirttear toradh na páisi cédna chugainn, .i. na grása agus
maitheamh ar bpeacadh do thoill dúinn.



Tug Críosd iad so ar láimh na hEaglaisi Catoilice dochum
na ngrás sa do thuill dúinn do roinn orainn, ionnas go
ttugthar óirchisde na hEaglaisi ortha.



As é líon na sacramainnteadh, a seachd, .i. Baisdeadh, Dol
fá láimh easbaig, Sacramainnt Chuirp Chríosd, Faoisidin, an
tOngadh Déigheanach, Ord agus Pósadh. Atáid trí sacramainnte
dhíobh so le mbuailtear séla sbioradálta ar an n-anam agus nách
éidir do dhénamh an dara huair, .i. Baisdeadh, Dol fá láimh
easbaig, agus Ord. As é Críosd féin do ordaigh iad so uile, agus atáid
ar gnáthoghadh ó aimsir Chríosd agus na n-easbal ale san
Eaglais; mar sin nach Críosdaidhe agus nach ball don Eaglais
énduine dá ndiúltfa énchuid díobh.



AN 2 CAIB.



Don bhaisdeadh.



Do bhríogh go bfhoilid cúisi áiridhe, mar adéram 'na
dhiaigh so, ina bhfédann an uile dhuine baisdeadh do dhénamh,
ní foláir a fhollsioghadh annso na neithe nach foil teachd


L. 77


'na n-égmhais san bhaisdeadh, ionnas go mbiadh a bhfios ag
gach énduine.



Atáid trí neithe nach foil teachd 'na n-égmhais san
bhaisdeadh. An céidní: uisge nádúrtha dhoirttear ar an tté
bhaisdtear nó ina ttumthar é. An dara ní: an té bhias ag
dénamh an bhaisde, an tan bhias ag cor an leinibh san n-uisge
nó ag dortadh an uisge air, do rádh na mbriathar sa: “Baisdim
thú a n-ainm an Athar agus an Mheic agus an Sbioraid Naoimh.” An
treas ní: a inntinn do bheith ag an té si baisdeadh do dhénamh
dhá-ríribh, .i. an tshacramaint do ordaigh Críosd agus ghná-
thaigheas an Eaglas an tan do-ní baisdeadh, do dhénamh; ór
dá n-abradh duine na briathra sin tré shúgradh ag nighe
chuirp duine amháin gan inntinn a bhaisdthe, do-ghénadh
peacadh rothrom agus ní bhíadh foghnamh ar an mbaisdeadh.



Ní foláir don té bhaisdtear, más duine críonda é, a inntinn
do bheith aige baisdeadh do ghlacadh, ór ní héidir aoinneach
do bhaisdeadh gan a thoil féin d'fhagháil chuige. As cóir dhó
fós, ionnas go bfhaghadh grása san bhaisdeadh, creideamh
do bheith aige, aithreachas do dhénamh 'na pheacadhaibh,
etc. Gidheadh, ní fhoilid so d'fhiachaibh ar leanbán gan chéill,
achd as lór dhó na cairdeasa Críosd ag tabhairt fhreagra agus
gheallaidh ar a shon. Agas bíodh a fhios ag na cairdeasaibh
Críosd nach cóir dhóibh bheith nísa lia iná dias, .i. fear agus bean;
agus go bhfoil d'fhiachaibh ortha, an tan bhias an leanabh ag
teachd dochum críondachda, dá bhfaicdís a athair agus a
mháthar mainneachdnach 'na thimcheall, a thabhairt fá
deara an creideamh catoilice dho mhúnadh dhó. Bíodh a fhios
aca fós go bhfhoil gaol sbioradálta dhóibh féin agus don té do-ní
an baisdeadh ris an leanabh, agus ré hathair agus ré máthair an
leinibh chédna.



Do shagart ó oific as cóir baisdeadh do dhénamh, agus go
mórmhór don tshagart chúraim; gidheadh, muna fhaghthar
an sagart, as éidir lé deóchain a dhénamh. Ní hé amháin, achd
dá rabh an leanabh a n-airteagal bháis, as éidir leis an n-uile
dhuine, do chléireach nó dho thuata, do Chríosdaidhe nó
d'ainchríosdaidhe, a bhaisdeadh, achd amháin a inntinn do
bheith aca sacramainnt an bhaisde do dhénamh ar an modh


L. 78


ar a ngnáthaigheann an Eaglas nó ar ar ordoigh Críosd a
dénamh. Gidheadh ní cóir do mhnaoi baisdeadh do dhénamh
do láthair fhir, ná do thúata do láthair chléirigh, ná don
chléieach as ísle grádha do láthair an chléirigh as airde
grádha.



As iomdha ní oibrigheas an baisdeadh a n-anam an duine.
Do chéidneithibh, glanaidh é ó pheacadh na sinsear agus ón uile
pheacadh oile do-níthear ré mbaisdeadh agus ina ndéntar
aithreachas, maille re hiomad grás do thabhairt dó lé ndéntar
mac Dé agus oighre ar ríoghdhachd nimhe don té dobhí 'na
mhac ag an diabhal agus ar a raibhe biothmhuinntearas a
n-ifrionn; agus ní hé amháin go nglanann an t-anam ó shalchar
an pheacaidh, achd saoraidh é ón uile phéin do dlighfidhe ar
a shon a n-ifrionn nó a bpurghadóir, ionnas dá bfhaghadh
duine bás ar ball iar mbaisdeadh, go rachadh gan mhoille go
flaitheamhnas mar nách diongnadh éinpheacadh riamh.
Maille ris sin, buailidh an baisdeadh séla sbioradálta ar an
n-anam mar chomhartha Críosdaidhe nach éidir do sgaradh
ris go bráth, agus más go hifrionn rachas, aitheantar as so gurab
caora do-chuaidh ar seachrán ó thréd Chríosd é. 'Na cceand
so, as leis an mbaisdeadh aithgheintear duine san bheathaidh
sbioradálta, théid astteach san nEaglais agus do-níthear ball do
chorp Chríosd, an Eaglas, de, ionnas go bhfaghann a chuid do
na grásaibh do-gheibhid boill oile na hEaglaisi ó Chríosd;
gonadh aire sin goirthear doras na hEaglaisi don bhaisde-
adh. Ar an n-adhbhar sin, ó nach éidir duine ar bioth do
shlánoghadh don taoibh amoigh dhon Eaglais, ní héidir
duine ar bioth do shlánoghadh gan bhaisdeadh nó gan rún
a bhaisdthe, go háiridhe an uair fhédfas. Ní héidir fós sacra-
mainnt ar bioth oile do ghlacadh gan é. Tuig as so go bfhoil
d'fhiachaibh ar gach aon dá mbaisdtear bheith umhal do
chionn na hEaglaisi fá Chríosd, an Pápa.



