Parrthas an Anma

Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath (1645)

Antoin Gearnon; eag. Anselm Ó Fachtna




PARRTHAS AN ANMA



INA Bhfhuil FOIRCEADAL BEATHADH AN CHRÍOSDUIDHE
AGUS LÉIGHEANN A SHLÁNAIGHTHE, ARN-A CHUR SÍOS
LÉ ANTOIN GEARNON, BRÁTHAIR BOCHD D'ORD S.
PHROINSIAS, A CCOLÁISDE S. ANTOIN A LOBHÁIN.



Declaratio sermonum tuorum illuminat:
agus intellectum dat paruulis. Psal. 118.



Ionshorchaighidh míniughadh do bhriathar:
agus do-bheir thuigsi do na beaguibh.



A Lobháin. 1645.


L. 3


DON TIGHEARNA
roi-dhearsgnaidh, ro-onórach,
TOMÁS FLEMEAN,
Airdeasbag Átha Cliath, Príomhaidh na hÉirionn, etc.



Ba gnáth do chloinn Israél, a thighearna roi-dhearsgnaidh,
iar ccruinniughadh a ttortha, ola uasal ro-ghlan d'ullmhughadh
agas d'ofráil don ardshagart Aaron, mac agus oighre fíre an
naomhpatriairc Abraham sa shliochd dá rabhadar, dochum
lóchrainn thabernacuil an Choimdheadh do chongbháil ar
buanlasadh do ló agus d'aoidhche a bhfiadhnuisi an Tighearna.
Díbh-si, ar an modh ccéudna, ardshagart ar ar ghoir Dia amhuil
Aaron, mac fíre ar naomhphatriarc S. Phroinsias, agus oighre
diongmhála an ghrádha lasamhuin agus an chúraim ghriongaluigh
dobhí aige fá shláinte na n-anmann; díbh-si, adeirim, dhlighthear
an beagshaothar-so, ro chruinnigheas agus ro dhealbhas a ndá
chrann déug rúnda as a silleann do shíor ola ro-shoillseach
bhríoghmhar, budh oireamhnach dochum solais neamhdha an
chreidimh agus teineadh dhiadha na carthannachda do chongbháil
gnáithbhéo, buanlasda, a ccroidhethibh na ccreidmheach, as
teaghais agus as teampall don Sbiorad Naomh, do thoirbhirt agas
d'ofráil. Glacuidh chuguibh, dá bhrígh sin, go so-chroidheach
an tabhartas agus an bheagofráil-si ro fhuráilim oruibh, ionnas go
ttiocfa do rath bhar mbeannachd agus bhar ndídin go mbeith ola
na ccrann-so 'na leigheas ag an othar, 'na solas ag an dall, agus
'na réilt eóluis ag an tsheachránach, agus mar sin 'na hiodhbairt
thaitneamhuigh ag Dia, ro ghuidheas dá bhar ccumhdach a
bhfhad slán a ngrásuibh.



A THIGHEARNA ROI-DHEARSGNAIDH,
Bhar searbhfhoghantaidh díleas féin,
An br. ANTOIN GEARNON.


L. 4


RÉUMHRÁDH DON LÉUGHTHÓIR.



Ag sin chugad, a léughthóir, parrthas th'anma a n-ionnshamhail
an pharrthais as ar teilgeadh do chéudathair Ádhamh iar n-ithe
an ubhaill thoirmisgthe dhó; óir atá go n-iomad gcrann n-álainn
n-éugsamhail, ndeaghbhlasda, agus go gceithre srothaibh thríd
do-bheir oileamhain agas úrmhuire dhó.



Asé céudchrann dá chrannuibh an crann atá ina dhoras: crann
roi-sgiamhach so dá ngoirthear Freacar Laetheamhail, agus asé a
thoradh eólus do thabhart dhuit buidheachas do thabhairt do
Dhia ag éirghe san maidin, a meadhón láoi, agus re ndul do chodladh
san n-oidhche, ar son iomaid a thiodhlaictheadh dhúinn, agas
fós do ghnáthoibre laetheamhla, agus gach ní oile dá ndiongna, do
dhéunamh dochum glóire agus onóra Dé, ag leanmhuin chomhairle
Phóil absdail adeir: Siue manducatis, siue bibitis, siue aliud quid
facitis: omnia in gloriam Dei facite, I Cor. x; .i. “madh ag
ithe bheithi nó ag ól, nó ag déunamh neith ar bioth oile, déunaidh
na huile dochum glóire agus onóra Dé; “agus ní hiongnadh sin, óir
as mó luaighidheachd agus foirbhtheachd na n-oibreadh gcomhchoitchionn,
an tan do-níthear iad do mhéudughadh glóire agus onóra
Dé, iná oibre ar bioth oile dá hairde gan an cháilidheachd-so
'na coimhideachd.



As iad trí croinn as goire dhó so: Crann an Chéudtoraidh, .i.
an chreidimh; Crann na Freisgisi, .i. an dóchais; agus Crann na
Foirbhtheachda, .i. an ghráidh. Atáid so ro-thoirtheach,
taithneamhach; óir, an tan fhréumhaighid go láidir san anam,
sínid a ngéuga go fada fairsing fútha, agus os a gcionn go flaitheamhnas
do láthair na Tríonnóide Naoimhe. As é as toradh
don chéudchrann díobh, eólus iomlán do thabhart dhúinn ar
Dhia agus ar a rúindiamhraibh neamhdha; toradh an dara crainn,
muinighin láidir go bhfuigheam an bheatha shuthain uadh;
toradh an treas croinn, ar n-anam do cheangal de go ceanchair
caoindúthrachdach san saoghal-sa agus go doidheadhla san sáoghal
thall.


L. 5


Atáid iar sin ann seachd ccroinn Íocshláinte, .i. na seachd
sacramainte, agus as díobh Crann na Beathadh atá 'na mheadhón,
.i. sacramaint náomhChuirp ar dTighearna Chríosd, as beatha
don anam.



As gar dhóibh so Crann Fheasa Maitheasa agus Uilc: crann
ro-tharbhach so mhúineas duit freacar na subháileeadh agus seachna
na lochd.



Ní fada uatha so Crann na hUrnaighthe mhúineas dhuit Dia
do ghuidhe, agus congnamh na naomhmaighdine Muire agus na naomh
archeana d'iarruidh.



Do-bhéura fós Crann na hIodhbarta, .i. an crann as goire
dhó so, fios diamharrúin an aifrinn dhuit agus eólus a éisdeachda
mar as dleachd. As é a thoradh, do thabhairt do láthair Dhé
do labhairt ris, d'iarruidh agus d'fhagháil gach a mbí do riachdanus
ort.



Atá re a thaobh so crann ro-thoirtheach darab ainm Freacar
na Sacramainteadh, theagaisgeas naomhshacramaint na haithrighe
agas uasalshacramaint na haltóra do thathaighidh go
diongmhála maille ris an ullmhughadh agus ris an ccaoindúthrachd
as dual dá ccomhmór do rúindiamhruibh.



Ní himchían uaidh so Crann na Páise, sa bhun fá bhfuil
Oroláisde rúnda na páise céudna arn-a shuidhiughadh go
hordaighthe: crann ro-thoirtheach so, óir as as shilid na srotha
do-bheir úrmhuire don pharrthas-so. As iad, iomorro, na
srotha-sin, na sreabha fola do shil a créuchdaibh Críosd san
ccroich, as beatha agus as oileamhuin d'anmannuibh cráibhtheacha
dá n-osglaid doirsi foirbhdheachda agus flaitheamhnuis, an tan
thathaighid iad iar ccaitheamh thoraidh na ccrann réumhráiti.



Do-bhéura fós Crann an Riachdanuis, .i. cuimhne na ccríoch
ndéidheanach, dochum a ccaithfe gach aon teachd fá dheóidh agus
atá ag fás re a thaobh so, congnamh mór dhuit dochum na
foirbhtheachda céudna san saoghal-sa agus dochum na glóire
síordhuidhe san saoghal thall.



Atá fá dheóidh a ngar do mhúraibh an pharrthais-si daire
crann n-álainn, .i. Aibghitir Sbioradálta, mhúineas don chríosduidhe
a bheatha do riaghladh go diadha subháilceach.



Atáid fós iomad do luibhibh uaisle, .i. naoimhtheagaisg
iomdha, agus Foirceadail Dhiadha arn-a n-eagar go hordaighthe a


L. 6


measg na ccrann-so, mar bhus follas duit a clár an leabhair agus
as a thathaighidh.



Tathaigh, dá bhrígh sin, siobhal an pharrthais-si, agus do
dheóin Dé taiteóna riot soiréidhe a shlightheadh, agus míne a mhagh,
agus féuraighe a fhuinn, agus cnúasthoirthighe a chrann. Budh urasa
dhuit tromchnuasach do thoradh na ccrann ccéudna do bhuain
gach laoi, óir ní lughaide a ttoradh a mbeantar dá ccnuas.
Budh urasa dhuit fós eólus do bhreith ar thoradh gach croinn
fó leith, óir atá an leabhrán soiléir so-thuigsi a modh chomhráidh
deisi ina bhfhuil gach re cceisd agus gach re bhfhreagra.



Ná tabhradh, dá bhrígh sin, cúram ar bioth saoghalta fá deara
dhuit gan do dhaothain dá ttoradh do chnuasach, agas mar
athchuinghidh ort a roinn rinne ad th'urnaighthe; óir as a
ttarbha th'anma fuaramar an saothar-so dochum go n-aitheanta
agus go ngrádhaighthea do Chruthaightheóir, darab dleachd an uile
ghlóir agus onóir a saoghal na saoghal. Amén.


L. 7


CLÁR AN LEABHAIR



MHÚINFEAS AN LEATHANACH INA Bhfhuil TÚS GACH NEITH DÁ
Bhfhuil ANN.



AN CÉUDRANN DON PHARRTHAS-SO
thráchdas ar an bhfhreacar laetheamhail.



An 1 chaib. Don urnaighthe as indéunta sa maidin.
An croidhebhrúdh.



An 2 caib. Do na neithibh as indéunta iar n-éirghe, etc.
Do na céidneithibh as indéunta san maidin.
Don urnaighthe as indéunta ag clos na Fáilte
Aingleacdha.



An 3 caib. Don mhodh ar ar cóir dhúinn beannughadh
do chrois, etc.
Don mhodh ar ar cóir beannughadh do chrois.
Don mhodh ar ar cóir beannughadh don
chomharsain.



An 4 caib. Don mhodh ar ar cóir dhúinn ar ngnáthoibre
laetheamhla teamporálta do dhéunamh.



An 5 caib. Do na neithibh as indéunta ria agus iar ccaitheamh
bídh.
Do bheannughadh an bhuird.
Don altughadh iar ccaitheamh bídh.



An 6 caib. Mar as cóir dhúinn iomchar reur ccomharsain.
Mar as indéunta ag déunamh gnoaigheadh ria.
Mar as indéunta a n-aimsir chomhluadair ria.



An 7 caib. Do na neithibh as indéunta a n-aimsir
choda, etc.
Do na neithibh as indéunta a n-aimsir choda.
Do na neithibh as indéunta re ndul do chodladh.



An 8 caib. Don iarrmhéirghe.


L. 8


AN DARA RANN
thráchdas ar an gcreideamh.



An 1 chaib. Do Chríosd, agus don teagasg tug uadh.
Do Chríosd.
Don teagasg tug Críosd uadh.



An 2 caib. Don chríosduidhe, etc.
Don chríosduidhe.
Do chomharrtha an chríosduidhe.
Do chéill an chomharrtha-sa.
Do tharbha an chomharrtha chéudna.



An 3 caib. Don chreideamh, etc.
Don chreideamh go generálta.
Don Chré.



An 4 caib. Don sgrioptúir dhiadha, agus do ghnáthchuimhne
na n-absdal.
Don sgrioptúir dhiadha.
Do ghnáthchuimhne na n-absdal.



An 5 caib. Do aondachd na nádúire diadha agus do
phearsanaibh na Tríonnóide.



An 6 caib. Do chruthughadh na n-uile agus go sunradhach
an duine, etc.
Do chruthughadh na n-uile.
Do chruthughadh an duine.
Don adhbhar fár cuireadh an duine as parrthas.



An 7 caib. Do riaghladh na n-uile, agus go sunradhach don
adhbhar fá ttabhair Dia bochdaine do na
fíréunaibh agus conách saoghalta do na peacthachaibh.



An 8 caib. Do choimpeirt Chríosd.
Do choimpeirt an Mhic shíordhuidhe.
Dá bhreith, agus don adhbhar fár ghlac colann
daonda.
Don ainm tugadh air.



An 9 caib. Do pháis ar ttighearna Críosd.
Do ghabháil ar ttighearna Íosa.
Do na pianaibh do fhulaing Críosd ina chorp agus
ina chean.
Dá chrochadh.


L. 9


Dá bhás.
Dá adhlacadh.



An 10 caib. Don ghrádh do fhoillsigh Dia dúinn a mbás
Chríosd, etc.



An 11 caib. Do dhul ar ttighearna Críosd go hifreann,
etc.
Do dhul ar ttighearna Críosd go hifreann.
Dá éiséirghe agus dá dhul ar neamh.



An 12 (caib.) Do theachd Chríosd dochum an bhreitheamhnais.



An 13 caib. Don Sbiorad Naomh.



An 14 caib. Don naoimhEagluis Chatoilice agus dá
comharrthaibh.
Don naoimhEagluis Chatoilice.
Dá comharrthaibh, etc.



(An 15 caib. Do chomhchruinniughadh na n-eithriceadh
agus dá chomharrthaibh.)



An 16 caib. Do chuman na naomh.



An 17 caib. Don loghadh, etc.
Don loghadh.
d'óirchisdi na hEagluisi.



An 18 caib. Do mhaitheamh na bpeacadh.
Don mhodh ar a maitear peacadh na sinnsear agus
ar bpeacadha sologhtha dhúinn.
Don mhodh ar a maitear ar bpeacadha marbhtha
dhúinn.



An 19 caib. Do ghrásaibh Dé.



An 20 caib. D'eiséirghe na ccorp, agus don chruth a mbeid.



An 21 caib. Don bheathaidh shuthain.



AN TREAS RANN
thráchdas ar an dóchas.



An 1 chaib. Don dóchas, don Phaidir, agus dá míniughadh.
Don dóchas.
Do Phaidir.
Do mhíniughadh na Paidre.


L. 10


An 2 caib. D'Fháilte an Aingil, etc.
D'Fháilte an Aingil, etc.
Do chuid Elisabet agus na hEagluisi don
urnaighthe-si.
Do mhíniughadh na hurnaighthe-si.



An 3 caib. Dar n-urnaighthe dochum Muire agus dochum
na naomh.
Dar n-urnaighthe dochum Muire.
Dar n-urnaighthe dochum na naomh.



AN CEATHRAMHADH RANN
thráchdas ar an ngrádh.



An 1 chaib. Do ghrádh Dé, etc.
Do ghrádh Dé.
Do ghrádh na comharsan.



An 2 caib. Do na haitheantaibh.
D'aitheantaibh an chéudchláir.
D'aitheantaibh an dara cláir.



An 3 caib. Don chéudaithne, etc.
Don ainchríosduidhe agus don asarlaighe.
Do na piseógaibh.
Do na heithriceadhaibh, etc.



An 4 caib. Do na deaghainglibh, etc.
Do na deaghainglibh, etc.
Do na deamhnuibh agus dá n-urchóid.



An 5 caib. Don onóir dhlighthear do Mhuire, etc.
D'onóir Mhuire agus na naomh.
D'onóir thaiseadh na naomh.
D'onóir na n-íomháigheadh.



An 6 caib. Don dara haithne.
Don naomhathais.
Don mhóid.
Do na mionnaibh, etc.



An 7 caib. Don treas aithne.



An 8 caib. Don cheathramhadh aithne.



An 9 caib. Don chúigeadh aithne.


L. 11


An 10 caib. Don seiseadh aithne.
Don mhodh ar a seachaintear an drúis.



An 11 caib. Don seachdmhadh aithne.
Don ghoid, don chreachadh, etc.
Don úsurachd agus don tshiomonia.



An 12 caib. Don ochdmhadh aithne.



An 13 c. Don 9 agus don 10 aithne.



An 14 caib. Do nuimhir agus d'ughdar aitheantadh na
hEagluisi.



An 15 c. Don dá chéudaithne dhíobh.
D'oibliogáid na saoire, etc.
D'aimsir na faoisidne, etc.



An 16 c. Do na trí haitheantaibh oile.
Don trosgadh.
Don dá aithne dhéidheanaigh.



AN CÚIGEADH RANN
thráchdas ar na sacramaintibh.



An 1 chaib. Do na sacramaintibh go generálta agus dá
nuimhir.



An 2 caib. Don bhaisdeadh, etc.
Don bhaisdeadh agus dá tharbha.
Do na neithibh as riachdanas dochum an
bhaisdthe.
Do na cairdiosaibh Críosd.



An 3 caib. Dul fá láimh easbuig.



An 4 c. Do shacramaint na haithrighe.
Don tuirse chroidhe.
Don fhaoisidin.
Don luchd nach foillsigheann a bpeacadha go
hiomlán san bhfaoisidin tré dhearmad nó tré
náire.
Don lóirghníomh.



An 5 c. Do shacramaint Chuirp Chríosd.
Do na neithibh iarrthar dochum na sacramainte-si,
etc.
Do onóir dhlighthear di, etc.


L. 12


An 6 caib. Don ungadh dhéidheanach.



An 7 caib. Do na grádhaibh coisreagtha.



An 8 caib. Do shacramaint an phósda, agus do na neithibh
iarrthar chuige.



AN SEISEADH RANN
thráchdas ar na subháilcibh agus ar na lochdaibh.



An 1 chaib. Do na subháilcibh diadha, etc.



An 2 caib. d'oibribh na trócaire.
D'oibribh corparrdha na trócaire.
D'oibribh sbioradálta na trócaire.



An 3 c. Do na hochd mbeannaighthibh, etc.
Do na hochd mbeannaighthibh.
Do chomhairlibh an tsoisgéul.



An 4 caib. Do thiodhlaicthibh agus do thoirthibh an
Sbiorad Naoimh.



An 5 c. Do na lochdaibh, etc.
Do pheacadh na sinsear, etc.
Do pheacadh an ghníomha, etc.



An 6 caib. Do na seachd bpcadhaibh marbhtha,
etc.



An 7 caib. Do na peacadhuibh bhíos a n-aghaidh an
Sbiorad Naoimh, etc.



An 8 caib. d'easccairdibh an anma, etc.



An 9 caib. Do chumhachdaibh an anma.



AN SEACHDMHADH RANN
thráchdas ar an urnaighthe.



An 1 chaib. Don urnaighthe, etc.



An 2 caib. Don áit ina dual an urnaighthe do
dhéunamh, etc.
Don loghadh ghnouighid an luchd do-ní í a
n-eagluisibh bhráthar mionúr S. Phroinsias,
etc.


L. 13


Don loghadh atá le a ghnoughadh sna heagluisibh
céudna, etc., agus don luchd thoghas a n-adhlacadh
ionnta, nó a n-aibid S. Phroinsias, nó
do-bheir póg chráibhtheach dhi.



An 3 caib. Do na neithibh iarrthar san urnaighthe.



An 4 caib. Don Choróin Íosa agus dá loghadh, etc.



An 5 caib. Don Choróin Mhuire, etc.
Don Choróin Mhuire.
Don mhodh ar ar cóir an Choróin Mhuire do
rádh, agus dá loghadh.



An 6 caib. Do liottánuibh Íosa agus dá loghadh.



An 7 caib. Do liottánuibh Mhuire agus dá loghadh.



An 8 caib. Do liottánuibh na naomh.



AN T-OCHDMHADH RANN
thráchdas ar an aifreann.



An 1 ch. d'iodhbairt an aifrin, etc.
D'iodhbairt an aifrinn, etc.
Do chotchaibh prinnsiopálta na hiodhbarta-so,
etc.



An 2 caib. Ina bhfoillsighthear ciall éididh an aifrinn,
etc.
Do chéill gach boill do chulaidh an aifrinn.
Do chéill gach coda don aifrionn.



An 3 caib. Don chaoindúthrachd as cóir ag éisdeachd
an aifrinn.
Don mhodh ar ar cóir an t-aifrionn d'éisdeachd.
Don mhodh ar ar cóir iodhbairt an aifrinn
d'ofráil do Dhia.
Don urnaighthe as ionráidh le tógbháil an Chuirp
Naomhtha.



An 4 caib. Don mhodh ar ar cóir an chomaoin sbioradálta
do ghlacadh.



An 5 caib. Don mhodh ar ar cóir an tsheanmóir
d'éisdeachd maille re tarbha.


L. 14


AN NAOMHADH RANN
thráchdas ar fhreacar na sacramainteadh.



An 1 chaib. Don fhaoisidin, agus don ullmhughadh as
indéunta chuice.



An 2 caib. Don urnaighthe as indéunta rias an
bhfaoisidin.



An 3 caib. Don mhodh ar ar cóir don aithrigheach, etc.
Don mhodh ar ar cóir don aithrigheach é féin
d'iomchar ar triall dochum na faoisidne.
Don mhodh ar ar cóir don aithrigheach é féin
d'iomchar ag déunamh na faoisidne agus d'éis a
déunta.



An 4 caib. Do shacramaint Chuirp Chríosd, agus don
ullmhughadh as indéunta chuice.



An 5 caib. Don mhodh ar ar cóir don chríosduidhe, etc.
Don mhodh ar (ar) cóir don chríosduidhe é féin
d'iomchar ria ccaitheamh comaoineach.
Don mhodh ar ar cóir don chríosduidhe é féin
d'iomchar ag caitheamh comaoineach.
Do na nethibh as indéunta iar ccaitheamh
comaoineach.
Don urnaighthe as indéunta iar ccaitheamh
comaoinach.
Don mhodh ar ar cóir gach riachdanas do
nochdadh do Dhia san tshacramaint-si ag
iarruidh furtachda air.
Don mhodh ar ar cóir an lá do chaitheamh iar
nglacadh comaoineach.



AN DEACHMHADH RANN
thráchdas ar chrann agus ar oroláisde na páisi.



An 1 chaib. Don mhodh ar ar cóir smuaineadh go
hinmheadhónach ar rúindiamhruibh páisi ar
dTighearna, agus don tarbha tig dhúinn as.


L. 15


Don ullmhughadh, etc.
Do tharbha na midheamhna-so, etc.
Don mhodh ar a musgailtear an t-anam dochum
iongantais, eagla, etc.
Don mhodh ar a ngeintear dóchas, agus grádh Dé
agus na comharsan, etc.
Don bhuidheachas, d'ofráil, etc.



An 2 caib. d'oroláisde na páisi.



An 3 caib. Don luchd do chuidigh páis do thabhairt
do Chríosd, etc.
Midheamhain na maidne Dia Luain.
Don luchd do chuidigh, etc.
Do na hionadaibh in ar shiubhail Críosd
a n-aimsir a pháisi.



An 4 caib. Do na hionnsdrumuinntibh leur fhulaing
Críosd páis.
Midheamhain na maidne Dia Máirt.



An 5 caib. Do dhá pheannad déug, etc.
Midheamhain na maidne Dia Céudaoin.
Do dhá pheannaid déug Chríosd.
Do na seachd n-uairibh do dhoirt Críosd a fhuil.



An 6 caib. Do naomhshacramuint na haltóra, agus don
druing do chuidigh le Críosd a n-aimsir a
pháise, etc.
Midheamhain na maidne Dardaoin.



An 7 caib. Do chéusadh Chríos, etc.
Midheamhain na maidne Dia hAoine.
Do chéusadh ar ttighearna, etc.
Do na seachd mbriathraibh do labhair Críosd
san ccroich.



An 8 caib. Do sheachd ndólásuibh ar mbaintighearna Muire.
Midheamhain na maidne Dia Sathairn.



An 9 caib. Don mhaith táinig as páis ar ttighearna
Críosd.
Midheamhain na maidne Dia Domhnaigh.
Don dá mhaith dhéug táinig eisde.


L. 16


Don mhodh ar a ttiobhra an críosduidhe punc
éigin do bheathaidh nó do pháis Chríosd ina
chuimhne in gach cás dá tteigéumha dhó.
Don mhodh ar ar cóir an udhachd dhéidhionach
do dhéunamh.



AN T-AONMHADH RANN DÉUG
thráchdas ar ar ccríochuibh déidheanacha.



An 1 chaib. Do bhás na bpeacthach.
Midheamhain an tráthanóna Dia Luain.



An 2 caib. Do bhás na bhfhíréun.
Midheamhain an tráthanóna Dia Máirt.



An 3 caib. Don bhreitheamhnas.
Midheamhain an tráthanóna Dia Céudaoin.



An 4 caib. Do phianuibh ifrinn agus do shunradh do
phianuibh na ccéudfadh.
Midheamhain an tráthanóna Dardaoin.



An 5 caib. Do phéin na díoghbhála bhíos ar an druing
ndamanta, etc.
Midheamhain an tráthanóna Dia hAoine.



An 6 caib. Do phurgadóir, agus don mhodh ar ab éidir
na hanmanna d'fhuasgladh eisdi.
Midheamhain an tráthanóna Dia Sathairn.
Don mhodh darab éidir le brátharaibh mionúra
S. Phroinsias anmanna d'fhuasgladh as purgadóir.



An 7 caib. Do ghlóir fhlaitheamhnuis.
Midheamhain an tráthanóna Dia Domhnaigh.



AN DARA RANN DÉUG
thráchdas ar an aibghitir sbioradálta, etc.


L. 17


AN CÉUDRANN DON PHARRTHAS-SO
INA TTEAGAISGTHEAR CIONNAS AS CÓIR DHÚINN AR NGNATHOIBRE
LAETHEAMHLA, SBIORADÁLTA AGUS TEAMPORÁLTA, DO DHÉUNAMH DO
RÉIR THOILE DÉ.



AN CHÉUDCHAIBIDIL.



DON URNAIGHTHE AS INDÉUNTA AG ÉIRGHE SAN
MAIDIN.



Ceisd Créud as indéunta san maidin? A freagra. Gach ní as oirchios
don chríosdaidhe.



Créud as oirchios don chríosdaidhe? Ó thús, iar musgladh as a chodladh dhó,
a inntinn do thógbháil dochum Dé agus a choisreagadh ag rádh: “A n-ainm
an Athar, agus an Mhic, agus an Sbiorad Naoimh. Amén.
Beannachadh dhuit, a Thríonnóid Naomhtha dhoidheadhla,
anois agus riamh agus a saoghal na saoghal. Amén.”



'Na dhiaidh sin, ag éirghe as a leabaidh, guidheadh Íosa ag
rádh:



Ortha.



A mo Shlánuightheóir a Íosa Críosd, do cheannaigh mé ar
t'fhuil agus do éirigh an treas lá as an tumba go glórmhar, do-bheirim
buidheachas do-aisnéidhe dhuit, tré mar do
chumhdaighis go so agus go spesialta san oidhche-si mé. Éirghim
anois ad th'ainm, agus guidhim thú ar son do pháise, sdiúr agus
riaghlaigh, coimhéid agus beannaigh mé aniodh agus feadh mo bheathadh
agus treóraigh dochum na beathadh síordhuidhe mé. Amén.



Arís, ag gabháil a éudaigh uime, smuaineadh ar éudach agus
ar ionnsdrumeintibh páise a Thighearna Críosd; agus dá bhrígh
sin, ag cur a bhróg air, smuaineadh ar thairrngibh na ccos agus


L. 18


ar an ccoróin spíne ag folach a chinn; ag dúnadh a chnaipeadh,
ar na sgíursadhaibh agus ar an éudach púrpair, etc.



Iar ccur, iomorro, a éudaigh uime, léigeadh é fhéin ar a
ghlúinibh do ghuidhe agus do thabhairt buidhiochais do Dhia ar
son a ttug do thiodhlaicthibh dhó agus tré mar do chumhdaigh é
gus an uair-sin, ag rádh, agus a bhosa re a chéile agus a aghaidh
suas: “A n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Sbiorad Naoimh.
Amén.”



Orrtha.



A mo Thighearna, A Dhé uilechumhachdaigh, a Chruthaightheóir
nimhe agus talmhan, a Rí na ríogh agus a Thighearna na
ttighearnadh, do-righne mé do réir do chrotha agus do chosmhaile
féin, agus do fhuasgail mé leud th'fhuil; adhraim thú, molaim thú,
do-bheirim an uile ghlóir agus onóir agus buidheachas doi-mheasda
duit ar son mo chruthaighthe, críosduidhe do dhéunamh dhíom,
mo shlánaighthe, agus mo chumhdaigh gus an uair-si. Ó a
Thighearna, ofráilim agus iodhbruim dhuit go humhal iníseal, anois
agus feadh mo bheathadh, mh'anam agus mo chorp, mh'uile bhriathra
agus smuaintighthe, m'uile ghníomha agus luadhaill, agus mo bheatha
go hiomlán; cuirim romham d'inntinn agus do rún daingion gach
a ndingean ó so súas feadh mo bheathadh do bheith dochum
do thola do choimhlíonadh, do mhéudughadh do ghlóire agus
th'onóra, agus dochum do sheirbhísi. Ó a Thighearna, glac
mo dheaghthoil, neartuigh mh'anbhfhainne, agus treóraigh dochum
na beathadh suthaine mé, tré Chríosd ar ttighearna. Amén.



'Na dhiaidh so abradh trí Paidre, trí Aue Maria, agus an Chré;
an chéudPhaidear dochum an Athar neamhdha ag tabhairt
bhuidheachuis dhó ina thiodhlaicthibh; an dara Paidear dochum
an Mhic shíordhuidhe ag iarraidh deighbheathadh agus deaghbháis
san saoghal-sa air; an treas Paidear dochum an Sbiorad Naoimh
ag iarraidh na beathadh suthaine san saoghal thall; na trí Aue
Maria dochum Muire, agus an Chré dochum na n-absdal aga iarraidh
orra bheith 'na n-adhbhocóidibh aige dochum Dé.



Iarn-a ccríochnughadh so, abradh a Chonfiteor ar an modh-so.



Admhaim do Dhia uilechumhachdach, do Mhuire


L. 19


bheannaighthe ghnáthóigh, do Mhíchéul archaingeal, d'Eóin
Baisde, do na naomhapsdalaibh do Pheadar agus do Phól, agus do
na huile naomhuibh, gurab mór do pheacaigheas ó smuaineadh,
ó bhréthir, agus ó ghníomh; mo chionta, mo chionta, mo roi-chionta.



Sgrúdadh annso a choinsias, agus má do thuit a bpeacadh
mharbhtha nó sologhtha déunadh croidhebhrúdh do láthair, ag
rádh:



CROIDHEBHRÚDH.



A Thighearna, a Dhé uilechumhachdaigh, noch adhraim agus
ghrádhaighim ós cionn na n-uile, goillidh oram go ro-mhór agus
treaghdaidh mo chroidhe fearg do chur ort agus do neamhthoil do
dhéunamh, agus sin ar do shon féin atá ad mhaith dhoi-chríochnaighthe
agus ar son an ghráidh dlighthear dhuit; agus ar
son an ghráidh chéudna cuirim romham anois go síthmheanmnach
do láthair na banóighe glórmhaire Muire, do mháthar millsi,
agus do láthair mh'aingil choimhideachda agus na cúirt neamhdha
archeana, gan éinpheacadh do dhéunamh go bráth id th'aghaidh,
agus fós m'fhaoisidin do dhéunamh, mar as luaithe fhéadfad, go
rún ndaingean mo bhreath aithrighe do choimhlíonadh.



'Na dhiaidh sin abradh: Uime sin guidhim naomhMuire
mhaighdean, Míchél archaingeal, Eóin Baisde, na naomhapstoil
Peadar agus Pól, agus na huile naomha d'eadarghuidhe ar mo shon
dochum mo Thighearna Dé. Amén.



Déunadh Dia uilechumhachdach trócaire orainn, agus iar
maitheamh ar bpeacadh treóraigheadh sinn dochum na beathadh
síordhaidhe. Amén.


L. 20


Fearsa. Go mba toil lat, a Thighearna.
A freagra. Ar ccumhdach aniodh ó pheacadh.
Fears. Déin trócaire orainn, a Thighearna.
Freag. Déin trócaire.
Fears. Déin trócaire orainn.
Freag. Do réir ar ndóchais ionnad.
Fears. Éisd mh'urnaighthe, a Thighearna.
Freag. Agas roicheadh mh'osnadh dod láthair.



Orrtha.



A Thighearna, a Dhé uilechumhachdaigh, tug dhúinne breith
ar thús an laoi-si, slánaigh sinn aniodh tréud th'fheartaibh;
ionnas nach claonmaois dochum peacaidh, achd ar n-uile
urlabhra, smuainthighthe, agus oibreacha do dhíorghadh do
chomhall do reachda, tré Chríosd ar ttighearna. Amén.



Dochum an aingil choimhideachda.



A aingil Dé, a mo choimhéudaidh, tré bhúidhe an Tighearna,
soillsigh mé aníodh, riaghlaigh, sdiúr, agas caomhain. Amén.



Go mbeannaighe an Tighearna sinn, go gcaomhna ón uile
olc, go ttreóraighe dochum na beathadh suthaine, agus go
bhfhaghaid anmanna na ccreidmheach tré thrócaire nDé
cumhsanadh suthain. Amén.



Iar sin smuaineadh roimhe ar ar mian leis do dhéunamh
feadh an laoi, agus iarradh congnamh Dé, Muire, agus na naomh
dochum a ndéunta do mhéudughadh glóire agus onóra Dé, ag rádh:
Ó a Thighearna, a mo Dhé, tabhair grása dhamh gach a ndingean
feadh mo bheathadh, agus go spesialta aniodh, do dhéunamh do
mhéudughadh do ghlóire agas th'onóra féin.



A Athair neamhdha, déin trócaire oram.
A Íosa, a Mhic Dé bhí, déin trócaire oram.
A Sbiorad Naoimh, a Dhé, déin trócaire oram.
A Thríonnóid Naomhtha, a Dhé, déin trócaire oram.


L. 21


A Mhuire, a naomhmáthair Dhé, guidh ar mo shon.
A aingil choimhideachda naoimh, guidh ar mo shon.
A Phádruic naoimh, guidh ar mo shon.
A Choluim naoimh, guidh ar mo shon.
A Phroinnsiais naoimh, guidh ar mo shon.
A Bhríghid naomh, guidh ar mo shon.



(Gairmeadh iar sin ar gach naomh as mian leis, agus 'na dhiaidh
sin abradh:)



A Mhuire naomh agus a uile aingle Dé, a naomha agus bhannaomha,
guidhidh ar mo shon dochum an Tighearna, ionnas go
gcaomhnadh ón uile olc agus go ttréoraigheadh dochum na beathadh
síordhuidhe mé. Amén.



AN DARA CAIBIDIL.



DO NA CÉIDNEITHIBH AS INDÉUNTA IAR N-ÉIRGHE, AGUS
DON URNAIGHTHE AS INDÉUNTA AG CLOS CHLUIG NA
FÁILTE AINGLEACDHA.



DO NA CÉIDNEITHIBH AS INDÉUNTA IAR N-ÉIRGHI SAN MAIDIN.



C. Iar ccríochnughadh na caoíndúthrachda-so, créud as
cóir don chríosduidhe do dhéunamh?



F. Éirghi ga choisreagadh, agus gluasachd gan mhoill don
eagluis do ghuidhe Dé, d'éisdeachd an aifrinn agus na seanmóra,
faoisidi do dhéunamh agus comaoineacha do ghlacadh más aimsear
loghaidh nó diuósioin mhóir í. Agas iar tteachd a bhfiadhnuise
na haltóra dhó, léigeadh é féin ar a ghlúinibh a bhfiadhnuise
a Thighearna Dé (atá dáríribh do láthair san uile áit agus go
spesialta san eagluis), gus an n-úmhlachd anma agus chuirp as mó
as éidir leis, amhail dobhiadh bochdán dearóil ag dul d'iarraidh
déurca ar rígh go mórdhachd agus go ttrócaire ndoí-chríochnuighthe.



C. Cionnas as cóir don chríosduidhe an t-aifreann d'éisdeachd?



F. Do chéidneithibh, ag triall dochum an aifrinn dó,
smuaineadh go bhfhuil ag triall chuige fá mar dobhiadh
ag teachd go sliabh Caluari; agus iar tteachd do láthair dhó,


L. 22


smuaineadh go bhfhuil annsin mar dobhiadh fá bhun na croiche
a ccuideachdain na naomhmaighdine Muire, Eóin Bruinne, agus
Mhuire Mhaghdaléun. Iar sin smúaineadh go bhfhuil ag ofráil
na háirdiodhbarta-sin Chuirp Chríosd agus a Fhola don Athair
neamhdha tré lámhaibh an tshagairt.



Arís, an tan bhias ag éisdeachd an aifrinn, smúaineadh
go ro-dhúthrachdach ar rúindiamhraibh pháise Críosd atá ga
sollamnughadh ann. Malle ris sin, glacadh Corp an Tighearna
go sbioradálta, ní sa lugha in gach aifreann éisdfios, an tan
bhíos an sagart aga ghlacadh, agus sin lé húmhlachd, lé teas
ngrádha, agus lé caoíndúthrachd n-iomchubhaidh; óir ullmhaighidh
lón ro-mhór dá anam dochum nimhe tréus an ccomaoín
sbíoradálta-sin: achd laibheóram nísa líonmhuire air so
'nar ndíaidh mar a ttráchdfam ar an n-úrnaighthe.



DON URNAIGHTHE AS INDÉUNTA AG CLOS NA FÁILTE
AINGLEACDHA.



C. Créud as indéunta don chríosdaidhe ag clos chluig na
Fáilte Aingleacdha san maidin, a meadhón laoi, agus tráthnóna?



F. Abradh Fáilte an Aingil trí huaire ar an modh-so.



Do bheannaigh aingiol an Tighearna do Mhuire,
Agas do choimpir ón Sbiorad Naomh.
Día do bheatha, a Mhuire, etc.
Ag so inilt an Tighearna,
Teagmhadh dhamh do réir do bhréithre.
Día do Bheatha, a Mhuire, etc.
Do ghabh an Bhríathar colann dáonna,
Agas do aitreabh ionnainne.
Día do bheatha, a Mhuire, etc.



Ortha.



Guidhmíd thú, a Thighearna, doirt do ghrása in ar ccroidheadhaibh;
ionnas, ó thángamar dochum eólais ionchollaighthe


L. 23


do Mhic Íosa tré bhriathraibh an aingil, go ttreóruighthi sinn
tré a pháis agas chroich dochum glóire na heiséirghe. Amén.



AN TREAS CAIBIDIL.



DON MHODH AR AR CÓIR DHÚINN BEANNUGHADH DO
CHROIS AGUS DON CHOMHARSAIN AN TAN THEIGÉUMHAID
DHÚINN.



DON MHODH AR AR CÓIR DHÚINN BEANNUGHADH DO CHROIS.



C. Cionnas bheannuigheas tú do chrois an tan theagmhas
ort?



F. Adeirim, ag nochdadh mo chinn agus ag déunamh reuerens
di: “Adhraim do chroch, a Thighearna, a n-onóir do pháisi
glórmhuire, tréur saoradh agus tréur slánaigheadh inn. Tré
chomhartha na croiche naomhe, saor inn, a Dhé, ór
n-easgcairdibh.”



DON MHODH AR AR CÓIR DHÚINN BEANNUGHADH DON
CHOMHARSAIN.



C. Cionnas bheannuigheas tú don chomharsain ag teagmháil
di?



F. “Moladh d'Íosa Críosd”; óir tug Sixtus, an cúigeadh
Pápa don ainm-sin, loghadh chaogad lá do gach aon bheinneóchas
mar sin don chomharsain. Agas tug an loghadh céudna don
chomharsain dá bhfreagra ag rádh: “Moladh dhó do ghnáth.”
Bulla 25.



C. Créud as gnáthfhocal duit in gach teagmhais?



F. Gairm maille re reuerens ar ainm Íosa nó Muire; óir
tug an Sixtus céudna loghadh cúig lá fhichead do gach aon
ghoireas mar sin orra. Tug fós an Pápa céudna loghadh iomlán
a uile pheacadh a n-airteagal a bháis do gach aon aga mbí an
deaghghnás-so, dá ngairme orra, nó ar ceachdar dhíobh, san
airteagal chéudna, ó chroidhe amháin muna fhéuda é ó bhéul.
Tug fós an loghadh céudna do na seanmóntadhuibh chuireas


L. 24


so a ccéill do na puiblibh an tan bhíd ag seanmóir dhóibh agus
bhrosdas iad chuige; agus fós do gach aon oile do-bheir fá deara
a ghnáthughadh. Xixt., Bull. 25.



AN 4 CAIBIDIL.



DON MHODH AR AR CÓIR DHÚINN AR NGNÁTHOIBRE
LÁETHEAMHLA TEAMPORÁLTA DO DHÉUNAMH.



C. Cionnas as cóir do chríosdaidhe a ghnáthoibre laetheamhla
teamporálta do dhéunamh?



F. Aga choisreagadh abradh: “A n-ainm an Athar, agus an
Mhic, agus an Sbiorad Naoimh. Amén. Tionsgnaim an obair-si
do mhéudughadh glóire agus onóra Dé, agus dochum sláinte m'anma.”
Smúaineadh ar úairibh mar dobhíadh Íosa agus Muire mháthair
ga choimhideachd agus ar gach taobh dhe, ag cuidiughadh leis an
obair do dhéunamh, agus labhradh annsin go grádhach riú ó bhéul
nó ó chroidhe, ag rádh na mbriathar-sa nó a gcosmhuile. “A
Íosa ionmhuin, toirbhirim mé féin idir anam agus chorp mar
áon ris an obair-se dhuit. Ó a Íosa, a mhillsi mo chroidhe,
tabhair grádh lasamhuin dhamh ort. A Íosa, a mo dhóigh agus a
mo shólás, tabhair dhamh do thoil do dhéunamh. A Mhuire, a
mháthair na ngrás, neartaigh agus cuidigh,” etc.



Ar uairibh oile glacadh siocair as an obair do-ní, do réir a
cáilídheachda, dochum deaghsmuaintightheadh ttarbhach oile;
.i. an tan bhíos ag déunamh saothair a ngar do theinidh,
smuaineadh ar theinidh ifrinn. Más obair í ina bhfhaghann
sult, smuaineadh ar ghlóir fhlaitheamhnais, etc.



C. Créud as indéunta dhó an tan bhíos saothar do-fhulaing
nó dólás air?



F. Abradh, bíodh nach moitheóchadh fonn a ráidh air:
“Glóir don Athair, don Mhac, agus don Sbiorad Naomh, mar do
bhí ó thús, mar atá, agus bhias do ghnáth a saoghal na saóghal,
Amén:” nó a shamhuil oile; óir mar so taisbéunaidh nach
fuil claóite 'na thrioblóid. Cuireadh ar uairibh oile é féin a
bhfhochair Chríosd san ccroich, ag ceangal a dhóláis re ar
iomchuir-sion ar a shon. Smúaineadh uair oile ar a chríochaibh


L. 25


déidhionacha, agus measadh nach fiú énní a dhólás a n-aithfhéuchain
phian n-ifrinn. Do-ghéuna so an uile shaothar éuttrom
so-fhulaing.



C. Créud do-ghéuna ag críochnughadh a oibre?



F. Abradh: “Críochnuighim an obair-si do mhéudughadh
glóire agus onóra Dé agus dochum sláinte mh'anma, a n-ainm an
Athar, agus an Mhic, agus an Sbiorad Naoimh. Amén.”



AN 5 CAIBIDIL.



DO NA NEITHIBH AS INDÉUNTA RÍA AGUS IAR
CCAITHEAMH BÍDH.



C. Créud do-ní tú a n-aimsir chaithmhe bídh?



F. Beannuighim an bord, agus do-bheirim altughadh buidhe do
Dhia iarn-a chaitheamh.



C. Créud as fhoirm do bheannughadh an bhuird?



F. An fhoirm-si 'nar ndíaidh.



DO BHEANNUGHADH AN BHUIRD.



Fears. Go mbeannaighe Dia sinn.
Freag. Go mbeannaighe.



Orrtha.



Beannuigh inn, a Thighearna, agus na tiodhlaicthe-si atámaoíd
ar tí do chaitheamh do thoradh th'fhialmhaitheasa féin, tré
Chríosd ar tTighearna. Amén.



Fears. Go mba toil libh, a Thighearna, ar mbeannughadh.



Freag. Go ttabhra Rí na glóire síordhuidhe ar ccuid don
fhleidh neamhdha dhúinn. Amén.



(A n-aimsir choda adeirthear a n-ionadh na fearsa déidheanaigh-si:)



Fears. Go mbeiri Rí na glóire suthuine sinn dochum coda
na beathadh síordhuidhe.



Freag. Amén.


L. 26


C. Créud do-ní tú ag ithe an bhídh?



F. Iar suidhe dhamh, adeirim go hinmheadhónach: “A
Thighearna, a mo Dhé, glacuim an bíadh-so uait amhail
phreasánta ó nimh, agus tionnsgnaim a chaitheamh dochum do
ghlóire agus th'onóra, agus dochum gomadh móide do-ghéunainn
seirbhís chuirp dhuit.”



DON ALTUGHADH IAR CCAITHEAMH BÍDH.



C. Créud as foirm don altughadh?



F. An fhoirm-si 'nar ndiaidh.



Fears. Beannaigheam an Tighearna.



Freag. Buidheachas do Dhia.



Ortha.



Buidheachas duit ar son th'uile thiodhlaiceadh dhúinn, a
Dhé uilechumhachdaigh, atá ad Rígh bhithbhéo a saoghal na
sáoghal. Amén.



Fears. A Thighearna, déin trócaire oruinn.



Freag. A Chríosd, déin trócaire oruinn.



Fears. A Thighearna, déin trócaire oruinn.
A ar nAthair, atá ar neamh, etc.



Fears. Ná léig inn a ccathughadh.
Freag. Achd saor inn ó olc. Amén.



Ortha.



Go mba toil leat, a Thighearna, a huchd do naomhanma,
an bheatha mharthanach do thabhairt don luchd do-ní maith
dhúinn. F. Amén.



Go bhfhaghaid anmanna na ccreidmheach tré thrócaire nDé
cumhsanadh suthain. F. Amén.



Glóir dho Dhia, onóir dá naomhaibh, grása do bhéoaibh,
trócaire do mharbhaibh, síth a ccill agus a ttuaith. F. Amén.



C. Créud do-ní tú iar n-altughadh?


L. 27


F. Téighim a n-ionadh uaigneach, agus adeirim ní sa lugha
cúig Paidreacha go ccúig nAué María, a n-onóir na ccúig ccréuchd
do-ríghneadh ar mo Thighearna Críosd, do bhreith bhuidheachuis
ris, mar do shás mé trén-a mhórmhaitheas, comhthrom na
haimsire dobhí féin iar ttiormughadh do thart san ccroich íar
ccaill a fhola, .i. a meadhón laoí.



Sgrúdaim annso mo choinsias go hathchumair, agus smuainim
ar gach rún dar chuireas romham san maidin, agus féuchuim cionnas
do choimhlíonas iad, agus má do thuiteas a bpeacadh mharbhtha
nó shologhtha do-ním croidhebhrúdh ann do láthair, agus
athnúadhaighim na deaghrúin chéudna.



AN 6 CAIBIDIL.



MAR AS CÓIR DHÚINN IOMCHAR RÉR CCOMHURSAIN.



MAR AS INDÉUNTA AG DÉUNAMH GNÓAIGHEADH RÍA.




C. Créud do-ní tú ag déunamh gnoaigheadh ris an
ccomharsain?



F. Ó thús, do bhrígh go mbím griongalach fá shláinte ar
n-anmann ar aon seach na huile, cuirim romham mo dhíthcheall
do dhéunamh gan dochar sbioradálta ná teamporálta do
theachd do cheachdar aguinn as an ccomhrádh-sin, agus
ullmhaighim mé féin dochum foidhide a ccás go tteigéumhadh
riom é. Bídh mo chomhrádh fírinneach, comhathchumair as
éidir a bheith, agus mo ghuth inísiol maille ré tromdhachd, ré
simplidhiochd, agus re díorgha mheanman. Féuchuim go
geanmnuidh ar an bpearsain re a bhfhuilim ag labhairt, amhail
íomháigh do Chríosd (madh fear) nó do Mhuire (madh bean í),
agus go hinmheadhónach ar an anam do ceannaigheadh ar fhuil
mhórlúaigh Íosa Críosd; agus ó atá Dia in gach ionadh, measuim
a bheith a n-anam an té re a labhraim, agus mar sin bídh umhlachd
agus grádh agam dhó.



MAR AS INDÉUNTA A N-AIMSIR CHOMHLUADAIR RÍA.




C. Créud do-ní tú a n-aimsir chomhluadair?



F. Do-ním mo dhíthcheall gan ní ar bhioth do chumasg


L. 28


thríd do chuirfeadh sgrupal oram a n-am na fáoisidne, mar atá
murmur nó bréuga, etc., agas toirmisgim, an mhéid go bhféudaim,
an uile chonuearsáid pheiríaclach. Maille ris sin, do bhrígh
gurab dochum sóláis as dual an comhluadar agus an caitheamh
aimsire, ní theagmhaim a n-iomarbháidh ré héinneach, agus ní
labhraim ar neithibh ar a mbiadh míghean nó míoghnáoi ag
mo chomthachuibh; achd tógbhaim gach gné shúgartha as mó
as ar ab éidir liom tarbha do bhuain do thaobh anma agus chuirp,
.i. sgéuluídheachd sbioradálta, sdairthe macánta, céol, nó saothar
lámh, etc.



AN 7 CAIBIDIL.



DO NA NEITHIBH AS INDÉUNTA A N-AIMSIR CHODA
AGAS RÉ NDUL DO CHODLADH.



DO NA NEITHIBH AS INDÉUNTA A N-AIMSIR CHODA.



C. Créud do-ní tú a n-aimsir choda?



F. Do-ním mar do-righneas a n-aimsir dhínnéir; maille
ris sin, smuainim mórmhaitheas agas tíodhlaicthe mo Thighearna
Dé dhamh (atá am easccaraid aige tréum pheacthaibh gráineamhla),
agus go sunradhach mar nach é amháin go ttug mo
dhínnéur dhamh san ló, achd fós gur ullmhaigh mo chuid dhamh
ag teachd na hoidhche. Do-bheirim an dara smúaineadh ar
líonmhuire mo pheacadh, agus go spesíalta ar mo dho-bhuidheachas
ar Dhia 'na thiodhlaicthibh; agus guidhim é, a huchd an ghrádha
tréur thoirbhir é féin dúinn ina chuid dhéidheanaigh an lá riana
pháis, grása do thabhairt damh dochum na coda suthaine
do ghnoughadh san mbeathaidh mharthanaigh.



DO NA NEITHIBH AS INDÉUNTA RÉ NDUL DO CHODLADH.



C. Créud do-ní tú san oidhche ria ndul do chodladh?



F. Léigim mé féin ar mo ghlúinibh a n-áit éigin úaignigh


L. 29


maille ré reuerens agus uirísle chroidhe, agus coisreagaim mé ag rádh:
“A n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Sbirad Naoimh.
Amén. Beannachadh dhuit, a Thríonnóid neamhdha dhoidheadhla,
anois agus riamh agus a saoghal na saoghal. Amén.”



'Na dhiaidh sin adeirim trí Paidreacha, Fáilte an Aingil
fó thrí, agus Cré leis an inntinn le a ndubhras iad ar maidin; 'na
dhiaidh so mo Chonfiteor mar adúbhras túas san dara caibidil, agus
iar mbúaladh m'ochda dhamh, ag rádh “mo roi-chionta”,
sgrúdaim mo choinsias.



