Rialachas San Froinsias

Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath (1641)

Pádraig Ó Súilleabháin eag.




Riaghuil
Threas Uird
S. Froinsias,



dá ngoirthear Ord na hAithrighe,



arna cur anosa a nGáoidhilg
le bráthair áiridhe d'ord an
náomhathar chéudna, FR. B. C.



Reliquum est, ut qui habent uxores
tamquam non habentes sint, etc.
1 Corint. 7.



Arna cur a gcló maille re hughdardhás
a gColáisde S. Antoin
A Lobháin, 1641.


L. 3


Brolach nó réumhrádh don léughthóir.



Mar dobhí ar n-athair náomhtha S. Froinsias ar lasadh do
ghrádh Dé agus d'fhonn an chinidh dháonna uile do shlánughadh
níor lór leis dhá ord do thionnsgna, mar atáid Ord Mionúr agus
Ord S. Clara, inar bh'éidir don uile dhuine idir fhior agus mhnaoi
leur bho mian an saoghal do thréigean a anam do shlánughadh,
achd do thionnsgain fós an Treas Ord, ar a dtug d'ainm Órd
na hAithrighe. Óir, mar adeir an doctúir náomhtha S.
Bonauentura, cap.4, Vit.S Fran., “Fá mar atá an aithrighe
'na slighidh choitchinn ag an uile dhuine go ríoghaichd nimhe,
as mar sin atá an t-ord beannaighthe si coitcheann do shagartoibh,
do thuatadhaibh, d'áos pósda agus neamhpósda, d'óghaibh agus do
bhainthreabhthachaibh, agus do na huilibh do thuaith agus d'eaglais
archeana.” As í so iomorro siocair dobhí ag S. Froinsias dochum
an uird si do thionnsgna, .i. iar mbeith a gconntabhairt adhbhail
dhó, mar adeir an doctúir S. Bonauentura, Vit. S. Franc., cap.
12, cía dhíobh ar a gcinnfeadh, fuireach ar uaigneas a ndíthreabhaibh
san mbeathaidh dá ngoirthear contemplativa, ag
teóirfhéuchain an Choimdheadh nó ag rinnfhéuchain ar neithibh
neamhdha agus ag eadarghuidhe Dé do shíor, nó san mbeathaidh
ghníomhaigh, dá ngoirthear vita activa, .i. beatha sháothrach,
mar atá dul do sheanmóir agus do theagasg an tshoisgéil, do chuir
a gcomhairle na hóighe ronaomhtha S. Clara agus an athar
bheannaighthe S. Siluester créud do-ghéunadh, agá iarraidh orra
Dia do ghuidhe fá a nochtadh dhóibh créd bhúdh indéunta
san gcás sin. Agas iarna fhoillsiughadh dóibh ó Dhia gur bh'í
a thoil féin eision do dhul do theagasg na bpeacthach, do ghluais
gan mhoill fá na háitibh agus fá na cathrachaibh ba coimhneasa
dhó, agus do thionnsgain an aithrighe, tarcaisne an tsáoghail, glóir
nimhe, agus piana síordhuidhe na tíre thall do sheanmóir maille
risan urdail sin do dhúthrachd agus do theasgrádha Dé ionnas
nach meas duine achd aingil nó léugáide ó Dhia táinig do


L. 4


mhúnadh na haithrighe agus shláinte a n-anmann don domhan do
bhí ag cách go coitcheann air; óir ní rabhadar a bhriathra
achd mar sblangcaibh agus mar dhrithleannaibh lasamhna do
lingeadh do theinidh na carthanachda, .i. ghráidh Dé agus na
comharsan, dobhí do ghnáth ar fadódh ina chroidhe. Do ghluais
dá bhrígh sin agus do chomhlas croidheadha an lochda dobhí ag
éisdeachd ris dochum na haithrighe, go háiridhe a dtimcheall
na háite dá ngoirthear Canarium, láimh risan gcathraigh dárab
ainm Assisium, ionnas gur chuireadar rompa uile cúl do chur
risan sáoghal gan fhéuchain ag céile dá choimhchéile ná ag
aithribh dá gcloinn nó dá gcúram. Arna fhaigsin sin dár
n-athair náomhtha, do chum agus do ordaigh dhóibh an ríaghail
agus an sdaid bheannaighthe si, dá ngoirthear Órd na hAithrighe
nó an Treas Órd, an bhliadhain si d'áois an Tighearna 1221,
inar éidir do na huilibh dá nglacfadh í, gan tréigean mná ná
cloinne, ina dtighibh agus ina n-aitreabhuibh féin, aithrighe agus leas
a n-anmann do dhéunamh. Do leathnaigh iar sin agus do líon
an tÓrd so na hAithrighe comhfoirleathan agus sin, ionnas, leath
amoigh don phobal choitcheann do-chuaidh tar nuimhir agus tar
áireamh agus do ro-iomad náomh, go rabhadar iliomad íarladh,
prionnsadh, ríogh, agus impireadh ann. Do dhaingnigheadar fós
mórán pápadh an t-ord céudna, mar atá Honorius 3, Grego. 9,
Innocent. 4, agus Nicolaus 4 san mbulla dá ngoirthear Supra montem
catholicae fidei, agus tugadar iomad do loghthaibh, do ghrásaibh, agus
do phriuiléidibh dhó, mar chuirfeam síos 'na dhiaidh so. Do-gheibhmíd
riaghail an uird si ag Monument. 3 ord., 5 p., tract.
2, agus a n-oibreachaibh ar n-athar S. Fr. do chuir an t-athair
diadha foghlamtha Lúcás Uaiding amach, agus fós ag Speculum
mino.