AN 3 CAIB.



Don tshacramainnt ar a ttugthar dol fá láimh easbaig.



Confirmatio ghoirthear a Laidin don tsacramaint si, .i.
“daingnioghadh”, ar an n-adhbhar go ttugaid na grása


L. 79


do-geibhthear innte neart agus brígh don Chríosdaidhe óg bhíos
maoth beigneartmhar arna gheineamhain amháin san
bheathaidh sbioradálta, ionnas go ttugann dochum aoisi
foirfe é, go ndaingnigheand 'na chreideamh é, go ttugann
calmachd inntinne dhó dochum an chreidimh chédna
d'admháil an tan chuirfidhear chuige 'na thimcheall.
Do-beirthear fós chrisma uirthe - focal grégach sin chiallaigheas
“ola” nó “ongadh” - ar an n-adhbhar go n-ongthar an t-édan
ag an té ghlacas í; leis an ongadh sa chíallaighthear an t-ongadh
do-níd grása Dé ar an n-anam agá neartoghadh mar adobha-
mar. Buailtear leis an sacramainnt si séla sbioradálta ar an
n-anam mar chomhartha ridire Críosd, nach éidir do sgaradh
ris go bráth. d'easbag as cóir a tabhairt uaidh, agus ní foláir don
té ghlacfas í bheith baisdthe ar tús. Gidh mór na grása
do-geibhthear san tshacramainnt si, as éidir lé duine a shlánogh-
adh gan í; gidheadh, ní héidir lé duine ar bioth, gan pheacadh
do dhénamh, a léigean de tré mhainneachdnaighe nó tré
neamhshuim. Dobhí an tshacramainnt si ar gnáthoghadh ag
na heasbalaibh, agus atá ó aimsir na n-easbal ale ar gnáthoghadh
ag an Eaglais. Dearbhaid na naomhaithre Ambrós agus Aibhisdín
gurab uirthe labhraid iomad d'áitibh ag an sgrioptúir.



AN 4 CAIB.



Do shacramainnt Chuirp Chríosd.



Iarrthar nísa lugha dhe ceithre neithe dochum na sacra-
mainnti si do dhénamh. An céidní díobh: an té bhias dá
dénamh do bheith 'na shagart, ór as do na sagartaibh amháin
tug Críosd cumhachda a dénta. As cóir do na sagartaibh si
gach ní ordaighthear dhóibh a ruibric an Leabhair Aithfrinn
do choimhéd. An dara ní: arán cruithneachda agus fíon fírinne-
ach. An treas ní: an sagart do rádh briathar áiridhe, mar
dho ordaigh Críosd, ós a ccionn sin. An ceathromhadh ní: a
inntinn do bheith aige sacramainnt do dhénamh dhá-ríribh
ag rádh na mbriathar sin.


L. 80


Bíoth a fhios agat ar an n-adhbhar sin nach bí san abhlainn
do-chí tú ag an tshagart ar an altóir suil choisreagthar í achd
arán beag roghlan cruithneachda; an tan adeir an sagart na
briathra lé naomhchoisrigthear í ós a cionn, do-níthear Corp
fíre Críosd di; agus do bhrígh go bhfoil Corp Críosd beó ceangailte
don diadhachd a bpearsain an Mheic, tig an Corp sa gona
fhuil ceangailte don diadhachd san abhlainn an uair si, ionnas
go mbí Críosd 'na Dhia agus 'na dhuine bhithbheó innte. Ní hé
amháin: bídh an Tríonnóid uile innte, do bhrígh nach éidir
pearsana na Tríonnóide do sgaradh ré chéile. Ar an modh
ccédna, ní bhí san chailís suil do-níthear a naomhchoisreagadh
achd beagán fíona ina ccuirthear fírbheagán uisge; arna
naomhchoisreagadh so leis an sagart, do-níthear Fuil Chríosd
de; agus ar an n-adhbhar nach foil an fhuil si a n-égmhais Chuirp
Chríosd, bídh an Corp agus an diadhachd ceangailte do ghnáth
dhi san chailís, ionnas go mbí Críosd go hiomlán 'na Dhia agus
'na dhuine agus trí pearsana na Tríonnóide innte.



Bíoth a fhios agat fós, gion go ttréigeann an abhlann
fioghair, dath, blas ná boladh aráin léna naomhchoisreagadh,
tar a cheann sin nach anann ní ar bioth do shubsdainnt an
aráin innte gan dol ar neimhthní ar ball an tan do-níthear Corp
Críosd dí. Ar an modh ccédna don chailís: gion go ttréigeann
an ní bhíos innte aicíde an fhíona, mar atá blas, boladh, dath,
fioghair etc., tar a cheann sin ní anann ní ar bioth do shub-
sdainnt an fhíona nách téid ar neimhthní ar ball an tan
do-níthear Fuil Chríosd lé a naomhchoisreagadh dhe. As éidir so
do chor a ccéill ar chor éigin lé híomháigh mhná Lot: ór an
tan do-rinneagh íomháigh shalainn don mhnaoi si tré bhriseadh
aithne Dé, dobhí fioghair agus dénamh mhná Lot uirthe, gion
go raibhe innte achd salann. As mar sin don abhlainn agus don
ní bhíos san chailís: bídh blas agus boladh aráin agus fíona ortha,
gion go mbí ionnta achd Corp agus Fuil Chríosd.



Bíodh a fhios agat dá ndearntaoi na mílte cuid díobh so,
nach foil énchuid díobh nach biadh Críosd uile go hiomlán


L. 81


innte. Ná meas ar an n-adhbhar sin, an tan bhrisdthear an
abhlann, go mbrisfidhe Corp Críosd nó go sgarfaidhe a bhoill
ó chéile, ór ní bhí a cheann a n-áit agus a chosa a n-áit oile san
abhlainn, achd bídh a Chorp uile go hiomlán gona bhallaibh
go huilidhe in gach énchuid dá loighead dhí. Agas más deacair
leat so do thuigsin, tuig gurab mó as éidir le Día do dhénamh
iná as éidir leat féin do thuigsin. Tuig fós gurab romhóide do
luaighidheachd fána chreideamh go mbiadh corp mór daon-
daidhe 'na choimbeag so d'ionad, a dheacra lét inntleachd
a thuigsin. Tuig fós go bhfédann Dia so do dhénamh fá mar
dho fhédfadh, do réir fhiaghnaisi Críosd san tshoisgél,
cámhall, .i. beathadhach as mó iná each, do bhreith tré chró
snáthaide.