C. Cionnas sin?



F. Ag sgrúdadh m'uile oibreadh, bhriathar, agus smúaintightheadh,
ó do éirgheas ar madain an lá-sin, dá fhéuchain cionnas
do chaitheas gach uair dhe agus créud na siocra dobhí agam;
agus má do thuiteas a bpeacadh sologhtha nó marbhtha, do-ním
croidhebhrúdh do láthair ann, agus fós im uile pheacthaibh
feadh mo bheathadh, mar adubhramar thuas san dara caibidil
don pharrthas-so; óir ar mhaitheas an domhain ní chodailfinn
a bpeacadh mharbhtha gan an t-aithreachas-so do dhéunamh
ann a ccéudóir, agus gan a fhios agam an mairfinn ag éirghe laoí
arn-a bhárach. Maille ris so smuainim ar gach rún dar chuireas
romham ar maidin, agus féuchaim cionnas do choimhlíonas íad;
agus munar choimhlíonas, athnuadhaighim mo rún agus cuirim romham
dul ar mh'aghaidh ó shoin súas, mar do-ríghneas ar maidin.
Sgrúdaim fós mo dhroichbhéusa, mo dhrochclaonta, m'oibliogáidi,
agus gach ní oile atá 'na ríachdanas ar an deighbheathaidh, amhail
dobheinn ag tabhairt chunndais d'Íosa Críosd, mar do-bhéur
gan amharas iar sgarthain chuirp agus anma.



Iar ccríochnughadh an sgrúduidh-si, adeirim an chuid
oile don Chonfiteor gon-a leanann de, agus 'na dhiaidh sin adeirim:



Slánaigh inn, a Thighearna, 'nar ndúsgadh, caomhain inn
'nar gcodladh, ionnas go mbémís ag foraire a bhfhochair Chríosd,
agus go suaimhnighmís san síoth shuthain. Amén.



Fears. Coimhéid inn, a Thighearna.



Freag. Dídin inn fód th'eitibh.


L. 30


Fears. Go mba toil libh, a Thighearna.



Freag. Ar ccumhdach anochd ó pheacadh.



Fears. Déin trócaire orainn, a Thighearna.



Freag. Déin trócaire.



Fears. Déin trócaire orainn.



Freag. Do réir ar ndóchais ionnad.



Fears. Éisd m'urnaighthe, a Thighearna.



Freag. Agas roicheadh mh'osnadh dod láthair.



Orrtha.



Guidhmíd thú, a Thighearna, teachd d'fhéuchuin na haitreibhe-si,
agus uile chealga ar n-easccarad do dhíbirt eisde; do naomhaingle
do bheith ga háitiughadh dar ccoimhéid-ne a síothcháin,
agus do bheannachd do bheith orainn go biothbhuan, tré Chríosd
ar ttighearna. Amén.



Dochum an aingil choimhideachda.



A aingil Dé; a mo choimhéudaidh, tré bhúidhe an Tighearna,
soillsigh mé anochd, riaghlaigh, sdiúr, agus caomhain. Amén.



Go mbeannaighe agus go ccáomhna an Tighearna trócaireach,
uilechumhachdach, .i. an tAthair, agus an Mac, agus an Sbiorad Naomh,
inn. Amén.



Anaim iar so feadh aimsire éigin ag meadhughadh mo chríoch
ndéidheanach, agus go sunradhach an bháis agus an bhreitheamhnuis.



C. Créud do-ní tú ag cur th'éudaigh dhíot dochum codalta?



F. Tréigim, diúltuim, agus tarcuisníghim ó thoil iomláin an
uile ní dar chruthaigh Dia, tré a sgarfuidhe ris féin mé.
Smuainim arís mar do nochd an cineadh Iúdaidhe Críosd dochum
a chéusda; agus guidhim é, ar son na bpían ina raibhe an tan-sin,
mo nochdadh óm uile antolaibh agas ainmíanuibh.



C. Créud smuaineas tú ag luighe id leabaidh dhuit?



F. Smuainim ar an síneadh bhías oram san uaigh iar
ccríochnughadh mo bheathadh; agus sínim mé féin amhail do
bheinn ag luighe mar aon ré Críosd san tumba. Saoraidh Dia
mar so ar dhrochchodladh mé; agus musglaim maille ré hullmhughadh
ro-mhaith dochum na híarmhéirghe.


L. 31


AN 8 CAIBIDIL.



DON IAIRMHÉIRGHE.



C. Créud as indéunta don chríosdaidhe a meadhón oidhche?



F. An iairmhéirghe do dhéunamh agus trátha cánónta, nó trátha
Muire, nó Coróin Íosa, nó Coróin Mhuire, nó liottáin Íosa,
Mhuire, nó na naomh, nó gibé urnaighthe thaisbéunas Dia dhó, do
réir a cháilidheachda, do rádh, agus guidhe ar anmannuibh
purgadóra: os a chionn sin, cáil éigin aimsire do chaitheamh
ag smuaineadh ar pháis Chríosd, ar a chríochuibh déidheanacha,
agus ar na hanmannaibh atá a n-ifrionn agus a bpurgadóir, nach 'na
ccodladh atáid achd ga losgadh a tteintibh do-mhúchda.



Smuaineadh, mar an ccéudna, nach fuilid na haingil ná na
naoimh a bhfhlaitheamhnas 'na ccodladh achd ag moladh Dé
do shíor, agus déunadh aithris orra go háiridhe an uair-sin; óir
ní fhuil ar bioth aimsear urnaighthe as fearr iná í, do bhrígh
go mbí an inntinn síothóilte, socair, sáor ó bhuaidhirt agus ó
thrioblóid an tshaoghail.



C. An bhfhuil réusún achd sin an urnaighthe-si do
dhéunamh a meadhón oidhche tar aimsir oile?



F. Atá; ó thús, do bhrígh gurab comhthrom na haimsire-sin
rugadh Críosd, agus fós, do réir choda do na naomhaithribh, thiocfas
dochum an bhreithiomhnais déidheanuigh.



Maille ris sin, go raibhi a ngnás san tsheinreachd a déunamh
a samhail sin d'aimsir, gonadh aire sin adeir an psailmcheadlaidh
agus an rí Dauídh, gé gurab mór dobhí ar a aire: Media nocte
surgebam ad confitendum tibi, Psal.118; .i. “Do éirghinn, a
Thighearna, a meadhón oidhche dod mholadh.” Do theagaisg
fós ar ttighearna Críosd an ní céudna san reachd núa, mar
gheibhthear ag Lúcás soisgéulaidh san seiseadh caib.: Erat
Iesvs pernoctans in oratione Dei; .i. “Dobhí Íosa a n-áirneán
ag guidhe Dé;” agus do lean urmhór a ttáinig do naomhaibh
san Eagluis riamh san bpunc-so é.



Atá an deaghghnás-so ar congbháil do ghnáth ag na horduibh
riaghalta agus ag daoinibh oile diadha. Ní himchían fós ó dobhí
an gnás beannuighthe céudna comhchoitcheann feadh Éirionn


L. 32


ag an uile shórt daoíneadh aga raibhe grádh Dé agus cúram fá
shláinte a n-anmann.



Guidhmíd, dá bhrígh sin, gach aon, aga bhfhuil grádh Dé 'na
chroidhe agus an cúram céudna fá shláinte a anma, gan an
deághghnás-so do léigean de tré leisgi nó shádhaile, achd an
iairmhéirghe do dhéunamh go friochnamhach ar lorg Chríosd agus
na naomh, agus Dia do ghuidhe go dúthrachdach fá ghrásaibh do
thabhairt dó féin agus dá chomharsain a bhos, agus an bheatha shuthain
thall.



Do thráchdamar gó so ar an bhfreacar laetheamhail. Anois,
dochum nach bíadh ní ar bíoth as riachdanus dod bheathaidh
sbioradálta 'na ainbhfhios ort, cuirfeam síos feasda gach ní sa
fhios as oirchios duit do bheith agad.


L. 33


AN DARA RANN DON PHARRTHAS-SO
THRÁCHDAS AR AN GCREIDEAMH.



AN CHÉUDCHAIBIDIL.



DO CHRÍOSD AGAS DON TEAGASG TUG UADH.



DO CHRÍOSD.



C. Créud é an ní Críosd?



F. Dia agus duine fíre.



C. Cionnas atá 'na Dhia fhíre?



F. Do bhrígh go bhfhuil 'na mhac nádúrtha ag an Athair
neamhdha.



C. Cionnas atá 'na dhuine fhíre?



F. Do bhrígh go bhfhuil 'na mhac ag Muire óigh.



C. Créud fá ttugthar Críosd air?



F. Fán ungadh, agus fá líon na ngrás dobhí aige.



C. An é an Críosd-so an Mesías fíre?



F. Asé go dearbhtha, agus do gealladh ón reachd agus ó na fáidhibh.



C. Créud í an mhaith do-righne dhúinne?



F. Ar slánughadh ór bpeacthuibh, agas teagaisg naomhtha
do thabhairt dhúinn.



C. Cionnas do shlánuigh inn ór bpeacthuibh?



F. Ag fulang na páisi as mó dar fhulaing duine riamh, agus fá
dheóidh bháis croiche idir dhís bithbheanach.



DON TEAGASG TUG CRÍOSD UADH.



C. Créud é an teagasg tug Críosd dhúinn?



F. An teagasg críosdaidhe.


L. 34


C. An maith an fhoghluim atá san teagasg críosdaidhe?



F. Ní fhuil ar bioth foghlaim ná léigheann as fearr iná é.



C. Créud iad na neithe ar a ttráchdann?



F. Tráchdaidh go sunradhach ar chúig neithibh, .i. ar an
cCré, ar an bPaidir, ar na haitheantaibh, ar na sacramaintibh,
ar na subháilcibh, agus ar na lochdaibh.



C. An íad so na céidneithe atá d'fhiachuibh ar an duine?



F. As iad, do bhrígh go tteagaisgid na neithe bheanas ré
críosdaidhe.



AN DARA CAIBIDIL.



DON CHRÍOSDAIDHE, DÁ CHOMHARRTHA; DO CHÉILL
AGAS DO THARBHA AN CHOMHARRTHA CHÉUDNA.



DON CHRÍOSDAIDHE.



C. Créud as críosdaidhe ann?



F. Deisgiobal Chríosd, do baisdeadh agus go ghabh creideamh
agus dlighthe Críosd chuige.



C. An críosduidhe thusa?



F. Aseadh maille ré grásaibh Dé.



C. Cia as athair don chríosdaidhe?



F. Dia uilechumhachdach.



C. Cia hí a mháthair?



F. An naoimhEaglas Chatoilice Rómhánach.



C. Cía híad a dhearbhbhráithre?



F. An uile chríosdaidhe.



DO CHOMHARRTHA AN CHRÍOSDUIDHE.



C. Créud as comharrtha don chríosdaidhe?



F. Comharrtha na croiche le a ndéunmaoíd ar ccoisreagadh.



C. Cionnas choisreagas tú thú féin?



F. Ag déunamh croisi im éudan, adeirim na briathra-so:
“Tré chomharrtha na croiche naoimhe,” 'na dhíaidh sin, ag
déunamh croisi ar mo bhéul, adeirim: “Saor inn, a Dhé,” agus
fá dheóidh, ar m'uchd, adeirim: “Ór n-easgcairdibh.”


L. 35


C. An bhfhuil foirm choisreagtha oile ann?



F. Atá, agus as í as gnáthaighe.



C. Cionnas do-ní tú í?



F. Ag cur bhairr agus aighthe mo bhaisi deisi ar uachdar
mh'éudain ar tús, adeirim: “A n-ainm an Athar”; 'na
dhíaidh sin ar íochdar mo ochda, adeirim: “Agus an Mhic”; dá
éis sin ar mo ghualainn chlí, adeirim: “Agus an Sbiorad”; 'na
dhiaidh sin ar mo ghualainn deis, adeirim: “Naoimh”; agus fá
dheóidh ar lár mo ochda, adeirim: “Amén”, .i. bíodh mar sin.



C. Cia tug an comharrtha-so dhúinn?



F. Críosd ar ttighearna.



C. Créud fá ttug comharrtha na croiche dhúinn?



F. Do bhrígh gurab ar an gcroich do fhulaing féin páis ar
ar son, le a rug ó bhás go beathaidh, ó pheacadh go grásaibh,
inn.



DO CHÉILL CHOMHARRTHA AN CHRÍOSDUIDHE.



C. An bhfhuil brígh ar bioth ag na briathraibh-si maille ris
an ccomharrtha-sin do-níthear aga rádh?



F. Atá brígh ro-mhór, óir as beag nach foillsighthear suim
an chreidimh uile ionnta.



C. Créud chiallaigheas an focal-sa “a n-ainm”?



F. Ciallaighidh nach bhfhuil ann achd aoinnDia amháin, óir
is a n-anmannuibh adéurthaoi dá mbeith iomad Déeadh ann.



C. Créud chiallaighthear an tan adeirthear “an Athar, agus an
Mhic, agus an Sbiorad Naoimh”?



F. Trí pearsana na Tríonnóide do bheith 'na n-aoinDia, a
n-éunnádúir dhiadha.



C. Créud chiallaighthear ag breith na láimhe ón éudan go
híochdar an ochda?



F. An Mac síordhaidhe do thurnamh a mbroinn na hóighe,
gur ghabh colann daonna dár slánughadh.



C. Créud chiallaighthear ag breith na láimhe don ghualainn
chlí?



F. Go ndeachaidh Críosd go hifrionn d'fhuasgladh na
n-aithreach naomhtha.


L. 36


C. Créud chiallaighthear ag breith na láimhe ón ngualainn
chlí gus an ngualainn ndeis?



F. Gur éirigh ó mharbhaibh, go ndeachaidh suas ar neamh,
agus go bhfhuil 'na shuidhe air deis Dé Athar uilechumhachdaigh.



C. Créud chiallaighthear ag breith na láimhe go lár an
ochda?



F. Go bhfhuil Críosd, an mhéid go bhfhuil 'na Dhía, a
n-éunnádúir, agus a n-éunchumhachdaibh ris an Athair agus ris an
Sbiorad Naomh.



C. An cciallaighthear ní ar bioth oile leis an naomhchomharrtha-sin?



F. Ciallaighthear an bás croiche do fhulaing ar Slánaightheóir
Íosa Críosd dar slánughadh.



DO THARBHA AN CHOMHARRTHA CHÉUDNA.



C. An bhfhuil tarbha ar bioth san ccomharrtha-so?



F. Atá; óir, taobh amuigh go n-admhamaoid ar gcreideamh
leis, foillsighmíd gurab críosdaidheadha sinn.



C. An bhfuil brígh ar bioth a n-aghaidh an diabhail aige?



F. Atá, óir bídh 'na arm agus 'na éideadh orainn a n-aghaidh
chathaigheadh na colla agus an diabhail; ón claoitear é go hurasa
ag faicsin an chomharrtha-sin le a rugadh buaidh roimhe air.



C. Ga tráth as cóir dhúinn sinn féin do choisreagadh?



F. San uile aimsir, go háiridhe ag luighe, ag éirghe, agus ag
tionnsgna an uile neith.



C. Créud an fáth go spesialta an uair-sin?



F. Ionnas go ngoirmís ar chongnamh Dé san uile dheaghobair;
óir, goirmíd go follas ar an ttríonnóid a n-onóir pháisi ar
tTighearna Críosd, an tan do-nímíd ar ccoisreagadh.



C. Créud iad na deaghoibre as prinnsiopálta le a ndéinmíd
seirbhís dhó?



F. Lé hoibribh an chreidimh, an dóchais, agus an ghráidh.


L. 37


AN TREAS CAIBIDIL.



DON CHREIDEAMH GO GENERÁLTA, AGUS GO SPESIALTA
DON CHRÉ.



DON CHREIDEAMH GO GENERÁLTA.



C. Créud as creidiomh ann?



F. Tiodhlacadh neamhdha agus subháilce dhoirteas Dia a
n-anam an duine le a soillsighthear a thuigsi, ionnas go mbí
ullamh dochum gach neith dar fhoillsigh Dia, agus dá n-abair an
Eaglas do bheith inchreidthe, do chreidiomh.



C. An bhfhuil achd éinchreideamh fíre ann?



F. Ní fhuil; mar nach fuil achd aoinDía, éinEaglas,
éunbhaisdeadh, agus éinreachd ann.



C. Créud iad na neithe theagaisgeas an creideamh-sin
dúinn?



F. Creideamh a n-aoinDia a ttrí pearsanuibh, agus gach ní
oile dá bhfhuil san ccré.



C. An í an Chré as riaghail chinnte chreidimh dhúinn?



F. As í gan chonntabhairt.



C. An ionann an Chré agas airteagail an chreidimh?



F. As ionann.



DON CHRÉ.



An Chré arn-a roinn 'na hairteaglaibh, agus a ughdar féin ós
comhair gach airteagail.



1. Creidim a nDía Athar uilechumhachdach, Cruthaightheóir
nimhe agus talmhan: 1. Pet.
2. Agas a nÍosa Críosd a éunmhac, ar ttighearna: 2. And.
3. Do coimpreadh ón Sbíorad Naomh, do geineadh ó Mhuire
óigh: 3. Ioa.
4 . Do fhulaing páis fá Phoint Phioláid; do crochadh; fuair
bás, agus do hadhlacadh: 4. Iaco.


L. 38


5. Do-chuaidh síos go hifrionn; do eiséirigh an treas lá
ó mharbhaibh: 5. Tho.
6. Do-chuaidh suas ar neamh; atá 'na shuidhe ar deis Dé
Athar uilechumhachdaigh: 6. Iaco. minor.
7. As sin thiocfas do bhreith bhreithe ar bheóaibh agus ar
mharbhaibh. 7. Phil.
8. Creidim san Sbiorad Naomh; 8. Barth.
9. San naoimhEagluis Chatoilice; a gcumann na naomh;
9. Mat.
10. A maitheamh na bpeacadh; 10. Sim.
11. A n-eiséirghe na gcorp; 11. Iud.
12. San mbeathaidh shuthain. Amén. 12. Mattias.



C. Cía as ughdar don Chré?



F. An dá apsdal déug.



C. Créud fá ndearnadar í?



F. Ionnas go tteagasgdaois ar ccreideamh dhúinne.



C. Créud fá n-abramaoid í?



F. Dochum ar gcreidimh d'admháil, agus dochum ar ndaingnighthe
ann.



C. An éidir linn conntabhairt do chur a n-éunphunc dá
bhfhuil innte?



F. Ní héidir, achd atá d'fhiachaibh orainn a gcreideamh
uile gan roinn.



C. An bhfhuil d'fhiachuibh oruinn a bhfhios uile do bheith
aguinn?



F. Atá, óir ní héidir a gcomhlíonadh gan a bhfhios.



C. Créud an dearbhadh atá ar a mbeith fíor?



F. A tteagasg lé béul Dé nach mealltar agus nach meallann.



C. Cionnas atá a fhios aguinn gurab é Dia do theagaisg iad?



F. Ór naomhmáthair an Eagluis, atá arn-a sdiúradh agus arna
riaghladh ón Sbiorad Naomh.


L. 39


AN 4 CABIDIL.



DON SGRIOPTÚIR DHÍADHA, AGUS DO GHNÁTHCHUIMHNE
NA N-ABSDAL.



DON SGRIOPTÚIR DHIADHA.



C. C'áit a bhfhuair ar naomhmáthair an Eaglas na neithe
fhoillsigheas do bheith dar ccreideamh?



F. San óirchisde tug Dia dhi, .i. san sgrioptúir dhiadha agus a
ngnáthchuimhne na n-absdal.



C. Créud é an ní an sgrioptúir diadha?



F. Leabhair áiridhe don tsheinreachd agus don reachd nua do
sgríobhsad daoine naomhtha tré ghluasachd agus chongnamh
speisialta an Sbiorad Naoimh.



C. Cionnas atá a fhios aguinn cia hiad na leabhair atá don
sgrioptúir dhíadha?



F. Ón Eaglais, do ghlac mar leabhraibh diongmhála, agus
thoirbhireas dhúinne amhlaidh sin san bhíobla iad.



C. An sgrioptúir diadha bíobla na n-eithriceadh?



F. Ní headh, óir do bhréugnaigheadar é a n-iomad d'áitibh.



C. An bhfhuil léughthórachd an bhíobla toirmisgthe?



F. Atá, gan chead, ar dhaoinibh ainbhfheasacha, go
sunradhach a tteangaidh a máthar.



C. An bhfhuil an sgrioptúir so-thuigsi do na huilibh?



F. Ní fhuil, achd ro-chruaidh a n-iomad d'áitibh, agus dá
bhrígh sin, ní hiomchubhaidh do thuatadhaibh a thathaighidh.



DO GHNÁTHCHUIMHNE NA N-ABSDAL.



C. An bhfhuil d'fhiachaibh oruinn ní ar bioth do cheideamh
achd a bhfhuil san mbíobla?



F. Atá fós gnáthchuimhne na n-apsdal.



C. Créud an ní an ghnáthchuimhne-si?



F. Teagaisg naomhtha nar sgríobhadh san scrioptúir, achd
atá ar cuimhne san Eaglais ag gach druing dá ttáinig diaidh a
ndiaidh ó aimsir na n-apsdal gus aniodh.


L. 40


Ainmnigh punc éigin don teagasg-sin.



Gan achd ceithre soisgéil do bheith ann; Muire do bheith
riamh 'na hóigh; an Cháisg do bheith ar an Domhnach; agus
iomad oile.



C. Créud é an riachdanas atá na neithe-si do chreideamh?



F. Atáid coimhriachdanasach sin nach éidir neach do bheith
'na fhíréun nó do shlánughadh gan iad.



C. An éidir duine do shlánughadh leis an ccreideamh amháin?



F. Ní héidir gan deaghoibre 'na choimhideachd.



C. Créud iad na puinc as prinnsiopálta d'airteaglaibh ar
ccreidimh?



F. Na puinc bheanas ris an diadhachd.



AN 5 CAIBIDIL.



DO AONDACHD NA NÁDÚIRE DÍADHA, AGUS DO
PHEARSANAIBH NA TRÍONNÓIDE.



C. Créud é an ní Dia?



F. AirdRí mór uilechumhachdach, Cruthaightheóir nimhe agus
talmhan, isa mhaitheas, isa ghlóir, isa chríonnachd atá doichríochnaighthe,
agas atá 'na thosach agus 'na dheireadh ag an uile.



C. Ga mhéd Dia ann?



F. AoinDia amháin, .i. an Tríonnóid neamhdha.



C. Ga mhéud pearsa san Tríonnóid?



F. Trí pearsana; an tAthair, an Mac, agus an Sbiorad Naomh.



C. An Dia an tAthair?



F. Aseadh.



C. An Dia an Mac?



F. Aseadh.



C. An Dia an Sbiorad Naomh?



F. Aseadh.



C. An bhfhuilid mar sin trí Dée ann?



F. Ní fhuilid, achd aoinDia a ttrí pearsanaibh.



C. Cionnas as éidir gan a bheith achd 'na aoinDia agus gach
pearsa dá ndubhrais 'na Dia?



F. Do bhrígh go bhfhuil an nádúir dhíadha in gach pearsain
díobh, as Dia gach pearsa dhíobh fá seach; agus do bhrígh gurab


L. 41


éinndiadhachd, éuntsubsdaint, agus éunnádúir amháin gan roinn
atá ionnta 'na ttriúr, ní trí Dée iad achd aoinDia amháin.



C. Cia hí an chédphearsa don Tríonnóid?



F. An tAthair neamhdha, tobar na diadhachda.



C. An ttáinic an tAthair ó neach ar bioth?



F. Ní tháinig, agus nír geineadh riamh é, achd atá sé ann riamh
gan tús gan deireadh.



C. Nar geineadh an Mac ó neach ar bioth?



F. Do geineadh, agus geintear ón Athair neamhdha é.



C. Nar geineadh an Sbiorad Naomh, nó an ttáinig ó neach
ar bioth?



F. Nír geineadh é; gidheadh, táinig agus tig ón Athair agus ón
Mac a n-aoinfheachd.



C. Cia do na trí pearsanaibh-si as sine?



F. As ionann a n-aois.



C. Cionnas as éidir don Mhac bheith comhaosda ris an
Athair agus a gheineamhain uadh, nó don Sbiorad Naomh bheith
comhaosda riú araón agus gurab uatha ar aon táinig; óir as sine
th'athair-si iná thú féin; agus gach ní tig ó ní oile, as luaithe bhíos
an ní ó ttig ann iná é?



F. Bíodh a fhios agad nach ionann gheintear an chlann
thalmhaidhe agus Mac an Athar shíordhaidhe.



C. Cionnas gheintear é?



F. Lé hoibriughadh na tuigseana do geineadh ón Athair é,
ag tuigsin agus ag féuchain a dhiadhachda féin.



C. An éidir leat sin do mhíniughadh le heisiomláir?



F. Tabhair dod th'aire, an tan fhéuchas duine a sgáthán,
go ngeintear a moimint íomháigh uaidh san sgáthán chéudna
cosmhail ris féin san uile chruth. Ní caitthear aimsear ná
saothar ría; ní hiarrthar ionnsdrumaint dochum a déunta achd
féuchain amháin san sgáthán, agus dobhiadh 'na mac aige, dá
bhfhéudadh a nádúir agus a shubsdaint féin do thabhairt dhi.
Mar sin, iar bhfhéuchain don Athair shíordhaidhe a sgáthán
na diadhachda, do ghein sé íomháigh ro-chosmhail ris féin; agus
do bhrígh go ttug a dhiadhachd agus a shubsdaint féin uile dhi,
as mac nádúrtha díleas fíre dhó í; agus do bhrígh fós go bhfuil
riamh ag féuchain ar an diadhachd chéudna, agus nach iarrthar
énní oile dochum an Mhic do gheineamhain achd sin, as follas


L. 42


go bhfuil an Mac riamh ón tshíordhaidheachd ann, mar atá an
tAthair, agus go bhfuil mar sin comhaosda ris.



C. Cionas táinig an Sbiorad Naomh ón Athair agus ón
Mac?



F. Lé hoibriughadh na tola; óir, an tan tugadar grádh
ro-mhór dóibh féin agus dá ndiadhachd, lé tabhairt an ghrádha-sa
táinig an Sbiorad Naomh uatha, agus do thoirbhireadar a nádúir
dhiadha féin dó; agus do bhrígh go bhfuil an tAthair agus an Mac
ag grádhughadh a ndiadhachda agus aga ngrádhughadh féin riamh,
an feadh atáid féin ann, agus nach iarrthar a aithearrach sin dochum
an Sbiorad Naoimh do theachd uatha, as follas go bhfhuil an
Sbiorad Naomh riamh ón tshíordhaidheachd ann, mar atáid-sion,
agus go bhfhuil mar sin comhaosda riú.



C. An ionann uaisle, cumhachda, saidhbhreas, agus glóir do na
trí pearsanaibh-si?



F. As ionann; óir, gach uaisle, gach cumhachda, agus gach
glóir dá bhfuil aca, as ón diadhachd atá, agus ar an adhbhar sin,
do réir mar as ionann diadhachd, subsdaint, agus nádúir dhóibh,
as ionann fós uaisle, aoís, cumhachda, saidhbhreas, agus glóir
dhóibh.



C. An bhfhuil fioghuir chorparrdha ag aoinphearsain díobh
so?



F. Atá ag an Mac, an mhéid go bhfuil 'na dhuine amháin.



C. An bhfhuil ag an Athair nó ag an Sbiorad Naomh?



F. Ní fhuil, óir ní fhuil ionnta achd sbiorada fíre do-fhaicseana.



C. Créud fá ndealbhthar, máseadh, an tAthair a ndeilbh
sheanduine?



F. Ar an adhbhar gurab san riochd-sin do thaisbéin é féin
do Dhaniel fáidh, Dani. vii; agas fós dá chur a ccéill go bhfuil
ann riamh, gan tús gan tionnsgna.



C. Créud fá ndealbhthar fós an Sbiorad Naomh a bhfhioghuir
cholaim?



F. Do bhrígh gurab san riochd-sin do thoirinn os cionn
Chríosd ag sruth Iordain an tan do baisdeadh lé hEóin é,
Jon. I; agas fós dá chur a ccéill go ttabhair naomhthachd,
gloine, agus neamhurchóid mar an ccoluim dhúinne.



C. Nach éidir a ndealbhadh mar atáid ionnta féin?


L. 43


F. Ní héidir, óir ní héidir a ccosmhaile do thaisbéunadh nó
do bhuain lé pinntéoireachd chorparrdha.



C. C'áit a bhfhuil Dia?



F. Ar neamh, ar talmhain, agus san uile áit, ó shubsdaint, ó
chumhachdaibh, agus ó láthair.



C. An bhfhuil fios na n-uile aige?



F. Atá gan chonntabhairt.



C. An bhfaiceann na huile?



F. Do-chí, agus ní héidir a cceilt air.



Tabhair dod th'aire, dá bhrígh sin, go bhfhuil Dia do ghnáth
san n-uile áit agus san n-uile aimsir do láthair agad, agus gurab cóir
dhuit bheith mín, ceannsa, subháilcheach dá láthair.



AN 6 CAIBIDIL.



DO CHRUTHUGHADH NA N-UILE, AGUS GO SUNRADHACH
AN DUINE, AGUS DON ADHBHAR FÁR CUIREADH AS
PHARRTHAS É.



DO CHRUTHUGHADH NA N-UILE.



C. Cionnas atá Dia uilechumhachdach?



F. Do bhrígh gur chruthaigh na huile.



C. Créud iad na neithe as mó in ar dhearbh a chumhachda?



F. Ag cruthughadh nimhe maille ré a bhfhuil d'ainglibh agus
d'anmannaibh beannaighthe ann; an talmhan gon-a chrannaibh,
gon-a luibhibh, agus gon-a bhfhuil do bheathadhachaibh égciallaidhe
ann; ifrinn maille re a bhfhuil do dheamhnaibh agus d'anmannuibh
damanta ann.



DO CHRUTHUGHADH AN DUINE.



C. An é Dia do chruthaigh an duine?



F. As é.



C. Créud é an ní an duine?



F. Créutúir réusúnta so-bhásaighthe ag a bhfuil anam
biothbhuan agus corp talmhaidhe.



C. Créud í an chríoch fár chruthaigh Dia é?


L. 44


F. Dochum seirbhísi do dhéunamh dhó féin, agus glóire do
thabhairt dhó ar an saoghal-so, agus dochum na glóire síordhaidhe
d'fhagháil úadh san saoghal thall.



C. Ga tráth do chruthaigh é?



F. An seiseadh lá d'aois an domhain.



C. Créud an t-ionadh comhnaidhe tug dhó?



F. Parrthas talmhaidhe; agus ós a chionn sin do-righne
tighearna dhe ar iasg na mara, ar éunlaith an aeir, agus ar
ainmhintibh égciallaidhe an talmhan, agus tug Éua mar chéile agus mar
chuidiughadh dhó.



C. Créud dá ndearna Dia Éua?



F. d'easna Ádhaimh.



DON ADHBHAR FÁR CUIREADH AN DUINE AS PARRTHAS.



C. Créud fár cuireadh Ádhamh agus Éua as parrthas?



F. Tré ithe an ubhaill, tréur chailleadar an oidhreachd
neamhdha do gheall Dia dhóibh féin agus dá sliochd 'na ndiaidh.



C. Créud fá ttáinig an urdail sin d'olc as aonubhall?



F. Do bhrígh go raibhi toirmisgthe ó Dhia, agus mar sin gur
pheacaigheadar féin agus a sliochd 'na ndíaidh, ag briseadh na
haithne tug Dia dhóibh.



AN 7 CAIBIDIL.



DO RIAGHLADH NA N-UILE; AGUS GO SUNRADHACH DON
ADHBHAR FÁ TTABHAIR DIA BOCHDAINE DO NA
FÍRÉUNAIBH AGUS CONÁCH SAOGHALTA DO NA PEACTHACHAIBH.



DO RIAGHLADH NA N-UILE.



C. An reagaid na créutúireadha a leas Dia dá ccoimhéud?



F. Rigid, óir dorachdaois lé caochadh na súl ar neimhní
muna bheith-sean ga ccoimhéud.



C. Cía ríaghlas an saoghal maille ré a bhfhuil ann?



F. Dia sdiúras é agus ordaigheas a ndéuntar ann.


L. 45


C. Nach le cinneamhain theagmhaid mórán dá ndéuntar ann,
agus go speisialta na huilc?



F. Ní headh, achd lé fulang Dé, do bhrígh nach toirmisgeann
iad ar son ar bpeacadh.



DON ADHBHAR FÁ TTABHAIR DIA BOCHDAINE DO NA
FÍRÉUNAIBH AGUS CONACH SAOGHALTA DO NA PEACTHACHAIBH.



C. A ndéin Dia gach ní go ceart?



F. Do-ní, agus as naomhathais a chontrárrdha do rádh.



C. Créud fá ttabhair, máseadh, saidhbhreas, fad saoghail,
sláinte, agus conách saoghalta do na drochdhaoinibh agus do na
peacthachaibh, agus bochdaine, doilgheas, agus trioblóid do dheaghdhaoinibh
cráibhtheacha fíréunta?



F. Do-bheir Dia rath beag saoghalta ar feadh tamuill do
na drochdhaoinibh a ndíol na maitheasa bige do-righneadar,
nárbh áil leis do léigean a n-aisgidh; gidheadh, do-bheir piana
síordhaidhe a n-ifreann dóibh a ndíoghail a bpeacadh marbhtha.



C. Créud fá ttabhair bochdaine do na fíréunaibh?



F. Do-bheir piana beaga aithghearra san saoghal-sa dhóibh
a ndíoghail a bpeacadh n-éuttrom; gidheadh, do-bheir glóir
shuthain dóibh ar neamh ar son a ndeaghoibreadh.



As tuigthe as so gurab mór an tiodhlacadh do dhuine a
phurgadóir d'fhagháil san saoghal-sa, agus gurab adhbhar eagla
an saoghal d'fhagháil do ghnáth go soirbh.



AN 8 CAIBIDIL.



DO CHOIMPEIRT CHRÍOSD, DÁ BHREITH, DON ADHBHAR
FÁR GHLAC COLANN DAONDA, AGAS DÁ AINM.



DO CHOIMPEIRT AN MHIC SHÍORDHAIDHE.



C. Cia hí an dara pearsa don Tríonnóid?



F. An Mac síordhaidhe.



C. Cia do phearsanaibh na Tríonnóide do ghlac colann
daonda?


L. 46


F. An Mac réumhráite.



C. Cionnas do coimpreadh go haimsiorrdha é má tá
síordhaidhe?



F. Do bhrígh gur ghlac corp agus anam ró-uasal le hoibriughadh
spéisialta an Sbiorad Naoimh, an tan táinig an t-aingeal Gabriél
a tteachdaireachd a ionchollaighthe dochum na naomhmaighdine
Muire.



DÁ BHREITH, AGAS DON ADHBHAR FÁR GHLAC COLANN
DAONDA.



C. Cionnas rugadh é?



F. Ó Mhuire óigh.



C. Cionnas dób éidir a bhreith ó óigh?



F. Go míorbhuileach mar do coimpreadh é.



C. Nár chaill mar sin Muire, a mháthair, riamh a
hóghdhachd?



F. Nír chaill, óir táinig Íosa ar Slánaightheóir as a broinn
gan doilgheas, gan díoghbháil dó dhéunamh dhi, agus gan slighe
ar bioth d'osgladh, mar théid an ga gréine tré ghloine gan a
lot.



C. Créud fár ghlac sé colann daonda?



F. Ionnas go ttabhradh deigheisiomláir dhúinn, agus gomadh
éidir leis bás d'fhulang dar bhfhuasgladh.



C. An rabhamar a mbraighdeanas?



F. Dobhámar.



C. Cia aige?



F. Ag an diabhal.



C. Cia do chuir a mbraighdeanas sinn?



F. Ádhamh, ar sinnsear, mar adubhramar san seiseadh caib.
don rann-so.



DON AINM TUGADH AIR.



C. Ga hainm tugadh air?



F. Íosa darab cíall a nGaoidheilg Slánuightheóir.



C. Créud fá ngoirmid ar ttighearna dhe go sunradhach?



F. Do bhrígh nach é amháin gur chruthaigh sinn, mar aon
ris an Athair agas ris an Sbiorad Naomh, achd fós gur fhuasgail
le a fhíorfhuil ó ghlasaibh an diabhail sinn.


L. 47


AN 9 CAIBIDIL.



DO PHÁIS, DO CHROCHADH, DO BHÁS, AGAS d'ADHLACADH
AR TTIGHEARNA ÍOSA CRÍOSD.



DO GHABHÁIL AR TTIGHEARNA ÍOSA.



C. Créud do fhulaing Críosd ar ar son?



F. Bochdaine mhór feadh a bheathadh, buaidhirt, trioblóid,
dochar, agus doilgheas; agus a n-aimsir a pháisi, céusadh, agus píana as
mó dar fhulaing duine riamh.



C. Créud do fhulaing sé ón chineadh Iúdaidhe?



F. A ghabháil, bheith ag magadh, ag sgige, agus ag fochuidbheadh
faoi, gabháil do bhasaibh agus do dhornaibh air; iomad athaisi
do thabhairt dó, agas fá dheóidh, a thoirbhirt do Phioláid.



DO NA PIANAIBH DO FHULAING INA CHORP AGUS INA CHEANN.



C. Créud do fhulaing Críosd ó Phioláid?



F. An cineadh Iúdaidhe do chur choire bréige air; gabháil
do sgíursadhaibh géura ó bhonn go bathais go barbarrdha
míonádúrtha air, ionnas go raibhe a chorp 'na éunchréuchd,
agus a fhuil ag rith ré a shálaibh; coróin spíne do chur fá a cheann,
isa deilg do tholl a fhéoil go cnáimh, ionnas go raibhe fuil a
chinn ag sileadh ré a shúilibh, agus iar sin breitheamhnas báis do
thabhairt air.



DÁ CHROCHADH.



C. Cionnas do crochadh é?



F. Iar n-iomchar a chroiche dhó go cnoc Caluaire, a chosa
agus a lámha do cheangal don chroich le tairngeadhaibh garbha.



DÁ BHÁS.



C. Cionnas fuair bás?



F. Iar bhfhulang na páisi, idir dhís bithbheanach, as boichde,
thruaillidhe, tharcaisnighe, agus fós as géire, neimhnighe dar éidir
lé hinntleachd daonna do smuaineadh, a anam do sgaradh ré a
chorp naomhtha.


L. 48


C. Cionnas dob éidir lé Críosd bás d'fhulang agus é 'na Dhia?



F. An mhéid go raibhe 'na dhuine amháin.



C. Nar sgar an diadhachd ris an ccorp?



F. Nír sgar, achd dobhí ceangailte ris san ccroich agus san tumba.



C. Nar fhulaing an diadhachd dochar ar bioth?



F. Nír éidir lé a fhulang.



DÁ ADHLACADH.



C. Cionnas do hadhlaiceadh é?



F. A leagadh tráthnóna as an ccroich do dhís do dhaoinibh
uaisle, .i. Ioseph agus Nicodemus, agus a adhnacal go honórach a
ttumba chloiche.



C. Créud fár fhulaing Críosd an uiread sin do phianaibh ar
ar son?



F. Ionnas go ttugadh, an mhéid gurab duine é, díol ceart
do Dhia san aindligheadh tugadar ar sinnsir Ádhamh agus Éua agus a
sliochd 'na ndiaidh dhó, ag peacughadh a n-aghaidh a aitheantadh.



C. Nach ar fhéud Dia bás duine éigin oile do ghabháil ar
son ar bpeacadh?



F. Do fhéud; gidheadh, dob fhearr leis mar do-righne, óir
as mar sin as mó do fhoillsigh a ghrádh dhúinne, agus fós a cheart,
a thrócaire, agus a ghráin ar an bpeacadh, agas as amhlaidh, mar
an gcéudna, tug Críosd sompla foidhidne agus umhlachda dhúinn.



AN 10 CAIBIDIL.



DON GHRÁDH DO FHOILLSIGH DIA DHÚINNE A MBÁS
CHRÍOSD, AGUS DON MHODH AR AR FHOILLSIGH A CHEART,
A THRÓCAIRE, AGUS A GHRÁIN AR AN BPEACADH; AGUS DON
DEAGHSHOMPLA TUG CRÍOSD DHÚINN SAN MBÁS
CHÉUDNA.



DON GHRÁDH DO FHOILLSIGH DIA DHÚINN A MBÁS CHRÍOSD.



C. Cionnas do fhoillsigh Dia a ghrádh dhúinn a mbás Chríosd?



F. Aga thoirbhirt ar ar son, an tan dobhámar 'nar
n-easccairdibh aige.



C. An riachdanas dúinn sinn féin do fhulang éinneith, ó do
fhulaing Críosd an uiread sin ar ar son?


L. 49


F. As riachdanas; óir, giodh díoluidheachd chomhthrom
ina ndearnamar agus ina ndiongnam páis Chríosd, tar a cheann sin,
ní furáil lé Dia gach aon do thabhairt na díoluidheachda-so as a
láimh féin uaidh.



C. Cionnas atá páis Chríosd aguinn le a toirbhirt uainn
féin?



F. Lé gnás na sacramainteadh agus le freacar na ndeaghoibreadh.



DON MHODH AR AR FHOILLSIGH A CHEART, A THRÓCAIRE, AGUS
A GHRÁIN AR AN BPEACADH, AGUS DON DEAGHSHOMPLA TUG CRÍOSD
DHÚINNE SAN MBÁS CHÉUDNA.



C. Cionnas do fhoillsigh Dia a cheart a mbás Chríosd?



F. Ag buain na díoluidheachda as mó dob éidir do bhuain
amach a n-éuraic an aindlighidh tugadh dhó, mar atá, bás an
duine dobhí 'na Dhia.



C. Cionnas do fhoillsigh a thrócaire 'na bhás?



F. Ag ar saoraidh-ne ór bpeacadhaibh, agus fós ag toirbhirt
a Mhic féin ar ar son, mar nach raibhe díolaidheachd againn
féin do-bhéurmaois uainn.



C. Cionnas do fhoillsigh a ghráin ar an bpeacadh san mbás
chéudna?



F. Lé troma na díolaidheachda do iarr ann.



C. Créud an deaghshompla tug Críosd dúinn ina bhás?



F. Umhlachda agus foidhidne do shunradh.



C. Cionnas tug sompla foidhidne agus umhlachda dúinn?



F. Ag fulang bháis chroiche idir dhís bithbheanach, leis an
umhlachd agus leis an uirísle as mó dob éidir do thaisbéunadh.



AN 11 CAIBIDIL.



DO DHUL AR TTIGHEARNA CRÍOSD GO HIFREANN, DÁ
ÉIRGHE Ó MHARBHAIBH, AGUS DÁ DHUL SUAS AR NEAMH.



DO DHUL AR TTIGHEARNA CRÍOSD GO HIFREANN.



C. Créud do-righne Críosd d'éis a bháis?



F. Do-chúaidh a anam ceangailte don díadhachd go hifreann
na n-aithreach naomhtha.


L. 50


C. Créud fá ndeachaidh annsin?



F. d'fhuasgladh na n-aithreach naomhtha, agus dá ttabhairt
leis a hifreann.



DÁ EISÉIRGHE, AGUS DÁ DHUL AR NEAMH.



C. Ga tráth do-righne an eiséirghe?



F. An treas lá d'éis a bháis, .i. Domhnach Cásg.



C. Cionnas do eiséirigh?



F. Ag gabháil a chuirp féin uime arís.



C. Créud fár an an fad sin gan éirghe?



F. d'eagla go gcuirfidhe amharas 'na bhás.



C. Nar an comharrtha ar bioth na páisi ar a chorp ghlórmhar
d'éis na heiséirghe?



F. Nír an achd comharrtha na ccúig ccréuchd amháin.



C. Créud fár chongaibh iad sin air?



F. Ionnas nach cuirthi amharas 'na eiséirghe, agus fós go
ttaisbéunadh do na huilibh lá an bhreitheamhnais iad.



C. Ga tráth do-chuaidh suas ar neamh?



F. A ccionn dá fhichead lá iar n-éirghe ó mharbhaibh dhó.



C. Créud fár an an fad sin gan dul ar neamh?



F. Ionnas go mbiadh ag teagasg na n-absdal, agus fós gomadh
móide do creidfidhe a éirghe ó mharbhaibh.



C. Cionnas do-chuaidh súas ar neamh?



F. Go glórmhar lé a chumhachdaibh féin amháin.



AN 12 CAIBIDIL.



DO THEACHD CHRÍOSD DOCHUM AN BHREITHEAMHNAIS.



C. C'áit a bhfhuil Críosd anos?



F. A bhfhlaitheamhnas 'na shuidhe ar deis Dé Athar
uilechumhachdaigh.



C. Cionnas tuigthear gur shuidh sé annsin?



F. Do bhrígh go ttug an tAthair onóir agus glóir chomhchomhthrom
ris féin dhó, do réir a dhiadhachda; do réir a dhaonnachda,
iomorro, ós cionn an uile naomh agas aingiol.


L. 51


C. Ga tráth thiocfas Críosd dochum an bhreitheamhnuis?



F. An tan críochnaighfidhear an domhan.



C. Ga tráth sin?



F. Ní héidir lé duine ar bith a fhios sin go cinnte do bheith
aige.



C. Cia ar a ttiobhra breath?



F. Ar na huilibh dá ttáinig agus dá ttiocfa.



C. Créud ina ttiobhra an bhreath?



F. San uile ghníomh dá ndearnamar riamh, agus in gach maith
dar léigeamar tharuinn; óir ní tháinig briathar dhíomhaoin tar
ar mbéul riamh, agus ní dhearnamar smuaineadh lochdach dá
éuttroma in ar n-inntinn nach bá héigean dúinn freagra do
thabhairt ionnta an uair-si.



C. Créud íad na beóa ar a ttiobharthar breath an uair-si?



F. An drong shláineóchthar; óir, bíodh go bhfhuaradar bás
corparrdha, mairfid go síordhaidhe san mbeathaidh shuthain.



C. Créud íad na mairbh ar a ttiobharthar breath an uair-si?



F. An drong dhamanta.



C. Cionnas béurthar an bhreath?



F. Laibheóram air sin ag tráchdadh ar ar ccríochaibh
déidheanacha.



AN 13 CAIBIDIL.



DON SBIORAD NAOMH.



Do thráchdamar go so ar an ccéidphearsain agus ar an dara
pearsain don Tríonnóid; tiocfam annso go haithghearr ar an
treas pearsain.



C. Cia hí an treas pearsa don Tríonnóid?



F. An Sbiorad Naomh táinig ón Athair agus ón Mac a n-aoinfheachd,
agus atá comhúasal, comhaosda, chomhchumhachdach,
agus comhghlórmhar ríu, mar adubhramar thuas san 5 caib.



C. Cionnas do thaisbéin an Sbiorad Naomh é féin dúinn?



F. A bhfhioghair cholaim ós cionn Chríosd an uair do
baisdeadh lé hÉoin é, agus fós a bhfhioghair theangthadh tteinntidhe
Domhnach Cingcighisi.


L. 52


C. Ga huair tig an Sbiorad Naomh chugainn?



F. An tan thionnsgnas oibriughadh ionnainn.



C. Créud í obair sbeisialta an Sbiorad Naoimh?



F. Boill fhírEaglaisi Chríosd, trén-a mhórghrásaibh, do
bheannughadh agus do naomhadh.



C. Créud fá n-abarthar ris an Sbiorad Naomh go sunradhach
gurab é bheannaigheas sinn?



F. Do bhrígh gurab é féin grádh an Athar agus an Mhic, agus
gurab ó ghrádh Dé do shunradh tig ar mbeannughadh.



AN 14 CAIBIDIL.



DON NAOIMHEAGLUIS CHATOILICE, AGUS DÁ COMHARRTHAIBH.



DON NAOIMHEAGLUIS CHATOILICE.



C. Créud as Eaglas Chatoilice ann?



F. Comhchruinniughadh na ccríosdaidheadh do ghabh baisdeadh,
creideamh, agus dlighthe Críosd chuca, agus atá umhal d'fhior
ionaid Chríosd a ttalmhuin, .i. an Pápa.



C. Cia hí an Eaglas atá mar sin?



F. An Eaglas Rómhánach amháin agus a ngabhann lé.



C. Cia as ceann ar an Eaglais?



F. Críosd a hairdcheann do-fhaicsiona, agus an Pápa a
ceann so-fhaicsiona ar talmhuin.



C. Créud as Pápa ann?



F. Fear ionaidh Chríosd a ttalmhuin, agas comharba Peadair,
ar ar chuir Críosd a Eaglas 'na suidhe.



C. Créud as easbuig ann?



F. Ardaodhaireadha na hEaglaise a n-áit na n-absdal.



C. Créud as sagairt agus as bráithre ann?



F. Searbhfhoghantuidhe fíri Dé a n-ionad an dá dheisgiobal
déug ar thrí fichid dobhí ag Críosd.



C. Créud íad boill na hEaglaisi Catoilice?



F. An uile chríosdaidhe glan mhaireas, nó fuair bás.


L. 53


DO CHOMHARRTHAIBH NA NAOIMHEAGLUISI CATOILICE.



C. Créud an dearbhadh atá aguinn gurab í an Eaglas
Rómhánach amháin an Eaglas fhíri?



F. Na ceithre comharrtha prinnsiopálta le a n-aitheantar an
Eaglas fhíri.



C. Créud íad na comharrthadha-sin?



F. A beith 'na héinEaglais; a beith catoilice, .i. coitcheann;
a beith ar lorg na n-absdal, agus a beith naomhtha.



C. Cionnas atá an Eaglas Rómhánach 'na héinEaglais?



F. Do bhrígh gurab éincheann agus éunaodhaire atá uirre; gurab
éinchreideamh, éunbhaisdeadh, agus éinreachd atá aice, ó aimsir
Chríosd gus aniu, ar feadh na cruinne go coitcheann.



C. Cionnas atá sí catoilice, .i. coitcheann?



F. Do bhrígh go bhfhuil coitcheann don uile phearsain, don
uile áit, agus don uile aimsir.



C. Cionnas atá sí coitcheann don uile phearsain?



F. Do bhrígh nach diúltann éinneach léurab toil bheith 'na
bhall di.



C. Cionnas atá sí coitcheann don uile áit?



F. Do bhrígh nach bhfhuil áit ar bioth 'na geis uirre.



C. Cionnas atá sí coitchionn don uile aimsir?



F. Do bhrígh go bhfhuil agus go mbiaidh sí in gach aimsir ó
aimsir Chríosd go deireadh dhomhain.



C. Cionnas atá sí ar lorg na n-absdal?



F. Do bhrígh gurab é Críosd féin do-righne na céideaspuig
innte, .i. na hapsdail, agus iad sin easbaga oile, agus nach dearnadh
sagart ná easbag innte riamh gan easbag oile dá dhéunamh
diaidh a ndiaidh gus aniodh.



C. An bhfhuil dearbhadh ar bioth oile agad a beith ar lorg
na n-absdal?



F. Atá, .i. gur gheall Críosd do Pheadar nach rachadh a
Eaglas féin a mbáthadh go bráth, agus nach bhfhuil Eaglas ar
bioth ann do ghnáth ó aimsir Chríosd agus na n-absdal achd an
Eaglas atá fá riaghladh an Phápa, mar as follas as leabhraibh
annálach na hEagluisi.



C. Cionnas atá sí naomhtha?



F. Do bhrígh go bhfhuil ceann naomhtha uirre, .i. Críosd;


L. 54


go bhfhuil creideamh agus reachd naomhtha innte nach iarrann
éinní do dhéunamh achd ní maith, agus nach toirmisgeann achd
droichní; go rabhadar in gach aimsir riamh iomad do dhaoinibh
naomhtha innte aga mbídís béusa agus subháilce ro-naomhtha,
mar as follas as na míorbhuilibh móra mionca do-nídís na naoimh
go ttrásda, agus do-níthear fós anois go laetheamhail.



C. Créud as míorbhuile ann?



F. Gníomh iongnadh do-níthear lé congnamh speisíalta Dé,
agus sháraigheas uilechumhachda na ccréutúireadh.



C. An éidir duine do shlánughadh muna raibhe 'na bhall
don naoimhEaglais fhíri-si?



F. Ní héidir, óir adeir S. Aug., Lib. de fide ad Petr.: Extra
Ecclesiam non est salus, .i. “Don taobh amuigh don Eagluis ní
fhuil sláinte.”



C. Nach éidir gach aon do shlánughadh ina chreideamh féin?



F. Ní héidir, agus as eithriceachd sin do rádh.



AN 15 CAIBIDIL.



