Beatha San Froinsias

Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath (1720)

eag. Pádraig Ó Súilleabháin




Aparuit gratia Dei, Salvatoris nostri, omnibus
hominibus ad Titum secundo .i. “dob fhollus grása Dé
do gach duine”, do réir Phóil absdal rena dheisgiobal féin, .i.
Titus, isin dara caibidil dia eipisdil chum Titus. Agus go
háiridhe do fhoillsigh Dia é féin i ngrásaibh agus a ttrócaire
isin aimsir dhéighionaidh si ina shearbhóntaigh suthain féin, .i.
San Phroinnsias. Agus do thaisbéin ar tTighearna na grása céanda
do gach aon lenab áil, ó easiomláir S. Phroinsias, na hainmhiana
saoghalta do thréigion agus a bheatha do thabhairt ass do réir
Chríosd agus triall dochum na beatha suthain maille le dúthracht
mór. Uair as dearbh gur fhéuch Rígh na glóire ar an duine
n-íseal n-umhal sa, .i. San Phroinsias, ionnus nach é amháin
do thógaidh é ó dhorchadus an tshaoghail dochum solais na
ngrás acht go ndearna oirdheirc dhe ó fhoirfeacht na subháilceadh
agus gur uaisligh go hárd é leith re neithibh uaigneacha a pháisi
féin agus na croiche céusda d'fhoillsiughadh go humhal dó.



Asé San Phroinsias an tí dobhí cosmhuil le réultainn na
mainde a meodhón an neóill dhorcha, agus re héuscca 'na
ollchóigeadh déag, nó ré gréin ar gleanntán taitneamhach lán
do dhealradh na beatha naoimhe agus an teagaisg dhiadha, agus le
bláth ruitheanda róis a n-aimsir an earraigh, agus re lile glégheal,
a n-aimsiribh eile, ag siubhal an uisge, agus le túis dheaghbholaidh
a n-aimsir shamhraidhe. Úair as leó so do threóraigh sé na
daoine dobhí 'na suidhe a sgáile an dorchaduis ina bpeacadhaibh
agus a sgáile an bháis go solus na ngrás agus go fírinne na beatha.
Asé San Phroinsias fós do chuir Dia mar aingiol na síothchána
dochum na ndaoine do sheanmóir na sláinte agus d'fhurfhógra a
charadruis féin dhóibh. Agus dá dhearbhadh so fós tug
Críosd áladha a pháisi féin mar shéula ndéighionach mar
chomhartha chinnte dhó. Accus ní oile fós: a thógbháil i
ccarbad tinntighe, mar Eilias fáidh. Agus bíodh a fhios ag


L. 2


cách go ttug Dia an méid sin do thiondlaicibh na ngrás do San
Phroinsias nach urus do neach saoghalta a ttuarusgbháil do
thabhairt os aird, muna ttíosadh aingiol Dé dá n-innisin, do
réir mar adeir Bonauentúra ag gabháil a leisgéil, .i. an doctúir
naomhtha agus an bráthair mionúr agus cairdionál na Rómha, im
sgéulaibh an athar naomhtha, .i. S. Froinsias. Gá mhéid as
cóir dhamhsa, an duine bocht neamheagnaidhe míofhoirfe si,
mo leisccéul do ghabháil uman chás chéanda sin? Gabhuim, agus
admhuighim nach diongmhála mé dochum na beathadh s
do chur a nGaoidheilg agus nach ttinsgeónainn an gníomh sin
do dhéanamh mun ttugadh úmhla na n-uachtarán agus grádh
na mbráthar agus comhairleacha na ccarad agus an aois ealadhna
atá dúthrachtach do na bráithribh agus do S. Froinsias chuige
sin mé. Ní gheallaim fós gach ní dá bhfuil san mbeathaidh
do leanmhuin do réir na litreach, óir do bú mór sin re a dhéanamh,
gidheadh, tairgfiod maille le grásaibh Dé agus le guidhe San
Froinsias beagán do bhuain a mhórán agus méid éigin do
thuarusgbháil na beathadh do chur a ccuimhne do chách do
réir Bhonauentúra agus na ndoctúireadh, agus fós cuirfiod a ccéill
annso sgeóil bhiodhgamhla nach bhfuilid isin mbeathaidh agus
atáid a leabhraibh oile do réir na bpápadh agus na ndoctúireadh
ar a bhfuil fiaghnuisi na ccompánach dobhí mar aon re S.
Froinsias.



An doctúir naomhtha, .i. Bonauentúra, gidh do ghabh sé a
leisgéul nár dhiongmhála é féin do thabhairt tuarusgbhála
air sgéulaibh an athar naemhtha, do thionnsgain ar tús agus
dobhí ar biseach agus do chríochnaigh fá dheóicch beatha San
Phroinsias a ccúig caibidiolacha déag diaigh a ndiaigh.



LAIBHEÓRAM ANOIS SAN CHÉAD CHAIBIDIL AR
SGÉULAIBH SAN PHROINNSIAS I N-AIBÍD SHAOGHALTA.



Vir erat in civitate Asisi Franciscus nomine, .i. dobhí duine i
ccathraigh Asisi ar a bhfuil cuimhne bheannaighthe san eaglais,
óir do-chuaidh Dia roimhe agus tucc airrcis ghrádhach air, gur
dháil deoch mhilis na mbeannacht dhó, dá shaeradh ar ghuasacht


L. 3


na beatha talmhon go trócaireach do líonadh do thiodhlaicibh
grása na beathadh neamhdha go hiomshlán é. Eóin, imorro,
tug a mháthair air tús air, agus Froinsias tug a athair air; agus fa
hé ainm an athar do lean de, gé do choimhéid sé ciall
fhírinneach anma na máthar aige, óir as ionann re a rádha agus
neach a bhfuilid grása Dé, amhuil mar dobhí a bPróinsias.
Dá réir so, gé do hoileadh é san aois óig farre daoinibh óga
díomhaoineacha an tshaoghail, gidh thug a aire dá cheird
dhúchais, .i. do cheannaigheacht shanntaigh an tshaoghail,
ar ccur eólais ar bheagán do litiordhacht dhó, dobhí coimhéud
daingion ag Dia fair, ionnus nár bhain le collaidheacht na ndaoine
n-óg, gé dobhí searc adhbhal os áird aige ar shólás an tsaoghail;
agus ní mó do chuir an fáidh naomhtha sa a dhóich a n-ionnmhus
ná a n-óirchisde, mar na ceannaighe oile.



Óir tug Dia sbiorad thrócaireach agus eineach nádúrtha dhó
amhuil dheisgiobal Dé; agus dobhádar sin araon ag fás leis ó
aois a leanbdhachta, ionnus gur líon déirc agus deaghoineach a
chroidhe, agus gur cheangail ina inntinn é féin agus gach ní dá mbeith
aige do thabhairt do gach aon do iarrfadh air é, agus go háiridhe,
do réir an tshoisgéula, an tráth do hiarrfaidh ní ar ghrádh Dé fair.



Feacht dia ttárla Froinsias ag tabhairt a aire do cheannaigheacht,
go ttáinic duine bocht d'iarraidh déirce fair; agus tig ó
bhuaidhreadh na ceannaigheachta gur léig an bocht folamh
uadha. Conadh annsin rug an ceannaigh trócaireach air féin
go luath agus gluaisigh a ndiaigh an duine bhoicht agus tug déirc
go deithniosach dhó, agus ní hé amháin acht do gheall do Dhia
nach diúltfadh ria dhreich duine bhoicht do iarrfadh neithe
ar ghrádh Dé fair; agus do chomhaill, amhail do gheall, feadh a
bheathadh. Conadh aire sin do bu chóir do gach aon nduine
breith air féin amhuil Froinsias. Agus dobhí ar biseach a
saibhrios grás agus grádha Dé ó sin amach. Agus, iar leanmhuin
Chríosd go foirfe dhó, adubhairt go minic nár fhéad sé, an tan
dobhí sé a n-aibíd shaoghalta, aon fhocal do chluinsin ar
fhoillsiughadh grádha Dé nach biodhgfadh a chroidhe leis.


L. 4


Labhrom, trá, ar na coinghiollaibh uaisle oile dobhí ag
Froinsias, .i. míne agus ceannsa maille lé dealradh na ndeaghbhéus,
foighide agus fulang os cionn nádúire na ndaoineadh, déirc agus
deaghoineach os cionn a chonáicch. Do chuireadar na neithe
si dealradh agus deaghmhaisi ar a óige an mhacaoimh si, agus do
bhádar 'na ccomharthaibh cinnte agus 'na ttinsgnamh shólásaicch,
dá dhearbhadh go ndoirtfeadh Dia saidhbhrios a ghrás féin
go hiomarcach agus go líonmhar air. Do fhoillsigh Dia sin tré
sbioraid eagna agus fáisdine do dhuine naomhtha neamhurchóideach
do lucht cathrach Asísi.



Aon do ló dia raibhi San Froinsias ag siubhal na cathrach
táinic an duine si ina choinne agus do sgaoil a éudach roimhe ar
an cconair choitchionn, agus adubhairt go follus gurbh fhiú
Froinsias gach úmhla dá mhéud do thabhairt dhó, agus gur
foillsigheadh dhó féin go ndéanamh San Froinsias neithe móra
dofhaisnéisi faoi bheagán aimsire, agus go ttiubhradh an eaglais
onóir dhó ar a shon sin.



Do fhoillsicch Dia, mar an ccéunna, do mháthair San Froinsias,
darbhó comhainm Píca - agus fa beannaighthe ó ghrásaibh Dé í, agus
tug Dia sbiorad eagna agus fáisdine dhi ar feabhus a béus agus ar
mhéud a subháilceadh, a ccosmhuilios le hEilisabét, máthair
Eóin Baisde, do réir mar atá sgríobhtha a seanléigint San
Phroinsias.



An tráth dobhí San Phroinsias a n-aibíd shaoghalta do
chuiriodar a n-iongantus uirísleacht a bhéus agus méud a mheanman
dochum déirc agus deaghoinicch do dhéanamh ar son Dé. Adubhairt
máthair bhéusach San Froinsias, “Créud í bhar mbaramhuil
dom mhac-sa? cionnus bhias sé? Gidh táim dá fhiafraigh sin,
do foillsigheadh ó ghrásaibh Dé dhamh go mbiaidh sé cosmhuil
re Críosd féin ó chomhachtaibh an Athar neamhdha.” Do
thaisbéin fós aingeal Dé é féin don mnaoi chéanda, do réir mar
adeir an tseanléigint adúbhramar romhainn, .i. an lá rugadh
San Froinsias táinic aingiol Dé go dorus an tighe ina raibhi
an naoidhe a n-éaccosg oilithrigh agus sirios go luath an leanbh
do thabhairt dó, dá fhéuchain; agus gabhus muime an leinbh a
leisgéul féin, .i. nár léig uamhan di a thabhairt dó. Agus, mar
do-chualaidh máthair an naoidhin sin, adubhairt lé an leanbh
do chur chuige. Do cuireadh iaramh, agus glacus an leanbh idir
a dhá láimh agus druidios ré a chroidhe é, a ccomhartha grádha, agus


L. 5


do phóg go milis é agus beanus singin na croiche naoimhe ina
ghualaind deis agus id-beart fós: “Rugadh dias leanamh san
ccathraigh si aniodh, .i. Froinsias agus leanamh oile. Biaidh
Froinsias ar na daoinibh as fearr tháinic agus thiocfa, agus
biaidh an leanamh oile ar dhrochdhaoinibh an tshaoghail.” Agus
adubhairt fá dheóigh: “Déanaidh an leanamh d'oileamhuin agus
d'altrom go honórach agus coimhéudaidh go hinnill é, óir atáid
na drochspioraid dá bhuaidhreadh óna bhreith, ag ullmhughadh
cealg chuige agus dá bhásughadh.” A haithle an chomhráidh sin
ní fhacus é isin chathraigh ó sin amach.



Ní raibh ag an tairrngiortaidh naoimh sin a fhios, .i. S.
Froinsias, an tráth dobhí sé 'na cheannaighe ócc, créud é rún agus
comhairle Dé 'na thimchioll, óir ní rucc sé eólus ar radharc do
bhreith ar neithibh sbioradálta iná ar bhlas do bhreith ar an
Athair neamhdha an tan sin. Conadh aire sin do leag Dia a
lámh air leith re heasláinte righinn do chur ar a chorp do leighios
a anma; óir asé an gortughadh agus an buaidhreadh corporrdha do-bheir
tuigsi agus solus don éisdeacht sbioradálta, agus ar togha an
Athar naemhtha sin do Chríosd chuige féin. Tug sláinte
iar sin dó; conadh annsin do fhuráil Proinsias éudach núa
neamhdheireóil do dhéanamh dhó féin, mar do chleacht roimhe
sin. Agus aimsir aithghearr 'na dhiaigh sin tárla dhó ar an
chonar ridire uasal agus é daidhbhir drochéidigh, gur ghabh
compáis agus truaighe chroidhe é im bhochtaine an duine uasail,
gur nocht Froinsias é féin gan fhuireach agus cuirios a éudach
iman ridire mbocht.



Tabhradh gach aen dá aire go ndearna San Froinsias dhá
neithe thrócaireacha san aon ghné sin, .i. náire an duine úasail
d'anacal agus bochtacht an duine bhoicht d'fhurtacht. Agus
an oidhche 'na dhiaigh sin do thaisbéin trócaire Dé pálás mór agus
grianán gloinidhe dhó, maille le harmaibh gaisgidhe agus comhartha
na croiche mar shéla ar gach aon arm aca, agus adubhairt an
guth neamhdha gurab leis féin agus lena mhuintir gach ní ad-chonnairc
annsin, dá dhearbhadh gur chúitigh Críosd ris go
roshaidhbhir an trócaire do-rinne ar an duine bhocht ar son Dé.


L. 6


Agus, ar músgladh sa maidin arna mhárach dhó, cuimhnighios
a aisling agus cuiridhsion ciall shaoghalta thalmhuidhe in gach
ní ad-chonnairc, .i. go mbiadh sé féin 'na phrionnsa mhór agus
mórán ridireadh ag gabháil leis, óir níor fhoghluim sé an uair
sin na neithe corporrdha do sgrúdughadh agus a ttarraing go
céill sbioradálta. Conadh aire sin do chuir sé ina mheanmuin
do go hiarla cumhachtach dobhí isin nApuli, a ndóich
gurab aige do cuirfidhe críoch ar a aisling. Iar ngluasacht
dó , do-chuaidh isin chathraigh dob fhaicsi dhó, go
ccualaidh san oidhche guth an Sbiorad Naoimh ag labhairt
fris gann sino miochair muinntiorrdha, agus aseadh adubhairt, “A
Froinsiais, cia as mó fhéadus do thabhairt dhuit, an tighearna
nó an searbhóntaigh, an neach saidhbhir nó an duine bocht?”
Freagrus Froinsias agus aseadh adubhairt gurab mó do fhéadfadh
an tighearna agus an duine saidhbhir do thabhairt dhó.
“Máseadh,” ar an Sbiorad, “cídh uma bhfágbhann tusa an
Tighearna dochum an tshearbhóntaigh agus an Dia saidhbhir
dochum an duine bhoicht?”



Adubhairt Phroinsias, “A Thighearna, créud dob áil leat do
dhéunamh dhamh?” Do fhreagair an t-aingeal agus aseadh
adubhairt fris: “Eirghe tar th'ais dochum do thíre féin do-ridhisi,
óir as ciall sbioradálta atá san radharc do-chonnaircis,
agus ní le seóladh daonna do-dhéantar a ccoimhlíonadh acht ó
inntinn fhoirfe agus ó inntleacht an Athar neamhdha.” Ar maidin
arna mhárach iompaidhios Phroinsias dochum cathrach Assísi
maille le deithnios mór agus re lúthgháire mhór meanman, agus do-rinne
comhnuidhe ag feitheamh le toil an Tighearna.



Iomthús San Froinsias, do sgar sé ó sin amach re míochiúnus
na ceannaigheachta agus do ghabh ag guidhe Dé go díochra
dúthrachtach ima fhoillsiughadh dhó gach ní bú cóir dhó do
dhéanamh, go ndeachaidh sin a ttarbha dhó, uair do fhadó
gnáthughadh minic na hurnaighthe tine ghrádha Dé ina chroidhe
agus lasair an mhiana thinntighe dochum an tsaoghail do thréigion
ar ghrádh an fhlaithis neamhdha, ionnus gur bhreathnaigh go
bhfuair féin óirchisde a bhfolach, .i. grása an Sbiorad Naomh.
Agus do smuain, mar cheannaigh ghlic, gach éin ní do reic agus
an liag lóghmhar do taisbéanadh dhó do cheandach, .i. an


L. 7


flaithios fírinneach agus teaghdhais na trócaire. Gidheadh, ní
raibhi fhios aige cionnus do-dhéanadh sin, acht amháin gur
chuir Dia ina inntinn gurab ó tharcuisne do thabhairt ar an
saoghal tionnsgantur an cheannaigheacht sbioradálta, agus
gurab é as tús do ridireacht Chríosd, .i. an duine do bhreith
buadh fair féin, amhuil do-rinne San Froinsias, mar as follus
isin sgeól so síos.



Laithe n-aoin robhaoi San Froinsias ag marcaigheacht ar
magh réidh láimh re cathraigh Aissisi, go ttarla lobhar gránna
dhó, agus gabhus adhuth agus eagla mhór Froinsias roimhe ar tús.
Conadh aire sin do chuimhnigh go luath ar an triall fhoirfe
dobhí roimhe agus ina inntinn, .i. gomadh éigion dó buaidh do
bhreith air féin ar tús dámadh áil leis a bheith 'na ridire
charthannach ag Críosd. Tuirlingios leis an smuaineadh
naomhtha sin agus tug pócc agus déirc don duine bhocht, agus téid ar
each ann séin agus féuchus fó chéadóir gacha haird dhe agus ní
fhaca an duine bocht a n-aon áit, gurab inchreidthe go follus
gurab é Críosd táinic chuige a bpearsainn an duine easláin do
dhearbhadh a inntinne agus do choimhlíonadh a ghrás.



Dobhí San Froinsias iar sin lán d'iongnamh agus do lúthgháir
agus do mhol Dia go dúthrachtach agus do cheangail ina mheanmoin
as sin amach neithe móra do dhéanamh. Agus do-chuaidh
as a haithle sin a n-ionadhaibh uaigneacha a bhfad ó chonair agus
ó chongháir na ndaoine, go ttug aire do thuirsi agus d'osnamhaigh
dhó-áirmhe. Agus do éisd Dia ris re feabhus a
urnaighthe.



Feacht eile as a haithle sin dobhí San Froinsias ag guidhe
Dé go díochra, ionnus go raibhe an méide sin do lasadh agus do
theasghrádh ina urnaighthe gur fhoillsigh Críosd é féin a
ffioghair na páisi dhó, amhuil dobhí san chrann chéusda, gur
leacch an t-amharc truagh sin San Froinsias, agus do chuir
cuimhne pháisi Críosd ceangailte ina inntinn, ionnus, gach
uair do smuaineadh ar pháis an Tighearna, nach bhféudfadh
cosg do chur air féin gan a dhéara do dháil, amhuil mar do
fhoillsigh sé féin dá chompánach a ccrích a bheathadh.


L. 8


Do thuicc searbhfoghontaidh Dé as sin an focal úd an
tsoisccéula, .i. “Gidhbé lenab áil misi do leanmhuin, diúltadh
sé é féin agus iomchradh sé chroch agus leanadh sé misi óna
mhíbhéusaibh.” Do ghabh Froinsias uime ó sin amach mar
éudach sbioradálta sbiorad na húmhla, subháilce na bochtaine,
agus grása na trócaire. Dá dhearbhadh sin: An tí si aga raibh
fuath mór ar na lobhraibh ar tús - agus dobhí méad a eagla
reampa nach bhfuilngeadh a bhfaicsin a bhfad uadha - go
ttucc sé é féin do dhéanamh seirbhísi dhóibh go humhal
trócaireach ar son Chríosd, dobhí cosmhuil re fear na heasláinte
sin a n-aimsir a pháisi, do réir Isachias fáidh.



Fa gnáth leis fós dol ar cuairt mhinic go luchd na heasláinte
sin, agus do phógadh a mbeóil agus a lámha maille re compáis mhóir.
Do-bheireadh fós é féin agus gach ní dá raibh aige a ccoitchinne
do na bochtaibh, agus, an tráth nach bíodh neithe eile aige dhóibh,
do chuireadh a éudach dhe féin, dá thabhairt dhóibh. Do
ghnáthaigheadh fós furtacht ar na sagartaibh bochta maille
le trócaire agus re húmhla mhóir, agus go háiridhe maille le héudghadh
do chur ar na haltóraibh, ionnus go mbeith a chuid do ghuidhe agus
do sheirbhís na sagart aige dá threórughadh gusan mbeathaidh
shuthain.



Feacht dia ndeachaidh San Froinsias dochum na Rómha
maille le dúthracht crádhbhaidh, go bhfacaidh daoine bochta
go hiomarcach a ndorus eaglaisi áiridhe. Beanus San Froinsias
a éudach dhe agus dáilios don tí fa boichte dhíbh sin é, agus cuirios
éudach an duine bhoicht uime féin, do mhian na trócaire agus do
ghrádh na bochtaine, agus ní headh amháin acht fuirghios maille
riú an lá sin, mar gach mbocht eile, lán do shólás inntinne,
ionnus go ndiongnadh sé foghluim tarcuisne do thabhairt don
tshaoghal agus go n-éirgheadh súas go foirfeacht an tshoisgéula
ó chéim go céim. Tug sé fós a aire go díthchiollach dá chorp
féin do ghortughadh, ionnus go n-iomchradh sé croch Chríosd
ar a chorp don taobh amuigh, amhuil dobhí dá hiomchar don
taoibh astuigh.



Conadh do mhaithghníomhradh San Froinsias a n-aibíd
shaoghalta agus don tionsgan thoghaidhe do chuir roimhe go
nuige sin.


L. 9


LABHRUM DON DARA CAIBIDIL AR AN IOMPÓDH
FHOIRFE DO-RINNE SAN PHROINSIAS ÓN TSAOGHAL
DOCHUM CRÍOSD.



Searbhfoghontaidh umhal an Airdrígh, .i. San Froinsias, ó
nach raibhi maighistir oile aige dochum gach ní dá ndúbhramar
acht Críosd féin, do-rinne cuairt ghrádhach aige maille re millse
na ngrás. Dá dhearbhadh sin: Lá dá ndeachaidh sé do
smuainteadhadh ar Dhia láimh re heaglais Daimianus; agus as
amhlaidh dobhí an eaglais ar ttuitiom re hársaigheacht. Téid
Froinsias san eaglais ag urnaighthe maille re sbioraid dhúthrachtaicch,
gur léicc ar a ghlúinibh é a bhfiaghnuisi íomháighe
Chríosd, agus fuair sólás romhór ó Dhia ag déanamh na hurnaighthe,
gur fhéuch maille le súilibh déuracha ar fhioghair an chrainn
chéusda agus go ccualaidh ó chluasaibh corporrdha an íomháigh
dá rádh ris diaigh a ndiaigh, “A Froinsiais, imidh agus leasaigh mo
theach féin, atá dá sgrios, amhuil do-chí tú.” Biodhgus Froinsias
ag cluisdion an uirghill sin, óir dob iongnamh leis é, agus gabhus
criothnadh agus eagla mhór é, mar dobhí 'na aonar san eaglais.
Gidheadh, do thuigsin comhráidh Chríosd go foirfe os cionn na
hintinne dobhí aige san tshaoghal roimhe sin san tshaoghal.
Agus, ar mbreith do San Froinsias air féin, do ullmhaigh go
humhal dochum na heaglaisi corporrdha do chomóradh, do
réir na haithne do-rinneadh dhe. Gidheadh, dob í ciall dhiadha
na bréithre do-chualaidh sé, eaglais sbioradálta na n-anmann
do chomóradh agus do leasughadh, do cheannaigh Críosd dá fhuil
féin, do réir mar do fhoillsigh an Sbiorad Naomh dhó 'na
dhiaigh sin agus mar do innis sé féin do na bráithribh arís. Agus
fós do-chí cách an ní céanda sin agá dhearbhadh is na trí
hordaibh do fhágaibh San Froinsias isin eaglais.



As a haithle sin éirghios agus cuirios sighin na croiche uime
féin agus téid gusan chathraigh dan comhainm Fuilginium agus
reacus annsin na héudaigh uaisle dobhí aige agus an t-each do
bhí aige, agus tug an ceannaigh naomhtha neamharsaigh neamhmbocht
sin a luach leis dochum na heaglaisi brisde úd do
chórughadh, agus tug a luach agus úmhla onórach don tsagart do
bhí innte, agus furáilios an t-ionnmhus air dochum na heaglaisi


L. 10


do chórughadh, agus fós do ghuidh é go humhal im é féin do
chongbháil mar aon fris go haimsir áiridhe. Aontuighios an
sagart sin dó, .i. comhnuidhe do dhéanamh mar aon fris;
agus nír léig eagla athar nó máthar Froinsias dó an t-ionnmhus
do ghlacadh. Arna chloisdion sin do San Froinsias, teilgios an
t-ionnmhus úadh ar an fhuinneóig ba coimhneasa dhó agus tug
tarcuisne dhó amhuil chriaidh na talmhan. Agus do-rinne San
Froinsias comhnuidhe maille ris an tsagart chéanda. Arna
innisin sin do athair San Froinsias, ionnsaighios é go luath
maille le buaidhreadh meanman.



Mar do mhothaigh Froinsias go ttáinic a athair agus na daoine do
bhí maille fris, lerbh áil inghreim agus anleanmhuin do dhéanamh
air féin, seachnus Froinsias é féin air go hinísiol a n-uamhaidh
thalmhon, agus fanus innte méid áiridhe d'aimsir ag guidhe Dé
go díthchiollach agus ag dáil a dhéar agus ag iarraidh air a anam
féin do shaeradh ar ainleanmhuin na ndaoineadh, agus gach
triall foirfe dar chuir roimhe do chríochnughadh, agus im fhurtacht
trócaireach do thabhairt dhó chuige sin.



Beagán aimsir as a haithle sin gabhus lúthgháire é, agus tug
athais inntinne dhó féin fá a laige agus fá a éccruas; agus fágbhus an
uaimh ann séin, iar sgrios gacha heagla uaidh, agus tug aghaidh
ar chathraigh Aisisi, mar a raibheadar a thuisdighe. Ó
'd-chonncadur daoine óga na cathrach é agus a aghaidh iar ccríonadh
ó iomarcaidh na ndéar agus a inntinn iar n-atharradh, do
smuaineadar gurab duine buaidheartha gan chéill é agus do
ghabhsad do chriaidh na talmhan dó. San Phroinsias, imorro,
ní thug a aire d'easonóir dá bhfuair sé, acht gluaisigh thríd
chách mar dhuine gan éisdeacht nach ccluinfeadh aon ní aca
sin. Ó do-chualaidh, imorro, athair Froinsias sin, gluaisios
chuige go deithniosach, agus ní dá fhurtacht acht do thabhairt
easonóra dhó, agus dorug leis dochum a thighe féin é, arna tharraing
a ndiaigh a fhionnaimh agus ar a leataobh go heasonórach, agus tug
athais bheóil agus láimhe dhó agus do chuir a ccuibhreach go daingion
é. Agus do chuir sin San Froinsias a mbarr neirt agus inntinne agus
neamhlaige dochum críche do chur ar gach ní toghaidhe dar
thionsgain sé, agus do chuimhnigh ar fhocal an tsoisgéula, .i. “As
conáigh an duine fhuilngios inghreim agus easonóir ar son Dé agus
na córa, óir leó féin an flaithios gan fhoirchionn.”


L. 11


A ccionn aimsire giorra 'na dhiaigh sin fágbhus athair Froinsias
an tír do chríochnughadh a cheannaigheachta. An mháthair,
imorro, .i. Pica, nír mhol sí an ní do-rinne a fear, agus sgaoilidh
do Froinsias gach cuibhreach dar chuir a fear ar Froinsias agus
aontaighios imtheacht dhó. Tug an mac buidheachus do Dhia
agus dá mháthair féin, agus téid gusan eaglais chéanda. Ticc an
t-athair iaramh dochum a thighe féin agus, ó nach ffuair Froinsias
ann, tucc achmhusán géar dá mhnaoi, agus leanus go luath é maille
le feirg mhóir, ionnus go ndíbreadh as an tír amach go hiomshlán
é, muna fféadadh a iompódh tar ais.



Iomthús San Froinsias, gabhaidh sbiorad láidir ó Dhia chuige agus
téid a ccoinne an athar agus do ráidh ris do ghuth ghrásamhuil,
“Atáim féin ullamh dochum gach péine d'fhulang ar son Dé agus
na córa.” Ó 'd-chualaidh an t-athair sin agus nár fhéad inntinn
an mhic do chlaochlódh, do iarr an t-ionnmhus air; agus do mhúin
Froinsias an t-ionnmhus dó go humhal; agus, ar ffagháil an
ionnmhusa dhó, do mhínigh a fhearg, agus do chuir faicsin an
ionnmhusa a fhearg ar ccúl. As a haithle sin siridh an t-athair
collaidhe Froinsias leis dochum easpuic na cathrach do dhiúltadh
dá oighreacht féin agus do thabhairt a mbaoi aige dhó. Téid,
imorro, go humhal leis ar ghrádh na bochtaine agus do chuir dhe
fó chéadóir an t-éudach baoi uime a bhfiaghnuise an easpuic, agus
fós teilgios an t-éudach beag baoi uime dhe maille le lasadh
sbioradálta agus re meisge ghrádha Dé, óir níor nár leis é féin
do nochtadh ar son an tí dobhí taebhnocht san ccrann chéasda,
agus ad-beart friana athair: “Do ghoirios,” ar sé, “athair talmhuidhe
dhíot go nuige so, féudaim a rádh anois, Ar nAthair trócaireach
atá a bhflaithios Dé, as ar a thaisgidh do chuirios féin
m'ionnmhus agus m'órchisde agus as ann do chuirios mo dhóich go
daingion.” Ó do-chualaidh an t-easpocc sin, do chuir a
n-iongnamh an teas ro-árd dobhí ag S. Froinsias do thabhairt
tarcuisne isin tshaoghal sa, agus do éirigh go luath maille re trócaire
agus do ghabh Froinsias idir a dhá láimh, agus do dhóirt a dhéara, agus
do chuir an brat uasal dobhí uime féin fá Phroinsias, agus tucc
ar a mhuintir éudach oile do thabhairt dó d'fholach a chuirp;
agus asé éudach tugadh dhó, .i. brat deireóil dobhí ag treabhach


L. 12


do mhuintir na cathrach. Do ghabh Froinsias sin maille le
buidheachus mór, agus do-rinne comhartha na croiche ann re
haol tárla dhó san chonair, agus do chum é mar sin amhuil ionar
dhó féin a ffioghair na croiche céusda, a n-ionnshamhuil duine
bhoicht leathlomnocht. Conadh amhlaidh sin dobhí searbfhoghontaigh
Críosd lomnocht do leanmhuin an tí do cuireadh
a ccrann na croiche iarna nochtadh. Agus as amhlaidh sin
do ghabh cuimirce na croiche céasda dia anmoin, ionnus go
rachadh re crann na sláinte a báthadh fairrge an tsaoghail
dochum puirt na glóire suthaine.



Ar mbeith, imorro, do S. Froinsias fuasgailte ó chuibhreach
sainnte an tsaoghail dochum puirt na glóire, agus, ar bhfágbháil na
cathrach dhó, do-chuaidh go hinnill a n-ionad uaigneach,
d'éisdeacht an chomhráidh neamhdha bú deimhin leis do
dhéanamh fris, maille le silens agus le ciúnus. Baoi iar sin ag
imtheacht coilleadh áiridhe, gur thógaibhsiod na gadaidhe do
bhí os ísiol ann ceann dó, agus é ag moladh Dé a tteangaidh na
Fraince maille le sólás croidhe. Fiarfaighid go dásachtach
dhe cia hé. Conadh annsin adubhairt Froinsias friú maille le
dúthracht agus re dóigh mhóir, “Misi ar sé teachtaire turais an
Airdrígh.” Arna chloisdion sin do na gadaighibh, glacaid é
go heasonórach agus teilgid é a n-uamhaidh lán do shneachta agus
ráighid fris, “Luidh annsin, a bhathlaigh agus a bhullsaire Dé.”
Iar n-imtheacht dhóibh iar sin, éirghios Froinsias agus do mhol
Dia go hárd maille le sólás mór croidhe. Téid iar sin go mainisdir
dobhí dia chóir agus gabhus déirc mar gach anaithnidh innte.
Do-chuaidh iar sin do sheirbhís do na bráithribh ar son Dé.
Do innleadh a ccosa agus do cheangladh a ccréachta agus do ghlanadh
a ttruailligheachta, agus fós do phógadh a ccneadha maille le
dúthracht dofhaisnéisi. Agus, ar an ádhbhar sa, tug Dia neart agus
cumhachta dhó ar gach easláinte cuirp agus anma d'ionnarbadh,
do réir an tshoisgéula, amhuil as follus isin sgéul sa síos.