Dá bhfiafraighthea an bhfágbhann Críosd flaitheamhnas Dé
an tan tig chugainn san tshacramainnt si, as dearbh nach
fágbhann, achd go mbí a n-aoinfheachd a bhfhlaitheamhnas
agus ar an altóir annso, agus san Róimh, agus ar gach énaltóir ar a
n-abairthear aithfreann ar feadh an domhain. Agas más
deacair leat so do thuigsin, tuig - mar adobhramar anois -
go ndeachadar cumhachda Dé ós cionn do thuigseana féin,
agus ná hiarr iad so do thuigsin, achd creid iad, ar an n-adhbhar
gur fhoillsigh Día glórmhar Críosd, leis nach héidir brég
do dhénamh, go bhfoilid 'na bhfírinne. As éidir fós so do chor
a ccéill ar chor éigin le sompladhaibh. Do chéidneithibh, bídh
anam an duine uile 'na chionn, agus bídh an t-anam cédna uile 'na
chosaibh, agus in gach ball oile dá bhallaibh a n-aoinfheachd;
ór ní héidir a rádh go mbiadh cuid don anam in gach énbhall
díobh sin, ar an n-adhbhar nach foil ann achd sbiorad nách
éidir do roinn. As mar sin as éidir le Corp Críosd bheith a
n-iomad ball a n-aoinfheachd lé mórchumhachdaibh Dé.
Maille ris sin, léghthar a mbeathaidh an naomhathar Antoin
ó Phadua go raibhe a n-aoinfheachd a ccathair áiridhe san
Eadáille ag dénamh seanmóra, agus san Phortaighil ag dénamh
deaghoibre oile. Ar an n-adhbhar sin, as éidir leis an nDia
ccédna 'sa cumhachda lé raibhe isna háitibh sin a bhfad ó
chéile a n-aoinfheachd, Corp Críosd do chor a n-iomad
abhlann a n-áitibh imchiana ó chéile gan neamh d'fhágbháil dó.


L. 82


Ní cás a thuigsin as a ndobhramar, créd í an onóir as cóir
do thabhairt don tshacramainnt si; ór atá a dhearbh againd ór
ccreideamh go bhfoil Críosd, do réir a dhiadhachda agus a
dhaondachda, agus trí pearsana na Tríonnóide innte, mar
adobhramar thuas; mar sin nach foláir gach onóir dhlighthear
dhóibh sin do thabhairt don tsacramoinnt si.



Ar an n-adhbhar sin, ní foláir don té thiocfas dá hionn-
soighidh so dochum a glactha, ionnas go ttugadh a honóir
iomchubhaidh dhi, trí neithe do choimhéd.



An céidní: a choinsias do sgrúdadh, a pheacaidh do chor a
bhfaoisidin, ionnas nách biadh sgél peacaidh mharbhtha go
háiridhe agá choinsias air, ór as do bheóaibh agus ní do mhar-
bhaibh do hordoigheadh an tsacramainnt si. An dara ní:
bheith ar cédlongadh, .i. gan biadh ná deoch dá loighead do
chaitheamh ó mheadhón oidhche amach go caitheamh na
sacramainte arna mhárach. Gidheadh, bíodh a fhios agat nach
cuirionn duine ó chédlongadh a sheile do léigean síos. Ní hé
amháin: dá ndeachadh uisge dá neamhthoil a mbrághuid duine,
as éidir leis Corp Críosd do ghlacadh 'na dhiaigh sin. An treas
ní: a bheith do chéill ann go ttuigfeadh an ní atá do ghlacadh,
agus a ghlacadh maille ré débhóision; agus as uime sin nách tugthar
an tshacramainnt si do leanbhaibh gan chéill, ná d'óinmhidibh,
ná do luchd mire, ná d'énduine ag nach bí a chiall ar a chumas.



Tabhair dot aire annso nach foil feidhm ag na daoinibh
bhíos ag caitheamh chumaoineach ón tshagart, ar ccaitheamh
Chuirp Chríosd san abhlainn, an Fhuil d'fhagháil 'na dhiaigh
sin as an chailís, ór do-gheibhid Corp agus Fuil Chríosd go hiom-
lán san abhlainn féin; achd as lór dóibh fíon gan choisreagadh,
nó uisge, nó gan éinní d'fhagháil 'na dhiaigh, agus atá a n-aghaidh
ghnáith agus ordaighthe na hEaglaisi a aitherrach sin do thabh-
airt dóibh.



Dá bhfiafraighthea gá huair as cóir a caitheamh, adeirim
go bhfoil d'fhiachaibh ar gach Críosdaidhe agá mbia a chiall
ar a chumas, a glacadh gacha bliadhna lá éigin idir Dhomhnach


L. 83


na Slat agus Domhnach mionChásg, nó ceachdar don dá lá soin.
Ós a chionn sin, as cosmhail dá gach Críosdaidhe chogúsach
a glacadh nísa mhionca iná sin, do réir na comhairle do-ghébha
óna oide faoisidne, agus as cóir ar gach énchor a glacadh ré
huchd mbáis más éidir é, dá rabh neach ar cédlongadh gion
go rabh.