DO CHOMHCHRUINNIUGHADH NA N-EITHRICEADH, AGUS
DÁ CHOMHARRTHAIBH.



C. An Eaglas fhíre comhchruinniughadh na n-eithriceadh?



F. Ní headh, do bhrígh nach creidid na sacramuinte agus nach
bhfhuilid umhal do bhiocáire Chríosd an Pápa.



C. An bhfhuil éunchomharrtha dá ndubhrais san ccaib. dhéidheanaigh
uirre?



F. Ní fhuil, óir ó thús ní héinEaglais í.



C. Cionnas sin?



F. Do bhrígh nach éincheann atá uirre; óir admhaidh cuid
díobh féin go bhfhuil gach prionnsa 'na cheann ar Eaglais a
dhúithche féin, agus cuid oile nach bhfhuil ceann ar bioth ar an
Eaglais. 'Na dhiaidh sin, bíd féin a bpuncuibh prionnsiopálta
a ccreidimh a n-aghaidh a chéile.



C. An bhfhuil sí coitcheann?



F. Ní fhuil; óir, gidh iomdha áit ina bhfhuil eithriceachd,
as beag do na háitibh-sin atá ar éinchreideamh.


L. 55


C. An bhfuil sí ann in gach aimsir ó aimsir Chríosd a le?



F. Ní fhuil; óir ní fhuil eithriceachd Lúitéir ann achd le
hochd mbliadhnaibh fichead ar chéud, óir an seachdmhadh
bliadhain déug ar chúig céad ar mhíle do thionnsgain í, agus as
giorra iná sin ó do thionnsgain éithriceachd Chailbhín.



C. An bhfhuil sí ar lorg na n-absdal?



F. Ní fhuil, do bhrígh nach easpuig oile do-ní easpaga ná
sagairt innte.



C. Nach raibhe Lúitéur nó Cailbhín 'na n-easpugaibh?



F. Ní rabhadar; óir as deimhin nach dearna easbag ar
bioth easbuig dhíobh; ionnas, mar sin, nach rabhadar féin ná
duine dá ttáinig ar a lorg 'na n-easpugaibh, agus narbh éidir léo
easpuig ná sagairt do dhéunamh.



C. An bhfhuil Eaglas na n-eithriceadh naomhtha?



F. As dearbh nach bhfhuil, óir as mallaighthe na hughdair
dobhí aice.



C. Cia hiad sin?



F. Lúitéur dár mháighisdir an diabhal, do réir a fhiadhnaisi
féin, agus do imthigh as an ord riaghalta ina raibhe, rug cailleach
dhubh as an riaghail ina raibhe, mar mhnaoi dó féin; agus
Cailbhín ar ar cuireadh séula d'iarann dearg trén-a pheacadhaibh
míonádúrtha, etc.



AN 16 CAIBIDIL.



DO CHUMANN NA NAOMH.



C. An mbí duine a ccumann na naomh muna raibh 'na bhall
don Eagluis Rómhánaigh?



F. Ní héidir a bheith.



C. Créud é an ní duine do bheith a ccumann na naomh?



F. A chuid don uile dheaghobair do-ní gach neach oile don
Eaglais san saoghal-so, nó a n-éugmais an tshaoghail, do bheith
aige.



C. An ttéid mar sin guidhe na muinntire atá ar neamh a
sochar dhúinn?



F. Téid, agus fós na deaghoibre do-righneadar ar an saoghal-sa.


L. 56


C. An ttéid ar nguidhi-ne ar an saoghal a sochar do na
hanmannaibh a bpurgadóir?



F. Téid gan amharas, agus ar ndeaghoibre oile.



C. Cionnas as éidir sin?



F. Do bhrígh nach bhfhuil ionnainn uile achd boill éunchuirp
darab ceann Críosd, agus gach maith do-ní cuid dínn go ttéid a
sochar don chuid oile, mar théid an biadh shíneas an lámh
dochum an bhéoil, chognaid na fiacla agus dhíleaghas an gaile, a
sochar do bhallaibh an chuirp uile.



C. Cionnas thoirbhirthear ar ccuid do chumann na naomh
dhúinn?



F. Leis an loghadh.



AN 17 CAIBIDIL.



DON LOGHADH, AGUS d'ÓIRCHISDI NA HEAGLUISI.



DON LOGHADH.



C. Créud as loghadh ann?



F. Matheamhnas na cána agus na péine aimsiorrdha, anas ar
son ar bpeacadh, a hóirchisde na hEagluisi, d'éis na péine
síordhuidhe do mhaitheamh, a n-aoinfheachd ris an ccoir.



C. Cia do-bheir an loghadh uaidh?



F. An Pápa, na heasbuig, agus uachdaráin oile na hEagluise,
tréus na cumhachdaibh fuaradar ó Chríosd.



D'ÓIRCHISDI NA HEAGLUISI.



C. Créud as óirchisdi don Eagluis?



F. An díoluidheachd agus an lóirghníomh atá ina ndéarna
Críosd do dheaghoibribh, agus ar fhulaing do phianuibh.



C. An bhfhuil an t-óirchisde-si do-fholmhaighthe?



F. Atá; óir, ó dobhí Íosa ar Slánuightheóir go bhfhoirfeachd
agus go n-uaisle ndo-áirmhe, atá an lóirghníomh agus an díoluidheachd
do-righne do-fholmhaighthe; ionnas go bhfhoigheónadh do dhíol
fiach mhíle saoghal, dá mbedís ann.



C. Créud as cóir dhúinn do dhéunamh dochum an loghaidh
d'fhagháil?


L. 57


F. An obair thrócaire orduighthear dochum an loghaidh-sin
d'fhagháil.



C. An bhfhuilid na heithriceadha a ccumann na naomh,
nó rannphairteach don loghadh?



F. Ní fhuilid, óir atáid don taobh amuigh don Eagluis.



C. An bhfhuil an drong bhíos coinnealbháite?



F. Ni fhuilid, do bhrígh go bhfuilid sgartha ré corp na
hEagluisi.



C. An bhfhuil an drong bhíos a bpeacadh mharbhtha?



F. Ní fhuilid, ar an adhbhar nach fuil ionnta achd boill
mharbha, chríona.



AN 18 CAIBIDIL.



DO MHAITHEAMH NA BPEACADH.



DON MHODH AR A MAITHEAR PEACADH NA SINNSEAR AGUS AR
BPEACADHA SOLOGHTHA DHÚINN.



C. Cionnas atá Dia 'na Shlánaightheóir aguinn?



F. Do bhrígh gurab é do-bheir grása agus maitheamh ar bpeacadh
dhúinn.



C. Créud iad na peacadha mhaitheas dúinn?



F. Peacadh na sinnsear ina ngeintear an uile dhuine achd
Críosd amháin agus a mháthair Muire, agus na peacadha do-nímíd
fhéin dá líonmhaire agus dá ttroma.



C. Cionnas mhaitheas peacadh na sinnsear dhúinn?



F. Dá mhórghrásaibh fhéin lé sacramaint an bhaisdthe, agus fós
gach peacadh oile do-nímid ria mbaisdeadh ina ndéunmaoid
aithreachas.



C. Cionnas maitear ar bpeacaidh shologhtha dhúinn?



F. Leis an bpaidir, an tan adeirthear maille re caoindúthrachd
í, leis an uisge choisreagtha, lé doilgheas, lé déirc do bhochdaibh,
agus lé deaghoibribh oile.



DON MHODH AR A MAITEAR AR BPEACADHA MARBHTHA
DHÚINN.



C. Créud le a maitear ar bpeacaidh mharbhtha dúinn?



F. Lé sacramaint na haithrighe, mar adéuram 'nar ndiaidh,
agus fós leis an doilgheas dá ngoirthear contrísio, .i. croidhebhrúdh.


L. 58


C. Créud as croidhebhrúdh ann?



F. Doilgheas géur, neimhneach, neartmhar fán bpeacadh, an
mhéid go bhfhuil a n-aghaidh Dé agus an ghrádha dlighthear
dhó, maille re rún na faoisidne do dhéunamh 'na ham féin, agus
fós gan aoinpheacadh do dhéunamh nísa mhó.



C. An bhfhuil d'fhiachaibh orainn na peacaidh, ina ndearnamur
croidhebhrúdh, do chur a bhfhaoisidin, má atáid maite?



F. Atá, fá phéin pheacaidh mharbhtha más peacaidh
mharbhtha iad, óir ní maitear íad achd ar an ccunnradh sin ón
am fár orduigh Críosd sacramaint na faoisidne.



C. Créud as brígh do na sacramaintibh-si lé saorthar ór
bpeacadhaibh sinn?



F. Brígh pháisi Críosd; óir, gach brígh dá bhfhuil aca, as
ón-a pháis-sean atá sí aca.



C. An éidir linn éirghe ar ar ttreóir féin as an bpeacadh ó
thuitmíd ann?



F. Ní héidir, gan grása Dé dar ttógbháil.



AN 19 CAIBIDIL.



DO GHRÁSAIBH DÉ.



C. Créud as grása ann?



F. Tiodhlaicthe neamhdha do-bheir Dia dhúinn, agus go
sunradhach na tiodhlaicthe le a mbímíd 'nar ccloinn aige féin agus
'nar n-oidhreadhaibh ar ríoghachd nimhe.



C. An bhfhuilid tiodhlaicthe as mó ináid na grása le a maitear
an peacadh?



F. Ní fhuilid, óir ní fhuil olc as mó agus as gráinne iná an
peacadh dá bhfhuilid contrárrdha.



C. Créud é an fáth?



F. Do bhrígh go mbí gach aon do-ní é 'na namhaid ag
Dia, 'na shearbhfhoghantaidh ag an diabhal, agus fós go marbhann
an t-anam.



C. Cionnas mharbhas an t-anam?



F. Lé sgarthain na ngrás ris.



C. Cionnas sin?


L. 59


F. Mar mharbhthar an corp lé sgarthain an anma ris.



C. Créud do ghluais Dia dochum na ngrás-sin do thabhairt
dúinn?



F. A mhórmhaitheas agus a mhórthrócaire féin.



C. Créud an mhaith do-nímíd leis na grásaibh-sin?



F. Deaghoibre ionluaigh a bhfhiadhnuisi Dé.



C. Cionnas gheibhthear na grása, agus méudaighthear iad iarn-a
bhfhagháil?



F. Lé crábhadh, lé gnás na sacramainteadh, agus lé freacar na
subháilceadh.



C. An éidir leis an uile dhuine a bhfhagháil?



F. Ní héidir, muna raibh a n-éugmais pheacaidh
mharbhtha agus 'na bhall fhíri don Eaglais Chatoilice.



AN 20 CAIBIDIL.



D'EISÉIRGHE NA CCORP, AGAS DON CHRUTH A MBEID.



C. Créud chiallaighthear lé heiséirghe na ccorp?



F. Go n-éireócha a bhfhuair bás do dhaoinibh riamh, agus go
mbeid béo arís.



C. Cionnas?



F. Lé teachd na n-anmann sna corpaibh céudna ina rabhadar
roimhe.



C. Cionnas as éidir sin do dhéunamh?



F. Tré mhórchumhachdaibh Dé, an tan sinnfídhear an
buabhall anbhuaineach úd ar sdoc Míchíl: Surgite, mortui,
uenite ad iudicium; .i. “Éirgidh, a mharbha, teagaidh dochum
an bhreitheamhnais.”



C. Créud í an mhéid a mbeid na cuirp an uair-sin?



F. A méid iomláin nádúrtha thrí mbliadhan déug ar fhichid,
achd budh éugsamhail a ccruth.



C. Créud an cruth a mbeid?



F. Beid cuirp na bhfhíréun taithneamhach, lúthmhar,
sgiamhach.



C. Cionnas bhias an drong dhamanta?



F. Go meirtneach, míomhaiseach.



C. C'áit a rachaid d'éis na heiséirghe?


L. 60


F. Go gleann Iosaphat dochum an bhreitheamhnais.



C. Cionnas tiocfaid dochum na háite-sin?



F. Tré mhórchumhachdaibh Dé.



C. Créud fá ttiucfaid ar ccuirp dochum an bhreitheamhnais?



F. Ionnas, iarn-a cceangal do na hanmannuibh, go mbeidís
d'fhiadhnaisi ar an mbreith ndamanta nó shlánaighthe
bhéurthar orra mar aon ris na hanmannuibh céudna.



AN 21 CAIBIDIL.



DON BHEATHAIDH SHUTHAIN.



C. Créud as beatha shuthain ann?



F. Caitheamh glóire fhlaitheamhnuis gan chrích, gan fhoirchionn.



C. Cia théid dochum na glóire-sin?



F. Na fírén do-gheibh bás a ngrásaibh gan smál peacaidh, agus
gan fhiacha péine ná cána ar a shon, agus an mhuinntear dhíolas a
bhfhiacha go hiomlán a bpurgadóir.



C. Créud an sólás bhias aca ann?



F. Glóir chuirp agus anma.



C. Créud í glóir an chuirp?



F. Atá sin do-fhaisnéidhe ar a méud, óir biaidh ruitheanda,
lúthmhar, so-threaghdtha, do-mhudhaighthe.



C. Créud í glóir an anma?



F. Ní héidir a foillsiughadh lé briathraibh, mar adeir an
fáidh Isaias, cap. 64: Nec oculus vidit, nec auris audiuit, nec in
cor hominis ascenderunt, quae praeparauit Deus diligentibus se;
.i. “Ní fhaca súil, ní chuala cluas, agus ní héidir lé hintleachd a
smuaineadh ar ullmhaigh Dia do luchd a ghrádhaighthe;” óir
biaidh radharc Dé aca, agus an uile mhaith bhus mian léo féin, agus
sin go suthain síordhaidhe, gan chrích, gan fhoirceann, an
feadh bhias Dia ag caitheamh a ghlóire.



Dia feartach dá mhórthrócaire do thabhairt na glóire-si
dhúinn. Amén.


L. 61


AN TREAS RANN DON PHARRTHAS-SO
THRACHDAS AR AN DÓCHAS.



AN CHÉUDCHAIBIDIL.



DON DÓCHAS, DON PHAIDIR, AGUS Dá MÍNIUGHADH.



DON DÓCHAS.



C. Créud as dóchas ann?



F. Tiodhlacadh neamhdha agus subháilce, dhoirteas Dia a
n-anam an duine, tré a mbí muinighin láidir aige an bheatha
shíordhuidhe d'iarraidh, agus dóigh sheasmhach a faghála, maille
re gach ní chuidigheas linn dochum na críche-sin.



C. Créud an modh ar a bhfhuigheam na neithe le a mbí ar
ndóigh?



F. Lé deighbheathaidh shubháilcigh, agus go háiridhe leis an
urnaighthe.



C. Créud fá mbí beagán toraidh ar mórán dar n-urnaighthe?



F. Do bhrígh nach déinmid í mar as cubhaidh agus nach
íarrmaoid ar uairibh neithe dleisdeanacha innte.



C. Cionnas as cóir a déunamh?



F. Go ngrádh, go n-eagla Dé, go ccreidiomh, go ndóchas,
go n-umhlachd, agus go siothbhuaine.



C. An deimhin go bhfhuigheam gach ní iarrfam mar sin?



F. As deimhin, más é ar leas a fhagháil, dá rabham a
n-éagmais pheacaidh mharbhtha.



DON PHAIDIR.



C. Créud an urnaighthe as fearr agus as bríoghmhaire ar bioth?



F. An Phaidear, dá ngoirthear urnaighthe an Tighearna, ina
bhfhuil iarraidh na n-uile athchuingheadh as maith dhúinn
d'fhagháil do thaobh anma agus cuirp.


L. 62


C. Créud fá ngoirthear urnaighthe an Tighearna dhi?



F. Do bhrígh gurab é Críosd ar tTighearna do-righne í, agus do
ordaigh dhúinne a rádh an tan dobheimís ag guidhe Dé.



Abair an Phaidear.



An Phaidear.



1. A ar nAthair, atá ar neamh, naomhthar th'ainm:
2. Tigeadh do ríoghachd:
3. Déuntar do thoil ar an talamh mar do-níthear ar neamh:
4. Ar n-arán laetheamhail tabhair dhúinn aniodh:
5. Agas maith dhúinn ar bhfhiacha, mar mhaithmíd-ne dar
bhfhéicheamhnaibh féin:
6. Agas ná léig ind a ccathughadh:
7. Achd saor inn ó olc. Amén.



DO MHÍNIUGHADH NA PAIDRE.



C. Cia re a labhra ag rádh do Phaidre?



F. Re Dia uilechumhachdach.



C. Cionnas atá Dia 'na Athair aguinn?



F. Trén-a mhórghrásaibh féin le ar thogh san mbaisdeadh
mar chloinn dó féin, agus mar oidhreadhaibh ar ríoghachd nimhe,
sinn.



C. Créud fár orduigh Críosd dúinn “A ar nAthair” do rádh
tar “A Athair”?



F. Ionnas go ttuigmís gurab bráithre dá chéile sinn uile,
agus go bhfhuil d'fhiachaibh orainn grádh brátharrdha do bheith
aguinn ar a chéile agus guidhe ar son a chéile.



C. Créud fá n-abair tú “atá ar neamh”?



F. Dá chur a ccéill, gé go bhfhuil Dia san uile áit, go bhfuil
go sunradhach ar neamh ag taisbéunadh a ghlóire do na
hainglibh agus do na naomhuibh.



C. Ga mhéud athchuinghidh san bPaidir?



F. Seachd n-athchuingheadha, arn-a ccur síos go
horduighthe; óir íarrthar an uile ní bheanas re glóir Dhé sna
trí céudathchuingheadhuibh, agus sna ceathra hathchuingheadhaibh
déidheancha gach ní bheanas rér maith féin agus ré maith ar
ccomharsan, agus fós ar saoradh ar gach olc dá ttáinig, dá bhfhuil
do láthair, nó dá ttiocfa.



C. Créud iarrmaoid san chéudathchuinghidh?


L. 63


F. Naomhthachd Dé do bheith follas ag cách uile ar feadh
an domhain go coitcheann, ar sgrios an uile sheachráin agus
pheacaidh, ionnas go moladh agus go n-adhradh gach aon é mar
as cubhaidh.



C. Créud íarrmaoid san dara hathchuinghidh?



F. Ríoghachd Dé, .i. a ghrása do theachd 'nar n-anmannaibh
ar an saoghal-sa, agus glóir shíordhaidhe anma agus chuirp do
thabhairt dhúinn a ríoghachd nimhe.



C. Créud iarrmaoid san treas athchuinghidh?



F. Grása le a ndiongnam toil Dé ar nAthar coimhéusgaidh
re hainglibh nimhe.



C. Créud íarrmaoíd san cheathramhadh athchuinghidh?



F. Gach ní atá 'na riachdanas ar ar mbeathaidh sbioradálta,
mar atá sacramaint Chuirp ar ttighearna, agus gach sacramainte
oile archeana as riachdanas da gach aon do réir a sdaide; agus
ar ar mbeathaidh ccorparrdha, mar atá biadh agus éudach.



C. Créud íarrmaoid san chúigeadh athchuinghidh?



F. Maitheamhnas ar bpeacadh, agus sin do réir mar mhaithmíd
féin dar ccomharsain, a ccás go ndéunadh éinní 'nar n-aghaidh;
óir, muna maitheam, ní héidir dúinn maitheamhnas d'fhagháil.



C. Créud iarrmaoíd san seiseadh athchuinghidh?



F. Congnamh a n-aghaidh an uilc atá in ar ccionn, .i.
gan cathaighthe an díabhail, na colna, ná an tshaoghail, le a
cclaoidhfidhi sinn, do léigean orainn.



C. Créud iarrmaoid san seachdmhadh athchuinghidh?



F. Ar saoradh ar an uile ní as aithnidh do Dhia féin do
bheith olc dhúinn do thaobh anma nó cuirp, gé go bhfhaicfidhe
a chontrárrdha dhúinn féin.



AN DARA CABIDIL.



D'FHÁILTE AN AINGIL GOn-a LEANANN DI, AGUS DÁ
MÍNIUGHADH.



D'FHÁILTE AN AINGIL GOn-a LEANANN DI.



C. Créud fá n-abramaoid Fáilte an Aingil a ndíaidh na
Paidre?


L. 64


F. Do bhrígh go bhfhuil Muire 'na hadhbhócóididh eadrainn
agus Críosd, do réir mar atá Críosd 'na adhbhocóididh eadrainn agus
an tAthair.



Abair Fáilte an Aingil gon-a bhfhuil ceangailte dhi.



Fáilte an Aingil, etc.



Dia do bheatha, a Mhuire, atá lán do na grásaibh, atá an
Tighearna maille riot; as beandaighthe thú tar na mnáibh, 'sas
beandaighthe toradh do bhronn Íosa. A naomhMuire, a
mháthair Dhé, guidh orainne na peacthaigh anois, agus a n-aimsir
ar mbáis. Amén.



C. Cia do-righne an urnaighthe-si?



F. An t-aingeal Gabriel, iar tteachd a tteachdaireachd
ionchollaighthe Críosd go Muire, do-righne an chéudchuid di;
Elisabet, iomorro, an dara cuid; agus an Eaglais do-righne an
treas cuid.



DO CHUID ELISABET AGUS NA HEAGLUISE DON URNAIGHTHE-SI.



C. Créud í cuid Elisabet don urnaighthe-si?



F. Na briathra-sa: “As beannaighthe thú tar na mnáibh,
'sas beannaighthe toradh do bhronn Íosa.”



C. Ga tráth do labhair Elisabet na briathra-sa?



F. An tan táinig Muire ar cúairt fá a déighin.



C. Créud í cuid na hEaglaisi don urnaighthe-si?



F. Na briathra déidheanacha, .i. “A naomhMuire, a
mháthair Dhé, guidh orainne na peacthaigh anois, agus a n-aimsir
ar mbáis. Amén.”



DO MHÍNIUGHADH NA HURNAIGHTHE-SI.



C. Créud fá n-abair tú go bhfhuil Muire lán do ghrásaibh?



F. Do bhrígh gurab mó fuair do ghrásaibh, do shubháilcibh,
agus do thiodhlaicthibh ó Dhia iná créutúir ar bioth oile.



C. Nar luigh peacadh ar bioth riamh uirre?



F. Ní hé amháin nar luigh peacadh na sinnsear riamh uirre,
achd fós, nach dearna féin peacadh marbhtha ná sologhtha
riamh.



C. An raibhe Dia maille re Muire nísa mhó iná maille re
daoinibh oile?


L. 65


F. Dobhí; óir dobhí ó thús a geineamhna maille ria aga
teagasg, aga riaghladh, agus aga coimhéud do ghnáth; agus maille ris
sin, do thogh an tAthair neamhdha mar inghin, an Mac mar
mháthair, agus an Sbiorad Naomh mar chéile í.



C. Cionnas dobhí sí beannaighthe ós cionn an uile bhan?



F. Do bhrígh, ó thús, go raibhe 'na máthair ag Mac Dé;
'na dhiaidh sin, go raibhe 'na máthair agus 'na hóigh a n-aoineachd;
maille ris sin, go rug a mac gan teinnios, gan doilghios, gan
chaill a hóghachda riamh; agus fá dhéoidh, gur cuireadh idir
chorp agus anam ós cionn an uile naomh agus aingeal a nglóir í.



C. Créud an congnamh íarrmaoid-ne uirre?



F. Guidhe ar ar son do ghnáth, agus go háiridhe a n-úair ar
mbáis; óir as é sin an punc díoghbhálach, guasachdach, ar a
bhfhuil ar mbeatha shíordhaidhe go bráth agus iar mbráth.
Dlighthear, dá bhrígh sin, do gach aon bheith roi-dhíthcheallach
fá deuósion do bheith aige don naomhóigh glórmhuir-si; óir,
do réir an naomhdhoctúir S. Bearnárd, nír léig Críosd aonduine
riamh do dhamnughadh aga raibhe ro-dhúthrachd di.



AN 3 CAIBIDIL.



DAR N-URNAIGHTHE DOCHUM MUIRE, AGUS DOCHUM NA
NAOMH.



DAR N-URNAIGHTHE DOCHUM MUIRE.



C. An tan adeir tú Fáilte an Aingil, cía re a labhra?



F. Ré Muire, máthair na ngrás.



C. Cia hí Muire?



F. Bainríoghan nimhe agus talmhan, agus máthair Mhic Dé.



C. C'áit a bhfhuil Muire anois?



F. A bhfhlaitheas Dé idir chorp agus anam.



C. An cóir dhúinn onóir dho thbhairt dá híomháigh?



F. As cóir onóir mhór, do bhrígh go ttabhair isi in ar
ccuimhne lé héunradharc.



C. Cionnas chuidigheas Muire linn?



F. Ag guidhe ar ar son dochum Dé.



C. Créud an tsheirbhís as cóir dhúinn do dhéunamh dhi?


L. 66


F. Beandughadh dhi go minic lé briathruibh an aingil, an
choróin Mhuire, na liottáin, agus a samhail oile do rádh dhi. Maille
ris sin trosgadh, déirc, turais, agus deaghoibre oile do dhéunamh
'na honóir.



DAR N-URNAIGHTHE DOCHUM NA NAOMH.



C. An ndén tú urnaighthe dochum na naomh?



F. Do-ním, agus go spesialta dochum mo phátrún agus mh'aingil
choimhideachda, aga n-iarraidh 'na n-adhbhocóidibh eadram agus
Dia.



C. Créud í an urnaighthe do-ní tú chuca?



F. An Phaidear, Fáilte an Aingil, liottáin, agus gach urnaighthe
orduigheas an Eagluis.



C. Nach abair tú thuas gurab ré Dia agus ré Muire labhra ag
rádh na Paidre agus na Fáilte-sin an Aingil?



F. Adeirim; gidheadh, guidhim mar so Dia fá thrócaire do
dhéunamh oram ar son a naomh, agus guidhim iad-san bheith 'na
n-adhbhocóidibh agam dochum Dé.



C. Créud fá n-iarrmaoid a ccongnamh?



F. Do bhrígh go bhfhuilmid a n-oilithre ór ndúthaigh, agus
iad-san 'na seilbh a radharc Dé do ghnáth, agus a mhian orra
congnamh linn.



C. Cionnas atá a fhios aca go nguidhmíd chuca?



F. Do bhrígh go bhfhaicid sin, agus gach ní oile as mian leó,
a sgáthán na díadhachda.


L. 67


AN CEATHRAMHADH RANN DON PHARRTHAS-SO.



THRÁCHDAS AR AN NGRÁDH AGUS AR AN SLIGHIDH GHABHTHAR
CHUIGE, MAR ATÁ, COMHALL NA N-AITHEANTADH; ÓIR NÍ BHÍ
GRÁDH DÉ AG AN TÉ NACH DÉIN A THOIL, AGUS NÍ HÉIDIR A THOIL
DO DHÉUNAMH GAN COMHALL A AITHNEADH.



AN 1 CHAIBIDIL.



DO GHRÁDH DÉ AGAS NA COMHARSAN.



DO GHRÁDH DÉ.



C. Créud í an tshubháilce as úaisle ar bioth?



F. An grádh, óir ní héidir leis an ccreideamh agus leis an ndóchas
duine do shlánughadh gan congnamh an ghrádha.



C. Créud as grádh ann?



F. Tiodhlacadh Dé agus subháilce, dhoirteas Sé a n-anam an
duine, le a ngrádhaigheann Dia ós gach ní ar a shon féin agus an
chomharsa ar son Dé.



C. Créud fá ttugmaoid grádh do Dhia?



F. Ar a shon féin, .i. ar son a mhórmhaitheasa, a mhórthrócaire,
agus a mhórghráidh dhúinn.



C. Cionnas ghrádhaighfiom é ós an uile?



F. Gurab luaithe do thréigfimís na huile, agus fós do fhuileóngmaois
bás, iná do thréigfimís é ag déunamh an pheacaidh.



DO GHRÁDH NA COMHARSAN.



C. Cia as comharsa dhúinn?



F. Na huile darab éidir bheith 'nar ccoidreabh a bhfhlaitheamhnas.


L. 68


C. Cionnas as cóir dhúinn a grádhughadh?



F. Mar inn féin.



C. Cionnas ghrádhaighfiom í mar inn féin?



F. Ag íarraidh a maitheasa mar ar maith féin, agus gan a holc
do dhéunamh ná do shanntughadh, achd mar bhudh mían linn
dúinn féin.



C. Créud iad na neithe as cóir dhúinn do dhéunamh dochum
an ghrádha-sa do bheith againn?



F. Reachd agus dligheadh Dé, .i. na haitheanta, do chomhall.



C. Créud as suim do na haitheantaibh?



F. A dó, .i. grádh Dé, agus na comharsan; óir, gibé choimhéudas
an dá aithni-si, coimhéudaidh na haitheanta uile.



AN 2 CAIBIDIL.



DO NA HAITHEANTAIBH.



D'AITHEANTAIBH AN CHÉUDCHLÁIR.



C. Ga mhéud aithne ann?



F. Deich n-aitheanta.



C. Cía as úghdar dóibh?



F. Dia féin as úghdar dhóibh; óir as é do sgríobh ar tús
a ccroidhibh na ndaoineadh íad; agus do sgríobh 'na dhiaidh sin
iad a ndá chlár mharmair do Mhaoisi ar slíabh Sínai; Críosd,
iomorro, do athnuadhaigh íad san reachd nua.



C. Ga mhéud aca dobhí san chéudchlár?



F. Na trí haitheanta bheanas ré Dia; agus dá bhrígh sin,
goirthear aitheanta an chéudchláir dhíobh.



Abair íad.



1. Ná hadhair dée bréige.
2. Ná tabhair ainm do Thighearna Dé go díomhaoin.
3. Coimhéid sáoire an Domhnaigh.



D'AITHEANTUIBH AN DARA CLÁIR.



C. Ga mhéid aithne dobhí san dara clár?



F. Na seachd n-aitheanta oile bheanas ris an ccomharsuin,
agus dá ngoirthear, dá bhrígh sin, aitheanta an dara cláir.


L. 69


Abair íad.



4. Tabhair onóir dod th'athair agus dod mháthair.
5. Ná déuna marbhadh.
6. Ná déuna drúis.
7. Ná déuna goid.
8. Ná déuna fíadhnaisi bhréige a n-aghaidh do chomharsan.
9. Ná sanntaigh bean do chomharsan.
10. Ná sanntaigh teach ná fearann, óglach ná inilt, bó ná
asal, ná ní ar bioth oile do chuid do chomharsan.



C. Cía ar a bhfhuil d'fhíachaibh íad so do chomhall?



F. Ar na huilibh aga bhfhuil a ccíall ar a ccumas.



C. Créud é an ríachdanas atá rén-a ccomhall?



F. An riachdanas atá fá phéin a shlánaighthe, ar an uile
dhuine gan peacughadh 'na n-aghaidh.



AN 3 CAIBIDIL.



DON CHÉUDAITHNE: NÁ HADHAIR DÉE BRÉIGE.



C. Créud as suim don aithne-si?



F. Go bhfhuil d'fhíachaibh oruinn creideamh do Dhía, dóchas
do chur ann, a ghrádhughadh ós cionn an uile, a onórughadh, a
adhradh, agus gan an onóir dhlighthear dhó do thabhairt d'aoinní
oile.



C. Cía pheacaigheas a n-aghaidh na haithni-si?



F. Na hainchríosduidheadha, na hasarlaigheadha, luchd
piseóg, na heithriceadha, agus na siosmaiticeadha.



DON AINCHRÍOSDAIDHE, AGUS DON ASARLAIGHE.



C. Créud as ainchríosdaidhe ann?



F. An té aga mbí créutúir corporrdha, .i. grian nó gealach,
nó íomháigh bhodhar, bhalbh, aga hadhradh mar Dhia.



C. Créud as asarlaighe ann?



F. An té thréigeas Dia, agus ghabhas leis an díabhal mar
Thighearna, nó do-ní cunnradh ris.



C. An éidir linn go dleisdionach comhairle d'íarraidh ar luchd
na hasurlaigheachda?


L. 70


F. Ní héidir, do bhrígh gurab ón díabhal gheibhid gach
éolas dá mbí aca.



DO NA PISEÓGAIBH.



C. Créud as piséoga ann?



F. Bríathra nó comharrthadha do rádh, nó do dhéunamh,
dochum críche dochum nach fuil brígh aca ó Dhía, ó nádúir,
ná ón Eagluis.



C. An piséoga an t-agnus Dei, an leabhar Eóin, an t-uisge,
an choindeal, nó an phailm choisreagtha?



F. Ní headh; óir atá brígh aca ón mbeannughadh do-níthear
lé hordughadh na hEagluise orra.



DO NA HEITHRICEADHAIBH, AGAS DO NA SIOSMAITICEADHAIBH,
ETC.



C. Cionnas pheacaighid na heithriceadha a n-aghaidh na
haithni-si?



F. Ag séuna na neitheadh fhoillsigheas an Eagluis do bheith
dar ccreideamh.



C. Cionnas pheacaighid na siosmaiticeadha 'na haghaidh?



F. Ag tabhairt easumhla do bhiocáire Chríosd, don Phápa.



C. Cía an drong oile pheacaigheas 'na haghaidh?



F. An luchd théid a n-éudóchas a slánuighthe nó mhaitheamhnais
a bpeacadh. Maill ris sin, an luchd ghlacas andóchas
go sláinéochthar íad tré thrócaire nDé amháin, gan a ccongnamh
féin. Mar an ccéudna, an luchd ag nach bí grádh do Dhía, agus
do-bheir grádh ós cionn a ghrádha do ní shaoghalta ar bioth.



AN 4 CAIBIDIL.



DO NA DEAGHAINGLIBH AGUS DON ONÓIR DHLIGHTHEAR
DHÓIBH, AGUS DO NA DROCHAINGLIBH AGUS DÁ N-URCHÓID.



DO NA DEAGHAINGLIBH, AGUS DON ONÓIR DHLIGHTHEAR DHÓIBH.



C. Créud as aingle ann?


L. 71


F. Sbiorada úaisle bhíos ag moladh Dé.



C. An bhfhuil fioghair chorporrdha orra?



F. Ní fhuil, óir ní fhuil ionnta achd sbiorada fíorghlana.



C. Créud fá ndealbhthar iad a n-inneall ógánach?



F. Do bhrígh gurab ar an modh-soin do thaisbéunadar íad
féin don bhanóigh do Mhuire, do Thobías, agus d'Abraham.



C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithni-si an onóir iomchubhaidh
dhlighthear dhóibh féin do thabhairt dóibh?



F. Ní fhuil.



C. Créud í an onóir dhlighthear dhóibh?



F. Onóir cháirdeadh agus lochda éintighe Dé.



C. Créud as oific do na hainglibh?



F. Dia do mholadh agus a shéirbhís do dhéunamh, agus fós congnamh
leis na daoínibh.



C. An bhfhuilid aingil ann bhíos ag congnamh linn?



F. Atá aingeal coimhideachda ag gach aon bhíos ag congnamh
leis.



C. Créud an tsheirbhís do-ní dhó?



F. Congnamh leis a n-aghaidh an díabhail; a ghuidhe do
thabhairt dochum Dé, agus san bpunc dhéidhionach a anam do
dhídean.



DO NA DEAMHNUIBH AGAS DÁ N-URCHÓID.



C. Nar anadar na haingil uile a bhfhlaitheamhnas?



F. Nír anadar; óir do teilgeadh Lúcifear, agus ar ghabh leis a
n-aghaidh Dé, go hifrionn.



C. An íad sin atá anois 'na ndeamhnuibh?



F. As íad.



C. Créud fá mbíd dar mbrosdadh dochum an pheacaidh?



F. d'eagla go bhfhuighmís an áit ghlórmhar do chailleadar
féin ar neamh, achd go mbeimís a bpéin shíordhaidhe a n-ifrionn
mar aon riú.



C. An lughaide dá bpéin bheith 'na siocair dhamanta ag na
daoinibh?



F. Ní lughaide, achd as móide; gidheadh, atáid-sion
comhurchóideach agus sin gurab fearr léo méudughadh péine do
bheith orra féin iná sinne do bheith a sdaid búdh airde iná íad.


L. 72


AN 5 CAIBIDIL.



DON ONÓIR AGUS DON DÚTHRACHD DHLIGHTHEAR DO
MHUIRI AGUS DO NA NAOMHAIBH OILE, DÁ TTAISIBH, AGUS
DÁ N-ÍOMHÁIGHIBH.



C. An ttoirmisgeann an chéudaithne onóir do thabhairt do
Mhuire nó do na naomhaibh?



F. Ní thoirmisgionn a n-onóir iomchubhaidh féin do thabhairt
dóibh, achd amháin gan a n-adhradh mar Dhéibh.



D'ONÓIR MHUIRE AGAS NA NAOMH.



C. Créud í an onóir dhlighthear do Mhuire?



F. Onóir mháthar Dhé.



C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithni-si Muire do ghuidhe?



F. Ní fhuil, mar adubhramar thuas san treas caib. don 3
rann.



C. Créud í an onóir dhlighthear do na naomhuibh?



F. Onóir chairdeadh agus chloinne Dé.



C. An bhfhuil a n-aghaidh onóra Dé na naoimh do ghuidhe,
nó a gcongnamh dh'íarruidh?



F. Ní fhuil; do bhrígh nach íarrmaoid trócaire ná grása
orra, achd amháin a nguidhe, mar chloinn thoghaidhe Dé agus mar
luchd éintighe dhó, fá impídhe do chur air ar n-athchuinghidh
do thabhairt dhúinn.



D'ONÓIR THAISEADH NA NÁOMH.



C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithni-si onóir do thabhairt
do thaisibh na náomh?



F. Ní fhuil, do bhrígh nach tugmaoid achd a n-onóir
iomchubhaidh dhleisdeanach féin dóibh.



C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithne céudna urnaighthe
do dhéunamh 'na bhfhíadhnaisi?



F. Ní fhuil, óir ní horra-san, achd ar na hanmannaibh


L. 73


naomhtha do-righne iomad deaghoibreadh, íarrmaoid guidhe
ar ar son.



C. An bhfhuil réusún an urnaighthi-sin do dhéunamh do
láthair na ttaiseadh tar áit oile?



F. Atá, .i. dochum go n-íarrmaois ar na naomhaibh cuimhne
do bheith aca orainn agus congnamh linn, mar atá cuimhne againne
orra-san, ag onórughadh a ttaiseadh.



D'ONÓIR NA N-ÍOMHÁIGHEADH.



C. An ttoirmisgeann an aithni-si onóir do thabhairt do na
híomháighibh?



F. Ní dhéin; óir ní don phinntéoireachd dá breaghdha
do-bheirmíd onóir, achd don té thaisbéunaid dhúinn agus bheirid
in ar ccuimhne.



C. Créud í an onóir dhlighthear dhóibh?



F. An onóir chéudna bheirmíd do na naomhuibh thaisbéanaid
dhúinn.



C. Cionnas tuigthear sin?



F. Ionann so ré a rádh agus go ttugmaoíd a n-onóir iomchubhaidh
féin dóibh, do réir a gcéime, ina n-íomháighibh.



C. An bhfuil a n-aghaidh na haithne-si urnaighthe do
dhéunamh a bhfhiadhnaisi na n-íomháigheadh?



F. Ní fhuil; do bhrígh nach íarrmaoid aoinní ar na híomháighibh
san urnaighthe-sin, gé go n-íarrmaoid dá láthair ar an
tté thaisbéunaid dúinn athchuinghidh, mar atá grása, más
íomháigh Chríosd í, nó guidhe ar ar son, más íomháigh Mhuire
nó naoimh bhíos ann.



C. Créud an mhaith do-níd na híomháighne?



F. Cuimhne Chríosd agus a pháise, Mhuire, agus na naomh do
thabhairt in ar n-inntinn lé héunradharc, agus ar sbiorad chrábhaidh
do mhusgladh dochum grádha agus onóra do thabhairt dóibh, agus a
sompla do leanmhain do réir ar ccumhachd.



C. An ccluinid nó an bhfhaicid na híomháighni, nó taisi na
naomh, éinní dá ndéuntar 'na bhfhíadhnaisi?



F. As dearbh nach cluinid agus nach bhfhaicid.



C. Cionnas, máseadh, do-níd na míorbhuile móra do-chímíd
aca ga ndéunamh gach láoi?



F. Ní híad-san do-ní íad achd Dia féin ar impidhi Mhuire


L. 74


nó na náomh, ionnas go mbeith deuósion againne do na
náomhaibh, dá ttaisibh, agus dá n-íomháighnibh.



AN 6 CAIBIDIL.



DON DARA HAITHNE: NÁ TABHAIR AINM DO THIGHEARNA
DÉ GO DÍOMHAOIN.



C. Créud thoirmisgeas an aithne-si?



F. An uile easonóir bheirthear d'ainm Dé lé náomhathais,
lé briseadh móide, nó lé a thabhairt mar mhionnuibh.



DON NAOMHATHAIS.



C. Créud as náomhathais ann?



F. Aindligheadh nó athais do thabhairt ó bhréithir do Dhía
nó dá náomhaibh.



C. Ga mhéud modh ar a ndéuntar an naomhathais?



F. Ar chúig modhaibh. An céudmhodh: an tan adeirthear
ní do bheith ag Dia nar chubhaidh dhó, mar athá, go mbiadh
cumhachda aige peacadh do dhéunamh.
An dara modh: an tan adeirthear go mbí easbhaidh cumhachd,
eagna, éolais, cirt, trócaire, nó neith ar bhioth mhaith air.
An treas modh: an tan adeirthear go mbíd na neithe, atá ag
Dia amháin go díleas, ag créutúir ar bhioth, mar atá, go mbiadh
fios na neitheadh nach táinig ag duine ar bioth, gan Dia dá
fhoillsioghadh dhó.
An ceathramhadh modh: an tan mhallaigheas duine do
Dhia, do Mhuire, nó do na náomhaibh.
An cúigeadh modh: an tan ainmnighthear éunchuid do
bhallaibh Críosd nó na náomh lé fanámhaid, lé feirg, nó le lasán.



C. An trom an peacadh an náomhathais?



F. Ní fhuil peacadh as truime iná í. Tabhraid, dá bhrígh
sin, na daoine leamha, éudtroma, do-bheir fuil agus páis Chríosd agus
mionna móra oile go hurasa, dá n-aire gurab lughaide ghabhthar
a leisgéul san bpeacadh ngráineamhail-si a usa a sheachna, óir
ní fhuil áoibhneas ná tarbha ann.


L. 75


DON MHÓID.



C. Créud as móid ann?



F. Gealladh bheirthear do Dhia ní maith, ar a mbí buidheachas
aige, do dhéunamh.



C. Dá ngealladh duine droichní, an bhfhuil d'fhíachaibh air
an gealladh-sin do chomhall?



F. Ní fhuil; óir ní hé amháin dá ngealladh duine ní ina
mbíadh peacadh, achd fós ní maith, do chuirfeadh toirmeasg
ar mhaith bhudh mó iná sin, nach bí buidheachas ag Dia air.



DO NA MIONNAIBH, AGUS DO NA COINGHEALLUIBH ÍARRTHAR
DOCHUM A TTABHARTHA.



C. Créud as mionna ann?



F. Dia do thógbháil d'fhíadhain ar an bhfhírinne do bheith
agad.



C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithni-si mionna do thabhairt?



F. Ní fhuil; óir onóraighthear ainm Dé léo, an tan bheirthear
go dleisdeanach íad.



C. Créud íad na coinghill íarrthar dochum a ttabhartha go
dleisdionach?



F. Gan a ttabhairt do dhruim feirge, fuatha, ná grádha,
achd d'fhonn na fírinne amháin; gan a ttabhairt achd lé
ceart, lé fírriachdanas, agus a ccúis éifeachdaigh.



C. Créud íarrthar dochum na mionn do bheith fírinneach?



F. Fios na fírinne go cinnte do bheith agad.



C. Créud an peacadh do-ní an té mhionnaigheas a mbréig?



F. Peacadh marbhtha, má bheir dá aire gurab a mbréig
mhionnaigheas; agus atá d'fhiachaibh air aiseag do thabhairt in
gach díoghbháil dá ndearna ag mionnughadh.



C. Dá ttugadh na mionna, agus é a cconntabhairt na fírinne,
créud an peacadh do-ní?



F. Peacadh marbhtha, do bhrígh go gcuireann é féin a
cconntabhairt mhionn éithigh.



C. Cionnas pheacaigheas an té do-bheir mionna éithigh a
gcúis díomhaoin?


L. 76


F. Go marbhthach; do bhrígh gurab mór an easonóir do-bheir
do Dhia, ga thógbháil d'fhiadhain ar bhréig.



C. Créud íarrthar dochum na mionn do bheith ceart?



F. An ní fá a mionnaighthear do bheith dleisdeanach; óir,
gibé mhíonnaigheas droichní, nó gan ní maith do dhéunamh,
peacaighidh a n-aghaidh na haithni-si, agus dá ccoimhle iad, cuiridh
peacadh ar muin pheacaidh.



C. Créud truime an pheacaidh do-ní?



F. Peacadh marbhtha nó sologhtha, do réir cáilidheachd
uilc na mionn.



C. Créud an peacadh do-ní an té mhionnaigheas gan riachdanas?



F. Meath a dhála peacadh sologhtha.



C. An mionna Muire, na naoimh, an leabhar, nó créutúir ar
bhioth oile dar chruthaigh Dia, do thabhairt?



F. Aseadh.



C. Créud as cóir dhúinn do rádh, ionnas nach bpeacaigheadhmaois?



F. Aseadh nó ní headh, mar do theagaisg Críosd dhúinn,
Matth., cap.5. Tabhradh, dá bhrígh sin, an drong bhaoth,
éigcríonna, nach cuireann cás an fírinne nó bréug, nó créud
an chúis bhíos aca ag tabhairt na mionn, dá n-aire, gurab
contabhartach an sdaid a bhfhuilid; agus íarrmaoid, as uchd Dé,
orra an drochghnás-sin do thréigion.



AN 7 CAIBIDIL.



DON TREAS AITHNE: COIMHÉID SÁOIRE AN
DOMHNAIGH.



C. Créud í an tshaoire atá d'fhiachaibh oruinn do choimhéud?



F. Féusdadha an Tighearna, an Domhnach, féilte Muire, na
n-absdal, agus na naomh oile ordaigheas an Eaglas dhúinn do
choimhéud.



C. Créud iad na hoibre atá toirmisgthe orainn is na
féiltibh-si?



F. Oibre corparrdha; mar atá, treabhadh nó foirseadh,
saoirseachd nó gaibhneachd, reic nó ceannach, nó a leithéide oile
ar a ttabhairthear oibre daora.


L. 77


C. An toirmisgthe a thabhairt ar dhaoinibh oile éunobair
dhíobh so do dhéunamh lá saoiri?



F. As toirmisgthe.



C. An briseadh saoire na h-oibre corparrdha bheanas ré
seirbhís nDé?



F. Ní headh, más oibre iad ar nach fuil breith uair oile.



C. An briseadh saoire biadh do dheasughadh, nó friothólamh
do dhéunamh?



F. Ní headh, ná énní oile dá mbeanann ré beathaidh an
lae-sin, agus nach éidir do dhéunamh an lá roimhe.



C. Créud iad na neithe atá d'fhiachaibh orainn do dhéunamh
lá saoire tar lá oile?



F. Urnaighthe agus oibre sbioradálta, mar atá, an t-aifrionn
agus an tsheanmóir d'éisdeachd, léughthórachd leabhar sbioradálta,
agus a leithéide oile; do bhrígh gurab dochum seirbhísi Dé
as mó do horduigheadh an tshaoire.



AN 8 CAIBIDIL.



DON CHEATHRAMHADH AITHNE: TABHAIR ONÓIR
DOD TH'ATHAIR AGUS DOD MHÁTHAIR.



C. Créud atá d'fhiachaibh orainn do bhrígh na haithni-si?



F. Onóir do thabhairt dar sinnsioraibh, .i. dar n-aithribh,
dar máithribh, agus don uile uachdarán bhíos againn do thuaith
nó d'Eaglais.



C. Cionnas dhlighthear don fhior é féin d'iomchar do thaobh
a mhná pósda?



F. Go grádhach, cúramach, mar Chríosd dá Eagluis.



C. Cionnas as cóir don mhnaoi í féin d'iomchar do thaobh a
fir phósda?



F. Dlighidh bheith lán do chion, d'umhla, agus d'urraim dhó,
mar an Eaglais do Chríosd.



C. Créud dhligheas an lánamhuin do dhéunamh dá ccloinn?



F. A n-oileamhain; béusa, foghluim, agas sdaid bheathadh,
do réir a ccumhachd, do thabhairt dóibh.



C. Créud í an onóir dhlighthear ón ccloinn dóibh-sion?



F. Onóir inmheadhónach agus fhoirimiolach ina mbriathraibh agus
ina ngníomhaibh; cuidiughadh léo, agus bheith umhal dóibh.


L. 78


C. Créud in ar cóir cuidiughadh leó?



F. San uile riachdanas sbioradálta agus teamporálta.



C. Créud ina bhfhuil d'fhiachaibh orainn bheith umhal
dóibh?



F. San uile ní nach fuil a n-aghaidh aithneadh Dé; óir,
dá mbeith a n-aghaidh thoile Dé, nír chóir bheith umhal
dóibh ar éunchor.



C. Créud fá ttugthar an uiread so d'onóir dhóibh?



F. Do bhrígh, a ndiaidh Dé, gurab uatha atá ar mbeith agus
ar mbeatha, agus gurab íad ríaghlas sinn a n-áit
Dé.



C. Créud an luach do gheall Dia don chloinn do-bheir an
onóir-si uatha?



F. Saoghal fada abhos, agus beatha shuthain thall.



AN 9 CAIBIDIL.



DON CHÚIGEADH AITHNE: NÁ DÉUNA MARBHADH.



C. Créud thoirmisgthear san aithne-si?



F. Gan neach dá mharbhadh féin, ná do mharbhadh
duine oile; agus fós, gan olc do dhéunamh d'éinneach ó smuaineadh,
ó bhréithir, ná ó ghníomh.



C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithni-si an tan chuirid
uachdaráin, nó breithiomhuin an mhaitheasa puiblídhe, luchd
uilc dochum báis?



F. Ní fhuil, do bhrígh go bhfhuil ordughadh ó Dhía aca sin
do dhéunamh.



C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithne céudna, duine do
mharbhadh a ccath nó a ccogadh dhleisdionach?



F. Ní fhuil; muna tré naimhdeanas, achd do chosnamh na
córa, mhuirfeas é.



C. An bhfhuil fós 'na haghaidh, duine do mharbhadh dhuine
oile aga chosnamh féin ar bhás, nó dá neamhthoil lé míothapadh?



F. Ní fhuil, achd amháin gan mainneachdnaighe do dhéunamh
fán ccoimhéud dobhíadh d'fhiachaibh air.



C. Cía as troma an peacadh, pearsa Eagluisi do mharbhadh
iná tuata?


L. 79


F. As troma pearsa Eagluise, óir, ós cionn a pheacaidh,
bídh an té mharbhas í coinnealbháite.



C. An ttoirmisgeann an aithni-si beathadhaigh bhrúideamhla
do mharbhadh?



F. Ní dhéin, óir as do na daoinibh féin do cruthaigheadh
íad.



C. Máseadh, créud thoirmisgeas?



F. Aingidheachd, fúath, foltanas; comhairle do thabhairt,
nó a shanntughadh go hinmheadhónach marbhadh do dhéunamh
go haindlightheach; íarraidh nó freagra chomhraig.



C. Créud íarras an aithni-si orainn?



F. Grádh, ceannsaidheachd, agus maitheamhnus do thabhairt
san n-aindligheadh do-níthear dhúinn, maith do dhéunamh a
n-aghaidh an uilc, agus guidhe ar luchd ar n-inghreama, mar do
theagaisg Críosd dhúinn. Matt.V.



AN 10 CAIBIDIL.



DON SEISEADH AITHNE: NÁ DÉUNA DRÚIS.



C. Cia pheacaigheas a n-aghaidh na haithni-si?



F. An té do-ní adhaltrannas ré mnaoi phósda dhuine oile,
nó bheanas ré mnaoi neamhpósda, nó chuil, nó riaghalta, nó ré
maighdin.