Duine áiridhe d'iarlacht Spoleta tarla a n-easláinte báis,
baoi gá chnaoi agus ag caitheamh a bheóil agus a leacan, agus nír féudadh
furtacht air do bhrígh leighis dhaonna ar dhomhan, go
ndeachaidh don Róimh d'iarraidh furtachta a n-onóir Pheudair
easpal agus Phóil. Agus ní bhfuair ionnarba a easláinte, uair


L. 13


do choimhéad Dia é dá shearbhfóghontaidh féin, .i. do San
Froinsias. Ar bhfilleadh, imorro, dhó ón Róimh, tarla S.
Froinsias dó isin slighe, agus mar dob áil leis, do dhruim dúthrachta,
lorg cos S. Froinsias do phóccadh, níor fhulaing an duine umhal
sin dó, uair do ghlac é agus tug pócc ar a bhéul don tí úd lerabh
áil lorg a chos do phóccadh; agus, mar do bhain a bhéul
beannaighthe ris an ccneidh n-uathmhair úd, do ionnarbadh
an easláinte, gurbho slán é; gur móradh ainm Dé agus S. Froinsias
de sin.



“Ní bhfuil fhios agam,” ar Bonauentúra, “cia dhíobh so
iongnamh as mó, .i. an úmhla mhór do fhoillsigh sé ag tabhairt
na póige trócairidh uadha, nó an mhíorbhuile árd do-rinne
ag slánughadh na heasláinte.” Atá an sgéul sa sgríobhtha a
Leabhar cosamhlachta S. Froinsias re Críosd.



An t-athair naomhtha, .i. S. Froinsias, do airdigh sé a bhráithre
féin, ag déanamh seirbhísi agus fritheólmha do na lobhraibh, ionnus
go mbeirdís eólus cinnte air a slíghe na húmhla. Tárla orra
an uair sin duine áiridhe san easláinte sin, agus ní bhí fulang nó
foighide aige, agus buaidhreadh mór ón drochsbiorad air, agus, ní
fa measa ná sin, é ag tabhairt easonóra do Dhia agus dá naomhaibh.
Do ordaigh, imorro, S. Froinsias bráthair áiridhe dá
fhritheólamh; agus, mar dobhádar ag seirbhís dó go dícheallach,
do cumhsgughadh ón drochsbioraid é do thabhairt athaisi
dhóibh óna theangaidh thinntighe, agus ní hé amháin acht do
bhuaileadh ó shlataibh agus ó dhóidibh iad, agus ní dob uathmhaire
leis nó sin, .i. Críosd beannaighthe agus a mháthair agus na naoimh
do mhalladh dhó. Dála na mbráthar, ní thugadar cion dá
n-easonóir féin, gidheadh, nír fhéadadar easonóir Íosa d'fhulang,
go ndeachadar a cceann San Froinsias agus innisid gach aon ní
dhíobh sin dó. Ó 'd-chualaidh S. Froinsias sin, táinic féin
d'ionnsaighidh an duine easláin agus ráidhios fris, “Go ttugaidh
Dia síothcháin agus sláinte dhuit, a bhráthair ghrádhaigh.”
Freagrus an t-easlán é agus ráidhios fris, “Créad í an tsíthcháin
do-gheabhainn agus do bhráithre-si dom bhuaidhreadh?” Adubhairt
S. Froinsias, “A bhráthair ghrádhaigh, bísi go foighideach, óir
as sláinte don anom gach gortadh dá bhfuighe an corp, acht go
n-iomchra go foighideach é.” “Cionnus do fhéadfainn foighidne
do dhéanamh,” ar sé, “agus pian mhór a ccomhnuidhe orm, agus nach
é amháin atá an easláinte dom chrádh acht atá do bhráithre-si


L. 14


gom bhuaidhreadh do ghnáth, óir ní bhfuil aon bhráthair aca
do-ní fritheóladh dílios dhamh?” Mur do thuicc S. Froinsias
cco raibhi buaidhreadh ón drochspioraid ar an duine sin,
do ghuidh Dia go dúthrachtach ar a shon; agus, ar ccríochnughadh
na hurnaighthe, adubhairt ris an easlán, “A chompánaigh
ghrádhaigh, dob áil leamsa féin fanamhuin dot fhritheólamh
ó nach gabhann tú le seirbhís na mbráthar oile.” Adubhairt
S. Froinsias, “Gach ní as mian leatsa, do-ghéansa é.”
“Máseadh,” ar an t-easlán, “nigh mo chorp uile, óir atá lán do
thruaillidheacht, ionnus nach fféudaim mé féin d'fhulang.” Do
fhuráil S. Froinsias iar sin uisge te do dhéanamh dhó maille
re luibhibh deaghbholaidh, agus beanaidh a éudach don duine
easlán agus ionnlaidh a chorp go hiomlán; agus, amhuil do ghlan a
chorp don taobh amuigh, as amhlaidh sin do ghlan don taoibh
astuigh é. Ó do thuig fear na heasláinte é féin do bheith slán
ó chorp agus ó anam, do chaoidh sé go searbh maille le tuirsi
chroidhe, ionnus gur baisdeadh a choguas don taebh astuicch
le srothaibh na ndéar agus gur glanadh a anam ó gach shalchar
sbioradálta baoi fair. Mar do mhothaigh é féin falláin ó chorp
agus ó anam, do ghlaodh go hárd maille le deóraibh troma agus
adubhairt gur thuill sé a theilgion a n-ifrionn as a ttug d'easonóir
uadh do na bráithribh agus d'athais do Dhia agus dá naomhaibh.
Dobhí sé mar sin cúig lá déag diaigh a ndiaigh ag caoineadh a
pheacadh agus ag iarraidh trócaire ar Dhia, agus fós do-rinne faoisidin
go hiomlán is na peacadhaibh céanna. Ó 'd-chonnairc S.
Froinsias sin, téid a ffad as an áit sin do sheachna glóire
díomhaoine, de a ttiocfadh féuchain an ghníomha mhóirmhíorbhuiligh
sin. As a haithle sin gabhus easláinte an duine
sin do shlánaigh S. Froinsias, agus fuair bás do mholadh na
heaglaisi. Tarla an tráth sin go mbaoi Froinsias ar coill
áiridhe ag moladh Dé go díochra dúthrachtach, agus do thaisbéin
an duine sin é féin dó a staid na ngrás agus na glóire suthain,
ionnus gur mhó a dhealradh nó solus na gréine. Do labhair re
S. Froinsias agus do fhiafraigh dhe, “An aithnighionn tú misi?”
“Cia thusa féin?” ar S. Froinsias. “Misi an lobhar bocht do


L. 15


shlánaigh tusa maille le grásaibh Dé, agus atáim anois maille le
Críosd ag dol do chaitheamh na glóire suthain, agus bheirim
buidheachus re Dia agus riotsa, óir as beannaighthe th'ainm agus as
beannaighthe h'anam agus do chorp, do bhriathra agus do ghníomha,
agus tiocfaidh slánughadh mhóráin d'anmonnaibh thríod, agus
bíodh fhios agad fós nach ttig aon lá ar an saoghal nach
ttabhraid aingle fhlaithis Dé agus a naoimh buidheachus mór do
Dhia ar son an fhoghanta do-ní tú féin agus th'ord san eaglais;
ar an adhbhar sin, bí ad sheasamh go láidir a mbeannocht agus a
ngrásaibh Dé.” Do imghidh leis sin agus do fhágaibh sé San
Froinsias lán do shólás croidhe agus inntinne ar ccluisdion an
chomhráidh sin.



SCCUIRIM DO NA SGÉULAIBH SIN AGUS LEANAM ANOIS
DON MBEATHAIDH.



Iomthús San Froinsias, ó do dhaingnidh a chroidhe a
n-úmhlacht Chríosd, tug a aire d'eaglais San Daimianus do
chumhdach, do réir na haithne do fuar sé ón chroich naoimh.
Agus, ó nach raibhe ór nó airgiod aige, brúidheas a chnámha agus
a chorp féin, dobhí arna chaitheamh roimhe sin re trosgadh agus
re hurnaighthe, ag tarraing cloch ar a mhuin féin dochum na
hoibre; agus ní headh amháin acht níor nár leis a bheith ag iarraidh
déirce ar na daoinibh maille lé a raibhi go saidhbhir roimhe.
Ó 'd-chonncadur na daoine sbiorad Dé do bheith aige, do
chinneudar congnamh do thabhairt dhó, ionnus nach é amháin
do chumhdaigh eaglais Daimiánus acht do chumhdaigh, do
bhrígh dúthrachta an phobail, eaglais Pheudair, .i. prionnsa
na n-easpol, agus eaglais Mhuire, darbho comhainm Porsiuncula,
.i. poirsion beag, dobhí an uair sin gan cion ag én duine uirthi.



Mar do-chonnairc S. Froinsias í arna tréigion, do chuir saothar
mór ar a choluinn féin dá cúmhdach, do bhrígh an dúthrachta
rothe dobhí aige do mháthair Chríosd. San Froinsias, dono,
ó do mhothaigh tathaigh na n-aingiol annsan áit sin, do réir
anma na heaglaisi ó thús, .i. Eaglais Mhuire do na hAinglibh,
do-rinne sé comhnaidh aice - mar chomhardha onóra do na
hainglibh do-rinne sé comhnaidh aice agus mar chomhardha grádha
do Mhuire. Is sé sin ionadh dob annsa lais a ccomhfheagus


L. 16


dó, uair as annsin do thionnsgain an crádhbhadh go humhal,
agus as ann dobhí ar biseach is na subháilcibh, fós, as ann do chuir
críoch ar a bheathaidh go humhal naomhtha. Asé so an t-ionadh
do aithin do na bráithribh go dúthrachtach a n-aimsir an bháis,
agus, do réir mur atá sgríobhtha a Leabhar na Cosamhlachta
adubhramar romhainn, is annso do ordaigh sé a chroidhe féin
do bheith a n-oidhche a bháis, mar chomhardha dúthrachta
do Mhuire. Is mar sin do leasaigh sé na trí heaglaisi corporrdha
sin, mar chomhardha go ndiongnadh sé eaglais sbioradálta na
n-anmann d'aithleasadh, do réir mar do-chíodhthar arna
choimhlíonadh is na trí hordaibh do fhágbhaidh dá éis isin
eaglais sbioradálta.



ATÁ AN TREAS CAIBIDIL AG LABHAIRT AR
ORDUCCHADH AN CHRÁDHBHAIDH, AGUS MAR DO
MHOL AN PÁPA AN RIAGHAIL.



Ar ccríochnughadh, imorro, na ttrí n-eaglus sin dó, do-rinne
comhnuidhe a n-eaglais Mhuire, agus do chríochnaigh, ar impidhe
máthar an tSlánaigheóra, slighe na foirfeachta agus sbiorad fhírinne
an tsoiscéula.



Lá dia raibhi S. Froinsias ag éisdeacht aifrinn na n-easpol, go
ccualaidh dá léaghadh san tshoisgéul an riaghail agus an modh
tug Críosd do na habsdalaibh an uair do chuir sé do shíoladh
na hirsi iad, .i. nach baoi gradha airgid aca, agus nach bíodh dhá
ionar ag aon díobh, agus fós, nach biadh slat ná maide 'na láimh.
Agus as amhlaidh do thuicc Bonauentúra sin agus gach doctúir
oile, gurab slat nó maide dobhiadh mar arm cosanta aca do
thoirmisg Críosd dhóibh agus nach lorcca dá ccongbháil 'na seasamh
isin slicche. Mar do-chualaidh S. Froinsias sin, gabhus
lúthgháire romhór é, agus do ráidh, “Is sé sin as mian dom
mheanmoin agus dom chroidhe do choimhlíonadh.” Do sgaoil fó
chéudóir a bhróga dia chosaibh agus teilgios a lorcc uadha, agus fuair
fuath mór ar an ionnmhus nó ar lón do bheith aige, agus do chuir
téad nó corda cruaidh mar chrios thairis, agus cuirios a ccuimhne
gach ní ad-chualaidh san tsoisgéul, agus tug a dhíthchioll croidhe
é féin do chuma go díreach le riaghail na n-easpol. Do
thionsgain ó sin amach grádh mór do bheith aige ar fhoirfidheacht


L. 17


an tsoisccéula agus cách oile do thoghairm dochum na haithrighe.
Dobhádur briathra tinntighe aige lán do neart agus do ghrásaibh
an Sbiorad Naomh, óir do bhaindís le smior na hinntinne agus
thiaghdís tré chroidhe luchta a n-éisdeachta, ionnus go ccuirdís
biodhgadh iongantach in gach aon do-chluineadh a bhriathra,
agus go maothaigheadh ciall bhríoghmhar a bhréithre intinne na
ndaoineadh do chruadhaigheadh is na peacaidhibh do
dhéanamh aithrighe.



Mar rugadar na daoine eólus ar an triall árd naomhtha do
bhí aige a bhfírinne a bheathadh agus a theagaisg, do thrialladar
daoine áiridhe aithrighe do dhéanamh ó eisiompláir, iad féin
do cheangal do S. Froinsias ó aibíd agus ó bheathaidh, isa ainm
tug an duine umhal orra so, bráithre monúra, .i. na bráithre
as lugha. Agus asé céad duine do ghoir Dia chuige, tighearna
cumhachtach dobhí a ccathraigh Aisisi, darbho comhaimn
Bernard; agus ba diongbhála an t-ainm don tí si céad mhac
sbioradálta S. Froinsias do ghairm dhe, a leith re haimsir, agus re
foirfidheacht na beatha naomhtha do bheith aige. Agus asé
so an modh ar ar tharraing Dia chuige é, do réir mar atá a Leabhar
na Cosamhlachta. An uair dobhí an tighearna sin ar dhaoinibh
uaisle eagnuidhe saidhbhre chathrach Aisísi do smuain aige
féin slighe San Froinsias do leanmhuin, .i. an tarcuisne tug
sé don tsaoghal agus daingne a inntinne san triall mhaith agus méad
a fhoighidne in gach easonóir dá bhfaghadh sé ar feadh dhá
bhliadhan dobhí sé a n-aibíd dhíthreabhaigh sul do thionsgain
sé an tOrd Mionúr; agus adubhairt an duine maith si ina mheanmuin
féin, “Ní éadair”, ar sé, “gan grása móra do bheith a San
Froinsias.” As a haithle sin do sheól Dia dhó cuireadh do
thabhairt do S. Froinsias. Do ghabh Froinsias sin agus do chaith
biadh agus deoch go humhal maille le Bernard; agus do chuir
Bernard ina inntinn naomhthacht S. Froinsias do dhearbhadh.
Conadh aire sin adubhairt sé leaba do chórughadh dhó ina sheómra
féin; agus do-righneadh amhlaidh sin, agus loighios Froinsias. Do
luígh Bernard ar a leabaidh agus do léig sé gúacholladh chuige agus


L. 18


dobhí ag srannfartaigh go hiomarcach, dá chur a ccéill go
raibh sé 'na thromcholladh. Dobhí lóchrann ar lasadh sa
tseómra, do réir ghnáthaighthe an duine uasail onóraigh.
Searbhóntaigh umhal an Airdrígh, lerbh áil seicréid agus rún Dé
do cheilt, an uair do shaoil sé Bernard do bheith 'na cholladh,
do éirghe as a leabaidh agus do thógaibh súas a lámha agus a shúile
maille le dúthracht agus le mian mór agus re teas tinntighe agus ghuidh
Dia go dúthrachtach maille le beagán briathar, .i. “Mo Dhia
féin; gach uile ní, asé Dia do-ní; asé Dia do-ní gach uile ní
dhamh chum na neitheadh mór dob áil leis do dhéanamh thríom.”
Agus dobhí gá shíorrádha sin, lán do dhúthracht intinne agus
do theas croidhe maille le deóraibh do dhórtadh dhó, as sin go
maidin gan urnaighthe eile do dhéanamh acht an beagán
briathar sin. Asé adhbhar fá n-abradh sé sin go minic, gurbh
iongnamh leis airde na diaghachta agus a ísle féin, agus gurab é dob
áil le Dia cumhachtach do chur do shlánughadh an
tshaoghail, do réir mar do fhoillsigh Dia dhó na neithe móra
do-dhéanamh sé féin agus a ord re chéile.



Do-chonnairc an duine umhal sa a éccruas féin chuige sin,
muna ccuireadh Dia lámh leis. Conadh aire sin adeireadh sé,
“A mo Dhia féin gach uile ní.” Do-chonnairc Bernard agus
do-chualaidh sé na briathra sin agus do thuig dúthracht an duine
naomhtha, agus do ghoineadar grása an Sbiorad Naomh a chroidhe,
agus do labhair sé le San Froinsias ar maidin arna mhárach agus
aseadh ro ráidh: “Gidhbé duine”, ar sé, “dá ttiúbhradh Dia
conádha móra, agus a bheith aige mórán do bhliadhnaibh agus ná
bú áil leis a chongbháil ní budh faide, créud bu cóir dhó do
dhéanamh fris?” Do fhreagair San Froinsias agus aseadh
adubhairt gurab don tí ó ffríth é budh cóir a thabhairt.
“Máseadh, a Froinsiais,” ar Bernard, “gach uile mhaithios
atá agamsa, aseadh budh áil dhamh a thabhairt do bhochtaibh
ar ghrádh Dé, ó bhfuarus é, agus thusa do leanmhuin agus gach
ní mholfus tú dhamh do dhéanamh.” Mar do-chualaidh Froinsias
sin, adubhairt maille le lúthgháire mhóir, agus aseadh adubhairt,
“A Bhernaird,” ar sé, “as cóir dhúinne comhairle ar tTighearna
féin, .i. Íosa Críosd, d'iarraidh chuige sin, ionnus go
bhfoillsigheadh sé a thoil féin dhúinn, óir as mór an gníomh sin
re a dhéanamh.” Do-chuadur go luath go heaglais S. Niocolás,


L. 19


dobhí láimh riú, agus duine eile maille riú, .i. Petrus a ainm,
lerbh áil a bheith 'na bhráthair. Ar n-éisdeacht aifrinn dóibh
annsin, dobhádur ag guidhe Dé go tráth terta. As a haithle sin
do léig S. Froinsias ar a ghlúinibh é a bhfiaghnuisi na haltóra, agus
glacus an leabhar aifrinn agus cuiridh singin na croiche ina thimchioll
agus osglus an leabhar trí huaire a n-onóir na Tríonnóide, agus asé
so céad ní fuair san chéad osgladh, .i. an focal úd an tshoisccéula,
.i. “Madh áil leat a bheith foirfe, glúais agus reac a bhfuil agad agus
tabhair do bhochtaibh é, agus do-gheabha tú órchisde a bhflaithios
Dé.” Do cuireadh chuige san dara hosgladh an focal úd oile an
tshoisccéula, .i. “Ná beiridh aon ní ribh sa tslighe.” Tárla san
treas osgladh, .i. “Gidhbé lerab áil misi do leanmhuin, diúltadh
sé é féin agus leanadh sé misi agus tógbhadh sé chroch,” mar
adubhairt Críosd. Airna léaghadh sin do S. Froinsias, gabhus
lúthgháire é maille le buidheachus do thabhairt do Dhia, agus
adubhairt re Bernard agus re Peatarus, “A bhráithre grádhach,
ag so an riaghail as beatha dhúinn agus do gach duine lerab áil
é féin do cheangal rinn, agus gluaisigh agus cuiridh a ngníomh amhuil
do-chualabhair.” Do-chuaidh an tighearna sin, aga raibh
saidhbhrios mór, .i. Bernard, dochum a thighe féin agus do chruinnigh
a raibh do shaidhbhrios agus do mhaoinibh aige agus do ruinn ar
bhochtaibh na cathrach iad, agus níor chongbhaidh agus níor choimhéid
aoin ní dhó féin díobh; agus do-rinne Peatarus an ní céanna, do
réir a inmhe féin.



As a haithle sin gabhuid an aibíd ó S. Froinsias, agus dobhádur
'na mbráithribh naomhtha lán do ghrásaibh ar an saoghal sa,
agus atáid anois maille le Dia lán do ghlóir. Beagán aimsire 'na
dhiaigh sin do thairrngeadar grása an Sbiorad Naoimh ceathrar
bráthar oile dochum S. Fhroinsias, agus dob é an céad duine dhíobh
sin an t-athair naomhtha darbho comhainm Egídius, .i. duine
dobhí lán do ghrásaibh Dé agus do dheaghchlú, do réir mar adubhairt
S. Froinsias. Dobhí an tí si rosholusda ó ghnáthughadh na
subháilceadh an méid si, gé dobhí sé 'na dhuine aenda gan
léighionn aige, gur tógaibh a n-airde é do bhreith radhairc ar
an Tríonnóid, agus fós go mbíodh sé go minic arna ghoid ón tsaoghal
leith re sbioraid, ag tabhairt aire do Dhia agus ag labhairt fris,
do réir mar do-chonnairc mo shúile féin é, ar Bonauentúra,


L. 20


ionnus gurab mó do bhreathnóchadh neach beatha ainglidhe
do bheith aige maille ris na daoinibh iná beatha dhaonna.



An tráth sin, imorro, do fhoillsigh Dia radharc nach cóir a
cheilt do shagart áiridhe dobhí a ccathraigh Aisisi, Siluester
a ainm. Dobhí gráin ag an duine si ar tús ar shlighe S. Froinsias
agus a bhráthar. Conadh do chur a bhreithamhnuis mheardhána
ar ccúl do fhoillsigh Dia an radharc sa dhó. Do-chonnairc sé
ina cholladh draicc mhór a timchioll cathrach Aisísi, agus gur
eagail leis an tír uile do sgrios le méad na draicci. As a haithle
sin do-chonnairc sé cros órrdha ag teacht a bheól S. Froinsias agus
a beangán uachtarach a spéir an aieóir, a dhá beangán társna
ag teacht timchioll an tshaoghail, gur dhíochuir sí an draicc
uathmhar le faicsin dealraidh a solais. Arna fhaicsin sin trí
huaire dhó a ndiaigh a chéile, do thuig gurab sgéula thug Dia
dhó ar naomhthacht S. Froinsias agus a bhráthar, conadh uime
sin do-chuaidh sé a cceand S. Froinsias agus do innis gach aon
ní aca sin dó féin agus dá bhráithribh. A ccionn aimsire giorra
'na dhiaigh sin do thréig sé an saoghal agus do lean sé slighe
S. Froinsias go foirfe, ionnus gur chuir an bheatha mhaith
dobhí aige san órd a n-uaisle 's a n-onóir an radharc do-chonnairc
sé a n-aibíd shaoghalta.



Ní a nglóir dhíomhaoin an tshaoghail do-chuaidh S. Froinsias
le cloistin an amhairc sin acht a mbuidheachus do bhreith re
Dia ar son a thiodhlaicthe dhó, agus fós do ghlac sé leis sin
meanma láidir do chur cealg agus mealltóracht an diabhail dhe.



Do ghabh mian mór S. Froinsias im ghlóir na croiche céusda
do sheanmóir tré chéill na croisi do-chonncus 'na bheól.



Mar do ghoir Dia seisior bráthar chuige, do-chuaidh an
t-athair trócaireach agus an buachaill furachair, .i. S. Froinsias, a
n-ionadh uaigneach do chaíneadh na beatha saoghalta dobhí
aige agus d'iarraidh grás agus maithfeachas ar Dhia don chloinn
bheannaighthe do ghin sé a Críosd. Do fhoillsigh Dia dhó
annsin gur mhaith sé féin a pheacaidh dhó go hiomlán. Maille
le lúthgháire chroidhe do tógbhadh é as a haithle sin a solas


L. 21


bhríoghmhar iongantach, agus, ar ndol asdeach dhó sa tsolus sin,
do-chonnairc sé go follus gach ní thaigéamhadh dhó féin agus dá
ord 'na dhiaigh sin go deireadh dhomhain, do réir mar do innis
sé féin do na bráithribh 'na dhiaigh sin do chur nirt agus
láidireacht ionnta go deireadh dhomhain. “A chlann ghrádhach,
déanaidh go láidir sa Tighearna maille le sólás, agus ná bíodh tuirsi
oraibh ima laghad atá sibh maille re chéile, agus fós ná gabhadh
eagla sibh fám aendacht-sa, agus bíodh a fhios agaibh go cinnte
fírinneach gur fhoillsigh an Tighearna dhamhsa go mbiam
nuimhir mhór fós 'na dhiaigh so agus go ttiubhraidh sé saidhbhrios
na ngrás agus na mbeannacht dhúinn, do réir mar adeir Leabhar
na Cosamhlachta go ndubhairt S. Froinsias: “Ná bíodh
uamhan nó eagla oraibh, óir do fhoillsigh Dia dhamhsa go
ttiocfaid mórán do dhaoinibh eagnaidhe agus do dhaoinibh uaisle
chugainn agus go mbeid ag seanmóir maille frinn do na ríoghaibh agus
do na puiblibh agus do-dhéanomh mórán d'iompódh óna
bpeacadhaibh dochum Íosa Críosd, agus méideóchaidh Dia a
mhuinntir féin agus cuirfidh sé iad a saibhrios agus a leathad feadh an
tshaoghail.” Adubhairt fós rena chois sin: “Do-chonnairc misi
na slighthe lán do dhaoinibh chugainn: atáid Frangcaidh agus
Spáinnigh, Almáinnigh agus Briotáinigh, Saxanaigh agus Éirionnaigh
agus Albanaigh agus mórán do chineadhaibh eile ar siubhal chugainn.”
Atáid na mainisdreach agus na coimhthineóil agus iomad na
mbráthar mionúr do bheith in gach aon talamh dá dhearbhadh
dhúinn gurab fírinneach gach ní dá ndubhairt S. Froinsias.



As a haithle sin, ar tteacht duine mhaith oile dochum an
chrádhbhuidh, dobhádur móirsheisear mac sbioradálta do
chlonn bheannaighthe ag S. Froinsias. Agus, arna ngairm
chuige dhó, do-rinne an t-athair trócaireach seanmóir dhóibh
ar fhlaithios Dé do chosnamh do chionn an tshaoghail do thréigean
agus a thoile féin do dhiúltadh agus a chorp do ghortughadh; agus do
fhoillsigh Dia dhó gurbh áil dó a chur fá cheithre hairdibh an
domhain, óir dobhí mian ar S. Froinsias an eaglais uile do
tharraing chum na haithrighe agus a ngineamhain do Chríosd
go sbioradálta. “Gluaisigh ar an t-athair milis re a chloinn
agus foillsigh an tsíth do na daoinibh, ag seanmóir na
haithrighe a maitheamh na bpeacadh, agus bídhthi féin foighideach
sa mbuaidhreadh, furachair san urnaighthe, glic isin tsaethar,


L. 22


measardha in bhar ccomhrádh, deaghiomchair in bhar mbéusaibh,
buidheach do na tiodhlaicibh, óir atá flaithios Dé gá ollmhughadh
dhaoibh ar son gach ní dhíobh sin.” Arna chloisdion sin do na
bráithribh, do léigiodar ar a nglúinibh iad a bhfiaghnuisi S.
Froinsias agus do ghabhadur aithne na húmhla uadh maille le
sólás croidhe. Ar ttabhairt a bheannacht dhóibh, adubhairt
re gach bráthair fó leith aca, “Cuir h'inntinn agus do dhóich i nDia agus
oilfe sé thú.” Fa gnáth leis an focal sin do rádh gach uair do
chuireadh sé bráthair re humhla.



Ar ngabháil, imorro, compánach do S. Froinsias, do roinn
sé i cceithre chúpla iad agus do chuir a ffioghair na croiche fó
cheithre hairdibh an domhain iad. A ccionn aimsire giorra
'na dhiaigh sin dobhí mian ag an athair thrócaireach a chlann
ghrádhach d'fhaicsin, agus, mar nachar fhéad sé, ar a sholáthar
féin, a ttabhairt chuige, do ghuidh Dia go dúthrachtach a
ccruinniughadh a cceann a chéile, amhuil do thineóil sé clann
Israel dobhí sgaoilte dealaighthe ó chéile. Do fhreagair maithios
Dé S. Froinsias, agus do chuir sé na bráithre a n-aon ionadh, mar
nár shaoileadar féin, do réir miana an athar naomhtha, maille
re hiongnamh mór do bheith orra féin; gur móradh ainm Dé agus
S. Froinsias de sin.



Do ghoir Dia chuca iar sin ceathrar do dhaoinibh saidhbhre
sochroidhi, ionnus go raibheadar dhá bhráthair dhéag maille
re chéile; óir dob áil re Críosd S. Froinsias do chur a ccosmhuilios
ris féin isin ngné sin, do réir mar adeir Leabhar na Cosamhlachta,
amhuil dobhí dhá easpol déag aige féin, gurab amhlaidh sin
dob áil leis dhá chompánach dhéag do bheith ag S. Froinsias, agus,
amhuil dobhí easpol díobh 'na dhrochdhuine, .i. Iúdás, do
chroch é féin, as mar sin dobhí bráthair aca sin 'na dhrochdhuine,
.i. Seón an tSéibéil, óir do bú áil leis an duine sin
míoghnáthughadh séipéil do bheith aige gan chead do S. Froinsias,
gur fhágaibh sé an t-ord agus go ndearnadh duine clamh dhe, agus
do-chuaidh a n-éudóchus agus do chroch sé é féin.



Accus, mar do chuir sé Mathias dochum na n-easpol a n-ionadh
Iúdáis, as mar sin do chuir sé duine maith dochum S. Froinsias
a n-ionadh Sheóin an tSéipéil, .i. Guilliabnus a críochnaibh
Saxan; agus fa maith a bheatha isin ord, maille le mórán míorbhal
do dhéanamh dhó. Agus, amhuil dobhádur na heaspoil lán do


L. 23


naemhthacht agus do mhíorbhuilibh, as mar sin dobhádur
compánaigh S. Froinsias ronaomhtha leath re beathaidh agus
rochumhachtach leath re míorbhuilibh do dhéanamh 'na
mbeathaidh agus 'na mbás agus iar mbás; uair dobhí bráthair aca ag
eitiollaigh, cosmhuil le hiolar, dochum solais eagna na diaghachta,
.i. Bernardus, céad mhac sbioradálta S. Froinsias, go ttéigheadh
a ndoimhne na diaghachta do thuiccsin an sgrioptúra. Rugadh,
imorro, bráthair eile dhíobh isin treas neamh maille leis na
hainglibh, a ccosmhuileacht re Pól, .i. Egídius. Do chuir an
t-aingeal cloidheamh tinntighe a mbéul bráthar oile dhíobh, a
ccosmhuileacht re hElias fáidh, .i. Philip Fada. Dobhí duine
eile aca ag labhairt re Dia béul ar bhéul amhuil charuid re
caruid eile, a ccosmhuileacht re Maoisi, .i. Siluestar. Do naomhadh
bráthair eile aca agus do sgríobhadh é a leabhar na beathadh a
fflaithios Dé agus é féin beó ar an saoghal, .i. Rufinus, .i. duine
uasal do chathraigh Aisísi. Dobhí duine eile aca dealradhach
solusda, leith re beathaidh naomhtha, a ccosmhuileacht soluis
na gréine, .i. Petrus Cataníí, dobhí 'na bhiocáire ag S. Froinsias
agus 'na mhinistir ghenerálta 'na dhiaigh os cionn an uird. Do
bhí sbiorad fháidheadórachta ag duine eile dhíobh, .i. Leada.
Rug duine eile dhíobh ar fhoirfeacht na humhla, .i. Maseus.
Mar sin nach raibh aon aca gan subháilce ar leith aige. Agus
fós, amhuil do shlánaigh Críosd an saoghal lé a sheanmóraibh
féin agus le seanmóraibh na n-easpol, as mar sin do leasaigh S.
Froinsias an saoghal céanna leis féin agus le a bhráithribh, leith
re haithrighe agus re crádhbhadh do dhéanamh do chách.