Dá bhfiafraighthea annso créd fár ordaigh Dia an tsacram-
aint si, adeirim go rabhadar trí cúisi aige. An chédchúis:
ionnas go mbiadh 'na biadh sbioradálta ag na hanmannaibh;
ór fá mar bheathaigheas an t-arán an teas nádúrtha bhíos ag
cumhdach na beatha corpardha, as mar sin bheathaigheas an
tshacramaint si, an tan ghlacthar go diongmhála í, an grádh
as sláinte don anam, agus chumhdaigheas an bheatha sbioradálta;
agus as uime sin do ordaigh Críosd a dénamh d'arán agus d'fhíon,
ionnas go cciallaigheadh an bheatha sbioradálta. An dara cúis:
ionnas go mbiadh iodhbairt san reachd nua dá dénamh do
Dhia mar dobhíodh san tsheinreachd. Gidh iomdha ámh
iodhbairt do-níthí san tsheinreachd, ní raibhe ionnta uile
achd fioghair agus sgáile na hiodhbarta móire si atá againn san
reachd nua, .i. iodhbairt Chuirp agus Fhola Críosd do-níthear
leis an sagart san aithfrionn. As leis an n-iodhbairt si ceann-
saighthear fearg Dhé ris na daoinibh, agus do-geibhthear iomad
tiodhlaigtheadh uaidh, ní hé amháin don droing mhaireas ar
an saoghal sa, achd fós do na marbhaibh a bpurghadóir. Atá
d'fhiachaibh ar gach aon teachd dochum na hiodhbarta sa
gach énlá saoire más éidir leis é. An treas cúis fár ordoigh
Críosd an tshacramainnt si agus an iodhbairt: ionnas go mbiadh
'na cuimhne shíordhaidhe againn ar a pháis féin agus ar a ghrádh
orainn agus ar a thiodhlaigthibh móra dhúinn, ionnas go mosgal-
taoi ar n-inntinn dochum a ghrádhaighthe 'na aghaidh sin.



AN 5 CAIB.



Don fhaoisidin.
Dá chuid prinsipálta atá san tshacramainnt si, .i. an peacth-
ach d'admháil na bpeacadh, agus absolóid d'fhagháil ón tshagart
ionnta; ór do ordaigh Dia an sagart mar bhreitheamh isna


L. 84


peacthaibh do-níthear iar mbaisdeadh, agus tug a ughdardhás
féin dó dochum a maithmhe. Ní foláir thrá an chúis d'fhoill-
sioghadh don bhreitheamh, agus ní foláir don bhreitheamh breath
do bhreith go follas. Ar an n-adhbhar sin, ní foláir don
pheacthach a pheacaidh d'innisin go follas lé briathraibh, más
éidir leis é ar chor ar bioth - munab éidir, a bhfoillsioghadh lé
sgríbhneóireachd nó le comhartha éigin foirimealach - agus ní
foláir don tshagart a fhuasgladh ó na peacadhaibh cédna le
briathraibh chiallaigheas go bfhuasglann Dia an t-anam leis
na briathraibh sin fén uatha, agus ón phéin shíordhaidhe
dhlighthear a n-ifrionn ar a son.



Atáid trí neithe 'na riachdanas ar an tté bhias ag glacadh na
sacramainnti si, .i. tuirsi chroidhe 'na pheacadhaibh, a
n-admháil mar adobhramar, agus lóirghníomh do dhénamh ionnta.
Ionnas go mbiadh an doilgheas sin mar as cóir, sgrúdadh an
peacthach a inntinn go maith: smuaineadh na háite ina raibhe
ó dho-rinne a fhaoisidin roimhe, agus créd í an tshiocair pheacaidh
dobhí aige ionnta; créd an oific dobhí aige nó 'nar pheacaigh
innte; créd an comhluadar. Cuireadh fós na haitheanta 'na
fhiaghnaisi agus smuaineadh cia dhíobh inar pheacaigh. Ar
ccruinnioghadh a pheacadh go hiomlán dó, measadh gurab
truime iad iná peacadh Ádhaimh, .i. ubhall beag d'ithe a
n-aghaidh aithne Dé trér damnaigheadh an cineadh daonda
uile cúig mhíle bliaghan go hifreand. Ar an n-adhbhar sin,
bíodh doilgheas mór air fán oiread sin do choirthibh troma
do dhénamh a n-aghaidh Dé agus a Shlánaightheóra nach dearna
olc riamh dhó achd an uile mhaith, agus nárab lór leis doilgheas
do bheith air fá thruaillidheachd an pheacaidh, nó fá phéin
ifrinn do thuilleamh, achd bíodh doilgheas air fá choir ar
bioth do dhénamh a n-aghaidh Dé. Maille ris sin, ní foláir
dhó a rún do bheith aige gan na peacaidh chédna do dhénamh
arís. Ní lór do dhuine an doilgheas sa do bheith air, achd ní
foláir dhó teachd d'ionnsoighidh an tshagairt agus na peacaidh
chédna d'innisin dó go hiomlán maille re náire agus ré tuirsi, gan
aoinní do chor leó ná do bhuain díobh, gan bhréig do dhén-
amh, gan aithfear a pheacaidh do chor ar dhuine oile, gan
leithsgél do ghabháil, gan aoinní do cheilt lé náire, gan


L. 85


pheacadh duine oile d'innisin. Maille ris sin as cóir dhó a
innisin gach gné pheacaidh dá ndearna agus gá mhéd uair
do-rinne iad do réir mar as éidir leis a chuimhnioghadh, agus
gach modh ar a ndearna iad do mhodh ina mbiadh médoghadh
an pheacaidh go mór. Gidheadh, tabhradh dá aire gan
sgélaidheachd nach beanann ré foillsioghadh na bpeacadh do
chor ar feadh na faoisidine, agus ná hanadh ris an sagart
dh'fhíafraighidh a pheacadh dhe gan é féin dá n-innisin. Ós
a ccionn so, ní foláir dhó bheith ullamh dochum lóirghníomha
do dhénamh 'na pheacadh, go háiridhe an breitheamhnas
aithridhe chuirfeas an sagart air do ghabháil chuige go
toltanach, agus a rún do bheith aige a dhíol an tan fhédfas, ag
meas gurab mór na grása do-rinne Dia air, .i. an phian bheag
sin do ghabháil uaidh ar son na péine síoraidhe do thuill
d'fhagháil a n-ifrionn. Atáid trí deaghoibre as gnáthach do
dhénamh a lóirghníomh an pheacaidh, .i. urnaighthe, trosgadh
agus déirc, fá mar dho theagaisg an t-aingeal Rafahél do
Thobias, ionnas go ttoirbhireadh duine na trí neithe atá aige do
Dhia leó so, .i. maitheas an anma leis an n-urnaighthe, an chuirp
leis an ttrosgadh agus a shaidhbhreas saoghalta leis an ndéirc.
Áirimhthear ar an urnaighthe ní hé amháin paidreacha nó
sailm do rádh, achd aithfreann nó seanmóir d'éisdeachd nó
do rádh. Áirimhthear ar an ttrosgadh an uile dhochar chuireas
duine ar a chorp ar son Dé, mar atá oilithre, sgiúrsa, léine
róinneadh, luighe ar talamh lom, nó a leithéide oile.
Áirimhthear ar an ndéirc an uile obair thrócaire. Tabhair dot
aire annso go n-iarrthar trí neithe dochum an troisgthe, .i. gan
d'ithe achd an énchuid, agus gan an n-énchuid sin do dhénamh
go ttí a ngar do mheadhón laoi, agus ní fhoil dá mhoille nach
feirrde. An treas ní: gan biadha toirmisgthe d'ithe ar an
n-énchuid sin, mar atá feóil uair ar bioth, nó uighe, nó
báinbhiadh san Chorghas, nó Dia hAoine san áit ag nach foil
gnáthoghadh ar a n-ithe. Gidheadh, bíoth a fhios agat nach
briseadh troisgthe deoch d'ól gach énuair bhias tart ort, nó
beagán égin aráin agus deoch, agus fós beagán toirtheadh do
chaitheamh san oidhche ré ndol do chodladh mar cholláisión.