C. An ttoirmisgionn na neithe-si ar na mnáibh mar thoirmisgeas
iad ar na fearuibh?



F. Toirmisgidh gan chonntabhairt, óir peacaighidh bean ag
luighe ré fear ar bioth achd re a fear pósda.



C. An ttoirmisgeann ní ar bioth oile?



F. Toirmisgidh ar gach aon glacaireachd thruaillidhe do
dhéunamh air féin nó ar neach oile, a shíol do dhortadh tré a
chiontuibh féin, etc.



C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithne-si féuchuin mhailíseach,
nó póga neamhghlana?



F. Atá, agus fós, comhrádh graosda, abhráin shalcha, leabhair
shuirgheacha do léughadh, agus gach gníomh míonáireach oile.



C. Créud atá d'fhiachaibh ar an lánamhain phósda ón
aithni-si?



F. Dísle agus umhla dhá chéile, mar do ghealladar san bpósadh.


L. 80


DON MHODH AR A SEACHAINTEAR AN DRÚIS.



C. Cionnas seachaintear an peacadh-so?



F. Comhluadar na mban do sheachna; iomad urnaighthe,
troisgthe, oilithre, agus faoisidi mheinic do dhéunamh; agus Corp
Críosd do ghlacadh lé hiomad ccrábhaidh; a smuaineadh fós
go díthcheallach, gach uair mothaighthear cathughadh an
pheacaidh-si, a ghiorra mhairfeas a aoibhneas, agus a fhad mhairfeas
an phian shíordhaidhe dhlighthear ar a shon.



C. ia choimhlíonas an aithni-si?



F. An té bhíos geanmnuidh ó smuaineadh, ó bhréithir, agus
ó ghníomh.



C. Dá ttuiteadh neach a n-éunmhodh díobh so, créud atá
d'fhiachaibh air?



F. Cáilidheachd na pearsan re a ndearna é d'innisin san
bhfhaoisidin.



C. Créud é an fáth?



F. Ionnas go ttuigeadh an t-athair faoisidne an ghné
pheacaidh do-righne; óir as cenéul peacaidh ar leith teagmháil
ré mnaoi phósda fhir oile, ré mnaoi chuil, ré mnaoi riaghalta,
ré mnaoi gan fhior, ré maighdin, nó bean ar bhioth
d'éigniughadh.



AN 11 CAIBIDIL.



DON SEACHDMHADH AITHNE: NA DÉUNA GOID.



C. Cia choimhlíonas an aithni-si?



F. An té nach íarrann, nach glacann, agus nach congbhann
ní ar bioth go holc do chuid na comharsan.



C. Cia pheacaigheas 'na haghaidh?



F. An té ghoideas, chreachas, nó fhuadaigheas cuid dhuine
oile go héugcórach.



DON GHOID, DON CHREACHADH, AGUS DON FHUADACH, ETC.



C. Créud as goid ann?
F. Cuid na comharsan do ghlacadh gan fhios agus gan toil
dá duine fhéin.


L. 81


C. Créud as creachadh nó fuadach ann?



F. Ní do ghlacadh ós aird do neamhthoil an té sa shealbh
a bhfhuil go dleisdionach.



C. Cía díobh so peacadh as troma?



F. An creachadh agus an fuadach, do bhrígh nach é amháin
go mbeanann neach mar so a chuid do dhuine oile, achd go
ttabhair tarcaisne mhór dhó.



C. Créud iad na neithe oile thoirmisgthear san aithne-si?



F. Mealladh do dhéunamh a reic nó a cceannach; gan luach
a saothair do thabhairt do luchd oibre; gan fiacha do dhíol;
goid do cheannach as a riochd; comhairle nó congnamh do
thabhairt dochum a choda féin do bhuain do dhuine oile go
holc; úsurachd agus simonia.



DON ÚSURACHD AGAS DON TSHIMONIA.



C. Créud as úsurachd ann?



F. Ceannach do bhuain do dhuine ar son airleagaidh airgid
do thabhairt dó.



C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithni-si nethe coisreagtha
do reic?



F. Atá; agus 'na pheacadh throm dá ngoirthear siomonía, dá
reacthar iad, an mhéid go bhfhuilid coisreagtha.



C. An lór don ghaduidhe an ghoid, nó an t-olc do-righne,
do chur san bhfhaoisidin?



F. Ní lór; óir, ós a chionn sin, atá d'fhiachaibh air aisiog
do thabhairt san n-iomlán, má atá ar a chumhachdaibh.



C. Má atá bochd, créud do-ghéuna?



F. Aisiog do thabhairt uadh san méid, agus an tan bus éidir
leis.



AN 12 CAIBIDIL.



DON OCHDMHADH AITHNE: NÁ DÉUNA FIADHNAISI
BHRÉIGE A N-AGHAIDH DO CHOMHARSAN.



C. Créud thoirmisgthear san n-aithni-si?



F. An uile éugcóir do-níthear ar an ccomharsain lé fiadhnaisi


L. 82


bhréige a mbreitheamhnas, nó a n-éugmais bhreitheamhnuis,
agas fós gach briathra oile théid a n-urchóid dó.



C. Cía pheacaigheas a n-aghaidh na haithni-si a mbreitheamhnas?



F. An té neartaigheas an bhréug, nó nach foillsigheann an
fhírinne an tan iarrthar air a foillsiughadh.



C. Cía pheacaigheas 'na haghaidh a n-éugmais bhretheamhnuis?
F.. An té fhoillsigheas gan riachdanas gníomh gráineamhuil
nó foluighthe dhuine oile, cháineas é, chuirios bréug air, do-ní
a ithiomráidh nó a easgaoine.



C. Créud as bréug ann?



F. Ní do fhoillsioghadh contrárrdha don ní bhíos san n-inntinn.



C. An éidir bréug do dhéunamh go dleisdeanach dochum
deighchríche?



F. Ní héidir; óir, gibé ar bioth cúis fá ndéuntar í, atá
'na peacadh shologhtha go háiridhe.



AN 13 CAIBIDIL.



DON NAOMHADH AGUS DON DEACHMHADH AITHNE: NÁ
SANNTAIGH BEAN, TEACH, NÁ FEARANN, ETC.



C. Créud thoirmisgthear san dá aithni-si?



F. Gan bean ná cuid do chomharsan do shanntughadh.



C. Nar toirmisgeadh iad thuas san seiseadh agus san seachdmhadh
aithne?



F. Do toirmisgeadh an gníomh annsin; gidheadh, ós a
chionn sin, do fhógair Dia annso gan ceachdar dhíobh do
shanntughadh in ar n-inntinn, ionnas go bhfhoillsigheadh dhúinn
gurab peacaidh ar leith a sanntughadh mar sin.



C. An bpeacaigheann a n-aghaidh na haithni-si an té nach
ttabhair taithneamh ná aonta don smuaineadh tig 'na inntinn,
an tan chuireas an diabhal olc éigin 'na fhiadhnaisi?



F. Ní pheacaigheann, achd bídh luaighidheachd mhór aige,


L. 83


dá ndearna a dhíthcheall a chor uadh mar as luaithe as éidir
leis.



C. An bhfuil 'na haghaidh, taithneamh do bheith ag
céudfadhaibh an chuirp san drochsmuaineadh, an tan nach
tabhair an toil aonta dhó?



F. Atá, dá raibhe mainneachdnaighe 'na choimhideachd;
óir an tan-sin bídh go coitcheann 'na pheacadh shologhtha.



C. Cía pheacaigheas go marbhthach san ndrochsmuaineadh?



F. An té do-bheir a thoil, agus a aire air féin, dochum an
pheacaidh, nó dochum anamhna dá dhéoin san ttaithneamh
do-gheibh san drochsmuaineadh.



C. An peacadh ní ar bioth dá bhfhuil a n-aghaidh na
n-aitheantadh oile do shanntughadh?
F. As peacadh; óir as mídhleisdeanach dúil do chur a ní
ar bhioth dar thoirmisg Dia.



C. An peacadh dúil do bheith agad bheith nías saidhbhre
iná do chomharsa?



F. Ní headh, más go dleisdeanach bhudh mian leat gach ní
d'fhagháil.



C. Créud fá ttoirmisgthear go sunradhach dúil na mban agus an
tshaidhbhris san dá aithni-si?



F. Do bhrígh gurab iad as guasachdaighe, agas as mó
chuireas cathaighthe ar dhaoinibh.
Iar ttráchdadh ar aitheantaibh an dá chláir, laibheóram
beagán ar aitheantaibh na hEagluisi.



AN 14 CAIBIDIL.



DO NUIMHIR AGUS d'UGHDAR AITHEANTADH NA
HEAGLUISI.



C. Ga mhéid aithne ag an Eagluis?



F. A cúig do shunradh.



C. Créud íad?



F. 1. An Domhnach agus na laithe saoire oile do choimhéud,
agus aifreann d'ésdeachd ionnta.
2. Faoisidin ghlan do dhéunamh ní sa lugha uair san
mbliadhain, agus Corp Críosd do chaitheamh fá Cháisg.


L. 84


3. An Corghas, uigile, agus troisgthe na hanma do
throsgadh, agus gan féoil d'ithe Dia hAoine ná Dia Sathroinn.
4. An deachmhaidh do dhíol.
5. Gan banais do dhéunamh ó thús Corghais go mionCháisg,
ná ó thús Aiduent go hEpiofáin.



C. Cia do ordaigh na haitheanta-sa?



F. Uachdaráin na hEagluise.



C. An bhfhuil d'fhiachaibh ar na huilibh a ccomhall?



F. Atá, do bhrígh gurab les an ughdardhás fríoth ó Chríosd
do hordaigheadh iad.



AN 15 CAIBIDIL.



DON DÁ CHÉUDAITHNE DHÍOBH SO.



D'OIBLIOGÁID NA SAOIRE AGUS AN AIFRINN D'ÉISDEACHD.



C. Cia do ordaigh an tshaoire?



F. Dia; do bhrígh gurab Dia Sathairn do chríochnaigh
cruthughadh an domhain; agus a ccuimhne an thiodhlaicthe
mhóir-sin tug dhúinn, do ordaigh an Satharn do choimhéud.



C. Créud fár haithearraigheadh san reachd nua saoire an
tSathrainn ar an nDomhnach?



F. Do bhrígh gurab Dia Domhnaigh do éirigh Críosd ó
mharbhaibh agus táinig an Sbiorad Naomh d'ionnsoighidh na
n-absdal.



C. Créud fár ordaigh an Eaglas féilte Muire agus na naomh?



F. Ionnas go ttugmaois bhuidheachas do Dhia 'na thiodhlaicthibh,
go leanmaois lorg na naomh, go ttugmaois onóir
dhóibh, agus go n-iarrmaois orra congnamh linn.



C. Cionnas coimhéudthar an tshaoire?



F. Ag éisdeachd an aifrinn; ag déunamh gach neth oile,
mar adubhramar thuas san seachdmhadh cab. don 4 rann.



C. An bhfhuil d'fhiachaibh orainn aifreann iomlán d'éisdeachd
sna laithibh-sin?



F. Atá; óir dlighmíd gan cuid ionáirimhthe dhe do
léigean dínn.


L. 85


C. Cia ar a bhfhuil d'fhiachaibh an t-aifreann d'éisdeachd?



F. Ar gach aon aga ttánuig a thuigse nó a chiall, muna
raibh fírriachdanas air.



D'AIMSIR NA FAOISIDNE AGUS CAITHMHE CUIRP CHRÍOSD.



C. Cia rér cóir dhúinn ar bhfhaoisidin do dhéunamh?



F. Ré ar sagart porráisde, nó ré daoinibh riaghalta, nó ré
gach aon oile aga mbíd cumhachda ón bPápa dochum ar
bhfhaoisidne d'éisdeachd.



C. Créud a mhionca atá d'fhiachaibh orainn ar bhfhaoisidin
do dhéunamh?



F. Dá raibh sgéul pheacaidh mharbhtha ag ar ccoinsias
orainn, uair san mbliadhain; agus gach úair bhiam ar tí Corp ar
tTighearna do ghlacadh, nó a cconntabhairt bháis.



C. Ga tráth atá d'fhiachaibh orainn Corp Críosd do chaitheamh?



F. Lá éigin ón Domhnach ré ccáisg go mionCháisg, nó
ceachdar don dá lá-soin; agus fós ré huchd mbáis, más éidir é,
dá rabham ar céudlongadh, gion go rabham.



C. Créud í an aois in ar cóir dhúinn an Corp Naomhtha do
chaitheamh?



F. An tan thiocfam dochum críonnachda agus tuigse.
Tabhair dod th'aire, gé nach bhfhuil d'fhiachaibh ón
Eagluis faoisidi ná comaoineacha do dhéunamh achd uair san
mbliadhain, tar a cheand sin, nach bhfhuil dá mhionca dá
nglacfa an críosduidhe cogúsach iad, nach amhlaidh as fearr
é, óir as mór an toradh do-geibhthear asda.



AN 16 CAIBIDIL.



DO NA TRÍ HAITHEANTAIBH OILE.



DON TROSGADH.



C. Créud as trosgadh ann?



F. Abstanaid ó bhiadh thoirmisgthe, agus gan d'ithe achd


L. 86


éunchuid san ló go n-oidhche, agus gan feóil d'ithe Dia hAoine ná
Dia Sathroinn, ná fós Dia Céudaoin a nÉirinn.



C. Créud í an uair in ar cóir dhúinn an éunchuid-sin do
chaitheamh?



F. A meadhón laoi, nó beagán faoi nó ós a chionn.



C. An bhfhuil an deoch toirmisgthe a n-aimsir an troisgthe?



F. Ní fhuil, achd gan meisge do dhéunamh.



C. Créud as cóir do chaitheamh ar chollasion?



F. Coimhéudadh gach aon gnás na tíri ina mbiaidh.



C. Cia atá saor ar an ttrosgadh?



F. An t-aos óg da nach slán bliadhain ar fhichid; na
seandaoini do-chuaidh ós cionn thrí fichead bliadhan; luchd
galair, agus saothair.



C. Créud í an mhaith do-nímíd leis an ttrosgadh?



F. Ar n-antoil do chlaoi, fearg Dhé d'fhilleadh uainn, agus
lóirghníomh 'nar bpeacthaibh.



C. Ga mhéid uair agus ga tráth bhíos troisgthe na h-anma
san mbliadhain?



F. Ceithre huairi, .i. Dia Céudaoin, Dia hAoine, agus Dia
Sathairn d'éis an chéudDomhnaigh don Chorgas, d'éis Chingcighisi,
d'éis fhéile na croiche san bhfhoghmhar, agus d'éis an treas
Domhnaigh don Aiduent.



DON DÁ AITHNE DHÉIDHEANAIGH.



C. Créud é an tAidueint thuigthear annso, agus ina bhfhuil an
bhanais toirmisgthe?



F. Aimsear theachda an Tighearna, agus an Domhnach as
goire d'fhéil Aindriasa absdail, roimpi nó 'na diaidh, an
céudDomhnach dhe.



C. Créud iad na toirthe as ar cóir an deachmhaidh do dhíol?



F. Coimhéudadh gach aon gnás na heasbogóideachda ina
mbia.



C. An bhfhuilid aitheanta ar bhioth oile d'fhiachaibh orainn?


L. 87


F. Atáid, aitheanta bheanas ré sdaid agas ré hoific gach
aoin fó leith.



C. Cia ar a bhfhuil d'fhiachaibh a bhfhios so do bheith
aige?



F. Ar gach aon sa sdaid ré a mbeanaid; óir atá d'fhiachuibh
ar gach aon fios gach neith bheanas rén-a sdaid agus rén-a oific
féin do bheith aige; agus ní shaorann ainbhfhios go coitcheann san
bpunc-sa é.


L. 88


AN CÚIGEADH RANN DON PHARRTHAS-SO.



THRÁCHDAS AR ÓIRCHISDE PRINSIOPÁLTA NA HEAGLUISI CATOILICE,
.I. AR NA SACRAMAINTIBH NAOMHTHA, LE A BHFHAGHTHAR, LE A
CCOIMHÉUDTHAR, AGUS LE A MÉUDAIGHTHEAR GRÁSA DÉ IONNAINN.



AN 1 CHAIBIDIL.



DO NA SACRAMAINTIBH GO GENERÁLTHA AGAS DÁ
NUIMHIR.



C. Créud as sacramaint ann?



F. Comharrtha so-mhothaighthe do chéadfadhaibh corparrdha,
chiallaigheas agus oibrigheas lé hordughadh Dé grása
san duine.



C. Cionnas oibrigheas na comharrthadha corparrdha-sa
grása sbioradálta san anam?



F. Lé brígh pháise Chríosd; óir as tréus na sacramaintibh,
mar uisge tré fheadánaibh, dhoirtthear toradh na páisi céudna
chugainn, .i. na grása agus maitheamh ar bpeacadh.



C. Cia do ordaigh na sacramainte?



F. Críosd féin ar ttighearna do ordaigh uile iad.



C. Ga mhéid sacramaint ann?



F. A seachd, .i. baisdeadh, dul fá láimh easbaig, sacramaint
na haithrighe, sacramaint Chuirp Chríosd, an t-ongadh déidheanach,
ord, agas pósadh.



C. Cionnas atá a fhios aguinn nach fuil nísa mhó ná nísa
lugha do shacramaintibh ann?



F. Ór naomhmáthair an Eagluis; óir as iad so amháin
atá a ngnás ó aimsir Chríosd agus na n-absdal aice.



C. An éidir iad so do ghlacadh go meinic?



F. As éidir, achd amháin na trí sacramainnte le a mbuailtear
séula sbioradálta ar an n-anam, .i. baisdeadh, dul fá láimh
easbaig, agus ord.


L. 89


C. Créud í an inntinn atá d'fhiachaibh ar fhear mhiniosdrálachda
na sacramainnteadh do bheith aige?



F. Inntinn fhírinneach an tshacramaint do dhéunamh do
ordaigh Críosd, agas ghnáthaigheas an fhírEagluis.



C. An éidir toirmeasg do chur ar ghrásaibh na sacramainteadh?



F. As éidir; óir toirmisgthear a ngrása lé peacadh
marbhtha, agus lé drochsdaid an té ghlacas iad.



AN 2 CAIBIDIL.



DON BHAISDEADH, DÁ THARBHA, DO NA NEITHIBH AS
RIACHDANAS CHUIGE, AGUS DO NA CAIRDIOSAIBH CRÍOSD.



DON BHAISDEADH AGAS DÁ THARBHA.



C. Créud as baisdeadh ann?



F. Sacramaint le a n-aithgheintear cách san bheathaidh
sbioradálta, le a maithear peacadh na sinnsear do dhuine, le
a ttugthar grása dhó, agus le a mbuailtear chomharrtha críosdaidhe
air.



C. Cia ar a bhfhuil an baisdeadh do riachdanas?



F. Ar gach aon learab mian a chuid do ghrásaibh Dé nó
don bheathaidh shíordhaidhe d'fhagháil.



C. Cia darab cóir an baisdeadh do dhéunamh?



F. Don tshagart chúraim ó oific; gidheadh, dá rabh an
leanabh a n-airteagal bháis, as éidir leis an uile dhuine a
bhaisdeadh.



C. An cuma cia do-ghéuna an baisdeadh an tan-sin?



F. Ní cuma; óir ní cóir do mhnaoi a dhéunamh do láthair
fhir, ná do thuata do láthair chléirigh, ná don chléireach as
ísle grádha do láthair an chléirigh as airde grádha.



C. Créud oibrigheas an baisdeadh a n-anam an duine?



F. Ó thús, glanaidh é ó pheacadh na sinnsear, ón uile
pheacadh oile do-ní ré mbaisdeadh agus ina ndéin aithreachas;
maille ris sin, saoraidh é ón uile phéin do dlighfidhe ar son an
pheacaidh chéudna a n-ifrionn nó a bpurgadóir, agus do-bheir fós
iomad grás dhó.


L. 90


DO NA NEITHIBH AS RIACHDANAS DOCHUM AN BHAISDTHE.



C. Créud le a ndéuntar an baisdeadh?



F. Lé huisge nádúrtha, dhoirtthear ar an tté bhaisdthear nó
ina ttumthar é, ag rádh na mbriathar-sa: “Baisdim thú a
n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Sbiorad Naoimh, Amen;”
agas maille ré hinntinn do bheith ag an té bhaisdeas, an baisdeadh
do dhéunamh dáríribh, agus ag an té bhaisdthear, más duine
críonda é, baisdeadh do ghlacadh. Caithfidh fós an té bhaisdthear,
más duine críonna é, creideamh do bheith aige, agus
aithreachas do dhéunamh 'na pheacadhaibh.



C. An bhfhuilid mar sin na coinghill-si d'fhiachaibh ar na
leanbaibh?



F. Ní fhuilid, do bhrígh go bhfhuilid gan chéill, achd as
lór dhóibh na cairdeasa Críosd do thabhairt fhreagra agus geallaidh
ar a son.



DO NA CAIRDIOSAIBH CRÍOSD.



C. Ga mhéid do chairdiosaibh Críosd as cóir do bheith ann?



F. Ní cóir nísa lia iná dias, .i. fear agus bean.



C. Créud í an oibliogáid atá orra?



F. A thabhairt fá deara an creideamh Catoilice do mhúnadh
don leanabh, an tan bhias ag teachd dochum críonnachda, dá
rabhaid a athair agus a mháthair mainneachdnach 'na theagasg.



C. An mbí gaol ar bioth aca ris an leanabh?



F. Bídh gaol sbioradálta; agus ag an té do-ní an baisdeadh
ris féin, rén-a athair, agus rén-a mháthair; agus as air bheirthear
col uisge.



C. An é an baisdeadh an chéudshacramaint ghlacas duine?



F. As é, óir as leis aithgheintear é san mbeathaidh sbioradálta,
théid astteach san nEagluis, agus do-níthear ball do chorp Chríosd
'na Eaglais de. Gonadh aire sin goirthear doras na hEagluise
dhe.


L. 91


AN 3 CAIBIDIL.



DON TSHACRAMAINT AR A TTUGTHAR DUL FÁ LÁIMH
EASBUIG.



C. Créud as dul fá láimh easpaig ann?



F. Sacramaint le a méuduighthear na grása bheirthear
dhúinn san mbaisdeadh.



C. Cia do-bheir an tshacramaint-si uaidh?



F. An t-easbag, nó gach aon oile aga mbí ughdarrdhás ón
Phápa.



C. Cia darab cóir a glacadh?



F. Don uile chríosdaidhe dar ghlac baisdeadh.



C. Ga tráth as cóir a glacadh?



F. An tan tig duine dochum críonnachda.



C. Créud an mhaith do-ní dhúinn?



F. Do-bheir grása móra agus calmachd inntinne dhúinn dochum
ar ccreidimh dh'admháil, an tan chuirfidhear chuige sinn. Maille
ris sin, buailtear séula sbioradálta lé ar an n-anam, mar chomharrtha
ridire Chríosd, nach éidir do sgaradh ris go bráth.



C. An bhfhuil an tshacramaint-si do riachdanas oruinn
dochum ar slánuighthe?



F. Ní fhuil; gidheadh, ní héidir lé duine ar bioth, gan
pheacadh, a léigean de tré mhainneachdnaighe nó tré
neamhshuim.



C. Créud fá ttugthar anmanna na naomh san mbaisdeadh
agus san tshacramaint-si oruinn?



F. Ionnas go mbedís 'na bpátrúnaibh aguinn, agus go leanmaois
iad 'na mbeathaidh.



AN 4 CAIBIDIL.



DO SHACRAMAINT NA HAITHRIGHE.



C. Créud as sacramaint na haithrighe ann?



F. Leighios sbioradálta ar na peacthaibh do-nímid íar
mbaisdeadh.


L. 92


C. Ga mhéid atá do riachdanas ar an thé ghlacas í?



F. A trí, .i. tuirse chroidhe 'na pheacadhuibh, faoiside ghlan
is na peacadhuibh céudna, agus lóirghníomh do dhéunamh ionnta.



DON TUIRSE CHROIDHE.



C. Cionnas as cóir an tuirse nó an doilghios-so do bheith?



F. Go géur, neimhneach, neartmhar fán bpeacadh, an mhéid
go bhfuil a n-aghaidh Dé agus an ghrádha dhlighthear dhó; agus as
é a ainm san ccás-so san Laidin, contrisio; a nGaoidhilg, iomorro,
croidhebhrúdh.



C. An bhfhoghnann doilgheas as lugha iná sin dochum
maithmhe na bpeacadh?



F. Foghnaidh, .i. doilgheas fán bpeacadh ar son Dé, bíodh
nach ar son a ghrádha ós cionn na n-uile dobhiadh, maille ré
rún gan peacughadh nías mó.



DON FHAOISIDIN.



C. Créud iad na peactha as cóir dhúinn d'admháil san
bhfhaoisidin?



F. An uile pheacadh, go sunradhach na peactha marbhtha
go hiomlán, gan iomarcaigh, gan easbhaidh, an mhéid díobh ar
a ccuimhnéocham íar sgrúdadh ar ccoinsiais. Maille ris sin, atá
d'fhiachaibh oruinn gach gné pheacaidh dá ndearnsam, agus ga
mhéud uair do-ríghneamar é, d'innisin, agus fós gach modh ar a
ndearnamar é, más modh é ina mbiadh méudughadh an pheacaidh
go mór.



DON LUCHD NACH FOILLSIGHEANN A BPEACADHA GO HIOMLÁN
SAN BHFHAOISIDIN TRÉ DHEARMAD NÓ TRÉ NÁIRE.



C. Dá ndearna duine dearmad nádúrtha d'éinpheacadh
marbhtha iar ndéunamh an sgrúdaidh-sin, an mbí bail ar an
bhfhaoisidin?



F. Bídh gan chonntabhairt; gidheadh, más ria sacramaint
Chuirp Chríosd do chaitheamh chuimhnigheas air, atá d'fhiachaibh
air a chur a bhfhaoisidin sul ghlacfas an naomhshacramaint
chéudna; nó, más d'éis an Chuirp Naomhtha do ghlacadh


L. 93


thiocfas 'na chuimhne, as cóir a chur san ccéudfhaoisidin
arís.



C. Dá cceileadh duine éinpheacadh marbhtha tré náire nó
tré mhainneachdnuighi, an mbí bail ar an bhfhaoisidin?



F. As dearbh nach bí, achd go ccuireann peacadh marbhtha
nua a cceann a raibhe air roimhe, agus má ghlacann naomhshacramaint
na haltóra san sdaid-sin, go ndéin peacadh marbhtha oile.
Tabhraid, dá bhrígh sin, na daoine leamha, éccéillidhe, cheileas
cuid dá bpeacthaibh marbhtha tré náire, dá n-aire, gurab mór
atáid arn-a mealladh leis an ndiabhal, agus gurab bochd an sdaid
ina bhfhuilid, óir ní headh amháin nach bí foghnamh ar
aonfhaoisidin dá ndearnadar san sdaid-sin, achd fós, go ndéunuid
peacadh marbhtha nua dá mhionca dá ttabhraid iarruidh dhi,
nó dá nglacaid sacramaint ar bioth oile. Atá, dá bhrígh sin,
d'fhiachuibh orra faoisidin ghenearálta do dhéunamh san uile
pheacadh mharbhtha dá ndearnadar an feadh atáid ar an
seachrán-so.



C. Créud í daingne na hoibliogáide atá ar an n-athair
faoisidne rún do dhéunamh ar na peacadhaibh do-chluin san
bhfhaoisidin?



F. Atá a cheangal comhmór sin go bhfhuil d'fhiachuibh air
bás d'fhulang sul do aidéumhadh éinpheacadh dhíobh. Guidhmid
cách, dá bhrígh sin, an náire dhiabhluidhe-si do sgrios dhíobh,
aga mheas aca féin gurab re fear áite Chríosd a ttalmhain atáid
ga bhfhaoisidin.



DON LÓIRGHNÍOMH.



C. Créud do-ní an t-athair fáoisidne d'éis fheasa ar bpeacadh
d'fhagháil?



F. Do bhrígh gur orduigh Dia é mar bhreithiomh is na
peacadhuibh do-níthear iar mbaisdeadh, agus go ttug a ughdardhás
féin dó dochum a maithmhe, cuiridh breithiomhnas aithrighe
ina lóirghníomh oruinn agus do-bheir absolóid dhúinn, le a maitear
coir ar bpeacadh, agus le a cclaochloithear an phían shíordhuidhe,
dhlighthear a n-ifreann ar a son, a bpéin aithghirr aimsiorrdha
ar an saoghal-sa nó a bpurgadóir.



C. Créud atá d'fhiachaibh oruinn d'éis na faoisidne?


L. 94


F. An breithiomhnas aithrighe do dhíol, an tan fhéudfam
go hiomchubhaidh; óir as leis féin, agus lér ndeaghoibribh oile,
do-nímíd lóirghníomh san saoghal-sa is na pianuibh aimsiorrdha
anas d'éis an pheacaidh do mhaitheamh.



C. Créud iad na deaghoibre as gnáth do dhéunamh a
lóirghníomh an pheacaidh?



F. Urnaighthe, trosgadh, agus déirc, do bhrígh gurab léo so
thoirbhireas duine na trí neithe atá aige do Dhia, .i. maitheas
an anma leis an urnaighthe, an chuirp leis an ttrosgadh, agas a
shaidhbhreas saoghalta leis an ndéirc.



C. Cía ar a mbí an tshacramaint-si do riachdanas?



F. Ar an uile dhuine do-ní peacadh marbhtha iar mbaisdeadh;
óir ní héidir a slánughadh gan fhaoisidin, nó go háiridhe gan
rún na faoisidne.



C. An slánaighthear duine leis an rún-sin amháin?



F. Slánuighthear an té bhíos a nguais bháis, gan chumas
ar a fhaoisidin do dhéunamh, dá raibh croidhebhrúdh aige
maille re rún faoisidne an uair fhéudfas.



C. An bhfhuil maith ar bioth oile san bhfhaoisidin?



F. Atá; óir gnoaighidh don té do-ní í luaighidheachd na
ndeaghoibreadh do chaill roimhe sin ag déunamh an pheacaidh.
Os a chionn so, ní fhuil ar bioth ní as fearr chongmhas duine
ó na peacadhuibh iná an fhaoisidi mheinic.



AN 5 CAIBIDIL.



DO SHACRAMAINT CHUIRP CHRÍOSD, DO NA NEITHIBH
ÍARRTHAR CHUICE, DON ONÓIR DHLIGHTHEAR DHI,
AGUS DON ULLMHUGHADH AS INDÉUNTA CHUICE.



DO SHACRAMAINT CHUIRP CHRÍOSD, AGUS DO NA NEITHIBH
ÍARRTHAR CHUICE.



C. Cia bhíos do láthair aguinn san tshacramaint-si?



F. Críosd ar ttighearna 'na Dhia agus 'na dhuine, idir anam
agus chorp.



C. Créud iad na neithe iarrthar dochum na sacramainti-si?



F. Ó thús, an té bhíos gá déunamh do bheith 'na shagart,
óir as do na sagartuibh amháin tug Críosd cumhachda a déunta.


L. 95


'Na dhiaidh sin, arán cruthneachda agas fíon fírinneach; 'na
cceand so, an sagart do rádh bhriathar áiridhe, mar do ordaigh
Críosd, ós cionn an aráin agus an fhíona chéudna. Agas fá dhéoidh,
inntinn do bheith aige sacramaint do dhéunamh dáríribh ag
rádh na mbriathar-sin.



C. Cionnas tig Críosd san abhlainn?



F. Ag rádh na mbriathar ós a cionn, le a naomhchoisreagthear
í, do-níthear corp fíre Críosd di; agus do bhrígh go bhfhuil corp
Críosd béo ceangailte don diadhachd a bpearsain an Mhic, tig
an corp-sa gon-a fhuil ceangailte don diadhachd san abhlainn
an uair-si, ionnas go mbí Críosd 'na Dhia agus 'na dhuine
bhithbhéo innte; agus do bhrígh nach éidir pearsana na Tríonnóide
do sgaradh ré chéile, bídh fós an Tríonnóid uile innte.



C. An mbí Críosd san ccailís?



F. Bídh gan chonntabhairt.



C. Cionnas tig sé innte?



F. Ag rádh na mbriathar ós a cionn, le a naomhchoisreagthar
an fíon bhíos innte, do-níthear fuil Chríosd de; agus do bhrígh nach
fuil an fhuil-si a n-éugmais chuirp Chríosd, bídh an corp agus an
diadhachd ceangailte do ghnáth di san ccailís, ionnas go mbí
Críosd go hiomlán, 'na Dhia agus 'na dhuine, agus trí pearsana na
Tríonnóide san ccailís chéudna.



C. An mbí an t-arán mar aon ré corp Chríosd san n-abhlainn?



F. Ní bhí; óir, gé nach ttréigeand an abhlann le n-a
naomhchoisreagadh fioghair, dath, blas, ná boladh aráin, tar a
cheann sin, ní anann ní ar bioth do shubsdaint an aráin innte
gan dul ar neimhní ar ball, an tan do-níthear an naomhchoisreagadh.



C. An mbí fós an fíon mar aon ré fuil Chríosd san ccailís?



F. Ní bhí ar aonchor; óir, gé nach ttréigeann an ní bhíos
innte aicíde an fhíona mar atá blas, boladh, dath, fioghair, etc.,
tar a cheann sin, ní anann ní ar bioth do shúbsdainnt an fhíona
nach téid ar neimhní ar ball len-a naomhchoisreagadh.



C. An tan bhristear an abhlann, an mbristear corp Críosd?



F. Ní bristear; óir, dá ndearntaoi míle cuid di, ní bhiadh
éunchuid díobh nach biadh Críosd uile go hiomlán innte.



C. Cionnas sin?



F. Do bhrígh nach bí a cheann a n-áit agus a chosa a n-áit


L. 96


oile san abhluinn, achd go mbí a chorp uile go hiomlán gon-a
bhallaibh go huilidhi in gach éunchuid dá loighead dhi.



C. An bhfhágbhann Críosd flaitheamhnas Dé an tan tig
chugainn san tshacramainnt-si?



F. As dearbh nach fágbhann, achd go mbí a n-aoinfheachd
a bhfhlaitheamhnas, agus ar an n-altóir annso, agus san Róimh, agus ar
gach éunaltóir ar a n-abairthear aifreann ar feadh an domhain.



C. Cionnas teagmhaid na neithe ro-iongantacha-so?



F. Lé mórchumhachdaibh Dé; agas, más deacair leat so do
thuigsin, tuig gurab mó as éidir lé Dia do dhéunamh iná as
éidir leat féin do thuigsin. Dá bhrígh sin, ná hiarr iad so do
thuigsin lé réusún nádúrtha, achd creid iad, ar an adhbhar gur
fhoillsigh Críosd, leis nach éidir bréug dho dhéunamh, go
bhfhuilid 'na bhfírinne.



DON ONÓIR DHLIGHTHEAR DO SHACRAMAINT CHUIRP CHRÍOSD,
AGUS DON ULLMHUGHADH AS INDÉUNTA CHUICE.



C. Créud í an onóir as cóir do thabhairt don tshacramaint-si?



F. Gach onóir dhlighthear do Dhia; óir atá a dhearbh ór
ccreideamh aguinn go bhfhuil Críosd, do réir a dhiadhachda agus a
dhaondachda, agus fós trí pearsana na Tríonnóide innte (mar
adubhramar thuas), agus mar sin, nach fuláir gach onóir dhlighthear
dhóibh sin do thabhairt dhí.



C. Créud atá d'fhíachaibh ar an té thig do chaitheamh na
sacramainti-si?



F. Ó thús, a choinsias do sgrúdadh agus a pheacaidh (má atáid
air) do chor a bhfhaoisidin; 'na dhiaidh sin, gan biadh ná
deoch dá loighead do chaitheamh ó mheadhón oidhche amach
go caitheamh na sacramainte arn-a bhárach, agus a glacadh maille
re hiomad deuósioin.



C. An ccuireann duine ó chéudlongadh a sheile do léigean
síos?



F. Ní chuireann; agus ní hé amháin sin, achd, dá ttuiteadh
beagán uisge dá neamhthoil a mbrághuid duine, as éidir leis
Corp Críosd do ghlacadh 'na dhiaidh sin.



C. An cóir do na dáoinibh bhíos ag caitheamh chomaoineach,


L. 97


iar ccaitheamh Chuirp Chríosd san abhluinn, an fhuil d'fhagháil
ón tshagart as an ccailís?



F. Ní cóir, óir do-gheibhid corp agus fuil Chríosd go hiomlán
san n-abhluinn féin. As lór dhóibh, dá bhrígh sin, fíon gan
choisreagadh, nó uisge, nó gan éinní d'fhagháil 'na dhiaidh, agus
atá a n-aghaidh ghnáis agus ordaighthe na hEagluisi a aithearrach
sin do thabhairt dóibh.



C. Créud as cóir do dhéunamh d'éis comaoineach do
chaitheamh?



F. Comhnaidhe ar feadh aimsire ag tabhairt buidheachuis
do Dhia san tiodhlacadh mhór-sin, agus an lá iar sin do chaitheamh
go cráibhtheach a ndeaghoibribh, agus gan é féin do dhortadh go
mór ar sólás ar bhioth chorparrdha.



AN 6 CAIBIDIL.



DON UNGADH DHÉIDHEANACH, AGAS DÁ THARBHA.



C. Créud as ungadh déidheanach ann?



F. Sacramaint ina ttabhairthear an leigheas sbioradálta
déidheanach don chríosduidhe.



C. Cia darab cóir a glacadh.



F. Don duine theinn táinig dochum críonnachda, agus ar a
mbeirthear breath bháis.



C. Créud an mhaith do-ní dhó?



F. Do-gheibh trí neithe dá toradh; an céidní: fuighleach
na bpeacadh, .i. na peacaidh nár chuimhnigh do chur a
bhfhaoisidin, do sgrios; an dara ní: neart agus brígh a n-aghaidh
aidhbhirseórachda an diabhail agus na nguasachd mór atá chuige
a bpunc a bháis; an treas ní: sláinte chuirp, más é sin leas
a anma.



C. Ga mhéid uair as cóir an tshacramaint-si do ghlacadh?



F. Éunuair in gach teinneas contabhartach. Tabhrad mar
sin na hothair dá n-aire an tshacramaint-si d'iarraidh a n-am, agus
gan a léigean dochum an phuinc dhéidheanaigh.


L. 98


AN 7 CAIBIDIL.



DO NA GRÁDHAIBH COISREAGTHA.



C. Créud as grádha ann?



F. Sacramaint ina ttabhairthear cumhachda agus grása do
shagartaibh agus do chléircibh dochum na sacramainteadh, agus gach
oifice oile bheanas ré balluibh na hEagluisi, do dhéunamh.



C. Ga mhéid iad?



F. A seachd as éigean do ghabháil sul bhíos duine 'na
shagart, .i. ceithre grádha beaga agus trí grádha coisreagtha.



C. Créud iad na cumhachda bhíos ag an té bhíos 'na shagart
tar chách oile?



F. Bíd cumhachda aige ó Chríosd a chorp agus a fhuil féin
do dhéunamh d'arán agus d'fhíon lén-a naomhchoisreagadh, agus fós
maitheamhnas do thabhairt sna peacadhuibh do-níthear iar
mbaisdeadh.



C. Créud atá d'fhiachaibh ar an té leurab mian na grádha
do ghlacadh?



F. Bheith baisdthe, arn-a thabhairt fá láimh easbaig, agus gan
bheith pósda ná a bpeacadh mharbhtha aga nglacadh.



C. An éidir lé gach áon na grádha do ghlacadh?



F. Ní héidir, óir iarrthar aois áiridhe agus foghluim iomchubhaidh
chuca.



AN 8 CAIBIDIL.



DO SHACRAMAINT AN PHÓSDA, AGUS DO NA NEITHIBH
IARRTHAR CHUIGE.



C. Créud as pósadh ann?



F. Coimhcheangal fir agus mná, chiallaigheas ceangal Dé ré
hanam an chríosdaidhe agus ceangal Chríosd ris an Eagluis.



C. Créud iarrthar dochum an phósda?



F. Gan toirmeasg do bheith ar cheachdar don lánamhain,
mar atá, móid geanmnaidheachda shollamanta, grádha coisreagtha,
pósadh oile, díoghbháil aoisi, col gaoil nó uisge, toil
iomlán gach pearsan díobh gan eagla, gan coimhéignioghadh,


L. 99


agus sin d'fhoillsioghadh ó bhréithir nó lé comhartha éigin oile foirimealach;
fiadhuin agus sagart porráisde do bheith do láthair, etc.



C. An mbí foghnamh ar an bpósadh, dá raibh éinní díobh
sin d'easbhaidh air?



F. Ní bhí san áit in ar gabhadh Comhairle Thriont; is na
háitibh oile, thrá, bídh buil ar an bpósadh gan fhios, gan
fhiadhain, gan tshagart porráisde, gé go bpeacaighid go trom
luchd a dhéunta.



C. Créud na neithe oibrigheas an pósadh san lánamhain?



F. Grása le a bhfhéudaid iad féin do choimhéud ar chathaighthibh
na colla, maille ré grádh sbioradálta do bheith aca
féin ar a chéile; grása le a bhféudaid clann do dhéunamh gan
pheacadh; cuibhreach idir an lánamhain nach éidir lé duine
ar bhioth do sgaoileadh.



C. Créud fá ttoirmisgthear an pósadh san cCorghas agus san
Adueint?



F. Do bhrígh gurab aimseara aithrighe agus crábhaidh iad, agus
nach iomchubhaidh an mhéid mheanman agus an t-urghairdeas, as
gnáth san mbanuis, do bheith ionnta.


L. 100


AN SEISEADH RANN DON PHARRTHAS-SO.



THRÁCHDAS AR NA SUBHÁILCIBH AGAS AR NA LOCHDAIBH.



AN 1 CHAIBIDIL.



DO NA SUBHÁILCIBH DIADHA AGUS CÁIRDÍONÁLTA, AGUS DO
NA LOCHDAIBH ATÁ CONTRÁRRDHA DHÓIBH.



DO NA SUBHÁILCIBH DIADHA, AGUS DO NA LOCHDAIBH ATÁ
CONTRÁRRDHA DHÓIBH.



C. Créud atá d'fhiachaibh ar an ccríosdaidhe?



F. Maith do dhéunamh, .i. na subháilce, agus an t-olc do
sheachna, .i. na lochd.



C. Créud as subháilce ann?



F. Cáilidheachd sbioradálta bhíos san n-anam, do-bheir ar
neach bheith 'na dheaghdhuine, agus cláonadh do bheith aige dochum
deaghoibreadh do dhéunamh.



C. Ga mhéid subháilce ann?



F. A seachd go sunradhach, .i. trí subháilce diadha agus ceithre
subháilce cáirdíonálta.



C. Créud iad na subháilce diadha?



F. Creidiomh, dóchas, agus grádh.



C. Créud fá ttugthar subháilce diadha orra?



F. Do bhrígh go cceanglaid an t-anam ré Dia, agus gurab é
féin amháin dhoirteas a n-anam an duine iad.



C. Créud iad na lochda atá contrárrdha dhóibh so?



F. Eithriceachd, éudóchas, agus fuath.
Gibé léughfas go díthcheallach ar sgríobhamar ar an cCré, ar
an bPaidir, agus ar na haitheantaibh, ní cás dó nádúir gach
subháilce dhíobh so do thuigsin.


L. 101


DO NA SUBHÁILCIBH CÁIRDIONÁLTA, AGUS DO NA LOCHDAIBH ATÁ
CONTRÁRRDHA DHÓIBH.



C. Créud iad na subháilce cáirdionálta?



F. Críonnachd, ceart, neart, agas measarrdhachd.



C. Créud as críonnachd ann?



F. Solas agus riaghail na subháilceadh oile, mhúineas gach
ní do dhéunamh 'na thráth féin mar as iomchubhaidh.



C. Créud iad na lochda atá contrárrdha dhi?



F. Meardhánachd, do-bheir ar dhuine ní do dhéunamh gan
fhéuchain 'na thimcheall; agus fós cealg nó mealltórachd.



C. Créud as ceart ann?



F. A chuid dhíleas féin do thabhairt do gach aon, ionnas
nach gan adhbhar as ainm dhó fundamaint na síothchána.



C. Créud iad na lochda atá contrárrdha dhó?



F. An éugcóir, agus cruas cirt nó caolagarthaighe.



C. Créud as neart ann?



F. Béodhachd sbioraide chlaoidheas an uile dhochar bhíos
ag cur thoirmisg ar na deaghoibribh, agus do-bheir ar na mairtíribh
bás d'fhulang ar son a ccreidimh agus ghlóire Dé.



C. Créud iad na lochda atá a n-aghaidh na subháilce-si?



F. Meatachd agus ainbhéodhachd, mar atá, duine dá chur féin
a nguais gan chúis, gan riachdanas.



C. Créud as oific don mheasarrdhachd?



F. Srian do chur ris na hainmhianaibh, agus as í an antoil an
dubháilce atá contrárrdha dhi.



AN 2 CAIBIDIL.



D'OIBRIBH NA TRÓCAIRE.



C. Créud as obair thróaire ann?



F. Subháilce le a ccuidighmíd tré thrócaire léur ccomhursain
ina riachdanas sbioradálta nó corparrdha.



C. Ga mhéid obair thrócaire ann?



F. A ceathair déug, .i. seachd n-oibre corparrdha agus seachd
n-oibre sbioradálta.


L. 102


D'OIBRIBH CORPARRDHA NA TRÓCAIRE.



C. Créud íad oibre corparrdha na trócaire?



F. An seachd-so 'nar ndiaidh.
i. Bíadh don ocarach.
2. Deoch don íotadhach.
3. Éudach don nochd.
4. Aoidhidheachd don n-aoidhidh.
5. Cuairt ag easlánaibh.
6. Cuairt ag príosúnachaibh agus a bhfhuasgladh.
7. Adhlacadh mairbh.



C. An bhfhuil d'fhiachuibh oruinn déirc do thabhairt ar
uairibh do bhochduibh?



F. Atá, .i. an tan bhíd a riachdanas, agus ar ar ccumhachdaibh
congnamh léo.



C. Créud fá n-adhlaicthear cuirp na ccríosdaidheadh san
teampall nó a reilig choisreagtha?



F. Ionnas go mbiadh a ccuid don urnaighthe agus do na
haifreannaibh adeirthear san n-áit-sin aca, agus gurab móide do
guidhfidhe orra é; maille ris sin, go bhfhuil an áit coisreagtha,
agus go ttabhair siocair do na béoaibh smúaineadh ar an mbás.



D'OIBRIBH SBIORADÁLTA NA TRÓCAIRE.



C. Créud iad oibre sbioradálta na trócaire?



F. An seachd-so 'nar ndiaidh, .i.
i. An t-ainbhfiosach do theagasg.
2. An peacthach do smachdughadh.
3. Comhairle do thabhairt don té atá 'na riachdanus.
4. Éugcóir d'fhulang go foidhidneach.
5. Maitheamh gach uilc dá ndéuntar dhúinn.
6. Sólás do luchd an dobróin.
7. Guidhe ar bhéouibh agus mharbhuibh, agus ar luchd ar
n-inghreama.



C. Cia as mó ar a bhfhuil d'fhiachuibh na peacthaigh do
smachdughadh?



F. Ar na huile uachdaránaibh tuaithe agus Eagluise.


L. 103


C. Créud an t-olc in ar cóir dhúinn maitheamhnas do
thabhairt?



F. San uile olc agus éugcóir dá méud agus dá mionca.



C. Ga huair as mó bhíos luaighidheachd ag an obair
thrócaire?



F. An tan do-níthear í ar son Dé dáríribh, agus don té as mó
riachdanas.



C. Créud as luach d'oibribh na trócaire?



F. An ríoghachd neamhdha do-bhéura Críosd uaidh, mar
adéura féin, lá an bhreitheamhnais déidheanaigh a bhfhiadhnuisi
fhear ndomhain, re luchd a ndéunta: “Teagaidh, a luchd na
mbeannachd,” etc., Matth.XXV.



C. An bhfhuilid gnée oile deaghoibreadh ann?



F. Atáid a trí, .i. trosgadh, déirc, agus urnaighthe; achd do
bhrígh gur labhramar ní éigin orra so thuas san cheathramhadh
caib. don chúigeadh ránn, ní laibhéoram nísa mhó annso
orra.



AN 3 CAIBIDIL.



DO NA HOCHD MBEANNAIGHTHIBH, AGUS DO CHOMHAIRLIBH
AN TSHOISGÉIL.



DO NA HOCHD MBEANNAIGHTHIBH.



C. Créud iad na hochd mbeannaighthe?



F. Daoine dar gheall Críosd an bheatha shíordhaidhe ar son
deaghoibreadh spesialta.
Abair na hochd mbeannaighthe.
1. Beannaighthe na boichd ó spioruid, óir budh léo
ríoghachd nimhe.
2. Beannaighthe na ceannsaighthe, óir budh léo do
sheilbh an talamh.
3. Beannaighthe na dobrónaigh, óir biaidh sólás aca.
4. Beannaighthe na híotadhaigh agus na hocaraigh ar son
an chirt, óir biaidh sásadh ó Dhia aca.
5. Beannaighthe na trócairigh, óir do-ghéubhaid trócaire
ó Dhia.


L. 104


6. Beannaighthe na glanchroidhthigh, óir do-ghéubhaid
radharc Dé.
7. Beannaighthe na síothchánta, óir goirfidhear clann
Dé dhíobh.
8. Beannaighthe na hinghreamtha ar son an chirt, óir
budh léo flaitheas Dé.



DO CHOMHAIRLIBH AN TSHOISGÉIL.



C. Créud íad comhairleacha an tshoisgéil?



F. Teagaisg shubháilceacha tug Críosd san tshoisgéul uadh,
.i.
1. Bochdachd ó sbioruid.
2. Umhlachd fhoirbhthe.
3. Agas geanmnaidheachd fhíorghlan.



C. An bhfhuil d'fhiachaibh ar aoinneach íad so do leanmhuin?



F. Ní fhuil achd ar an té lén toil.



C. An maith do dhuine móid do thabhairt iad so do
chomhall?



F. As ro-mhaith, an tan do-bheir í go ngairm sheasmhaigh
agus go ccomhairle n-abuidh, do bhrígh gurab í so an sdaid in ar
cinnte as éidir linn toil Dé agus sláinte ar n-anmann do dhéunamh,
ag leanmhain luirg Chríosd agus na n-absdal.



C. An bhfhuil d'oibliogáid nó d'fhiachaibh ar Dia luach
saothair do thabhairt ar son ar ndeaghoibreadh?



F. Atá, .i. an bheatha neamhdha do réir a gheallamhna.



C. Créud an bhrígh atá aca tré a ttuillmíd flaitheamhnas?



F. Brígh dheaghoibreadh ar Slánuightheóra Críosd, tréur
ghlac Dia íad, agus tréur gheall an bheatha mharthanach dhúinn
ar a son.



AN 4 CAIBIDIL.



DO THIODHLAICTHIBH AGUS DO THOIRTHIBH AN SBIORAD
NAOIMH.



C. Ga mhéid tiodhlacadh an Sbiorad Naoimh ann?



F. A seachd, .i. eagna, tuigse, comhairle, neart, fios, búidhe,
agus eagla an Tighearna.


L. 105


C. Créud an mhaith do-níd dhúinn?



F. Comhoibrighid linn a slighidh na súbháilceadh dochum
dula ar ar n-aghaidh san mbeathaidh sbioradálta; óir as tré
eagla Dé sheachnamáoid an t-olc, tré bhúidhe bhímíd cráibhtheach
agus umhal do Dhia, tré fhios bhíos aithne thoile Dé againn,
tré neart do-nímíd a thoil, tré chomhairle ghlacmaoid an mhaith
do roghain, tré thuigse bhíos fios dhiamharrún an chreidimh
aguinn, agus tré san eagna riaghlamaoid agus sdíurmaoid sinn
féin agus ar ngníomhartha dochum glóire Dé, mar theaguisgeas
an t-eagnuidh dhúinn.