Tabhair dod th'aire annso, a léughthóir, gurab ainbfheasach
díchéillidhe don luchd bhíos pósda nó ar tí pósadh do dhéunamh
an sgáth agus an urghráin ghlacaid résan sdaid náomhtha sa, óir
as dóibh féin agus do chách eile le nach éidir nó nach áil dul a
riaghail do ordaigh S. Froinsias agus do dhaingnigh an eaglas í.
Tabhair dod th'aire mar an gcéudna a mhéud d'adhbhar trúaighe
mar bhíd mórán comhsháoghalta comhuaibhreach agus coimhneamhchúramach
agus sin fá leas a n-anmann nach cubhaidh agus nach fíu
leó an aibíd náomhtha sa, d'éis a bhfaicid do shochar


L. 5


spioradálta agus do ghrásaibh aice, do ghlacadh, tré a beith gránna
riabhach tarcaisneach, agus go mbíd comhsanntach agus sin dochum
saidhbhris diombúain sháoghalta, ionnas, gan féuchain dá
mórdhachd nó dá n-onóir, go dtochailfidís ór as an gcarnán
áoiligh. Más dá mórdhacht nó dá n-onóir fhéuchaid an
mhuinntear so san gcás so, tabhraid dá n-aire, mar sgríobhaid
ughdair mhaithe, Monument.3 ordi., 5 p., tract.2, gurab ionann
dath don aibíd bhoichd si agus don chóta úd do-righne a mháthair
mhilis dár Slánaighthéoir agus dobhí air agus ag fás leis do ghnáth
ó áois leinimh go haimsir a bháis. Cionnas dá bhrígh sin nach
díchéillidhe anuaibhreach dóibhsion a mheas gomadh uiríseal
tarcaisneach dhóibh bheth a n-áoinéudach agus a n-áoinlibhré re
hAirdrígh na n-uile? As maith do-bheir an cairdionál
beannaighthi foghlamtha Gaibriel de Trecho, dobhí don ord so,
freagra orra san eibistil do sgríobh 1621, Epistola adjuncta ad
opusc. S.P. N.Fran., mar a n-abair: “Ná cuir a n-iongnadh
(ar sé) gur ghlacasa aibíd an Treas Uird os cionn mo phurpuir
cairdionáil, nó an measann tú nach cubhaidh crios nó aibíd S.
Froinsias do chur ós cionn phurpair dá ríoghdha? Nach raibhe
sí ar S. Ludouicus, rí Franc, agus ar S. Elisabeth, bainroghan
na Hungairi, onóraigheas an eaglas aniodh mar náomhaibh?
Nách raibhe fós ar mhórán d'impireadhaibh, do bhainríoghnaibh
léur mhaith dul ar a comairce, go háiridhe a n-aimsir a mbáis?
Nár ghlac Pilippus 3, rí na Spáinne, í? Do ghlacadar fós
bainríoghan na Spáinne, bean Philippus 4, dár bh'ainm Elisabeth,
inghean ríogh Franc, agus deirbhshiúr an Philip chéudna, .i. an
bhainphrionnsa oirdheirc Maria, í. An cuirthe mar sin a
n-iongnadh go gcuirfeadh cairdionál aibíd ríabhach don táobh
amuigh dá phurpar air? Adéura neach gurab tarcaisneach
mídhiongmhála sin dá comhard sin do dhignit agus d'onóir; achd
do-bheirimsi freagra air (ar sé) .i. gurab uime sin féin do ghlacas
san am sa í, óir ní fhuil dá mhéud dá mbía neach, agus dá mhéud
aithnigheas oibliogáid nó cundas ag Día air, nách móide as cóir
dhó bheith umhal agus fonnmhar dochum foghainte agus seirbhísi do
dhéunamh do Dhía é. Créud eile dá bhrígh sin do-ghéunainnse
an tráth do toghadh mé dochum céime agus gradaim áird san
n-eaglais achd mé féin do dhídean fá umhlachd S. Froinsias,
d'eagla go rachainn a n-anuabhar ar Dhía tré áirde mo gharma
agus mo dhignide tré a ndamainfidhe go síordhaidhe mé?”


L. 6


Do-chí tú, a léughthóir, as a ndubhramar, nách tarcaisne
d'áoinneach dá mhéud achd onóir mhór bheith 'na bhall don
Ord náomhtha sa na hAithrighe; agus mar sin measaim, gé gurab
líonmhar foirleathan ar feadh an domhain anosa é, dá mbeith
a fhios ag cách go coitcheann méud na honóra, na tarbha, an
loghaidh, agus gach maitheasa spioradálta oile dá bfhuil ag an
luchd glacthar ann go mbeith sé nías roilíonmhaire agus nías
foirleithne iná mar atá san aimsir si. Dá bhrígh sin cuirfeam
síos go fairsing an tarbha, na loghtha prinnsiopálta, agus gach
onóir oile dá bhfuil aige, agus iarrmáoid ar gach áon gan toibhéim
do thabhairt dár ndúthrachd achd guidhe orainn ar son ar
sáothair.


L. 7


Dochum dearbhráthar agus seathrach threas
uird S. Froinséis, dá ngoirthear Ord na
hAithrighe.



As iongnadh adhbhal loighead an cháis agus an chúraim bhíos
ag mórán fá leas agus fá shláinte a n-anmann agus méud an chúraim
agus an tsáothair ghlacaid go fonnmhar friochnamhach ag iarraidh
agus ag sáothrughadh saidhbhris, onóra, agus gach neith oile dá
mbeanann re beathoidh dhiombuain a gcorp ar an sáoghal
sa, ionnas, mar adeir S. Augustin., Hom.9, De verb. Dom., ag
gearán an neith si, nach fuil ní dá dhocamhlaighe ná dá sheirbhe
dá mbeanann risan mbeathaidh gcéudna nach dtabhair méud
an ghráidh bhíos ag cách air fá deara dóibh nach mothaighid
duadh ná docomhal gá dhéunamh. Óir, mar adeir agá
dhearbhadh sin: “Ní fhéchann an ceannaighe do ghábhadh
ná do pheiriacail dá mbí 'na cheann gan gluasachd trésan muir
ngáibhthigh nguasachdaigh go tíribh imchiana a gconntabhairt
a bheathadh agus a choda don tsáoghal do chailleamhain, do
ghrádh saidhbhris agus éudála. As iomdha duadh agus dochar,
bochdachd, anródh, agus dhortadh fola fhuilngeas an saighdéoir go
meanmnach móraigeantach ag súil re honóir agus re hardughadh
d'fhagháil óna rígh. Ní ghoilleann fós fuachd ná ocaras, tart
ná sáothar ar an dtreabhthach do dhóigh arbhair mhóir do
bheith aige san bfhoghmhar. Do-chímíd mar an gcéudna, an
tan bhíd easslán, méud an chráidh agus an dochair fhuilngid dáoine
go foidhidneach fonnmhar, ag caitheamh gach leighis dá sheirbhe,
dá dhocra, agas dá dhomblasda, agus fós ag fulang a mball do
chiorrbhadh agus do chréuchdnughadh do ghrádh shláinte a gcorp
amháin, ar son nach éidir an corp do chongmháil beó achd seal
aithghearr, bíodh go gcaithfidhe leighis agus cumhgaisi an domhain
ris. A Dhé, máseadh, nach iongnadh adhbhal agus cúis truaighe
agus atuirsi (mar adubhart cheana agus mar adeir an doctúir céudna
san n-ionadh réumhráite) go dtabhair grádh an tsáoghail fá
deara don mhuintir si dá dtug Día solas an chreidimh tré a
bhfaicid go soilléir go bhfuil fhlaitheamhnas agus ifrionn ann agus nach