Ó do-chonnairc, dano, S. Froinsias nuimhir na mbráthar do
bheith ar biseach, do sgríobh sé riaghail dó féin agus dá bhráithribh,
in tshoisgéula, do réir mur dhéacht an Sbiorad Naomh dhó,
óir as ó Chríosd féin fuair sé an riaghail. Dá dhearbhadh sin:
An uair dob áil leis an riaghail do chur a suim do thaisbéin
Dia dhó radharc san oidhche chuige sin do dhéanamh. Do-chonncus
dó gur chruinnigh sé sbrúilleach séimhidhe aráin
maille re chéile agus go ndubhradh ris a thabhairt do mhórán
bráthar bhaoi gach taoibh dhe, ar a raibhe gorta mhór. Agus,
mar dob eagail leis nach fféadfadh sé an sprúidhleach sin do
roinn orra, ar a thanacht, adubhairt an guth neamhdha ris,


L. 24


“A San Phroinsias, déana aon abhlonn amháin dá bhfuil ann
so agus tabhair í do gach duine lerab áil a gabháil uait.” Do-rinne
S. Froinsias sin; agus gach duine nár ghabh an abhlann uadha
nó thug dímeas uirre iarna gabháil, do-rinneadh daoine clamha
a ccéadóir dhíobh. As a haithle sin, mar nár thuicc sé an
radharc sin go sbioradálta, agus é go furachair ag guidhe Dé,
do-chualaidh sé an guth diadha ag labhairt fris: “A Froinsiais, an
sprúidhleach ad-chonnairc tú, as iad sin briathra an tshoisccéula;
an aon abhlann adúbhradh riot do dhéanamh dhíobh sin, así
sin an riaghail chuimir as cóir dhuit do chur a n-éin ionadh, agus
asé an claimhe ad-chonncais, eteadh agus drochchomhairle na
ndaoineadh do-bheir tarcuisne ar an riaghail. Arna chloisdion
sin do S. Froinsias, do-chuaidh ar sliabh árd áiridhe darbho
comhainm Polambo, mar adeir Leabhar na Cosamhlachta, agus
dias compánach leis, .i. Leada agus Bonisius, agus dobhí annsin
ag guidhe Dé go díochra gan biadh gan digh acht arán agus uisge, agus
do sgríobh sé an riaghail go cuimir, do réir mar dheacht Críosd
dhó. Iar bhfágbháil an tsléibhe dhó, tug sé an riaghail dá
coimhéud dá bhiocáire féin, .i. d'Elias; agus, arna léaghadh don
mbráthair chéanna, mar nár thaitin sí ris, ar a cruas, do bhris
sé í, agus do ráidh re S. Froinsias go ndeachaidh sí ar seachrán
uadha. Ó do-chualaidh Froinsias sin, fillidh gusan sliabh
céanda agus do sgríobh sé annsin maille le tréidhionus agus re
hurnaighthe do dhéanamh ar tús leithide na céud riacchlach,
ó bhréithir go bréithir, amhuil do dheacht béul an Tighearna
dhó. Conadh annsin do-chuaidh Heilias céadna a cceand na
mbráthar agus na menisdreach agus do innis sé dhóibh foirm na céad
riaghla agus adubhairt go mbaoi S. Froinsias ag déanamh a leitheide
oile. “Éirghidhsi”, ar na bráithre, “a cceann S. Froinsias
uainne agus innis dhó go ndubhramarne ris an riaghail sin do
dhéanamh dhó féin agus gan a déanamh dhúinne, óir ní háil linn
a cur d'fhiachaibh oruinn.” Adubhairt Helias gur eagail leis a
chur leis an teachtaireacht sin gan iad féin maille fris. Arna
chloisdion sin dhóibh, do ghluaiseadar uile leis, agus, mar
do-chuaidh Helias a bhfeagus do S. Froinsias, do fhiarfaidh
S. Froinsias de, ar bhfaicsin na menistreach agus na mbráthar oile
dhó, créad dob áil leó do dhéanamh. “Do-chualadar,” ar Helias,


L. 25


“go bhfuil riaghail nuadh agadsa gá déanamh agus as eagail leó go
ndiongnaidh tú rochruaidh í, conadh uime sin adeirid riot a
déanamh dhuit féin agus gan a déanamh dhóibhsion.” Do thógaibh
S. Froinsias a shúile súas agus adubhairt re Críosd, “A Thighearna,
as fírinneach adubhart friot nach ccreidfedís na bráithre
dhamh.” Do fhreagair Críosd S. Froinsias isin aiér uasumh,
agus do-chualadur na bráithre é gá rádha fris, “A Froinsiais, ní
bhfuil aon ní uaitsi isin riaghail, acht uaimsi féin atá gach aon
ní dá bhfuil innte”; agus do ráidh trí húaire a ndiaigh a chéile,
“As amhlaidh as áil leam a coimhéad do réir na litreach, gan
glúais.” Agus adubhairt as a haithle sin, “Atá fhios agamsa
féin gá mhéid fhéadus an nádúir dhaonna d'iomchar agus gá
mhéid as áil leam féin agus do fhéadaim a fhurtacht.” Ar
ccríochnughadh an chomhráidh sin, adubhairt S. Froinsias ris
na bráithribh, “Do-chualabhair féin siúd; an áil libh go
ttabhrainn ar Chríosd an comhrádh céanda do rádha ribh?”
Ó 'd-chualadar na bráithre sin, do éirgheadar maille le náire
mhóir agus re haithreachus. Conadh go nuige sin a labhrus an
Leabhar Cosamhlachta.



Dobhí mian ag S. Froinsias an pápa, .i. Innocensius, an treas
pápa ar a raibh an t-ainm sin, do mholadh na riaghla sin fuair
sé ó Chríosd. Conadh aire sin do-chuaidh sé a ccuideachta
bráthar dochum na Rómha, agus gabhus eagla na bráithre fá
aendacht S. Froinsias ag dol a ccionn an phápa, go ttucc Dia
sbiorad láidir dhóibh leith re taisbéanadh áiridhe tucc Dia
do S. Froinsias, óir do-chonncus dó go bhfacaidh sé san tslighe
crann ro-árd, agus, ar ndol fá bhun an chrainn dó féin, do fhéuch
sé suas ar a bharr, agus gurbh iongnamh leis a áirde, agus go ttáinic
do chumhachtaibh Dé a ccéadóir gur thógaibh é féin go hárd,
ionnus go rug sé ar bhárr an chrainn agus gur chrom é dochum a
bhuna. Do thuig an t-éarlamh naomhtha as sin gurab é an
crann an pápa ardchumhachtach do chlaenfadh chuige féin
an duine beag íseal do mholadh na riaghla agus do thabhairt gach
neithe dá n-iarrfadh sé dhó. Arna innisin do na bráithribh
maille le sólás mór, do chuir sé a neart agus a láidireacht inntinne
iat. Ar ndol dochum an phápa dhóibh maille le seóladh Dé,
do-chuaidh S. Froinsias a bhfiadhnuisi an phápa sa phálás darbho


L. 26


comhainm Laterána, dá ngoirthior an Sgáthán. Mar nach
raibhi eólus ag an phápa ar S. Froinsias, agus smuaintighthe áirde
ar a aire féin, agus do fhuráil a chur amach maille le míochéudfaidh;
agus do-chuaidh an duine umhal amach go haobhdha. Do
thaisbéin Dia don phápa isin oidhche sin, dar leis féin gur fhás
géug phailme idir a chosaibh agus gur fhás sí agus gur éirghe go
ro-árd 'na crann ro-áluinn. Ar ccur a n-iongnamh dhó créud
bu ciall dhó sin, do fhoillsigh solus grás Dé dhó gurab í an ghéucc
bheag sin, dobhí ísiol ar tús agus árd fá dheóigh, an duine bocht
do chuir sé amach an lá roimhe sin, do éireóchadh san eaglais
'na chrann ro-árd leith re foirfeacht an chrádhbhaidh. A
maidin an laé arna mhárach do chuir sé daoine d'iarraidh an
duine bhoicht, go bhfríth a ffeagus don phálás é, gur fhuráil
an pápa a thabhairt ina fhiaghnuisi; agus do fhoillsigh
S. Froinsias dó an triall dobhí aige agus do iarr go humhal air an
riaghail do mholadh. Ó do-chonnairc an pápa an coinghioll romhaith
dobhaoi aige S. Froinsias, mar atá glaine iongantach intinne agus
triall daingion na foirfeachta agus teas tinntighe na toile naomhtha,
tug grádh a chroidhe dhó agus do chlaon a inntinn féin dochum
gach neithe dá n-iarrfadh air do thabhairt dhó. Gidheadh, do
chuir sé ar cairde an ní do iarr bocht Dé air, .i. S. Froinsias,
óir do-chonncus do chuid éigin do na cairdionálaibh gurab ní
núa ro-árd os cionn comhachta na ndaoine do iarr sé. Mar
dob áil le Dia dobhaoi cairdionál aca sin, .i. easpoc Saibíne,
duine onórach darbhó comhainm Iohones, aga raibhi grádh
ar an naomhthacht agus trócaire do bhochtaibh Dé. Do lasadar
grása an Naemhsbioraid an tí sin, agus adubhairt ris na
cairdionálaibh eile: “Dá ccuiream iarratus an duine bhoicht
ar ccúl agus a neamhchion mar ní núa ro-árd, as baeghal dúinn go
ttiubhram athais do shoisccéula Críosd, óir as sé ní iarrus sé,
riaghail agus beatha do dhaingniughadh do réir an tsoisgéula.
Gidhbé duine adéaradh ní nua míochneasda ná budh éidir dhó
choimhéud do bheith isin tsoisccéul, as deimhin go ttug sé
easonóir do Chríosd, as úghdar do na soisccéulaidhibh céanda.”
Ar ccur críche ar an chomhrádh sin don chairdionál, adubhairt
fear ionaid Peadair re bocht Críosd, “A mhic ghrádhaigh, guidh
féin Dia ima thoil d'fhoillsiughadh dhúinn iman chás sin, ionnus


L. 27


go ccuirfidhear críoch go hinnill ar an mian thrócaireach
atá agadsa.” Do-rinne óglach an Airdrígh sin go dúthrachtach,
agus fuair ó Dhia ina urnaighthe gach ní budh cóir dhó do labhairt
ar a bhéul don taobh amuigh agus bu cóir don phápa do thuigsin
ina chroidhe don taobh astuigh.



Ar tteacht a bhfiaghnuisi an phápa dhó, do innis sé cosmhuileacht
áiridhe, do réir mar fuair sé sin ó Dhia, .i. go ndearnaidh
rí sáidhbhir pósadh re mnaoi bhoicht dobhí ro-áluinn, agus go
rucc sí clann dó, ar a raibh dealbh agus cosmhuileacht an rí, agus do
hoileadh ar a bhord féin iad. Do mhínigh S. Froinsias an
chosmhuileacht sin go morálta, agus adubhairt gurab é an rí
sáidhbhir sin Críosd, aga bhfuil gach uile shaidhbhrios ar
nimh agus ar talmhuin, agus gurab í an bhean do phós sé ris, .i. an
bhochtacht naomhtha, atá áluinn a bhfiadhnuisi Dé agus na n-aingeal,
agus gurab í an chlann do ghein sí dhó, .i. gach duine le bú áil
an bhochtacht naomhtha agus móid na bochtaine do thabhairt,
dia ttabhrann Críosd beatha ar a bhord féin san eaglais, do
bhrígh trócaire an Chríosdaighe. “Máseadh,” ar S. Froinsias,
“ní hadhbhar eagla móid na bochtaine do thabhairt, óir ní
cosmhuil go léigfidh Críosd do ghorta a chlann féin, ar a bhfuil
a dhealbh do thaobh a dhiaghachta agus a chosmhuileacht do
thaobh a dhaonnachta agus a bhochtachta maille friú sin, agus a
ghineamhuin ón máthair sbioradálta dhó, .i. an bhochtacht
áluinn isin chrádhbhadh bheannaighthe, ó ghrásaibh an
Naoimhsbioraid. Agus fós, ó do gheall Rígh na n-aingeal
oighreacht fhlaithis Dé dá lucht leanamhna féin, cá mhéad as
iontuigthe dhúinn go ttiúbhra sé biadh agus deoch dhóibh agus éudach,
agus go ttabhair go coitcheand do chách, eidir mhaith agus olc.



Arna chloisdion sin don phápa, dob iongnamh leis méad
eagna an duine bhoicht, agus do thuig sé gurab é Dia féin do
labhair ina bheól, agus adubhairt re cách, an taisbéanadh do fhoillsigh
Dia dhó féin, gurab don duine bhocht sin budh cóir a thuigsin,
.i. “Do-chonncus in mo cholladh go mbaoi an eaglais onórach,
.i. Laterána, a bhfeagus do thuitim agus gur chuir duine bocht
deireóil a dhruim ria agus gur chongaimh sé 'na seasamh í. As
deimhin leam”, ar an pápa, “gurab é so an tí dá bhfuil a ndán
an eaglais do chongbháil, ó oibriughadh agus ó theagascc.” Ó sin
amach dobhí an pápa lán do dhúthracht agus do ghrádh sbioradálta


L. 28


fá shearbhfoghontaidh Chríosd, agus tug dhó gach ní dar iarr air agus
do gheall neithe móra eile do thabhairt dhó. Do mhol sé an
riaghail agus do aithin sé dhó an aithrighe do sheanmóir agus fós do
fhuráil sé coróineadha beaga do dhéanamh is na bráithribh
tuata, do sheanmóir bréithre Dé.



LABHRUM AN CEATHRAMHADH CAIBIDIL AR
BHISEACH AN UIRD MHIONÚR FÁ LÁIMH
S. FROINSIAS.



An t-athair naomhtha S. Froinsias, aga mbaoi sólás grás
Dé, ar bhfagháil cumhachta agus ughdardháis an phápa, do-chuaidh
sé maille le dóchus daingion dochum ionaid áiridhe dar
chomhainm Gleann Spoleata do chur soisccéula Críosd a ngníomh
ó bheathaidh agus dá sheanmóir ó bhréithir. Ar ndéanamh callóide
rena chompánaibh dhó cionnus do choimhéudfaidís an riaghail
go glan agus cionnus do-bhéardís a mbeatha go naomhtha as do
thaobh an Tighearna, go tarbhach leith riú féin agus go hesiomláireach
leith re cách eile, go rug deireadh an laoi orra, agus do fhanadar,
le méad an tsaethair roimhe sin, a n-ionadh fhásaigh gan lón
aca acht Dia, aga mbaoi agus aga raibhi deithide agus coimhéud orra,
óir do-chonncadar a ccéadóir duine ar tteacht do láthair agus
arán ina láimh, agus, ar ttabhairt an aráin dóibh, do imigh sé as a
bhfiaghnuisi gan fhios aca cáit as a ttáinic nó cá hairm a
ndeachaidh. Mar do thuigeadar na bráithre gurab é Dia do
chuir an tiodhlacadh sin dochum S. Froinsias, as mó thugadar
a n-aire do shásadh na hinntinne leith re buidheachus agus re
moladh do thabhairt d'Íosa nó do bhiadh an chuirp do
chaitheamh, agus do chuireadar ina n-inntinn go daingion gan dol
tair ais choidhche ón mbochtacht naomhtha re hamhgur nó
re heasbhaidh dá mhéud.



Acc dol dochum an ghleanna chéanna dhóibh maille le triall
naomhtha, do chuireadar a ccontabhairt créad budh cóir dhóibh
do dhéanamh, .i. a mbeith maille fris na daoinibh ná dol leó
féin ar an bhfásach; agus, ó nach ann féin nó ina bhráithribh do
chuir S. Froinsias a dhóich, do ghuidheadar Dia go dúthrachtach


L. 29


ima thoil féin d'fhoillsiughadh dhóibh ar an adhbhar sin. Ar
tteacht solais freagra Dé a ttimchioll S. Froinsias, do thuig
sé gurab dochum éudálach do dhéanamh do Chríosd ar na
hanmannaibh dob áil leis an diabhal d'fhuadach a n-ifrionn
do chuir Dia é féin agus a ord ar an saoghal, conadh ar an adhbhar
sin rucc mar roghain a bheatha do thabhairt ass maille fris na
daoinibh, ionnus nach í a tharbha féin amháin do-dhéanamh
sé acht tarbha na heaglaisi go coitchionn ó eisiomláir Chríosd
do chuir a anam agus a bheatha ar son cáich uile. As a haithle
sin do-rinneadar comhnuidhe a n-ionadh bheacc dheireóil do
bhí ar fágbháil amuigh ó chách a ccóir cathrach Aisísi, ina
raibheadar ag tabhairt a mbeatha as do réir riaghla na bochtaine
naomhtha maille le saothar mór agus re sólás d'fhagháil a n-arán
na ndeór nías mó ná a mbiadh oile dá shólásaigh. Tugadar a
n-aire do stuidér na hurnaighthe agus do leabhar na croiche céusda
d'fhéuchain agus do sgrúdadh do ghnáth a ló agus a n-oidhche, óir
ní raibhiodar leabhair eile aca le n-aibeórdís trátha cánónta, agus
fós do-níodh S. Froinsias seanmóra dhóibh go minic ar chroich
Chríosd agus ar a pháis, agus tucc sé teagusg dhóibh, an tráth
do-ghéandís urnaighthe, an Phaidear do rádh agus an urnaighthe
bheag sa oile, .i. “Guidhim annso agus in gach eaglais oile atá
agad agus beannaighim dhuit, óir as léad chroich naoimh féin do
cheannaighis an saoghal.” Agus tucc sé trí teagaisg mhaithe
eile dóibh an uair sin, .i. ar tús, Dia do mholadh ann féin agus
in gach uile chréatúir, agus onóir do thabhairt do na sagartaibh,
creideamh na hEaglaisi Rómhánta do choimhéad go daingion agus
a admháil go haonda.



Do choimhéid an chlann teagusg an athar naomhtha in gach
aon ghné; agus, ar bhfaicsin eaglaisi a bhfad uatha, do léigdís ar a
nglúinibh iad agus do-nídís urnaighthe, do réir na haithne fuaradar
ón athair naomhtha.



Do-chuaidh S. Froinsias Satharn áiridhe ón ionadh chéanda
sin dochum cathrach Aisisi do rádha seanmóra i n-eaglais
chaiteadrálta. Agus, ar mbeith a bhfurachrus an oidhche sin a
ngarrdha na ccanánach, acc guidhe, amhuil fa gnáth leis, go
bhfacadur na bráithre timchioll an mheodhón oidhche, agus cuid 'na
ndúsgadh dhíobh agus cuid 'na cciúnus, carbad tinntighe lán do
sholas agus do dhealradh iongantach ag teacht asteach ar dhorus


L. 30


an tighe i raibheadar, gur chuartaigh an teach trí huaire a
ndiaigh a chéile; agus dobhí rotha cruinn tinntighe os cionn an
charbaid ar chuma spéire, ar a mbaoi faicsin agus cosmhuileacht
na gréine, ionnus go ndearnaidh sé an oidhche comhsholus re
lá. Arna fhaicsin sin dóibh, do bhiodhgadar na bráithre do
bhí 'na ndúsgadh agus gabhus eagla na bráithre dobhí 'na ccolladh,
agus fós ní mó do-chonncadar na súile corporrdha aca an solus mór
sin iná do-chonncadur súile na hintinne, ionnus go bhfacaidh
gach aon díobh, do bhrígh an tsoluis sin, coccús agus seicréid
an duine eile go follus. Do thuigeadar na bráithre uile as sin
gurab é S. Froinsias, dobhí ina bhféugmhais an tan sin ó chorp
agus 'na bhfiadhnuisi ó sbioraid, do thaisbéin Dia go míorbhuileach
dhóibh san bhfioghair sin, lán do dhealradh agus do sholus gréine
na córa, .i. Críosd, agus fós lán do theas agus do lasair grás an
Naemhsbiorad, do réir mar tuigthior isin dá ní sin isin charbad
thinntighe, ionnus gomadh éidir leis na bráithribh, a
ccosmhuileacht le cloinn Israel, dol a ndiaigh S.Froinsias,
dobhí mar Helias eile 'na fhear sdiúrtha agus seólta na cloinne
sbioradálta a ccarbad an chrábhaidh. Mar do fhill S. Froinsias
dochum na mbráthar, do nocht sé seicréid a ccogúis, agus tug
láidireacht sbioraide dhóibh leith ris an radharc iongantach
sin do-chonncadar; do fhoillsigh sé mórán do bhiseach an
chrábhaidh san aimsir sin dobhí chuca is na neithibh ro-árda
sin do fhoillsigh sé dhóibh. Do aithnigheadar na bráithre
Sbiorad an Tighearna do bheith i ccomhnaigh aige go hiomlán
an méid si gomadh innill dhóibh a theagusg agus a bheatha do
leanmhuin. As a haithle sin rug an buachaill furachair an
tréud beag sin leis, .i. an dá bhráthair dhéag sin, maille le grásaibh
Dé 'na ccuideachta, annsin dochum Eaglaisi Muire do na
hAinglibh adubhramar romhuinn, ionnus, ós annsin do
thionnsgain an tOrd Mionúr, gurab annsa n-ionadh chéanda
do bheith sé ar biseach, d'impidhe máthar Íosa. Conadh san
ionadh sin do fhoillsigh an t-aingeal do S. Froinsias ceithre
priuiléide móra tug Dia don Ord Mhionúr, mar adeir an Leabhar
Cosamhlachta. An chéad phriuiléid, go mbiaidh a ccrádhbhadh
ar congmháil go lá an bhreithe. An dara priuiléid, nach
daimeóntar an bráthair dobhiadh ag coimhéud na riaghla agus
do-gheabhadh bás isin aibíd. An treas priuiléid, go mbiaidh


L. 31


mórán ag cur a n-aghaidh an uird agus go mbéaradh an t-ord
buaidh orra fá dheireadh agus gurab geárr dobhéardaois na daoine
do chuirfeadh 'na n-aghaidh. An ceathramhadh priviléid,
gach a mhéid bú líonmhuire na bráithre, gurab saidhbhride
do-bhéaradh Dia riachtanus a leasa dhóibh sin. Do fhoillsigh
Críosd féin ceithre neithe oile bu cosmhuil riú sin ar Sliabh
Aluerne, ina bhfuair sé na háladha. Aimsir áiridhe dobhí
S. Froinsias agus a chompánach, .i. Leada, ar an sliabh chéanda
sin. Do mhol sé go hárd cloch áiridhe dobhí ina fhiadhnuisi
maille le sólás mór croidhe agus adubhairt le Leada an chloch do
nighe a huisge; agus, arna dhéanamh sin do Leda, adubhairt S.
Froinsias, “Nigh anois í le fíon.” Mar do-rinne sé sin, adubhairt
arís an chloch do nighe le hola. Do-rinne Leada sin, agus adubhairt
S. Froinsias arís a nighe an ceathramhadh uair a balsomus.
“Cionnus do-gheabhainn balsamus annso?” ar Leada.
Freagrus S. Froinsias dó agus aseadh adubhairt fris, “Bíodh a
fhios agad, a Leada bhig le Dia, gurab í so an chloch bheag ar
ar shuidh Críosd an uair do gheall sé dhamhsa ceithre priuiléide
do thabhairt dom ord-sa, agus as uime sin adubhairt mé riot an
chloch do nighe ceithre huaire, ina n-onóir sin. An céad ní
aca sin, go mbiaidh profeist an chrádhbhaidh sin ar congbháil
go deireadh an domhain. An dara ní, nach fféadann an bráthair
aga mbiaidh drochbheatha anamhuin go buan isin ord, óir
budh éigion dó aithrighe do dhéanamh go luath nó an crábhadh
d'fhágbháil. An treas ní, gidhbé do-dhéanamh éccóir nó
ainleanmhuin ar an ord go bhfios dó féin, nach biadh saoghal
aige. An ceathramhadh ní, gidhbé duine aga mbiaidh grádh
croidhe do na bráithribh, dá mhéud a bhias 'na pheacthach, go
ndiongna Dia trócaire air fá dheireadh.



Fuair S. Froinsias na neithe céanna so arís a nEaglais Mhuire
do na hAinglibh, agus fós d'fhoillsigh aingiol Dé dhó an dá ní
dhéighionach sin i n-ionadh ro-uaigneach ina raibh sé ag
guidhe Dé go díochra, agus adubhairt ris ar tús: Gidhbé duine
do chuirfeadh a n-aghaidh an Uird Mhinúir agus aga mbia fúath
orra féin agus ar a ccrábhadh, go mbeanfeadh Dia a ghrása féin
díobh ar an saoghal agus go ccuirfeadh daille inntinne orra, agus fós
go n-imeóchadh tubaisde shaoghalta orra agus searbhus croidhe,


L. 32


ag imtheacht ó pheacadh go peacadh, agus, muna ndearna
aithrighe ria mbás, go mbiadh mallacht Chríosd aca agus a dhol
fá dheóigh a n-ifrionn. An dara ní adubhairt an t-aingiol
céanna ris: Gach duine aga mbiadh dúthracht don ord sa agus
ghéabhus chuige na bráithre go grádhach deaghaithneach
maille le furtacht orra ina riachtanus a leasa, do-gheabha sé
maithios na ngrás ar an saoghal sa agus a dhídion ar gach ndoirbhios,
agus maitheamh a pheacadh agus trócaire do dhéanamh a ccrích a
bheathadh fair, agus fós, dá n-ana sé go buan isin onóir a thionsgnus
sé do thabhairt do na bráithribh, rachaidh sé maille le sólás
dochum saidhbhris na glóire.



Do dearbhadh an dá ní sin go minic ó ghníomh, do réir mar
atáid mórán d'eisiomláiribh agus do sgéulaibh sgríobhtha orra
sin isin Leabhar Cosmhuileachta adubhramar thúas, agus fós,
gion gurbh fhéidir a leanmhuin uile, ar a n-iomad, cuirfiod
feasda méid éigin a ccéill annso dhíobh.



Pápa dobhí isin Róimh, darbho comhainm Urbánus, .i.
an cúigeadh pápa ar a raibh an t-ainm sin, tucc sé mionna na
heaglaisi go sgriosfadh sé an t-ord sin isin chaibidil fa neasa
dhó. Aimsir aithghearr 'na dhiaigh sin do chuir Dia easláinte
ghér air, dá ffuair sé bás fá laithibh gearra, ionnus nár
chongaimh sé an chaibidil ó sin amach. Accus fós dobhí
pápa eile, .i. Bonafasius, an t-ochtmhadh pápa don ainm sin,
do fhuráil sé mórán bulladh do sgríobha ar aon fhoirm agus
a ccur fá shéulaidhibh uile do sgrios an Uird Mhinúir as gach
ionadh a mbeidís. Tárla dhósan lá áiridhe mar dob áil le Dia
gur gabhadh é isin chathraigh darbho hainm Aghmha nías
luaithe ná do chuir sé na litreacha uadha agus gur loisgeadh na
litreacha ar faichthe na cathrach céunda, agus go bhfuair bás;
ionnus gur móraidheadh ainm Dé agus an Uird Mhinúir de sin.



Tarla, dano, easpacc áiridhe agus bráthair eile dobhí 'na abaidh
ag ainleanmhuin ar an Ord Mhinúr. Tárla 'na dhiacch sin go
bhfacaidh an t-aba aisling: daoine áiridhe maithe agus daoine
olca do ghairm go breitheamhnus Dé, agus é féin agus an t-easpocc
agus an dias searbfhoghontaigh dobhí aca do chur maille ris na
drochdhaoinibh damanta ar láimh chlé an bhreitheamhan, agus
go rángadar dias bráthar mionúr agus go rugadar é féin ar éigin
leó do thaoibh na láimhe deisi. Ar músgladh dhó isin maidin,


L. 33


do ghabh uamhan mór é, agus do-chuaidh dochum na mbráthar
minúr agus do ghabh an aibíd uatha, maille le hiongnamh mór
do bheith ag cách 'na thimchioll sin, agus do innis don easpocc
na sgéula sin agus don tsearbhfoghontaidh; agus, mar nach ttugadar
cion ar a chomhrádh, fuair an t-easpocc bás obann a bhfos agus
bás na péine thall. Agus do mharbhadar an dias searbhfoghontaidh
a chéile fá ionnmhus an easpuicc; gur móradh ainm Dé
agus an Uird Mhinúr de sin.



Tarladur mórán oile do phreiláidibh agus do chairdionálaibh
ler mhian an tOrd Mionúr do sgrios, gur ghearraidh Dia a
saoghal maille re bás tubaisdeach do thabhairt dhóibh.



Dála S. Froinsias, do chuir sé ceithre bhráthair dochum na
Saxanach dá slánughadh, .i. athair naomhtha dar chomhainm
Agnellus, agus triúr bráthar oile. Ar ndol dhóibh so go
Cantabhre an treas lá don tshamhradh, tugadar bráithre preisiúra
dobhí annsin aghaidh ghrádhach dhúthrachtach dhóibh. Tárla iad
a ndeireadh an laoi ar coill rodhlúith, ina raibh gráinseach
mhanach le mainisdir onóraigh darbho comhainm Aimbidon,
dobhí idir Oxurd agus an mhainisdir chéanda, agus, mar nár fhéudadar
na bráithre, re fliche agus re dorchadus na hoidhche, dol ní budh
faide ná sin, do iarradur ar na manachaibh ósta na hoidhche
sin do thabhairt dhóibh ar ghrádh Dé. Ar ndéanamh na
teachtaireachta sin don doirseóir ris an phrióir agus re triúr manach
oile, .i. saicrista agus ceallóir agus manach óg, do-chuaidh an prióir
féin dá bhféuchain, agus do smuain sé, le a bhfaicsin, gurab cleasaidhe
nó daoine siubhail dobhí ann, óir níor ghnáthaigh sé a leithide
d'fhaicsin ariamh, agus do fhuráil a ccur amach maille le heasonóir
do thabhairt dhóibh. As a haithle sin do ghabh truaighe an
manach óg 'na ttimchioll agus adubhairt ris an doirseóir, “Ar
ccolladh do na manachaibh, léig na daoine bochta, im onóir-si
agus a hucht mo ghrádha, ttigh an fheóir thirim, agus do-ghéansa
soláthar éigin dóibh.” Do-rinne an doirseóir sin, agus tug an
manach óg pruinn chuca agus do iarr orra go díochra guidhe air
féin. Ar n-imtheacht uatha do dhéanamh ciúnais dó, do-chonnairc
aisling isin oidhche, .i. Críosd do shuidhe ina chathaoir
ro-onóraigh ina eagluis féin agus é do ghairm cáich uile dochum
an bhreitheamhnuis, agus go ndubhairt sé ó ghuth adhuathmhar,
“Goirthior chugaind pátrún an ionaidh si.” Agus, arna
ttabhairt dochum an bhreitheamhuin, táinic duine bocht umhal


L. 34


do láthair agus adubhart ó ghuth árd: “A bhreithimh atá cóir
ceart, atá fuil mo bhráthar féin ag glaodhaigh ort a n-aghaidh
lucht áitighthe an ionaidh si, óir do dhiúltadar fá ósta na
hoidhche anocht iad, agus gurab ar do ghrádh-sa do thréigiodar mo
bhráithre-si gach uile ní, agus fós is do chuartughadh na n-anmonn
dhuitsi tángadar annso.” Adubhairt Críosd ris in phrióir,
“Cia an t-ord dá bhfuilisi?” “d'Ord Benidecht,” ar an prióir.
“An fíor siúd, a Bhenidecht?” ar Íosa. Do fhreagair Benidecht
agus adubhairt sé: “Lucht sgriosaidh an uird si an prióir agus a
chompánaigh agus ní lucht dia chúmhdach, óir do aithin misi
isin riaghail chrábhaidh aoidheadha agus daoine bochta agus daoine
crádhbhaidh do bheith ar bord an abadh agus an phrióra, agus anoisi
do dhiúltadar biadh nó deoch do thabhairt do na bráithribh
bochta sin.” Ar ccríochnughadh an chomhráidh sin do Chríosd,
do fhuráil an prióir agus an sacrista agus an ceallóir do chrochadh
san chlauster. Agus, arna ccrochadh, adubhairt Críosd ris an
manach óg, “Cia an t-ord dá bhfuil tusa?” Mar dob eagail
leis a rádha gurab d'Ord Benidecht é féin, adubhairt, maille
re huamhan mór, ag féuchain ar S. Froinsias, “As d'ord an
duine bhoicht sin mé.” “A S. Froinsiais,” ar Críosd, “an dot
ord an tí si?” “A Thighearna,” ar S. Froinsias, “as díobh, agus
gabhuim leis anois.” As a haithle sin tug Froinsias póg don
manach óg agus, arna cheangal re a chroidhe dhó, musglus an
manach óg agus biodhgas go mór leis an radharc sin tarfás dó agus
go háiridhe mar do-chualaidh Críosd ag rádh anma S. Froinsias.
Mar do-chuaidh a ccéadóir d'innision sgéul don phrióir, as
amhlaidh fuair é agus a mhuinél brisde agus a cheann ar an leabaidh
amach. Arna fhaicsin sin dó, glaoidhios go hárd agus do-chuaidh
a seómra a chompánach agus fuair ar an seóladh chéanda iad agus a
muinéil brisde. Gluaisios go luath go seómra an fheóir thirim,
mar ar chuir sé na bráithre, agus ní rucc orra annsin, óir do chuir
an doirseóir amach iad ar maidin, ar eagla an phrióra. Ní
comhnaidh do-rinne an manach óg, óir do-chuaidh d'innisin
sgéul don abaidh agus do chách a ccoitchinne.



Do-chuadar na bráithre faoi sin go Oxurta i cceann an rígh,
.i. Cing Henrí, agus do ghabh an rígh sin chuige iad maille le
honóir mhóir agus tug áit mainisdreach dhóibh a ccathair Oxurta. As a


L. 35


haithle sin do-chuaidh clú naomhthachta na mbráthar agus an
mhóirmhíorbhuile sin ar fud Shaxan os áird, ionnus nach é
amháin do-chuaidh an manach óg sin dochum na mbráthar
ar tús acht do ghabhadar preiláidigh onóracha a Saxanaibh
aibíd na mbráthar minúr, agus fa díobh sin easpocc Erfoidin agus ab
Aimbidon adubhramar romhuinn, agus dobhádar 'na mbráithribh
inísle, ionnus go mbídís araon agus baradha cloch agus paidéil uisge
eatorra agá ttarraing dochum oibre na mainisdreach dobhádur
na bráithre do chumhdach a nOxurta.



Do-rinne Dia díoghaltus fós ar mhórán do thighearnaighibh
saoghalta dobhí ag ainleanmhuin ar na bráithribh, amhuil as
follus cuid aca sin isin sgél so síos.



Federicus impire, .i. an dara impire don ainm sin, óir do
scrios sé na bráithre minúra a ríoghacht na Siosaile. Aimsir
áiridhe as a haithle sin go gearr tug a mhac féin, Manfredus,
bás dochraidhe dhó, óir do mhúch sé é ar a leabaidh, agus é coinnealbháite;
gur móradh ainm Dé agus na mbráthar de sin. Tighearna
móir oile darbho comhainm Cos an tSléibhe, aga raibhi grádh
mór aige ar tús do na bráithribh, gidheadh, táinic do chomhairle
drochdhuine dá mhuinntir gur iompódh sé an grádh mór sin a
bhfuath agus a miosccais mhóir, ionnus gurbh éigion do na bráithribh
a thighearnus uile d'fhágbháil. Do-chuadar na bráithre
mar a raibh S. Froinsias dá ghearán sin ris. Iomthús an
tighearna sin, ar ccolladh dhó isin oidhche sin, tarfás dó gur
ghoir Dia é féin agus óglach dochum an bhreitheamhnuis, agus, an
tan dob áil le Dia breith do bhreith 'na n-aghaidh, do-chuaidh
S. Froinsias ar sgáth an tighearna sin agus do shaor ar a
dhamnughadh é ar son a dhúthrachta don Ord Mhinúr ar tús,
gidh dobhí sé fá dheireadh 'na namhuid aca ar comhairle a
shearbhfoghontaidh drochchomhairligh. Ar ndícheannadh an
óglaigh do bhrígh an bhreitheamhnuis sin, musglaidh an
tighearna agus fuair an t-óglach gan cheann, agus, ar ngabháil uamhain
chuige 'na thimchioll sin, do-chuaidh fó chéudóir dochum na
mbráthar agus do ghabh an aibíd uatha agus dobhí 'na bhráthair
mhinúr ó sin amach maille re bethaidh naomhtha do bheith


L. 36


aige; gur móradh ainm Dé agus S. Froinsias de sin. Beanadh
gach tighearna as sin gan drochchomhairleach do bheith aige agus
go háiridhe gan impidhe na ndrochdhaoine do ghabháil a
n-aghaidh na ndaoine maithe, agus fós tabhradh na comhairleacha
dá n-aire gan drochchomhairle do thabhairt dá ttighearna.