L. 86


Atá an tsacramainnt si 'na riachdanas ar an uile dhuine
do-ní peacadh iar mbaisdeadh, ór ní héidir leó a slánoghadh
gan fhaoisidin nó gan rún faoisidine go háiridhe. As uime
adeirim 'gan rún faoisidine', ar an n-adhbhar go slánaighthear
an té bhíos a nguais bháis gan chumas aige ar a fhaoisidin do
dhénamh, dá rabh doilgheas mór air ina pheacadhaibh ar son
Dé, maille re rún faoisidine an uair fhédfas.



Atá d'fhiachaibh ar gach aon a fhaoisidin do dhénamh uair
san bhliadhain, agus gach uair bhias ar tí Cuirp an Tighearna do
ghlacadh dá rabh sgél peacaidh mharbhtha agá choinsias air,
agus fós gach uair bhias baoghal báis air. Ós a chionn sin, ní
fhoil dá mhionca do-géntar í nách amhlaidh as ferr é, ór as
mór do-geibhthear do thoradh na faoisidine. Do chéidneithibh,
maittear coir an pheacaidh do-ní neach iar mbaisdeadh dó
innte, agus claochlóithear an phian shíordhaidhe do dlighfidhe a
n-ifreann ar a shon a bpéin aithghirr ar an tsaoghal sa nó a
bpurghadóir. Maille ris sin, luaighidheachd na ndeaghoibrigh-
theadh do-ní duine a sdaid na ngrás, agus chailleas san pheacadh,
fillidh air arís leis an bhfaoisidin. An té fós dobhí 'na bhall
chríon mharbh roimhe so don Eaglais, bídh anois 'na bhall
úr bhéo, ionnas gurab éidir leis a chuid do na grásaibh
do-gheibh an Eaglas ó Chríosd do ghlacadh chuige, agus fós a chuid
dá gach loghadh dá ttugann an Eaglas chédna uaithe. Ós
a ccionn so, ní fhoil ar bioth ní as fearr chongmhas duine ó na
peacadhaibh iná an fhaoisidin mheinic. Smuaineadh gach aon
d'éis na faoisidine, dá bhfaghadh bás beagán aimsire roimhe
sin, c'áit ina mbiadh a anam, .i. a n-ifrionn mar nach biadh
furtachd choidhche 'na ceann. Tabhradh ar an n-adhbhar sin
buidheachas ré Dia tré mhéd na ngrás do-rinne air, tré fhad na
foighide tug dhó, agus cuireadh roimhe gan é féin do chor san
nguasachd cédna arís, agus dénadh a dhíthcheall ar bheith a
sdaid na ngrás ag díol a bhreithe aithridhe.


L. 87


AN 6 CAIB.



Don ongadh dhéigheanach.
Re haghaidh na ndaoine tteinn do ordaigh Críosd an
tshacramainnt si, mar fhoillsigheas San Sémh 'na eibisdil.
Do-beirthear 'an ola dhéigheanach' uirthe ar an n-adhbhar
gurab déigheanaighe do-beirthear do dhuine í ináid na
sacramainnte oile ina ccuirthear ola air, mar atá Baisdeadh,
Dol fá láimh easbaig agus Grádha sagairt. Do-geibhthear trí
neithe do thoradh na sacramainnti si. An céidní: fuighleach
na bpeacadh do sgrios, .i. na peacaidh ar nár chuimhnigh
neach do chor a bhfaoisidin. An dara ní: neart agus bríogh do
thabhairt don othar a n-aghaidh aibhirseórachda an diabhail
agus na nguasachd mór atá chuige a bpongc a bháis. An treas
ní: sláinte chuirp do thabhairt dó más é sin leas a anma.
Ciallaighidh an ola cuirthear ar an othar na trí neithi sin, ar
an n-adhbhar go ttabhrann an ola neart, fionnfhuaradh agus
sláinte uaithe. Ní cóir an tsacramainnt si do thabhairt achd do
dhuine theinn ar a mbérthar breath bháis.



AN 7 CAIB.



Don tsacramainnt ar a ttugthar ord nó grádha.
As air do-beirthear grádha: sacramainnt ina ttugthar
cumhachda agus grása do shagartaibh agus do chléirchibh dochum na
sacramainnteadh agus dochum na n-oificeadh oile bheanas ré
luchd na hEagailsi do dhénamh. Buailtear séla sbioradálta ar
an n-anam leis an naomhshacramainnt si mar chomhartha
caiptín nó oificigh idir ridiribh Críosd. Ní sgarann an
comhartha sa ris choidhche más ar neamh nó a n-ifrionn dó.
Atáid seachd ngrádha ann as éigean do ghabháil suil bheas
duine 'na shagart, .i. ceithre grádha beaga agus trí grádha cois-
reagtha. As cóir don té ghébhas énchuid díobh so bheith arna
bhaisdeadh, arna thabhairt fá láimh easbaig, agus gan teachd dá
n-ionnsoighidh a bpeacadh mharbhtha. Léigeam seochainn
nísa mhó do rádh ortha so ar an n-adhbhar gurab easbag, ar
nach cosmhail ainbhfios do bheith, do-bheir uaidh iad.


L. 88


AN 8 CAIB.



Do shacramainnt an phósda.