L. 8


bfhuil achd seal ro-aithghearr aca ar an n-oilithre se a bhfuilmíd,
a chomhmór so do sháothar do ghlacadh fá na neithibh théid
a leas nó a maith dá gcorpaibh, agus nach dtabhair grádh Dé ná
a n-anmann orra cúram ná díthchioll, dúadh ná dochar do
ghabháil re a n-ais fá shláinte a n-anmann nó fá na neithibh
do chuideóchadh leó dochum na beathadh suthaine d'fhagháil agus
dochum ghérphian ifrinn agus pheannaide purgadóra do sheachna,
a n-ionnshamhail bheathadhach mbrúideamhail fhéuchas dá
gcorpaibh amháin gan suim 'na n-anmannaibh. As éidir go
maith a rádh nách creidid so ar aonchor na neithe fhoillsigheas
ar gcreideamh dhúinn, nó má chreidid, go bhfuilid ar mearbhall
agus ar sáobhadh céille tréna neamhchás 'na n-anmannoibh as
uaisle gan comparáid ináid uile mhaitheasa agas ionnmhasa an
domhain, mar chuireas Béul na fírinne síos dúinn san soisgéul,
Matt. 16, ag rádh, “Créud an tarbha do dhuine an domhan
uile do ghnoughadh agus a anam féin do dhamnughadh, nó créud
an ní dá uaisle ar ar chóir do dhuine a anam do mhalairt?”
Nír bh'iongnadh (mar adeir go sáoitheamhail doctúir an
chomhráidh órdha, S. Crisos., Hom. 22, Ad popul.) duine do
bheith neamhchásmhar fána anam dá mbeith an dara hanam
aige, mar atá an dara súil, an dara cos agus cluas, nó damadh éidir
dhó anam oile dh'fhagháil dá gcailleadh a anam féin, mar as
éidir dhó dúthaigh, each, nó séud sáoghalta eile d'fhagháil.
Gidheadh, as iongnadh mór (ar sé) agus as cúis trúaighe, agus gan againn
achd aonanam amháin mhairfeas go síordhuidhe a nglóir nó a
bpéin, a neamhchúramaighe bhímid fá na neithibh dorachadh
a maith nó a leas dhó, nó fá dhúadh nó fá dhochar d'fhulang
ar a shon.” Dobhí an patriarc Iacob aimsear imchian gá chrádh
do theas san ló agus d'fhuachd san oidhche, mar adeir féin,
Genes. 31, gan suan gan socrachd d'eagla go gcaillfeadh aoncháora
amháin don tréud do chuir a mhaighisdir Laban do chúram air.
“A Dhé, máseadh,” adeir Criostomus, “má dobhí a chomhmór
so do chúram agus do ghriongal ag Iacob fá bheathadhach
bhrúideamhail, créud an cúram búdh cóir do chríosduidhe do
bheith aige fána anam réusúnta féin do cheannaigh ar Máighisdir
agus ar dTighearna neamhdha Críosd go dáor ar a fhuil, nó créud
fá ngoillfeadh docamhal nó dochar dá mhéud air ag déunamh
gach neith dorachadh a maith nó a leas dó, agus go n-abair Pól,
2 Co.4, gurab éidir dhúinn tré mhoiment mbig thrioblóide ar


L. 9


an sáoghal sa glóir shíordhaidhe do thuilleamhain dár
n-anmannoibh a bhflaitheamhnas, agus nach fíu ní ar bith dúadh
ná dochar dá bhfaghmáoid san sáoghal a n-aithfhéuchain an
tromthomhais glóire do-ghéubham san tír thall, Rom.8?”



Ar na hadhbharaibh se, a cháirde croidhe, guidhim sibh, ó do
thairrngeadar mórghrása Dé dochum na sdaide náomhtha sa
Uird na hAithrighe fáoi bhrataigh S. Froinséis sibh, ná goilleadh
crúas ná docamhal áoinneith dá gcuireann bhar riaghail síos
oraibh, achd glacaidh meisneach agus méud meanman dochum
oibreach na haithrighe do dhéunamh, agá mheas agus agá smuaineadh
do ghnáth gurab éidir dháoibh le beagán sáothair leas bhar
n-anmann do dhéunamh, glóir shuthain do thuilleamhain, agus
píana síordhaidhe do sheachna. Smúainidh fós, mar adeir
Crios., Hom.22, Ad popul., gurab fearr do neach tar d'fhulang
agus a theanga do thiormughadh agus do sheargadh le háoine agus
absdanaid (agus mar sin dá gach peannaid fhuilngeas duine ar an
sáoghal sa) ar feadh tamaill iná bheith mar an saidhbhir úd
ar a labhrann Críosd san soisgéul, Luc. 16, d'éis shóidh agus
shásdachda an tsaoghail si seal aithghearr, agá phianadh go
síordhuidhe i n-ifrionn. Ná glacadh dá bhrígh sin sgáth ná
droichmheisneach sibh ar son sligheadh na haithrighe do bheith
crúaidh cumhang docamhlach, mar adeir Críosd, Matt. 7, achd
féuchaidh, mar theagaisgeas Crios.,Hom.24, In Matt., cáit a
bfhuil ag tarraing, .i. go port nimhe agus go glóir shuthain gan
fhoircionn. Ná féuchaidh fós amháin go bfhuil an tshlighe atá
contrárdha dhi, .i. slighe na hantola, fairsing socair so-imtheachda,
mar adeir Críosd san áit chéudna, achd measaidh
go grinn, mar adeir Crisos. réumhráite, cáit a mbéura sibh,
.i. go pianaibh síordhaidhe ifrinn, ar a nguidhim Día dá bhar
seachna agus do thabhairt ghrás dháoibh dochum toraidh
dhiongmhála na haithrighe do dhéunamh. Amen.