As a haithle sin, mar do-rinne Dia díoghaltus ar naimhdibh
an Uird Mhionúir, as mar sin do-rinne sé grása agus trócaire go
minic a bhfos agus thall ar chairdibh na mbráthar, amhuil as follus
as an sgéul so síos.



Easpocc áiridhe dobhí a ttighearnus rígh na cCaislén, .i.
easpag chathrach Astoris, darbhó comhainm Petrus, dobhí 'na
dhuine pheacthach chollaidhe, gidheadh, dobhí sé go
dúthrachtach grádhach do S. Froinsias agus dá ord. Do chuir
Dia easláinte throm air; agus do-chonnairc a sheómradóir a n-aisling
coiníne cíorrdhubha ar n-éirghe a thalmhuin agus gurbh áil leó
éudach an easpuicc, dobhí 'na shuidhe a ccathaoir ghloinidhe,
do bhriseadh agus do ghearrughadh. As a haithle sin táinic
bráthair minúr ar cúl an easpuicc agus do theilg sé na beathaigh
ghránna sin úadha agus adubhairt ris an tséomradóir a rádha ris in
easpcc aithrighe do dhéanamh, óir as iad na drochsbioraid
táinic chuige san chruth sin ó chomhachtaibh Críost a ndíoghaltus
a pheacadh. Iar músgladh don tseómradóir, do innis na sgéula
sin don easpocc, agus así freagra tug an t-easpocc air, gurab sgéul
buaidheartha bréige dobhí aige agus nach raibh sé féin easlán
an méide sin gomadh éigean dó aithrighe do dhéanamh. A
ccionn trí lá iar sin do-chonnairc an seómradóir céadna aisling
oile, .i. go raibhiodar dhá mhadradh chíorrdhubh ag sluccadh
an easpuicc, agus gur fhuadaigh an bráthair céanda uatha é, agus go
ndubhairt ris an seómradóir a rádh ris an easpocc aithrighe do
dhéanamh agus go bhfuigheadh sé bás faoi bheagán aimsire. Ar
musgladh dhó agus iar ccríochnughadh a theachtaireachta, gabhus
fearg mhór an t-easpocc iar ccluisdion dhó go bhfuigheadh
bás go lúath. A ccionn thrí lá oile do-chonnairc an duine
céanda radharc oile, .i. teine mhór agus coire lán do phic ar fiuchadh
uirre agus na drochspioraid, ar ngabháil an easpuicc, dá theilgion
isin choire chéanda. Gidheadh, táinic an bráthair adúbhramar
romhuinn agus, ar ttoirmiosg na ndrochsbiorad, adubhairt ris in
tseómradóir, “Abair ris in easpocc aithrighe do dhéanamh gan


L. 37


cháirde, óir do-gheabhaidh sé bás obann gan amhurus.”
“Adubhairt mé sin ris go minic”, ar an seómradóir, “agus nír chreid
sé dhamh, agus, ar an ádhbhar sin, cuir féin comhartha cinnte
chuige.” Adubhairt an bráthair: “Cuir do mhéur ris in phic
si agus abair ris in easpocc na briathra so, .i. S. Froinsias, dia
bhfuil dúthracht agad, adubhairt riomsa na briathra do-chualaidh
tú uaim agus do chuir sé comhartha cinnte chugad, .i. mo mhéur-sa
lán don phic, amhuil do-chí tú tirim críon é.” Iarna chloisdion
sin don easpacc, do ghabh eagla mhór é, ar ttuigsin dúthrachta
S. Froinsias dhó agus ar bhfaicsin an chomhartha chinnte dhó,
conadh uime sin do-rinne sé fhaoisidin ina pheacadhaibh, agus, ar
bhfagháil báis dó faoi laithibh gearra, do ruinneadar a bhráithre
agus a dhaoine muinntiordha a mhaithios agus a ionnmhus dar a éis
eatorra féin, ar cceilt báis an easpuicc dhóibh feadh thrí lá.
An ceathramhadh lá, agus dob é sin an ceathramhadh lá don
tshamhradh, rugadar a chorp don eaglais, .i. eaglais na mbráthar
minúr, agus an tan dobhádur ag rádh oificce na marbh do éirghe
an t-easpocc isin eiliotrum, agus, ar tteicheamh do chách uadha,
adubhairt an t-easpocc: “Ná bíodh eagla oraibh, óir atúsa beó
gan amhurus, agus a n-aimsir mo bháis ruccadh breith dhamuinte
um aghaidh i mbreitheamhnus Dé ar dhá adhbhar. An céad
adhbhar, nach bhfuarus tuirsi chroidhe sa mnaoi dobhí asticch
agam. An dara hádhbhar, gidh do chuir mé amach í, dobhí
triall agam a tabhairt chugam arís dia bhfaghainn sláinte.
Conadh annsin táinic S. Froinsias a bhfiaghnuisi an
bhreitheamhuin agus do chuir sé trí neithe ar mo shon: an céad
ní, an dúthracht sunnradhach dobhí agam dhó féin tar na
naomhaibh oile. An dara ní, méad mo dhéirce dia bhráithribh,
uar dob é mo theacch-sa teach na mbráthar, ionnus gur leó
féin gach ní dia mbaoi agamsa. An treas ní, gur chuirios mo
dhóigh ann féin go mór nach bhfuighinn drochbhás do bhrígh
guidhe S. Froinsias. Ar na trí hadhbharuibh sin fuair sé ó
Chríosd m'anam do chur sa chorp chéanda, agus fós aimsir dhá
fhichiod lá dhamh do dhéanamh aithrighe, agus, arna ccríochnughadh
sin, do-gheabha bás agus rachad dochum na beathadh suthaine.”
Do fhuráil sé iar sin gach ní rugadar a cháirde uadh do thabhairt
chuige tar ais agus a ruinn ar bhochtaibh Dé. Tarla an tan sin
ann lá féasta S. Froinsias agus comhainm an laoi ar hathruigheadh


L. 38


a chorp ó eaglais San Seóirsi, inar cuireadh é, go heaglais
mhóir chathrach Aisisi, do-rinneadh 'na onóir. Adubhairt an
t-easpocc aifrionn go dúthrachtach an lá sin maille le
hullmhughadh maith do dhéanamh air féin chuige, agus do ráidh
seanmóir iar sin ar mholadh S. Froinsias go hárd maille le
lasadh sbioraide, ionnus gur chuir sé na bráithre mionúra, do
bhí fó tharcuisne san tír sin, a ccruth go raibhiodar cách lán dá
ngrádh agus dá ndúthracht ó sin amach. Conadh annsin fuair an
t-easpoc beannaighthe bás maith maille le haithrighe mhóir
dhiongmhála do dhéanamh dhó; gur móradh ainm Dé agus S.
Froinsias de sin.



Ná tuigeadh aon nduine as an sgéul thrócaireach iongantach
so gomadh cead dhó féin drochbheatha do bheith aige, dá mhéud
dobhiadh sé dúthrachtach do S. Froinsias agus dá ord. Uair
do uaisligh go mór os cionn na n-ord oile isin eaglais abhfos agus
thall. Óir nírbh í sin inntinn S. Froinsias agus ní chuige do
sgríobhadh an sgéul sa. Gidheadh, tuigeadh sé as so, dá
n-imdhighe peacadh nó tubaisde air, gurab cóir dhó rabhadh
do ghabháil agus aithrighe do dhéanamh go luath agus a dhóich do
chur a S. Froinsias, ionnus go bhfuigheadh sé ó S. Froinsias agus
ó Dhia, ar a impidhe, grása do dhéanamh air. As iontuigthe
as an sgéul sa gurab fírinneach na neithe do fhoillsigh Dia do
S. Froinsias, .i. go ngortaighionn Críosd easccairde an uird agus
go ffurtaighionn sé ar a chairdibh.



Scuirim go fóill do na sgéulaibh sin agus tabhrum ar n-aire don
mbeathaidh.



San ionadh naomhtha sin adubhradh thúas, .i. Eaglais Mhuire
do na hAinglibh, do thimchill an t-athair naomhtha, .i. S.
Froinsias, cathracha agus bailte agus longphuirt iomdha ag síoladh
bréithre Dé; agus ní maille le heagna teangtha acht re láidireacht
Spioraide agus re comhachta Dé do fhoillsigh agus do sheanmóir sé
flaithios Dé do na daoinibh, .i. bullsaire fírinneach an tshoisgéula,
ionnus gur smuainiodar cách nár dhuine don tsaoghal sa é,
óir as dochum an tsaeghail si thúas do thógaibh sé a shúile agus a
intinn do ghnáth; as chuige sin dob áil leis cách do tharraing.


L. 39


Do thionsgain an tráth sin seanmóir agus fíneamhuin Chríosd, .i.
an creideamh agus an crádhbhadh naomhtha, do bheith ar biseach agus
bláth deaghbhalaidh agus tórrtha sólásacha do thabhairt uadha, óir
do las teine ghrádha Dé croidhe mhóráin daoine ó theas seanmóra
an athar naomhtha dochum aithrighe agus crábhaidh do dhéanamh,
do réir mar do sheólfadh S. Froinsias dhóibh.



Mórán aca sin lerbh áil Críosd do leanmhuin go foirfe, do
thréigiodar díomhaoineas an tsaoghail, ar sgaoileadh agus ar
mbronnadh a mbaoi aca ar bhochtaibh Dé, agus do leanadar
lorcc S. Froinsias leith re haibíd agus re crádhbhadh, ionnus go
raibh an méide sin do bhiseach ar chéud ord an athar naomhtha
go ndeachaidh a chlú agus a thuarusgbháil fó cheithre hairdibh an
domhain. Ní raibhi lón aca acht an bhochtacht naomhtha,
do-rinne tarbha mhór dhóibh, .i. a mbeith ollamh dochum
gach uile úmhla agus a mbeith láidir dochum saethair agus a mbeith
deas dochum na sligheadh. Agus, ó nach raibhi éan ní
talmhuidhe aca, dobhádur ro-innill in gach aon ní, gan
míochiúnus intinne orra, óir ní raibhi grádh ar aon ní saoghalta
aca agus ní mó dob eagail leó ní do bhaint dhíobh. Gidheadh,
do-gheibhdís mórán easonóra in an iomad d'ionadhaibh mar
dhaoinibh bochta anaitheanta, gidheadh, do-rinne grádh
soisccéula Críosd rofhoighidneach iad, ionnus gomadh férr leó
a bheith a n-ionadhaibh a bhfaghdís athais agus easonóir nó a
bheith a n-ionadh a mbiadh eólus ar a naomhthacht, os a
bhfuighedís onóir agus glóir na ndaoineadh.



As a' ccríochnughadh dhaingion sa dobhí ag an Ord Mhinúr
ar tús, .i. foighide agus úmhla, do airdigh Dia go mór é, do réir
mar adubhairt Críosd isin tshoisccéul, .i. “Gidhbé umhlaighios
é féin, airdeóchaidh Dia.” Conadh uime sin adeir an doctúir
eagnuidhe, .i. an bráthair mionúr darbhó comhainm Partholón ó
chathraigh Písi, do chum Leabhar na Cosamhlachta, gur
chuireadar trí neithe go sunradhach an tOrd Minúr a n-uaisle
go mór os cionn na n-ord oile isin eaglais a bhfos agus thall. An
céad ní dhíobh, an méid táinic do naomhaibh san ord sa do
bhráithribh, do réir mar mheabhraighios an doctúir céanna sin
a Leabhar na Cosamhlachta an tan dob aois don Tighearna míle
agus ceithre chéad bliadhain acht aon bhliadhain dá n-uireasbhaidh.
Trí chéad bráthair naomhtha do-rinne míorbhuile ina mbeathaidh
agus iar mbás, agus gurab é líon do fhulaing martra díobh sin,


L. 40


cúigior agus ceithre fichid, agus fós do airdigh Dia an t-órd sa san
eagluis mar an ccéanda, ionnus go bhfuilid bráithre naomhtha
roinnte ar gach n-aon ord uasal dá bhfuil a bhflaithios Dé.
Atá, ar tús, a n-ord na n-uasalaithreach dhíobh, a ccosmhuileacht
an triar uasalaithreach as onóraigh isin ord sin, .i. Abraham agus
Isáac agus Iacob, an triúr uasalathar sa, .i. an t-athair naomhtha
S. Froinsias agus S. Bernard ón Chúicceadh Gleand agus S. Antoin
ó Phádua, óir as dia mbeathaidh agus dia seanmóir so do dhéanamh
go sbioradálta an tOrd Minúr. A ccosamhlacht an dá
uasalaithreach dhéag, .i. clann Iácob, atáid isin urd chéanna
sin an dá bhráthair dhéag dobhí ar tús isin chrábhadh, .i.
Petrus Cathaine agus Egídius agus Sabatínus agus Moricus
agus Philib Fada agus Siluester agus Ruifínus agus Eóin ó
San Constainsi agus Bernard oile agus Barbarus agus Guilliam
Saxanach agus Maseus.



A n-ord na bhfáidheadh dobhádur mórán bráthar a bhfos, agus
atáid thall anois, .i. Egidius agus Leada agus Electus, Gudas
agus Tobias, maile le mórán oile.



A n-urd an dá easpol déucc atáid dhá chompánach dhéag S.
Fhroinsias ar tús, do choimhéid beatha agus soisgéula Críosd go
hiomlán.



A n-ord na martíreadh atáid nías mó iná ceathrar ar fhichid,
agus mórán eile nach le harm nó le hiarann a fuair bás nó martra
acht le hiomchar chroiche Críosd do ghnáth ar a ccorpaibh
féin, ionnus gur dhiongmhála iad a n-áireamh idir na martíribh
agus coróin d'fhagháil maille friú.



A n-ord na cconfesóireadh dobhí 'na n-easpocaibh atáid
naomhtha dobhí S. Lobhais, mac rí na Siosaile, easpacc Tolais,
agus Bonauentúra an cairdionál agus easpocc Alpana, agus Sanct
Eóin Pesisina, airdeaspocc Chantabhre, agus San Leada,
airdeaspocc Mediolana, agus mórán eile.



A n-ord na cconfesóireadh nach raibhi 'na n-easpoccaibh
áiridh an Leabhar Cosamhlachta os cionn thrí ccéad bráthair, agus
do mheabhruidh sé a mbeatha agus a míorbhuile, agus níor fhéud
sé a ccur a suim cá mhéid do bhráithribh eile atá san urd chéanda
na cconfesóireadh.



A n-ord na n-ógh atá S. Antoin agus Rufinus agus Eóin ó
Aluerna agus mórán oile do bhráithribh roghlana.



Atá an t-athair naomhtha, .i. S. Froinsias, in gach ord dá
ndubhradh annsin, óir dobhí sé ar an saoghal sa 'na uasalathair


L. 41


ag an Ord Mhinúr uile. Dobhí sé 'na fháidh, óir tug Dia radharc
dhó ar na neithibh dobhí gan teacht agus ar na neithibh nach bí
do láthair agus fós ar rún folaightheach na ccroidheadh. Agus
dobhí sé 'na easbal ag seanmóir bréithre Críosd agus na n-easbol
go hiomlán, agus 'na tshuibhisccéul ag seanmóir an tsoisccéula.
Dobhí sé 'na mhairtír ó mhian agus ó thoil ar tús, óir do-chuaidh
sé trí huaire a ttalamh na bpágánach d'iarraidh martra, agus fós
fuair sé martra chuirp agus ghníomha go huasal onórach ó Chríosd
féin, .i. áladha a pháisi féin do thabhairt dhó. Dobhí sé
'na chonfesóir, .i. daingion sa chreidiomh, árd isin dóchus,
rothe isin ngrádh, trócaireach, umhal, glic, mín, measardha.
Agus fós dobhí sé 'na óigh roghloin, óir do choimhéid Críosd
a chorp gan truailleadh ariamh, nár léicc sé tuitiom peacaidh
collaidhe chuige, a n-onóir na n-áladh coisreagtha dob áil leis
do thabhairt dhó.



Ní headh amháin go bhfuil sé a n-ord na naomh uile acht
atá sé a n-ord na n-aingeal as airde a fflaithios Dé, .i.
seraphin, a n-ionadh Lúcifeir, óir dobhí beatha ainglidhe aige
ar an saeghal.



Na neithe si do luaidheadh anois go nodamhuil ar mholadh
an athar naomhtha, .i. S. Froinsias, adéarar go líonmhar iad
ina n-ionadhaibh féin, maille le grásaibh Dé.



An dara ní do chuir an tOrd Mionúr a n-uaisle os cionn na
n-ord oile, .i. cathais agus onóir na ndaoine táinic chuige agus do ghabh
aibíd S. Froinsias do thaoibh na túaithe agus na cille. Ar tús
do thaoibh na heaglaisi: dobhí aibíd S. Froinsias fá cheathrar
pápadh, .i. dias aca do chuir an aibíd umpa agus dias oile do toghadh
ón ord a n-ionadh Peadair. An céad phápa do chuir aibíd
S. Froinsias uime, dob é sin an naomhadh pápa ar a mbaoi
Gregóir, agus dobhí grádh mór aige ar S. Froinsias 'na chairdionál;
agus do-rinne S. Froinsias fáidheadóracht dochum go mbiadh sé
'na phápa. Asé sin an céad cháirdionál dobhí 'na choimhéudaidh
ag an Ord Mhinúr. Asé so an pápa táinic dochum Aisísi a
ndiaigh báis S. Froinsias do sgríobhadh anma a leabhar na
naomh. Is uime so, .i. um Ghrighóir, dobhí an aibíd Dardaoin
Mandála ag ionnladh cos na mbráthar agus ag cuartughadh ionaidh
naomhtha na Rómha leó an lá sin agus an lá arna mhárach agus an
aibíd chéanna uime. An dara pápa do ghabh aibíd an Uird
Mhinúir uime, .i. Martinus pápa, a n-aimsir a bháis do


L. 42


fhuráil sé an aibíd d'adhlacadh leis a mainistir S. Froinsias i
nAisísi. An céad duine do toghadh ón Ord Mhionúr a n-ionadh
Peadair sa Róimh, .i. Ieronimus de Esculo, bhuí ar tús 'na
mhinistir ghenerálta ag an Ord Mhinúr, dá ndearnadh cairdionál
ar tús agus do tocchadh fá dheóigh 'na phápa, agus tuccadh
Niocolás air, .i. an ceathramhadh pápa ar a raibhi an t-ainm sin.
An dara bráthair minúr dá ndearnadh pápa, .i. Alexander pápa,
an ceathramhadh pápa ar a raibhi an t-ainm sin. Do
mheabhruidh an Leabhar Cosamhlachta go raibheadar dhá
chairdionál déag ar fhichid don Ord Mhinúr san Róimh agus go
raibh gach díniti phaitrierdha dá bhfuil fó chreidiomh ag an Ord
Mhinúr acht patriarcacht cathrach Aquilégia, agus ní bhfuil
áiriomh ar a ttáinic d'easpoccaibh agus d'airdeaspoccaibh don
ord sa.



Labhroim anois ar chloinn S. Froinsias do thaoibh na tuaithe,
mar atáid prionnsaigh agus daoine comhachtacha an tsaoghail
do ghabh aibíd an Uird Mhinúir agus do chur a n-uaisle é. Tabhram
ar n-aire ar tús do na himpiridhibh agus do na ríoghaibh táinic
dochum an Uird Mhinúir. Óir dobhí rí Ierusalem agus impire
Chonstantinople, darbhó comhainm Eóin, 'na bhráthair mhinúr.
Dobhí an tí si ag guidhe Dé ima fhoillsiughadh dhó cionnus
do-gheabhadh sé bás maith tar éis a chathaisi agus a ghlóire ar an
tsaoghal. As a haithle sin taisbéanus S. Froinsias, dia raibh
sé dúthrachtach, é féin dó trí hoidhche a ndiaigh a chéile maille
le haibíd agus le crios agus le brógaibh gérrtha, agus do ráidh ris gurbh í
toil Dé bás d'fhagháil dó as a leithide sin d'aibíd. Gabhus
gráin mhór an t-impire ima leithide sin, .i. a chomhbocht
d'aibíd do chur uime. Gidheadh, ar an treas oidhche, ar ttuigsin
toile Dé dhó, tug chuige athair onórach, .i. Benidhecht ó
chathraigh Aresius, ministir prouensi na Romansa, agus,
ar ngabháil aibíde uadha go honórach, dobhí 'na bhráthair
ro-umhal ó sin amach an méide si go raibhi sé a' gearán ar Dhia
fá gan láidireacht do thabhairt dhó le ndéanadh saethar agus
seirbhís na húmhla maille ris na bráithribh oile. Agus fuair
an tí sin bás beannaighthe san aibíd chéanna sin.



Dia labhram ar na ríoghaibh leó féin ar leith nach raibhi


L. 43


'na n-impiridh, as mór díobh sin do ghabh aibíd S. Froinsias
agus dobhí 'na ccloinn aige, mar atá sgríobhtha san Leabhar
Cosamhlachta diaigh a ndiaigh.



Rí Franc, darbho comhainm Roibertus, do-chuaidh os cionn
ríghthe agus prionnsaigh an domhain an tan sin a n-eagna agus a
ngliocus, do ghabh sé aibíd S. Froinsias; agus do ghabh an
bhanríoghan aibíd S. Clára; agus, ar bhfagháil báis dóibh is na
haibídibh sin, do hadhlacadh iad araon a mainistir S. Clár.



Ó ríoghacht Argóna dobhádar dhá rígh 'na mbráithribh
minúra, .i. Cing Alfons agus Cing Sémus. Do ghabh dhá rígh
do ríoghaibh na cCaislén aibíd an Uird Mhinúir, .i. Fernandus agus
Cing S. Sémus. Do ghabhadar trí rígh ó Phortaingal aibíd an
Uird Mhinúir, .i. Fernandus agus Petrus, a athair, agus Alfons,
a sheanathair. Rí Trinaisi, .i. Federicus, agus rí Cipria,
.i. Cing Henrí, agus rígh Armenia agus Cing Seón agus rí na
Hungari, .i. Cing Lóbhus, do ghabhadar so uile aibíd S. Froinsias
maille le dúthracht mór, agus dofuaradar bás naomhtha innti so do
mholadh na heaglaisi.



Labhrom anois do chloinn na ttighearnaighe tháinic dochum
an Uird Mhinúir. Ar tús, .i. San Lobhais, céad mhac Ching
Carolus, rí na Siosaile, baoi ina dhiúic a cCalabria ar tús,
diar chóir ríoghacht na Siosaile do thaobh a athar agus ríoghacht
na Hungaria do thaobh a mháthar, .i. Mairia, inghean rí na
Hungaria, do ghabh sé aibíd S. Froinsias agus do thréig gach ní
dá ndúbhramar. Céud mhac rígh Franc, .i. Caralus, céud mhac
rígh na cCaislén agus céud mhac rí Aragonia, .i. Petrus.
Petrus oile, mac Cing Sémuis, rígh Argonia, dobhí sé os cionn
dhá fhichiot bliadhain 'na bhráthair do mhuinntir S. Froinsias.
Mac Alfons, rígh Argonia, agus Sémus, mac rígh oile don
ríoghacht chéanna, .i. Bergulus, bráthair rígh oile don ríoghacht
chéanna, agus Fernandus, céad mhac rígh Maiorac, .i. Sémus.
Bráthair an rí chéanna, .i. Philip. Do ghabhadar so uile aibíd
S. Froinsias go humhal, agus dobhádar mórán díobh 'na mbráithribh
maithe treimsi fhada, agus fuair cuid dhíobh bás go luath ar
ngabháil na haibíde dhóibh, ar ndol ó bhás go beathaidh.


L. 44


Ní bhfuil cinneadh nó comháireamh cá mhéid oile do chlannaibh
ríogh agus iarlaidhe agus barún agus tighearnaigh táinic dochum an
Uird Mhionúir an tan sin agus ó sin anúas, ionnus nach bhfuil ord
i nEaglais Dé as lia ina ttáinic do dhaoinibh onóracha uaisle
ón n-eaglais agus ón tuaith ná Ord S. Froinsias, óir ní bhfuil ríoghacht
nó tighearnus faoi chreidiomh nach raibhi duine éigin díobh
'na bhráthair mhinúr. As fada ó do thairngir Isachias fáidh -
uair adubhairt Dia a mbeól an fháidh chéanda, a bpearsainn
S. Froinsias: “Tugusa thú, a S. Froinsias, mar cheand sluaigh
do na cineadhaibh, agus tairreónga tú chuccad na cineóil do
bhí gan eólus ort, agus fós, na cineadhaigh nach aithin thú, tiocfaid
go dian chugad ar ghrádh do Thighearna agus do Dhia féin, do
thocch thú os cionn na ndaoineadh agus tug glóir mhór dhuit.
Óir béid na cineadhaigh ag imtheacht a ndiaigh do sholuis agus
béid na ríghthe ag siubhal a ndealradh h'aighthe agus do ghineamhna
ar an saoghal agus béid na huaisle go hiomlán dot oileamhain agus
gut fhritheólamh agus ag seirbhís dhuit.”



An treas ní do chuir an tOrd Minúr a n-uaisle agus a n-onóir,
.i. a mhéid táinic do dhaoinibh eagnuidhe agus do chléircibh
comhachtacha chuca, .i. Alexander Alés agus Bonauentúra agus
Scotus, an doctúir séimh, agus Nicholás de Líra agus Bernardinus
Busti agus timchioll chéad oile, áirmhios an Leabhar Cosamhlachta,
dobhí 'na mbráithribh naomhtha agus 'na ndoctúiribh agus 'na
maighistribh agus 'na mbáisiléaraibh; agus do-rinneadar mórán
díobh sin saothar agus gluais ar an sgrioptúir dhiadha agus ar
maighistir Sendens, agus mórán oile do-rinne saothar ar na
haladhnaibh saera agus leabhar dlighe agus diadhachta ar
chasánaibh an chogúis agus ar na lochtaibh agus ar na subháilcibh,
agus mórán oile dhíobh do-rinne leabhair sheanmóra ar na
soisgéulaibh agus ar na naomhaibh, ionnus go raibheadar sin 'na
lóchrannaibh loinneardha san eaglais 'na mbeathaidh agus gur
fhágbhadar lón buan aige iar mbás, agus fós ní bhfuil suim gá
mhéid táinic dá leithidibh so ó sin anúas a nOrd S. Froinsias.



Leanam anois don mbeathaidh.



Ó theas seanmóra an n-athar naomhtha, .i. S. Froinsias,
do chuir Dia a ccroidhe mhóráin do na hócchaibh uaisle beatha


L. 45


naomhtha do bheith aca, ag coimhéud a n-óghachta agus a ngloine
do Chríosd. Dob í an chéad ógh dhíobh so do lean slighe S.
Froinsias, an plannda uasal onórach beannaighthe dá ttug Dia
grása móra, .i. San Clára, dobhí mar bhláth thaitneamhach a
n-aimsir an earraigh agus mar réultainn dhealraighthe lán do
sholus an chrábhaidh agus na beatha naomhtha, óir as le so do
thionnsgain San Froinsias an dara hord, dá ngoirthior Ord
S. Clára. Así so céud inghion sbioradálta S. Froinsias, atá
anois go glórmhur a bhflaithios Dé agus dá ndéanann an eaglais
go hiomlán onóir mhór. An seiseadh bliadhain a ndiaigh
S. Froinsias d'iompódh ón tsaoghal do ordaigh sé an t-órd sa,
mar adeir Leabhar na Cosamhlachta.



As onórach an t-ord sa, mar an ccéudna, ar a mhéud dobhí
do sheathrachaibh uaisle ann, .i. an mháthair naomhtha féin
ar tús, .i. San Clára, agus a deirbhshiúr darbho comhainm Agnes,
agus a máthair, Ortoláne, agus Agneis oile, inghion rí Bohemia;
agus fós do gheall a hathair an inghion sin do thabhairt mar
mhnaoi phósda don impire darbho comhainm Fediricus, agus, arna
dhiúltadh sin don inghin agus don óigh uasail, do ráidh ris an impire
gurbh fhéarr léithe pósadh do dhéanamh le himpire fhlaithis Dé,
.i. Críosd comhachtach, nó re himpire talmhuidhe an tsaoghail.
As a haithle sin do ghabh sí féin agus mórán maille fria
d'inghionaibh prionnsaighe agus tighearnaigh do ríoghacht a hathar
aibíd San Clára ón Ord Mhinúr agus tug sí a beatha as go naomhtha,
maille le míorbhuilibh móra do dhéanamh dhi.



Baoi, dono, san ord chéanna sa inghion impire na Rómha agus
inghion rí Portugal maille re mórán oile d'ingheanaibh ríogh agus
rothighearnaigh gacha cineóil, gur chuir so an dara hord sa S.
Froinsias a n-uaisle mhóir ó naomhthacht agus ó fholaidheacht.



As a haithle sin, mar adeir Bonauentúra, do chuireadar mórán
oile do na daoinibh iad féin fá chuing chrádhbhaidh agus chreidmhe
agus fá reacht nua na haithrighe, do réir chomhairle agus theagaisg
an athar naomhtha. Asé ainm tug modh carthannach Críosd
orra so, .i. Ord na hAithríghe. Amhuil atá an aithrighe a
ccoitchinne ag gach aon mar chonair dochum flaithis Dé, as


L. 46


mar sin as slighe shlánaighthe do gach uile dhruing an Treas
Ord, mar atáid cléirigh agus tuataighe, mná agus fir, ógha agus lánamhna
pósda.



Ceithre bliadhna déag ar n-iompódh do S. Froinsias ón
tshaoghal do ordaigh sé an t-ord uasal sa, atá molta, daingean
ón eaglais, óir asé Niocolás pápa do mhol an riaghail so, agus fuaradar
priuiléide iomdha ó chuid do chomharbaibh Peadair.



Atá an t-ord sa naomhtha ceanamhuil, mar an ccéanda, a
bhfiaghnuisi Dé agus na heaglaisi a ffos, a mhéid dobhí do
dhaoinibh naomhtha uaisle ann d'fhearaibh agus do mhnáibh
do-rinne míorbhuile ina mbeathaidh agus iar mbás. Dobhí san ord
chéanna sa inghion rí na Hungáire, Eilísabét a hainm, máthair
na mbráthar minúr do thaoibh grádha agus dúthrachta, aga raibhi
beatha ronaomhtha agus ler hathdhúsgadh mairbh iomdha agus ar a
ndérna an eagluis cuimhne bheannaighthe agus a sgríobhadh a leabhar
na naomh agus lá féusda d'ordughadh dhi, .i. a' naoidheadh lá déag
do gheimhreadh. Dobhí fós isin ord sa painimpire na Rómha
agus dias banríoghan Hungáire agus mórán do bhanríoghnaibh oile an
tshaoghail agus do dhaoinibh uaisle onórach, mar atáid
prionnsaigh, diúcaidhe, iarluidhe, agus barúin.



Sguirim anois do na sgéulaibh si agarbh éigion dhúinn
comhnuidhe do dhéanamh ó do labhramar ar ordughadh agus ar
bhiseach na ttrí n-ord sa S. Froinsias, óir as leiscc le duine, an
tan théid sé ar magh réidh áluinn, a fhágbháil go lúath.



LABHROM ANOIS AR AN MBEATHAIDH.



Feachtus dá ndeachaidh dream do na bráithribh a ttalmhain
na bpágánach, gabhus páccán áiridhe trócaire 'na ttimchioll agus
do fhuráil ionnmhus orra mur chongnamh costuis dhóibh; agus
do iongnadh leis na bráithre d'obadh an ionnmhusa air.
Gidheadh, do thuig sé gurab ar ghrádh Dé do obadar é, gé
dobhádar gan aon ní aca; conadh aire sin do fhuráil sé é féin
ó mhian dúthrachtach do thabhairt gach éin neithe dá mbiadh
d'uireasbhuidh orra dhóibh an feadh do mhairfeadh a mhaithios
féin dó. “Féuchadh gach aon ar Bonauentúra grása na
bochtaine naomhtha do tharraing intinn an pháccánaidh go


L. 47


millseacht iongantaigh na trócaire móire sin. Uair as uathmhar
an peacadh do Chríosdaighe tarcuisne do thabhairt ar an lécc
lóghmhar sa dia ttucc an págánach an onóir adhbhal so.”



Tarla an tan sin go mbaoi bráthair croisi diarbho comhainm
Moricus i n-oisbitail áirithe do chóir cathrach Aisisi agus
easláinte bháis air, gur iarr an duine si go díochra, tré
theachtaireacht, S. Froinsias guidhe air féin go dúthrachtach. Do
aontuigh S. Froinsias sin dó, agus do chumaisg sprúidhleach séimh
aráin agus ola, dobhí a lambpa a ffiadhnuisi altóra Muire,
tréna chéile maille re seóladh an Sbiorad Naomh. Adubhairt sé ris
na bráithribh: “Tabhraidh an leighios a don mbráthair easlán,
.i. Moricus, agus tiocfaidh as so, do bhrígh comhachta Críosd, nach
é amháin biaidh sé slán ó easláinte cuirp achd biaidh sé 'na
ridire láidir againne san ccrádhbhadh.” Mar as luaithe do
bhlais an t-easlán an phruinn si, tug Dia sláinte chuirp agus
árrachtus intinne dhó, ionnus go ndeachaidh sé a ccrádhbhadh
S. Froinsias, agus nach raibhi d'éudach uime acht an aibíd 'na
haonar maille lé lúirigh iaruinn do bheith eidir é agus í aimsir
fhada, agus nár chaith arán nó fíon re mórán do bhliadhnaibh
acht tórrtha talmhan agus luibhionna fuara, agus nár lughaide a
neart nó a shláinte sin ag déanamh seirbhísi d'Íosa Críosd.