C. Créud iad toirthe an Spiorad Naoimh?



F. Na subháilce oibrigheas sé is na daoinibh do-ní a thoil.



C. Créud iad sin?



F. A dódhéug a líon, .i. grádh, sólás sbioradálta, síothcháin,
foidhide, siothbhuaine, maitheas, deaghthoil, ceannsachd,
macántas, creidiomh, measarrdhachd agus geanmnaidheachd.



AN 5 CAIBIDIL.



DO NA LOCHDAIBH GO GENEARÁLTA, DO PHEACADH
NA SINNSEAR AGUS DON URCHÓID TIG DHÚINN AS, DO
PHEACADH AN GHNÍOMHA, AGUS GO SUNRADHACH DON
PHEACADH SHOLOGHTHA AGAS DÁ URCHÓID.



DO NA LOCHDAIBH GO GENEARÁLTA, DO PHEACADH NA
SINNSEAR AGUS DON URCHÓID TIG DHÚIN AS.



C. Créud as lochd ann?



F. Claonadh na nádúire dochum na neitheadh bhíos a
n-aghaidh na súbháilceadh.



C. Créud é an t-olc táinig as an cclaonadh-so?



F. An peacadh.



C. Créud as peacadh ann?



F. Ní do dhéunamh a n-aghaidh dhlighidh Dé nó na
hEagluisi, mar atá, duine do mharbhadh, goid do dhéunamh, agus
a samhail oile; nó a léigean díot dod dhéoin an ní atá d'fhiachuibh
ort ó aithne Dé nó na hEagluisi, mar atá, gan aifreann
d'éisdeachd lá saoire, agus a shamhuil oile.



C. Ga mhéid cenéul peacaidh ann?


L. 106


F. Dá chenéul, .i. peacadh na sinnsear agus peacadh gníomha.



C. Créud as peacadh na sinnsear ann?



F. Eusccáirdeas Dé agus easbhaidh grás, in ar geineadh an uile
dhuine, achd Críosd ar ttighearna agus a mháthair Muire, ó do
pheacaidh ar ccéudathair Ádhamh a n-aghaidh aithne Dé a
bparrthas; óir atá an peacadh-sa a n-oidhreachd aga shliochd
ó shoin a le go nglanann an baisdeadh iad.



C. Créud iad na huilc tig dhúinn as?



F. Bás cinnte, iomad saothair agus easláinte, claonadh dochum
an uilc, leisge fá dheaghoibribh do dhéunamh, etc.



DO PHEACADH AN GHNÍOMHA, AGUS GO SUNRADHACH DON
PHEACADH SHOLOGHTHA AGUS DÁ URCHÓID.



C. Créud as peacadh gníomha ann?



F. An peacadh do-nímid féin.



C. Cionnas bhíos?



F. Ar dhá mhodh, .i. 'na pheacadh mharbhtha agus 'na pheacadh
shologhtha.



C. Créud as peacadh sologhtha ann?



F. Peacadh do-níthear a n-aghaidh Dé a ccúis bhig gan
éifeachd, nó gan aire iomlán ag duine air féin aga dhéunamh.



C. Créud iad na huilc do-ní an peacadh sologhtha dhúinn?



F. Lagaighidh an t-anam, laghdaighidh a ghrása agus a ghrádh
ar Dhia; claonuidh a thoil dochum an pheacaidh mharbhtha, agus
maille ris sin bíd piana troma 'na dhiaidh dhíoltar san saoghal-sa
nó a bpurgadóir.



C. Créud fá ngoirthear peacadh sologhtha dhé?



F. Do bhrígh nach sgriosann na grása uainn, agus gurab urasa
a mhaitheamh mar adubhramar thuas.



AN 6 CAIBIDIL.



DO NA SEACHD PEACADHAIBH MARBHTHA, AGUS DO NA
SEACHD SÚBHÁILCIBH LE A CCLAOITEAR IAD.



C. Créud as peacadh marbhtha ann?



F. Briathar, gníomh, nó smuaineadh le a bpeacaighthear
go trom a n-aghaidh aithne Dé nó na hEagluisi.


L. 107


C. An peacadh marbhtha gach peacadh do-níthear a
n-aghaidh na n-aitheantadh?



F. Ní headh, muna raibh a ccúis éifeachdaigh, maille ré
neach dá dhéunamh ó thoil agus a aire air féin, mar adubhramar
cheana.



C. Créud fá ttugthar peacadh marbhtha air?



F. Do bhrígh go sgarann grása Dé as bheatha don anam
ris, agus go ttuilleann bás síordhaidhe a n-ifriond dó.



C. Ga mhéid peacadh marbhtha ann?



F. A seachd go sunradhach, agus as iad as tobair agus as fréumha
don uile pheacadh mharbhtha agus shologhtha oile.



C. Créud íad?



F. Díomas, saint, drúis, tnúth, cráos, fearg, agus leisge.



C. Cionnas chlaoitear iad so?



F. Leis na súbháilcibh-si atá contrárrdha dhóibh, .i.
umhlachd, féile, geanmnaidheachd, grádh, measarrdhachd,
foidhide, agus díthcheall cráibhtheach.



C. Créud as díomas ann?



F. Fonn ainmheasarrdha dochum bheith ós cíonn cháich
oile.



C. Créud as umhlachd ann?



F. Fonn measarrdha bheith fútha.



C. Créud as sainnt ann?



F. Fonn mí-ordaighthe dochum saidhbhris.



C. Créud as féile ann?



F. Fonn deaghordaighthe neith do thabhairt uaid mar as
iomchubhaidh.



C. Créud as drúis ann?



F. Fonn peacaidh na colla.



C. Créud as geanmnaidheachd ann?



F. Fonn gloine cuirp agus anma.



C. Créud as tnúth ann?



F. Doilgheas fá mhaith na comharsan.



C. Créud as grádh na comharsan ann?



F. A mhaith do dhéunamh mar budh mian linn dhúinn
féin.



C. Créud as craos ann?



F. Fonn mímheasarrdha bídh agus dighe.



C. Créud as measarrdhachd ann?


L. 108


F. Srian do chur ris an drochchlaonadh-sin.



C. Créud as fearg ann?



F. Fonn díoghaltais.



C. Créud as foidhide ann?



F. Fulang déontach gach aindlighidh, gach duaidh, agus gach
saothair, etc.



C. Créud as leisge ann?



F. Bheith mall mainneachdnach a seirbhís Dé.



C. Créud as díthcheall cráibhtheach ann?



F. Suilbhire agus éusguidheachd san ccrábhadh.



AN 7 CAIBIDIL.



DO NA PEACADHUIBH BHÍOS A N-AGHAIDH AN SBIORAD
NAOIMH, DO NA PEACADHAIBH BHÍOS AG GLAODHAIGH
AR Dhia, AGAS DO NA PEACADHUIBH COIMHIDHEACHA.



DO NA PEACADHAIBH BHÍOS A N-AGHAIDH AN SBIORAD
NAOIMH.



C. Créud íad na peactha do-níthear a n-aghaidh an Sbiorad
Naoimh?



F. Na peactha bhíos a n-aghaidh thrócaire Dé, .i.
1. Andóchas as grásaibh Dé gan deaghoibre.
2. Éudóchas.
3. Cur a n-aghaidh na fírinne as a riochd.
4. Doilgheas fá ghrásaibh na comharsan.
5. Daingnioghadh is na peacadhuibh.
6. Neamhaithrighe is na peacadhuibh a n-aimsir bháis.



C. An riú so adeirthear nach maitear a bhos ná thall iad?



F. As riú.



C. Nach maitear iad féin agus an uile pheacadh oile leis an
aithreachas fhíri?



F. Do-níthear gan chonntabhairt; gidheadh, adeirthear nach
maitear iad a bhos ná thall, do bhrígh gurab roi-dheacair a
maitheamh; óir as ro-annamh luchd a ndéunta ag déunamh
aithreachais.


L. 109


DO NA PEACADHUIBH BHÍOS AG GLAODHAIGH AR Dhia, AGUS DO
NA PEACADHUIBH COIMHIDHEACHA.



C. Créud fá mbíd peactha ag glaodhaigh ar Dhia ag iarraidh
díoghaltais?



F. Do bhrígh go bhfuilid comhurchóideach sin go n-iarraid
ceart Dé do thaisbéunadh san saoghal-sa féin.



C. Créud iad?



F. A ceathair a líon, .i.
i. Duine do mharbhadh dod dhéoin.
2. Peacadh míonádúrtha.
3. Foirneart do dhéunamh ar bhochdaibh, ar dhílleachdaibh,
nó ar bhaintreabhthachaibh.
4. Congmháil a ttuarasdail ó luchd oibri.



C. Cia thairrngeas peacaidh choimhidheacha cháich oile air?



F. An té chomhairligheas, fhuláireas, iarras, aontaigheas,
mholas, nó cheadaigheas an peacadh do dhéunamh; cheileas
nó chosnas iad, nó aga mbí a chuid doní choimhidheach go
hégceart.



AN 8 CAIBIDIL.



D'EASCCAIRDIBH AN ANMA, AGUS DON MHODH AR A
GLAOITEAR IAD.



C. Ga mhéid easccara ag an anam?



F. A trí, .i. an diabhal, an sáoghal, agus an cholann.



C. Cionnas atáid 'na naimhdibh aige?



F. Do bhrígh go ccuirid cathaighthe ar an toil aonta do
thabhairt don pheacadh.



C. An éidir leó a chur d'fhiachuibh ar dhuine peacadh do
dhéunamh?



F. Ní fhuil sin do chumhachdaibh aca.



C. Cionnas chuireas an diabhal cathaighthe orainn?



F. Ag tabhairt dhrochsmuaineadh in ar n-inntinn.



C. Cionnas claoitear iad so?



F. Go sunradhach ag smuaineadh ar pháis ar ttighearna, agus
leis an uisge choisreagtha.


L. 110


C. An bhfhuil mar sin brígh ag an uisge choisreagtha a
n-aghaidh an diabhail.



F. Atá gan chonntabhairt; agus dá bhrígh sin, as cóir do
gach aon a bheith ina thigh agus ina sheómra aige, agus a chrothadh
air go minic.



C. Cionnas chuireas an saoghal cathaighthe orainn?



F. Ag ar ttarraing dochum a shólás mbeag, mbréugach
féin.



C. Cionas chlaoítear é?



F. Ag coimhéud aitheantadh Dé, agus ag leanmhain luirg
Chríosd agus na naomh.



C. Cionnas chuireas an cholann cathaighthe orainn?



F. Le a droichleanntaibh, agus le a céudfaidheachd.



C. Cionnas claoítear iad so?



F. Lé grásaibh Dé, agus lé freacar na subháilceadh.



AN 9 CAIBIDIL.



DO CHUMHACHDAIBH AN ANMA, AGUS DO NA CÚIG
CÉUDFADHUIBH CORPARRDHA.



C. Ga mhéid cumhachd ag an anam?



F. A trí, .i. meabhair, tuigse, agus toil.



C. Créud fá ttug Dia tuigse dhúinn?



F. Ionnas go ttuigmís agus go ndéunmaois a thoil.



C. Créud fá ttug meabhair dhúinn?



F. Ionnas go mbiadh cuimhne aguinn air féin, ar a aitheantaibh,
agus ar a thiodhlaicthibh dhúinn, agus go ttabhramaois
buidheachas dó ionnta.



C. Créud fá ttug toil shaor dhúin?



F. Ionnas go ttabhramaoís grádh dhó ós na huilibh, agus go
ndéunmaois a thoil go diongmhála.



C. Ga mhéid céudfaidh chorparrdha aguinn?



F. A cúig, .i. radharc, éisdeachd, blas, boladh, agus mothughadh.



C. Créud fá ttug Dia na céudfadha-so dhúinn?



F. Ionnas go ndéunmaois seirbhís dhiongmhála dhó féin
leó.


L. 111


AN SEACHDMHADH RANN DON PHARRTHAS-SO.



THRÁCHDAS AR AN URNAIGHTHE.



AN 1 CHAIBIDIL.



DON URNAIGHTHE, AGUS DON MHODH AR A NDÉUNTAR Í.



C. Créud as urnaighthe ann?



F. Tógbháil na hinntinne dochum Dé, ag íarraidh
trócaire, agus gach neith oile bhíos 'na riachdanas oruinn, air.



C. Cionnas as cóir don chríosduidhe a déunamh?



F. Léigeadh é féin ar a ghlúinibh, agas smuaineadh go
dúthrachdach air féin agus ar mhéud a pheacadh ttruaillidhe; agus
abradh: “A Thighearna, a Dhé uilechumhachdaigh, cionnas
do-gheibhim ionnam féin dul do labhairt riot isa fhearg do
thuillios go meinic.” Smuaineadh arís ar a Thighearna, agus mar
atá 'na mhaith dhoi-chríochnaighthe, líonas agus shásas na huile
dá mhórdháil, agus mar atá do láthair dáríribh aige.



Déunadh mar so a dhíthcheall a urnaighthe d'fhothughadh
ar carruig na humhlachda, agus dul do láthair a Thighearna leis
an réuerens, leis an ndóchas, agus leis an uirísle chroidhe as mó
as éidir leis, agas déunadh a urnaighthe go cíuin sduidéurtha
agus go n-aire n-iomchubhaidh, ag cathughadh do réir a dhíthchill
a n-aghaidh na smuaintightheadh tig do chur thoirmisg ar a
inntinn.



C. Cionnas as fearr as éidir sin do dhéunamh?



F. Cuireadh a ccás ar úairibh go bhfhuil a bhfhlaitheamhnas
a measg na naomh agus na n-aingeal ag moladh Dé; cuireadh é
féin ar úairibh oile fá bhun na croiche céusda ag caoineadh
pháise a Thighearna. Measadh úair oile go bhfhuil Íosa go
n-a ainglibh ag aitreabhadh a anma. Do-bheirid so míllse
san urnaighthe, agus congbhaid an inntinn ó smuaintighthibh
urchóideacha.


L. 112


AN 2 CAIBIDIL.



DON ÁIT INA DÚAL AN URNAIGHTHE DO DHÉUNAMH, AGUS
DON LOGHADH GHNOUIGHID AN LUCHD DO-NÍ Í A
N-EAGLUISIBH UIRD MHÍONÚIR S. PHROINSIAS.



DON ÁIT INA DUAL AN URNAIGHTHE DO DHÉUNAMH, AGUS DON
LOGHADH GHNOUIGHID AN LUCHD DO-NÍ Í A N-EAGLUISIBH BHRÁTHAR
MÍONÚR SAN PHROINSIAS A BHFÉUSDUIBH AR TTIGHEARNA, A
BHFHÉILTIBH AR MBAINTIGHEARNA MUIRE, AGUS A LAITHIBH
COITCHIONNA NA BLIADHNA.



C. Cia an áit ina hiomchuibhdhe an urnaighthe do dhéunamh?



F. San eagluis.



C. Créud an fáth?



F. Do bhrígh go bhfhuil coisreagtha, gurab gnáth sácramaint
Chuirp Chríosd agus cuid do thaisibh na náomh ga gcoimhéud
innte; agus fós gurab gnáth loghadh do bheith ag mórán d'eagluisibh;
óir tugadar Pápadha éuxamhla iomad loghaidh don
luchd do-ní cúairt chráibhtheach ag eagluis ar bioth don ord
mhionúr ar naomhathar S. Phroinsias.



C. Créud an loghadh atá le a ghnoughadh sna heagluisibh-sin
bhráthar S. Phroinsias a bhfhéusduibh ar ttighearna?



F. Ó thús, tug Leo, an deachmhadh Pápa don ainm-sin,
loghadh iomlán a uile pheacadh do gach áon do-ní cuairt
chráibhtheach a n-eagluis ar bioth dhíobh ón chéideasbart go
luighe ghréine arn-a bhárach Lá Nodlag, Cásg, nó Deasgabhála,
Domhnach Cinncighisi, nó na Tronnóide Naoimhe, nó aon-Domhnach
don Chargus, má adeir trí Paidre agus Fáilte an Aingil
fó thrí, d'éis a fhaoisidne do dhéunamh, nó rúin dhaingin a
déunta do bheith aige.



Tug fós Urbanus, an dara Pápa don ainm-sin, loghadh iomlán
do gach aon do-ní an chuairt chéudna ag na heagluisibh
réumhráite Dardaoin na ccomaoineach, Aoine chéusda, nó a
bhfhéil naomhchoisreagtha na heagluisi ina ndéin cuairt, dá
ndearna a fhaoisidin, agus dá nguidhe fá shíothcháin na bprionnsadh


L. 113


gcríosduidhe, fá sgrios eithriceachda, agus fá ardughadh na
hEagluisi Naoimhe.



C. Créud an loghadh atá le a ghnoughadh sna heagluisibh
céudna a bhfhéiltibh ar mbaintighearna Muire?



F. Ar tús, loghadh iomlán na n-uile pheacadh ón ccúigeadh
Sixtus a bhfhéil a coimpeirte, dá ngoirid a Laidin Conceptio,
.i. an t-ochdmhadh lá do mhí Deceimber.
Arís, loghadh iomlán ón treas Grioghóir déug do gach aon
do-ní faoiside agus comaoineacha, agus ghuidheas leis na hinntinnibh
réumhráite a bhfhéil Muire na Sanuisi, .i. an cúigeadh lá fichead
do mhí Mhárta.



C. Créud an loghadh atá le a ghnoughadh gach laoi oile
don bhliadhain sna heagluisibh réumhráite?



F. Ó thús, tugadar na Pápadha Alexander, an ceathromhadh
Pápa don ainm-sin, agus Clémens, an ceathromhadh Pápa dá ainm
féin, loghadh dá fhichead bliadhan agus thrí chéud lá do gach
aon, gach laoi feadh na bliadhna, dá ndiongna cúairt chráibhtheach
a n-éineaglais díobh.



Os a chion sin, tug an ceathramhadh Alexander agas an
ceathramhadh Urbanus loghadh ochd mbliadhan nóchad ar ochd
ccéudaibh ar thrí mhíle do gach aon, a n-aghaidh gach laithe
san Chorgus, dá ndiongna an chúairt chéudna is na heagluisibh
céudna; agus dá n-éisdi seanmóir ionnta, atáid sé blíadhna ós a
chionn sin do loghadh a pheacadh aige.



Maille ris so, tugadar na Pápadha an cúigeadh Nicolas agus an
deachmhadh Benedictus loghadh cheithre fichid bliadhan, agus an
seachdmhadh coda don phéin dhlighthear dhe ar son a pheacadh,
do gach aon, a n-aghaidh gach Sathairn agus gach Domhnaigh san
mbliadhain, dá ndiongna an chuairt chéudna a n-éineagluis
dhíobh.


L. 114


DON LOGHADH ATÁ LE A GHNOUGHADH SNA HEAGLUISIBH
CÉUDNA A BHFHÉILTIBH AR NAOMHATHAR S. PHROINSIAS AGAS A
BHFHÉILTIBH A NAOMHUIRD, AGUS DON LOGHADH GHNOAIGHID A
BHFHUNDÚIREADHA AGUS AN LUCHD THOGHAS A N-ADHLACADH
IONNTA, NÓ A N-AIBÍD S. PHROINSIAS, NÓ DO-BHEIR PÓG
CHRÁIBHTHEACH DHI.



C. An bhfhuil loghadh iomlán a uile pheacadh a bhfhéil
náoimh ar bhioth don ord mhionúr féin ag gach áon dá ndiongna
an chuairt chéudna sna heagluisibh céudna?



F. Atá ó Iúlius, an dara Pápa don ainm-sin, a bhféil áladh
ar naomhathar S. Phroinsias; agas ón ccúigeadh Sixtus a
bhfhéil an naomhathar chéudna; agas a bhfhéil S. Antoini ó
Phadua; agas a bhfhéil Ludouicuis; agas a bhfhéil Bhéarnairdinuis;
agas a bhfhéil Chlara; agas a bhfhéil
Dhidacuis, an dara lá déug do mhí Nouem. Atá fós loghadh
iomlán le a ghnoughadh a bhfhéil Bhonauentúra.



Achd tabhair dod th'aire go bhfuil do choingheall dochum an
loghaidh do ghnoughadh, faoiside agus comáoineacha do dhéunamh
is na féusdadhaibh-si, agus Dia do ghuidhe fá shíothcháin na
bprionnsadh gcríosduidhe, fá sgrios eithriceachda agus árdughadh
na hEagluisi Naoimhi. Agas a ccás nach déundáois luchd
gnoaighthe an loghaidh fáoiside ná comáoineacha, ar a shon
sin, dá rabhaid a sdaid na ngrás, bídh loghadh thrí mhíli blíadhan
aca is na féusdadhuibh céudna.



Os a chionn so tug Iúlius II gach loghadh dá bhfhuil ag
bráithribh an uird mhionúr d'fhundúiribh gach eagluisi
d'eagluisibh an uird chéudna agas dá ccloinn. Compendium
Minorum, fol. 238.


L. 115


Tug maille ris sin an deachmhadh Leo agus an seiseadh Adrianus
loghadh iomlán do gach aon thóghas a adhlacadh a n-eagluis
ar bioth d'eagluisibh an uird chéudna, nó a n-aibíd ar naomhathar
S. Phroinsias.



Tug fós Ioannes XXIII loghadh chúig lá fhichead ar dhá
mhíle da gach aon do-bheir póg chráibhtheach d'aibíd bhráthar
ar bioth don órd chéudna. Compendium Minorum, fol. 238.



AN 3 CAIBIDIL.



DO NA NEITHIBH IARRTHAR SAN URNAIGHTHE.



C. Créud iarrfas neach san urnaighthe?



F. Ó thús, glóir agas onóir Dhé, ag sanntughadh a bhfuil
ar nimh agus ar talmhain dá aithne agus dá adhradh, mar thuilleas a
mhórdhachd, agus go spésialta é féin do dhéunamh a sheirbhísi agus a
thoile, ó a uile neart agus chumhachdaibh, in gach ní do mheasfadh
do dhul a mbarr glóire agas onóra dhó.



Iar sin iarradh grása agus maitheamhnas 'na pheacthaibh a bhos,
agus an ghlóir shuthain thall. Mar an ccéudna iarradh mhillse agus
síothcháin inmheadhónach san urnaighthe.



As a haithle iarradh subháilce, foirbhtheachd bheathadh, agus
siothchomhuidhe ionnta.



Maille ris sin, iarradh croidheachaire agus comhpáis do bheith
aige do phíanuibh agas do pháis Chríosd, agus fonn do thabhairt
dó mórán d'fhulang ar a shon.



'Na ccionn so iarradh trócaire do na hanmannaibh atá a
bpurgadóir, agas fá dheóidh, an mhaith theamporálta, an
mhéid go bhfuil dochum glóire Dé agus leasa na comharsan. As
éidir leis, fós, an ní do íarrfadh dhó féin d'iarraidh dá chairdibh,
dá chomharsanuibh, agus don luchd íarras a ghuidhe: gidheadh,
dlighidh smuaineadh, ag tionsgna na hurnaighthi, ar gach
athchuinghidh as mian leis d'iarraidh innte, agus ar gach áon ar
ar mían leis guidhe.


L. 116


DON CHORÓIN ÍOSA, DON MHODH AR AR CÓIR A RÁDH
MAILLE RE CAOINDÚTHRACHD, AGAS DÁ LOGHADH.



C. Créud an urnaighthe ghnáthaigheas tú ag guidhe Dé?



F. An Choróin Íosa, an Choróin Mhuire, liottáin Íosa,
Mhuire, agus na naomh; trátha canónta, trátha Muire, nó a
ccosmhaili.



C. Créud as Coróin Íosa ann?



F. Trí Paidreacha déug ar fhichid, agus Fáilte an Aingil le
gach Paidir, a ccuimhne agus a n-onóir na ttrí mbliadhan déug ar
fhichid dobhí ar ttighearna Íosa Críosd ar an saoghal-sa.



C. Créud an chaoindúthrachd ghnáthaigheas tú aga rádh?



F. Smúainim ar dhiamharrúnaibh pháise mo Thighearna
Íosa Críosd.



C. Cionnas thionnsgnas tú aga rádh?



F. Ó thús, coisreaguim mé féin ag rádh: “A n-ainm an
Athar,” etc., agus adeirim: “Do mhéudughadh glóire agus onóra Dé,
tionnsgnaim an urnaighthe-si.”



Smuainim annso ar an ní as mían liom d'íarruidh, agus 'na
dhíaidh sin adeirim í leis an inntinn-sin.



An céiddeichneabhar.



C. Créud smúaineas tú ag rádh an chéiddeichneabhair?



F. Smúainim ar urnaighthe mo Thighearna Íosa a lubhghort
Getsemani, ar a allus fola, ar a ghabháil, agus mar do gabhadh
do sgiúrsadhaibh géura ó bhonn go bathais go roi-thíoránda
air.



An dara deichneabhar.



C. Créud smuaineas tú ag rádh an dara deichneabhair?



F. Mar do toirbhireadh mo Shlánuightheóir Íosa ar láimh
a namhad, noch do iomcháin go líonmhar é, do ghabh do
sheileadhaibh air, do fholaigh a aghaidh, agus do ghabh do dhornaibh
air, agus do chuir an choróin sbíne go heasonórach air.


L. 117


An treas deichneabhar.



C. Créud smúaineas tú ag rádh an treas deichneabhair?



F. Mar do ceangladh cosa agus lámha mo Thighearna Críosd
don chroich lé tairrngeadhaibh garbha, agas mar do crochadh
go truaillidhe idir dhís bithbheanach é.



Na trí Paidreacha déidheanacha.



C. Créud smuaineas tú ag rádh na ttrí bPaidreach ndéidheanach?



F. Mar do-righne Críosd a eiséirghe, a dheasgabháil, agus mar
thiocfas dochum an bhreitheamhnais déidheanaigh.



C. An bhfhuil loghadh ar bioth ag an té adeir an Choróin
Íosa?



F. Atá loghadh a uile pheacadh ó Iúlius, an dara Pápa don
ainm-sin, agus ón seiseadh Adrianus, dá raibh a ccombráithreas
chreasa S. Phroinsias. Compendium Minorum, fol. 216 agus
238.



AN 5 CAIBIDIL.



DON CHORÓIN MHUIRE, AGUS DON MHODH AR AR CÓIR
A RÁDH MAILL RE CAOINDÚTHRACHD, AGAS DÁ
LOGHADH.



DON CHORÓIN MHUIRE.



C. Créud as Coróin Mhuire ann?



F. Seachd ndeichneabhair agus dá Aue Maria agus ochd
bPadreacha, .i. Paidear a ttús gach deichneabhair, adeirthear
a n-onóir Mhuire agus a ccuimhne an líon blíadhan do mhair ar an
talmhuin-si, mar fhoillsigheas Leo, an deachmhadh Pápa don
ainm-sin, san mbulla tug uadh 27 do mhí Dhecember, an
ceathramhadh bliadhain déug ar chúig céud ar míli d'aois an
Tighearna, ina n-ailléidhigheann bulla Iúlius II ar an ní
chéudna. As í so céudfaidh Rodrigues, tom.2, q.88, ar.3.
Agas ionnas go mbeithea cinnte don fhírinne-si, tabhair dod


L. 118


th'aire go n-abair Epifanius, .i. sdaruidhe oirrdheirc na hEagluisi,
ag tráchdadh ar an dara bliadhain seachdmhoghadh d'áois an
Tighearna, go raibhi an naomhmaighdion Muire a ccionn a
cúig mbliadhan déug an tan rug ar ttighearna Críosd, agus go
bhfhúair bás an seachdmhadh bliadhain déug ar dhá fhichid
d'áois cCríosd; óir as san mbliadhain-si do chruinnigheadar na
habsdail as gach ránn don domhan go hIerúsailem ionnas go
mbedís do láthair a báis bheannaighthe agus a torramha, agus fós go
cceileabhradáois an dara Comhairle ghenerálta dobhí aca san
ccathraigh ccéudna. Cuir anois na cúig bliadhna déug dobhí
ag Muire ría cCríosd do bhreith a cceann na seachd mbliadhan
ndéug ar dhá fhichid do mhair d'éis Chríosd do bhreith, agus do-chífe
tú go soiléir gur mhair dhá bhliadhain déug ar thrí fichthibh,
gonadh aire sin as follas gurab dhá Aue Maria déug ar thrí
fichtibh, .i. seachd ndeichneabhair agus dá Aue Maria, líon na Coróna
Muire, agus ós a ccionn so adeirthear áon Aue Maria ar son an
Phápa.



DON MHODH AR AR CÓIR AN CHORÓIN MHUIRE DO RÁDH
MAILLE RE CAOINDÚTHRACHD.



C. Créud an chaoindúthrachd ghnáthaigheas tú ag rádh na
Coróna-sa?



F. Smúainim ar na seachd sólásuibh dobhí ar ar mbaintighearna
Muire, agus adeirim deichneabhar a n-onóir gach
diamharrúin díobh.



C. Cionnas thionnsgnas tú aga rádh?



F. Ó thús, coisreaguim mé féin ag rádh: “A n-ainm an
Athar,” etc., agus adeirim: “Do mhéudughadh glóire Dé agus onóra
Muire, tionnsgnaim an urnaighthe-si.” Smuainim annso ar
an ní as mian liom d'íarruidh, agus adeirim an Choróin Mhuire leis
an inntinn-sin.



An céiddeichneabhar.



C. Créud an diamharrún ar a smuaineann tú ag rádh an
chéiddeichneabhair?



F. Ar an sólás dobhí ar ar mbaintighearna Muire an tan
do bheannuigh an t-aingiol Gabrieal di, agus do choimpir ón Sbiorad
Naomh.


L. 119


An 2 deichneabhar.



C. Créud smúaineas tú ag rádh an dara deichneabhair?



F. Ar an sólás dobhí ar Mhuire iar nglacadh Chríosd 'na
broinn, an tan do-righne cúairt ag a síair Elisabet.



An treas deichneabhar.



C. Créud smúaineas tú ag rádh an treas deichneabhair?



F. Ar an sólás dobhí ar ar mbaintighearna Muire, an tan
rug a héunmhac Críosd san mBethil.



An ceathramhadh deichneabhar.



C. Créud smúaineas tú ag rádh an cheathramhadh deichneabhair?



F. Ar an sólás dobhí ar Mhuire an tan tángadar na trí rígh
ó oirrthear an domhain d'adhradh Íosa a héinmhic mhilis.



An cúigeadh deichneabhar.



C. Créud smúaineas tú ag rádh an chúigeadh deichneabhair?



F. Ar an sólás dobhí ar Mhuire an tan fuair Críosd san
teampall idir na doctúiribh, iarn-a bheith trí lá ar iarruidh
úaithe.



An seiseadh deichneabhar.



C. Créud smúaineas tú ag rádh an seiseadh deichneabhair?



F. Ar an sólás dobhí ar Mhuire, an tan táinig Críosd 'na
dóchum iarn-a eiséirghe ó mharbhaibh.



An seachdmhadh deichneabhar.



C. Créud smúaineas tú ag rádh an seachdmhadh deichneabhair?



F. Ar an sólás dobhí ar Mhuire, an tan do tógbhadh lé
hainglibh idir anam agus chorp go flaitheas Dé í.



An Phaidear agas an dá Aue Maria dhéidheanacha.



C. Créud smúaineas tú ag rádh na Paidre agus an dá Aue Maria
dhéidheanacha?



F. Ar an sólás dobhí ar ar mbaintighearna ghlórmhuir,
an tan do ghlac an Tríonnóid neamhdha go flaitheamhnas í.


L. 120


Agas fá dhéoidh adeirim aon Aue Maria ar son an Phápa agus Cré
a n-onóir an dá absdal déug.



As amhluidh so do theagaisg an náomhmaighdean ghlórmhar
Muire bráthair áiridhe d'ord San Phroinsias, aga taisbéunadh
féin dó, agus aga íarrudh air an Choróin Mhuire do rádh ar an
modh-so 'na honóir, dá madh mían leis bheith 'na sheirbhíseach
dhiongmhála aice, mar sgríobhas Marcus ó Liosbun, .i. easbug
oirrdheirc, san chúigeadh caibidil déug ar fhichid don treas
rann don chéidleabhar do chroinic uird ar naomhathar San
Phroinsias.



C. An bhfhuil loghadh ar bhioth ag an té adeir an Choróin
Mhuire?



F. Atá loghadh a uile pheacadh ó Iúlius II, dá raibh a
ccommbráithreas chreasa S. Phroinsias. Compend. Minor.,
fol.216,238.



AN 6 CAIBIDIL.



DO LIOTTÁNUIBH ÍOSA, AGUS DÁ LOGHADH.



Liottáin Íosa.



A Thighearna, déin trócaire oruinn.
A Chríosd, déin trócaire oruinn.
A Thighearna, déin trócaire oruinn.
A Chríosd, éisd rinn.
A Chríosd, tabhair toradh ar ar nguidhe.
A Athair neamhdha, déin trócaire oruinn.
A Mhic Dé, a Fhuasglaidhtheóir an domhain, déin trócaire oruinn.
A Sbiorad Naoimh, a Dhé, déin trócaire oruinn.
A Thríonnóid Naomhtha, a Dhé, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a Mhic Dé bhí, déin trócaire oruinn.
A Iosa ro-chumhachdaigh, déin trócaire oruinn.
A Íosa roi-neartmhair, déin trócaire oruinn.
A Íosa ro-fhoirbhthe, déin trócaire oruinn.


L. 121


A Íosa ro-ghlórmhair, déin trócaire oruinn.
A Íosa ghnímhiongantaigh, déin trócaire oruinn.
A Íosa ro-thaithneamhaigh, déin trócaire oruinn.
A Íosa ro-oirrdheirc, déin trócaire oruinn.
A Íosa as solasda iná an ghrían, déin trócaire oruinn.
A Íosa as breaghdha iná an t-éusga, déin trócaire oruinn.
A Íosa as ruitheanda ináid réullanna, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a shoinionn na bhflaitheamhnus, déin trócaire oruinn.
A Íosa iongantaigh, déin trócaire oruinn.
A Íosa sho-ghrádhaigh, déin trócaire oruinn.
A Íosa onóraigh, déin trócaire oruinn.
A Íosa ro-umhail, déin trócaire oruinn.
A Íosa uirísil, déin trócaire oruinn.
A Íosa ro-bhoichd, déin trócaire oruinn.
A Íosa roi-cheannais, déin trócaire oruinn.
A Íosa ro-fhoidhidnigh, déin trócaire oruinn.
A Íosa ro-umhail dod th'Athair, déin trócaire oruinn.
A Íosa ro-gheannmaidh, déin trócaire oruinn.
A Íosa léurab ionmhuin an gheanmaidheachd, déin trócaire oruinn.
A Íosa léurab ionmhain an tshíothcháin, déin trócaire oruinn.
A Íosa léurab ionmhuin ar n-anmanna, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a ar ngrádh, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a sgátháin na beathadh, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a sgátháin na subháilceadh, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a mhaise na mbéus, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a ar ccúil dídin, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a athair na mbochd, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a shóláis na n-orchradhach, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a chisde na ccreidmheach, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a leag lóghmhar, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a dhíonchoimhéud na foirbhtheachda, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a aodhaire an tréuda, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a réulta na mara, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a sholais flure, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a eagna shíordhaidhe, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a mhaith gan choimsi, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a urghairdis na n-aingeal, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a rí na bpátriarc, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a ionchosgdhaidh na bhfáidheadh, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a mhaighisdir na n-apsdal, déin trócaire oruinn.


L. 122


A Íosa, a dhoctúir na soisgéulaidheadh, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a neart na mairtíreadh, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a sholais na cconfesóireadh, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a chéle na n-ógh, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a choróin na n-uile naomh, déin trócaire oruinn.
Bí ceannais rinn, coigil dúinn, a Thighearna.
Bí ceannais rinn, tabhair toradh ar ar nguidhe, a Thighearna.
Ón uile olc, saor inn, a Íosa.
Ón uile pheacadh, saor inn, a Íosa.
Ó th'fheirg féin, saor inn, a Íosa.
Ó chealgaibh an diabhail, saor inn, a Íosa.
Ó bhriseadh th'aithneadh, saor inn, a Íosa.
Ó phláigh, ó chogadh, agus ó ghorta, saor inn, a Íosa.
Ó aimseachadh gach uilc, saor inn, a Íosa.
A huchd th'ionchollaighthe, saor inn, a Íosa.
A huchd do gheineamhna, saor inn, a Íosa.
A huchd th'imghearrtha, saor inn, a Íosa.
A huchd do dhoilgheas, saor inn, a Íosa.
A huchd do sgiúrsadh, saor inn, a Íosa.
A huchd do bháis, saor inn, a Íosa.
A huchd th'eiséirghe, saor inn, a Íosa.
A huchd do dheasgabhála, saor inn, a Íosa.
A huchd th'urghairdios, saor inn, a Íosa.
A huchd do ghlóire, saor inn, a Íosa.
A huchd na maighdine roi-mhillse, do mháthar, saor inn, a Íosa.
Tré eadarghuidhe th'uile náomh, saor inn, a Íosa.
A Uain Dé, thógbhas peacaidh an domhain, gabh againn,
a Íosa.
A Uain Dé, thógbhas peacaidh an domhain, éisd rinn,
a Íosa.
A Uain Dé, thógbhas peacaidh an domhain, dén trócaire
oruinn, a Íosa.
A Íosa Críosd, éisd rinn.
A Íosa Críosd, tabhair toradh oruinn.
A Thighearna, dén trócaire oruinn.
A Chríosd, dén trócaire oruinn.
A Thighearna, dén trócaire oruinn.



A ar nAthair, atá ar neamh, etc.


L. 123


Fears. Ná léig inn a ccathughadh.
Freag. Achd sáor inn ó olc.
Fears. Éisd mh'urnaighthe, a Thighearna.
Freag. Agas roicheadh mh'osnadh dod láthair.



Orrtha.



A Dhé, do-righne ainm glórmhar Íosa Críosd, do Mhic féin
agus ar ttighearnai-ne, milis so-ghrádhach dod chreidmheachuibh
agus adhuathmhar uathbhásach do dheamhnuibh doi-ghníomhacha;
áontaigh millse an tsóláis naoímh san sáoghal-so, agus urghairdeas
do-chríochnaighthe na beathadh síordhuidhe a bhfhlaitheamhnus,
do luchd adhairthe an anma-so Íosa a ttalmhuin, tré ar
Tighearna, an tÍosa bithbheó céudna, atá a ccoimhríghe riot a
n-aontaidh an Sbiorad Náoimh, a sáoghal na sáoghal. Amen.



C. Créud an loghadh atá ag an té adeir liottáin Íosa?



F. Loghadh thrí ccéud lá ón ccúigeadh Sixtus.



AN 7 CAIBIDIL.
DO LIOTTÁNUIBH MUIRE, AGAS DÁ LOGHADH.



Liottáin Mhuire.



A Thighearna, dén trócaire oruinn.
A Chríosd, dén trócaire oruinn.
A Thighearna, dén trócaire oruinn.
A Chríosd, éisd rinn.
A Chríosd, tabhair toradh ar ar nguidhe.
A Athair neamhdha, déin trócaire oruinn.
A Mhic Dé, a Fhuasgailtéoir an domhain, dén trócaire oruinn.
A Sbiorad Náoimh, a Dhé, dén trócaire oruinn.
A Thríonnóid Náomhtha, a Dhé, dén trócaire oruinn.
A náomhMuire, guidh oruinn.
A náomhmáthair Dhé, guidh oruinn.
A náomhógh na n-ógh, guidh oruinn.
A mháthair Chríosd, guidh oruinn.
A mháthair na ngrás ndiadha, guidh oruinn.
A mháthair ro-ghlan, guidh oruinn.


L. 124


A mháthair ro-gheanmnaidh, guidh oruinn.
A mháthair gan truailleadh, guidh oruinn.
A mháthair gan toibhéim, guidh oruinn.
A mháthair sho-ghrádhach, guidh oruinn.
A mháthair iongantach, guidh oruinn.
A mháthair ar cCruthuightheóra, guidh oruinn.
A mháthair ar Slánuighthéora, guidh oruinn.
A ógh ro-ghlic, guidh oruinn.
A ógh airmhidneach, guidh oruinn.
A ógh sho-mholta, guidh oruinn.
A ógh chumhachdach, guidh oruinn.
A ógh cheannais, guidh oruinn.
A ógh dhíleas, guidh oruinn.
A sgáthán an chirt, guidh oruinn.
A cháthaoir na heagna, guidh oruinn.
A dhamhna ar lúthghára, guidh oruinn.
A shoithigh sbioraddha, guidh oruinn.
A shoithigh onóruigh, guidh oruinn.
A shoithigh na caoindúthrachda, guidh oruinn.
A róis rúindíamhair, guidh oruinn.
A thúir Dhábhioth, guidh oruinn.
A thúir éuburrdha, guidh oruinn.
A theaghdhais órrdha, guidh oruinn.
A áirc an reachda, guidh oruinn.
A dhorais nimhe, guidh oruinn.
A réulla mhaideanda, guidh oruinn.
A shláinte na n-easslán, guidh oruinn.
A chomairce na bpeacthach, guidh oruinn.
A shóláis na n-orchradhach, guidh oruinn.
A chongnamh na ccríosdaidheadh, guidh oruinn.
A ríoghan na n-aingeal, guidh oruinn.
A ríoghan na bpatriarc, guidh oruinn.
A ríoghan na bhfhádh, guidh oruinn.
A ríoghan na n-absdal, guidh oruinn.
A ríoghan na mairtíreadh, guidh oruinn.
A ríoghan na cconfesór, guidh oruinn.
A ríoghan na n-ógh, guidh oruinn.
A ríoghan na n-uile náomh, guidh oruinn.


L. 125


A Uain Dé, thógbhas peacadha an domhain, coigil dúinn,
a Thighearna.
A Uain Dé, thógbhas peacadha an domhain, éisd rinn,
a Thighearna.
A Uain Dé, thógbhas peacadha an domhain, déin trócaire
oruinn.
A Chríosd, éisd rinn.
A Chríosd, tabhair toradh ar ar nguidhe.
A Thighearna, déin trócaire oruinn.
A Chríosd, déin trócaire oruinn.
A Thighearna, déin trócaire oruinn.



A ar nAthair, atá ar neamh, etc.



Fears. Ná léig inn a ccathughadh.
Freag. Achd sáor inn ó olc.
Fears. Éisd mh'urnaighthe, a Thighearna.
Freag. Agas roicheadh mh'osnadh dod láthair.



Orrtha.



Ó a bhaintighearna, a náomhMuire, taobhaim mé féin riot
dom chaomhna, agus tiomnuim mo chorp agus mh'anam aniodh agus gach
laoi agus a n-aimsir mo bháis ar ionchaibh do thrócaire, agus léigim
táobh riot mh'uile dhóchas agus shólás, mh'uile ghuasachd agus
bhochdachd, mh'uile bheatha agus bhás, ionnas, tréud náomheadarghuidhe
lóghmhair, go ndíorghaidhthi agus go n-ordaighthi mh'uile
oibre do réir do thola féin agus tola do Mhic. Amen.



C. An bhfuil loghadh ar bioth ag an té adeir na liottáin-si
Mhuire?



F. Atá loghadh dá chéud lá ón chúigeadh Sixtus.



AN 8 CAIBIDIL.



DO LIOTTÁNUIBH NA NAOMH.



Liottáin na Naomh.



A Thighearna, dén trócaire oruinn.
A Chríosd, dén trócaire oruinn.
A Thighearna, dén trócaire oruinn.


L. 126


A Chríosd, éisd rinn.
A Chríosd, tabhair toradh ar ar nguidhe.
A Athair neamhdha, dén trócaire oruinn.
A Mhic Dé, a Fhúasgailteóir an domhain, dén trócaire
oruinn.
A Sbiorad Náoimh, a Dhé, dén trócaire oruinn.
A Thríonnóid Naomhtha, a Dhé, dén trócaire oruinn.
A náomhMuire, guidh oruinn.
A náomhmháthair Dhé, guidh oruinn.
A náomhógh na n-ógh, guidh oruinn.
A náoimhMíchíl, guidh oruinn.
A náomhGhabriel, guidh oruinn.
A naomhRáphael, guidh oruinn.
A uile náomhaingle agus archaingle, guidhidh oruinn.
A uile náomhorda na sbiorad mbeannaighthe, guidhidh
oruinn.
A náoimhEóin Baisde, guidh oruinn.
A uile náomhphatriarca agus fháidhe, guidhidh oruinn.
A náomhPeadair, guidh oruinn.
A náomhPóil, guidh oruinn.
A naomhAndríais, guidh oruinn.
A naoimhShéum, guidh oruinn.
A naoimhEóin, guidh oruinn.
A naoimhPhilip, guidh oruinn.
A naomhThómáis, guidh oruinn.
A naoimhShémuis, guidh oruinn.
A naomhParthaloin, guidh oruinn.
A náomhMatha, guidh oruinn.
A náoimhShimóin, guidh oruinn.
A náomhThaidhg, guidh oruinn.
A náomhMatiais, guidh oruinn.
A náomhBarnabais, guidh oruinn.
A náomhLúcáis, guidh oruinn.
A náomhMarcuis, guidh oruinn.
A uile absdala agus soisgéaluidhe náomhtha, guidhidh oruinn.
A uile naoimhdheisgiobla an Tighearna, guidhidh oruinn.
A uile náoimheannaga, guidhidh oruinn.
A náoimhSteapháin, guidh oruinn.
A náomhLabhrais, guidh oruinn.
A náomhUincent, guidh oruinn.


L. 127


A náomha, a Fhabiain agas Shebaistiain, guidhidh oruinn.
A naomha, a Eóin agus a Phóil, guidhidh oruinn.
A naomha, a Chosmas agus a Dhamiain, guidhidh oruinn.
A naomha, a Ghearúais agus Phrotais, guidhidh oruinn.
A naomha, a Bheraird, a Pheadair, a Accurs, a
Adiut, agus a Oto, guidhidh oruinn.
A naomhDhaneil maille reud chomthachaibh mairtíreach
d'ord S. Phroinsias, guidhidh oruinn.
A uile naomhmartír, guidhidh oruinn.
A naoimhShiluester, guidh oruinn.
A naomhGhrioghóir, guidh oruinn.
A naomhAmbróis, guidh oruinn.
A naomhAugusdin, guidh oruinn.
A naoimhChirine, guidh oruinn.
A naomhMartain, guidh oruinn.
A naoimhNioclais, guidh oruinn.
A naomhPádruig, guidh oruinn.
A naomhBhonauentúra, guidh oruinn.
A naomhLobhaois, guidh oruinn.
A uile naoimheasbaga agus chonfessóire, guidhidh oruinn.
A uile naomhdhoctúireadha, guidhidh oruinn.
A naomhAntoin, guidh oruinn.
A naoimhBenéud, guidh oruinn.
A naoimhBhearnáird, guidh oruinn.
A naomhCholuimchille, guidh oruinn.
A naomhDhominic, guidh oruinn.
A naomhathair a Shan Phroinsiais, guidh oruinn.
A naomhAntoin ó Phadúa, guidh oruinn.
A naoimhBearnairdin, guidh oruinn.
A naoimhDhidacuis, guidh oruinn.
A uile naomhshagarta agus dheochana, guidhidh oruinn.
A uile naomhmancha agus díthreabhacha, guidhidh oruinn.
A naomhMuire Mhagdaléun, guidh oruinn.
A naomhAgata, guidh oruinn.
A naomhLusía, guidh oruinn.
A naomhAgneis, guidh oruinn.
A naoimhShiosaile, guidh oruinn.
A naomhChaterina, guidh oruinn.
A naomhAnastas, guidh oruinn.


L. 128


A naoimhBrighid, guidh oruinn.
A naomhChlara, guidh oruinn.
A naoimhElizabeth, guidh oruinn.
A uile naomhógha agus bhaintreabhthacha, guidhidh oruinn.
A uile naomha agus bhannaomha Dé, guidhidh oruinn.
Bí ceannais rinn, coigil dúinn, a Thighearna.
Bí ceannais rinn, tabhair toradh ar ar nguidhe, a Thighearna.
Ón uile olc, saor inn, a Thighearna.
Ón uile pheacadh, saor inn, a Thighearna.
Ó th'fheirg féin, saor inn, a Thighearna.
Ó bhás obann anabaidh, saor inn, a Thighearna.
Ó chealgaibh an diabhail, saor inn, a Thighearna.
Ó fheirg, ó fhúath, agus ó gach uile antoil, saor inn, a Thighearna.
Ó sbioraid na drúisi, saor inn, a Thighearna.
Ó theinnthigh agus ó dhoininn, saor inn, a Thighearna.
Ó bhás shuthain, saor inn, a Thighearna.
Tré dhiamharrún th'ionchollaighthe, saor inn, a Thighearna.
Tréud thríall chugainn, saor inn, a Thighearna.
Tréud gheneamhain, saor inn, a Thighearna.
Tréud bhaisdeadh agus naomhthrosgadh, saor inn, a Thighearna.
Tréud chroich agus pháis, saor inn, a Thighearna.
Tréud bhás agus adhlacadh, saor inn, a Thighearna.
Tréud naoimheiséirghe, saor inn, a Thighearna.
Tréud dheasgabháil iongantaigh, saor inn, a Thighearna.
Tré theachd an Sbiorad Naoimh, saor inn, a Thighearna.
A ló an bhreitheamhnuis, saor inn, a Thighearna.
Na peacthaigh, guidhmid thú, éisd rinn.
Fá choigilt dúinn, guidhmid thú, éisd rinn.
Fá mhaitheamhnas dúinn, guidhmíd thú, éisd rinn.
Fá ar ttreórughadh dochum aithrighe fíre, guidhmíd thú, éisd rinn.
Fá riaghladh agus sdiúradh th'Eagluisi Naoimhe, guidhmíd thú, éisd rinn.
Fán bPápa go n-orduibh na hEagluisi do choimhéud
a riaghaltachd naomhtha, guidhmíd thú, éisd rinn.
Fá easccairdibh na hEagluisi d'umhlughadh, guidhmíd thú, éisd rinn.
Fá shíothcháin agus chomhaonta idir ríoghaibh agus
phrionnsadhaibh na críosduidheachda, guidhmíd thú, éisd rinn.
Fá áondachd agus shíothcháin an uile phobail chríosduidhi,
guidhmíd thú, éisd rinn.


L. 129


Fá ar neartughadh agus ar ccaomhna féin ad shéirbhís
naomhtha, guidhmíd thú, éisd rinn.
Fá ardthógbháil ar n-aigneadh dochum na bhfhonn
neamhdha, guidhmíd thú, éisd rinn.
Fá dhearlagadh na maithios síordhuidhe don luchd
do-ní maith dhúinn, guidhmíd thú, éisd rinn.
Fá shaoradh ar n-anmann féin agus anmann ar mbráthar,
ar ccomharsan, agus ar ccarad ó dhamnughadh
shuthain, guidhmíd thú, éisd rinn.
Fá thabhairt agus choimhéud toraidh na talmhan,
Fá thabhairt na beathadh síordhuidhe do na
marbhaibh críosduidhe, guidhmíd thú, éisd rinn.
Fá thoradh do thabhairt ar ar n-urnaighthe, guidhmíd thú, éisd rinn.
A Mhic Dé, guidhmíd thú, éisd rinn.
A Úain Dé, thógbhas peacadha an domhain, coigil
dúinn, a Thighearna.
A Úain Dé, thógbhas peacadha an domhain, éisd
rinn, a Thighearna.
A Úain Dé, thógbhas peacadha an domhain, dén
trócaire oruinn.
A Chríosd, éisd rinn.
A Chríosd, tabhair toradh oruinn.
A Thighearna, dén trócaire oruinn.
A Chríosd, dén trócaire oruinn.
A Thighearna, dén trócaire oruinn.



A ar nAthair, atá ar neamh, etc.



Fears. Ná léig inn a ccathughadh,
Freag. Achd saor inn ó olc.
Fears. Éisd mh'urnaighthe, a Thighearna.
Freag. Agas roicheadh mh'osnadh dod láthair.



Orrtha.



Éisd, a Thighearna, rer n-urnaighthe inísil, agus maith dhúinn
ar bpeacadha, ionnas go ttabhairthea a loghadh dhúinn maráon
agus síothcháin.



Taisbén dúinn, a Thighearna, go so-chroidheach do thrócaire
dho-fhaisnéidhe, ionnas go nglanta sinn ór bpeacthaibh, agus go
sáortha sinn ón phéin dhlighthear dhínn ar a son.