Bhar seirbhíseach féin a gCríosd,



Fr. B. C.


L. 10



L. 11


A n-ainm Dé
tionnsganthar
riaghail threas uird
S. Froinsias,
dá ngoirthear
Órd na hAithrighe.


L. 12


An chéudchaibidil.



Don mhodh ar ar cóir cúartughadh nó rannsughadh
do dhéunamh ar an muinntir léurab
toil teachd isin n-ord sa.



Ar tús déuntar cúartughadh géur agus rannsughadh ar an luchd
léurab mían an modh beathadh so do choimhéud nó an
sdaid se do ghlacadh: an bhfuilid 'na gcatoilicibh nó umhal
don n-eaglais náomhtha. Agus má admhaid sin go daingean agus
go gcreidid é go fírinneach, as éidir a nglacadh san n-órd sa.
Gidheadh, déuntar coimhéud grinn gan áoinneach do ghabháil
ann ar a mbeith suspition nó amharas fá eithriceachd, nó
do-ghéubhadh míochlú, nó ar a mbeith drochainm roimhe sin.
Agas dá bhfaghthar áonnduine iarna ghlacadh mar sin,
toirbhearthar dá smachdughadh gan mhoill do luchd
rannsaíghthe agas smachdaighthe na heithriceachda mallaighthe
é.



Don mhodh ar ar cóir an luchd leurab mian
teachd isin ord so do ghlacadh.



An dara caibidil.



An tráth iarrfas neach teacht san sdaid si, na haithre atá
arna n-ordughadh agus aga bhfuil ughdarrdhás dochum daoíneadh
do ghlacadh ann, féuchaid go grinn aireach ar a oifficc, ar a
sdaid, agus ar a choingheallaibh, agus cuirid síos dó gach ualach
dá bhfuil a ndiaidh an té ghlacas an riaghail si, agus go prionnsiopálta
mar atá d'fhiachaibh air aiseag do thabhairt in gach ní dá
bhfuair nó dá bhfuil aige go holc nó go héicceart. Ar
ccoimhlíonadh gach neith díobh so, más toil leis féin, glacthar
é; agus má atá fiacha ag aonnduine air, tugadh díolaidheachd


L. 13



L. 14


uaidh do láthair (má atá aige) nó geall ré díolaidheacht; go
háiridhe déunadh díthcheall bheith réidh ris na comharsanaibh.



Ar ccoimhlíonadh gach neith díobh so agus ar ccaitheamh bliadhna
dó, maille re comhairle choda do na dearbhbhráithribh bhias 'na
ndisccréidibh, má chíthear dóibh a bheith iomchubhaidh nó
gurab díol air é, tugthar profession ar an modh so dhó,
eadhón go ngeallfa sé aitheanta Dé uile do choimhéud, agus go
dtiubhra sásadh, mar as iomchubhaidh úaidh, an tan iarrfaidhear
air é, do réir thoile an úisitátor, in gach ní dá ndiongna a n-aghaidh
na riaghla so agus na sdaide náomhtha. Agas sgríobhthar an
gealladh so do-ghéuna fá láimh shecretari phuiblighe. Agas
ná glacthar éinneach leis na haithribh réumhráite achd ar
an modh sin, muna bfhaicthear dóibh féin a aithearrach, ag
sgagadh agus ag féuchain go dúthrachdach ar choingheall, ar sdaid,
agus ar dhignit na pearsan bheid do ghlacadh.



Ordaighmíd tar a éis so gan cumhachda do bheith ag
áonnduine dá nglacfaidhear san náoimhriaghail si a tréigean
arís, ag filleadh tar a ais dochum an tsháoghail. Gidheadh,
as éidir dul aisde go hord oile atá arna dhaingniughadh ón
n-eaglais.



Ní héidir do mhnáibh pósda teachd san riaghail si gan cead
dá bhfhearaibh.



Do fhoirm aibíde agus do cháilidheachd éudaigh
bhráthar agus sheathrach an treas uird.



An treas caibidil.



Bíodh éudach bhráthar an uird náomhtha so tarcaisneach do
tháobh a luaigh agus a dhatha, agus ná bíodh bán ná dubh achd riabhach,
ar dath luatha nó críadh, muna bhfaicthear do na húachdaránaibh
dispensáid do dhéunamh ina bheith nías mórluaigh, le duine
dhíobh a gcúis fhollais dhlisdionaigh ar feadh tamaill. Ná
bíd a gclócadha gearrtha ná osgailte; bíd a muinchilleadha
dúnta; agus ná bíd a n-éudaighe déunta ar mhodh bháoth ná
úallach achd go macánta tromdha.


L. 15



L. 16


Bíd clócadha fós agus cótadha nó aibíde na seathrach do shórt
an éadaigh réumhráite, nó go háiridhe mar aon lena bhfallaing
nó lé a glóca bíodh gúnna inmheadhónach orra d'éudach
bhán nó dhubh, nó gúnna fairsing foirimealach do chnáib nó
do líon shleamhain gan déunmhas.



Do tháobh iomorró éudaigh nó chulaidheach na ndeirbhsheathrach,
as éidir dispensáid do dhéunamh ríu do réir
cháilidheachda na bpearsan agus ghnáis na háite a mbíd.



Ná gnáthaighid calladha, ná bréide cinn ná brollaigh, ná
creasa do shíoda ná do shról do bheith aca, ná línín réna
n-éudaighibh, achd amháin croicne leasaighthe úan fána n-olainn.
Ná bíd sbaráin chúirialta ná bhreaghdha, ná creasa déunta do
shíoda ag na dearbhbhráithribh ná ag na seathraibh, achd
sbaráin shimplidhe déunta do leathar, agus creasa nó córdadha
garbha snadhmacha, ar dtréigean agus ar dtarcaisniughadh bhréugán
ndíomháoin an tsáoghail si, do réir chomhairle airdphrionnsa
na n-apstol, Pheadair náomhtha, 1 Pet. 3.