As a haithle sin, mar do tharraing deaghbhaladh naomhthachta
San Phroinsias mórán chuige as gach aon talmhuin, táinic
duine ealadhna áiridhe do chumadh cantaireacht agus moladh
saoghalta uadha féin d'fhéuchain an tí úd tug tarcuisne ar an
tsaoghal, .i. S. Froinsias. An duine glic si, ar a ttug an
t-impire rí na bpearsadh mar ainm, fuair sé S. Froinsias ag rádh
seanmóra a mainisdir áiridhe, agus as amhlaidh do thaisbéin Dia dhó
seanmóntuigh croiche Críosd agus cloidheamh dealradhach ó
mhullach a chinn go hionadh a throigheadh agus a leithéid oile
sin do chrois thríd ón bhois go aroile. Conadh annsin do aithin
rí na bpears seabhfoghontaidh Críosd, nárbh aithne dhó
roimhe sin ariamh. Agus, ar mbiodhgadh dhó ris an radharc
sin, tug Dia grása na haithrighe dhó, amhuil do loitfidhe a
chroidhe le cloidheamh sbioradálta na mbriathar tinntighe
táinic a bheól S. Froinsias, agus tug tarcuisne a ccéadóir ar
chúrsaidh an tsaoghail agus do lean sé slighe S. Froinsias ó aibíd
agus ó phrofeist.


L. 48


Accus, ó do-chonnairc an t-athair naomhtha é ar n-iompódh ó
mhíochiúnus an tsaoghail dochum síothchána Chríosd, tucc sé
an Bráthair Síothchánta mar ainm fair. Dobhí an bráthair si
ar biseach ann gach uile naomhthacht, ionnus gurab é céad
mhinistir do cuireadh a ccríochaibh Franc é. Agus do-chonnairc
sé roimhe sin comhartha caradraigh Dé ris na daoinibh a n-éudan
S. Froinsias, agus do-chonncus dó gur chuir éxamhlacht na
ccomharthadh sin as na dathannaibh dobhí ann deaghmhaisi
mhór ar aghaidh an athar naomhtha. As mór an onóir agus an
airmhidin croidhe dobhí ag S. Froinsias fán chomhartha sin, agus
do mholadh go minic ó bhéul é, agus ba hé sin séula do chuireadh
ar na litreachaibh carthannacha do sgríobhadh sé féin, óir
dob é a stuidér, do réir an fháidh, .i. Esechíel, an comhartha
coisreagtha sin do chur ar na daoinibh le budh áil tuirsi agus
aithríghe do dhéanamh ina pheacadhaibh maille le hiompódh
go fírinneach dochum an tSlánaightheóra Íosa Críosd.



Imthúsa S. Froinsias, ó do-chuadar na bráithre a líonmhaireacht
mhóir, do chruinnigh iad dochum caibidiolach
generáilte a nEaglais Mhuire do na hAinglibh do sheóladh an
chrábhaidh agus do thabhairt poirsion na húmhla do ghach duine fó
leith aca agus dia roinn ar na Críosdaighibh a ccoitchinne. Dobhí
bochtaine agus uireasbhaidh gach aon neithe corporrdha san ionadh
sin, gidheadh, do chuir trócaire Dé a ccroidhthibh lucht na
cathrach gach taoibh dhíobh teacht chuca le biadh agus le digh agus le
fritheólamh agus seirbhís do dhéanamh dhóibh, ionnus nach raibhi
aon ní d'uireasbhaidh ar an teaghlach uasal sin an Airdrígh, .i.
tuilleadh agus cúicc mhíle bráthair, agus go raibhiodar slán ó chorp agus
sólásach ó sbioraid.



Dála S. Froinsias, ó nach bhféadadh a bheith maille ris na
bráithribh ó chorp is na caibidiolachaibh prouensi, dobhí sé
ó sbioraid maille friú, gá mbeannachadh agus ag guidhe Dé ar
a son, agus fós, do bhrígh comhachta Dé dhó, do thaisbéanadh
sé é féin go corporrdha dhóibh ar uairibh, gidh do bheith sé
'na bhféuccmhais. Dá dhearbhadh sin: Lá dá raibhi an
seanmóntaigh soibhriathrach agus confésóir uasal an Airdrígh
anois, .i. Saint Antoin ó Phádua, ag rádh seanmóra do na
bráithribh a ccaibidil Arelade ar thitul na croiche, .i. Íosa
Críosd ó Nasarét, Rí na nIúbhal, go bhfacaidh bráthair naomhtha


L. 49


dia raibhi san chaibidil, darbhó comhainm Monaldus, an t-athair
beannaighthe, .i. S. Froinsias, a n-airde san aiér a bhfiocchair
na croiche céasda agus é ag beannachadh na mbráthar, agus gur
mhothaigheadar uile iad féin lán do shólás croidhe, ionnus gur
thuicceadar go dearbhtha an t-athair naomhtha do bheith do
láthair aca, do réir mar do fhoillsigh sé féin dóibh 'na dhiaigh
sin. As inchreidthe go fírinneach an ní iongantach so, amhuil
mar thugadar comhachta Críosd Ambrós naomh, dobhí ina
eacclais féin, do dhéanamh onóra Mártain iarna écc isin
ngné chéanda sin, ionnus go raibh sé a n-aon úair ina eacclais
féin agus a n-eaglais Mhártain. As mar sin do thaisbéin Dia S.
Froinsias do na bráithribh, do thabhairt sóláis agus do mholadh
seanmóra bhollsaire na fírinne, .i. Saint Antoin, ó do labhair
ar an ccroich do iomchradh an t-athair naomhtha ar féin do
ghnáth.



Ó do dhaingnidh Onorius pápa an riaghail an t-ochtmhadh
bliadhuin iar ndéanamh pápa dhe, do ghuidheadh an t-athair
naomhtha na bráithre go díochra dúthrachtach an riaghail do
choimhéud go glan, agus adeireadh sé riú nachar chuir sé aon
fhocal isin riaghail uadh féin agus gurab é Críosd féin do fhoillsicch
gach ní dar sgríobhadh innte. Dá dhearbhadh sin: Asé bulla
agus séala an phápa mhóir úd thuas, .i. Íosa Críosd, do cuireadh
ar an riaghail, .i. álaidh an Tighearna do chur ar chorp an
athar naomhtha, .i. S. Froinsias, mar mholadh árd ar fhoirfidheacht
na riaghla agus ar naomhthacht an tí dá ttugadh í.



ABRUIM AN CÚICCEADH CAIBIDIL AR CHRUAS
BEATHADH S. FROINSIAS, AGUS MAR THUCCADAR NA
CRÉATÚIREADH SÓLÁS DÓ.



Fear leanamhna uasal chroiche Críosd, .i. S. Froinsias, do
chuir sé a chorp féin a ccroich na haithrighe do sgrios na locht
maille re srian cruaidh na ceannsa do chur ris na céudfadhaibh
corporrdha, ionnus gurab ar éiccin do ghabhadh sé riachtanus
a leasa na nádúire, óir as annamh do chaitheadh sé biadh te
ná biadh beirbhthe, agus, an tan fá ngabhadh, do thumadh sé
an biadh sin a sausa shearbh mhíobhlasda, .i. a luaith nó a
n-uisge, do bhuain a dheaghbhlasa dhe. Créud í an mheasardhacht


L. 50


dobhí aicce, ag tógbháil a chuirp féin ó fhíon do tharraing
intinne dochum na heagna? Agus do fhoillsigh sé sin
dhúinn go deimhin, óir as ar éiccin do ibheadh sé a riachtanus
a leasa d'uisge fhuar an tan dobhíodh tart air nó tiormach.



Gidheadh, do chumadh sé é féin amuigh leis na daoinibh
saoghalta maille re mbíodh sé, ag teacht leó leith re cáilidheacht
bídh agus dighe, do réir an tsoisgéula naomhtha, ionnus go raibhi
S. Froinsias rochruaidh air féin agus aobhdha daonna do na daoinibh
agus umhal do shoiscéula Críosd, ionnus nach é mháin dob
eisiomláir do chách a abstanáit acht do-bheireadh taisbéanadh
naomhtha do na bráithribh agus do chách a ccoitchinne, ag caitheamh
bídh maille riú. Dob í a leaba go minic tonn an talmhan agus
dob í a chearchaill cloch nó crann agus do budh garbh cróin a
éudach, óir do dhearbh sé go tteithid na drochsbioraid re
héudaighibh cruaidhe garbha do bheith ag na daoinibh agus gurab
éudaigh boga míne a chuirios cathaighthe ar na daoinibh agus ar
na Críosdaighibh.



Fiarfuighid, dono, daoine áiridhe dhé cionnus do fhéudfadh
sé a n-aimsir an gheimhridh agus an fhuachta fulang ar an aibíd
fhuair mar éudach. Do ráidh searbhfoghontaidh Dé, agá
fhreagra sin, “Dá mbeanadh lasair theasa agus ghrádha fhlaithis
Dé rinn don taoibh astuigh, do fhulaingfemaois go hurusa
fuacht talmhuidhe don taobh amuigh.”



Aimsir áiridhe iar sin dobhí easláinte shúl ar S. Froinsias,
agus do fhulaing sé, ar an adhbhar sin, cearchaill do chlúimh eón
do chur faoi a cheann, go ndeachaidh an drochsbiorad san
chearchuill, gur chuir buaidhreadh mór ar S. Froinsias go
meadhón oidhche, gur ghoir bráthair chuige iar sin, agus do chuir
an chearchaill a bhfad uadha ón leabaidh lais, gur bhean an
drochsbiorad a neart agus a bhrígh a bhallaibh an bhráthar, gur
aisig an t-athair naomhtha an láidireacht chéanda dhó, agus, re
cluinsin a ghotha, gur theith an drochsbiorad uadha.



An tí si dobhí rochruaidh air féin, do-rinne díthchioll mór
óirchisde na geanmnaigheachta do choimhéud go honórach a
soitheach créufóige an chuirp dhaonna, maille re gloine anma
agus chuirp re chéile. Ar an adhbhar sin, a ttoiseach a iompóidh
dochum an chrádhbhaidh, a n-aimsir an gheimhridh, do luidheadh
an tí si, dobhí té, láidir ó sbioraid, a n-uamhaidh lán do


L. 51


shneachta agus do dhearfadhaigh go minic, ionnus go ccuireadh
sé a námha éntighe, .i. an corp, fá úmhla don sbioraid agus go
ccoimhéudadh sé éudach taitneamhach na gloine gan losgadh
ar tine na n-ainmhian. Ór adeireadh sé go minic gur urusa
don duine sbioradálta fuacht anmhór d'fhulang ar a chorp ná
teas n-ainmhian d'fhulang ar a inntinn.



Do fhoillsigh an t-athair naomhtha ó ghníomh an ní sin
adubhairt sé ó bhréithir. Dá dhearbhadh sin: Adhaigh áiridhe
dobhí sé a n-ionadh fhásaicch ag guidhe Dé, gur gháir an
drochsbiorad dhó trí huaire. Do fhreagair an t-athair naomhtha
dhó agus fiafraighios de créud dob áil leis. Adubhairt an drochsbiorad
go cealgach ris: “Ní bhfuil peacthach dá mhéud a
iompaidhios dochum Críosd nach maithfe sé a pheacaidh dhó.
Gidhbé duine a mharbhus é féin le haithrighe rochruaidh, ní
dhéanaidh Dia trócaire air.” Air ffoilsiughadh ceilge an
drochsbioraid ó Dhia do S. Froinsias, doo thuig sé gurbh áil
leis é féin do tharraing ó fhoirfeacht na haithrighe go laige na
collaidheachta, etc.



Feachtus dia ndeachaidh drong do na bráithribh a ttír na
bpáccánach, agus gabhus páccánach saidhbhir trócaire um na
bráithribh agus do fhuráil sé costus óir agus airgid orra; agus do
dhiúltadar na bráithre sin air; agus ba hiongnamh leisin sin, .i. obadh an
ionnmhusa air, agus, gidheadh, do thuig gurab ar son Dé do
dhiúltadar é, an uair nach raibhi ní aca féin; gurab aire sin do
fhuráil é féin orra ó mhian dúthrachtach croidhe agus intinne a
mbeatha agus a riaghail do ghabháil chuige. Do sgaoil, imorro,
an fear céanda a mhaoin agus a mhórmhaithios ar bhochtaibh
Dé agus ar an Ord Mhinúr agus dobhí 'na Chríosdaidhe mhaith
dhiongmhála ó sin amach, agus do ghabh baisdeadh agus aibíd S.
Froinsias chuige. Agus as mar sin as cóir do na Críosdaidhibh
tnúth do bheith aca ris an bpágánach shaidhbhir sin do ghabh
do roghain an aibíd mhinúr mar éudach agus an bhochtacht
mar bheatha do ghabháil chuicce.



Tarla an tan sa bráthair croisi darbh ainm Moricus 'na
luidhe tinn in hoisbitáile láimh re cathraigh Aisisi, agus do iarr
ar Froinsias guidhe ar a shon agus sláinte d'fhagháil dhó.
Do aontuigh an t-athair si fuair comhachta ó Dhia féuchain ar an
duine


L. 52


mbocht agus do chumaisg sprúilleach aráin choisreagtha agus páirt
don olaidh dobhaoi ar an lampa dobhí a bhfiaghnuisi na deilbhe
Muire thríd a chéile, ar theagusg an Tighearna thrócairidh, agus
do chuir sin dá chumailt dhó, gurbho slán, ó chomhachtaibh
Críosd, ó easláinte an chuirp é. Agus ní hé amháin acht táinic
a n-aibíd an Uird Mhinúir agus do ghabh mar mhartra air féin
lúireach fhuar maille le hiarann do bheith fána chorp taoibh
astuigh don aibíd feadh a bheatha agus gan biadh talmhuidhe ar
bith do chaitheamh rena rae acht luibheanna na talmhan agus
torrtha na ccrann, agus níor lughaide a bhrígh nó a neart ag
seanmóir bréithre Dé sin.



Feacht oile táinic múisiccidh agus file do mhuintir rígh na Peirsia
do dhéanamh mealltóracht ar staid agus ar riaghail Froinsias, agus
as amhlaidh fuair é, ag teacht do láthair dhó, ag rádh seanmóra,
agus do taisbéanadh dhósan go ffacaidh an chroich chéasda ar
lasadh mar dhealradh gréine ó a bhathais go a bhonn agus ón
dérnainn go aroile trésan tseanmóntaidh. Agus, mar do-chonnairc
an múisiccidh agus an mealltóir mór sin an fáidh naomhtha
ag seanmóir páisi an Tighearna agus comhachta na croiche
naoimhe, biodhgus agus criothnaighios, tré ghrásaibh Dé, agus diúltus
don tsaoghal agus gabhus an aibíd chuige agus leanus do riaghail S.
Froinsias. Agus asé sin céad mhinistir Uird Mhinúir do cuireadh
don Fhrainc ariamh ar tús. Do móradh ainm Dé agus S. Froinsias
de sin.



Iomthúsa San Froinsias, mar dobhádar na bráithre ag
iomadughadh, do chuir gairm chaibidiolach generálta orra go
heaglais mainisdreach Muire, agus as di do goirthí Mainistir na
nAingiol an tan sa, do theagasg an chrádhbhaidh dhóibh go
nuaidhe agus dá ccraobhsgaoileadh fán cCríosdaigheacht do
sheanmóir bréithre Dé do na puiblibh. Agus dobhí teirce
bídh agus dighe isin eaglais sin roimhe na bráithre do theacht
innte; agus, mar do airidh Dia sin, do chuir a ccroidhthibh lucht
na cathrach, dobhí ar gach taobh dhíobh, teacht chugtha le
na mbiadh agus le gach uireasbhuidh dá raibhi orra, gurbho díolta
iad uile an naoimhtheaghlach sin dobhí ó Airdrígh nimhe agus
ó Froinsias ann, agus ó rángadar a chéile deichneamhar agus cúig
mhíle bráthair. Agus, mar nár fhéud S. Froinsias, tré thoirmiosg
sbioradálta oile, teacht do láthair na caibidiolach generálta go


L. 53


corporrdha, dobhí ó sbioraid agus ó thaisbéanadh neamhdha
maille ris an ccloinn sin aige féin, gá mbeannughadh agus ag guidhe
Dé ar a son, agus do thaisbéanadh sé é féin go corporrdha dhóibh,
dar leó féin. Dá dhearbhadh sin: Dobhí Sanctus Antónius
ag rádh seanmóra do na bráithribh a ccaibidil Erilade ar titul
na croiche, .i. IESUS NASARENUS REX IUDEORUM, .i. go bhfacaidh
an bráthair oile, .i. Monaldus, an t-athair beannaighthe S.
Froinsias isin aiér os a cciond a ffioghair na croiche agus é ag
beannughadh na mbráthar, gur mhothaighiodar iad féin uile
lán do shólás agus do neart agus d'árrachtus. Agus do mhol an
tseanmóir sin Antoinius go mór do ghuth mhór fhollusghlan os
a ccionn mar sin.



LABHROM ANOIS AR CHRUAS BEATHADH
S. FROINSIAS.



Ba fíorleannán uasal don ccroich chéusda é, óir do chuir
a chorp a ccroich na haithrighe agus do chruadhcheangail na
céudfaidhi corporrdha, ionnus gurbh annamh do chaitheadh
an bheatha dhaonna, agus, an uair do chaitheadh í, ní chaitheadh
acht pruinn bheag d'arán gan bhrícch agus a thrian do ghaineamh
agus uisge fuar mar dhigh, agus sin do chaitheamh gach treas tráth,
agus ní chaitheadh biadh Céudaoine, Aoine nó Sathairn.



Ba grádhach deaghaightheach ris an uile dhuine é. Ba
furachair spionntach do shíoladh bréithre Dé é. Do shildís
na háladha gacha hAoine ar a chorp, amhuil do shiliodar ar
chorp an Tighearna féin. Ba hí a leabaidh uaimh chloiche;
cloch fána cheann agus cloch fána chosaibh agus cloch fána lár. Ba
garbh críon a éudach, agus níor chlaochlaidh an chéud aibíd do
chuir uime ariamh an gcéin bhaoi beó. Agus níor chuir bróga
fána chosaibh ariamh an feadh dobhí 'na bhráthair. Níor
mhothaigh teas samhruidh nó fuacht oighridh riamh, agus níor
léig teas grádha a Thighearna uaidh, .i. Íosa Críosd. Uime
sin, gidhbé neach ina ttéid teasghrádh Dé ina chroidhe, ní


L. 54


chuirionn teas ná fuacht air nó bochtaine an tsaoghail, agus do-gheibh
a luach sin isin mbeathaidh shuthain, srl-a.



Araile aimsir gabhus tinnios súl S. Froinsias, agus do cuireadh
peiliúr socair do chlúmhach én faoina cheand, agus do-chuaidh
an ansbiorad isin pheliúr, ionnus gur chuir buaidhreadh
mór ar S. Froinsias ó thús oidhche go meodhón oidhche, agus
goirios bráthair oile chuige agus furáilios an peiliúr do chur a
ffad uadh, agus do mheirtnigh an peiliúr an bráthair, gidh gairid
dorug sé é. Agus do aisicc S. Froinsias a shláinte don mbráthair
go haithghearr; agus, an uair do labhair ris an drochsbiorad a
n-ainm Chríosd, do sccréuch sé go mór agus do imidh roimhe gan
bhrícch gan chomhachtaibh.



Feacht n-aoin dia mbaoi S. Froinsias a nEaglais Mhuire
na nAingeal, mar adeir Leabhar na Cosamhlachta, agus é ag
caoineadh páisi an Tighearna, do thaisbéin an drochsbiorad é
féin dó agus adubhairt, “A Froinsiais, dá marbhthá thú féin le
haithrighe, ní rachaidh th'anam don teaghdhais neamhdha.”
Do chuir Froinsias an deamhan uadh go hathghearr a n-ainm
Chríosd, agus, iar n-imtheacht dhó, do-chuaidh Froinsias ar coill
fhásuigh dobhaoi a n-iomfheagus dó agus fágbhus an aibíd agus
an t-éudach beag - agus ba haimsir dhubhlachta agus dhoininne
móire sin - agus téid tárnocht a ccúmhgach na ndos agus na ndreas
agus gabhus ag siubhal go díochra, gur sgriossat a chraicionn agus a
leathar 'na thimchioll agus gur dhoirtsiod a fhuil go mór, go
ndubhairt fris féin, “As féarr dhamh mar so ar son Dé nó a
bheith go gnáth a leabaidh sheasgair chlúimhe ag éisdeacht
le claoinchealgaibh an aidhbhirseóra.” A haithle na mbriathar
sin do-chonnairc sé soillsi mhór go ruithneadh gréine ar feadh
na coilleadh uile agus bláth róis agus iomad luibhionn deaghbhalaidh
agus lubhghort naomháluinn neamhdhuidhe. A n-aimsir tert an
mheodhóin oidhche a mí Ianuárius do shunradh sin, agus cora
aingeal gach taoibh dhe, agus aseadh do ráidh siad fris, deifriughadh
dochum Críosd agus dochum a mháthar, neoch dobhí ag
feithiomh fris isin eaglais. Dearcus Froinsias air, mar do airidh
a bheith tárnocht, agus fuair éadach nua neamhdhuidhe uime, agus
níorbh fhios dó cionnus fúair. Agus do-chonnairc an chonair
dobhí roimhe gusan eaglais lán d'éudaighibh áilne ioldhathach


L. 55


go n-iolra gacha datha. Agus rug leis dhá rósa dhéag dhearga
agus a uirid oile glégheal, agus, arna ccur sin ar na haltóraibh,
do-chonnairc Íosa Críosd agus a mháthair ar a láimh dheis agus sluagh
mór aingeal ar gach taoibh dhíobh go ccainticcibh glórmhara.
“Iarr, a Froinsiais,” ar Críosd, “gach ní bhus áil leat agus do-gheabhair.”
At-beart Froinsias: “A Chruthaighóir nimhe agus
talmhan, guidhimsi, an peacthach bocht, sibh, a hucht bhar
mórthrócaire, locchadh na n-uile pheacadh do thabhairt dhamh
féin agus do gach duine a shailteórus asteach ar dorus reilge
Eaglaisi na nAingeal acht go ndéanaidh aithrighe agus faoisidine do
mholadh na heaglaisi.” Freagrus an Slánaightheóir Froinsias agus
adubhairt: “Do-bheirim id h'onóir-si don uile a rachus a
nEaglais Mhuire na nAingiol ó chlog an chéd easpuirt an dara
lá do mhí August go clog an dara heaspuirt an laoi chéanna a
chuid don fhlaithios neamhdha acht go ndéanaidh aithrighe agus
oilithre na heacclaisi go hiomlán agus a chonfesion maille le
haithreachus isin eaglais chéanda, agus ní headh amháin acht
gach aon a dhéanus almsa dhúthrachtach dot ord, geallaimsi
trócaire do dhéanamh ar a n-aimsir a bháis acht go raibh
aithreachus maith aicce.” “A Thicchearna,” ar S. Froinsias,
“cionnus chreidfid cách na comhachta sin uaimsi?” “Creidfid”,
ar Críosd, “mar so: Beir leat ní don rósa so a cceand an phápa
agus creidfidh thú, do réir mar fhoillsighios an t-aingiol dhó.”
Ar ccríochnucchadh an chomhráidh sin, éirghios an Tighearna
as a fhiaghnuisi, agus tógbhaid na haingil a ccaintice ghlórmhur
os áird, .i. Te Deum laudamus, nó go rángadar an flaithios
neamhdha. Iar sin beanus Froinsias trí rósa dhearga agus a
trí geal don altóraigh a n-onóir na Tríonnóide agus gabhus a
sheanaibíd bheag bhocht féin uime ar maidin agus beirios triúr
compánach bráthar leis, .i. Petrus Canan agus Bernard agus Angelus.
Ar rochtain na Rómha dhóibh, taisbéanus Froinsias a chomhartha
don phápa, go ndubhairt an pápa: “Creidim go bhfuil an fhírinne
agad, agus do fhoillsigh aingiol Dé dhamhsa gach ní dá bhfacais,
agus na neithe do thoiligh Dia dhuit, atáid fá shéula annso romhad,
srl-a.”



Laithe n-aoin dia raibhi S. Froinsias ittir na bráithribh, agus
do thuig go raibhi bráthair lag astuigh ó bharr tréigheanuis agus


L. 56


troisge, agus gurbh fheagus bás dó thríd sin, agus goirios an bráthair
chuige agus do chuir arán ina fhiaghnuisi agus fromhus féin ar tús
é mar chomhluadar don bhráthair, agus ba slán a ccéadóir.



Baoi tinnios ag leanmhuin do shúilibh Froinsias ó iomarcaidh
déur na haithrighe, go ndubhairt liaigh fris sgur dá dhéuraibh
dámadh mian leis an t-amharc do bheith aige. Adubhairt
Froinsias: “A bhráthair ghrádhaigh,” ar sé, “ní hindiúlta dhúinn
an solus suthain mar ghrádh ar radharc diombuan corporrdha
agus ní ar son an chuirp féin a tugadh radharc dhó acht ar son
an anma uasail do cuireadh ann.” As follus as sin gurbh
fhéarr le S. Froinsias daille chorporrdha do bheith air nó
toirmiosg do chur ar dháil na ndéor aithrighe le nglantar súile
na hinntinne. Thairis sin do ghuidheadar na bráithre é uma
léigion leighios do dhéanamh dhó air a shúilibh, .i. losccadh do
dhéanamh air os cionn na súl re hiarann dearg; agus do-rónnadh
amhlaidh, ar bhfagháil aonta uadh, agus níor fhuaraidh an t-iarann
an uair ba slán súile Froinsias tré ghrásaibh an Sbiorad
Naomh.



Feacht n-aoin dia mbaoi S. Froinsias ar fásach annsa n-ionadh
darbh ainm Sanctus Urbánus, agus gabhus easláinte mhór é.
Mar do mhothaigh é féin éccruaidh do thaoibh na nádúire
daonda, iarrus deoch fhíona do neartughadh a sbioraide; agus do
dearbhadh dhó nach raibhi aon bhraon fíona aca; agus, iarna
chlos sin, furáilios uisge do thabhairt chuig agus gearrus singin
na croiche os a chionn agus do-róinneadh fíon glan de, agus, mar as
luaithe gur bhlais an fírén an fíon, ba slán a ccéadóir.



Feacht oile bhaoi Froinsias d'éis easláinte móire, go raibhi
éccruaidh ó chorp, agus fuair mian ceól taidhiúir do chloisdion
do chuirfeadh sólás ar a sbioraid, agus, mar nárbh áil leis uirid
d'aoibhnios d'fhagháil ceól daonda d'iarraidh, do chuir Dia
cora ainglidhe a meodhón oidhche ar gach taoibh dhe, agus ag
smuaintiughadh ar a Thighearna, agus do-rónsad ceól taidhiúir
taitneamhach, gurbho slán a ccéadóir é, etc.



Laithe n-aoin dia mbaoi S. Froinsias agus a chompánach eidir
an Lombaird agus an Marsia, go rug dorchadus na hoidhche orra
láimh re caol fairrge, agus adubhairt a chompánach ris, “A


L. 57


Phroinsiais,” ar sé, “guidh ar ar son, óir atámíd a mbaoghal
idir na srothaibh, agus doinionn mhór agus deartan againn.”
“Féudaicch Dia,” ar S. Froinsias, “más toil le a ghrásaibh féin
é, solus do thabhairt dhúinne agus an dorchadus sin do dhíochur
uainn.” Iar sin do-chonncadar dealradh iongantach ar gach
taoibh dhíobh ó néullaibh nimhe go talmhuin, go bhfacadar a
ndíol radhairc uatha ar gach leith, agus do-chuadur as an
ngábhadh sin slán innill go háit n-iomchubhaidh a bhfuaradar
sosadh agus beatha iomchubhaidh. Do móradh ainm Dé agus S.
Froinsias de sin.



Iomthúsa Phroinsias, níor fhaomh sé uachtránacht a uird
féin do ghabháil chuige tré iomad a umhlachta. Agus as dearbh,
gibé bhias umhal dá uachtrán, ní racha én uair thairis dá aimsir
nach bhfuighidh a luaidheacht ó Dhia agus trócaire fá dheóicch,
agus gibé do bheith 'na uachtarán, go ndlicchfeadh a bheath
friochnamhach deithideach ag coimhéud a thréuda, agus, dá ndearna
amaoile, go mbiaidh a olc dhó.



Araile lá fiafraighios an cairdionál dobhí 'na phrotector
ag na bráithribh minúra do Phroinsias nar thoil leis bráithir
a uird do thógbháil dochum dignite go honórach - agus, ar ndearbhadh
a dhúthrachta mar sin d'Ord S. Froinsias, do thogh Dia eision
go ndearnadh pápa isin Róimh dhe, Gregoirius nónus - agus do
labhair Proinsias fris agus aseadh adubhairt: “A thighearna, as
uime tugadh bráithre minúra ar m'órd-sa, do bhrícch gurab
lugha iad iná bráithre oile, agus as umhla agus as bochtaine dlighthior
díobh agus ní háil leamsa dignite eaglaisi as mó ná sin do bheith
agam.”



Feacht n-aoin dia mbaoi Proinsias agus a chompánach bráthar
i n-eacclais áiridhe ar fásach ag seirbhís do Dhia go díochra, agus
rugadh an compánach ó spioraid go flaithios Dé, agus do-chonnairc
mórán do theaghaisibh áille onóracha agus do-chonnairc teaghais
lóghmhar, lonnraightheach lán do gheamaibh uaisle go ndéalradh
na glóire suthaine os a ccionn sin uile, agus, ar ngabháil iongantais
mhóir uime sin, smuainios cá raibhe, agus do-chualaidh an guth
neamhdha agá rádh ris: “Acc so flaithios, agus así sin an teaghdhais
ina raibhi Lúcifer roimhe pheacadh an díomais do dhéanamh,


L. 58


agus atá sí dá coimhéud a n-oirchill S. Froinsias,” uair atá a n-aghaidh
díomais Lúcifeir go contrárdha, amhuil adeir Leabhar na
Cosamhlachta. Ar tteacht ina áit féin don chompánach,
fiarfaighios do S. Froinsias créad í a bhreith féin ar a
dheicchghníomharthaibh a leith re Dia. Ad-beart S. Froinsias,
.i. searbhfoghontaidh dílios Dé, “Do-chíthior dhamh nach
bhfuil ar bith peacthach as mó iná mé.” “Cinnios fhéadus tú
sin do rádha ar an compánach go fírinneach?” “Féudaim
mur so,” ar Proinsias, “uair ní bhfuil peacthach dá mhéud ar
an saoghal sa dá ttiubhradh Dia uirid do ghrásaibh agus tug dhamhsa
nach diongnamh seirbhís bu mó dhó iná a ndéanaimsi.” Iar
ccluinsion an ghlóir umhail roidhiadha sin don chompánach,
do chreid an radharc do-chonnairc agus do thuicc, do réir an
tsoisgéula, gur chóir an t-umhal d'áirdiughadh agus an díomsach
d'ísliughadh ar an ordughadh sin, agus, ar an adhbhar sin, do
thuicc gurbh iomchubhaidh Froinsias do chur a n-áirde na
glóire a n-ionadh na sbioraide díomsaighe do hionnarbadh aisti.



Saccart dúthrachtach do Dhia agus do Froinsias, darbho
comhainm Iacobus, do chuir d'fhiachaibh ar dhrochsbioraid do
bhí a mnaoi áiridhe ocht mbliadhna déag tré choniurásion air
as ucht pháisi an Tighearna a fágbháil, agus do fhiarfaigh sgéula
dhe iaramh, as ucht Dé, nar mhaith na neithe do thoiligh Dia
do S. Froinsias a leith re lóghadh Eaglaise Muire na nAingeal.
Adubhairt an drochsbiorad: “Atá loghadh na n-uile pheacadh
go dearbh ag gach aon a dhéanus oilithre na heaglaisi sin do
shonradh lá an loghaidh, acht aoin ní amháin, dá mbeith
comhthrom pighinne do chuid do chomharsann agad go holc
gan aisioc, ní bhfuighe maitheamhnus ann.” 'Na dhiaigh sin
do labhair an drochsbiorad go sganrach ar Froinsias. “Créud
fá ttuccair easonóir bréithre d'óglach Dé?” ar an saccart. Do
fhreagair an ainspiorad sin, go ndubhairt nár gineadh le síol
fearrdha ariamh ittir fhear agus mhnaoi, taoibh amuigh do
Mhuire agus do na heaspalaibh, duine as umhla ná é agus as cosmhuile
ris an tí do cheannaigh é féin agus an cineadh daonna, agus gur
thógbhaidh comhard agus sin é a bhflaithios Dé gurab é do
toghadh a ttéghdhais ar ttighearna, .i. Lúcifer, agus go bhfuil
meirge na croiche céusta ar iomchar aicce agus aga bhráithribh.


L. 59


“Conadh uime sin as mó an phian linn áirde na glóire atá aicce
iná tene ifrinn dár losgadh féin go síorruidhe.”