As é as pósadh ann, coimhcheangal fir agus mná chiallaigheas
ceangal Dé re hanam an Chríosdaidhe leis na grásaibh, agus
ceangal Críosd ris an nEaglais tré ghabháil nádúire daonda
uime. Iarrthar trí neithe dochum an phósda. An céidní: gan
toirmeasg do bheith ar cheachdar don lánamhain, mar atá
móid gheanmnaidheachda do-bérthaoi go sollamanta, grádha
coisreagtha, pósadh oile, díoghbháil aoisi, col gaoil nó col
uisge, etc. An dara ní: gach cuid don lánamhain do thabhairt a
ttoile chuige go hiomlán gan eagla gan coimhéignioghadh, agus
sin d'fhoillsioghadh lé briathraibh nó le comhartha éigin follas.
An treas ní: luchd fiaghnaisi agus an sagart porráisde do bheith
do láthair. Dá rabh éinní dhíobh sin d'easbhaidh ar an bpósadh
ní bhia foghnamh air, go háiridhe san áit inar gabhadh
Comhairle Thrionnta; isna háitibh oile thrá, na daoine do-ní
pósadh gan fhios gan luchd fhiaghnaisi ná sagart porráisde do
bheith do láthair, gé pheacaighid go trom, bídh a bpósadh ar
bail.



Oibrighidh an pósadh trí neithe a ndaonibh. An céidní:
grása lé bhfhédann an lánamhain iad féin do choimhéd ar
pheacadh na drúisi agus ar chathaighthibh na colla, maille ré
grádh díleas sbioradálta do bheith aca féin ar a chéile. An dara
ní: grása lé bhfédaid clann do gheineamhain gan pheacadh
maille re heagla Dé. An treas ní: cuiridh cuibhreach idir an
lánamhain nach éidir lé ní ar bioth do sgaoileadh, mar nach
éidir lé ní ar bioth an cuibhreach atá idir Críosd agus an Eaglas
do sgaoileadh. As as so nach éidir leis an bPápa ná le duine ar
bioth a chead do thabhairt d'fhior mhná pósda bean oile do
bheith aige, nó do mhnaoi fear eile do bheith aice.


L. 89


AN CÚIGEADH CUID.



DON TEAGASG CRÍOSDAIDHE.



Do na subháilchibh, do na lochdaibh, do na deaghoibrigh-
thibh agus do na peacadhaibh.



AN CHÉDCHAIB.



Do na subháilchibh agus do na lochdaibh.





Fios na subháilcheadh 's na lochd
atá, ós cionn a ndobhart,
'na bhfeidhm ar gach neach fá nimh
dá ttriall go teach an Dúilimh.




As air do-beirthear subháilche: cáilidheachd sbioradálta
bhíos san anam do-bheir ar neach bheith 'na dheaghdhuine,
agus claonadh do bheith aige dochum deaghoibrightheadh do
dhénamh go hésgaidh. As eadh as lochd ann: claonadh na
nádúire dochum na neitheadh dobhiadh a n-aghaidh na
subháilcheadh. As iomdha gné shubháilcheadh agus
deagh-oibrightheadh ann; tiocfamaoid annso go haithghearr ar an
ccuid as prinsipálta dhíobh.



NA 3 SUBHÁILCHE DIADHA.





Adobhramar roimhe so
na trí subháilche diadha:
creideamh, dóthchas agus grádh;
gá meisde arís a n-iomrádh?




As eadh as creideamh ann: subháilche dhoirteas Dia a
n-anam an duine lé soilsighthear a thuigsi, ionnas go mbí
ullamh dochum gach neith dár fhoillsigh Dia agus dá n-abrann
an Eaglas do bheith inchreidte do chreideamh. Gibé
shénfas énchuid díobh so nó chuirfeas conntabhairt ionnta, agus
a fhios aige gur fhoillsigh an Eaglas iad, sgaraidh a chreideamh
uile ris. A conntrárdha so: eiricechd, pághántachd, etc.


L. 90


As eadh as dhóthchas ann: subháilche dhoirteas Dia a
n-anam an duine do-bheir air dóthchas daingean do bheith aige
go sláinéocha Dia a anam, go bhfoighe an ghlóir shíordhaidhe
agus gach ní atá d'fheidhm air dochum a faghála, 's atá éddóth-
chas agus andóthchas 'na haghaidh o.



As eadh as grádh ann: subháilche dhoirteas Dia a n-anam
an duine lé ngrádhaigheann Dia ós ciond gach neith ar a
shon féin, agus an chomharsa, .i. an uile dhuine gémadh cara nó
easccara é, ar son Dé, do bhrígh gurab ar a dheilbh féin do
chruthaigh Dia gach aon. As iad lochda atá 'na haghaidh so:
fuath do bheith ar Dhia nó ar an ccomharsain, agus grádh ainmh-
easardha do thabhairt do chrétúir ar bioth, ór ní héidir grádh
ainmheasardha do thabhairt do Dhia.



NA 4 SHUBHÁILCHE CAIRDIONÁLTA.





Ceithre tréidhe as díol grádha
na subháilche prinspálta:
gliocas gan cheilg, ceart gan lochd,
neart gan fhairbríogh, measardhachd.





Do-beirthear subháilche cairdionálta nó prinsipálta ortha
so ar an n-adhbhar gurab iad as tobar do na subháilchibh
daondaidhe uile.



As é an gliocas, solas agus riaghail na subháilcheadh oile,
mhúineas gach ní do dhénamh 'na thráth féin mar as iomchubh-
aidh, agus as iad lochda atá 'na aghaidh: meardhántas, do-bheir
ar dhuine ní do dhénamh gan fhéchain 'na thimcheall, agus cealg
nó mealltórachd. As é an ceart do-bheir ar neach a chuid
dhíleas do thabhairt dá gach aon, ionnas go ttugthar funda-
mainnt na síothchána air. As iad lochda atá contrárdha dhó:
égcóir agus cruas ceirt nó caolagarthaighe. As é an neart nó an
bheódhachd chlaoieas an uile dhochar bhíos ag cor thoirmisg
ar na deaghoibrighthibh, agus do-bheir ar dhuine bás d'fhulang
ar son a chreidimh agus ghlóire Dé. As leis an subháilchi si bheirid
na mairtírighe buaidh ar luchd a n-imghreama. As iad
lochda atá 'na haghaidh so: meatachd agus ainbheódhachd, mar


L. 91


atá duine dhá chor féin a nguasachd gan chúis gan riachdanas.
As í an mheasardhachd chuireas srian ris na hainmhianaibh, agus
atá an antoil contrárdha dhi.



TIODHLAIGTHE AN SBIORAID NAOIMH.





Seachd ttiodhlaigthe an Sbioraid Naoimh:
eagna, tuigsi, taoibh ré taoibh,
comhairle, neart, fios neamhdha,
búidheachd, eagla an Tighearna.