Cionnas toirmisgthear ar an muinntir ghlacas
an sdaid si dol ar cuireadh mhíomhacánta
nó dol d'fhéuchain chluicheadh ndíomháoin
nó énní do thabhairt don luchd do-ní íad.



An ceathramhadh caibidil.



Toirmisgthear orra dol ar cuireadh mhíomhacánta ná
d'fhéuchain chluicheadh n-aiérdha gcomhchoitcheann bpuiplighe
nó a leithéid oile; agus ní ceadaightheach dhóibh áoinní do
thabhairt tré dhíomháoineas do luchd a ndéunmha ná fós a
léigean do mhuinntir a dtighe ní ar bith do thabhairt dóibh.



Don absdanaid agus don trosgadh.



An cúigeadh caibidil.



Ní cóir dhóibh feóil d'ithe nó do chaitheamh ceithre lá don
tsheachdmhain, mar atá Lúan, Céudáoin, Áoine, agus Satharn,


L. 17



L. 18


muna rabhaid lag nó teinn. Gidheadh, as éidir leis an té
dá sgáoilfidher cuisle feóil do chaitheamh trí lá 'na diaidh.
Ní fhuil d'fhiachaibh ar an muinntir bhias ar siubhal an trosgadh
sin do dhéunamh. As éidir fós lé bráithribh agus le seathruibh
an uird si feóil do chaitheamh an tráth theagmhas sollamain
phrinnsiopálta ann lá troisgthe inab seanghnáth ag na críosdaidhibh
go coitcheann féoil do chaitheamh. Sna laithibh eile
imorró ar nách bíaidh trosgadh, as éidir dhóibh uighe agus cáise
do chaitheamh. An tan thiocfaidh dochum choimthionóil
dháoineadh riaghalta oile, as éidir dhóibh gach biadh dá
mbiaidh aca do chaitheamh léo. Agas ná hithid achd cuid agus
dínnéur amháin, leath amuigh do dháoinibh laga, do dháoinibh
teinne, agus don mhuinntir bhias ar siobhal. Na dáoine imorró
bhias slán, bíd measarrdha ina mbiadh agus 'na ndigh, do réir
bhréithre Dé, Luc. 21, adeir, “Tabhraidh dá bhar n-aire gan
bhar gcroidhthe do dhéunamh trom le cráos ná le meisge.” Ná
caithid cuid ná dínnéur nach aibeóraid Paidear agus AveMaria
ría gach bproinn dhíobh, agus tabhraid altughadh buidhe do Dhía
tar éis gach proinne. Agas má léigid díobh gan sin do rádh
san n-am chinnte, abraid trí Paidreacha agus trí AveMária ar
a son úair éigin eile. Troisgid an Áoine ar feadh na bliadhna,
muna rabhaid teinn nó muna raibhe cúis dhleisdionach eile aca,
nó muna ttí Lá Nodlag ar an Áoine. Troisgid fós an Áoine agus
an Chéudáoin ó Shamhain go Cáisg, agus gach trosgadh oile dá
n-oirdeócha an eaglas. Atá fós d'fhiachaibh orra gach áonlá
do throsgadh, achd an Domhnach amháin, ó fhéil Mártain go
Nodluig agus ón Domhnach roimh Inid go Cáisg, achd muna mbaca
riachdanas nó eassláinte dhíobh é.



As éidir leis na deirbhsheathraibh don ord sa, dá rabhaid
torrach, gan trosgadh ar bith do dhéunamh agus íad féin do
chongmháil ón uile dhúadh agus sháothar chorpardha oile, achd
amháin urnaighthe, go n-éirghid as a luighe shéola.



As éidir leis an muinntir bhías ag déunamh sáothair biadh do
chaitheamh trí húaire san ló ó Dhomhnach Cásg go féil Mícheíl.



An uair fós bhias áonchuid aca ar obair ag dáoinibh oile, as
éidir léo gach biadh dá gcuirfidhear 'na bfhiadhnaisi do
chaitheamh achd amháin Dia hÁoine nó lá troisgthe eile
fhógras an eaglas.


L. 19



L. 20


Cia líon d'úairibh as cóir dóibh fáoisidin do
dhéunamh agus cumáoneacha do chaitheamh
san mbliadhain.



An seiseadh caibidil.



Atá d'fhiachaibh ar gach áonnduine do na dearbhbhráithribh
agus do na deirbhsheathraibh fáoisidin do dhéanamh agus corp Críosd
do ghlacadh go cráibhtheach trí húaire san mbliadhain, .i. fá
Nodlaig, fá Cháisg, agus fá Chingcighis, agus sásadh do thabhairt
an úair sin dá gcomharsanaibh, agus lóirghníomh do thabhairt
uatha don luchd aga mbía fiacha orra.



Mar nach cóir dhóibh airm d'iomchar dochum
urchóide do dhéunamh d'áoinneach.



An seachdmhadh caibidil.



Ní cóir do na dearbhbhráithribh arm d'iomchar a n-aghaidh
áonduine, achd amháin do chosnamh na hEaglaise Rómhánaighe
nó an chreidimh chatoilice nó a ndúthaighe féin, achd lé cead
a n-úachdaráin.



Don Oiffic Dhiadha.



An t-ochdmhadh caibidil.



Atá d'fhiachaibh ar gach áonnduine dá mbia san ord sa
seachd n-úaire cánonta do rádh gach láoi, mar atá maitín, prím,
teirse, sexta, nóin, easpart, agus compléid. An chuid dhíobh bhias
'na gcléirchibh agus léughas an tpsaltair, ar son príme abraid
Deus in nomine tuo, etc., Beati immaculati, etc., agus Gloria Patri,
etc. An tan imorro nach rachaid don eaglais, abraid ar son
mhaitín na psailm as gnáth leis an gcléir oile nó leis an eaglais
chaiteadrálta do rádh, agus muna n-abraid sin abraid go háiridhe,
mar adeirid an mhuinntear ag nach bí foghlaim nó Laidean, .i.
dá Phaidir dhéug ar son maitín, agus ar son gach uaire oile do na


L. 21



L. 22


sé huairibh cánonta seachd bPaidreacha agus Gloria Patri, etc.
Agas cuirid fós le seachd bPaidreachaibh príme agus compléide
an Chré, agus Miserere, má atá aca. Muna n-abraid na huaire si
ina dtráth nó 'na n-am féin, abraid a bPaidir trí huaire.