L. 130


A Dhé, ar a ngoillionn an peacadh, agus le a ttaithnionn an
aithrighe: éisd re guidhe inísil do phobail; agus fill úainn sgiúrsa
th'fheirge do thuilliomar tréur bpeacthaibh.



A Dhé shíordhuidhe uilechumhachdaigh, déin trócaire ar
do shearbhfhoghantaidh an Pápa N. agas sdíur é go croidheachair
a slighidh a shlánaighthe; ionnus tréud ghrásuibh go
sanntuigheadh do thoil, agus go ccuireadh a ngníomh í do réir a
chumhachd.



A Dhé, ó ttig gach náomháilgheas, gach fíorchomhairle, agus
gach obair fhíréun; dearlaig dod shearbhfoghantaibh an
tshíothcháin nach éidir leis an tshaoghal do dhearlagadh, ionnus
gomadh síothchánta ar saoghal tré chomhall th'aithneadh, iar
sgrios uamhuin ar n-easgarad.



Loisg, a Thighearna, ar ccuirp agus ar ccroidhthe le teinidh an
Sbiorad Náoimh; ionnas go bhfoghnamáois go geanmnaidh
dhuit, agus go ttaithneadh riot ar nglaine chroidhe.



A Chruthaighthéoir agus a Fhúasgailtéoir na ccreidmheach, maith
a n-uile pheacadha d'anmannuibh purgadóra; ionnas, tré ar
nguidhe-ui, go bhfhaghdáois an maitheamhnas atáid do shír-iarraidh.



Reimhdhírigh, a Thighearna, ar ngníomhradha agus congain
linn; ionnas gomadh úait féin do thionnsgainfimís ar n-uile
úrnaighthi agus oibre, agus gomadh tréud chongnamh do chuirfemís
críoch orra.



A Dhé shíordhuidhe uilechumhachdaigh, as Tighearna do
bheóaibh agus do mharbhaibh, agus do-ní trócaire ar gach áon as
reimhfheasach thú do bheith dod mhuinntir ó chreideamh agus
oibriughadh: guidhmíd go hinísiol thú, tré eadarghuidhe
th'uile naomh, maitheamhnas a uile pheacadh do thabhairt do
gach aon ar ar chuireamar romhuinn guidhe, madh beó marbh
é: tré ar ttighearna, do Mhac, Íosa Críosd, atá 'na Dhia
bhithbheó, ag ríoghadh maille riot-sa a n-aondachd an Sbiorad
Naoimh, a saoghal na saoghal. Amen.



Fears. Éisd mh'urnaighthe, a Thighearna.
Freag. Agas roicheadh mh'osnadh dod láthair.


L. 131


Fears. Go n-éisde an Tighearna trócaireach uilechumhachdach
rinn.
Freag. Amen.
Fears. Go bhfhaghaid anmanna na ccreidmheach, tré
thrócaire nDé, cumhsanadh suthain.
Freag. Amen.


L. 132


AN T-OCHDMHADH RANN DON PHARRTHAS-SO



THRÁCHDAS AR AN AIFREANN.



AN 1 CHAIBIDIL.



D'IODHBAIRT AN AIFRINN, DÁ CHOTCHAIBH
PRINNSIOPÁLTA, AGUS DON ADHBHAR FÁR ORDUIGH
CRÍOSD É.



D'IODHBAIRT AN AIFRINN.



C. Créud as aifreann ann?



F. Iodhbairt chuirp agus fhola ar Slánuightheóra Íosa Críosd
do-ní an sagart san reachd nua, agas ofráiltear don Athair
neamhdha.



C. An í an iodhbairt-si ní as úaisle agus as diongmhála dar
fhágaibh Críosd ag an Eagluis?



F. As í.



C. Cionnas sin?



F. Do bhrígh gurab í so an tshaicrifís chéudna do ofráil
don Athair neamhdha a ccrann na croiche ar ar soin-ne.



C. Cia do-righne an céudaifreann?



F. Críosd ar Slánuightheóir do-righne agus do ordaigh ó thús
é, agus tug úghdardhás a dhéunta do na habsdalaibh, agus do gach
sagart dá ttig ar a lorg san Eagluis.



C. Cía ofráileas anois é?



F. Críosd féin go prinsiopálta bhíos gach laoi aga aithiodhbairt
féin ar ar son dá Athair.



C. Créud do-ní an sagart adeir an t-aifrionn?



F. Taissealbhuidh pearsa Chríosd, agas ofráilidh mar thimthiridh
agus mar ionnstrumaint an náoimhiodhbairt-si don Athair
neamhdha.



C. Créud do-níd an luchd éisdeas an t-aifrionn?


L. 133


F. Gé nach fuilid cumhachda aca an tshaicrifís-si do
dhéunamh, an mhéid go n-éisdid an t-aifrionn, mar atá ag an
tshagart, ar a shon sin, ar mhodh áiridhe, atáid 'na ttimthiribh
san tshaicrifís éisdid, amhail budh í a saicrifís dhíleas féin í.
Uime sin adeirthear san n-aifrionn: Sacrificium nostrum, meum
ac vestrum. Laibheóram 'nar ndiaidh mar as cóir so do dhéunamh.



C. Créud é an cruth a n-iodhbairthear Críosd a saicrifís an
aifrinn?



F. Go do-bhásaighthe, glórmhar, ag ofráil lúaighidheachda
a bheathadh, a pháisi, agus a bháis ar ar soin-ne, amhail bhudh an
uair-sin do fhuileóngadh ar ar son.



DO CHOTCHAIBH PRINSIOPÁLTA NA HIODHBARTA-SO, AGUS DON
ADHBHAR FÁR ÓRDUIGH CRÍOSD Í.



C. An í an iodhbairt-si an aifrinn ní as mó thaithneas ré
Dia?



F. As í, do bhrígh nach éidir linn onóir as mó iná í do
dhéunamh dhó; óir atá sí doi-mheasda, tré bheith do chorp agus
d'fhuil ar ttighearna do láthair innte.



C. Créud iad na cotcha as prinsiopálta don aifreann?



F. An naomhchoisreagadh, le a ndéuntar corp agus fuil Chríosd
don arán agus don fhíon; catheamh an chuirp agus na fola céudna.



C. Créud fár ordaigh Críosd an iodhbairt-si?



F. Ar thrí hadhbharuibh; an céudadhbhar: ionnas go
mbíadh 'na bíadh sbioradálta ag na hanmannaibh, óir, fá mar
bheathaigheas an t-arán an corp, as mar sin bheathaigheas an
tshacramaint-si an t-anam; an dara hadhbhar: ionnas go
mbiadh iodhbairt san reachd nua ga déunamh do Dhía, mar do
bhíodh san tsheinreachd; an treas adhbhar: ionnas go mbíadh
'na cuimhne shíordhaidhe aguinn ar a pháis féin, agus ar a ghrádh
oruinn, agus ar a thiodhlaicthibh móra dhúinn, ionnas go musgaltaoi
ar n-inntinn dochum a ghrádhaighthe ar a son.



C. Créud an mhaith do-ní an t-aifreann dúinn?



F. As leis cheannsaighthear fearg Dhé rinn, agus bheirthear
iomad tiodhlaiceadh dhúinn féin ar an saoghal-sa, agus fós do na
hanmanaibh a bpurgadóir.


L. 134


C. Cía dá ttéid an t-aifreann a sochar?



F. Do bhallaibh na hEagluisi go coitcheann, agus go sunradhach
don té ar son a n-abairthear é, don tshagart adeir, agus don luchd
éisdeas é.



AN 2 CAIBIDIL.



INA BHFhOILLSIGHTHEAR CIONNAS CHIALLAIGHEAS
AN T-ÉIDEADH AIFRINN, AN T-AIFREANN FÉIN, AGUS A
SHEREAMÓINE, BEATHA, PÁIS, AGUS BÁS CHRÍOSD.



DO CHÉILL GACH BOILL DO CHULAIDH AN AIFRINN.



C. Créud chíalluigheas an miochd?



F. An brat do chuir an chineadh Iúdaidhe ar shúilibh
Chríosd, aga bhúaladh agus ag rádh: “Innis cia do bhúail thú?”



C. Créud chíalluigheas an léine aifrinn?



F. An t-éudach geal do cuireadh a ttigh hIorúaidh air, ag
fóchuidbheadh fáoi.



C. Créud chíalluighid an crios, an mainiopul, agus an sdóil?



F. Na cuibhrighthe ler ceangladh é.



C. Créud chíallaigheas an cochall?



F. An chroch.



C. Créud chíallaigheas an altóir?



F. Slíabh Caluari.



C. Créud chíallaigheas an chailís?



F. An tumba.



C. Créud chíallaigheas an chorporáil?



F. An bratlín in ar síneadh é.



DO CHÉILL GACH CODA DON AIFRIONN AGUS A SHEARMÓINEADH.



C. Créud chíalluigheas an Confiteor?



F. Mar do ghlac Críosd ar ttighearna peacadha an domhain
air féin.



C. Créud chíalluigheas Introitus?



F. Fonn na n-aithreach náomhtha Críosd do theachd.



C. Créud chíalluigheas an Kirie eleison?



F. An bhochdachd adhbhalmhór ina raibhi an cineadh
dáonna, isa fóirithin do iarrdáois ria n-ionchollughadh Chríosd.


L. 135


C. Créud chíalluigheas Gloria in excelsis, etc.?



F. Urghairdeas geineamhna Críosd.



C. Créud chíalluigheas an eibistil?



F. Mar do reimhghealladh agus do fioghradh ar ttighearna
san sgrioptúir naomhtha.



C. Créud chíalluigheas an soisgéul?



F. Teagasg na n-absdal, tréur shoillsigh Críosd an domhan.



C. Créud chialluigheas an Chré?



F. Admháil chreidimh Chríosd.



C. Créud chialluigheas an tOffertorium?



F. Mar do iodhbair Críosd é féin don Athair neamhdha ar
son shláinte an chinidh dhaonda.



C. Créud chialluigheas an Praefatio?



F. Mar do-chúaidh Críosd go cathair Ierúsaleim, agus mar do
glacadh innte é mar mhac Dháuith maille re hurghairdeas.



C. Créud chialluigheas an céidmhemento?



F. Urnaighthe Chríosd san lubhghort, a anbhfhainne, a allas
fola, a ghabháil, agus teicheadh na n-absdal.



C. Créud chialluighthear an tan shíneas an sagart a lámha
súas, agus chuireas íad ós cionn na cailíse, agus ghlacas íar sin an
abhlann?



F. Mar do gabhadh, mar do ceangladh, mar do sgiúrsadh
é, agus mar do cuireadh coróin spíne fá cheann ar ttighearna
Críosd.



C. Créud chialluigheas an chros do-ní an sagart ós cionn
na habhlainne?



F. Mar do cuireadh Críosd san ccroich.



C. Créud chialluigheas tógbháil na sacramainte agus na cailísi?



F. Tógbháil ar ttighearna Chríosd san ccroich chéusda.



C. Créud chialluighthear an tan chuirthear an tshacramaint
agus an chailís ar an ccorporáil, agus fholaighthear an chailís?



F. Bás ar ttighearna, a thabhairt anúas don chroich, agus mar
do cuireadh é san tumba sínte a mbratlín.



C. Créud chialluighthear san dara Memento?



F. Mar dobhí Críosd san tumba, mar do-chúaidh a anam
go príosún na n-aithreach naomhtha, agus mar do fhúasgail íad.



C. Créud chialluighthear an tan bhúaileas an sagart a uchd
ag rádh: Nobis quoque peccatoribus?


L. 136


F. A mhéud do chuir as Chríosd peacadha an chinidh
Iúdaidhe, aga chur dochum báis.



C. Créud chialluigheas tógbháil na sacramainti an athúair?



F. Eiséirghe ar ttighearna Chríosd.



C. Créud chíalluigheas an Phaidear?



F. Urnaighthe Mhuire agus na n-absdal rian-a eiséirghe.



C. Créud chialluighthear ag rádh: Pax Domini sit semper
vobiscum?



F. Mar do thaisbéin Críosd é féin dóibh iar n-eiséirghe.



C. Créud chialluigheas briseadh na habhluinne beannuighthe?



F. Mar do haithnigheadh Críosd ar bhriseadh an aráin a
nÉmaus.



C. Créud chialluigheas na trí cotcha do-níthear dhi?



F. Na trí dronga dá ttéid a ttarbha, .i. an mhuintear atá
a bhfhlaitheamhnas, an luchd mhaireas san saoghal-so, agus anmanna
purgadóra.



C. Créud chialluighthear ag rádh: Agnus Dei, etc.?



F. Go n-oibrigheann an tshacramaint-si naomhadh na
n-anmann, agus go maitheann na peactha.



C. Créud chialluighthear ag rádh: Domine, non sum dignus,
etc.?



F. An t-ullmhughadh as cóir do dhéunamh dochum na
náomhshacramainti-si do ghlacadh, agus fós dochum na ccomaoineach
sbioradálta.



C. Créud chialluigheas caitheamh na sacramainti-si?



F. Deasgabháil Chríosd.



C. Créud chialluighthear ag rádh: Dominus vobiscum, go
grod 'na dhaidh?



F. Cialluighthear, gé go ndeachaidh Críosd ar neamh, go
bhfhuil, gan fhéuchain dó sin, aguinne ar talmhuin san náomhshacramuint-si.



C. Créud chialluigheas iomad agus éugsamhlachd na ccros do-ní
an sagart san n-aifrionn?



F. Iomad agus éugsamhlachd na bpían mór do fhulaing Críosd
ar ar soin-ne.



Gé gurab doiligh smúaineadh orra so a n-áoinfheachd, as maith
do dhuine a bhfhios do bheith aige, dochum a ttabhartha uile
ina chuimhne an úair bus toil leis.


L. 137


AN 3 CAIBIDIL.



DON CHÁOINDÚTHRACHD AS CÓIR AG ÉISDEACHD AN
AIFRINN.



DON MHODH AR AR CÓIR AN T-AIFRIONN d'ÉISDEACHD.



C. Cionnas iomchras tú thú féin a n-aimsir an aifrinn?



F. Anoim ar mo ghlúinibh achd an úair bhíos an soisgéul
ga rádh; ní chuirim búaidhreadh ar an tshagart iná ar an
muinntir oile éisdeas an t-aifrionn; ní thairrngim mo sheile
go neartmhar; ní dhiongnaim casachda chruaidh; ní labhram
ré háon; ní fhéachaim ar an druing ghabhas amach nó asteach,
achd do-bheirim mh'aire amháin don díamharrún atá san
aifrionn, maille ré réuerens agus ré honóir mhóir, ar son nach
ttuigfinn é. Agas as amhluidh sin as cóir don uile dheighchríosduidhe
é féin d'iomchar a n-aimsir an aifrinn.



C. Créud an chaoindúthrachd as mó fhéudmáoid do bheith
aguinn ag éisdeachd an aifrinn?



F. Inn féin do chur a n-oireamhain do sbioraid na hEagluisi,
an mhéid as éidir linn, ag déunamh ar mhodh d'áiridhe an
neith céudna do-ní an sagart adeir an t-aifrionn.



C. Créud na neithe sbesialta do-ní an sagart san aifrionn?



F. A trí; an céidní: beatha, páis, agas bás Íosa Críosd
do thaissealbhadh; an dara ní: an tshaicrifís chéudna do
iodhbair Críosd san ccroich d'aithiodhbairt; an treas ní: an
tshacramaint náomhtha do ghlacadh.



C. Cionnas do-ghéunam an céidní?



F. Ag tabhairt a ndubhramar san ccaibidil dhéidheanaigh,
nó na coda dhíobh as mó ghluaisios inn dochum tuirse, 'nar
ccuimhne ag éisdeachd an aifrinn.



C. Créud do-ghéun, dá bhrígh sin, ag faicsin an tshagairt
san cculaidh ria ttionnsgna an aifrinn?



F. Smúaineadh ar Chríosd, fá mar do-chífea é, agus a chroch ar
a ghuaillibh, ag dul go slíabh Caluari, ag rádh na horrthan-so.



Orrtha ria n-aifrionn.



A Athair ro-shochroidhigh na trócaire agus a Dhé an uile shóláis,
les nar lór th'éunmhac d'iodhbairt a ccroich dár leasughadh-ni,


L. 138


achd, 'na cheann sin, do thoiligh an iodhbairt chéudna d'athnúadhughadh
gach láoi san nEaglais náoimh dochum a toraidh
d'fhagháil dúinne, na peacthaigh; tabhair dhúinn bheith do
láthair an diamharrúin iongantuigh-si go n-airi, go bhfhriochnamh,
agus go ngrádh; ionnas gomadh éidir linn ar ccuid dá toradh
do ghnoughadh, tréur ttighearna Íosa Críosd. Amén.



C. Créud an urnaighthe do-ghéun a n-aimsir an aifrinn?



F. Ó thús, coisrig thú féin mar aon ris an tshagart, agus freagair
dhó leis an ccléireach, ag rádh an tpshailm, an Chonfiteor, agus an
Chirie eleisoin; agus an ar do ghlúinibh ag éisdeachd ris go
cráibhtheach, díthchiollach, go gcríochnuighe an episdil; agus íar
sin, éirigh id tsheasamh d'éisdeachd an tshoisgéil, agus déin maill
ré réuerens comharrtha na croiche, 'na thús agus 'na dheireadh, ar
th'éudan, ar do bhéul, agus ar th'uchd: léig íar sin ar do ghlúinibh
thú, agus an amhluidh sin go deireadh an aifrinn, ag déunamh gach
urnaighthe as mó thaithneas riot, do mholadh Dé agus d'íarraidh
gach neith do-chí do riachdanas ort.



DON MHODH AR AR CÓIR IODHBAIRT AN AIFRINN d'OFRÁIL
DO DHIA.



C. Créud do-ghéun san chéidmhemento?



F. Iodhbair agus ofráil an t-aifrionn do Dhia, ag rádh: “A
Thighearna, a Dhé uilechumhachdaigh, ofráilim agus toirbhirim
dhuit fuil agus feóil ar Slánuightheóra Íosa Críosd atá ga iodhbairt
san aifrionn; ó thús, do mhéudughadh do ghlóire agus th'onóra
féin; 'na dhiaidh sin, mar bhuidheachus duit tré iomad do
thiodhlaictheadh damh, .i. mo chruthaighthe, mo shlánaighthe,
mo chumhdaigh, agus críosduidhe do dhéunamh dhíom, etc.; arís,
a lóirghníomh mo pheacadh, agus d'fhagháil lúaighidheachda, grás,
agus trócaire dhamh, agus fós, fortachda in gach trioblóid agus in gach
riachdanas dá bhfhuil agus dá mbíaidh oram. Ofráilim dhuit, a
Thighearna, mar an ccéudna, an náomhshaicrifís-si ar son do
náoimhEagluisi Catoilice Rómhánuighe fá neartughadh an
chreidimh, fá ionntódh na n-eithriceadh agus na druinge atá a
bpeacadh mharbhtha; ar son na n-anmann atá a bpurgadóir,
agus an lochda do chuir oibliogáid spesialta oram, más béo marbh
íad; ar son riachdanais mo chomharsan, go spesialta mh'athar


L. 139


agus mo mháthar, mo gháoil agus mo chairdeadh, na muinntire do
chuir íad féin fám ghuidhe, nó atá 'na riachdanus. Ofráilim
fós an iodhbart chéudna lé gach inntinn lér ofráil Críosd san
ccroich í. Agas ofráilim dhuit, fá dheóidh, a Thighearna
thrócairigh, mar áon ris an tshaicrifís-si, mé féin idir anam agus
chorp, mo shláinte, mo shaidhbhrios, agus gach ní oile dá bhfhuil
agam nó dá ndiongna mé.”



DON URNAIGHTHE AS IONRÁIDH LÉ TÓGBHÁIL AN CHUIRP
NAOMHTHA.



C. Créud do-ghéun le tógbháil Chuirp Chríosd?



F. Abair, go n-umhlachd anma agus chuirp:
“Fáilte dhuit, a fhíorchuirp, do geineadh ó Mhuire óigh, do
fhulaing agus do hiodhbradh san ccroich ar son an duine, isa tháobh,
iarn-a tholladh, do shil tonna fola. Tabhair dhúnn do
thomhailt a n-aimsir ar mbáis. Ó a Íosa mhilis bhúidh, a mhic
Muire, dén thrócaire oram. Amen.”



Abair arís:
“Dia do bheatha, a shláinte an domhain, a bhríathar shíordhuidhe
an Athar neamhdha, a naoimhiodhbairt, a bheatha fhíri,
a dhíadhachd iomlán, a dhuine fhíri, a chuirp ar ttighearna
Íosa Críosd, déin trócaire ar mh'anam. Amen.”



C. Créud adéur le tógbháil na cailísi?



F. Abair mar so.
“Adhraim thú, a fhuil mhórlúaigh Íosa Críosd, do doirteadh
san ccroich do sgrios agus do ghlanadh ar bpeacaidh-ne. Día do
bheatha, a fhuil fhíorúasal, do shil a créuchdaibh ar ttighearna
Íosa Críosd do nighe ar bpeacaidh-ne; nigh, beannaigh, agus
coimhéid mh'anam-sa dochum na beathadh síordhuidhe. Amén.”



'Na dhíaidh sin, abair an orrtha-so.
A anaim Chríosd, beannaigh mé.
A chuirp Chríosd, slánuigh mé.
A fhuil Chríosd, sás mé.
A uisge thaoibh Chríosd, nigh mé.
A pháis Chríosd, neartuigh mé.
Ó a Íosa ionmhain, éisd riom.


L. 140


Dídin mé id chréuchdaibh; ná fulaing mo sgaradh riot;
cumhdaigh mé ar aimsiughadh an aidhbhirseóra, agas goir
chugad mé a n-aimsir mo bháis; ionnas go moluinn thú mar
áon ris na hainglibh a saoghal na saoghal. Amen.



C. Créud adéur an tan adeir an sagart Agnus Dei, etc.?



F. Abair:
A Uain Dé, thógbhas peacadha an domhain, dén trócaire
oruinn.
A Uain Dé, thógbhas peacadha an domhain, dén trócaire
oruinn.
A Uain Dé, thógbhas peacadha an domhain, tabhair síothcháin
dúinn.



AN 4 CAIBIDIL.



DON MHODH AR AR CÓIR AN CHOMÁOIN SBIORADÁLTA
DO GHLACADH.



C. Créud do-ghéun an tan ghlacas an sagart an Corp
Naomhtha?



F. Munab éidir leat comaoineacha do ghlacadh go corparrdha,
glac go sbioradálta íad.



C. Créud as comaoin sbioradálta ann?



F. Fonn mór an tsacramuint do ghlacadh, fhásus ó ghris an
chreidimh, ó ghrádh lasamhain, agus ó áilgheas inmheadhónach, inn
féin do shnadhmadh agus do cheangal ré Dia; agas, gé nach dén
duine faoisidi an tan-sin, as cóir dhó, ar a shon sin, a dhíthcheall
do dhéunamh é féin d'athnúadhughadh a ngrásuibh, ag déunamh
croidhebhrúidh 'na pheacthaibh.



C. Cionnas do-ghéun comaoineacha go sbioradálta?



F. Smúain agad féin go hinmheadhónach ar an ndiamharrún
mór-so, agus ar an ccreideamh as cóir dhuit do bheith agad dá
thaobh, agus dúisigh ionnad féin fiuchadh fuinn agus áilgheasa dochum
Íosa Críosd do ghlacadh san naomhshacramaint-si, ag rádh:
“A Thighearna, a Íosa Críosd, creidim go ro-dhaingean go
bhfuile san naomhshacramaint-si na haltóra mar atá tú ar
neamh ar deis th'Athar. Ó a Thighearna, cía do-bhéuradh
dhamh gloine chroidhe budh cubhaidh dod chomhmór d'áoidhidh.
Ó cía an duine len héidir do ghlacadh go diongmhála gach


L. 141


láoi? Ó a Thighearna, as maith an fortún do bheith agam, agus
as saidhbhir do fháoicfithea mé, dámadh éol damh do ghlacadh
chugam im theach. A Thighearna, ní diongmhála mé do
theachd im bhothán bhochd, dhearóil, achd slánaigh mh'anam
ó bhréithir amháin.” Agas, amhail dobheithea ag glacadh
na sacramainte féin, abair: “Corp ar ttighearna Íosa Críosd
do chumhdach mh'anma san mbeathaidh shuthain. Amen.”



Agas, amhail do ghlacfuidhthea an tshacramaint go corparrdha,
déin comhnaidhe ar feadh aimsire ag tabhairt bhuidheachais do
Dhia agus gud thoirbhirt féin dochum a sheirbhísi, agus labhair ris fá
ghnoaighibh th'anma agus leasaighthe do bheathadh, amhail do-ghéunta
ag glacadh na sacramainti féin, agus abair an orrtha-so.



Altughadh d'éis chomáoineach sbioradálta.



A bhuidhe riot, a Dhé uilechumhachduigh, go ttuguis damh-sa,
don pheacthach, giodh am mídhiongmhála dod fhleidh neamhdha,
grása agus deuósion, fuil agus féoil th'áoinMhic ar ttighearna Íosa
Críosd do ghlacadh go sbioradálta, noch do ghlac an sagart ar
ball go corparrdha. Ó Athair neamhdha, do bhrígh
gurab créutúir bochd dhuit féin mé, guidhim thú, claon chugam
do chluasa, agus aontuigh glacadh na sacramainti-se do dhul a
sochar dhamh féin agus don uile chríosduidhe bhéo agus mharbh;
ionnas, ag eiséirghe a ló an bhreitheamhnuis dhéidhionuigh, go
mbemís a ccomann na naomh agus na cloinne toghtha ar deis do
Mhic ar ttighearna Íosa Críosd, ag breith bhreithe ar an domhan.
Amen.



AN 5 CAIBIDIL.



DON MHODH AR AR CÓIR AN TSHEANMÓIR
D'ÉISDEACHD MAILLE RE TARBHA.



C. Cionnas as cóir don chríosduidhe an tsheanmóir
d'éisdeachd?



F. Ó thús, tríalladh chuice, maille re deighinntinn, dochum
leighis d'fhagháil do chréuchdaibh a anma, agus dochum cnúasaigh
sbioradálta do dhéunamh fá a chomhair.



Iar tteachd do láthair dhó, éisdeadh re briathruibh Dé a béul


L. 142


an tsheanmóntuidhe, maille re humhlachd chuirp agus anma, mar
bhudh é Día féin dobhiadh ag labhairt ris, agus bíodh cluas ro-ghrinn
aige ris na neithibh bheanas re a sdaid féin, agus beireadh
greim daingean orra. Maille ris sin, bíodh ro-choimhéudach
gan aire do thabhairt do chuiríaltachd, ná breatheamhas
meardhána do thabhairt dá ccluineadh éiní ina mbíadh
míothaithneamh aige; óir as gnáth an diabhal ag mealladh
móráin san bpunc-so.



Iar ccríochnughadh na seanmóra, smuaineadh aige féin ar na
puncaibh prinnsiopálta do-chuala, agus cuireadh go daingean 'na
mheabhair iad; ionnus go ccuireadh a ngníomh iad, ag seachna
na ndubháilceadh agus ag dul ar a aghaidh a slighidh na subháilceadh.



Déunadh gach aon díthcheall cráibhtheach ar an tteagasg-so
do leanmhuin, ionnus go mbiadh don druing úd re a n-abair
Lúcás soisgéulaidh, cap. II, Beati qui audiunt verbum Dei et
custodiunt illud, .i. “Beannuighthe an luchd éisdeas re bréithir
Dhé agus do-ní dá réir.”


L. 143


AN NAOMHADH RANN DON PHARRTHAS-SO



THRÁCHDAS AR AN MODH AR AR CÓIR DON CHRÍOSDUIDHE
SACRAMAINTE NA HAITHRIGHE AGAS CHUIRP CHRÍOSD DO THATHAIGHIDH
GO DIONGMHÁLA, AGUS AR AN ULLMHUGHADH AS INDÉUNTA
CHUCA.



AN 1 CHAIBIDIL.



DON FHAOISIDIN, AGAS DON ULLMHUGHADH AS
INDÉUNTA CHUICE.



C. Créud as faoisidi ann?



F. Gearán tuirseach do-ní an peacthach air féin 'na
pheacadhuibh, re sagart ga mbí ughdarrdhás dochum a sgaoilte
uatha, maille re dóigh absolóid agus maitheamhnns d'fhagháil
ionnta.



C. Cionnas ullmhuigheas tú thú féin dochum na faoisidne?



F. Ag sgrúdadh mo choinsiais, .i. ag smuaineadh go díthcheallach
ar an mbeathaidh do-chuaidh thoram, agus ag tarruing
mo pheacadh im chuimhne.



C. Cionnas do-ní tú an sgrúdadh-sa?



F. Ag glacadh aimsire áiridhe, girre nó faidi, do réir na
faoisidni as mían liom do dhéunamh, na hoifice, agus an chúruim
atá oram, agus na haimsire ó do-righneas mh'fhaoisidin fá dheireadh.



C. Créud an aimsir as ionghlactha go coitcheann dochum
na faoisidne?



F. Gibé nach déin í achd a ccionn gacha bliadhna, ní fuláir
dhó a dó nó a trí d'úairibh gach laoi, ar feadh a trí nó a ceathair
do laithibh, do chaitheamh, ag smuaineadh go huaigneach
air féin, agus ag cuimhnioghadh ar a pheacadhuibh do réir gach
siocra dá raibhe aige. Dochum na faoisidni beathadh, iomorro,
ní fuláir don té nach tig go minic dochum na sacramainti-si
bheith ochd lá ag déunamh ullmhuighthe air féin, agus úair nó a
dhó gach láoi dhíobh do chaitheamh do tharraing a pheacadh


L. 144


'na chuimhne. As mór an congnamh do gach áon dochum na
cuimhne-si, smuaineadh ar gach áit ina raibhe, ar gach comhluadar
dá raibhe aige, ar gach ní éifeachdach dobhí ar a aire,
agus a fhiafruighi dhé féin ciondus tarla dhó in gach áit, in gach
comhluadar, agus in gach gnouighibh; an bhfúair tuisleadh
peacaidh mharbhtha a n-éuncháil díobh sin, agus ga mhéud úair.



AN 2 CAIBIDIL.



DON URNAIGHTHE AS INDÉUNTA RIAS AN
BHFAOISIDIN.



C. Créud do-ní tú d'éis do pheacadh do chruinniughadh agus a
ccora ad mheabhair?



F. Gluaisim agus gríosuim mé féin dochum tuirsi fám theagmháil
ionnta, ag rádh na n-orrthan-so 'nar ndíaidh, ar mo ghlúinibh,
más éidir é.



An chéudorrtha ullmhaigheas dochum sacramuinte na fáoisidne.



A Chruthaightheóir nimhe agus talmhan, a Rí na ríogh agus a
Thighearna na ttighearnadh, nach diongmhála mo shamhuil-si
do pheacthach do ghairm, ná d'ainmniughadh, ná do smuaineadh
ó chroidhe; do-righne mé do neimhní fód th'íomháigh féin
agus fód chosmhuile, agus do cheannaigh mé ar th'fhuil; guidhim thú
go humhal, inísiol, féuchain go ceannais oram do mhodh
mídhiongmhála féin, agus trócaire do dhéunamh oram mar do-righnis
ar an mnáoi cCananda agus ar Mhuire Mhagdalén, agus gabháil
agam mar do ghabhais ag an bpuibliocán agus ag an ngaduidhe
san ccroich. Admhuim dhuit-si, a Athair bhúidh, mo pheactha
nach éidir liom do cheilt ort, bíodh gomadh é mo mhían a
bhfolach. Coigil damh, a Chríosd, a n-aghaidh ar pheacaigheas
go líonmhar ó smúaineadh, ó bhréithir, ó ghníomh, agus ó gach
modh oile ar arbh éidir leum anbhfainne dhaonna peacughadh;
mo choir-si, mo choir-si, mo ro-choir-si. Ar an adhbhar sin,
ar son do thrócaire, coigil damh, a Thighearna, coigil dhamh,
a Chríosd, do thuirling ó fhlaitheamhnas dom fhuasgladh, do
thógaibh Dáuidh as easgar a pheacaidh, agus do choigil do Pheadar
íar n-ad shéuna. As tú mo Chruthaightheóir agas mh'Fhuasgaltaidh;


L. 145


as tú mo Thighearna agus mo Shlánaightheóir; as tú
mo Rí agus mo Dhia; as tú mo dhóchas agus mo mhuinighin; as tú
mh'fhollamhnadh agus mo chabhair; as tú mo shólás agus mo neart;
as tú mo sgiath dhídin agus chosnamha; as tú mo bheatha, mo
shláinte, agas mh'eiséirghe; as tú mo lóchrann lasamhuin; as
tú mh'fhonn agus mh'áilgheas, mh'fhurtachd agus mo thearmann.
Guidhim thú, dá bhrígh sin, cuidigh liom dum shlánughadh;
sdíur, caomhain, agus coimhneartaigh mé; daingnigh mé agus tabhair
sólás damh; soillsigh mé agus déin cuairt agam; aithbéoaigh mé
ó mharbhuibh, do bhrígh gurab tú rom chruthaigh, agus gurab do
shaothar do láimhe féin mé.



A Thighearna, ná mímheas mh'urnaighthe, do bhrígh gurab
óglach agus searbhfhoghantaidh dhuit mé, giodh olc mídhingmhála
mé, agus fós giodh peacthach; achd más olc maith mé, as
leat-sa mé do shíor. Ar an adhbhar sin, cia dochum a tteichfe
mé achd chugad-sa. Dá ccuire-si amach mé, cía léigfeas mé
astteach; dá bhfhille-si do ghnúis úaim, cía fhéuchfas oram.
Gabh chugad mé, dá bhrígh sin, ag teicheamh fád dhéighin.
Más trúaillidhe salach mé, as éidir leat-sa mo ghlanadh; más
dall mé, as éidir leat súile do thabhairt damh; más easslán
mé, as éidir leat mo aithbheóughadh, do bhrígh gurab mó do
thrócaire ináid mo pheacaidh-si, agus do cheanchaire ináid mo
mhíghníomha; agus gurab mó as éidir leat do mhaitheamh iná
as éidir liom-sa do pheacughadh. Ná tabhair mímheas oram,
dá bhrígh sin, a Thighearna, agus ná cuimhnigh iomad mo pheacadh,
achd do réir neamhchoimsi do thrócaire féin, déin trócaire oram
agus coigil dhamh, giodh am roi-pheacthach. Abair reum anmuin
gurab tú féin a shláinte, mar adubhrais a n-ionadh oile, nach
áil leat bás an pheacthaigh achd a fhilleadh dochum beathadh.
Ionntóidh mé, a Thighearna, agus ná bíodh th'fhearg riom nías
sia. Guidhim thú go humhal inísiol, a Athair bhúidh, mo
tharraing dochum deighchríche, dochum aithrighe fíri, faoisidne
iomláine, agus dochum lóirghníomha diongmhála im uile pheacthaibh.
Amen.



Orrtha oile as ionráidh rias an bhfhaoisidin.



Gabh chugad m'fháoisidin, a Thighearna roi-cheannais, a
Chríosd, a aondóigh shláinte mh'anma, agus tabhair dhamh
croidhebhrúdh agus déura súl, go ccíinn a laithibh agus a n-oidhchibh


L. 146


mh'uile pheactha go n-umhla agus go ngloine ccroidhe. Roicheadh,
a Thighearna, mo ghuidhe dod láthair. Dá rabh t'fhearg-sa
riom, cia ar a n-iarrabh cuidiughadh, nó cia do-ghéuna trócaire
ar mo pheacthuibh. Féuch oram, a Thighearna, do tharraing
an puibliocán dochum aithrighe, agus tug toradh ar dhéuraibh
Peadair. A Thighearna, a mo Dhé, éisd riom, a Shlánaightheóir,
a Íosa mhilis, do fhulaing bás croiche do shlánughadh na
bpeacthach. Féuch, a Thighearna, ar an bpeacthach ttrúagh,
agus ná cuimhnigh comhmór sin ar mh'olcuibh go mbíadh díochuimhne
agad ar thuile do mhaitheasa féin. Má do pheacaigheas,
ní fár éidir leat mo dhamnadh, níor chaillisi, ar a shon sin, an
trócaire tré n-ab éidir leat mo shlánughadh. Coigil damh, dá
bhrígh sin, a Shlánuightheóir, agus déin trócaire ar mh'anmain
cciontaigh; sgaoil a géibheanna agus leighis a créuchda. A
Thighearna, a Íosa, as ionnad féin amháin atá mh'fhonn; as
tú amháin atáim d'iarraidh agus do shanntughadh. Taisbéin
damh do ghnúis agus budh slán mé gan fhuigheall. Soillsigh
mh'anmain tré eadarghuidhe do naomhmáthar Muire agus an
uile naomh, ionnas gomadh léir dhamh go grinn gach peacadh
as riachdanas damh d'fháoisidin, agus go n-admhainn iar sin é dom
oide faoisidne go gcrádh agus go ndoilgheas ccroidhe, a Chríosd,
atá ad Dhia agus ad Rígh bhithbheó, a n-aontaidh an Athar agus an
Spiorad Náoimh, a saoghal na saoghal. Amen.



Orrtha oile as ionráidh san n-am chéudna.



A Chríosd, a thobair an uile mhaitheasa, guidhim-si an
roi-chiontach, tré dho-áirmhe mo pheacadh, thú fá ghrásuibh
eagla agus aithrighe agus admhála na bpeacadh ccéudna do thabhairt
damh. Tabhair dhamh, a Rí na ríogh, th'uamhan agus th'imeagla
do bheith oram isa fhiadhnuisi a bhfhuilid aingil nimhe agus fearta
flaitheamhnuis ar coimhchrioth. Oibrigh ionnam, a Thighearna,
uamhan agas eagla do bhreitheamhnuis duibheagánaigh, noch
atá tú do fhreacar a n-aghaidh na bpeacthach ó thosach dhomhain
gus aniodh; ionnas nach trócaireach amháin, achd fós ceirtbhreathach
fhoillsigheas tú thú féin id th'uile shlighthibh agas
ghníomhradhuibh. Dob fhearr liom go mbeith an doilgheas agus
an tochrádh meanman bhudh cóir oram fá líonmhuire agus throma
mo pheacadh, léur chuirios fearg ort-sa, a airdDhé fhírbhreathaigh;


L. 147


ionnas go ccíinn ar pheacaigheas a ttuirse mo chroidhe,
do bhrígh go ndubhrais féin a n-ionadh áiridhe nach fuil ní
as measa agus as seirbhe don pheacthach iná thú féin do thréigean, agus
gan th'eagla do bheith air ina pheacthaibh. Aidéumhad, dá
bhrígh sin, mh'olc dhuit-si, a Thighearna, le a ttaithnionn
faoisidi umhal an pheacthaigh, agus nach maithionn a pheactha
d'aoinneach gan í, agus do-ní fíréun don ainbhfhíréun ar a son.
Teagadh dhamh-sa, mar do thuilleas, as an bhfhaoisidin ccéudna
náire agas masla; dhuit-si, iomorro, glóir agus moladh; ionnas
go mba follas do na huilibh do cheart agus do thrócaire, agas cionnas,
iar n-iompódh th'fheirge ón bpeacthach, choigle dhó do thoradh
na faoisidne. Tabhair dhamh grása dochum nach gabhainn mo
leissgéul go mailíseach a n-éunchuid dom pheacthaibh, achd go
n-admhuinn iad dom athair faoisidne go soiléir so-thuigsi, agus go
n-inísle ccroidhe, gan náire, gan cheilt ar a líonmhuire ná ar a
ttroma, fá mar do-righneadar an mhuinntear úd táinig d'admháil
a míghníomh a n-aimsir na n-absdol. Mo bheannachd ort, a
Thighearna, do fhágaibh againn san Eaglais an luibh leighis-si
na faoisidne agus na haithrighe, tré a mbí meisneach agus dóchas
cínnte againn a maitheamhnas ar bpeacadh. Moladh agus glóir
dá chionn sin duit, a Thighearna, a saoghal na saoghal. Améin.



AN 3 CAIBIDIL.



DON MHODH AR AR CÓIR DON AITHRIGHEACH É FÉIN
D'IOMCHAR AG TRÍALL DOCHUM NA FÁOISIDNE, AGA
DÉUNAMH, AGUS d'ÉIS A DÉUNTA.



DON MHODH AR AR CÓIR DON AITHRIGHEACH É FÉIN d'IOMCHAR
AG TRÍALL DOCHUM NA FÁOISIDNE.



C. Iar ccríochnughadh na cáoindúthrachda-so, créud do-ní
tú?



F. d'éis mé féin do ghlúasachd agus do ghríosadh dochum tuirsi
ar an modh-so, téighim d'ionnsaighidh an athar faoisidne maille
re gnúis ttriamhnuigh, ttuirsigh, go humhal croimcheandach,
mar as cóir don chiontach, admhas a lochda, dul a bhfhiadhnuisi


L. 148


an bhreitheamhan; agus fós maille ré huamhan, ré heagla,
agus ré reuerens, aga smuaineadh am chroidhe gurab é fear ionaid
Chríosd a ttalmhain, dochum breithi sgaoilti nó ceangail do
thabhairt oram, an té-sin dochum a bhfuilim ag dul.



C. Créud do-ní tú ag teachd duit a bhfogus don chathaoir
bhreitheamhnuis ina bhfuil 'na shuidhe?



F. Léigim mé féin ar mo ghlúinibh ag adhradh agus ag
onórughadh Chríosd ina bhreitheamh, re a bhfuilim ar tí
mhfhaoisidin do dhéunamh.



C. Cionnas iomchras tú thú féin an tan-sin?



F. Go tromdha, tochdach; óir ní bhím suilbhir súlard, ná
uallach éudtrom, ag féuchuin don taobh-so ná don thaobh oile;
achd taisbéunaim mé féin go dubhach, déurach, dobrónach,
maille re humhla agus ré hosnadhaibh, ionnas go ttuigeadh an
t-oide faoisidne, tréus na comharrthuibh foirimealacha-sa, an
tuirsi inmheadhónach neamhfhaicsidhe atá am chroidhe.
Congbhuim mo cheann go crom, aga admháil ó ghníomh go
bhfhuilim am chiontach.



DON MHODH AR AR CÓIR DON AITHRIGHEACH É FÉIN d'IOMCHAR
AG DÉUNAMH NA FAOISIDNE, AGUS d'ÉIS A DÉUNTA.



C. Cionnas thionnsgnas tú t'fhaoisidin do dhéunamh?



F. Gum choisreagadh ag rádh: “A n-ainm an Athar, agas
an Mhic, agas an Sbiorad Naoimh. Amen. Tré chomharrtha
na croiche naoimhe, sáor inn, a Dhé, ór n-easgcairdibh.”



'Na dhiaidh so iarruim beandachd an athar faoisidne, ag
rádh: “Beannuigh mé, a athair.” Agas íar bhfhagháil a
bheandachda, adeirim mo Chonfiteor, .i. “Admhuim do Dhia
uilechumhachdach, do Mhuire bheannaighthe ghnáthóigh, do
Mhíchéul archaingeal, d'Eóin Baisde, do na naomhabsdalaibh
do Pheadar, do Phól,” etc., mar adubhramar thuas san chéudchaibidil
don chéudrann; agas iar mbualadh mh'ochda damh
ag rádh “mo roi-chionta”, tionsgnaim mo pheacadha uile
d'admháil go glan, orduighthe, gan chumasg sgéul ndíomhaoin
nach beanann re hadhbhar thríotha, ag rádh ar an modh-so:
“Ciontuighim mé féin do Dhia ghlórmhar, do Mhuire mháthair,


L. 149


dar naomhathair S. Phroinsias, don chúirt ainglidhi, agus duit-si,
a athair, nach fhuilim ag teachd dochum na fáoisidni-si leis
an sgrúdadh coinsiais, leis an ndoilgheas, ná leis an rún leasaighthe
do dhlighfinn. Ciontaighim fós mé, ó do-righneas m'fháoisidin
go déidheanach, gur pheacaigheas a n-aghaidh na céudaithne”
ar an modh-so agus ar an modh-so oile, ag ainmniughadh gach
muidh fó leith ar ar pheacaigh a n-aghaidh na haithne-sin; agus
mar sin siobhladh ar gach aithne fó leith do na haitheantaibh,
ag ainmniughadh gach muidh ar ar pheacaigh 'na haghaidh, do
réir mar do chuireamar síos san gcéudrann don pharrthas-so.



Iar n-innisin chréuchd mo choinsiais go hiomlán ar an modh-sa
don oide faoisidin, adeirim: “A athair ghrádhaigh, cionntuighim
mé féin ionnta so, agus in gach peacadh oile dá ndearnas
riamh a n-aghaidh Dé ó smuaineadh, ó bhréthir, nó ó ghníomh.
Goillidh oram anois teagmháil ionnta, agus sin ar a shon féin
dáríribh; agus cuirim romham mé féin do leasughadh ó so súas.
Iarruim, dá bhrígh sin, maitheamhnas ar Dhia, agus absolóid agus
breath aithrighe ort-sa.” Adeirim annso, ag am chlaonadh
féin go talmhuin, an chuid oile don Chonfiteor, .i. “Uime sin
guidhim naomhMuire,” etc., dom ghríosadh dochum fuatha agus
grána ar mo pheacadhuibh, agus dochum rúin daingin, maille ré
grásuibh Dé, gan tuitim go háiridhe a n-éinpheacadh mharbhtha
nísa mhó.



C. Iar ccor chríche ar do Confiteor dhuit, créud do-ni tú?



F. Íslighim agus umhlaighim mé féin óm uile chroidhe a
bhfíadhnuisi Dé uilechumhachdaigh, do mhasluigheas tréum
pheacadhuibh, ag íarruidh maitheamhnuis air ionnta, a n-onóir
agus a n-éuruic fhola mo Thighearna Íosa Críosd do dóirteadh ar
mo shon a ccrann na croiche, agus ní thógbhuim mo cheann go
n-íarra an t-athair faoisidne oram a thógbháil do chur na breithe
aithríghi oram, agus do thabhairt gach teaguisg agus gach comhairle
as toil leis damh fá shláinti mh'anma; agus do-ním díthcheall
an bhreath do thuigsin uaidh, agus dobhiadh fonn oram dá mbeith
nías troma.



Do-ním fós an díthcheall céudna gach comhairle dá ttabhair
dhamh do thuigsin agus do bheith im mheabhair, maille ré rún a
ccora a ngníomh. Íslighim iar sin mo cheann arís, agus bím ag


L. 150


bualadh mh'ochda an feadh bhíos an t-oide ag tabhairt na
habsolóide damh.



C. Créud do-ní tú d'éis na habsolóide d'fhagháil?



F. Iar nglacadh bheannachda an athar faoisidne, agus iar
ndéunamh réuerens dó, trialluim uaidh maille ré tromdhachd
go hionad éigin uaigneach, agas adeirim an orrtha-sa.



Orrtha as ionráidh iar san bhfaoisidin.



Gabh uaim go bhfonn agus go ttaithneamh, ar son do naomhmáthar
Muire maighdine agus na naomh archeana, an fhaoisidin-sin
do-righneas; agus cuir féin 'na ceann tréud bhúidhe agus tréud
thrócaire, an mhéid teasda dá gloine agus dá hiomláine, agus don
doilgheas fíre budh cóir dhamh-sa do bheith oram, ionnas go
sgaoilti mé gan fhuigheall a glasuibh agus a cuibhreach mo pheacadh,
a Chríosd, bhiothmhairios ad th'airdrígh, a n-aontaidh an
Athar agus an Sbiorad Naoimh, a n-uile shaoghal na saoghal.
Amén.



AN 4 CAIBIDIL.



DÓ SHACRAMAINT CHUIRP CHRÍOSD, AGUS DON
ULLMHUGHADH AS INDÉUNTA CHUICE.



C. Créud as comáoineacha ann?



F. Caitheamh naomhshacramainti na haltóra, ina bhfhuil
fuil agus féoil ar Slánuightheóra Íosa Críosd.



C. Cionnas ullmhuigheas tú thú féin dochum na húasalshacramainti-si
do ghlacadh go diongmhála?



F. Glacuim, an lá ria ccomáoineachuibh, aimsir éigin áiridhe
do sgrúdadh mo choinsiais agus do tharruing mo pheacadh im
chuimhne. 'Na dhiaidh sin musglaim ionnam féin fiuchadh
fuinn agus áilgheasa dochum Íosa Críosd do ghlacadh san náomhshacramaint-si.
Smuainim go minic ar an ngloine chroidhe
iarrthar, agus ar an ullmhughadh as indéunta fá chomhair
chomhmór d'aoidhidh, agus congbhaim mé féin ó sin suas go
deighiomchair, macánta, ceannuis. Éirghim, dá bhrígh sin,
go moch san maidin arn-a bhárach, agus trialluim don eagluis;
agus iar ccríochnughadh mo chaoindúthrachda gnáithche, gríosuim


L. 151


mé féin dochum doilghis annsin im pheacthaibh, ag guidhe Dé
mar do chuireamar síos san ccaibidil dhéidheanaigh. Gluaisim
iar sin fá dhéighin an athar fáoisidne as foghlamtha, as riaghalta,
agus as cráibhthighe dá mbí ar fagháil agam, agus do-ním mh'fháoisidin
mar as gloine iomláine fhéudaim go ndoilgheas bhfíre, agus go rún
ndaingean lóirghníomha agus leasaighthe mo bheathadh. 'Na
dhiaidh so gluaisim mé féin dochum caoindúthrachda fíre, ag
guidhe Dé go dúthrachdach fá ghrásuibh do thabhairt damh an
phroinn neamhdha-so do chaitheamh mar as dual.



C. Cionnas do-ní tú sin?



F. Go sunradhach ag rádh na n-orthan-so 'nar ndiaidh.



Orrtha as ionráidh ria ccomaoineachaibh.



A shíordhuidhe uilechumhachdaigh, a Dhé, ag so misi ag tríall
go sacramuint th'áoinMhic ar ttighearna Íosa Críosd: ag so
mé ag triall chuice mar easslán go líaigh na beathadh, mar
shalach go tobar na trócaire, mar dhall gus an soillsi síordhuidhe,
mar bhochdán dearóil go Tighearna nimhe agus talmhan, agus mar
lomnochd go Rígh na glóire.



Guidhim thú, dá bhrígh sin, ar son th'fhéile doi-mheasda
mh'eassláinte do shlánughadh, mo nighe óm shalchar, mo
dhoille do shoillsiughadh, mo bhochda do shaidhbhriughadh, agus
mo nochda d'éudughadh; ionnas go nglacainn arán na
n-aingeal, Rí na ríogh leis an onóir agus leis an umhla, leis an
eagla agus leis an ngrádh, leis an ccreidiomh agus leis an ccaoindúthrachd,
leis an ngloine chroidhe agus leis an rún bhus cubhaidh dod
mhórrdhachd-sa agus bhus tarbhach dom anmuin. Tabhar dhamh,
ní amháin sacramuint Chuirp ar ttighearna do ghlacadh, achd
fós a brígh agus a héifeachd. Ó a Thighearna roi-cheannais, tabhair
dhamh corp th'aoinMhic do ghlacadh go bhfhriochnamh mór agus
go ccaoíndúthrachd; ionnas, do thoradh a ghlactha, go ttuillinn
bheith dá chorp mhistiocdha, agus mo chomhaireamh idir a bhalluibh.
Ó Athair ghrádhaigh, tabhair dhamh do Mhac ionmhuin,
noch atáim ar tí do ghlacadh annso fá bhrat na sacramuinte-si,
d'fhaicsin aghaidh ar aghaidh 'na dhiaidh so a bhfhlaitheamhnas
a saoghal na saoghal. Amen.


L. 152


Orrtha oile as ionráidh san am chéudna.