Ag so na subháilche adobhairt an fáidh Isahias do dhénamh
comhnaidhe ar Chríosd, tobar na n-uile ghrás, ó ttigid d'ionn-
soighidh cháich oile.



NA DRONGA BEANNAIGHTHE.





Na hochd ndronga beannoighthe
dá ngeall Dia luach a ccroidhe;
na boichd fhíre as beannaighthe
budh leó féin ríoghdhachd nimhe.



Beannaighthe an drong ceannsaighthe,
budh leó do sheilbh an talamh;
beandaighthe luchd searbhthuirsi,
biaidh sólás fá dheoigh aca.



Gibé ar a mbí ocaras
's tart cosnamha na córa,
a fhoirceann bhudh roshona;
biaidh sásadh ó Dhia dhósan.



Luchd trócaire as beandaighthe,
trócaire ó Dhia do-ghébhad;
mar sin d'aos an deaghcroidhe,
budh leó do shíor Dia d'fhéchain.



Clanna Dé díobh goirfidhear:
as beannaighthe an drong shíodhach;
an drong fán cceart choirighthear,
flaitheas Dé bhudh é a ríoghdhachd.


L. 92



As tuigthe as so nach foil achd leimhe agus óinmhideachd a
n-eagna agus a ccríonnachd lochda an domhain si, ór saoilid nach
foil daoine as measa fortúin iná an drong sa re n-abair an
Tighearna go mbíd beandaighthe conáich.



AN DARA CAIB.



Do na deaghoibrighthibh.
Atáid trí gnéithe deaghoibrightheadh ann: trosgadh, déirc
nó trócaire, agus urnaighthe. Do labhramar ní éigin ortha so
roimhe so; ar an n-adhbhar sin foillséocham ann-so oibre na
trócaire amháin.



OIBRE CORPARDHA NA TRÓCAIRE.





Seachd n-oibre na trócaire
dá ngoirthear oibre corpdha:
cosg tarta gach brónchuire,
biadh do thabhairt don ocrach.



Édghadh nochd, mairbh d'adhlacadh,
oirchiseachd aoidheadh n-annamh,
cuairt ag braighdibh fannbhochda
do dhénamh, 's ag aos galair.





OIBRE SBlORADÁLTA NA TRÓCAlRE.





Seachd n-oibre na trócaire
ainmnighthear as an sbioraid:
sáimhchealgadh luchd mhórthuirsi,
ceartoghadh cáigh 'na cciontaibh.



An té atá a ccás chomhairle
comhairle dho do thabhairt;
in gach ní dá rodhoilghe
foighide do bheith agaibh.



Teagasg luchd an ainbhfeasa,
guidhe ar bheóaibh 's ar mharbhaibh,
maithmheachas na n-aindligheadh
do thabhairt do luchd adhbhair.


L. 93



AN 3 CAIB.



Do na peacadhaibh.



Peacadh do-beirthear ar ní do dhénamh a n-aghaidh dhli-
ghidh Dé nó na hEaglaisi, nó a léigean díot dod dheóin an ní
atá d'fhiachaibh ort ó aithne Dé nó na hEaglaisi, mar atá duine
do mharbhadh nó gan aithfrionn d'éisdeachd lá saoire. Atáid
dá ghné pheacaidh ann, .i. peacadh na sinsear agus na peacaidh
do-nímíd féin. Ní fhoil a bpeacadh na sinsear achd easccairdeas
Dé agus easbhaidh grás; geintear an uile dhuine san pheacadh sa
nó go nglanann an baisdeadh iad, ór ó dho pheacaidh ar
ccédathair Ádhamh a n-aghaidh aithne Dé a bparrthas, atá
an peacadh sa a n-oighreachd ag leanmhain a shleachda
maille ré hiomad d'olcaibh oile, mar atá bás cinnte, iomad
saothair agus eassláinte, claonadh dochum an uilc, leisge fá
dheaghoibrighthibh do dhénamh, etc.



Bídh an peacadh do-nímid féin ar dhá mhodh, .i. 'na
pheacadh mharbhtha nó 'na pheacadh shologhtha. Bídh 'na
pheacadh mharbhtha an tan bhíos a ccúis éifeachdaigh a
n-aghaidh grádha Dé, maille ré neach dá dhénamh dá dheóin
agus a aire air féin, agus as uime do-beirthear peacadh marbhtha
air, do bhrígh go sgarann grása Dé as beatha don anam ris agus
go ttuilleann bás síordhaidhe a n-ifriond dó. Bídh 'na pheacadh
sholaghtha dá rabh a ccúis bhig gan éifeachd, nó dá rabh
neach gan aire aige air féin go hiomlán an tan bhias dá
dhénamh, agus as uime adeirthear peacadh sologhtha ris, do
bhrígh gurab urasa a mhaitheamh, ór ní sgriosann na grása.



Atáid seachd bpeacaidh ann ar a ttugthar peacaidh mhar-
bhtha go sunnradhach, ar an n-adhbhor gurab iad as tobair
agus as frémha don uile pheacadh mharbhtha agus shologhtha oile
agus foillsighthear iad san rann sa:





Díomas, sainnt, is drúis má le,
tnúth, craos, fearg agus leisge,
na seachd bpeacaidh - díochra a nglonn -
mharbhas do shíor an t-anam.


L. 94



Gibé léghas go díthcheallach ar sgríobhamar ar na haith-
eantaibh, ní cás dó nádúir gach peacaidh dhíobh so do
thuigsin. Claoitear iad leis na subháilchibh si: umhlachd,
tiodhlacadh, geanmnaidheachd, measardhachd, foighide agus
díthcheall cráibhtheach.



Atá iomad peacadh rothrom oile ann fhásas as na peacadh-
aibh si adobhramar, mar atáid: na sé peacaidh do-níthear a
n-aghaidh an Sbioraid Naoimh, .i. andóthchas as grásaibh Dé
gan deaghoibre, éddóthchas, cor a n-aghaidh na fírinne as a
riochd, doilgheas fá ghrásaibh do chomharsan, daingnioghadh
isna peacadhaibh, neamhaithreachas isna peacadhaibh a
n-aimsir bháis. As riú so a deir an Slánaightheóir nach
maittear iad abhos ná thall. Ní hé nach maittear an uile
pheacadh leis an n-aithreachas, achd gurab roidheacair iad
so do mhaitheamh do bhrígh gurab ro-annamh luchd a
ndénta ag dénamh aithreachais.