Gidheadh, ní fhuil d'fhiachaibh ar dháoinibh teinne an oiffic
dhiadha do rádh mun bú toil leó féin é.



Bíodh cúram aca bheith ag tráthaibh ina n-eaglasaibh
porráisde a n-aimsir Chorghais S. Mártain agus san Chorghas mhór,
muna mbeana cúis dhleisdeanach dhíobh é.



Mar atá d'fhiachaibh ar gach áon dá dtig san
n-ord so a thiomna do dhéunamh, más éidir
leis ó dhligheadh é.



An naomhadh caibidil.



Atá fós d'fhiachaibh ar gach áonnduine don n-órd sa, léurab
éidir ó dhligheadh é, a thiomna do dhéunamh agus gléus agus ordughadh
do chur ar a mhaitheas agus ar a mháoin fáoi cheann thrí míos
d'éis teachda isin riaghail si dhó, d'eagla go bfhuigheadh
áonnduine dhíobh bás gan tiomna.



Cionnas as cóir síth do dhéunamh idir na
dearbhbhráithribh agus cách oile.



An deachmhadh caibidil.



Do thaobh shíodha do dhéunamh idir bhráithribh agus
seathraibh an uird si, agus dáoine oile, dá rabhaid eissíodhach nó
easáontadhach re chéile, dá bfhaicthear é do na huachdaránaibh,
déuntar í (más éidir) maille re comhairle an easpuig bhías ós a
gcionn.


L. 23



L. 24


Créud as cóir dhóibh do dhéunamh an tan
chuirfidhear buaidhreadh orra fána
bpriuiléidibh nó fána sáoirsi.



An t-aonmhadh caibidil déug.



Má chuirid uachdaráin nó tighearnadha na n-ionadh a mbeid
bráithre nó seathra an Treas Uird 'na gcomhnaidhe nó ag
áitiughadh buaidhreadh nó trioblóid orra fána bpriuiléidibh nó
a n-aghaidh a sáoirsi, déunaid na húachdaráin nó na haithre
atá ós a gcionn comhairle ris na heaspagaibh agus ris na hoirdionáiribh
atá sna háitibh céudna, agus déunaid do réir an ordaighthe agus na
comhairle ghéubhaid uatha.



Nach cóir dhóibh mionna puiblighe do
thabhairt, an mhéid gurab éidir é.



An dara caibidil déug.



Seachnaid mionna ar bith sollamanta do thabhairt gan
riachdanas, achd amháin is na cásaibh atá ceadaightheach ón
Eaglais Apstolda. As iad imorró na cáis, .i. a gcúis shíodha do
dhéunamh, a gcúis dhuine do ghlanadh ó choir bhréige, a gcúis
fhiadhnaisi, a gcúis cheannaigheachda nó reacaireachda, agus a
gcúis tiodhlaicthe nó bhronntanais, más iomchubhaidh nó
oircheas sna cásaibh sin mionna do thabhairt.



Seachnaid mar an gcéudna fána ndíthcheall mionna do
thabhairt a gcomhráitibh coitcheanna. Agas dá dteagmhadh
go neamhaireach go ttiobhradh áoinneach aca úair éigin mionna
le rith teangadh, mar as gnáth do na dáoinibh briosglabharthacha,
cainnteacha, an lá céudna im nóin, an tráth bhias ag sgrúdadh
a choinséis (mar dhligheas a smuaineadh cionnas do chaith an
lá) abradh trí Paidreacha agus trí AveMaria a n-éuraic gach neith
dá ndearna go neamhaireach an lá sin. Bíodh fós gach duine
don ord sa ro-aireach cúramach fá a thabhairt ar a muinntir
bheith cráibhtheach diadha, agus brosdadh agus gríosadh go
friochnamhach chuige sin iad.


L. 25



L. 26


D'aifrionn d'éisdeachd, agus don chomhchruinniughadh
as cóir dhóibh do dhéunamh.



An treas caibidil déug.



Éisdid na dearbhbhráithre agus na seathra aiffrionn gach áonlá,
más éidir dhóibh é gan docamhal. Cruinnighid fós uair gach
áoinmhí go háonáit amháin a n-aibeóraid agus a n-oirdeóchaid a
n-uachdaráin dóibh teachd, agus éisttid aiffrionn san ionadh
chéudna. Agas déunadh gach duine dhíobh déirc do réir a acfainne
annsin; agus ordaighthear duine aca féin ghlacfas agus roinnfeas í
do réir thoile agus comhairle na n-uachdarán idir na dearbhbhráithribh
agus na deirbhsheathraibh bhias bochd nó uireasbhadhach agus
go háiridhe bhías teinn nó easslán nó ag nach biadh ní do
caithfidhe lena n-adhnacal go honórach. Agas tugaid offráil
mar an gcéudna uatha dochum na heaglaise nó an ionaidh a
mbiaidh an comhchruinniughadh sin aca do chongmháil súas.



Déunaid fós díthcheall, más éidir é, duine maith riaghalta
bhias 'na sheanmóntuidhe do bheith aca, ghluaisfeas íad agus
theagaisgfeas dhóibh aithrighe agus oibre na trócaire do dhéunamh.
Agas bíd roaireach cúramach an feadh bheid ag éisdeachd
aiffrinn nó seanmóra bheith tosdach, aireach coimhéudach
amháin ar a n-urnaighthe agus ar an oiffig dhiadha, muna mbeana
cúram sheirbhísi cháigh oile díobh é.



Do na dearbhbhráithribh agus do na deirbhsheathraibh
bhias teinn nó ghéubhas bás.



An ceathramhadh caibidil déug.