As lán d'uamhan agus d'imeagla mé, a Thighearna, ag triall do
chaitheamh do fhleidhe, gé nach im mhaithghníomhradhuibh
féin, achd a n-iomad do mhaitheasa-sa agus do thrócaire atá mo
dhóigh ag teachd dá caitheamh, do bhrígh go bhfuil mo chroidhe
agas mo chorp lomlán do pheacthaibh, agus nar chuireas riamh,
mar do dhlighfinn, srian ré céudfaidheachd mo mheanman ná
mo theangadh. Ar an adhbhar sin, a dhiadhachd bhúidh, a
mhórdhachd uathbhásach, agus a thobair na trócaire, ag sin chugad
mé an truagh; ag sin chugad mé dom leigheas ó chréuchdaibh
mo pheacadh. Ar do chumairce dhamh, a Thighearna. Ní
fhéudaim th'fhulang mar bhreitheamh, do bhrígh nach éidir
liom freagra dod cheart; foillsigh, dá bhrígh sin, thú féin
damh, ní ad bhreitheamh fhírcheart achd ad shlánaightheóir
thrócaireach. Dhuit féin, a Thighearna, thaisbéunaim créuchda
mo chroidhe; dhuit féin nochdaim gráinchneadh agus áladh mo
choinsiais. As aithnidh dhamh go maith méid agus troma mo
pheacadh; gidheadh, ní chuirionn sin d'fhiachuibh oram gan
mh'uile dhóigh do chur a ttuile do thrócaire do-mheasda-sa.
Féuch oram, dá bhrígh sin, le súilibh do thrócaire, a Thighearna
bhúidh, a Chríosd, a Rí shíordhaidhe, a Dhé agas a dhuine
fhíre do chéus san ccroich ar mo shon. Éisd réum atach, do
bhrígh gurab ionnad féin amháin do chuirios mo dhóigh. A
thobair na trócaire, shileas do shíor gan trághadh gan díosg,
déin trócaire ar iliomad mo pheacadh. Dia do bheatha, a
iodhbairt na sláinte, do hiodhbradh a ccrann na croiche ar mo
shon-sa agus ar son an chinidh dhaonna go huilidhe. Dia do
bheatha, a uasalfhuil mhórluaigh, do shil tré chréuchdaibh mo
Thighearna Íosa Críosd san ccroich ccéudna, agus sgriosas peactha
an domhain. Cuimhnigh, a Thighearna, ar do chréutúir féin
do fhuasglais ar th'fhuil. As aithreach liom ar pheacaigheas.
As mian liom mo bheatha do leasughadh. Beir uaim, a Athair
roi-cheannais, mh'uile olca agus pheactha; ionnas, iar n-am
ghlanadh ó chorp agus ó anmuin, go mblaisinn go diongmhála
Corp Críosd, biadh na n-aingeal, agus sásadh na naomh. Oibrigheadh
ionnam an tshacramuint-si do Chuirp agus t'Fhola ro-naomhtha,
atáim ar tí do chaitheamh, maitheamhnas mo pheacadh, loghadh
mo chionadh, athnuadhughadh gacha maitheasa, agus freacar gacha


L. 153


deaghoibre; ionnas go mba coimhdhe agus dídion í dom anmain
a n-aghaidh cheilge agus aimsighthe ar n-easccarad. Amen.



Orrtha oile as ionráidh san am chéudna.



A Thighearna, a mo Dhé, a shásadh neamhdha, a bheatha
na n-uile, do pheacaigheas comhmór sin ad th'aghaidh nach
fiú mé teachd do chaitheamh do naomhChuirp. Achd tabhair-si
grása dhamh, a Dhé thrócairigh, dochum na bhudh damnadh
anma dhamh caitheamh do chuirp agus th'fhola, achd loghadh
iomlán agus beatha shuthain a bhfhlaitheamhnas. Amen.



Orrtha oile as ionráidh san am chéudna.



Creidim agus admhaim, a Thighearna, gurab tú féin Críosd
Mhac Dé bhí táinig do shlánughadh na bpeacthach, darab eadh
mise do chéuddaoinibh. Creidim, mar an ccéudna, gan
chonntabhairt go bhfuil do chorp agus t'fhuil fhíre a sacramaint
airdmhíorbhuiligh na haltóra. Guidhim thú, dá bhrígh sin,
déin trócaire oram, agus maith dhamh ar pheacaigheas ríamh ó
smuaineadh, ó bhréithir, agas ó ghníomh; ionnas, tré chaitheamh
do naomhchuirp, go ngnoaighinn maitheamhnas mo pheacadh
agas an bheatha shuthain. Amén.



Orrtha oile as ionráidh san am chéudna.



A Thighearna, ní fíu mé do theachd dom thigh, ná comhnuidhe
do dhéunamh dhuit a sdábla shalach mo chuirp. Gidheadh, ó
thugais féin cuireadh don uile pheacthach, agus mar sin damh-sa
an roi-pheacthach, dochum na sacramuinte naomhtha-sa, ina
bhfhuile féin a bhfholach idir dhiadhachd agus daonnachd; guidhim
thú, coigil damh tré thrócaire, agus oibrigh ionnam toradh na
sacramuinte céudna, .i. an toradh ar a labhra féin a n-ionadh
oile mar a n-abra: “Gibé chaithfeas mh'fheóil agus mh'fhuil,
anfa sé ionnam agus anfad-sa annsan; gibé itheas don arán-so,
budh biothbhúan bithbhéo é.”



Ar an adhbhar sin, a Thighearna, tabhair dhamh-sa an t-arán
céudna le a mbeathaighe an domhan, le a sása oilithrigh an
bheatha, agus tré a sgaoile go deigheinigh óirchisde do ghrás ar
bhochdaibh an talmhan. Tabhair, a mo Chruthaightheóir, do
thoradh caithmhe do naomhchuirp, mo chroidhe do bheith lán


L. 154


dod ghrádh agus dod th'eagla, agus daingean seasmhach is na grásaibh
as riachdanas damh. A Íosa bhúidh, a mhainn fhírmhilis, sás
mo chíocaras. A aráin neamhdha shásas na huile, tabhair
mé ón mbás, do thuillios tréum olcaibh, go beathaidh na
bhfíréun. Cuidigh liom, mar do gheallais, in gach peiriacail,
in gach daille, agas in gach ainnisi ina bhfhuilim. Tadhaill
dom thigh dá bheannughadh, mar do thaidhlis do thigh Shaceus;
ionnas, iar n-am athnuadhughadh ó chorp agus ó anmain, go
n-aitreabhainn ad th'fhochair gan iomsgaradh. Mo chuid do
na huilibh thusa agus do choidriobh, a Íosa mhilis, a neirt, a
dhóchais, agas a shláinte shíordhuidhe na n-uile. Amen.



AN 5 CAIBIDIL.



DON MHODH AR AR CÓIR DON CHRÍOSDUIDHE É FÉIN
d'IOMCHAR RIA, AG AGUS IAR CCAITHEAMH COMAOINEACH.



DON MHODH AR AR CÓIR DON CHRÍOSDUIDHE É FÉIN d'IOMCHAR
RIA CCAITHEAMH COMAOINEACH.



C. Cionnas iomchras tú thú féin ria gcaitheamh an Chuirp
Naomhtha.



F. Caithim an aimsir le crábhadh agas le caoindúthrachd,
mar adubhramar san ccaib. déidheanaigh. Éisdim fós a dó
nó a trí d'aifrionnuibh más éidir é; meath mo dhála, éisdim
an t-aifrionn ina ccaithim an tshacramuint; gidheadh, ón
aimsir a ttógaibhthear an Corp Náomhtha, ní mór urnaighthe
bhéoil ghnáthuighim, achd smuaineadh go hinmheadhónach ar
an ndiamharrún mór-so, agus gríosaim mé féin dochum creidimh
dhaingin agus gráidh lasamhain do Chríosd san tshacramuint
ccéudna.



C. Cionnas do-ní tú sin?



F. Ag rádh na mbriathar-so nó a samhla oile.



“Ó a mo Thighearna, a Íosa Críosd, creidim go ro-dhaingean
go bhfuile san náomhshacramaint-si na haltóra, mar ataoí ar
neamh ar deis th'Athar.



Ó a Thighearna, cia do-bhéuradh damh gloine chroidhe bhudh
cubhaidh dod chomhmór d'áoidhidh.


L. 155


Ó cia an duine le bhudh éidir do ghlacadh go diongmhála
gach láoi,” etc.



DON MHODH AR AR CÓIR DON CHRÍOSDUIDHE É FÉIN
D'IOMCHAR AG CAITHEAMH COMAOINEACH.



C. Cionnas thriallas tú dochum na haltóra do chaitheamh
na ccomaoineach?



F. Go ciúin ceannais, go n-umhlachd, go ttromdhachd, agus go
réuerens bhfhoirimealaigh agus inmheadhónuigh.



C. Cionnas iomchras tú thú féin ag caitheamh na ccomaoineach?



F. Iar tteachd a bhfhiadhnuise na haltóra dhamh, léigim mé
féin ar mo ghlúinibh, maille ris an umhlachd agus ris an réuerens
anma agus cuirp as mó as éidir liom, mar do-chífinn Dia ina
mhórdhachd neamhdha. Congbhaim mo bhasa sínte re a
chéile, mo cheann go díreach, agus mo shúile ag féuchuin go grinn
ar an tshacramaint.



C. Créud an chaoindúthrachd ghnáthaigheas tú an tan-sin?



F. Adeirim na briathra-so nó a samhuil oile: “A Thighearna,
ní diongmhála mé do theachd im bhothán bhochd, dhearóil,
achd slánaigh mh'anam ó bhréithir amháin.” Iar sin osgluim
mo bhéul go measarrdha, sínim amach barr mo theangadh, agus
ag glacadh na sacramainte adeirim im inntinn: “Corp mo
Thighearna Íosa Críosd do chumhdach mh'anma san mbeathaidh
shuthain. Amén.”



DO NA NEITHIBH AS INDÉUNTA ÍAR CCAITHEAMH
COMAOINEACH.



C. Créud do-ní tú íar nglacadh na sacramainte ad bhéul?



F. Druidim an béul go macánta, agus maothaighim í léum
sheile, ionnas gomadh réidhidi do léigfinn síos í a maothughadh.
Ibhim iar sin beagán fíona nó uisge, más gnás é san áit a mbím,
agus imthghim go ttromdhachd mar thánag go háit éigin
uaignigh san eagluis, ina léigim mé féin ar mo ghlúinibh, aga
mheas na haingil do bheith ar gach taobh dhíom ag adhradh


L. 156


agus ag onórughadh a ccruthaightheóra ionnam, agus gum ghluasachd
dochum an neith céudna. Smuainim annso ar mh'uirísle féin,
ar mhéud mo pheacadh, agas ar loighead mo mhaitheasa.
Smuainim arís go dúthrachdach ar mhórmhaitheas mo Thighearna,
cionnas atá 'na mhaith dhoi-chríochnaighthe líonas agus
shásas na huile le a mhórdháil dhiadha, agus mar atá dáríribh san
tshacramaint-sin do chaitheas. Labhruim, dá bhrígh sin, ris
go hinmheadhónach, seicréideach ó theas ccrábhuidh ar an
modh-so nó ar a shamhuil oile.



Ó a Thighearna, a Dhé uilechumhachdaigh, créud as a ttig
dhamh do chomhmór d'aoidhidh do theachd fám dhéighin; óir
as tú mo Dhia, mo Chruthaightheóir, mo Shlánuightheóir, agas
mo Thighearna. Dia do bheatha, a Íosa mhilis bhúidh;
Dia do bheatha, a fhíorchuirp mo Shlánuightheóra Chríosd, do
geineadh ó Mhuire óigh, do fhulaing agus do hiodhbradh san ccroich
ar mo shon. Fáilte dhuit, a bheatha fhíri, a shláinte an domhain,
a dhiadhachd iomlán, agus a bhriathar shíordhuidhe an Athar
neamhdha.



A anaim Chríosd, beannaigh mé.
A chuirp Chríosd, slánuigh mé.
A fhuil Chríosd, etc., fol.329.



Ó a Thighearna bhúidh mhilis, ofráilim fós mo shláinte, mo
shaidhbhrios, agus gach ní oile dá bhfuil agam nó dá ndiongna mé,
do mhéudughadh do ghlóire agus th'onóra, agus a mbuidheachas dhuit
id thiodhlaicthibh; go spesíalta ar son na cúairti neamhdha-so
do-righnis agam.



Do-ním fós comhnaidhi feadh aimsire ag meadhughadh an
diamharrúin mhóir-si, agus agam thoirbhirt féin dó. Do-bheirim
iar sin buidheachus dó ó bhréithir go foirimealach.



DON URNAIGHTHE AS INDÉUNTA IAR CCAITHEAMH
COMAOINEACH.



C. Créud an urnaighthe ghnáthaigheas tú d'éis náomhshacramaint
na haltóra do chaitheamh?



F. Na horrthana-so 'nar ndiaidh, nó a samhuil oile.



Orrtha as ionráidh iar ccommaoineachaibh.



Buidheachas duit, a Thighearna, a naomhAthair, a Dhé
shíordhuidhe uilechumhachdaigh, do shás do shearbhfhoghantaidh


L. 157


mídhiongmhála le sacramuint Chuirp agas Fhola ar
tTighearna Íosa Críosd. Guidhim thú gan na commaoineacha
naomhtha-sa, do chaitheas, do bheith 'na siocair dhamanta agus
phéine dhamh, achd 'na slighidh mhaithmhe mo pheacadh, 'na
sgéith chreidimh agas chaointoile, 'na ndíothláithriughadh lochd
agus antola, 'na mbiseach foidhide agus umhla agus na n-uile shubháilceadh
archeana, 'na ccaomhna ar uile aimsighthibh mh'easccarad
aicsidhe agus neamhaicsidhe, agus 'na ccríochnughadh beathadh go
biothchonáigh. Guidhim fós thú, a Thighearna, gan fhéuchain
do mhéid agus throma mo pheacadh, mo bhreith do chaitheamh
na hairdfhleidhe do-fhaisnéidhe, ina bhfhuile féin, a n-aontaidh
an Mhic agus an Sbiorad Náoimh, go léirthionól do naomh agus
th'aingeal, a saoghal na saoghal. Amen.



Orrtha oile as ionráidh san am chéudna.



Treaghd agus créuchdnaigh mo chroidhe, a Íosa mhilis, do
shaighid na hannsa, go searga mh'anam a n-othras do ghráidh.
Cuir cíocaras oram dochum aráin na naomh atá lán don uile
bhlas agus thaithneamh. Blaiseadh mo chroidhe thú, a éunghrádh
na n-aingeal, a thobair na beathadh, a chisde na heagna, a
athair na soillsi, agus a thuile gach aoibhnis. Blaiseadh mh'anam
thú, a Thighearna, dá foirlíonadh d'iomad do mhillsi, ionnas go
molainn thú gan atuirsi ó smuaineadh, ó bhréithir, agus ó ghníomh.
Blaiseadh mh'anam thú, dochum gomadh ort amháin dobhiadh
mh'uile úidh agus aire, gomadh chugad dobhiadh mh'uile thriall agus
tharraing, agas gomadh dochum do ghlóire agus th'onóra do-ghéunainn
na huile. Blaiseadh mh'anam thú, dochum gomadh
tú amháin mo dhóchas agus mo mhuinighin, mo chisde agus mo
shaidhbhreas, mh'aoibhneas agus mo thaithneamh, mo chiúnas agus
mo lúthgháire, mh'osadh agus mo shíothcháin, mo bhiadh agus mo
shásadh, mo chumairce agus mo thearmann, mo chongnamh agus mo
chuidiughadh, mh'eagna agus m'fhoghlaim, mo shealbh agus mh'éunchuid
do na huilibh, anois agus a saoghal na saoghal. Amen.



Orrtha oile as ionráidh san am chéudna.



Guidhim do thrócaire dho-aisnéidhe, a Thighearna a Íosa
Críosd, go mba díon ar gach olc, agus luibh íce, agus leighis gach
aingcisi dhamh an tshacramuint-si do Chuirp agus th'Fhola do


L. 158


chaitheas go mídhiongmhála. Guidhim fós thú, tréus an
tshacramuint chéudna, mo pheacaidh do mhaitheamh, mh'eneirte
do neartughadh, agas mo dhaingniughadh a ngrásuibh. Tabhair
dhamh, a Thighearna, gan blas d'fhagháil ar énní nach tusa;
ar mhillse dhá méud, ná ar shólás dá aoibhne, ná ar onóir dhá
hairde, achd mo bheith go bás d'éinmhéin agus d'éininntinn riot-sa,
agus iar mbás ag caitheamh na glóire maille riot a saoghal na
saoghal. Amen.



Orrtha oile as ionráidh san am chéudna.



Buidheachas duit, a Thighearna, a Fhuasgaltaidh ar n-anmann,
tré shacramuint do Chuirp agus th'Fhola do thabhairt re a caitheamh
dhúinn aniodh. Dírigh féin ar slighe, daingnigh ar ccéim,
tabhair dhúinn do ghrádh agus t'eagla, agus bí ad sgéith dhídin dúinn
feadh ar mbeathadh tré eadarghuidhe do naomhmáthar Muire.
Glóir agus moladh dhuit a nimh agus a ttalmhain, anois agus do ghnáth,
a saoghal na saoghal. Amén.



Orrtha oile as ionráidh san am chéudna.



Buidheachas duit, a bhithbheatha na mbéo, a Shlánuightheóir
fheartaigh, a Chríosd, osglas flaitheamhnas agas thuirlingeas
do nimh, thré thimthireachd an tshagairt san aifrionn, do
líonadh an uile thalmhan do bheannachduibh. Ó créud doi-mheasda
do charthanachda, a Íosa bhúidh, iodhbras thú féin
ar ár soin-ne gach láoi do shíodhughadh fheirge th'Athar, do
thuilliomar tré iomad ar bpeacadh. Moladh, glóir, agas
buidheachas ar a shon sin duit, a airdRí shíordhuidhe, agas
guidhim-si do mhórthrócaire an tshacramuint-si do naomhChuirp
do bheith 'na béoghrís gacha subháilce dhamh, 'na luibh leighis
do chréuchdaibh mo pheacadh. Amén.



Orrtha go naomhMuire mhaighdin.



Taobhaim mo chorp agus mh'anam riot, a ógh ro-shoineanta, a
Mhuire, a bhainríoghan nimhe agus talmhan, do choimpir ad
naomhbroinn ón Sbiorad Naomh ar ttighearna agus ar cCruthaightheóir,
isa chorp do chaitheasa anois go mídhiongmhála. Guidhim
thú maitheamhnas d'fhagháil ód mhac dhamh in gach modh in
ar pheacaigheas, nó ina rabhas mainneachdnach ag caitheamh


L. 159


na sacramainte-si. Dobhádhaisi nías naomhtha, nías gloine,
agus nías geanmnuidhe iarn-a choimpeirt iná dobhádhais roimhe,
gé nach rabhais riamh gan bheith naomhtha, geanmnuidh,
glan; agus do mholais Dia go mórdhálach tréus an ttiodhlacadh-sin
tug dhuit. Ó, nach fuilim-si iar n-am naomhadh tré chaitheamh
na sacramuinte-si go ccongbhainn mo chorp agus mh'anam ó so
suas gan truailleadh ó shal peacaidh mharbhtha. Ó, nach
faghaim tréud th'eadarghuidhe-si, a naomhógh agus a mháthair,
croidhe lasamhain do shíormholadh do mhic, agas do thabhairt
bhuidheachais dom Shlánaightheóir a saoghal na saoghal.
Amén.



DON MHODH AR AR CÓIR DON CHRÍOSDUIDHE GACH RIACHDANAS
SBIORADÁLTA AGUS TEAMPORÁLTA, DÁ MBÍ AIR, DO NOCHDADH DO
DHIA SAN TShACRAMAINT-SI, AG IARRUIDH FURTACHDA AIR.



C. Créud do-ní tú iar ccríochnughadh na hurnaighthe-si?



F. Nochduim créuchda mh'anma do Dhia, agus iarruim leigheas
air mar so nó ar mhodh oile a shamhla.



“A mo Thighearna, a Íosa Críosd, do fhulaing bás ar son
shláinte mh'anma, féuch go bhfhuilim cláon dochum díomuis,
sainnte, etc., agas go ttuitim go minic ionnta tréum olc agus
mhainneachdnaighe féin. Anois, a Thighearna, treaghdaidh
mo chroidhe fearg do chur ort riamh, agus sin ar do shon féin agus ar
son an ghrádha dhlighthear dhuit: cuirim romham anois go
síthmheanmnach gan aoinpheacadh do dhéunamh go bráth ad
th'aghaidh.



Ó a Thighearna, a Dhé uilechumhachdaigh, ofráilim agus toirbhirim
an naomhshacramuint-si dhuit a lóirghníomh mo pheacadh
agus d'fhagháil luaighidheachda agus grás damh a bhos agus na beathadh
suthuine thall.



Ofráilim í, mar an ccéudna, ar son do naoimhEagluisi Catoilice
Rómhánuighe, fá neartughadh an chreidimh, fá sgrios na
heithriceachda, fá shíothcháin na bprionnsadh gcríosduidhe, fá
ionntódh na druinge atá a bpeacadh mharbhtha, agus ar son na
n-anmann atá a bpurgadóir,” etc.


L. 160


Nochduim fós dó gach riachdanas teamporólta dá mbí oram,
ar an modh-so.



“Ó a Thighearna, féuch go bhfhuilim íar n-am chrádh lé
teinneas agus lé trioblóid an tsaoghail,” etc. “Dá bhrígh sin,
ofráilim agus toirbhirim an naomhshacramuint-si d'fhagháil fhortachda
anois, más í sin do thoil-si, in gach trioblóid agas in
gach riachdnas dá bhfhuil agas dá mbíaidh oram, ionnas
gomadh feirde chomhaillfinn do thoil é.”



Éisdim aifrionn a ndiaidh na ccomaoineach, más aimsear
aifrinn bhíos ann, agus caithim ní sa lugha úair nó dhó, do réir mar
bhíos aimsear agam, ag guidhe Dé agus ag breith bhuidheachuis
ris, agus ag labhairt ris fá ghnoaighibh mh'anma agus leasaighthe mo
bheathadh, agus gum thoirbhirt féin dochum a sheirbhísi, agas ag
guidhe ar gach riachdanus dá bhfhuil oram féin agus ar mo chomharsain
mar adubhramar.



DON MHODH AR AR CÓIR AN LÁ DO CHAITHEAMH IAR NGLACADH
COMAOINEACH.



C. Cionnas chaitheas tú an lá ina nglacann tú an phroinn
neamhdha-so?



F. Go cráibhtheach a n-urnaighthe agus a ndeaghoibribh
sbioradálta, mar atá, a éisdeachd na seanmóra, ag léughthórachd
leabhar sbioradálta, agus ag déunamh a samhla oile; ag
tógbháil fós m'ínntinne go minic dochum Dé; aga chumhnughadh
gur ghlacas mo Thighearna, agus ag breith bhuidheachuis ris.



C. Cionnas do-ní tú sin?



F. Ag rádh go ceanchair, grádhach, ó bhéul nó ó chroidhe:
“A Thighearna ionmhuin, do-bheirim míle buidheachus duit
tréud theachd aniodh d'aitreabhadh mh'anma. Ó a Íosa,
a mhíllsi mo chroidhe, tabhair grádh lasamhuin dhamh ort.
A Íosa, a mo dhóigh agas a mo shóláis, tabhair dhamh do thoil
do dhéunamh. A Íosa ionmhuin, toirbhirim mé fhéin idir anam
agas chorp dhuit.”



Do-ním fós coimhéud gan mé féin do dhortadh go mór ar
ól ná ar imirt, ná ar shólás ar bioth chorparrdha oile, feadh
an láoi-sin.


L. 161


AN DEACHMHADH RANN DON PHARRTHAS-SO



THRÁCHDAS GO HAITHGHEARR AR RÚINDIAMHRUIBH PÁISI AR
TTIGHEARNA, AGUS AR AN MODH AR AR CÓIR TRÁCHDADH GO
HINMHEADHÓNACH ORRA, AGUS INA ROINNTEAR IAD AR UAIRIBH
NA HAIMSIRE AGUS AR LAITHIBH NA SEACHDMHAINE.



AN 1 CHAIBIDIL.



DON MHODH AR AR CÓIR SMUAINEADH GO HINMHEADHÓNACH
AR RÚINDIAMHRUIBH PÁISI AR
TTIGHEARNA, AGUS DON TARBHA TIG DHÚINN AS.



C. Créud an urnaighthe as tarbhaighe ar bioth?



F. Smuaineadh go hinmheadhónach ad mheanmain gach ar
fhulaing Críosd ar ar son.



C. Ga mhéid íarrthar chuige sin?



F. A sé, .i. ullmhughadh, léughthórachd, midheamhain,
buidheachas, ofráil, agus athchuinghidh.



DON ULLMHUGHADH, DON LÉUGHTHÓRACHD, AGUS DON
MHIDHEAMHAIN.



C. Cionnas ullmhuigheas tú thú féin?



F. Ó thús léigim mé féin ar mo ghlúinibh, agus do-ním do
réir mar adubhramar thuas. 'Na dhiaidh sin léughaim nó
tairrngim punc éigin don pháis dochum mo chuimhne. Meadhaighim
íar sin an punc céudna feadh úaire nó aimsire éigin
oile, mar as foide fhéudaim.



C. Cionnas mhínigheas tú sin lé heisiompláir?



F. A gcás gurab ar chéusadh ar ttighearna as mían liom
tráchdadh, smúainim mar dobheinn ar sliabh Caluare, agus mar
do-chífinn ós comhair mo shúl Críosd ga cheangal don chroich
lé tairrngeadhuibh gairbhiaruinn; agus mar dobheidís an cineadh
Iúdaidhe ga thógbháil suas, etc.


L. 162


DO THARBHA NA MIDHEAMHNA-SO, AGUS DON MHODH AR A
NGLUAISTEAR AN T-ANAM CRÁIBHTHEACH DOCHUM COMHPÁISE
DO CHRÍOSD SAN CCROICH.



C. Créud an tarbha bheanas tú as an midheamhuin-sin?



F. Amhuil dobheinn do láthair dáríribh agus do-chífinn é
dom shúilibh corparrdha, glúaisim mé féin dochum comhpáise,
iongantais, eagla, doilghis, dóchais, grádha Dé agas mo chomharsan,
óir do-gheibhthear iad so uile, mar sheachd ttoirthibh
chroinn na beathadh, a ccéusadh Chríosd, agus dá bhrígh sin
cruinnighim iad mar chnúastoradh sbioradálta dom anmuin,
agas iar sin cuirim romham seirbhís dhiongmhála do dhéunamh
don té do fhulaing an oiread sin ar mo shon.



C. Cionnas ghlúaiseas tú thú féin dochum comhpáisi?



F. Ag rádh na mbríathar-so nó a samhla.



“Ó a Thighearna mhilis, an éidir go bhfhaicim-si na
tairrngeadha ceanngharbha-sin ga mbúaladh id chorp, agus nach
léaghann nó nach blodhann mo chroidhe tré dhoilgheas,” etc.
Agas ofráilim annsin mé féin go toltanach dó, dochum gach cáis
dá dhocomhlaighe, ina tteigéumha mé, d'fhulang go foidhidneach
ar a shon.



DON MHODH AR A MUSGAILTEAR AN T-ANAM CRÍOSDUIDHE
DOCHUM IONGANTAIS, EAGLA, AGUS DOILGHIS, AG FAICSIN CHRUTHAIGHTHEÓRA
NIMHE AGUS TALMHAN AG FULANG AR A SHON.



C. Cionnas mhusglas tú thú féin dochum iongantais?



F. Ag rádh ar an modh-so: “Bíodh iongnadh ort, a
fhlaitheamhnuis, agus criothnaigh, a chruinne dhomhanda, ag
faicsin chos agus lámh Dé uilechumhachdaigh, bhar cCruthaightheóra,
ga snadhmadh san ccroich ar son anma comhéudarbhaigh
dho-mbuidhigh reum anam-sa.”



Ar úairibh oile gabhaidh omhan agus imeagla mé ag faicsin ar
fhulaing Críosd ar son mo pheacadh.



C. Cionnas mhusglas tú thú féin dochum na heagla-so?



F. Ag rádh mar so: “Uch mo thrúaighe mé féin, má atá
an díol úd ga thabhairt ar an úrchrann ttoraidh, créud bhus
críoch don chríonach éudtoraidh mar mhisi? Má atá Críosd


L. 163


ag fulang an oiread sin a ccrann na croiche ar son mo pheacadh,
créud na píana atá ga n-ullmhughadh fám chomhair féin a
n-ifrionn, muna dhearna mé doilgheas agus aithrighe iomlán annso
ionnta,” etc.



Ar úairibh oile musgluim mé féin dochum doilghis agus aithreachais
tréum pheacthaibh, do chuir gan chonntabhairt Críosd mar sin
dá chéusadh.



C. Cionnas ghluaiseas tú thú féin dochum an doilghis-si?



F. Ar an modh-so:



“A Thighearna, as aithreach leam mar do-righneas riamh do
neamhthoil; óir as íad mo pheactha agus mo mhíghníomha na
tairrngeadha atá ag tolladh do chos agus do lámh; as é mo chráos
agus mo mheisge an domblas agus an finéugra atá ag searbhadh do
bhéoil,” etc.



DON MHODH AR A NGEINTEAR DÓCHAS, AGUS GRÁDH DÉ AGUS NA
COMHARSAN SAN ANAM CHRÍOSDUIDHE, AG FAICSIN MHÉUD AN
GHRÁIDH DO THAISBÉIN CRÍOSD DON CHINEADH DHAONNA, AG
FULANG PHÁISE AR A SON.



C. Créud an tarbha oile bheanas tú as páis do Thighearna
Íosa?



F. Glacuim dóchas aga fhaicsin gurab tré fhonn mo
shlánaighthe do fhulaing na píana móra do-fhuilngthe do
fhulaing.



C. Créud do-ní tú ag glacadh an dóchais-si?



F. Adeirim mar so: “Do-chím gur thuilleas míle ifrionn tré
líonmhuiri mo pheacadh; gidheadh, do-chím gurab dochum mo
shlánuighthe agas mo ghlanta uatha atá Dia uilechumhachdach
ag fulang bháis chroiche, maille ré fonn do-fhaisnéidhe maitheamhnas
do thabhairt damh; agus, ós mar sin atá, créud an chúis
éudóchais atá agam, ag faicsin a comhmór sin do thrócaire,” etc.



Do-ním mo dhíthcheall san n-uile mhidheamhain grádh do
thabhairt dom Thighearna, ag faicsin méud an ghrádha do
thaisbéin damh ag fulang ar mo shon.



C. Cionnas ghlúaiseas tú thú féin dochum an ghrádha?



F. Ag rádh mar so: “Ó a Thighearna ghrádhaigh, atáid na
lámha-sin agad osgailte san ccroich ag tabhairt chuiridh dhamh,


L. 164


ionnas go ttugadh mh'anam fasgadh seirce dhuit; agus atá an
táobh-sin agad osgailte, amhail dhoras ga osgladh romham, dom
dhul asteach a meadhón do chroidhe,” etc.



Ar uairibh oile gluaisim mé féin dochum grádha shláinte na
n-anmann, agus dochum grádha fhíri dom chomharsain, tré Chríosd
d'fhulang an oiread sin do phéin ar a son.



C. Créud í an tslighe ghlacas tú dochum an ghrádha-so?



F. Aga rádh riom féin mar so: “Ó do-chím go bhfhuil
Críosd mo Thighearna ag fulang bháis san ccroich ar son shláinte
na n-uile, ní léigiobh-sa dhíom ar son bheagáin saothair, ná ar
son chúise ar bith oile saoghalta, cuidiughadh lé gach aon, do
réir mo chumhachd, do shlánughadh a anma,” etc.



DO NA TRÍ RANNUIBH OILE IARRTHAR DOCHUM AN SMUAINIDH
INMHEADHÓNAIGH RÉUMHRÁITE, .I. BUIDHEACHAS, OFRÁIL, AGUS
ATHCHUINGHIDH.



C. Créud do-ní tú íar ccruiniughadh an chnuastoraidh
sbioradálta-sa dod anmuin?



F. Do-bheirim altughadh buidhi dom Thighearna tré ar
fhulaing ar mo shon.



C. Cionnas do-ní tú sin?



F. Ag rádh ar an modh-so: “Do-bheirim buidheachas mór
dhuit, a mo Thighearna fíre, agus beannaighid na haingil thú tré
iomad na ttiodhlaictheadh-so, agus ar son an ghrádha adhbhalmhóir-si
tugais dhamh,” etc.



Toirbhirim agus iodhbruim íar sin mé féin idir anam agus chorp
dom Thighearna Íosa Críosd, do iodhbuir é féin dá chéusadh a
gcrann na páise ar mo shon.



C. Cionnas do-ní tú sin?



F. Ag rádh mar so nó a shamhla oile: “Ó a mo Thighearna
a Íosa Críosd, do iodhbuir thú féin dod chéusadh a gcrann na
croiche céusda ar mo shon-sa; ofráilim agus iodhbruim dhuit go
humhal iníseal, anois agus feadh mo bheathadh, mh'anam agus mo
chorp, mh'uile bhriathra agas smuaintighthe, mh'uile ghníomhartha
agus luadhaill, mo bheatha agus mo bhás,” etc.



Fá dhéoidh glacuim dóchas láidir go bhfhuighe mé gach
athchuinghidh iarrfad a n-onóir na páisi, má sé mo leas a
fagháil.


L. 165


C. Cionnas íarras tú th'athchuinghidh?



F. Ag guidhe Dé ar an modh-so: “Guidhim thú, a mo
Thighearna a Íosa Críosd, tréus na pianaibh, tréus an ttarcuisne,
agus tréus na dólásuibh do fhuilngisi, an tráth do cuireadh tarrngeadha
ionnad san ccroich, etc., grása do thabhairt dhamh,
etc.”



As líonmhar na smuaintighthe agus na hathchuingheadha bhíos
ar an modh-so ag dáoinibh subháilceacha ag midheamhuin
ar phuncuibh páisi ar ttighearna, ar a ccríochuibh déidheanacha,
agus ar dhiamharrúnaibh oile an chreidimh, ag claochlódh agas ag
malairt a n-itcheadh do réir mar bhíos an punc ar a smuainid,
agus do réir deisgréide gach aóin.



AN 2 CAIBIDIL.



D'OROLÁISDE NA PÁISI, .i. DÁ CEATHRA PUNCAIBH
FICHIOD PRIONSIOPÁILTE DO RÉIR NUIMHRE NA
CEATHRA N-UAIR BHFICHEAD IN AR FHULAING AR
TTIGHEARNA CRÍOSD.



C. Créud an chaoindúthrachd nó an deuósion as mó ghnáthaigheas
tú?



F. Smúaineadh ar pháis agus ar bhás mo Thighearna Íosa
Críosd; óir do-ním mo dhíthcheall san uile aimsir agus san uile
úair do ló agus d'oidhche, an mhéid go bhfhéudaim, smuaineadh
orra.



C. Cionnas do-ní tú sin?



F. Ag smúaineadh, in gach úair fó leith, ar phunc éigin do
na neithibh do imthigh air san úar-sin féin do shunradh.



C. Ga tráth thionnsgnas tú?



F. Ar a sé do chlog tráthnóna.



A sé tráthnóna.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a sé tráthnóna?



F. Mar dobhí ar Slánuightheóir Íosa Críosd ar a shuipéar
a bhfochair a dheisgiobal tráthnóna Dardaoin na ccomaoineach,
agus do ionnail a ccosa.


L. 166


A seachd.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a seachd?



F. Mar do orduigh Críosd uasalshacramaint na haltóra, in
ar fhoillsigh líonmhuire a ghrádha dhúinn, ag tabhairt a
Chuirp Naomhtha mar bheathaidh sbioradálta dar n-anmannaibh.



A hochd.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a hochd?



F. Mar do imthigh Críosd go lubhghort Getsemani, mar
do-righne an urnaighthe fó thrí, mar do chuir allas fola dá
chorp, agus mar do chomhfhurtaigh an t-aingiol é.



A naoi.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a naoi?



F. Póg Iúdais do Chríosd, agus mar do thréigsiod a dheisgiobuil
é; mar do ghabh agus do cheangail an cineadh Iúdaidhe é.



A deich.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a deich?



F. Mar rugadh mo Thighearna Críosd go heasonórach, agus
ceungailte mar bhithbheanach, go hIerúsalem, agus mar dobhí an
cineadh Iúdaidhe ag gabháil do dhornaibh agus do bhasaibh
air, agus ga tharruing tré gach slighidh ba sailche agus ba haimhréidhe
dá tteagmhadh orra.



A haonndéug.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a haonndéug?



F. Mar rugadh mo Shlánuightheóir go teach Annais a
ccéudóir, mar ar buaileadh an bhas go n-iomad easonóra air.



A dódhéug a meadhón oidhche.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a dódhéug a meadhón
oidhche?



F. Mar rugadh go teach Caiphais é, agus mar tugadh annsin
dochum ceasda é.



A háon d'éis mheadhóin oidhche.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a háon d'éis mheadhóin
oidhche?


L. 167


F. Mar rugadh mo Thighearna Críosd do láthar Phioláid, agus
mar do hinchreachadh a bheatha.



A dó.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a dó?



F. Mar do chuir Pioláid Críosd go hIorúaidh, agus mar do chuir
Iorúaidh éudach geal uime dá fhochuidbheadh.



A trí.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a trí?



F. Mar do chuir Iorúaidh ar a ais go Pioláid é, mar do
cuireadh coir bhréige air, agus mar do iarradar an cineadh Iúdaidhe
re a chrochadh é.



A ceathair.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a ceathair?



F. Mar do-chuadar an cineadh Iúdaidhe a ccomhairle ar
Chríosd, mar do cuireadh coir bhréige air, agus mar thángadar
fiadhain bhréige dá dearbhadh.



A cúig.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a cúig?



F. Mar do buaileadh tuilleadh ar chúig mhíle buille do
sgiúrsa ar mo Thighearna dom shlánughadh.



A sé ar maidin.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a sé ar maidin?



F. Mar do cuireadh an choróin spíne fá a cheann isa deilg
do tholl a fheóil go cnáimh, ionnas go raibhe fuil a chinn ag
sileadh re a shúilibh.



A seachd.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a seachd?



F. Mar do thaisbéin Pioláid é íarn-a sgiúrsadh, agus an choróin
spíne air, don phobal, ag rádh: Ecce homo, .i. “Ag so an
duine.”



A hochd.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a hochd?



F. Mar do thoirbhir Pioláid é ar láimh a namhad dá chur


L. 168


dochum bháis, agus mar do nigh ar a shon sin a lámha aga rádh
go raibhi féin neimhchiontach.



A naoi.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a náoi?



F. Mar do iomchuir Críosd an chroch ar a ghuaillibh go
cnoc Caluari.



A deich.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a deich?



F. Mar do thuit mo Thighearna Íosa fón ccroich lé
hiomad anbhfainne, agus mar do fháguibh fioghair a aighthe san
mbrat do chumail Ueronica dá ghnúis.



A haonndéug.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a haonndéug?



F. Mar do heasonóruigheadh é ag tarraing a éudaigh dhe,
rian-a chéusadh do láthair an phobail, tréur hathnuadhaigheadh
na créuchda do-righneadar na sgiúrsadha air.



A dódhéug a meadhón láoi.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a dódhéug a meadhón láoi?



F. Mar do ceangladh cosa agus lámha mo Thighearna Críosd
don chroich le tairrngeadhaibh ceanngharbha.



A haon.



C. Créud mheadhaigheas tú ar haon d'éis mheadhóin
laoi?



F. Mar do tógbhadh mo Thighearna dá chéusadh san ccroich,
ina raibhe trí huaire béo a bpéin adhbhalmhóir.



A dó.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a dó?



F. Mar do athain a mháthair dá dheiscciobal ionmhuin
d'Eóin, ag rádh: Ecce filius tuus, .i. “Ag so do mhac,” agus mar
do thiomain a anam a lámhaibh an Athar shíordhuidhe.


L. 169


A trí.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a trí?



F. Mar do éug sé san ccroich, ag rádh: Consummatum
est, .i. “Do críochnaigheadh na huile.”



A ceathair.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a ceathair?



F. Mar do hosgladh leis an tshleigh a thaobh, as ar shil
fuil agus uisge.



A cúig.



C. Créud mheadhaigheas tú ar a cúig?



F. Mar do leag Ioseph agus Nicodemus as an ccroich é.



A sé tráthnóna.



C. Créud mheadhaigheas tú ar sé tráthnóna?



F. Mar do hadhlaiceadh ar ttighearna Críosd san tumba,
agas dóláis ar mbaintighearna Muire.



C. Créud do-ní tú a n-onóir na páise?



F. An tan bhíos uaignios agam, do-ním midheamhana fada
ar na puncaibh-si, agus ar na pianaibh móra oile do fhulaing ar
tTighearna Críosd. Roinnim iad, ar úairibh oile, ar laithibh
na seachdmhaine, agus adeirim cúig Paidreacha agus cúig Aue Maria
a n-onóir an phuinc ar a mbím ag smuaineadh, do thabhairt
bhuidheachuis dom Thighearna ar son ar fhulaing ar mo shon,
agas d'íarruidh toradh a pháisi do roinn rom.



AN 3 CAIBIDIL.



DON LUCHD DO CHUIDIGH PÁIS AGUS BÁS DO THABHAIRT
DO CHRÍOSD, AGAS DO NA HIONADAIBH IN AR
SHIUBHAIL A N-AIMSIR A PHÁISI.



MIDHEAMHAIN NA MAIDNE DIA LUAIN.



DON LUCHD DO CHUIDIGH PÁIS AGUS BAS DO THABHAIRT DO
CHRÍOSD.



C. Créud an chaoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú ar
maidin Dia Luain?


L. 170


F. Smuainim go díthcheallach ar an luchd do chuidigh páis
agus bás do thabhairt dom Thighearna, agus ar na hionadaibh in ar
shiobhail sé a n-aimsir a pháisi.



C. Créud íad na heasccairde dobhí ag Críosd a n-aimsir
a pháise?



F. An chéideasccara, Iúdas, do reac ar dheich bpinginnibh
fichead é.
An 2. Na saighdeoireadha do ghabh é.
An 3. Annas, sa theach a ttugadh dochum ceasda an
chéuduair é.
An 4. An té do bhúail an bhas air a ttigh Annais.
An 5. Caiphas, do inchreach é mar an ccéudna.
An 6. An cineadh Iúdaidhe do chuir coir bhréige air.
An 7. Na fiadhain bhréige táinig dá dearbhadh.
An 8. An luchd do fholaigh a aghaidh agus do ghabh do
dhornaibh air.
An 9. Iorúaidh, do-righne a sgige agus a fhochuidbheadh.
An 10. Pioláid, rug bhreith ndamanta air.
An 11. Na céusdúnaigh do sgiúrs é, do chuir coróin spíne
air, agus fá dheóidh do chéus é.
An 12. Gaduidhe na láimhe clé do aithisigh é.



C. Créud do-righne Críosd ar a son so uile?



F. A Athair do ghuidhe ar a son, san ccroich.



DO NA HIONADAIBH IN AR SHIUBHAIL CRÍOSD A N-AIMSIR A
PHÁISI.



C. Créud iad na hionaidh ina raibhe a n-aimsir a pháise?



F. An céidionadh, an proinnteach in ar ionnail cosa a
dheiscciobal, agus Iúdais mar aon riú.



An dara hionadh, an lubhghort nó an garrdha in ar dhoirt
allus fola.



An 3. An tshlighe ón lubhghort go Ierúsaleim tré a rugadh
ceangailte é.



An 4. Teagh Annais, in ar buaileadh bas air.



An 5. Teagh Caifais.



An 6. Pálás Iorúaidh, in ar tarcaisnigheadh é.



An 7. Teach Phioláid, mar a rugadh breath bháis air.


L. 171


An 8. An tshráid Amargura, tréur iomchair a chroch.



An 9. Sliabh Caluari, in ar céusadh é.



An 10. Lámha na maighdine neamhdha Muire in ar thuirling
anúas don chroich, iar ttarraing a chnámh as a n-altuibh.



An 11. An tumba in ar hadhlaiceadh é.



An 12. An t-ifrionn, as ar sháor na haithre naomhtha.



C. Créud do-ní tú ag smuaineadh ar na háitibh-si?



F. Do-bheirim coimhideachd ó sbioraid agus ó inntinn dom
Thighearna, ag midheamhain ar na pianuibh móra do fhulaing
in gach ionad díobh, agus adeirim urnaighthe éigin 'na n-onóir.



AN 4 CAIBIDIL.



DO NA HIONNSDRUMUINNTIBH LÉUR FHULAING
CRÍOSD PÁIS.



MIDHEAMHAIN NA MAIDNE DIA MÁIRT.



C. Créud an cháoindúthrachd ghnáthaigheas tú san maidin
Dia Máirt?



F. Smúaineadh ar na hionsdrumaintibh léur fhulaing mo
Thighearna páis, agus go sunradhach ar an ccuid díobh do bhean
ré a chorp naomhtha, aga ngnáithiomchar im inntinn a n-ionnshamhail
bhrosna nó cúaile, agus ag meadhughadh na ccréuchd
do-righneadar air.



C. Ga mhéud d'ionsdrumuintibh na páise nar bhean ré
naomhcholainn Chríosd?



F. A dódhéug, .i.
1. Na lóchrainn dobhí ag an ccineadh Iúdaidhe ga ghabháil.
2. Na bratacha agus na trompadha dobhí aca.
3. An cloidheamh lér bhean Peadar a chlúas do Mhalcus.
4. An coileach do ghoir an úair do shéun Peadar Críosd.
5. An labhar agus an t-éudach leur ionnail Pioláid a lámha.
6. An casúr léur daingnigheadh na tairrngeadha.
7. An pionnsúr lér tarrngneadh as an ccroich iad.
8. Na dréimireadha léur leagadh anúas don chroich é.
9. Na dísleadha leur imreadar na saighdeoireadha a éudach.
10. An tshlat sa barr ar ar cuireadh an sbonc.


L. 172


11. Crocha an dá ghadaidhe.
12. Na deich bpinginne fichead ar ar reacadh é.



C. Créud iad na hionsdrumuinte do bhean re naomhchorp
Chríosd?



F. A dódhéug oile.
1. An chroch.
2. An choróin spíne.
3. Na sgiúrsadha.
4. An sbonc ráinig dochum a bheoil.
5. An tshleagh do osguil a thaobh.
6. Na tairrngeadha do tholl a chosa agus a lámha.
7. An t-éudach do cuireadh uime.
8. An colamhuin dá raibhi ceangailte.
9. An cáolach léur cuibhrigheadh é.
10. Línéudach Uerouica, in ar fhágaibh lorg agus fioghair a
ghnúise.
11. An ríoghcholbha do cuireadh ina láimh ag fochuidbheadh
fáoi.
12. An bradlín do filleadh 'na thimcheall, agus an giobal leur
folcadh a aghaidh ga adhlacadh.



AN 5 CAIBIDIL.



DÓ DHÁ PHEANNAD DÉUG AR TTIGHEARNA CRÍOSD
AGUS DO NA SEACHD N-UAIRIBH DO DHÓIRT A FHUIL.



MIDHEAMHAIN NA MAIDNE DIA CÉUDAOIN.



DO DHÁ PHEANNAID DÉUG AR TTIGHEARNA CRÍOSD.



C. Créud an cháoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú san
maidin Día Céudaoin?



F. Smúainim ar phíanaibh mo Thighearna, agus ar na seachd
n-úairibh do dhóirt a fhuil mhórluaigh.



C. Ga mhéid na píana as troma agas as prinnsiopáilte do
fhulaing a n-aimsir a pháise?



F. A dódhéug a líon.
An chéidphian, ina anam, .i. tuirse mhór agus imshníomh tré
dhamnughadh Iúdais do bhraith é; an chinidh Iúdaidhe do


L. 173


chomhoibrigh dochum a bháis; agus tré loighead na tarbha do-ghéunadh
a pháis d'iliomad tré a mainneachdnaighe féin.
An 2. pian, ina chorp do sgiúrsadh.
An 3. ina cheann, do créuchdnaigheadh leis an ccoróin
spíne.
An 4. ina chnámhaibh, do tairrngeadh as a n-altaibh a
ccrann na croiche.
An 5. ina aghaidh, do seiligheadh.
An 6. ina shúilibh, do líonadh dá fhuil.
An 7. ina bhéul, do searbhadh lé domblas.
An 8. ina láimh dheis, do tolladh le tairrnge.
An 9. ina láimh chlí, do tolladh le tairrnge.
An 10. ina chois dheis, do tolladh le tairrnge.
An 11. ina chois chlí, do tolladh le tairrnge.
Fá 12. ina thaobh, do gonadh iar mbás.



C. Créud adeir tú a n-onóir na bpian-so?



F. Dá Phaidir déug gon-a nAue Maria.



DO NA SEACHD N-UAIRIBH DO DHOIRT CRÍOSD A FHUIL.



C. Ga mhéid úair do dhóirt Críosd ar Slánaightheóir a
fhuil?



F. Fó seachd, .i.
1. An tan do himghearradh é.
2. An tan do chuir allus fola dhe.
3. An tan do sgiúrsadh é.
4. An tan do cuireadh an choróin spíne air.
5. An tan do beanadh a éudach, dobhí ceangailte dá fhéoil,
de, tréur hathnúadhaigheadh na créuchda do-righneadar na
sgiúrsadha air.
6. An tan do tolladh a chosa agus a lámha aga chéusadh.
7. Agas fá dheóidh, an tan do búaileadh an tshleagh ina
thaobh air.



C. Créud do-ní tú a n-onóir na seachd n-úair-sin?



F. Adeirim seachd bPaidreacha gon-a nAue Maria fá
Chríosd do roinn thoraidh a pháisi riom, agus fám ghlanadh ó na
seachd bpeacthaibh marbhtha agus óm uile smal agus shalchar anma.


L. 174


AN 6 CAIBIDIL.



DO NAOMHSHACRAMUINT NA HALTÓRA, AGUS DO
DRUING DO CHUIDIGH LE CRÍOSD A N-AIMSIR A
PHÁISE DÁ CHOMHFHURTACHD.



MIDHEAMHAIN NA MAIDNE DARDAOIN.



C. Créud an chaoindúthrachd ghnáthaigheas tú san maidin
Dardaoin?



F. Smúaineadh ar an ttiodhlacadh as mó agus as úaisle dá ttug
ar ttighearna Críosd dhúinn rian-a bhás, .i. ar náomhshacramuint
na haltóra, ina bhfhuil a fhuil agus a fhéoil féin, do orduigh tráth
nóna Dardáoin na ccomáoineach. Féuch a ndubhramar thúas
san 5 caib. don 5 rann. Smúainim fós an lá céudna ar an
druing do chuidigh leum Thighearna a n-aimsir a pháisi, agus
measuim mé féin mar dobheinn am aon díobh.



C. Cia do chuidigh, dá bhrígh sin, leis a n-aimsir a pháisi?



F. An dá fhear déug-so, .i.
1. An tAthair neamhdha, tug grása dhó dochum na páisi
d'fhulang.
2. An t-aingeal do chomhfhurtaigh é 'na anbhfhainne.
3. Muire mhaighdean, a mháthair.
4. Muire Mhagdalén.
5. Muire Chleophe.
6. Muire Shalome.
7. Eóin soisgéulaidh; óir dobhádar so lán d'imneadh agus do
dhoilgheas fá a pháis, agus 'na chuideachda gus an ccroich, agus fá
bhun na croiche ina fharradh go bhfhuair bás.
8. Maille ris so, an bhean darbh ainm Ueronica do ghlan
a aghaidh.
9. Siomón Cireneus, do iomchuir treas dá chroich.
10. Gaduidhe na láimhe deise, do chreid dó.
11. Nicodemus, agas
12. Ioseph ó Arematia; óir as iad an dias-so do chuidigh
a leagadh as an ccroich agus a adhlacadh.


L. 175


AN 7 CAIBIDIL.



DO CHÉUSADH AR TTIGHEARNA, AGUS DO NA SEACHD
MBRIATHRAIBH DO LABHAIR SAN CCROICH.



MIDHEAMHAIN NA MAIDNE DIA HAOINE.



DO CHÉUSADH AR TTIGHEARNA CHRÍOSD.