Laithe n-aoin dia ndeachaidh S. Froinsias don ccathraigh
darab comhainm Ímolo, agus do-chuaidh mar a raibhi easpocc na
cathrach agus iarrus go humhal cead seanmóra do rádha isin
ccathraigh. “A bhráthair bhicc bhoicht,” ar an t-easpocc, “as
leór leamsa mé féin ag rádh seanmóra isin ccathraigh si.” Do
chrom an duine bocht umhal a cheann agus téid tar dhorus amach
agus do fhíll asteach ar an modh ccéanda. Do fhiafraigh an
t-easpocc dhe, “Créud fár fhillis an dara húair?” Adubhairt
Froinsias, “A thighearna, an tan chuirios an t-athair an mac
amach, dlighidh a theacht asteach ar an dorus oile.” Mar do
chlaoi umhla S. Froinsias an t-easpocc, do theann rena ucht
agus rena urbhruinne é agus tucc cead seanmóra dhó agus do chumhdaigh
a ord ar fud a phrouensi uile trésan úmhlacht sin tucc dhó.



Feacht oile do-chuaidh Froinsias go cathraigh Arísius, agus
ba gnáth coccadh mór agus daoine ag comhmarbhadh a chéile
innte. Do ráidh searbhfoghontaidh Dé lena chompánach, .i.
Siluester, dol don chathraigh agus a chur d'fhiachaibh as ucht
Dé agus pháisi Críosd ar a raibh do sbioradaibh isin chathraigh
uile a fágbháil. Do-rinne an bráthair go hullamh umhal mar
adubhradh ris, agus ba feirde dhó, óir do theichiodar an sluacch
dubhdhiabhluidh dobhí re holc agus re buaidhreadh cáich
isin ccathraigh ar furáileamh Dé agus San Froinsias. Agus, ar
ndol asdeach dhó do dhéanamh seanmóra isin ccathraigh, do-rinne
caoinchomhrac agus síth shuthain idir lucht na cathrach, etc.



Feacht n-aoin dar iarr cairdionál na Croiche Naoimh ar
Froinsias fuireach maille ris féin seal dá aimsir. Aomhus
Froinsias sin mar chomhartha onóra don chairdionál. Agus an
chéad oidhche do fhan tar éis a thrátha do rádha isin oidhche,
agus, ar ccolladh do Froinsias, luidhid na drochsbioraid air, gur
bheag nár mhúchadar é le heasonóir, agus, arna fháccbháil
brúighte dhóibh, éirghios a chompánach chuicce, agus foillsíghios
dó gach a ndearnadar air agus do ráidh: “A bhráthair ghrádhaigh,
as dóigh, na drochsbioraid úd nach éidir leó aoin ní do dhéanamh
acht maille le toil Dé, gurab uime do léicc mo Thighearna
chuccam iad, do bhrígh nach maith an eisiompláir do na
bráithribh bochta oile mo chomhnuidh-si is na hionadhaibh


L. 60


móra agus iadsan ag déanamh crábhadha a n-áitibh bochta
dearóile. Air an ádhbhar sin, as férr dhúinn na cúirte do
sheachna agus a bheith idir na bráithribh, ionnus gomadh usaide
leó bochtaine agus anacair d'iomchar mé féin do bheith eatorra.”
As a haithle sin tiaghaid ar maidin mar a raibhi an cairdionál
agus, iar ngabháil leithsgéil fris an ccairdionál, gabhuid a gcead
aige go humhal macánta, agus léigios a bheannacht leó. Tuigthior
as sin gur bheag ar Froinsias an díomus agus gurbh ionmhuin
leis an úmhla, etc.



Laithe n-aoin tuccadh bráthair go Froinsias, neach nár
iomchair an umhla mar budh cubhaidh, agus, ar dteacht do
láthair dhó, do-rinne aithrighe dhíochra ina pheacadhaibh.
Arna fhaicsin sin do Froinsias, do logh dhó gach a ndearna.
Gidheadh, a ccomhartha cuimhnighthe an phionúis, furáilios
atán an bhráthar do bhuain de agus a chur a cceartlár na tineadh,
agus, ar mbeith tamall annsin dó, furáilios a bhuain as an tine
nó as an lasair sin agus a thabhairt don mbráthair, agus ní raibhi
lorcc nó sliocht loisge air, do ghrásuibh Dé agus S. Froinsias,
etc.



Laithe n-aoin dia mbaoi S. Froinsias agus a chompánach acc
gabháil sliccheadh trésan Apail, agus tarla sparán lán d'ionnmhus
dhóibh ar an slighe mhóir. Ceadaighios an compánach don
athair an sparán do thógbháil agus an t-ionnmhus do thabhairt do
bhochtaibh. “Ní toil le Dia sin,” ar S. Froinsias, “óir as cealg
ón aidhbhirseóir súd.” Labhrus an bráthair arís re S. Froinsias
fán airgiod do thógbháil, agus do smuain, tré fhuráileamh an
aidhbhirséora, gurab neamhdhúthracht tucc ar S. Froinsias
gan an t-ionnmhus do thabhairt do na bochtaibh. Arna thuigsin
sin do S. Froinsias, fillios tar ais ris an mbráthair, agus tárla duine
oile dhóibh, agus furáilios ar an mbráthair an sparán do thógbháil
a bhfiaghnuisi an fhir sin. Agus, ar síneadh a láimhe dochum
an sparáin, lingios athair nimhe as an sparán, sgreadus agus
sgréuchus as a bhfiadhnuise. “A bhráthair ionmhuin,” ar
Froinsias, “nach aithnighir cealcca agus mealltóracht an
aidhbhirseóra?” Agus bíodh a fhios agad gurab ionann an
t-aidhbhirseóir agus an t-innmhus agus an nathair nimhe agus gurab
ionann an nathair nimhe agus an diabhal, etc.”


L. 61


Laithe n-aoin dobhí S. Froinsias ag siubhal gusan ccathraigh
darab ainm Uenís, go ttárladur triúr dhó ar an magh réidh
rofhairsing, .i. triúr do bhaintighearnaigh ro-áille a n-aon
chosamhlacht deilbhe agus éccuisg agus innill, aoisi agus méide, agus do
chuireadar fáilte neamhghnáthach roimhe S. Froinsias, .i. gurab
é beatha na baintighearna ardchomhachtaigh, .i. na bochtaine.
Gabhus lúthgháire mhór fear grádha na bochtaine thríd an
fháilte sin d'fhagháil, uair ní raibhi gairm ar dhomhan dob
fhearr leis aige nó gairm na húmhla agus na bochtaine. Do
imgheadar na mná iaramh as a fhiadhnuisi agus ní feas cár ghabhadar.
Do iongantaidheadur compánaigh Froinsias cosamhlacht na
mban re chéile agus neamhghnáthaigh na fáilte do chuireadar
roimhe agus a n-imtheacht gan airiughadh as a bhfiadhnuisi, agus
así tuiccsi sbioradálta do chuireadar annsin gurab í an Tríonnóid
do thaisbéin í féin 'na trí pearsannaibh comhchosmhúla re
chéile annsin, nó go raibheadur a macasamhla sin do thriúr
baintighearnaigh ag Froinsias, .i. an úmhla agus an bhochtaine agus
an gheanmnaigheacht; agus do foillsigheadh tré ghrásaibh Dé do
S. Froinsias gurbh fhíor sin, etc.



Lá n-aoin dia mbaoi S. Froinsias agus a chompánach ag siubhal
na sligheadh, agus tárla modh duine bhoicht ar an slighe dhó agus
é lomnocht. Arna fhaicsin do S. Froinsias mar sin, gabhus
tuirsi chroidhe é, go ndubhairt: “As mór an náire tucc bochtaine
an duine úd dhúinne, ór do ghabhamar an bhochtaine dhúinn
féin mar shaibhrios agus as mó thaisbéanus agus fhoillsighios í féin
mar dhealradh isin duine bhocht úd iná ionnainn.” Agus as
amhlaidh dobhaoi Froinsias, ar ghrádh na bochtaine naomhtha
dob fhearr leis déirc d'iarraidh ar son Dé ó dhorus go dorus nó
a fagháil go honórach gan iarraidh. Agus an tan do-gheibheadh
cuireadh ó dhaoinibh móra, do ghnáthaigheadh sprúilleach beag
aráin d'iarraidh a ndéirc ar tús agus dobheireadh leis dochum an
bhuird, agus as de sin as mó do chaitheadh, agus do ghabhdís na
daoine maithe pairt uadh dhe sin maille le dúthracht, agus do
shásadh iad, etc.



Aimsir éigin do ghabh easláinte throm S. Froinsias isin ionadh
darab ainm Síria, agus, arna chlos sin do lucht cathrach Aisísi,
tiacchaid sochuidhe dá maithibh ar a cheand dá thabhairt leó
dá leighios; agus, arna thóccbháil leó, táingeadar go baile bocht
dobhí rompa ar an chonair, darbhó comhainm Sátrianus, agus


L. 62


ní bhfuaradar beatha lena ceannach. Arna fhaicsin sin don
athair naomhtha, at-beart riú: “As uime nach bhfuarabhair ní
le ceannach, gurab mó do chuireabhair bhar ndóich in bhar
ccuid ionnmhais iná a nDia, agus iompóidhicch anois dochum an
bhaile agus iarraidh beatha ar son Dé agus féuchaidh créud do-dhéanaid
agus ná smuainidh féin gur deireóil dhíbh sin do dhéanamh,
óir as a ndéirc tucc Rí na glóire an uile ní do na daoinibh.” Arna
chlos sin do chách, do-chuadar buidhean dá n-uaislibh don
bhaile d'iarraidh déirce, iar sgrios a náire agus a ndíomais uatha,
agus dob fheirde dhóibh, óir do chuir Dia a n-inntinn lucht an
bhaile a bheith forbhfaoiligh rompa ar an modh sin agus a mbiadh
agus a ndeoch agus iad féin d'fhuráil orra ar son Dé agus a ngeall ar an
athair naomhtha dobhí leó. Mar sin do iomchair Dia leis an
mbochtaine an ní nachar iomchair ris an díomus.



Feacht oile dá raibh S. Froinsias tinn éccruaidh ó chorp, agus
dobhí liaigh ag déanamh leighis dó; agus as amhlaidh dobhí
an liaigh tar éis mórán do chaitheamh le téghdhais do
dhéanamh, agus, arna críochnughadh, do sgoilt ó mhullach go
lár, agus ba roidherbh dubháilceach an liaigh thríd sin agus
smuaineas aige féin go bhféudfadh grása an athar naomhth, .i. S.
Froinsias, sin d'fhurtacht, agus iarrus maille le creideamh
daingion agus le dúthracht croidhe ar na bráithribh ní éigin dá
ngnáthaigheadh S. Froinsias do ghlacadh do thabhairt dá chumailt
don obair, agus gomadh dóich leis go bhfóirfeadh í. Ó
do-chonnairc an Tighearna ardchumhachtach, Íosa Críosd, dúthracht an
leaccha agus nach raibh luach oile aga shearbhfóghontaidh dílios
féin lena thabhairt uadha, seólus do na bráithribh rúainne do
ghruaig S. Froinsias do thabhairt don liaicch do chuidiughadh ina
shaothar, agus do ghabh sin maille le lúthgháire mhóir agus do
chuir a sgaoileadh an bhalla é, agus do cheangail an balla dá
chéile, ionnus nár haithnigheadh an ball sin ina raibh an briseadh
seach an bhalla oile dobhí slán. Do mór ainm Dé agus S.
Froinsias de sin, srl-a.



Uair oile do thriall Froinsias dol a n-ionadh uaigneach ar
leith a bhfásach a bhfad ó chách do thabhairt aire dá urnaighthe
agus d'fhéuchain a Thighearna, agus, mar dobhí sé éccrúaidh ó chorp,
rucc asal leis dá iomchar. Dobhí féin agus a chompánach ag
siubhal sléibhe lá te samhraidh, agus gabhus tart mór a chompánach


L. 63


agus do éuccaoin sin ris an athair. Tuirlingios iaramh an t-athair
naomhtha, .i. Froinsias, agus léigios ar a ghlúinibh é agus guidhios
Dia go díochra um fhóirithin d'fhagháil don bhráthair. Iar sin
furáilios ar a chompánach dol gusan ccarruicc ccloiche baoi ina
fhiadhnuisi agus go bhfuigheadh fíoruisge ó Dhia, agus fuair amhlaidh,
agus do choisg sin a thart.



As iontuiccthe as so go bhféuchann Dia ar an anam bhocht
a ghuidhios é ó chroidhe ghlan umhal, amhuil ro fhéuch ar
Froinsias fá uisge do thabhairt dhó as an ccarruig nach raibhi
uisge roimhe sin innte.



Laithe n-aoin dia mbaoi S. Froinsias a mbuaidhreadh mhór
intinne tré dhrocheisiomláir druinge áiridhe do na bráithribh,
agus do ghuidh Dia go dúthrachtach ar a son, agus freaccrus Críosd
é a ndeireadh na hurnaighthe sin, go ndubhairt fris: “A dhuine
bhoicht, créud fá bhfuil buaidhreadh ort uman ccrábhadh?
Agus fiafraighim dhíot, An é adhbhar fár ordaigh misi thú id
bhuachaill os cionn mo chrábhaidh, agus nach ttuicfeá gurab
mé as pátrún dhuit go prinnsiopálta? Agus fós bíodh a fhios
agad, a dhuine bhoicht umhail gheanmnuidhe, gurab uime do
chuirios thusa os cionn an chrábhaidh, ionnus goma follus do
chách uile nach le soláthar saoghalta do críochnóchaidh na neithe
móra do-dhéansa ar h'impídhe acht le comhachtaibh agus le
mórghrásaibh m'Athar, agus as misi féin ar Críosd do thóghairm
th'ord dochum an chrábhaidh agus ní tusa, agus as mé choimhéudfus
agus oilfios iad, agus gí bé thuitfios díobh ón riaghail chrábhaidh,
cuirfiodsa daoine oile ina n-ionadh, agus dá mhéud buaidhreadh
nó míochiúnus theigéumhus don chrádhbhadh, coimhéudfa misi
slán é tré thiodhlaicibh mo ghrás; ar an ádhbhar sin, ciúnaidheadh
th'intinn, a dhuine bhoicht, srl-a.”



Lá áiridhe dá raibhi duine diadha ler mhian seirbhís do
dhéanamh do Dhia ag guidhe Dé go dúthrachtach ima
fhoillsiughadh dhó créud an cruth inarbh áil le Dia a bheith
dhó agá dhéanamh sin, agus do thaisbéin Críosd é féin dhó
a n-aibíd bráthar minúir, agus adubhairt fris: “Gidhbé lerab áil
misi do leanmhuin, déanadh sé seirbhís dhamh ina leithide so
d'aibíd”, agus, arna rádh sin, níorbh fheas cár ghabh as a fhiadhnuisi.
Gabhus iongnamh mór an duine diadha fán radharc sin do
taisbéanadh dhó, óir ní fhacaidh a leithide ariamh, agus, mar nach
bhfacaidh agus nach ccualaidh iomrádh na mbráthar féin ariamh,


L. 64


do-chuaidh a n-aibíd manaigh, agus, iar mbeith isin aibíd sin cúicc
bliadhna déag, do chuir cairdionál as an Róimh fios dochum
abadh na mainisdreach sin d'iarraidh air manach maith do
chur chuige dobhiadh 'na chomhairleach aige, agus asé an manach
sin do chuir chuige. Agus, ar ndol dochum na Rómha dhó,
do-chonnairc an tOrd Mionúr agus do thuig gurab í sin samhuil na
haibíde do taisbéanadh dhó, agus gabhus aibíd an Uird Mhinúir
chuige maille le comhairle an chairdionáil, agus dobhí 'na bhráthair
mhionúr iar sin maille le grásaibh romhóra ón Sbiorad Naomh.
Agus níorbh fhada iar sin go ndearnadh pápa isin Róimh dhé,
agus pápa oile don tí si adubhramar thuas, .i. Niocolaus quartus,
agus ainm oile, .i. Ieronimus, etc.



Araile cléireach don chathraigh darab comhainm Pairís ar a
mbaoi clú mór agus onóir shaoghalta, agus ba mian leis na bráithre
preisúra a chur ina ccumann, gion gur mhian lais dol a n-aibíd
chrábhaidh. Dobhí an tí si lá áiridhe ar fuinneóig a pháláis
féin os cionn claustair na mainisdreach agus do-chonnairc duine go
ndath ndealradhach, solusda agus do-chualaidh an guth neamhdhuidhe
os a chionn agá rádha gurab é an duine sin Críosd, agus
gabhus eagla mhór agus tuirsi chroidhe an cléireach arna chluinsin
sin. Agus, mar do smuain sé cionnus do-dhéanamh féin seirbhís
do Dhia, adubhairt an guth céanda fris dol a n-aibíd chrábhaidh.
Fiafraighios an cléireach cia an aibíd ina rachadh. “Éiridh
i n-aibíd na mbráthar mionúr,” ar an guth; agus do-rinne, etc.



Macaomh uasal, aimsir oile, do-chuaidh a n-aibíd S. Froinsias,
agus fá cheand aimsire giorra iar sin do chuir an t-aidhbhirseóir
gráin mhór idir é agus an aibíd, ionnus go bhfacus dó gurab sac
gránna garbh dobhíodh uime do ghnáth agus nach éudach cneasda.
Agus, mar dobhí biseach neamhcheana aige ar an ccrádhbhadh,
do chuir ina inntinn iompódh dochum an tsaoghail do-ridhisi.
Tárla, do ghrásaibh an Sbiorad Naomh, an oidhche dob áil
leis iompódh agus imtheacht ón ccrádhbhadh, gur chuimhnidh ar an
teagusg tug a mhaighistir dhó, .i. gach uair dorachadh a
bhfiadhnuisi altóra Muire, a léigion ar a ghlúinibh agus an tSacramaint
naomhtha do ghuidhe go díochra d'iarraidh grás dó féin ó Dhia,
agus, mar do-rinne sé sin agus é ag imtheacht, goidtear ó sbioraid é
agus tarfás radharc naomhtha dhó, óir do-chonnairc proseision
mór ina fhiadhnuisi, agus iad ina ccúpladhaibh, a cculaidheachaibh
éxamhla agus a n-aighthe agus gach ní dobhí leis díobh lán do


L. 65


dhéalradh, ionnus gur fhoillsigheadar 'na ccoimhfheagus amhuil
ghréin, agus caintice na n-aingeal aca dá gabháil go glórmhar
soichleach sírbhinn; agus do-chonnairc a ttús an phroseisioin dias
ro-áillne agus onóir mhór ag cách oile umpudh, agus do-chonnairc
fós a ndeireadh an phroseisioin aoinneach naomháluinn
grianghlórmhar, amhuil nobheith ridire núa aca agus iad ag tabhairt
onóra dhó. Gabhus iongnamh mór an macaomh mórmheanmnach
thríd sin, agus fiafraighios do dheireadh an phroseisioin cia
hiad féin nó cia hiad sin dobhí a ttoiseach an phroseisioin,
neoch as mó solus agus déalradh agaibh. “San Froinsias agus
Antoinius,” ar siad. “Cia siúd a ndeireadh an phroseisioin?”
ar sé. “Bráthair siúd a fuair bás go núa, agus tángamairne ar a
cheann, mar do-chí tusa, agus bíodh a fhios agadsa gurab ar son
na n-aibídeach ngarbh do iomchramar isin ccrádhbhadh tugadh
na héudaigh áille uaisle si dhúinn go ruithneadh gréine ionnta,
agus an solus dealradhach do-chí tú againn, as uime fuaramar
sin ó Dhia ar son na haithrighe agus na húmhla naomhtha agus na
geanmnuidheachta gloine agus na bochtaine beannaighthe do
choimhéudamar go crích ar mbeathadh. Dá réir sin, a mhic
ghrádhaigh, nárab cruaidh leat an sac cruaidh garbh sin
d'iomchar, neoch a bhias tarbhach dhuit féin fá dheóigh agus bhias
'na sholus dealraightheach agad a tteaghdhais na glóire maille
rinne.” Agus, iar ccluisdion na mbriathar sin don mbráthair
ócc, do-rinne aithrigh dhíochra agus do thuirn ar an ccrádhbhadh
agus a ccrúas na riaghla ó sin amach.



Maighistir diadhachta do-chuaidh isin Ord Mhionúr, agus, mar
dobhí a mháthair bocht isin saoghal, do ghuidh a mac um na
bráithribh d'fhágbháil agus furtacht uirre féin. As a haithle sin
téid an maighistir a bhfiadhnuise íomháighe Críosd agus do léig
ar a ghlúinibh é agus gabhus a leisgéul le Críosd gurbh éigion dó
féin an crábhadh d'fhágbháil tré bhochtaine a mháthar. Agus,
arna rádh sin dó, do-chonnairc srotha fola ag sileadh tré
chréuchtaibh na deilbhe céanda a ccéadóir, agus do-chualaidh an
deilbh chéadna ag rádh do ghlór daonna: “As daoire do
cheannaigh misi thú iná do mháthair, ar an adhbhar sin, ní
cóir dhuit misi d'fhágbháil do ghrádh do mháthar corporrdha.”
Biodhgus an bráthair ag faicsin agus ag cluisdion na mbriathar sin,
gurab aire sin do chuir focal an tshoisccéula a ccuimhne, .i.
“Gidhbé lerab annsa athair agus a mháthair ná misi, ní


L. 66


diongbhála agus ní fiú é go bhfuighe a chuid don ghlóir.” Iar sin
do-rinne aithreachus glan ina dhrochsmuaintighibh agus fanus ina
chrádhbhadh féin, srl-a.



Dobhí gráin mhór ag S. Froinsias ar athais nó ar mhíochlú
do thabhair do dhuine ar dhomhan, óir adeireadh sé gur
mhó míothrócaire lucht na hathaisi do thabhairt uatha iná
míothrócaire an ghaduidhe. Agus fós dobhí Froinsias neamhtharcuisneach
ar na daoinibh bochta.



Feacht n-aoin dobhí Froinsias acc seanmóir bréithre Dé isin
ionadh darab ainm Róga, agus téid duine bocht d'iarraidh déirce
go díthchiollach air, agus do labhair Froinsias lena chompánach
um bhochtaine an duine bhoicht, agus adubhairt go raibhi ní oile
ar a aire. Iar sin léiccios an bráthair ar a ghlúinibh é a
bhfiadhnuise Froinsias go humhal agus do chiontaigh é féin do
Froinsias agus do gheall gach breith aithríghe dá mhéud do chuirfeadh
air d'iomchar. Freaccrus fear grádha na bochtaine sin, .i.
Froinsias, go ndubhairt: “Imidh”, ar sé, “agus cuir h'aibíd
dhíot agus léicc ar do ghlúinibh thú a bhfiadhnuisi an duine bhoicht
agus ciontaigh thú féin dó agus iarr air guidhe ar do shon gu dúthrachtach.”
Do-rine an bráthair samhluidh. Ad-beart Froinsias
fris: “An tan do-chídhfir duine bocht, cuimhnigh ar an tí sa
honóir a ttig, .i. Íosa Críosd, neoch do ghabh bochtacht agus ocrus
an chinidh dhaonna chuige dá dheóin féin. Agus asé an bocht
as sgáthán soluis dó agus as eisiompláir dhúinn d'éis Críosd
d'imtheacht uainn, ar ar cceandach tr bhochtaine na páisi.
Agus tuicc, ar an ádhbhar sin, an athais agus an t-imdheargadh
do-gheibh an duine bocht, gurab é Críosd do-gheibh é.” Agus
as mar sin do-bheireadh S. Froinsias an ní do-gheibheadh do
bhochtaibh Dé, srl-a.



Aimsir oile dobhí S. Froinsias a ccathraigh Ueníus, agus tárla
duine easlán dhó ag siubhal na slígheadh. Ar bhfaicsin an bhoicht
do Froinsias, féuchus go trócaireach air agus adubhairt: “A
bhráthair ghrádhaigh, as éiccion dúinn an clóca beag so do
thabhairt don duine bhocht, agus as leis féin é agus as ar iasacht do
ghabhamairne é nó go bhfaghmaois duine bu boichte ná sinn,
amhuil atá siúd.” Adubhairt an compánach ris nárbh oirchios
dó é féin do nochtadh do neach oile. “Tuicc, a bhráthair,


L. 67


nach beith dhamhsa acht gadaidheacht ní budh intiodhlaicthe
do chongbháil agam féin agus a uireasbhuidh ar dhuine budh
boichte iná mé féin, etc.”



Aon do ló dia raibhi S. Froinsias a nEaglais Mhuire na
nAingeal, agus tucc duine caora dhó, agus gabhus Froinsias sin
uadha go grádhach toileamhuil, agus aseadh adubhairt, “Samhluidhim
ceannsa agus míne na caorach le Críosd.” Agus do theagaisg an
fírén don chaoiridh Dia do ghuidhe go dúthrachtach agus gan
aoin ní bú misde leis na bráithribh do dhéanamh. Gabhus an
chaora bhrúideamhuil an teagasg milis glórmhar sin Froinsias
chuicthe, agus gach uair a thiccdís na bráithre don choraidh
d'adhmholadh an Tighearna go haltóraigh Mhuire agus do
léicceadh ar a nglúinibh iad, do léicceadh an chaora ar a glúinibh
í, agus dobhíodh ag méilidh, amhuil budh mian léith seirbhís do
dhéanamh do Mhuire, .i. máthair an Uain neamhurchóidigh,
agus an tan tógthaoi an tSacramaint, do léicceadh ar a glúinibh í do
thabhairt buidheachais agus onóra do Dhia, amhuil do thuiccfeadh
an creideadh Críosduidhe. Agus do budh cúis náire do na
daoinibh míodhúthrachtacha eisiompláir an ainmhidhe bhrúideamhuil
agus an onóir dobhí aicce do Dhia ina bhfiadhnuisi, etc.



Aimsir oile dobhí peata uain caorach ag S. Froinsias a n-onóir
agus a ffioghair an Uain neamhurchóidigh, .i. Críosd, agus do fhágbhadh
dá choimhéud é ag baintighearna uasail, .i. Iacobea, agus as
amhlaidh do-níodh an t-uan sin, an tan dothéigheadh leis an
mbaintighearna don eaccluis agus do éirgheadh 'na seasamh dochum
an tsoisccéula, do éirghidheadh an t-úan, agus do léicceadh ar a
ghlúinibh é an tan do léicceadh sisi ar a glúinibh í dochum an
aifrinn, agus fós, an uair nach éirgheadh sí sa meodhón oidhche,
do mhusgladh seision í, gurab mar sin dobhí an t-uan 'na
dheisgiobal ag S. Froinsias agus 'na mhaighistir crádhbhaidh ag an
mbaintighearna, gurbho roghrádhach é aice ar son Froinsias
agus ar son a dheaghsheirbhísi dhi, etc.



Feacht oile tuccadh míol mbuighe a bhfiadhnuisi S. Froinsias
agus do léigeadh amach gan cheangal gan chuibhreach é, agus, arna
léigion amach, tucc léim a n-ucht S. Froinsias, agus gabhus truaighe
mhór uime é agus teandus lena chroidhe é; agus do léicceadh amach
arís é, agus do-rinne an céudna, amhuil nobheith ciall dhaonna
aicce. Mar sin dó gur fhuráil an t-uasalathair ar na bráithribh


L. 68


a bhreith a bhfad ón ionadh sin a n-aice coilleadh agus a fháccbháil
ann.



Tuccadh coinín uair oile chuige agus do lean de mar sin gur
fhuráil an céanda do dhéanamh fris.



Dobhí uair oile ar loch, agus tuccadh iasg mór 'na bheathaidh
chuicce, agus furáilios a chur isin loch arís, agus dobhí acc reabhradh
le taobh an ártharaigh ina raibh Froinsias nó go ttucc féin cead
dhó.



Aroile lá n-aoin dia mbaoi an t-uasalathair sin, .i. S.
Froinsias, ar fásach, go bhfacaidh alta mhór ar chrann agus iad
acc ceileabhradh go ceólmhur caoimbinn, agus adubhairt Froinsias
lena chompánach: “Atáid an énlaith ag moladh a cCruthaigheóra, agus
tiacchmaoid 'na measg do rádh ar ttráth agus do mholadh ar
tTighearna.” Agus, ar ndol 'na cceann dóibh, níor athruigheadar
an énlaith rompa. Agus, iar ttionnsgna a ttráth dhóibh, ní
chluindís a chéile ó ghlór na héanlaith, go ndubhairt S.
Froinsias riú, “A sheathracha grádhacha, sguiridh go fóill”;
agus do-rinneadar amhluidh ar furáileamh an uasailathar, go ttáirnic
dhó féin agus dá chompánach a ttrátha do rádh, agus ad-beart friú
annsin Dia do mholadh isin cheól chéanda. Do-rónsad
amhlaidh, agus ba fíorghlan fíorbhinn an chainticc ghlórmhar
do-rónsad na dúileamhain bheaga sin, .i. an énlaith, ag moladh
an Árddhúileamhan agus a cCruthaigheóra féin, etc.



Aimsir oile 'na dhiaicch sin don uasalathair sin ar Sliabh
Aluerna dar thionnsgain trosgadh dhá fhichiod lá agus dá fhichiot
oidhche do dhéanamh a n-onóir Míchéil, agus tángadar ealta
mhór d'énlaith párrthois 'na thimchioll ar an sliabh agus do
chanadar ceól ainglidhe dhó maille le lúthgháire mhóir. Do
thuicc Froinsias gurab annsin do thoilidh Dia dhó comhnuidhe
do dhéanamh, agus aseadh ro ráidh rena chompánachaibh: “Así
toil Dé sinne d'fhanamhuin annso, agus in ar ccoinne do chuir
Dia an énlaith so ó neamh anúas do mhéadughadh sóláis dhúinne.”
Do-rinneadar comhnuidh amhlaidh sin, agus dobhí nead ag
seabhac a ccreig os a ccionn, agus do-níodh seirbhís mhaith dhóibh,
óir do mhusgladh san meodhón oidhche iad dochum na
hiarmhéirghe agus do chanadh ceól sírbhinn agus do ghabhadh súas
gléus dá sgíthéanaibh ar a chéile ag caoineadh páisi a Thighearna,


L. 69


agus an tan dobhíodh éccruas ar bith ar Froinsias, do thuigeadh
an seabhac sin agus ní labhradh go héirghe an laoi, etc.



Feacht n-aoin dia ndeachaidh an t-athair diadha sin, .i.
Froinsias, ar fásach go hionadh áiridhe, agus tárla amhgar mór
do na daoinibh ba coimhneasa don ionadh sin, .i. faolchoin ag
marbhadh daoine agus eallaigh go mór uatha, agus doineann shíor
acc milleadh a ngort agus a ffíneamhan uatha gacha bliadhna.
Agus téid seanmóntaidh an tshoisccéula naomhtha, .i. S.
Froinsias, do sheanmóir bréithre Dé dhóibh, co ndubhairt
riú: “Téicchimsi a n-urradhas as ucht Dé dhaoibh, dá ccreidtí
do Dhia, amhuil adéarsa ribh, agus aithríghe dhiongmhála do
dhéanamh in bhar bpeacadhaibh, go ttóigeóbha Dia an támh
díocchaltach sin dhaoibh, agus, muna ndearntaoi sin, go ttiucfa
fearcc Dé ní asmó ribh.” Do-rónsad iaromh comhairle S.
Froinsias, agus do sgrios Dia an dá ní sin adubhramar dhíobh, etc.



LABHROM ANOIS DON TOIL DO BHÍ DON MARTRA
AG FROINSIAS, AGUS DÁ IMTHEACHT AS AN TÍR SIN.



Mar dobhí an t-uasalathair ar lasadh tré mhian na martra
naomhtha d'fhulang, triallus dol do sheanmóir na hirsi
crádhbhaidh ittir na páccánaighibh isin dúithigh darab ainm
Siria. Agus, ar ndol a luing dhó, ticc an ghaoth 'na n-aghaidh,
do thoil Dé, ionnus gurbh éigion dóibh dol a ttír darbh ainm
Sgolónia. Arna thuigsin do Froinsias go ndeachaidh a thriall
'na aghaidh, fuair long ag triall don talamh darbh ainm Ancona,
agus do iarr an naomhathair, a n-onóir do Dhia, air mhuinntir na
luinge é féin agus a chompánach do léiccion leó. Do ghabhadar
fuirionn na luinge a leisgéul riú nach raibhi costus aca. Cuirios
searbhfoghontaidh Críosd a dhóich annsa n-aon Dia chumhachtach
agus do-chuaidh féin agus a chompánach annsa luing gan
fhios. Dobhí duine maith isin luing acca raibh cion ar Dhia
aicce, agus do-chonnairc an duine si teachtaire Dé ag teacht dá
láimh dheis go ndealradh romhór ina thimchioll, agus do thoirbhir
beagán lóin dó agus adubhairt fris, “Coimhéid an beagán bídh si
le haghaidh na mbráthar mbocht atá a bhfolach isin luincc
si agus dáil é a n-aimsir bídh nó a n-éigin dóibh.” Agus, mar
dob áil le Dia, níor fhéudadar tír do ghabháil le ré aimsire faide


L. 70


tré mhéud na doininne agus tré olcus na córa gaoithe, gur chaithiodar
an fhuirionn a mbaoi do lón aca, acht an déirc sin dotháinic
do nimh dochum na mbráthar, agus, gé dobhí beag ar tús,
do chuir Dia rath uirre, ionnus gur fhóir sí do chách a ccoitchinne
aimsir imchian nó gur ghabhadar purt a nAncona. Ó do-chonncadar
na mairnéalaigh iad féin arna saoradh ar ghúasachtaibh
na fairrge tré naomhthacht S. Froinsias, tugadar
buidheachus mór do Dhia agus don naomhathair. Agus do
fhágaibh S. Froinsias an loncc iar sin agus dobhí ag seanmóir
bréithre Dé isin talamh sin, go ttugadh iomarcaidh páccánach
fá chuing chreidmhe agus chrádhbhaidh ann.