An tráth theigéumhas áonnduine don n-órd so teinn, atá
d'fhiachaibh ar an athair ar a mbíaidh a gcúram, dá bfhagha
sgéula ón easslán, cuairt do dhéunamh aige nó duine eile do
chur ar cuairt chuige uair san tsheachdmhain, agus a bhrosdadh
agus a ghríosadh go dúthrachdach dochum na haithrighe. Tabhradh
fós fá deara a riachdanas do thabhairt dó, muna bhfuil ní aige
féin, as an ndéirc gcoitchinn. Agas dá bhfagha bás, tugthar


L. 27



L. 28


sgéula gan mhoill dá gach duine don n-órd bhias a n-áonbhaile
nó a n-áonáit ris dochum bheith ina bpearsanaibh féin ar a
shochraide, agus ná sgaraid ris go gcríochnaighthear na haiffrinn agus
an t-adhlacadh. 'Na dhiaidh sin abradh gach áon do na
dearbhbhráithribh agus do na deirbhsheathraibh fó cheann ochd lá
cáoga Paidear, agus Requiem aeternam dóna eis Domine ar deireadh
gach Paidre dhíobh. An chuid imorró aca léughas an tpshaltair,
abraid ar son na bPaidreach réumhráite cáoga psalm, agus an
mhuinntear bhias 'na sagartaibh áonaiffrionn amháin. Atá
fós d'fhiachaibh ar gach énphearsain don n-ord sa trí
haiffrinn do chur dá rádh gach áoinbhliadhain le sláinte anmann
na ndearbhbhráithreach agus na ndeirbhsheathrach beó agus marbh.
An mhuinntear fós léughas an tpshaltair, abraid í leis an inntinn
gcéudna, agus an chuid oile céud Paidear, agus Requiem eternam dona
eis Domine a ndiaidh gach Paidre dhíobh.



d'oifigeachaibh an uird si.



An cúigeadh caibidil déug.



Glacadh gach duine don ord so go cráibhtheach gach oiffic agus
gach úalach dá n-órdaigheann an riaghail, agus bíd friochnamhach
dúthrachdach agá ndéunamh. Ná cuirthear oiffig ar áoinneach
dhíobh achd ar feadh aimsire áiridhe. Ná bíodh áonuachdarán
aca achd seal aimsire cinnte.



Don uisitation agus don smachdughadh as cóir do
dhéunamh ar luchd bhrisde na riaghla so.



An seiseadh caibidil déug.



Cruinnighitt oifficigh, dearbhbhráithre, agus seathra gach aonbhaile
dochum eaglaise nó ionaidh oile riaghalta, más éidir é,
dochum uisitatioin, agus bíodh sagart d'ord riaghalta éigin atá arna


L. 29



L. 30


dhaingniughadh ón eaglais 'na uisitátor aca, smaichdéochus
iad agus chuirfeas bhreith n-aithrighe orra ar son gach neith dá
ndiongnaid a n-aghaidh na sdaide riaghalta so. Agas ní héidir
d'aoinneach oile an uisitation ná an smachtughadh so do
dhéunamh achd do dhuine riaghalta amháin.



Ná déuntar an uisitation céudna achd uair san mbliadhain
gan riachdanas mór.



Cuirthear imorró as an órd, do chomhairle na ndisgréideadh,
na dáoine dosmachtaighthe nó easumhla muna leasaighid íad
féin iar bhfagháil teagaisg agus comhairle ón uisitátor trí huaire.



Mar atá d'fhiachaibh orra gan aimhréiteach
do bheith eatorra féin ná aca ré dáoinibh
oile.



An seachdmhadh caibidil déug.



Seachnaid dearbhbhráithre agus deirbhsheathra an uird si, an
mhéid bhús éidir é, gan aimhréiteach ná neimhtheacht do
bheith aca re a chéile; agus a gcás go tteigéumhadh sin eatorra,
bíd rochúramach aireach fá réiteach do dhéunamh, nó déunaid
moladh an dlighidh do láthair bhreitheamhan aga mbia
ughdardhás.



Do na dáoinibh leurab éidir dispensáid do
dhéunamh sna troisgthibh órdaigheas an
riaghail.



An t-ochdmhadh caibidil déug.



As éidir le hoirdionáiribh na n-ionadh a mbeid agus leis an
úisitátor a gcúis dhleisdionaigh, nó an tráth bhús iomchubhaidh
é, dispensáid do dhéunamh ris na dearbhráithribh agus ris na
deirbhsheathraibh in gach absdanaid, throsgadh, agus chrúas oile
órdaigheas an riaghail do choimhéud.


L. 31



L. 32


Mar atá d'fhiachaibh ar oifficeachaibh an uird
si gach lochd follas dá mbia sna dearbhbhráithribh
agus sna deirbhsheathraibh d'innisin
don úisitátor.



An naomhadh caibidil déug.



Atá d'fhiachaibh ar oifficeachaibh an uird si lochda coitcheanna
nó follasa cháich oile do nochdadh don uisitátor. Agas más
aithnidh dhóibh áoinneach, tar éis teagaisg agus comhairle d'fhagháil
trí huaire, leis ná budh áil é féin do leasughadh, maille re
comhairle na ndearbhbhráthar atáid 'na ndeisgréidibh déuntar
casáoid risan uisitátor air dochum go gcuireadh as an órd é; agus
cuirthear a gcéill do chách uile go coitcheann gur cuireadh
amach mar sin é.



Cionnas nach fuil áoinní dá bfhuil san riaghail
si d'fhiachaibh fá pheacadh mharbhtha.



An ficheadmhadh agus an chaibidil
déidheanach.



Ní fhuil obliogáid pheacaidh mharbhtha ar an muinntir
ghlacthar san riaghail si fá áoinní dá gcuirthear síos innte do
choimhéud achd an ní atá toirmisgthe ó aithne na heaglaise.
Gidheadh, atá d'fhiachaibh orra gach peannaid agus gach breath
aithrighe dá gcuirfid na huachdaráin orra ar shon na riaghla so
do bhriseadh do ghlacadh go fonnmhar umhal agus a coimhlíonadh
go dúthrachdach.



Críochnuighthear riaghail Threas Uird ar náomhathar
S. Froinsias.


L. 33



L. 34


Tráchdadh athchumair ina bfhoillsighthear
méud na tarbha agus na maitheasa spioradálta
atá ag an muinntir ghlacas an sdaid
bheannaighthe si.