Na ceithre peacaidh bhíos ag glaodhaigh ar Dhia ag
iarraidh díoghaltais: duine do mharbhadh dod dheóin, peac-
adh míonádúrtha, foirneart do dhénamh ar bhochdaibh, ar
dhílleachdaibh nó ar bhaintreabhthachaibh, congmháil a
ttuarasdail ó luchd oibre.



Ós a ccionn so, ní lór leis an bpeacthach mbochd truime a
pheacadh féin, achd tairrngidh peacaidh choimhitheacha
cáigh oile go meinic air an tan chomhairligheas, fholáreas nó
iarras, aontaidheas, mholas, cheadaigheas a ndénamh, cheileas
nó chosnas íad, nó bhíos a chuid do ní choimhitheach aige.





Seachna na bpeacadh mhadh áil,
dorrdha an bháis, ceirtbhreatha an ríogh,
glóir nimhe, ifrionn na bpian -
bíodh siad at inntinn do shíor.



d'eagla an bháis do theachd dod toigh
coimhéid ar dho chédfadhaibh:
blas is glacadh 'na mbia lochd,
boladh, éisdeachd is amharc.
Glóir agus moladh do Dhia


L. 95


1707 18T
0201

AGUISÍN.



TEAMPALL MHUIRE LORETO.



TOSACH AGAS AISTRIUGHA MÍORBHUILEACH THEAMPOLL
MHUIRE LORETO.



Teampoll Loréto ba seómra é do thigh Mhuire a n-aice
Ierusalém sa ccathair Nazarét. As ann dorugadh, tugadh súas
agas do bheannaigh an t-aingiol dhi, agas as ann do ghabh
agas d'oil sí a mac Íosa go haóis a dhá bhlíadhan dég.
Do-righnidar na heapstail d'éis deasghabhála an Tiagharna
teampoll don sheómra sa a n-onóir Mhuire, agas do-rinne
S. Lúcás ímháigh achosmhuil ré atá lena faicsin ann gus
aniugh. Dobhí sé dhá thaithighe re devósion mór ag muinntir
na tíre ina raibh sé an feadh dobhádar 'na ccatoilcibh. Ach
an tan do thréigiodar creideamh Chríosd ag leanmhuin sheict
Mhahomet, dorugadar aingil riú go Sclavonia, agas d'fhágbh-
adar é i bhfhogus don bhaile darb ainm Flumen. Gidheadh, do


L. 96


bhrígh nach déantáoi onóir iomchubhaidh annsin dó, do
rugadar arighis tar muir é go coill a cceanntar Recanáti lé
mnaoí úasail darb ainm Loreta, óna ttugadh d'ainm air
Mhuire Loreto. Agas as sin arighis trí iomad éirghe slighe-
adh do bheth dá ndéanamh ann, dorugadar go cnoc le días
dearbhráthar sa cceantar céanna é, agas fá dheóidh, do
bhrígh go mbídís sin ag troid fá na hoffráluibh agas fá na
tiodhlacthaibh dobéarthaói chuige, dorugadar gusan tshlighe
mhóir tamall beag as sin é, mar a bhfhuil anois gan fhundament
go ró-oirdheirc tré mhórán comharthadh grás agas míorbhuil-
eadh.



Iarna fhaicsin so do phobul Recanat, dobhí iongantus
romhór orra, agas do chuiriodar balla láidir 'na thimchioll.
Gidheadh, nírbh fheas d'áoinneach cá as a ttáinic é ó thús gur
thaisbáin Muire í féin i mblíadhain an Tighearna M.CC.XC.VI
ina chodladh do dhuine bheannaighthe dhiadha dar shoillsigh
sí é, agas gur innis seision sin do dháoinibh ughdardhásacha sa
bprovinsi do chuir rompa féin gan mhoill fírinne na faicsiona
sin do dhearbhughadh. Agas dá dh'aire sin, do thoghadar sé
dhuine dhéag inchreidthi, agas do chuiriodar uile íad go
cathair Nazaret maille re miosúr an teampoill si chum go
bhféachdaois an raibh sé oireamhnach do na fundameintibh
dobhí fós ar fagháil annsin, agas fuaradar fós scríobhtha a
mballa i bhfochair na bhfundament sin go raibh an teampoll
annsin, agas gur fhág é.



Agas iar bhfilleadh tar a n-ais dhóibh, d'fhoillsigheadar na
neithe réimhráite do bheith fírinneach, agas as sin amach
budh dearbhtha gur sheomra don bhanóigh bheannaighthi
an teampoll sa, agas do thionnsgnadar na Críostuighe
devósion mór do bheith aca dhó, do bhrígh go ndearna sisi,
agas go ndein go laitheamhail, iomad míorbhuileadh ann.


L. 97


Adubhairt díthreabhach áiridhe beannaighthi darb ainm
Pól na Silva - neach dobhí 'na chomhnuidhe i bhfhochuir an
teampoill si, agas do ghnáthuigheadh go laethemhall tiacht
d'éisteacht na ttráth ccanunta ann - go bhfhacaigh sé ar feadh
deich mbliadhan an t-ochtmhadh lá do Sheptember, dhá uair
roimhe lá, solas mór ag tiacht ó fhlaitheamhnus, agas adubhairt
gurab í Muire do thaisbéanadh í féin ann i bhfhéasta a beartha.



Mar dhearbhadh ar sin go léir, do dhearbhadar días do
dhaoinibh maithe do chathair Recanati dhamhsa, Prefect
Terreman agas Gobhernior an teampoill si, mar so: do
dhearbh duine aca darb ainm Pól Renaldutsi go bhfacaidh
seanathair a sheanathara an uair thugadar na haingil tar
fairrge agas d'fhágbhadar sa ccoill réimhráite é, agas go
ndeachaigh sé go minic go soiche é annsin. An dara duine,
Proinsias Prióir, do dhearbhaigh mar an ccédna gur minic
do-chúaigh a sheanathir féin in áois a shé bhfhichiod
bliadhan san áit chédna chuige. Agas mar tuilleadh dear-
bhatha ar bheith annsin, adubhairt go raibh teach ag sean-
athair sheanathara 'na aice ina mbíogh 'na chomhnuighe,
agas gurab san am sin dorugadar na haingil go cnoc na deise
dearbhráthar é, mar adubhradh roimhe so.



Dochum glóire na banóighe ronaomhtha Muire.