Thairis sin dobhí do mhéad na toile dobhí aicce don martra
d'fhagháil ar son a Thighearna Íosa Críosd gur thriall an dara
húair go talamh na bpáccánach, .i. don talamh darbh ainm
Marcius, agus Mioramoilinus fa hainm do rígh an talaimh sin;
agus do-rinne S. Froinsias seanmóir ar shoisgéul Dé dhó féin agus
dá ríoghacht uile, a ndóich gurab amhlaidh sin do-gheabhadh
coróin na martra do budh mian leis d'fhulang. Agus, gé do
bhí sé beag éccruaidh ó chorp, do ghluaiseadh go dian rena
chompánach, amhuil do bheith ar eitiollaigh le misge sbioradálta.
Agus, ar ndol dó isin Spáinn, gabhus easláinte mhór é, do thoil
Chríosd, óir dob áil leis Froinsias do choimhéud dochum na
martra dob uaisle, .i. a álaidh féin do shileadh fair. Iar
bhfagháil sláinte dhó ón easláinte sin, téid don talamh darbh
ainm Síria, agus dob í sin an treas bliadhain déag ó do ghabh crábhadh
chuicce, agus fuair gábhadh mór ar muir agus ar tír ag dol annsin.
Is sé ba rí ar na páccánaighibh annsin Soldanus, agus a ccathraigh
mhóir na Baibilóine dobhí 'na chomhnuidhe. Agus dobhíodh
cogadh mór idir na Críosdaidhibh agus na páccánaigh go gnáthach,
agus do chuirdís fáslongphuirt iomdha ar a chéile, ionnus nárbh
fhéidir d'aon nduine imtheacht eatorra go hinnill gan baoghal
báis do bheith air, uair do chuir Solandus gairm amach, gidh
bé dobhéaradh cionn Críosdaighe chuige, go ttiubhradh suim
mhór d'ór agus d'airgiod dhó. Nír chuir an ghairm sin doirbhios
nó anshocair ar ridire Críosd, acht ba móide a dheifir sin a
ndóich go bhfuigheadh an mhartra, neoch dobhí d'iarruidh.
Agus, iar ndéanamh urnaighthe dhó, gabhus neart ó Dhia, agus
do ráidh go dóchusach an bhrathar adubhairt an fáidh, .i.


L. 71


“Dá ndeacha mé a lár sgáile an bháis, ní baoghal leam drochní
ar dhomhan, óir atá tú féin maille friom, a Thighearna.” As a
haithle sin gluaisios Froinsias agus a chompánach isin cconair, agus
tárla tréud caorach dhóibh, agus adubhairt Froinsias: “A bhráthair
ghrádhaigh, cuir do dhóich i cCríosd, óir do coimhlíonadh focal
an tsoisccéula leith rinne, .i. “Cuirim sibh mar chaoirigh a measg
con allta.”



Tárla dhóibh iar sin drong pháccánach, agus do ghabhadur agus
do cheangladar iad maille le heasonóir mhóir do thabhairt
dhóibh; agus, mar budh mian le searbhfoghontaidh Críosd, as go
heasonórach a rugadh do láthair an rí é; agus do fhiafraidh an
rí dhíobh, “Cia ó ttáinic sibh nó cionnus tángabhair?”
Freaccrus óglach Críosd go neamheaglach é: “Ní ó dhuine
tángamar”, ar sé, “acht ó Airdrígh nimhe agus talmhan
d'fhoillsiughadh slígheadh na sláinte agus thsoisgéula na fírinne
dhuitsi agus dot phobal.” Is annsin do sheanmóir an naomhathair
sin an t-aon nDia forórdha 'na thrí pearsannaibh. Mar do
thuig an rí teasghrádh Dé do bheith ag searbhfoghontaidh
Críosd, do éisd fris go toileamhuil agus do iarr air comhnuidhe do
dhéanamh ar ionchaibh féin agus maille fris. “Madh áil leat”,
ar Froinsias, “thú féin d'ionntó re Críosd, do-dhéansa comhnuidhe
maille friot, agus, má tá contabhairt agad fá reacht Macamétuis
do léigion dhíot a ngeall ar chreideamh Críosd, furáil misi agus
do shaccart féin do chur a ttine móir, ionnus go ttuigfe tú cia
hagainn as comhachtaighe Dia.” “Ní shaoilimsi”, ar Soladanus,
“go bhfuil aon saccart agam a rachfus a tteine ar sgáth a
chreidimh.” An sagart, iaramh, as féarr agus as onóraigh do
bhí ag Soladanus, mar do-chualaidh sé an cuntar sin na tineadh
dá dhéanamh ag Froinsias, do theith féin as an ccathraigh
amach. “Rachadsa um aonar san tene as ucht Dé”, ar S.
Froinsias, “dá ngeallairsi dhamh, dá tteagar slán aisde,
creideamhain dom Dhia féin, agus, dá loisgthior mé innte, déansa agus
do phobal bhar ccomhairle féin.” Do ráidh Solodanus, arna
chlos sin: “A uasailathair, as mian leamsa iompódh, ar do
chomhairle-si, agus, gidheadh, dá ccluintí sin uainn, do himeórthaoi
bás oruinn araon ó pháccánachaibh, agus gurab amhlaidh a dhéanus
tusa, Teagaisg dhamhsa an creideamh Catoilice go seicréideach,


L. 72


agus as umhal mé chum a ghabhála chuccam in gach aon ghné, agus
ná bean ris na puiblighibh an úair si.” Ar ccloisdion na
mbriathar sin don naomhathair, gabhus lúthgháire mhór é
agus adubhairt: “Máseadh, a thighearna, geubhadsa cead agad
anois agus an uair a ghoirfios mo Thighearna ardchomhachtach
Íosa orm dochum a fhlaitheamhnuis féin, cuirfiod cúpla bráthar
chugadsa ó ngeubhair baisdeadh.” Toilighius Solodanus sin, agus
a cceann beaccán bliadhan iar sin gabhus easláinte mhór an
t-uasalathair sin, .i. Solodanus; agus, ar ndol don naomhathair,
.i. S. Froinsias, d'ionnsaighidh na glóire suthaine, do-chualaidh
an rí a bhás agus do chuimhnigh an gealladh thug dhó féin fán
chúpla do chur chuicce iar mbás, agus do chuir coimhéud ar na
portaibh agus furáilios, dá bhfaghthaoi cúpla bráthair ionnta, a
ttabhairt chuicce féin. Ciothrácht, iar mbás Froinsias cuimhnighios
a ghealladh don rí, óir thaisbéin é féin do chúpla bráthair
naomhtha agus do chuir d'fhiachaibh orra dol do bhaisdeadh an
rí, amhuil do gheall sé dhó; agus do-rónsat amhlaidh, agus ba
lúthgháireach an rí rompa agus do ghabh baisdeadh agus do chreid
go glan annsa n-aon Dia fhorórdha ina thrí pearsannaibh agus a
bpáis Chríosd agus ina eiséirghe, agus, iarna ongadh, téid a sbiorad
as dochum nimhe, etc.



Rí dobhí san ccathraigh darbh ainm Edísa, agus dob é ainm
an rígh Abagúrus, agus do chuir an rí sin eipistil dochum Críost,
agus así so foirm na heipistleach, .i. “Beatha agus sláinte ó
Bhagurus dochum Críosd uasail ar Slánaightheóir. Agus do-chualaidh
mé do thuarusgbháil agus do chlú, .i. go slánaighionn tú na daoine
easlána ó bhréithir amháin, gan luibh gan leighios oile, agus go
ttabhrann tú radharc do na daoinibh dalla agus siubhal do na
bacachaibh agus go leighiosair an lúbhra agus go n-athdhúisgir na
mairbh. Arna chloisdion sin dhamh, do thuigius gurab tú an Dia
fírinneach táinic do nimh, nó gurab tú an Mac oirdheirc adeirthear do
theacht ar an saoghal uadh do shlánughadh an chinidh daonna;
ar an adhbhar sin, guidhim thú, tárr dom shlánughadh.”



Ar léaghadh na litre sin don Tighearna, tucc an fhreagra so
ar an rí sin: “As conáidh thú ó spioruit, óir do chreidis dhamh agus
gan m'fhaicsin, óir atá sgríobhtha ann mo thiomna: “As
beannaighthe an drong a chreidios dhamhsa agus nach bhfacaidh
mé.” Agus as éiccion dhamhsa m'oibrighthe féin d'fhoillsiughadh
agus do choimhlíonadh dhóibh ar an saoghal sa a bhfos. Mar


L. 73


rachad ar deis m'Athar, cuirfiod easpol don dá easpol déacc
chuccad a shláineóchus thú.” Coimhlíonus ar Slánaightheóir a
ghealladh, ar suidhe ar deis a Athar dhó, agus cuirios Tadeus
dochum na cathrach sin a raibh an rí, agus baisdios é agus an ríoghacht
uile ó sin amach. Accus cosmhuiltior an searbhóntuigh dílios
sin Dé, .i. Froinsias, le Críosd annsa chás sin, óir, amhuil ro
chomhail Críosd a ghealladh, do chomhail Froinsias ar an modh
ccéanda do Sholodanus, etc.



Feacht oile baoi San Froinsias ag gabháil thríd bhaile ar
muin asail le héccruas a chuirp, go ttáinic pobal mór chuicce, agus
do ghlacadar agus do leaccadar é le hiomarcaidh lúthghára, agus as
beag nár mhúchadar é le hiomad dúthrachta, agus ní thuccsan aon
duine dá aire lena mhéud dobhí aire aige ar Dhia. Agus dá
dhearbhadh sin: Ar ndol a ffad ón ionadh sin, do fhiarfuidh dá
chompánach cárbh fhada uatha an baile sin adubhramar. Do
innis a chompánach dhó gurab fada ó d'fhágbhadar 'na ndiaigh é.



As éidir Froinsias do chosmhaileacht le Críosd, dá thuiccsin
sin, .i. gurab ar each do-chuaidh Críosd go cathraicch Ierúsalem
Domhnach na pailme riasan pháis, agus ní ar each mhearrdha nó
dhíomsach do-chuaidh acht ar asal bheacc ísiol umhal, agus mar
sin do-rinne Froinsias aimsir bheag ria mbás ag dol thríd an
mbaile mbeag sin adubhramar; agus, mar tucc an pobal aire do
Chríosd an lá sin, as mar sin tuccadur muinntir an bhaile sin
aire lúthgháireach do S. Froinsias; agus, mar nach raibhi aire ag
Críosd ar onóir shaoghalta, as mar sin nach d'onóir shaoghalta
tug S. Froinsias a aire acht don tsólás dhiadha agus do radharc
na glóire suthaine do shíor.



Feachtus dá ndeachaidh Froinsias a n-ionadh áiridhe mar
aon ris na bráithribh, agus do-chuaidh san oidhche do dhéanamh
ciúnais ria ccách, ionnus go n-éirgheadh rompa go ciúin dochum
na hurnaighthe, amhuil fa gnáth leis. Tárla, tré sheóladh Dé,
bráthair óg ó aois agus ársuidhe ó eaccna agus ó bhéasaibh faris, gur
chuir ina mheanmuin féin coimhéud do dhéanamh ar Froinsias
d'fhéuchain créud do-dhéanamh sé an uair do éiréchadh sé
san oidhche, agus, d'eagla go n-éireóchadh gan rathucchadh dhó
an uair do thuitfeadh a cholladh fair, ceanglus a chrios do chrios
Froinsias, ionnus go moitheóchadh é ag éirghe. Mar do cholladar
cách uile, éirghios Froinsias agus, ar bhfaccháil an chreasa ceangailte
mar sin do chrios an bhráthar óicc, sgaoilios é go hinnill mín,


L. 74


ionnus nár mhothaigh an bráthair é ag imtheacht uadha. Téid
an t-uasalathair naomhtha 'na aonar a ccuillín áloinn baoi a
n-iomfhogus don ionadh sin, agus, ar musgladh don mbráthair
ócc, fuair an dorus oslaiccthe, neoch dobhí a tteannta an
chuillín, agus do thuicc gurab don taoibh sin do-chuaidh an
t-uasalathair, agus téid go díthchiollach ina leanmhuin chum na
háite ina raibhi ag guidhe an FhírDhia fhorórrdha árdchomhachtaigh,
agus do-chualaidh meadhair mhór isin ccuillín, agus, ar
ndol a ccomhghar dhóibh, do-chonnairc ar lár an tsolais chéanna
Críosd agus Muire agus mórán aingeal, agus Froinsias ag comhrádh
friú. Arna fhaicsin sin don mbráthair ócc, biodhgus re heagla agus
tuitios as a sheasamh.



Ar ccríochnucchadh a chuarta do Froinsias maille le Críosd agus
ar ffilleadh tar ais, teaccmhuidh an bráthair dhó fána chosuibh
ar an slicche, agus gabhus é idir a dhí láimh agus tógbhus lais mar
a raibhiodar na bráithre é. As a haithle sin, mar dofuair
sgéula ón mbráthair ócc go bhfacaidh sé é féin ag comhrádh re
Críosd, cuirios fá umhlacht air gan sin d'innisin lena bheó
féin do dhuine ar dhomhan. Do-rinne an bráthair amhlaidh,
agus tar éis báis S. Froinsias do innis an bráthair ócc gach ní
ad-chonnairc. Agus dobhí féin acc foirbhthiughadh san
chrádhbhadh ó sin amach.



Feacht oile dá raibhi Froinsias acc urnaighthe ina shealla
Eaglaisi Muire na nAingeal, agus do-chuaidh easpocc Aisísi ar
cuairt chuicce, agus, ar ndol a ndorus an tsealla ina raibhi S.
Froinsias, preabus an dorus cco dóchusach agus cuirios a cheand
asdeach, agus, mar do-chonnairc an t-uasalathair ag moladh an
Dúileamhan go friochnamhach, gabhus eagla mhór é, ionnus go
ndeachaidh a bhrícch agus a urlabhra uadh. Agus téid iar sin a
cceann na mbráthar, agus, ar n-aisiocc a chomhráidh dhó, cionntaighios
é féin fá a dhol a cceann an naomhathar agus é ag guidhe Dé, agus
loghus an t-athair sin dó, agus dobhí maith ó sin amach.



Atá sgríobhtha a Leabhar na Cosamhlachta go maothaidheadh
Froinsias féin croidheadha na ndaoine ccruaidh dochum déirc
agus trócaire do dhéanamh. Agus dá dhearbhadh sin: Feacht
dá raibhi Froinsias a ttigh na mbráthar a ccathraicch Spoleta,
agus do fhoillsigh bráthair tuata darbh ainm Annréas, neoch do
chuirdís na bráithre d'iarraidh déirci gach laoi ar feadh na


L. 75


cathrach, go raibhi duine saidhbhir do lucht na cathrach
nach ttucc aoin déirc ariamh uadh. Do ráidh Froinsias fris an
mbráthair, “Tairg aon bhairghin do bhuain de ar chor éigin agus
tabhair chuccamsa í.” Téid an bráthair iaramh agus fuair an
t-arán, mar nár shaoil, ón duine sin, agus, iarna thabhairt a
bhfiadhnuisi an athar naomhtha ar bord na mbráthar, do-rinn
poirsioin bheatha dhe, agus, iarna roinn ar na bráithribh, do fhuráil
ar gach aon duine aca Paidir do rádh go dúthrachtach agus aon
Aue Maria um ghrásaibh d'fhagháil don duine bhocht chruaidh
mhíothrócaireach. Agus, iarna dhéanamh sin dóibh, sul táirnic
leó an bhairghin d'ithe, do thuit grása Dé ar an duine chéanda,
ionnus go ttáinic a cceand an athar naomhtha agus na mbráthar
agus do chiontaigh é féin a bpeacadh na míothrócaire maille le
déaraibh troma do dháil, agus ní hé amháin acht dobhí
rothrócaireach fá na bráithribh agus fá bhochtaibh Dé ó sin
amach, etc.



Bráthair darbh ainm Elias, agus ba hé an dara ministir generálta
dobhí os ceann na mbráthar é d'éis bháis Froinsias, agus ní
raibhi féin ag coimhéud na riaghla, agus dob é sin an bráthair do
mhill an chéad riaghail fuair S. Froinsias ó Dhia, agus ní raibhi
acht 'na bhiocáire ag Froinsias an uair sin. Do fhoillsicch an
Tighearna annsin do Froinsias go bhfúiccfeadh Elias an t-ord
agus an eaglais agus go ndaimeóntaidh é; agus foillsighios Froinsias
sin d'Eilias; agus, arna chlos sin dó, caoidhios go trom. Do
ráidh Froinsias fris iaramh, “Ní daimeóntar go suthain thú a lorcc
h'aithreachuis agus, gidheadh, fúiccfir an t-ord ar bhréithir an
Tighearna.” Do-rinne samhluidh, agus gar iar sin go bhfuair bás,
agus do slánaigheadh a anam tré ghrásaibh Dé agus S. Froinsias,
etc.



Atá sgéul a Leabhar na Cosamhlachta, neoch as cosmhuil
ris so, .i. Feachtus dia raibhi Froinsias a n-ionadh áiridhe agus
compánach nár leór dúthracht maille fris, agus téid an t-athair
naomhtha sin a ndiaidh a shuipéir dochum ciúnais go luath, agus,
mar do-chonnairc a chompánach sin, téid do dhéanamh
ithiomráidh air, agus adubhairt nacharbh ádhbhar iongantais é,
óir do chaitheadh biadh agus deoch agus do-ní colladh mar gach
nduine eile. Agus, ar ccríochnughadh an chomhráidh sin dó,
do chuir ina mheanmoin, do chur a dhrochintinne ar ccúl,
coimhéud do dhéanamh air, go bhfeasadh, an oidhche sin.


L. 76


Froinsias, imorro, mar do shaoil a chompánach agus cách oile do
bheith 'na ccolladh, téid sé go ciúin go cuillín beag coilleadh
baoi a ccoimhfheaccus dó do ghuidhe Dé. Tárla, tré fhuráileamh
Críosd, gur mhothaigh an compánach sin, agus, arna leanmhoin a
ccéadóir, do-chualaidh an t-athair dá rádh go hárd, agus é ar a
ghlúinibh, “A mháthair mhilis Íosa Críosd, taisbéin do Mhac
dhamhsa”; agus, do thoil Dé, do críochnadh miana Froinsias.
Do-chonnairc an compánach go ttáinic máthair an Airdrígh
anúas do nimh lán do sholas agus do dhealradh iongantach agus a
Mac féin ina hucht, agus do chuir a n-ucht Froinsias é, agus
gabhus acc síorphóccadh an leinibh go teacht an laoi, agus tucc a
n-ucht a mháthar é iaramh maille le buidheachus mór ar son a
chuarta, etc. Arna fhaicsin sin don mbráthair dobhí
míodhúthrachtach roimhe sin, dobhí sé rodhúthrachtach ó sin amach,
maille re húmhla agus re hiongantus mór do bheith aige a
ttimchioll Froinsias, agus, ar ccríochnughadh a bheatha,
do-chuaidh a anam go flaithios Dé.



Laithe n-aoin do thaisbéin aingeal Dé é féin do Froinsias
maille le solas dealraightheach, mar adeir Leabhar na
Cosamhlachta, agus do fhoillsigh, idir gach ní agus gach príuiléide
dá ttug Dia do lucht coimhéuda na riaghla so an Uird Mhionúir
cco fírinneach, go rachdís a n-anmanna gan toirmeasg purgadóra
go flaithios Dé. An dara priuiléid, gurab maille le heasbalaibh
Críosd dobheidís a tteaghdhais nimhe. An treas priuiléid,
go ndiongnamh Dia coimhéud dhóibh ar an saoghal so ar
chealgaibh agus ar mhíorún na ndrochspiorad go speisialta agus ar
thuitim is na peacadhaibh marbhtha. Agus ad-beart Froinsias:
“Foillsigh na trí neithe sin do na bráithribh, ionnus gomadh
móide a meanma dochum na riaghla naomhtha do choimhéud
é go fírinneach.”



Feacht dar éirghe cogadh mór idir na Críosdaidhibh agus na
Turcaidh, agus tárla Froinsias do láthair aca, agus do-chualaidh go
raibheadur na Críosdaidhe ar tí cath do thabhairt dhóibh.
Adubhairt Froinsias rena chompánach: “Do fhoillsicch mo
Thighearna dhamh nach ag na Críosdaidhibh a bhias buaidh
an chatha sa, gidheadh, dá n-abruinn sin riú, do chuirfedís
mar dhíth réasúin orm é.” Thairis sin do fhoillsigh Froinsias
dóibh, dá ndeachdís dochum an chatha, go ttuitfedís ann.


L. 77


Agus ní thuccadar cion ar bhriathraibh Froinsias fán chúis
sin agus tiaghaid dochum an chatha agus bristior orra, ionnus gur
marbhadh agus gur gabhadh sé mhíle dhéag Críosduidhe ann. Agus
as follus as sin nár chóir tarcuisne do thabhairt ar eaccna ainglidhe
an duine bhoicht, .i. Froinsias, dá ttug Dia iomad feasa, etc.



Feacht oile do Froinsias a ndiaicch seanmóra do rádh, agus tucc
ridire dúthrachtach do Dhia cuireadh dhó, agus téid leis dá thicch,
agus níos luaithe nó do chaith an t-athair naomhtha biadh nó
deoch téid sé do ghuidhe Dé, do réir a ghnáthaighthe féin.
Agus, iar ccríochnughadh a urnaighthe, goirios an ridire chuige
go seicréideach agus do ráidh ris: “A bhráthair ghrádhaigh, gabhsa
mo chomhairle-si agus déan faoisidin iomlán ann do pheacaidhibh,
óir ní annso do-dhéanair do shuipér anocht.” Gabhus an ridire
teagasg an duine naomhtha agus adubhairt a fhaoisidine rena
chompánach - óir níorbh áil le Froinsias a bheith 'na shagart
ariamh re hiomad na húmhla. As a haithle sin fúair an ridire
bás agus do-chuaidh anam go flaithios Dé, etc.



Feacht oile dia mbaoi Froinsias dochum seanmóra do rádh
a n-ionadh áiridhe, agus tucc duine uasal cuireadh dhó dochum
a thíghe féin d'éis na seanmóra. Agus, iar ttionsgna na seanmóra
do Froinsias, téid an duine uasal sin agus a bhean agus a mhuintir
uile d'éisdeacht na seanmóra acht aon mhaighdion amháin
do fágadh acc fritheólamh bídh an ticche a n-oirchill S. Froinsias
agus do choimhéad mic mhuirnicch dobhí ag an duine uasal. Agus
do ráidh an mhaighdion léith féin, ó do-chuadur cách uile
d'éisdeacht an duine dhiadha, go rachfadh féin d'éisdeacht
fris ar feadh tamuill bhicc agus go ttiocfadh ar ball ar a hais, agus
do-rinne mar sin. Agus, ar bhfáccbháil an leinbh 'na aonar
dhí, tuitios a ccoire burrainn dobhí ar an tene astigh. Agus,
mar do éisd an mhaighdion méid éigin don tseanmóraigh,
cuimhnighios ar an leanbh agus fillios tar a hais don tigh, agus as
amhlaidh fuair an leanbh arna léaghadh a n-aighean an
bhurrainn, etc. Sgreadus agus sgréachus an mhaighdion agus caoidheas
go searbh, agus ní dhearna acht cnámha an leinbh do chruinniughadh
agus a ccur a ccófra dobhí asticch. Agus, iar ccríochnughadh
na seanmóra, tucc an duine uasal an t-athair naomhtha leis
dia thigh, agus sul ráinic an teacch, fuair sccéula báis a mhic, agus
guidhios a bhean gan sin do mhothughadh uirre tré onóir don


L. 78


athair naomhtha nó go bhfágbhadh an t-uasalathair iad; agus do
gheall go ndiongnamh. Agus, iar rochtain an ticche dhóibh,
ba lúthgháireach muintir an tícche agus an bhaile roimhe an
uasalathair. Agus, ar mbeith tamall ar an mbord dhóibh,
ad-beart Froinsias le fear an tícche úbhla do thabhairt chuicce.
Gabhus náire an duine uasal, mar nach raibhi na húbhla aige,
óir níorbh aimsir ubhall an tan sin. “Éirghe”, ar Froinsias,
“agus do-gheabhair úbhla isin ccófra úd thúas.” Téid fear an
tíghe, ar furáileamh Froinsias, d'osgladh an chófra, agus as
amhlaidh fuair an leanbh 'na sheasamh ann agus ubhall gach
láimhe dhó, agus sínios iad dochum a athar maille le lúthgháire
mhóir. Biodhgus an t-athair go mór agá fhaicsin. Do ráidh
S. Froinsias: “Tabhair leat an macaomh anúas, óir as iad sin
na húbhla do iarrusa ort, agus do fhoillsicch Dia dhamhsa gach
ní tárla don leanbh, agus do ghuidhiosa Dia go díochra ar a shon,
gurab aire sin do aisicc Dia dhíbhsi é go trócaireach, amhuil
do-chídhthí.” Do móradh ainm Dé agus Froinsias de sin, etc.



Aimsir oile iar sin dobhí Froinsias i n-ionadh áiridhe darbhó
comhainm Séde, agus tuccadh cléireach ar a raibhi easláinte throm
chuicce, .i. Gedion a ainm, agus ba duine saocchalta collaidhe é
aga raibh beathucchadh eacclaisi, agus do ghuidh sé Froinsias
maille re déaraibh troma um chomhartha na croiche do chur
uime nó 'na thimchioll féin. “Cionnus sin?” ar Froinsias, “agus go
ttugais do bheatha as conuige so do réir mhiana do cholla agus re
neamheagla breitheamhnuis Dé do bheith id cheann, gidheadh,
a n-ainm an Tighearna thrócairigh cuirfiod comhartha na croiche
ort, agus bíodh a fhios agad, dá ffillir arís ar na peacadhaibh céanda,
go ndiongna Dia díoghaltus ort bhus mó iná sin.” Agus, mar
do bhain Froinsias an comhartha sin os a chionn, do éirghe
slán a ccéadóir agus do fhoillsigh na míorbhuile sin a bhfiadhnuisi an
phobail. Níorbh fhada iar sin gur dhearmaid briathra Froinsias
agus gur thuit ina pheacadhaibh féin arís. Agus tárla dhó iaramh
gur chodail a tticch canánaigh oidhche áiridhe, agus do thuit an
teach orra, agus níor marbhadh ann acht eisiomh amháin, ar a
ndearna Dia díoghaltus ina pheacadhaibh.



Lá éiccin táinic bean uasal dhúthrachtach do Dhia mar a
raibh S. Froinsias agus adubhairt go raibh fear míothrócaireach
aice nach léicceadh dhóibh déirc ná seirbhís do dhéanamh do
Dhia, agus do iarr ar Froinsias guidhe do dhéanamh go dúthrachtach


L. 79


ar a shon, ionnus go maothaigheadh trócaire Dé a chroidhe.
Adubhairt Froinsias le sbioraid fháidhiodórachta, “Imidhsi
anois go síothchánta agus do-gheabhair adhbhar sóláis leith red
fhear pósta.” Ar ngabháil beannachta Froinsias don mnaoi,
téid dá ticch féin agus do-rinne teachtaireacht Froinsias lena fear
pósda, agus, arna fhaomhadh sin dó, do thuit grása S. Froinsias
agus an Sbiorad Naoimh, ar a impidhe, air, go ndubhairt rena mhnaoi,
“A bhean mhaith, déanam seirbhís araon don Tighearna agus
sláineóchaidh sé sinn.” Iar sin dobhádar aimsir fhada acc
tabhairt a mbeatha as go naomhtha do réir sheólta na mná
uaisli dúthrachtaicch sin, agus, ar bhfaccháil báis a n-aon ló
dhóibh, téd a n-anmanna dochum na glóire suthaine do ghrásaibh
Dé agus S. Froinsias.



Bráthair áiridhe ga raibhi conuersáid agus eisiompláir ronaomhtha
don taoibh amuigh a bhfiadhnuisi cáich do choimhéad dúthrachta agus silens na mbráthar agus gurab tré mhacántacht
agus tré mhíonus do-níodh a chulpa d'éisdeacht tré chomharthaibh
agus ní tré bhriathraibh. Tárla go ndeachaidh S. Froinsias ar
cuairt don mainistir a raibhi an bráthair, agus, ar tteacht do
láthair do Froinsias, do mholadur na bráithre go mór eisiompláir
an bhráthar sin; agus adubhairt an tí dá ttucc Dia iomad feasa a
bheith 'na ttocht agus gan a bheith dá mholadh dhó féin comh mór
agus sin. “Agus tuiccidh, a bhráithre grádhacha,” ar sé, “gurab
cumadóireacht ón drochspioraid atá aicce agus cathughadh agus
mealltóracht ón aidhbhirseóir atá air agus aicce.” Biodhgaid na
bráithre leis sin agus gabhaid sin 'na iongnamh mhór chugtha,
ionnus, dar leó féin, nár féudadh an dúthracht cealgach sin
do chur ar fhoirfeacht crádhbhaidh an fhir dhiadha sin. Gidheadh,
faoi laithibh gearra fáccbhus an bráthair an t-ord agus an aibíd
S. Froinsias, ionnus gurbho follus do chách uile go bhfacaidh
an fáidh naomhtha sin rún inmheodhónach croidhe an bhráthar
sin tré shúilibh sbioradálta a chroidhe.



Agus as minic do-chídís na daoine do shaoildís cách do bheith
'na seasamh isin ccogús acc tuitiom isin pheacadh marbhtha,
agus na daoine do shaoildís do bheith ar lár an drochchreidimh
acc éirghe 'na seasamh ann go foirtill. Agus dobhíodh soillsi


L. 80


na diadhachta 'na ccomhghar, ar mhodh go bhfaicdís gach
ní go spioradálta, neoch dobhí 'na fheidhm air, etc.



Aimsir áiridhe dá ndeachaidh S. Froinsias do sheanmóir a
n-ionadh darab ainm Aludianus, agus, ar ccruinniughadh don
phobal chuige, níorbh fhéidir leó a chloisdion ó ghlór na n-áinleócc
n-iomdha acca raibhi nid san áit sin, go ndubhairt S. Froinsias
riú, “A sheathracha grádhacha, acht gidh binn ceólmhar a
labhrus sibh, léigidh dhamhsa anois labhairt seal oile agus éisdigh
féin le briathraibh Dé.” Do thochtadar na háinleócca le
forchongra an naoimhéurlaimh gur chríochnuidh an tseanmóir.
Bíodhgaid na puibleacha lena fhaicsin sin agus thuccsad moladh
mór do Dhia agus do S. Froinsias thríd sin. Agus do lasadur
a ccroidheadha lena fhaicsin sin le dúthracht crádhbhaidh, etc.



Tarla iar mbeagán aimsire 'na dhiacch sin go mbaoi scoláire
isin ccathraigh darbh ainm Mádus acc tabhairt aire dá léicchionn
go díthchiollach, agus thigeadh áinleócc dá bhuaidhreadh go
minic, go ndubhairt rena chompánachaibh, “As do na háinleógaibh
ar ar chuir S. Froinsias silens an lá roimhe í so.” As a
haithle sin adubhairt go dóchusach, “Cuirim as ucht Dé agus S.
Froinsias ort léiccion don cheileabhradh sin agus teacht chuccam
féin.” Tochtaigh an t-éan beacc agus ticc a láimh an sgoláire.
Gabhus biodhgadh agus iongantus mór é thríd sin agus léiccios amach
an t-éan beag; agus níor chuir buaidhreadh air, etc.



Feacht n-aoin dia ndeachaidh Froinsias do rádh seanmóra
a ccathraicch darbh ainm Egabius, agus innistior go mbaoi faolchú
dásachtach timchioll na cathrach, neoch do mharbhadh daoine
agus airnéis go hiomarcach; agus as rena n-armuibh cosanta do
imghedís daoine urramhanta na cathrach úadh, an uair do
théighdís amach. Arna chlos sin do S. Froinsias, téid féin agus a
chompánach a n-airrcis an mhic tíre, d'aimhdheóin luchta na
cathrach; agus, arna fhaicsin sin don fhaolchoin aingidhe allta sin,
reathus chucctha go díthchiollach, agus do-chuadar iomad do lucht
na cathrach ar gairéataibh na cathrach dá bhfeitheamh. Agus,
ar tteacht don madradh go confadhach a n-iomfheagus do


L. 81


Froinsias, tóccbhus a lámh agus cuirios comhartha na croiche
naoimhe uime féin agus fána chompánach. Iar sin coisgios an mac
tíre a bhéul agus a rith, agus, mar do ghoir Froinsias chuicce é,
táinic chuige go deithniosach umhal, go ndubhairt Froinsias, “A
bhráthair ghrádhaigh, cuirim mar aithne as ucht Íosa Críosd
ort gan díth nó dochar do dhéanamh dhúinne nó do dhuine ar
dhomhan go bráth.” Arna chlos sin don mac tíre, léiccios ar
a ghlúinibh é ina bhfiadhnuise agus síneas a chos deas a láimh
Froinsias mar chomhartha geallaidh gach neithe dar iarr Froinsias
air, agus do-chuaidh an mac tíre leis don ccathraigh go ciúin cneasda,
agus ba hiongnamh mór le lucht a ffeithfe sin. Conadh annsin
adubhairt Froinsias seanmóir dhóibh, agus, idir gach ní dá ndubhairt,
adubhairt gurab fá pheacadhaibh na ndaoineadh a fhuilngios
Dia plágha agus easláinte agus mic tíre do dhéanamh díoghbhála
dhóibh. “Agus, mar do chuir an t-éan mhac tíre beag amháin
an uirid sin d'eagla oraibhsi, lucht na cathrach móire si, as
mó an t-ádhbhar eagla dhíbh bhar tteilgion a tteine ifrinn go
síorruidhe suthain tré bhar bpeacadhaibh.” Agus, arna chlos
sin do lucht na cathrach, do-rónsad aithrighe fhírinneach ina
bpeacadhaibh. Agus do iarr Froinsias iar sin, ó do beanadh a
bheatha nádúrtha don mac tíre, beatha oile mhuinntiorrdha
do thabhairt dhó; agus do fhaomhsad sin go toileamhuil, agus do
bhean gealladh easta ima chomhal, agus iarrus ar an mac tíre comhall
dóibhsiomh, amhuil ro gheall, agus tucc an mac tíre a chos
deas ina láimh-sion um chomhal an chéad gheallaidh. Agus,
iarna fhaicsin sin do lucht na cathrach, do mholsad Dia go mór,
agus do choimhliodur dhá chéile ó sin amach. Agus dobhíodh
an mac tíre ó gach tigh no chéile aca nó go bhfuair bás
d'ársaidheacht. Agus ba caointeach lucht an bhaile air, do
bhrígh gurab comhartha suthain ar Froinsias agus ar na míorbhuile
sin eision do bheith beó aca, etc.