C. Créud an chaoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú san
maidin Día hÁoine?



F. Smuainim, mar dobheinn féin do láthair ar chnoc Caluairi,
ar chéusadh mo Thighearna Críosd san ccroich agus ar a naoimhbhriathruibh
innte.



C. Cionnas do céusadh é?



F. Iar n-iomchar a chroiche dhó go cnoc Caluairi, a chosa
agus a lámha do cheangal di le tairrngeadhuibh garbha, agus a bheith
trí huaire beó san bpéin ndo-fhaisnéidhe-sin.



DO NA SEACHD MBRIATHRAIBH DO LABHAIR CRÍOSD SAN
CCROICH.



C. Créud do-righne Críosd san ccroich?



F. Gan fhéuchain da gach péin dá raibhi air, do labhair
seachd mbriathra mar udhaichd ndéidhionaigh, agus mar sheachd
riaghluibh deighbheathadh agus deaghbháis dhúinne.



C. Créud í an céidbhriathar?



F. Pater, dimitte illis, quia nesciunt quid faciunt, .i. “A Athair,
tabhair mhaitheamhnus dóibh, óir ní fheadadar créud do-níd.”



C. Créud an teagasg do-bheir dhúinn annso?



F. Ar n-easccara do ghrádhughadh, agas guidhe ar a shon;
labhairt do ghnáth go maith uirre, agus maitheamhnus do thabhairt
úainn agus d'iarruidh a n-aimsir ar mbáis ar na huilibh ar a
ndearnamar, nó do-righne éugcóir oruinn.



C. Créud í an dara briathar?



F. Hodie mecum eris in paradiso; (ag labhairt ris an
ngadaidhe) .i. “Biaidh tú maille riom-sa aniu a bparrthas.”


L. 176


C. Créud theagaisgeas dhúinn san mbréithir-si?



F. Labhairt ar neithibh neamhdha, ar mbeatha do thabhairt
súas amhail dobheimís a bparrthas a ccoidriobh na n-aingeal
agas na naomh; agas a n-airteagal ar mbáis, dóchas mór
do bheith aguinn ar slánughadh tré thoradh a pháisi agus a bháis.



C. Créud í an treas bríathar?



F. Mulier, ecce filius tuus; (ag labhairt re a naomhmáthair,
Muire mhaighdean) .i. “A bhean, ag sin do mhac; “agus arís, ag
labhairt re a dheisgiobal Eóin: Ecce mater tua, .i. “Ag sin do
mháthair.”



C. Créud mhúineas Críosd sna bríathraibh-si dhúinn?



F. Cáoindúthrachd do bheith aguinn dá mháthair, ar
mbaintighearna Muire, aga togha mar ádhbhocóididh ar ar son
agus mar mháthair thrócairigh feadh ar mbeathadh agus a n-airteagal
ar mbáis.



C. Créud í an ceathramhadh bríathar?



F. Sitio, .i. “Atá tart oram.”



C. Créud theagaisgeas san mbréithir-si dhúinn?



F. Mían lasamhain shláinte na n-anmann do bheith oruinn,
agus grádh Dé do mhusgladh ionnainn a n-úair ar mbáis.



C. Créud í an cúigeadh bríathar?



F. Deus meus, Deus meus, vt quid dereliquisti me? .i. “A
mo Dhé, a mo Dhé, créud fár thréigis mé?”



C. Créud theagaisgeas dhúinn is na briathraibh-si?



F. Dia do ghuidhe gan ar ttréigean choidhche a mbeathaidh
ná a mbás.



C. Créud í an seiseadh briathar?



F. Pater, in manus tuas commendo spiritum meum; .i. “A
Athair, tionmaim mo sbiorad ad lámhaibh.”



C. Créud theagaisgeas annso dhúinn?



F. Inn féin d'fhágbháil ar thoil Dé, ar bpréuláideadh, agus
ar n-athar faosidne, ag cur gach neith bheanfas réur mbeathaidh
agus réur mbás ina lámhaibh.



C. Créud í an seachdmhadh briathar?



F. Consummatum est; .i. “Do críochnaigheadh na huile.”


L. 177


C. Créud aithnigheas is na briathraibh-si dhínn?



F. Ar n-uile ghnoaighthe agus thiomna do chríochnughadh ria
mbás, agus sin a n-am, ionnas, gibé punc nó moimint a tiucfa, nach
bíadh éinní d'úalach oruinn achd aire do thabhairt dar n-anam
amháin.



AN 8 CAIBIDIL.



DO SHEACHD NDÓLÁSUIBH AR MBAINTIGHEARNA
MUIRE.



MIDHEAMHUIN NA MAIDNE DIA SATHAIRN.



C. Créud an chaoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú Dia
Sathairn?



F. Smúainim ar dhólásuibh náomhmáthar Dhé, Muire.



C. Créud íad na dóláis as mó dobhí uirre?



F. Na seachd ndóláis do tholl a croidhe mar sheachd
ccloidhmhibh rinnghéura.



C. Ga tráth dobhádar na dóláis-si uirre?



F. Dobhí an céuddólás díobh uirre an tan do himghearradh
Críosd.
An 2. dólás, an úair do-chúaidh ar seachrán uaithe, agus do
bhí ar feadh thrí lá aga iarraidh.
An 3. an tan do ghabh a chead ría, ag triall uaithe d'fhulang
a pháise.
An 4. dólás, an tan do-chonnairc é ag iomchar na croiche, agus
iar sin crochda san ccroich chéudna.
An 5. dólás, an tan do ghlac idir a lámhaibh é, iar n-a
leagadh as an ccroich.
An 6. dólás, an tan do hadhlaiceadh é, agus do dúnadh an
tumba.
An 7. dólás, a húaigneas fhéin d'éis a adhlaicthe.



C. Cionnas smuaineas tú orra so?



F. Smuainim go ceanchair, cráibhtheach, fá mar dobheinn
féin do láthair, agas ag tabhairt chuideachda agus mheisnighe don
mhaighdin bheannaighthe is na cásaibh-si.


L. 178


AN 9 CAIBIDIL.



DON MHAITH TÁINIG AS PÁIS AR TTIGHEARNA CRÍOSD.



MIDHEAMHAIN NA MAIDNE DIA DOMHNAIGH.



DON DÁ MHAITH DHÉUG TÁINIG EISDE.



C. Créud an cháoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú san
maidin Dia Domhnaigh?



F. Smúainim ar gach maith táinig as páis mo Thighearna.



C. Créud an mhaith as mó tháinig eisde?



F. Gé go bhfuil gach maith dá ttáinig éisde do-áirmhe, ar
a shon sin, cuirfeam annso síos an dá mhaith dhéug as prinnsiopáilte
táinic eisde, dochum altuighthe buidhe do thabhairt
dhó ar a son.



An chéudmhaith: glóir an Athar shíordhaidhe; óir as mó
do glóraigheadh agus do honóraigheadh é tríthe iná tré ní ar bhith
oile.



An dara maith: onóir Chríosd féin; óir do hardaigheadh é
trén-a pháis a n-onóir, a n-ainm, agus a nglóir os cionn an uile
chréutúireadh; gonadh aire sin adeir Pól: “Do umhluigh
Críosd é féin ar ar soin-ne go bás croiche, tréur ardaigh Día é,
agus tré a ttug dó ainm os gach ainm.” Ad Philip. II.



An treas maith: doirsi flaitheamhnuis, dobhí go sin dúnta
romhainn, d'osgladh lé heochair a chroiche.



An ceathramhadh maith: fuasgladh na n-aithreadh naomhtha
a braighdionas.



An cúigeadh maith: ar bhfúasglaidh-ne, an cineadh daonna.



An seiseadh maith: fothughadh na naoimhEagluise Catoilice,
óir as a bpáis Chríosd fréumhaighthear í.



An seachdmhadh maith: brígh na sacramainteadh; óir, do
réir na naomhaithreadh, as a táobh Chríosd san ccroich, amhail
thobar neamhdha, do shil a mbrígh agus a subháilce.



An t-ochdmhadh maith: brígh gach loghaidh; óir as do
thoradh páise Críosd tig gach brígh agus gach subháilce dá bhfhuil
aige.


L. 179


An naomhadh maith: teagasg agus oideas ar slánaighthe tug ar
maighisdir Críosd dúinn san ccroich, mar adubhramar thúas.



An deachmhadh maith: an inntinn agus an fonn chuireas
Críosd san ccroich oruinn dochum na n-uile shubháilceadh; óir,
ag tabhairt dar n-úidh gach ar fhulaing ar ar son, neartaighthear
inn chuca, agus do-bheir-sean congnamh dhúinn.



An aonmhadh maith dhéug: neart do thrasgairt ar n-easccarad,
.i. an diabhail, an tsaoghail, agus na colna.



Agas fá dhéoidh, leigheas a n-aghaidh gach cathaighthe dá
ccuirid oruinn agus gach trúaillidheachda dochum a ngríosaid
inn; óir, má fhéuchmáoid mar as dú ar Chríosd arn-a chéusadh,
budh leigheas dhúinn sin ar gach teidhm ghalair agus easláinte
sbioradálta, mar fa leigheas phobail Israel san tseinreachd
féuchain ar an nathair nimhe phráis do-righne Maoisi. Nume.
xxi.



DON MHODH AR A TTIOBHRA AN CRÍOSDUIDHE PUNC ÉIGIN
DO BHEATHAIDH NÓ DO PHÁIS CHRÍOSD INA CHUIMHNE, IN GACH
CÁS DÁ TTEIGÉUMHA DHÓ.



C. Créud an mhaith oile tig dhúinn as páis ar ttighearna?



F. Furtachd agus faosamh 'nar ccruadhchásaibh, agus fós barr
foirbhtheachda agus lúaighidheachda in gach ní dá ndiongnam nó
dá bhfuiléungam, dá rabham a sdaid na ngrás aga ndéunamh.



C. Cionnas sin?



F. Ag tabhairt phuinc éigin dar fhulaing Críosd ar ar son,
'na shamhuil sin do chás nó do dhocomhal, in ar n-inntinn, agus
aga leanmhain, an mhéid as éidir linn.



C. Cionnas chuirfeam sin a ngníomh?



F. 1. Ag smúaineadh, mar adéurtha, an tan mhusglamáoid
as ar ccodladh, mar do mhusgail a dheisgiobuil é san luing, iar
mbeith a ngúais bháidhte dóibh.
2. Agas 'nar suidhe; mar dobhí 'na shuidhe agus an choróin
spíne ga cur air.
3. Agas 'nar seasamh; mar dobhí 'na sheasamh a
bhfiadhnuisi Phioláid tug breitheamhnas báis air.
4. Agas 'nar luighe; mar dobhí 'na luighe san tumba.


L. 180


5. Agas ag sgaradh reur ccairdibh; mar do sgar re a
mháthair, ag tríall dochum a pháise.
6. Agas ar marcuigheachd; mar dobhí ag marcuigheachd
ar asal, ag dul go Ierúsalem Domhnach na Slat.
7. Agas ag siobhal; mar dobhí ag siobhal go cnoc Caluari
agus a chroch ar a ghúalainn.
8. Agas cuirthe; mar do shuidh fá chur ar brúach thobair
Samaria.
9. Agas ocaraigh; mar dobhí fá ocaras ar an bhfhásach.
10. Agas íotadhaigh; mar dobhí fá thart san ccroich.
11. Agas fá fhúachd; mar dobhí fá fhúachd san mainséur.
12. Agas an tan mhíthaithneas ar ndeaghoibre re duine oile;
mar dobhí an cineadh Íudaidhe ag murmur air, aga rádh gurab
ón diabhal fúair cumhachda slánaighthe gach othair.
13. Agas an tan adeirthior drochfhocal rinn; mar adubhairt
Pioláid a bhfíadhnuisi an phobail ris: Ecce homo, .i. “Ag so an
duine.”
14. Agas an tan chuirthear bréug oruinn; ar an ccoir
mbréige do cuireadh air.
15. Agas an tan do-níthear ar n-inghreim; mar do damnadh
dochum báis go héugcórach é.
16. Agas an tan thréigid ar ccairde inn; mar do thréigsiod
a dheisgiobail é.
17. Agas an tan fheallas neach oruinn; mar do fheall Iúdas
air.
18. Agas a tteinneas dá dhocomhlaighe; mar do fhulaing
go foidhidneach gach pian ina raibhe feadh a pháisi.
19. Agas a n-aimsir ar mbáis; ar n-udhachd do dhéunamh
gan mholl.
20. Agas ar n-anam do thoirbhirt a láimh an Athar shíordhuidhe
go ccreidiomh, go ndóchas, agas go ngrádh, mar do
fháguibh-sion cúram a mháthar ar Eóin Bruinne, ag fagháil
bháis dhó, agus mar do thoirbhir a anam a láimh an Athar
neamhdha.


L. 181


DON MHODH AR AR CÓIR DON CHRÍOSDUIDHE A UDHACHD
DHÉIDHIONACH DO DHÉUNAMH.



C. Cionnas as cóir an udhachd dhéidhionach do dhéunamh?



F. Ar an modh-so, muna bhfhaghthar modh as fearr.



Foirm na hudhachda déidhionaighe.



A Thighearna, a Dhé uilechumhachdaigh, fábhuim-si an
peacthach bochd reum udhachda báis, agus foillsighim anois a
bhfhiadhnuisi do mhórdhachda neamhdha, na maighdine
glórmhuiri Muire, mh'aingil choimhideachda, na cúirte ainglidhe,
agus a bhfhiadhnuisi na méide atá annso do láthair, go ccreidim
go seasmhach an uile ní chreideas ar naomhmáthair an Eagluis
Chatoilche Rómhánach, agus go ndiúltuim anois agus a bpunc mo
bháis don uili ní dobhiadh contrárrdha dhi. Follsighim fós
gurab mían liom beatha agus bás d'fhagháil san ccreidiomh ccéudna,
agus dá dhearbhadh sin adeirim mo Chré.
Creidim an nDia, etc.
Foillsighim mar an ccéudna go bhfhuilim ag iarruidh
naomhshacramainteadh na hEagluisi, .i. sacramuinte na haithrighe,
sacramuinte Chuirp Chríosd, agus an ungtha dhéidheanaigh.
Atáim fós, anois, as uchd mo Shlánuightheóra Íosa Críosd, do
ghuidh ar son a easccarad san ccroich, ag íarruidh maitheamhnuis
ar an uile dhuine ar a ndearnas leatrom nó éugcóir riamh, ina
mhaoin nó ina chlú; agus do-bheirim óm uile chroidhe maitheamhnas
iomlán don uile dhuine dá ndearna éuccóir nó leatrom oram.
Ó a Thighearna, a mo Dhé, admhaim agus foillsighim go n-adhraim
agas go ngrádhaighim thú os cionn na n-uile, agus go ngoilleann
oram go ro-mhór agus go ttreaghdann mo chroidhe aoinpheacadh
do dhéunamh ríamh id th'aghaidh, agus sin ar do shon féin, atá
ad mhaith dhoi-chríochnaighthe, agus ar son an ghrádha dhlighthear
dhuit; agas cuirim romham go síthmheanmnach gan do
neamhthoil do dhéunamh go bráth.



Ó a Thighearna, atá dóchas agus muinighin láidir agam as do
mhórthrócaire go ttiobhra tú grása agus maitheamhnas mo pheacadh
dhamh a bhos, agus an ghlóir shuthain iar mbás.


L. 182


A Athair neamhdha, déin trócaire oram.
A Mhic Dé, a Fhuasgailtéoir an domhain, déin trócaire oram.
A Sbiorad Naoimh, a Dhé, déin trócaire oram.
A Thríonnóid Naomh, a Dhé, déin trócaire oram.
A Íosa, a Mhic Dé bhí, déin trócaire oram.
A Íosa, a Íosa, a Íosa, a mo Shlánuighthéoir, dén trócaire
oram.
Iésus Maria, Iésus Maria, Iésus Maria.
A Mhuire, a naomhmáthair Dhé, guidh oram.
A Mhuire, a mháthair na ngrás,
A mháthair na trócaire,
Saor mé óm easccairdibh,
Agas gabh liom a n-uair-si mo bháis.
A aingil Dé, a mo choimhéudaidh, guidh oram.
A naomhPádruig, guidh oram.
A naomhCholuimchille, guidh oram.
A naomhathair a S. Phroinsiais, guidh oram.
A naoimhBrighid, guidh oram. (Gairmeadh annso ar gach
naomh as mian leis.)
A naomhMuire agus a uile naomhaingle, a uile naomha agus
bannaomha, guidhidh ar mo shon dochum mo Thighearna Dé,
ionnas go gcaomhnadh ón uile olc, agus go ttreóraigheadh dochum
na beathadh síordhuidhe mé. Amén.
Tiomnuim mh'anam ad lámhuibh, a Thighearna, ós tú féin
do cheannuigh é, a mo Dhé, a Rí na fírinne.
Gnáthaigheadh an t-othar iad so do rádh an feadh bhias a
theanga ar a chumas; agus dá sgara a urlabhra ris, bíodh ga rádh
ina inntinn.
Gairmeadh go roi-mhinic, agus go spesialta san bpunc
dhéidhionach, ar ainm Íosa.



C. An bhfhuil loghadh ag an té ghairmeas san bpunc-soin
air?



F. Atá, dá raibhe a ccomhmbráithreas chreasa S. Phroinsiais
agus a sdaid na ngrás, loghadh na n-uile pheacadh aige, agus sin fós
dá n-abra ina inntinn iad muna fhéuda a rádh ó bhéul.


L. 183


AN T-AONMHADH RANN DÉUG DON
PHARRTHAS-SO.



THRÁCHDAS AR AR CCRÍOCHUIBH DÉIDHEANACHA, ARN-A ROINN
AR LAITHIBH NA SEACHDMHAINE.



AN 1 CHAIBIDIL.



DO NA CRÍOCHUIBH DÉIDHEANACHA GO GENERÁILTE,
AGUS GO SPESIALTA DO BHÁS NA BPEACTHACH.



MIDHEAMHAIN AN TRÁTHANÓNA DIA LUAIN.



C. Créud an chaoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú tráth
nóna Dia Luain?



F. Smuaineadh go hinmheadhónach ar ar ccríochuibh
déidheanacha, agus do shunradh ar bhás na bpeacthach.



C. Créud íad na neithe as mó thairrngeas sinn ón
bpeacadh?



F. Midheamhain dhíthcheallach, dhuibheagánach ar pháis
Chríosd, mar theagaisgthear san deachmhadh rann, agus fós ar ar
ccríochuibh déidheanacha.



C. Créud an dearbhadh atá aguinn an tarbha-sin do bhuain
as midheamhuin ar ccríoch ndéidheanach?



F. Briathra an sgrioptúir dhiadha, adeir Eccl.vii: Memorare
nouissima tua et in aeternum non peccabis, .i. Cuimhnigh ar do
chríochuibh déidheanacha agus ní pheacaighfe tré bhithe.



C. Ga mhéid críoch dhéidheanach ann?



F. A ceathair, .i. an bás, an breithiomhnas, ifrionn, agus
flaitheamhnas.



C. Cia thiocfas dochum na ccríoch-so?



F. Tiocfaid na huile dochum an bháis agus dochum an bhreithiomhnais;
gidheadh, ní théid go hifrionn achd an luchd
do-gheibh bás a bpeacadh mharbhtha, ná go flaitheamhnas achd
an té do-gheibh bás a sdaid na ngrás.


L. 184


C. Créud as bás ann?



F. Sgaradh an anma ris an ccorp.



C. An bhfhuil aimsear an bháis cinnte?



F. Ní fhuil ar bioth aimsear as neimhchinnte iná í, óir as
gnáth a teachd mar ghaduidhe san oidhche.



C. Cionnas bhíos úair an bháis?



F. Lán do dhochar, do dhólás, d'úamhan, agus d'eagla ag na
peacthachuibh go sunradhach.



C. Créud bhus cúis dochair dhóibh?



F. Duadh agus neart an teinnis; méud an tshaothair agus an
dochair as gnáth go coitcheann san aimsir-sin, mar as follas do
gach aon bhíos do láthair dhuine ag éug; óir, an tan bhíos an
bás a ngar don othar, ní anann brígh a ccois ná a láimh dhó;
fuaraighid a bhoill; sluigthear a shúile 'na cheann, agus fá dhéoidh,
diaidh a ndiaidh, sgaraidh cumhachda na ccéudfadh ris, gan
neart ag liaigh ná ag doctúir furtachd air.



C. Créud bhus cúis doilghis agus dobróin dóibh?



F. Gurab éigean dóibh go grod sgaradh go síordhuidhe ris
na neithibh as mó dar dhoirteadar a ngrádh, .i. ris an saidhbhrios
agus ris an maoin shaoghalta do chruinnigheadar le hiomad cúraim agus
saothair; ris an onóir, ris na cáirdibh; ris an mnaoi, ris an
ccloinn; agus fós, mar do-chíd nach déin a ndobrón ná a ngul-so
maith ná tarbha dhóibh.



Ní beag fós méuduighthear a ndoilgheas, ag smuaineadh ar an
ccrích thiocfas ar an ccorp, do chothaigheadar gus an uair-sin
go díthchiollach, cúramach, lé togha biadh agus dheoch mblasda,
agus do chumhdaigheadar go cluthmhar, seasgar, a n-éudach, mar
as fearr do fhéudadar.



C. Créud an chríoch-sin?



F. A thréigean don uile chréutúir; agus an t-anam dobhí
'na choidreabh re cian d'aimsir roimhe sin, agus ar a raibhi grádh
nádúrtha aige, do sgaradh ris.



Méudaighthear fós a ndoilgheas, mar do-chíd go bhfhúigfid
an saoghal lom, tarnachda, mar thángadar air; nach léigfidhear
a bhfhad san toigh iad; nach ttiocfaid a ccairde 'na ngoiri tré
bhréne a mboltanuis; agus go ccuirfidhear íad fá dhéoidh a bpoll
talmhan, mar a mbeid 'na mbiadh crumh agus daol, gan chuimhne
orra ó bheagán aimsire amach go ló an bhráith; go mbia an


L. 185


saidhbhrios do chruinigheadar go saothrach, agus (féudfuidhe)
as cúis dhamanta dhóibh, aga roinn ag daoinibh ag nach biaidh
cuimhne orra, ná cúram 'na ttimcheall, agus nach tiobhra beannachd
ar a n-anmannuibh.



C. Créud bhus cúis uamhain nó eagla dhóibh?



F. Do bhrígh nach feas dóibh go cinnte c'áit a rachaidh an
t-anam iarn-a sgaradh ris an ccorp, achd amháin go racha do
láthair an fhírbhreitheamhan Chríosd do thabhairt chunndais
chruaidh ina ndearna riamh; cionnas fuair agus do chaith gach ar
shealbhaigh; cionnas do chomhoibrigh lé grásaibh Dé, agus cionnas
rug buidheachas ris ina thiodhlaicthibh.



C. Cionnas bhíos fear an choinsiais chiontaigh an tan-sin?



F. Lán d'éudóchas; óir tigid a ndearna riamh do mhíghníomhaibh
'na fhiadhnuise, ionnas gurab iad na neithe as mó
ina bhfhuair sólás roimhe sin as mó bhus cúis dóláis an uair-se
dhó. Annso bhíos an t-anam bochd lán do leisgi an corp
d'fhágbháil d'eagla teachda do láthair an bhreitheamhan, ar ar
chuir fearg go roi-mhinic. Tréigfe a aingiol coimhideachda é,
agus biaidh ar coimhchrioth tré radharc uathbhásach na ndiabhal
thiocfas a ccoinne a anma, agus bhéuras fá dhéoidh go hifrionn
dá phianadh é.



AN 2 CAIBIDIL.



DO BHÁS NA BHFÍRÉUN.



MIDHEAMHAIN AN TRÁTHANÓNA DIA MÁIRT.



C. Créud an chaoindúthrachd ghnáthaigheas tú tráthnóna
Dia Máirt?



F. Smuaineadh go hinmheadhónach ar bhás na bhfhíréun.



C. An mbí an t-uamhan nó an eagla, ar a labhra san
ccaibidil dhéidheanaigh, ar na fíréunuibh a n-am an bháis?



F. Ní bhí; achd bíd lán d'urghairdiughadh fá sgaradh
ris an ccorp, dobhí 'na easccarad aca a slighidh na subháilceadh,
agus ar a rugadar buaidh ré hiomad troisgthe agus crábhaidh; bídh fós
iomad sóláis inntinne aca ina ndeaghoibribh agus in gach duadh


L. 186


dar fhuilngeadar ar son Dé: bídh mar an ccéudna creidiomh,
dóchas, agus grádh láidir aca a n-aghaidh chathaightheadh an
diabhail: cuidighidh fós urnaighthe na hEagluise go mór léo.



Ní fhéudaid na diabhail urchóid do dhéunamh dhóibh, óir
do-bheirid a n-aingil choimhideachda dídean, furtachd, agas sólás
mór dhóibh: do-bheir fós Críosd iomad d'uairibh le a radharc
féin, a mháthar millsi Muire, agus na n-aingeal, sólás do-fhaisnéise
dhóibh; agus fá dhéoidh bheirid an t-anam do chaitheamh an
tshóláis shíordhaidhe go flaitheamhnas leó.



AN 3 CAIBIDIL.



DON BHREITHEAMHNAS.



MIDHEAMHAIN AN TRÁTHANÓNA DIA CÉUDAOIN.



C. Créud mheadhaigheas tú tráthnóna Dia Céudaoin?



F. Ar an mbreitheamhnas déidheanach agus ar na comharrthaibh
cricheaglacha thocfas roimhe.



C. Créud as breitheamhnas ann?



F. Cunndas caol, cruaidh, bheanfas Críosd da gach aon
ina smuainthighthibh, ina bhriathraibh, agus ina ghníomhuibh;
in gach olc dá ndearna, agus in gach maith dar léig thairis; san
uile thiodhlacadh sbioradálta nó teamporálta dar ghlac riamh;
agus breath dhamanta nó shlánaighthe bhéuras iar sin air do réir
a chionadh nó a neimhchionadh.



C. Ca tráth bhéuras Críosd an bhreath-so?



F. Ó thús, a bpunc an bháis, gé go ttiobhra breitheamhnas
coitchionn ar chách uile iar gcríochnughadh an domhain.



C. Créud fá ttiocfa sé dochum an bhreitheamhnuis?



F. d'fhoillsioghadh a ghlóire, a chumhachd, agus a chirt, ag
tabhairt ghlóire nó péine síordhuidhe do gach aon do réir mar
do thuill.



C. Cionnas thiocfas dochum an bhreitheamhnuis?



F. Do réir a dhaondachda, 'na bhreitheamh chruaidh,
chruadálach; agus ní bhia croidhe gan chriothnughadh ag faicsin
ruithnidh na feirge bhias ar a ghnúis.


L. 187


C. Cia ar a ttiobhra sé breath?



F. Ar na huilibh dá ttáinig riamh.



C. Créud an t-ordughadh bhias orra?



F. Beid na fíréin ar láimh dheis Chríosd, agus na hainbhfhíréin
ar a láimh chlí.



C. Créud an modh ar a mbeid?



F. Beid na fíréin lán do shólás anma, agus na hainbhfhíréin lán
do chrioth, d'uamhan, agus d'eagla, gan dáil furtachda; óir bíaidh
Críosd an breitheamh os a ccionn lán d'fheirg agus d'iomchasaoid,
agus ifrionn osgailte fútha; bíaidh a ccoinsias asttigh ga ccreim,
agus amuigh an domhan ar dearglasadh 'na ttimcheall; don taobh-so
na peactha do-righneadar ag déunamh fiadhnuisi 'na n-aghaidh,
agus don taobh oile na deamhain aga bpianadh.



C. Cionnas bhéuras Críosd an bhreath?



F. Adéura ris na fíréunaibh go suilbhir, subháilceach, go
miochair, muinteardha: Venite, benedicti Patris mei, possidete
paratum vobis regnum a constitutione mundi; .i. “Teagaidh, a
luchd na mbeannachd, glacaidh oidhreachd nimhe do
hullmhaigheadh daoibh ó thosach domhain.” Matthaei xxv.



C. Créud adéura ris an druing dhamanta?



F. Adéura, lán do neimh agus d'fheirg: Discedite a me, maledicti,
in ignem aeternum, qui paratus est diabolo, et angelis eius;
.i. “Imthighidh, a luchd na mallachd, go hifreann íochdarach,
san teinidh shíordhaidhe a n-aontaidh na ndiabhal, mar nach
bhfaicfithi gnúis Dé do shíor.” Matth. xxv.



C. A ndiongna Críosd fabhar do neach ar impidhe Mhuire
nó na naomh?



F. Ní dhiongna, achd do réir mar do thuilleadar a
ghníomha.



C. An éidir lé neach bheith gearánach ar a égceart?



F. Ní héidir, óir beid peacaidh na druinge damanta follas
do na huilibh.



C. An ttiocfaid comharrthadha ar bioth ré san mbreitheamhnas?



F. Tiocfaid comharrthadha ro-uthbhásacha.



C. Créud iad sin?



F. Ó thús, meallfaidhear urmhór an domhain lé haintiCríosd.
Beid na cineadhaigh dá ccomhthuargain lé cogthaibh, le


L. 188


conghaluibh, le gorta, agus lé plághaibh. Beid na dúile agus na
hairdreannuigh ar coimhchrioth. Sgarfaidh a solas ris an
ngréin. Biaidh an ghealach mar fhuil; tuitfid na rélltanna;
loisgfidhear an domhan uile, agus beid iomad do chomharrthaibh
uathbhásacha oile ann.



AN 4 CAIBIDIL.



DO PHIANUIBH IFRINN, AGUS DO SHUNRADH DO PHIANUIBH
NA CCÉUDFADH.



MIDHEAMHAIN AN TRÁTHA NÓNA DARDAOIN.



C. Créud an chaoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú tráth
nóna Dardaoin?



F. Smuainim go hinnmheadhónach ar phianuibh ifrinn, agus go
sunradhach ar phianuibh na ccéudfadh.



C. Créud as ifrionn ann?



F. Teach na ndiabhal, poll fó thalmhuin ina mbíd féin agus an
drong dhamanta a tteinidh shíordhuidhe agus a bpianuibh oile
éugsamhla.



C. Cia théid go hifrionn?



F. An mhéid do-gheibh bás a bpeacadh mharbhtha ar a
ttugthar breath dhamanta.



C. Créud an phian bhíos orra ann?



F. Bíd dá ghné phéne orra, dá ngoirid na diadhaireadha
pian na ccéudfadh agus pian na díoghbhála.



C. Créud í pían na ccéudfadh?



F. Losgadh na bpeacthach a tteinidh shíordhuidhe atá
coimhghéur coimhnemhneach sin nach fuil achd súgradh a
tteinidh shaoghalta dá teinntighe 'na fochair. Os a chionn
so, bíd piana fó leith ar gach céudfaidh do réir a sóláis san
saoghal-sa; óir bíd na súile mailíseacha aga bpianadh lé
radharc duaibhseach na ndeamhan, agus na clúasa urchóideacha
aga líonadh d'uaillfeartaigh éugsamhail na druinge damanta.
Bídh fós piana sbesialta, nach éidir lé hinntleachd dhaonna do


L. 189


smuaineadh, ar na balluibh oile, .i. ar na lámhuibh do-righne
an ghoid, an ghlacaireachd thruaillidhthe, ar sgórnaigh na
bpótaireadh, etc.



AN 5 CAIBIDIL.



DO PHÉIN NA DÍOGHBHÁLA BHÍOS AR AN DRUING
NDAMANTA A N-IFRIONN.



MIDHEAMHUIN AN TRÁTHANÓNA DIA HAOINE.



C. Créud an chaoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú tráthnóna
Dia hAoine?



F. Smuaineadh go díthcheallach, duibheagánach, ar phianuibh
ifrinn, agus go sunradhach ar phianuibh na díoghbhála.



C. Créud as pian dhíoghbhála ann?



F. Bheith sgartha ré caidreabh na náomh agus na n-aingeal, agus
gan gnúis Dé d'fhaicsin tré bhioth síor, ní as mó chráidheas an
drong dhamanta ináid uile phiana na ccéudfadh.



C. Ga fad bhíd na hainbhfhíréin a n-ifrionn?



F. A saoghal na saoghal, an feadh bhias Dia ag caitheamh a
ghlóire, ní as anmhór mhéuduigheas a bpiana; óir as beag
narbh ionann leó agus bheith slánaighthe, dá mbeith a fhios aca
go mbiadh furtachd 'na ccionn d'éis mhillióin do bhliadhnuibh;
gidheadh, mar do-chíd go mbeid is na pianuibh céudna go
síordhuidhe, gan chrích, gan fhoircheann, gan dáil cabhra,
brisdtear a ccroidhthe lé doilgheas. Méudaighidh fós a ndoilgheas,
mar bhíos a ccoinsias asttigh aga ccreim, agus ag tabhairt a
bpeacadh, agus na mbeagshólás mbréugach fuaradar ionnta, agus na
díoghbhála móire do-righneadar dhóibh, 'na ccuimhne.
Mallaighid annso don uair 'nar geineadh, a rugadh agus 'nar hoileadh
riamh iad, agus don Chruthaightheóir do chruthaigh iad.



Guidhim thú, a léughthóir chríosdaidhe, smuain go bhfuil
iomad a n-ifrionn as lugha do pheacaigh a n-aghaidh Dé iná
thú féin, agus glac ré na haithrighe do-bheir Dia dhuit; fill ód
th'olcuibh agus déin lóirghníomh ionnta a n-am.


L. 190


AN 6 CAIBIDIL.



DO PHURGADÓIR, AGUS DON MHODH AR AB ÉIDIR NA
HANMANNA d'FHUASGLADH EISDI.



MIDHEAMHUIN AN TRÁTHANÓNA DIA SATHAIRN.



C. Créud an chaoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú tráth
nóna Dia Sathaiin?



F. Smuaineadh go díthcheallach ar phianuibh purgadóra,
truaighe dom ghlacadh dhóibh, agus furtachd orra fám dhíthchioll
ag guidhe Dé le a bhfuasgladh.



C. Créud as purgadóir ann?



F. Áit fó thalmhuin, lán do theinidh agus do phianuibh
éugsamhla, ina ttabhraid an drong dar maitheadh a bpeacaidh
mharbhtha díoluidheachd iomlán ionnta féin agus ina bpeacadhuibh
sologhtha.



C. Ga fad bhíd ann?



F. Go díol a bhfhiach go hiomlán.



C. An bhfuil slíghe leurab éidir na hanmanna d'fhuasgladh
as purgadóir, nó a bpiana d'aithghearrughadh?



F. Atá, .i. trosgadh, urnaighthe, déirc, agus deaghoibri oile;
go spesialta saicrifís an aifrinn, agas toirbhirt an loghaidh
dhóibh.



DON MHODH DARAB ÉIDIR LE BRÁITHRIBH MIONÚRA S. PHROINSIAS
ANMANNA d'FHUASGLADH AS PURGADÓIR.



C. Créud an loghadh atá ag bráithribh S. Phroinsias le a
thoirbhirt d'anmannuibh purgadóra?



F. A measg gach pribheléde dá ttugadar Pápadha éugsamhla
dhóibh, tug Clemens, an seachdmhadh Pápa don ainm-sin,
pribheléid do phrobhinsialuibh an uird, agus don chompánach as
sine bhíos ag gach aon díobh, anam d'fhuasgladh as purgadóir
gach Luan agus gach Día Céudaoin, lé haifrionn do rádh lén-a
grásuibh. Tug fós an phribheléid chéudna do gach éunghairdian
don ord, agus don athair as sine dá choimhthionnól. Compend.
Min., fol.219.


L. 191


Tug arís an t-ochdmhadh Clemens pribheléid da gach sagart
don ord mhionúr anam gach bhráthar, agus anam athar agus máthar
gach bhráthar don ord chéudna d'fhuasgladh as purgadóir, ag
rádh aifrinn le gach anam díobh.



As éidir leó, mar an ccéudna, anam an té, aga mbí lóisdín
réidh do ghnáth fá chomhair na mbráthar do ghlacadh 'na
n-aoidheadh, d'fhuasgladh as purgadóir, ag rádh aifrinn re
n-a grásuibh. Os a ccionn so, tug an deachmhadh Leo agus an
ceathramh Eoghan pribheléid da gach bhráthair don ord chéudna,
gach anam as toil leis d'fhuasgladh as purgadóir, ag déunamh
deaghoibre éigin díobh so 'nar ndiaidh, .i. ag rádh na seachd
psailm n-aithrighe mar aon le liottánuibh na naomh agus na
horrthana leanas iad (achd na liottáin agus na horrthanna do bheith
le hinntinn an Phápa); ag rádh na Coróna Muire, nó na Coróna
Íosa; agus gach uair dá ndiongna cuairt chráibhtheach ag eagluis
éigin don ord chéudna, ina mbí cúig haltóra nó nísa lugha, agus
déuras trí Paidreacha agus trí Aue Maria, nó an psalm Miserere
mei, Deus, etc., a bhfhiaghnuisi gach altóra díobh, agus sin dá
mhionca dá ndéunuidh énní díobh so. Compend. Min., fol.221.



C. C'áit a rachaid na hanmanna d'éis a saortha ó phurgadóir?



F. Go flaitheamhnas Dé gan amharas.



C. An mbiaidh purgadóir d'éis laoi an bhreithiomhnuis
ann?



F. Ní bhiaidh, achd bíaidh gach aon a nglóir nó a bpéin
shíordhaidhe.



C. C'áit a ttéighid na leinibh do-gheibh bás gan bhaisdeadh?



F. Go háit ar leith a n-ifrionn mar nach bhfaicfid radharc
Dé; achd ní bhiaidh do phéin orra achd sin.



AN 7 CAIBIDIL.



DO GHLÓIR FHLAITHEAMHNUIS.



MIDHEAMHAIN AN TRÁTHANÓNA DIA DOMHNAIGH.



C. Créud mheadhaigheas tú tráthnóna Dia Domhnaigh?



F. Ar ghlóir fhlaitheamhnuis.



C. Créud as flaitheamhnas ann?


L. 192


F. Teach Dé ina ttabhair glóir shíordhaidhe anma agus chuirp,
maille ris na hainglibh, don luchd do-ní a thoil san saoghal-sa.



C. Créud í glóir an n-anma?



F. Radharc Dé, agus an grádh roi-mhilis bhias ag an n-anam
dó arn-a fhaicsin.



C. An éidir maith as mó iná an ghlóir-si d'fhagháil?



F. Ní héidir lé Dia féin maith as mó iná í do thabhairt do
chréutúir ar bioth.



C. An í so an chríoch dhéidheanach dochum a bhfuilmid ag
tarraing, an mhéid atámaoid 'nar mballaibh fíri ag Eaglais Dé?



F. As í gan chonntabhairt.



C. An sgarfa ris an té do-ghéubha í éunuair?



F. Ní sgarfa a saoghal na saoghal, agus as uime sin ghoirthear
an bheatha shíordhaidhe dhi.



C. Créud í cuid an chuirp don ghlóir-se?



F. A aithbheóughadh ó mharbhaibh, a cheangal ris an anam
chéudna dobhí 'na chompánach aige ag tuilleamh na glóre-si
le a dheaghoibribh.



C. An bhfhuighe a thuilleadh?



F. Do-ghéubha sé ceithre tiodhlaicthe glórmhara ó Dhia, .i.
bheith ruitheanda, lúthmhar, so-threaghdtha, do-mhudhaighthe.



C. Cionnas bhias ruitheanda?



F. Do bhrígh go racha a sholas agus a dhealradh tar dhealradh
na gréine.



C. Cionnas bhias lúthmhar?



F. Do bhrígh go mba héidir leis gan saothar dul ó oirrthear
go hiarthar an domhain, ó thalmhuin go neamh, re turnamh
an abhra.



C. Cionnas bhias so-threaghdtha?



F. Do bhrígh go mba héidir leis dul tré san uile chorp
oile gan díoghbháil dó féin ná don chorp, mar do-chuaidh Críosd
tré leic an tumba.



C. Cionnas bhias do-mhudhaighthe?



F. Do bhrígh nach féudfa fuachd ná teas, arm ná saothar,
ná ní ar bioth oile, urchóid do dhéunamh dhó.



C. An bhfhuighid na céudfadha glóir fó leith?



F. Do-ghéubha gach céudfaidh fá seach a glóir féin; óir
do-ghéubha an tshúil radharc chuirp Chríosd, Mhuire, agus mar
sin do gach céudfaidh oile fó leith.


L. 193


AN DARA RANN DÉUG DON PHARRTHAS-SO



THRÁCHDAS AR AN AIBGHITIR SBIORADÁLTA, INA MÚINTEAR AN
AITHGHIORRA TRÉ SHLIGHIDH NA SUBHÁILCEADH DOCHUM
FOIRBHTHEACHDA NA BEATHADH.



C. Créud as aibghitir sbioradálta ann?



F. Nuimhir litreadh na haibghitre coitchinni gus an ccéill
rúnda atá a bhfolach ionnta.



C. Cionnas chuireas tú an aibghitir-si a ngníomh?



F. Ó thús, bídh go maith do mheabhair agam; agus a n-aimsir
urnaighthe na maidne, smuainim uirre go coitchionn, nó ar na
puncuibh as prinnsiopáilte as mian liom do chur a ngníomh
an lá-sin di, agus sin dochum ghlóire Dé dáríribh, agus ar son an
ghrádha dhlighthear dhó. Smuainim mar an ccéudna san
oidhche, ag dul do chodladh dhamh, an rabhas mainneachdnach
an lá-sin fá a cur a ngníomh, agus má dobhádhas, gluaisim mé
féin dochum doilghis fá gan tarbha do bhuain eisde; nó, muna
rabhas, molaim Dia 'na thiodhlaicthibh.



C. Ga mhéid litir innte?



F. A seachd déug a líon; óir ní fhuil K nó Q a ngnás san
nGaoidheilc, ar an adhbhar gurab ionnann foghar dhóibh agus do
C arn-a cheangal d'ailm nó d'ur, .i. a nó u. Ní mó fós atá
X, Y, ná Z a ngnás aguinn.



C. Cionnas adeir tú í?



F. Ar an modh-so.



A. .i. Adhraim, moluim, agus do-bheirim glóir agus onóir dom
Thighearna, do Dhia. Guidhim é go ccreidiomh ndaingean
agus go ndóchas láidir, agus grádhuighim é tar na huilibh, agas mo
chomharsa mar mé féin.



B. .i. Bím ga ghnáithmheas, an mhéid go bhfhéudaim, mo
bheith do láthair mo Thighearna Dé, agus go sbesialta a n-aimsir
na hurnaighthe; noch do-ním go cinnte san maidin, a meadhón
láoi, agus san oidhche, muna ccuiri cúram nó gnouighthe móra
toirmeasg nó búaidhreadh oram; agus an tan theagmhas a leithéid


L. 194


sin do chás damh, do-ním í úair éigin oile don ló chéudna nó
don ló 'na dhíaidh. Agas do bhrígh gurab dearbh liom go
bhfhuilim dá láthair, go háiridhi an uair-sin, bím, do réir mo
dhíthchill, lán d'umhlachd, do reuerens, agus do dheighiomchar;
agus ní lamhuim éinní do dhéunamh nach laimheóbhainn do láthair
uachdaráin saoghalta. Labhruim ris go miochair, grádhach, ó
bhréithir nó ó smuaineadh, ag tabhairt buidheachais dó 'na
thiodhlaicthibh móra dhamh féin agus don uile chréutúir oile.



C. .i. Coisreaguim mé féin go meinic, agus go sbesialta ag
tionnsgna agus ag críochnughadh mh'uile ghníomhradh sbioradálta
agus teamporálta, aga ndíorghadh dochum glóire agus onóra Dé agus a
thoile do choimhlíonadh, agus sin dáríribh ar son an ghrádha
dhlighthear dhó, agus fós dochum sláinte mh'anma féin agus mo
chomharsan.



D. .i. Diúltaim dom thoil féin san uile ní nach measuim do
bheith do réir thoile Dé. Coimhéuduim a aitheanta, agus fós
aitheanta na hEagluisi, agus mh'úachdarán cille agus tuaithe. Do-ním
maith a n-aghaidh an uilc. Cuirim fós srían reum antoluibh,
reum dhrochcláonadh, agus reum chéudfadhuibh corparrdha, ag
gnáthfhoraire ar mo smúaintighthibh, ar mo bhríathruibh, agus ar
mo ghníomharthuibh.



E. .i. Éisdim an t-aifrionn, agus glacuim cumaoineacha go
sbioradálta gach laoi. Do-ním fós faoisidin, agus glacuim cumaoineacha
go corporrdha uair san tsheachdmhuin, nó ní sa lugha
uair san mí, ag sgrúdadh mo choinsiais re san bhfhaoisidin gus
an ccúram agus gus an bhfhriochnamh as mó dobhiadh agam fá
ghnoaighthibh éifeachdacha saoghalta, agus ní léigim tré chúram
ar bioth nó tré theagmhais an naomhghnás-so díom.



F. .i. Fágbhuim gach laoi fuighioll dom dhínnéur agus dom
chuid do dhéirc do na bochduibh, agas ní fhromhuim biadh
nó deoch eatorra achd ré riachdanas. Do-ním, mar an ccéudna,
gach laoi urnaighthe éigin áiridhe do dhéirc sbioradálta ar
anmannuibh purgadóra, agus ní léigim aonlá thoram gan obair
éigin fhoirimealach do dhéunamh ar ghrádh Dé, mar atá
trosgadh, déirc, etc.



G. .i. Gnáthuighim go laitheamhail dul ar mh'aghaidh a
slighídh na subháilceadh; agus dá thabhairt sin dochum críche go
maith, cuirim im fhiadhnuisi gach riachdanus dá bhfhuil ar
mh'anam, agus gach ní as mó do-ghéunadh sochar dhó, .i. na
subháilce atá 'na riachdanas oram, na lochda agus na droichbhéusa


L. 195


atá ceangailte díom, agus do-ní ro-urchóid dhamh, do sgrios; agus bím,
dá bhrígh sin, ar soláthar gach neith sa riachdanas a bhfhuil
mo bheatha sbioradálta; agus iarruim ar dhaoinibh oile Dia do
ghuidhe ar mo shon dochum na críche-sin.



H. .i. A Huchd pháisi agus bháis mo Shlánaightheóra Íosa
Críosd, guidhim é féin fá thoradh na páise céudna do roinn
riom, agus mo ghlanadh a naoimhshreibh a fhola neamhdha ón
uile chlaonadh cholnaidhe, ón uile aingiuidheachd agus cruas
croidhe, ón uile shaint agus uabhar, ó uile shiocraibh agus pheiriacail
peacaidh, etc.



I. .i. Iarruim ar Dhia go dúthrachdach grása na foidhide
do thabhairt dhamh, agus guidhim é ar son gach aoin atá contrárrdha
dhamh, nó do-ní mh'inghreim, ar aithris Chríosd do ghuidh san
ccroich ar a easccairdibh. Caithim fós an beagán aimsire atá
agam san saoghal-sa go tarbhach a ndeaghoibribh ag seirbhís do
Dhia, agus ag smúaineadh do ghnáth ar shíordhuidheachd na
glóire nó na péine atá im chionn san saoghal thall; agus dá bhrígh
sin, do-ním neimhní do chaithréim an tshaoghail, agus grádhaighim
fám dhíthchioll áille na beathadh marthanaighi.



L. .i. Luighim ar mo leabuidh san oidhche, mar dobheinn
gum shíneadh san uaigh, agus smúainim ar mo chríochuibh
déidhionacha, go sunradhach mar bhías mo chorp ga chrinn
ag píasduibh; agus do cheannsúghadh mh'uabhair, smuainim
go laitheamhail cionnas dobhádhas, atáim, agus bhead, .i. go
rabhadhas im bhréunchubhar, go bhfhuilim lán do mhorgadh;
agus go mbead im bhíadh crumh.



M. .i. Measuim gurab é gach áonlá mo lá déidhionach, agus nach
fuil áonlá oile romham dochum lóirghníomha do dhéunamh san
méid do-chuaidh tharam dom bheathaidh, agus go ccaithfe mé
(féudfaidhe) dul an oidhche-sin féin a bhfíadhnuisi Dé, do
thabhairt cunndais úaim im uile smúaintighthibh, bhriathraibh
agus oibribh.



N. .i. Ní labhraim go bráth ar neach ar bioth go holc, gé
bhudh follas fírinneach an ní adéurainn 'na aghaidh; agus ní mó
adeirim énní oile do ghoillfeadh ar mo choinsias, achd bídh
mo chomhrádh fírinneach, annamh, tromdha, tráthach,
céillidh, cuibhdheasach.


L. 196


O. .i. Ofráilim agus iodhbruim gach láoi mé féin agus na huile
dom Chruthaightheóir, agus glacaim ón-a lámhuibh gach a
tteagmhann damh féin nó dom chairdibh; agus madh maith iad,
ní chuirid méid mheanman oram; nó madh olc, ní chuirim
cás ionnta; agus ní mó chuirid tuirse ná fearg oram, achd toirbhirim
iad dó féin dochum a ghlóire agus a onóra agus leasa mh'anma.



P. .i. Páis mo Thighearna Críosd as leigheas damh a n-aghaidh
na n-uile lochd agus chneadh sbioradálta; óir snadhmaim agus
coimhcheangaluim mé féin re Críosd san ccroich, an tan bhíos
dólás, trioblóid, nó cathaighthe ar bioth oram, ag ofráil mo
dhocomhail a síthcháin an doilghis agus na bpían ndoi-mheasda do
fhulaing sé ar mo shon a ccrann na croichi; agus tig toradh mór
dom anam as sin, agus comhfhurtachd neamhdha dá bhfhulang.



R. .i. Re duine ar bioth ní theagmhaim, achd measuim gurab
ó dheighinntinn adeirthear agus do-níthear gach ní ad-chluinim agus
do-chím, gé go bhfhaicfidhe a aithearrach damh; agus an tan
do-chím ní mhíothaithnis riom, féuchuim an mbí an ní-sin
ionnam féin, agus dá rabh, léigim dhíom é. Os a chionn sin, do-ním
mo dhíthcheall ar gach ní maith do-chím a nduine oile do
tharruing chugam.



S. .i. Sgrúdaim mo choinsias fó thrí gach láoi, .i. ag éirghi
dhamh ar maidin, a meadhón láoi, agus go háiridhe san oidhche
re ndul do chodladh dhamh, agus féuchuim annsin cionnas do
choimhlíonas rún na maidne, agus má gheibhim gur thuitios go
trom, go háiridhe a n-áoinpheacadh mharbhtha, do-ním
mh'fháoisidin gan mhoill, nó ní sa lugha croidhebhrúdh, agus
glacaim féin peannaid éigin ann, óir bídh criothnughadh
croidhi oram comhnaidhe éunuaire do dhéunamh ina comholc
sin do sdaid.



T. .i. Teagaisgim an teagasg críosdaidhe, agus gach foirceadal
oile sbioradálta sa fhios bhíos agam, do luchd an ainbhfhis;
agas ní headh amháin nach ttabhruim siocair pheacaidh
d'aoinneach, achd fós go ttréigim comhluadar lochda na meisge,
na drúise, an chomhráidh ghraosda, na náomhathaisi, agus gach
druinge do-mhúinte oile, an tan nach féudaim a ccosg ná a
smachdughadh.



U. .i. An Uair theagmhas míofhortún nó míchinneamhain
ar bith dhamh, nó bhíos faitcheas uilc oram, smuainim ar
theaghlach ifrinn, agus dá mbeinn féin mar áon ríu go mbíadh an


L. 197


t-olc-sin agus gach olc oile agam. Smuainim fós, an úair
theagmhas deighchinneamhuin damh, ar thionól flaithis Dé, agus dá
mbeinn 'na measg go mbíadh an mhaith-sin agus an uile mhaith
oile agam; agus do-ním mo dhíthcheall teachd mar a bhfuilid, ag
leanmhuin a luirg. Agas, dá bhrígh sin, smuainim a bhféiltibh
Muire, agus gach náoimh oile, a loighead do fhulaing náomh an
láoi-sin ar son Chríosd san sáoghal-so, agus méud choróna na glóire
fúair ar a shon san saoghal thall. Críosd dá mhórthrócaire do
thabhairt na coróna-sa dhúinn. Amen.



FINIS.



1645.