Atá sgríobhtha a Leabhar na Cosamhlachta go raibhi Froinsias
ag rádh seanmóra a ccathraigh Bairensi a bhfiadhnuisi Fedrícus
impire, agus lucht a chúirte maille fris. Agus, mar dobhí fear
grádha na geanmnaidheachta ag rádh seanmóra a n-aghaidh
peacaidh na drúisi, gabhus míghean mór lucht na cúirte uile
dhe, óir do ghnáthaighdís an peacadh sin go romhór. As a
haithle sin tug an t-impire cuireadh do Froinsias an lá sin.


L. 82


Agus, iar n-ordughadh seómra ciúnais don uasalathair naomhtha,
fáccbhuid lucht dheasaighthe an tseómra maighdion mhíndealbhach
mhná a bhfolach isin tseómra. Agus, iar ccur glais don
taoibh amuigh air, tógbhus an mhaicchdion a ceann agus labhrus
fris tré bhriathraibh millsi pheacaidh na colla. Mar do-chonnairc
Froinsias an chealcc mhailíseach arna himirt air, beanus an
aibíd dhe agus socraighios an ghrís mhór bhaoi isin tseómra agus
luidhios uirre, agus adubhairt, “Má taoi ar tí misi do leanmhuin,
nó do dhéanamh do thoile, luicch fariom annso.” Mar do-chonnairc
an mhaicchdion sin, teithios. Agus, iarna fhaicsin
sin don impire agus do lucht na cúirte dobhí ag feicheamh air
os ísiol - Froinsias acc teacht gan díth gan dolaidh ón leabaidh
dheircc sin, gabhus iongnamh mór iad, agus dobhádur lán d'onóir agus
do dhúthracht fán uasalathair ó sin amach, etc.



Lá áiridhe tucc ridire dúthrachtach dobhí a ccathraigh
Tascanella cuireadh do Froinsias. Agus dobhí aon mhac aicce
ar tteacht ainimheach brisde as bruinn a mháthar; agus do iarr an
ridire go díthchiollach ar Froinsias an mac do leicchios.
Glacus Froinsias an mac ócc agus cuimlios lámh dá easláinte, agus
bhaoi slán a ccéadóir, ag siubhal mar gach aon oile, agus ag moladh
S. Froinsias ó sin amach.



Tárla Froinsias a ccathraigh oile darbh ainm Armensis, agus
do iarr easpocc na cathrach sin air mar athchuinghidh fear
pairilisi dobhí isin ccathraigh do shlánúcchadh. Gearrus S.
Froinsias comhartha na croiche air ó a bhonn go a bhathais, agus
ba slán a ccéadóir.



Tarla macaomh ócc a n-easpogóideacht Réute, agus dobhí a
bhoill brisde le ceithre bliadhnaibh, co nachar fhéuch ar a
ghlún amháin, agus do chaoi máthair an leinbh go roghéar do
láthair Froinsias, agus do ghabh truaighe mhór an t-athair
Froinsias dhí, agus glacus an leanbh dá lámhaibh beannaighthe,
agus ba deaghshlán a ccéadóir.



Tarla, imorro, Froinsias a ccathraigh oile darbh ainm Orteinsis,
agus dobhí duine ócc easlán aga raibhi a cheann agus a chosa
ceangailte dhá chéile innte. Guidhid, iaramh, a athair agus a
mháthair Froinsias tar cheann a mic go tuirseach truaghnemhélach.
Mar ba trúacch le Froinsias iad, gearrus sicchin na


L. 83


croiche céusda go huilidhe air, agus do shíniodar a chnámha ó
chéile, gurbho deaghshlán ón uile thinnios.



Tárla bean easlán oile aga raibhi a lámha marbh a ccathraigh
Eugubhius, ionnus nár fhéud sí obair do dhéanamh nó saothar
leó, agus, mar as luaithe do chuir Froinsias comhartha na croiche
ar a lámhaibh, bá slán í; agus, iar ndol dia tigh, fritheólus biadh
an tighe an lá sin rena lámhaibh do Froinsias.



Tháinic maicchdion dhall chuicce uair oile, agus do chumail a
sheile trí huaire a n-ainm na Tríonnóide dá súilibh, agus do aisicc
Dia a radharc féin di tré impidhe Froinsias.



Tarla macaomh ócc a ccathraigh Bhonuine acca raibhi doilli
dhoileighis ar a leathshúil, agus do ghérr S. Froinsias sicchin na
croiche ar a shúil, agus ba slán. Agus, ar ngabháil aibíde S.
Froinsias uime, do-rinne d'fhiadhnuisi go m'fhéarr amharc na
súl sin nó na súl oile aicce.



Duine do ghabh chuicce go dúthrachtach Froinsias dochum a
thicche féin; agus dobhí buaidhreadh mór ón anspiorad ar mhnaoi
phósda an fhir sin; agus, ar ndéanamh urnaighthe do Froinsias
ar a son, cuirios fá bhrígh na húmhla ar an ainspiorad a fágbháil,
agus fáccbhus a ccéadóir, óir níor lámh seisiomh fris an úmhla
naomhtha, agus ní dhearna urchóid don mnaoi chéanda ó sin suas.



Bean oile ina raibhi drochspiorad, a ccrích na Lambáirde, agus,
arna tabhairt do láthair Froinsias, cuirios d'fhiachaibh ar an
drochspioraid a fágbháil, agus d'fhág, agus ba slán ó anam agus ó
chorp ó sin amach í.



Duine do ghabh chuicce go dúthrachtach Froinsias dochum a
thicche féin; agus dobhí buaidhreadh mór ón anspiorad ar mhnaoi
phósda an fhir sin; agus, ar ndéanamh urnaighthe do Froinsias
ar tús, cuirios fá bhrígh na húmhla as ucht Dé ar an anspiorad
an bhean d'fhágbháil, agus fágbhus a ccéadóir, uair nír laimhsiomh
fris an úmhla naomhtha, agus nír lamh urchóid do dhéanamh don
mnaoi chéanda ó sin súas.



Bean oile a ccrích na Lumbairde ina raibhi drochspiorad
mar sin, agus, arna tabhairt dochum Froinsias, cuirios
d'fhiachaibh ar an drochspioraid a fáccbháil, agus fáccbhus, agus
dobhí slán ó anam agus ó chorp.



Tarla go mbaoi easláinte adhuathmhar ar bhráthair áiridhe;
agus as mó do mheasdís cách buaidhreadh do bheith air ón
drochspioraid iná tinnios nádúrtha; agus dobhídís a bhoill


L. 84


chorporrdha ar comhghluasacht, dá síneadh uair agus dá ffilleadh
uair oile. Gabhus compáis agus truaighe mhór S. Froinsias fán
mbráthair, agus do chuir páirt don arán dobhí aicce féin chuicce,
agus, arna ithe dhó, ba deaghshlán, etc.



Bean oile dobhí re n-iodhnaibh laithe iomdha, nár fhéud
leanbh do bhreith - a n-iarlacht Áirésius dobhí sí - agus dobhí
Froinsias ar muin eich ag gabháil thríd an mbaile, mar dobhí
easlán, lacc ó chorp an tan sin; agus rug ar shrian an eich, as
ucht Froinsias, chuce, agus rucc leanbh gan mhoill, agus do budh
slán iaramh.



LABHROM ANOIS MAR DOFUAIR S. FROINSIAS NA
HÁLADHA Ó RÍCCH FHLAITHIS DÉ.



Laithe n-aoin do Froinsias ar Sliabh coisreagtha Aluerna,
mar adeir Bonauentúra annsa ccaibidil so, accus, ar ndol dochum
an tsléibhe don athair naomhtha, beirios a thriúr compánach
leis, neoch bhaoi naomhtha 'na ttriúr, .i. Mateus, Leo, agus
Angelus. Agus, ar ndéanamh comhnuidhe dhóibh fá bhun crainn ar
árd an tsléibhe, tángadar mórán d'éunaibh éxamhla agus buailid a
sgítháin agus do-níd ceól iongantach ainglidhe dhóibh, agus
tuirlingid cuid ar ceand Froinsias agus cuid ar ghuaillibh agus
cuid ar a lámhaibh, go ndubhairt an t-athair neamhdhuidhe rena
chompánachaibh: “As dóich leam, a bhráithre grádhacha,
gurab maith ler tTighearna, .i. Íosa Críosd, comhnuidhe do
dhéanamh annso dhúinn, uair atá ar seathracha eón acc lúthgháire
go romhór romhuinn.”



Dála an tsléibhe sin féin, asé Dia do ullmhuigh agus do dhealaigh
ó na sléibhtibh oile é ar uaignios fá chomhair na n-áladh do
thabhairt ar Froinsias air, óir atá sé ro-árd agus a ccéin ó dhaoinibh
agus glan ó gach salchar agus ó gach truaillidheacht agus ro-onórach acc
Críosd féin. Acht atá ní cheana, ní cian dobhí Froinsias ann
sin an tan táinic Íosa Críosd as flaithios Dé anuas chuicce agus
do shín a chorp rena chorp, a lámha rena lámhaibh, agus a chosa
rena chosaibh, agus a chroidhe rena chroidhe, agus do fháccaibh
sliocht agus áladha a chuirp féin ar chorp Froinsias, amhuil do
bhádar air féin arna leaccadh as crann na croiche céusda, acc


L. 85


sileadh fola air Froinsias amhlaidh sin. Agus do imidh
roimhe iar sin dochum nimhe, agus tucc fios uaire a bháis do S.
Froinsias, .i. gomadh aois Chríosd míle agus dá chéud agus sé
bliadhna déag ar fhichid an uair dorachadh Froinsias dochum na
glóire suthaine ó bháthadh na fairrge saoghalta, agus an ceathramhadh
lá do mhí Octobér a ndeireadh an laoi Dia Sathairn do-gheabhadh
bás, agus a adhnacal Dia Domhnaigh.



Iar sin do fhoillsigh Dia naomhthacht an athar naomhtha
sin do mhórán don tsaoghal a leith re míorbhuile móra do
dhéanamh a n-onóir a bháis. Agus mar sin do críochnaigheadh
a bheatha chorporrdha do S. Froinsias, agus ní bhfuil críoch nó
foirchionn ar an mbeathaidh sbioradálta atá aige.



Pápa dobhí san Róimh, agus Gregorius a ainm, agus dobhí
amharus aicce fá chneidh thaoibh S. Froinsias sul do sgríobh
sé a ainm a leabhar na naomh. Oidhche éigin 'na dhiaigh
sin do thaisbéin S. Froinsias é féin don phápa chéanda, ar
bhfoillsiughadh an aigionta shaobh sin dhó san chontabhairt
sin, agus as a haithle sin tógbhus a lámh dheas suas agus iarrus
soitheach beacc ar an bpápa ina ccuirfeadh an fhuil dobhí
acc sileadh as áladh an taoibh, agus, arna thabhairt sin dó, dar
lais féin, do líon é go hathghoirid d'fhuil chneidhe an taoibh, agus
as sin amach nír fhulaing an pápa sin aon fhocal do chur a
n-aghaidh S. Froinsias nó an uird ó sin amach ariamh, etc.



Bráthair deacchbhéusach don Ord Mhinúr, dobhí 'na
sheanmóntaigh mhaith, acca raibhi contabhairt aicce a
n-áladhaibh Froinsias; gurab aire sin do thaisbéin an t-athair
naomhtha é féin ina cholladh oidhche áiridhe dhó, co ndeabairt
fris maille re foighidin, “Ó tá cathucchadh buaidheartha ort
fám áladhaibh, féuch féin iad agus glac mo chosa agus mo lámha.”
Do-ní an bráthair sin, agus, mar nach bhfacaidh áladh na ccos
tré mhéud na criadh dobhí os a chionn, furáilios air na hálaidh
do ghlanadh go maith lena ingnibh, gurbha follus dó uile na
háladha idir áit sleicche agus na ttairrngeadh, agus ionnarbus a
chontabhairt uadh. Agus, iar músgladh dhó, doirtios a dhéara
go falcmhar a ccionaidh a ainbhfiosa agus a sheachráin agus ionnlus
a intinn bhuaidheartha le srothaibh a dhéor agus la hadmháil a
pheacadh, go bhfuair maitheamhnus, etc.



Tarla cco mbaoi baintreabhach uasal onórach isin Róimh,


L. 86


agus do thogh sí S. Froinsias mar phátrún di féin, agus do chongaibh
deilbh S. Froinsias aice ina seómra agus do-níodh urnaighthe a
bhfiadhnuisi na deilbhe gach laoi, acc iarraidh ar S. Froinsias
do bheith ar a son. Lá áiridhe dá raibh sí acc déanamh
urnaighthe a bhfiadhnuisi na deilbhe gur chuir a n-iongnamh
gan comhartha nó sliocht na n-áladh do bheith ar an deilbh.
Agus adeir Bonauentúra nár chás iongantais sin, óir nár chuir
an dealbhadóir uirre iad. Gidheadh, do ghlanadh intinne na
mná, do chuir S. Froinsias féin uirre iad. Agus, arna fhaicsin
sin don mbaintreabhaigh, goirios a hinghion chuice agus fiarfaighios
di nar airidh sí sin ar an deilbh ariamh roimhe sin. Dearbhus
an inghion nár airigh agus nach raibhe uirre ariamh. Gidheadh,
do thuicc an bhaintreabhach gurab é a drochsmuainteadha
féin fá deara na míorbhuileadha sin do dhéanamh, agus fuair,
gairid iar sin, an dealbh gan lórcc áladh uirre. Níor chuirsiod
comhachta S. Froinsias a ccontabhairt ó sin amach.



Cléireach onórach darbh ainm Rogerus dobhí san Apuil i
ccathraigh Potesina. Aon do ló dá ndeachaidh do rádh a
urnaighthe i n-eaglais ina mbaoi íomháigh S. Froinsias, agus, le
faicsin na n-áladh uirre, cuirios an mhíorbhuile sin a ccontabhairt
go mór. As a haithle sin mothaighios cneadh na contabhairte
seachránaigh sin ar a chroidhe don taoibh asticch dá lámhuinn
arna loit, mar do loitfidhe le ga nó le saighid í, agus, ar mbuain na
lámhainne dhe, fuair an dérna arna lot go géar agus an lámhann
slán gan bhriseadh gan ghearrughadh, agus do las agus do at an lámh
a ccéadóir, agus dobhí ag glaodhaibh agus acc comharcaibh go ceann
dá lá mar sin tré mhéud a phéine agus a dhochair óna láimh. Agus
admhus go puiblidhe do chách a mhearughadh, agus mionnaighios
go díthchiollach nach diongnamh a leithide choidhche, agus iarrus
cabhair ar Froinsias, agus do-ní aithrighe dhiongmhála ina
pheacadhaibh agus fuair sláinte ó Dhia iar ttain, agus ba compánach
maith d'Ord S. Froinsias ó sin amach é.



Bean áirithe dobhí dúthrachtach do S. Froinsias agus fuair
bás agus do hadhlacadh í isin eaglais inar hadhlacadh Froinsias ina
dhiaicch sin; agus an tan fá raibhiodar an chliar a ttimchioll chuirp
S. Froinsias ag rádh an uird mairbh isin eaglais, do éirghe
an bhean 'na suidhe ina bhfiadhnuisi agus goirus ar shaccart
chuice, agus, gidh do chriothnaigh an saccart d'eagla, táinic 'na
gar, agus do ráidh an bhean fris: “A athair ghrádhaicch, dobhí


L. 87


peacadh orm nár chuirios a bhfaoisidin ria mbás, dá ttáinic
mo dhamnughadh, agus táinic do mhéud mo dhúthrachta do S.
Froinsias re linn mo bheó go bhfuair óna Thighearna m'anam
do chur ann mo chorp arís nó go ccuirinn an peacadh sin a
bhfaoisidin, agus do-gheabhad bás iar sin agus rachaidh m'anam go
flaithios Dé.” Acht atá ní cheana, do chuir an peacadh sin a
bhfaoisidin don tsaccart agus íocus gné bhreitheamhnuis aithrighe
ann agus dofuair bás gan fhuireach agus do-chuaidh a hanam go
tigh na glóire suthaine tré ghrásaibh an Sbiorad Naomh agus
S. Froinsias, etc.



Maicchdion dobhí san Apail, agus ní raibh do chloinn acca
hathair acht sí féin, agus fuair bás; agus, ar tteacht fána tásg dá
comhghaol, as beacc nach bhfuaradar a hathair agus a máthair
marbh. Agus do bhrícch a ndúthrachta do S. Froinsias roimhe
sin, fuair an mhaighdion d'aithbheódhadh ón Tighearna
thrócaireach, gur bheó seal oile í, etc.



Feacht dar iarradar cúpla bráthair iasacht cartach a n-onóir
Dé agus S. Froinsias ar dhuine chomhachtach darbh ainm Petrus,
agus ní headh amháin do dhiúlt iad acht tucc sgannail mhór
chainnte dhóibh féin agus do Froinsias. Agus níorbh fhada dhó
iar sin an uair do ghabh eagla mhór é go ccoireóchadh Dia agus
S. Froinsias sin air agus tair a aithreachus. Gabhus tinnios a
mhac muirneach oighreachta, agus fuair bás. Glaodhus an t-athair
go hard ar Dhia agus ar Froinsias go speisialta maille le dórtadh
déar go mór. Agus éisdios Froinsias é go trócaireach agus guidhios
a Thighearna ar a shon, gur haithbheódhadh an mac céanda
dhó tré impidhe S. Froinsias.



Feacht n-aoin dar fhágaibh bean isin Róimh leanbh sheacht
mbliadhan, bú mac dhi, ina tigh agus do-chuaidh féin d'éisdeacht
aifrinn. Téid an mac amach ar fuinneóicc a leanmhuin a
mháthar, agus bo marbh a ccéadóir; agus, ar tteacht dá mháthair,
fuair marbh mar sin é. Tárla an tan sin go ndeachaidh
bráthair don Ord Mhionúr, darbho comhainm Rufo, do
dhéanamh seanmóra don taoibh sin don chathraigh agus fuair
mar sin an leanamh marbh ittir a athair agus a mháthair, cco
ndubhairt re hathair an leinbh, “An ccreidionn tú go bhféudann
Froinsias a fhaccháil ó Dhia do mhac d'aithbheódhadh?”


L. 88


“Creidim,” ar an t-athair, “agus geallaim dhó go mbeud mo
shearbhóntaidh dhílios aicce tré bhithe síor do cheann mo
mhic d'aithbheódhadh dhamh.” Cuirios an seanmóntaidh
d'fhiachaibh ar chách guidhe ar a shon, ionnus go bhfuighedís
an athchuinghidh sin uadh. Agus, iar ccríochnughadh na
hurnaighthe sin dhóibh, fhosglus an leanamh a shúile agus a bhéul
agus éirghios 'na sheasamh agus gabhus acc moladh Dé agus
S. Froinsias.



Dias agus dá fhichiot i cceann ar haithbheóidheadh roimhe so do
ghrásaibh Dé agus S. Froinsias taoibh amuigh dar shlánaicch sé do
dhallaibh agus do bhodhraibh agus do bhacachaibh agus do lucht gacha
heasláinte oile; agus atá d'fhad agus d'iomad a mbáis nach sgríobhthar
annso iad.



LABHROM ANOIS DO NA MNÁIBH TORRCHA DÁ TTUCC
S. FROINSIAS FURTACHT A N-AIMSIR A MBÁIS NÓ
ÉICCIN, A N-AIMSIR A N-AIRTEAGAIL, AGUS A NGUASACHT
A MBÁIS, ETC.



Beaniarla i ccrích Scalmonia dobhí dúthrachtach do Froinsias
agus do na bráithribh mionúra, agus tárla dhi go raibhi a bponc báis
a n-aimsir tuismidhe a toirrcheasa, agus do chuir ina croidhe
maille dúthracht intinne furtachta d'iarraidh ar Froinsias, go
ndubhairt, “Guidhim thú a inntinn ghrádhaigh, a Froinsiais,
ó nach bhféudaim labhairt leat ó bhéul, facch furtacht dhamh ó
do Thighearna.” Do-rinne Froinsias amhlaidh, go rucc an
bhainiarla mac agus gurbho slán ón uile thinnios í. Agus iar
n-athghoirid aimsire do-rinne mainistir mhaith a n-onóir S.
Froinsias don Ord Mhionúr a ccuimhne na ngrás agus na míorbhuile
sin do-rinne Dia uirre, etc.



Beaniarla oile darbh ainm Beatrix isin ccrích Rómhánaicch
ina raibhi leanbh marbh ceithre lá ina bruinn maille le dochar
mór agus re baoghal báis, agus cuirios duine dochum na mbráthar
dá iarraidh orra Dia agus S. Froinsias do ghuidhe ar a son.
Do-rinneadar, agus ba feirrde dhóibh, óir dorucc leanbh marbh, agus
ba slán í féin a ccéadóir, etc.



Bean duine uasail, darbh ainm Iula, neoch rucc clann mhór,
agus fuaradar bás uile, agus dobhí cumhthach tuirseach a ndiaicch
na cloinne sin. Agus, ar ngabháil toirrchiosa 'na dhiaicch sin


L. 89


dhi, do-chuaidh a n-éadóchus im bheathaidh an toirrcheasa
tar éis gach a ndeachaidh uaithe roimhe sin. Gidheadh, do
ghuidh Froinsias go dúthrachtach um choimhéud beathadh an
toirrchiosa dobhéaradh an tan sin; agus do-chonnairc aisling a
ccionn cheithre míos iar sin, .i. bean do theacht chuice agus leanamh
áluinn ina hucht aice, agus, arna fhuráil uirre, do dhiúlt a ghabháil
uaithe, “Uair, dá ngabhainn ar sí, do-gheabhadh bás uaim,
mar fuaradar mo chlann féin.” “Ná bíodh uamhan ort,” ar an
bhean oile, “óir do ghabh truaighe mhór S. Froinsias fá do
dhólás, agus asé do chuir an leanbh so chugad, agus coimhéudfaidh
féin a shláinte dhó.” Ar musgladh don mnaoi, do thuicc gur
fhéuch Dia agus S. Froinsias uirre, agus baoi go lúthgháireach ó
chroidhe, agus do mhéudaicch a dúthracht do Dhia agus do S.
Froinsias ó sin amach. Agus, ar tteacht aimsir a tuismithe, beirios
gein shochraidhe shaorchlanda shoichinéil mhic, agus dobhí ar
biseach ó aois agus ó bhéusaibh agus ó fhoghluim do bhrícch comhachta
Dé agus S. Froinsias, agus dobhí 'na dhuine onórach san saocchal
agus grádhach fá Dhia agus dúthrachtach do S. Froinsias agus dá
ord, agus tucc ar a mháthair bárr dúthrachta agus onóra do thabhairt
dhóibh maille le díthchioll dúthrachta a mháthar ó sin suas.



Bean eile a ccathraigh Tibúrus dorucc clann mhór inghion,
agus ba tuirseach í thríd sin, agus guidhios Froinsias aon mhac
d'fhaccháil ó Dhia dhi; agus fuair go rucc dias mac d'aon toirbheirt,
gin gur iarr acht aon mhac, agus ba lúthgháireach í thríd sin.



Buí bean oile a ccomhfheaccus di sin agus dobhí a bponc báis
a n-aimsir tuismithe, agus do ghuidh S. Froinsias go díochra, mar
nach dearna leicchios daonna foghnamh dhi. Agus dob fheirrde
dhi, óir rucc sí an toirrchios maille le sláinte chorporálta. Agus
nír chian di iar sin gur dhearmuid sí an tiodhlacadh sin do
fuair, óir do bhris sí saoire Froinsias rena láimh féin; agus
do-rinne Froinsias díoghaltus uirre go hobann, óir do creapladh
a lámh dheas léith, agus do chuir sí a lámh chlé a n-airrcis
na láimhe deisi dá filleadh, agus do creapladh í mar an ccéanda.
Gabhus eagla mhór an bhean thríd sin, agus tucc móid agus mionna go
n-aidheóradh do Dhia agus do S. Froinsias go bráth do cheand
aisicc a sláinte d'fhagháil di arís; agus do-rinne Froinsias
grása uirre, óir fuair aisiocc a sláinte dhí ó Dhia; agus do ghabh
saoire Froinsias go honórach ó sin amach.


L. 90


Bean oile a ccríochaibh Aréti dobhí easlán, ionnus nárbh
fhéidir léith leanamh do bhreith, ionnus gur atharraigh a cruth
agus a gné. Agus, ar ndol do chách a n-éudóchus fána sláinte, do
ghuidh sí féin Froinsias go dúthrachtach um fhurtacht uirre
as an éiccion ina raibhi sí. As a haithle sin do chodail sí go
sáimh, agus do-chonnairc aisling, .i. S. Froinsias do theacht chuice
go ndubhairt, “An aithnighionn tú misi,” ar sé, “nó an bhfuil
an ainteamhain si Mhuire accad, .i. Salve Regina, etc.?”
“Aithnighim thusa, a Froinsiais,” ar an bhean, “agus atá an
ainteamhain sin agam.” “Máseadh,” ar Froinsias, “abair í, agus
sul chuirfir críoch uirre, bhéarair do thoirrchius.” Musglus an
bhean agus tionsgnus an anteamhain, agus sul do chríochnaidh í
rucc leanamh agus baoi slán ó gach uile thinnios; agus do móradh
ainm Mhuire agus S. Froinsias de sin.



LABHROM ANOIS DO MHÍORBHUILIBH S. FROINSIAS
AR NA DALLAIBH DÁ TTUCCADH AMHARC AR A
IMPIDHE, ETC.



Tarla a ccoimhthineól áiridhe bráthair darbh ainm Roibertus
agus dobhí dall iomad bliadhan tré ainfheóil mhóir do fhás
timchioll a shúl, neoch do bhain a radharc dhe. Agus, ar
mbeith tamall dall do Robertus a n-airteagal an bháis, do
thaisbéin Froinsias é féin agus triúr bráthar naomhtha oile
maille fris dhó, .i. Antoinius agus Augustínus agus Sémus ó
Aisisi, conadh annsin do ghabh sgian agus feannus an fheóil uile
agus do aisicc a radharc uile don mbráthair agus a shláinte
chorporrdha go huilidhe.



Do dalladh bean áiridhe san chrích Rómhánaicch, agus, arna
shárughadh ar leacchaibh saoghalta maith do dhéanamh dhi,
do-rinne lá fhéil S. Froinsias ar arán agus ar uisge; agus ruccadh
don eacclais í arna mhárach d'éisdeacht aifrinn na féile, agus
dobhí acc guidhe furtachta Froinsias, agus, a n-aimsir na
Sacramuinte do thóccbháil, do fhosccail sí a súile agus
do-chonnairc gach ní go follus ó sin amach agus tucc buidheachus mór
don tSacramaint naomhtha agus do San Froinsias, etc.



Dobhí óccmhacaomh cheithre mbliadhan déacc ar leathshúil,
agus táinic an tsúil d'aimhdheóin na leagha fad meóir as an áit


L. 91


dhílis ar feadh ocht lá, agus, ar ndol do leacchaibh a n-éudóchus
a leicchiosa, do thionsgnadar fréumhach na súl do ghearradh
agus a teilgion uatha. Iar sin guidhios athair an mhacaoimh S.
Froinsias go díochra im fhurtacht dá mhac; agus do-chuaidh sin
a ttarbha, óir do chuir an t-uasalathair, .i. Froinsias, an
tsúil ina háit féin gan easbhuidh radhairc ó sin amach.



Cúiccear oile faris an fhear sin dá bhfuair Froinsias aisiocc a
n-amhairc ó Dhia, etc.



LABHROM ANOIS d'EASLÁINTIBH OILE, ETC.



Duine ócc táinic ó bhruind a mháthar bodhar balbh, agus tárla
dhó gur ghabh duine trócaireach darbh ainm Marcus é chuicce
féin dochum seirbhísi. Agus aon do ló dia raibhi Marcus ar an
mbord, agus an duine sin ina fhiadhnuise, agus adubhairt re a mhnaoi
phósta: “Atáim féin dá smuaineadh gomadh romhór na míorbhuile
do S. Froinsias dá ttuccadh urlabhra nó éisdeacht don tí si,
agus, dá ndéanadh sé sin, do-bhéaraind fén costus dó a n-onóir
Froinsias ó sin amach.” Ar ccríochnucch an chomhráidh
sin do Mharcus, tárla urlabhra i tteangaidh an óccánaidh, agus
do ráidh go sólásach a bhfiadhnuisi cáich, “Do-bheirim
buidheachus agus moladh agus glóir do Dhia agus do S. Froinsias,
do-rinne na grása so orm, etc.”



Macaomh ócc oile darbh ainm Sémus acca raibhi cnámha a
chuirp brúighte agus lán d'easláinte, agus do-chuaidh an fear sin mar a
raibhi tumba S. Froinsias agus do phócc é go dúthrachtach, conadh
annsin do-chuadar a bhoill ina n-ionadhaibh féin go hiomlán.
Agus, mar do mhothaigh é féin slán, cuirios de gach ceangal
baoi fair agus reathus roimhe iaramh.



Do shlánaicch Froinsias mórán ó na heasláintibh céanda agus
go háiridhe ceathrar bráthar, .i. Partolus agus Angelus agus
Niocolus ó Sicanus agus Eóin ó Fóra, agus aon duine déag do
dhaoinibh saocchalta, idir fhear agus mhnaoi, etc.



DO MHÍORBHUILE LUCHT BRISDE SAOIRE
S. FROINSIAS ANNSO.



Tarla a ccrích Pictáuia gan fhóccair saccart áiridhe darbh
ainm Renaldus saoire féile S. Froinsias dá phobal agus dá raibhi


L. 92


acc éisdeacht ris agus do ráidh a coimhéud go maith. Téid duine
don phobal, gan fhéuchain dó sin, do dhéanamh oibre lá S.
Froinsias, agus, mar dob áil leis an obair do ghlacadh,
do-chualaidh an guth némhdha dá rádha ris trí huaire a ndiaigh a
chéile, “Ní cead dhuit saothar láimhe do dhéanamh aniogh, óir as
lá uasal saoire atá ann.” Agus, mar nár ghabh an duine uasal
meardhánta teaccasg an tsaccairt nó comhairle an Sbiorad
Naoimh, do-rinne comhachta Dé lerbh áil naomhthacht
Froinsias d'fhoillsiughadh míorbhuile air, .i. mar as luaithe do
thócc a lámh leis an tuaigh do ghearrughadh an mhaide, do
cheangail an lámh don maide agus an lámh oile don tuaicch, agus,
iar ccriothnughadh go mór dhó, do-chuaidh amhlaidh sin don
eaglais agus innsicch a bhfiadhnuisi cáich mar tharla dhó féin ó
thús go deireadh do láthair an phobail. Agus do-chuaidh
do dhéanamh onóra do Froinsias an lá sin, agus, ar ndéanamh
aithrícche dhiongmhála ina pheacaidhibh, tucc sé móid agus
gealladh trí neithe do dhéanamh a n-onóir S. Froinsias, do
réir mar do labhair an guth neamhdha trí huaire. An céad ní,
go ccoimhéudfadh saoire S. Froinsias gacha bliadhna. An dara
ní, go rachadh go heaglais Froinsias comhainm an laoi sin gacha
bliadhna a n-onóir S. Froinsias. An treas ní, go rachadh dá
oilithre uair gacha bliadhna go tomba S. Froinsias. Agus, ar
ccur gach neithe dhíobh sin go daingion ina intinn, do sgaoil
Froinsias, a hucht Dé, dá lámhaibh. Arna fhaicsin sin don
phobal uile, do thóccbhadar a lámha agus a súile súas do mholadh
Dé agus S. Froinsias tréasna míorbhuilibh sin, etc.



Cúpla bráthair do mhuintir S. Froinsias tarla acc siubhal
tré chathraigh áiridhe lá n-aoin, agus ba forbhfaoilidh ticchearna
na cathrach reampa agus do chonccaibh maille ris an oidhche sin
iad go honórach; agus arna mhárach innsid do Froinsias a fheabhus
fuaradar acc an tighearna an oidhche sin as a ucht-san. “Ba
feirde dhó,” ar Froinsias, “do-ghéansa a luach sin dósan. Agus
eirghesi uaimsi dá ionnsaicchidh agus abraidh ris go bhfuil peacadh
air nár chuir sé a bhfaoisidin agus, dá bhfacchaidh bás ann, go
rachaidh go hifrionn.” Do-chuadar iaramh agus ro innsiodar
amhuil ro cuireadh leó. “As fíor,” ol an ticchearna.