As maith as éidir a rádh gurab cosmhail riaghail Threas Uird
S. Froinséis, dá ngoirthear Ord na hAithrighe, risan bfhearann
úd, ar a labhrann ar dTighearna Críosd ag Matha suisgél san
treas caibidil déug, ina raibhe óirchisde a bfholach. Óir atá
an uiread sin do sdór, d'ionnmhas, agus do mhaitheas spioradálta
a bfholach innte, ionnas, dá bhfaghadh cách go coitcheann eólas
nó tathaighidh uirre, dá dháoire dá goiséunadh dhóibh do
dhuadh, do dhochar, do throsgadh, d'urnaighthe, nó do pheannaid
chorpordha oile, go gcinneóchdaois í gan amharas, agus go háirídhe
nach fuil áoinneach aga bhfuil cúram fá mhaith agus fá leas a anma
nach glacfadh go fonnmhar a n-aisgidh í. Óir ní chuireann
ceangal ná obligáid ar an luchd ghlacas í fá áoinní dá bhfógrann
do choimhéud, agus gnoaighid roiomad saidhbhris agus maitheasa
spioradálta uirre.



Ar tús as mór an mhaith don mhuinntir ghlacthar san n-órd so go
fhuilid 'na gcloinn ndílis ag S. Froinsias agus go bhfhuil
cúram mór (mar bhíos ag athair fána chloinn) aige 'na dtimcheall,
go mbí ag guidhe Dé do shíor ar a son agus go bhfuil 'na
adhbhocóidigh aca a bfhiadhnaisi na Tríonnóide fá thrócaire do
dhéunamh orra, agus 'na sgéith dhídin, anacail, agus chosnamha
eatorra agus díoghaltas Dé an tráth do-níd peacadh, lé a mbrosdaid
agas lé a ngríosaid a fhearg. As meinic do thuill pobul Israhél
díoghaltas do theachd orra tréna bpeacthaibh troma;
gidheadh, do-bheireadh Día maithmheachas agus pardún dhóibh
tré impidhe agus ghuidhe Máoisi. Agas léughthar an ní céudna
ar iliomad náomh oile san tseinreachd agus san reachd núa. Agas
nach measann tú, mar adeir S. Bearnard milis, an tráth do
bhádar na náoimh coimhthréun agus comhchumhachdach agus so ar
Dhía ar an sáoghal sa go bfhuilid nías rochumhachdaighe agus


L. 35


nías roithréine iná sin anosa air a bfhlaitheamhnas? Meas, a
charaid, as so go bfhuil S. Froinsias roithréun anos ar nimh agus
'na impidheach romhór ar a Thighearna, agus mar sin gurab
mór an mhaith dhuitsi bheith id mhac aige agus a bheith ag guidhe
ar do shon do shíor.



Sgríobhaid fós mórán ughdar seasmhach foghlamtha,
Firmament. 3 ord., 1 p., f. 18; Specul. vit. S. Fran., f. 175;
Sacrarium privileg. S. Fran., f. 66 ad longum, agus iomad oile gur
dhearbh an Pápa, an náomhadh Griogóir, gur adaimh S.
Froinsias dó féin go bhfuair sé do ghrásuibh agus d'athchuinghidh
ó Dhía nach bhfuigheadh áoinneach drochbhás ina aibíd féin
choidhche, fá mar fuair do phriuiléid oile, mar adeirid na hughdair
chéudna, ná budh búan áoinneach aga mbiadh droichbheatha
ina ord gan a fhágbháil nó a bheatha do leasughadh.



Sgríobhaid mar an gcéudna ughdair oirdhearca, Bartolom.
Pisan., Conform., lib. 3, fruct. 3, f. 233; Specul. vit. S. Fran.,
f. 174; Anton de Aca, Lib. hist. stigm., c. 7; B. Ioanna de
Cruce, in revelat.; Iacob. Oddo, Specul. francisca.; Sacrarium
privileg. S. Fran., a n-append. ad longum, go dtug Críosd do S.
Froinsias, an tráth do chuir séula agus comhardha a chréuchd féin
air dochum go mbeith cosmhail ris féin iarna bhás fá mar do
bhí ina bheathaidh, cumhachda dul go purgadóir comhainm
an láoi fuair féin bás, dá ngoirmíd lá S. Froin., agus an mhéid
do-ghéubhadh dá thrí hordaibh féin ann do bhreith leis go
flaitheamhnas, mar do-chúaidh féin iar bhfagháil bháis dhó
go hiffrionn na n-aithreach náomhtha agus mar rug leis ar neamh
íad. Ionnas, mar so, gibé duine bhias i n-áonórd do thrí hordaibh
S. Froinsias, nach bíaidh do phurgadóir air gibé úair ghéubhas
bás achd go lá féile an náoimh chéudna. Agas cionnas nár
mhór an tarbha dhuitse atá san Treas Ord bheith páirteach
risan gcuid oile do chloinn San Froin. sna priuléidibh móra
so?



Atáid fós dearbhbhráithre agus seathra an uird si a bpáirt
agus a gcomann a loghthaibh, a ngrásaibh, agas a bpriuiléidibh
spioradálta re hOrd S. Froinsias, S. Clara, agas re hOrd S.
Dominic, mar geibhthear ag an mbulla tug Xixtus 4 úadh, dá
ngoirthear Bulla aurea, Firmament. 3 ord., p. 5, t. 4, fol. 36; agus
do bhrígh go bhfuil cumann ag na hordaibh réumhráite re gach


L. 36


áonord oile, mar geibhthear san mbulla chéudna, atá an
rannpháirt agus an cumann céudna acasan.



Atá cuid agus páirt aca dá gach urnaighthe, throsgadh,
aiffrionn, sheanmóir, dhisipliona, thuras, pheannaid, agus dá gach
obair dhíadha oile dá ndiongnaid bráithre S. Froinséis ar feadh
an domhain uile.



As mór an mhaith dóibh, ar son nach dáoine riaghalta
iad dáríribh do bhrígh nach dtugaid trí móide, mar atá móid
bhochdachda, gheanmnaidheachda, agus umhlachda, tar a cheann
sin go bhfuil riaghail agus beatha dhiadha aca do ordaigh agus do
thionnsgain S. Froinsias dobhí roéolach feasach ar na
slighthibh trésa ngabhthar go flaitheamhnas agus ar sheicréidibh
nDé. Atá fós iarna daingniughadh leis an eaglais náomhtha,
agas go ngealltar do neach an tan do-ní profession innte an
bheatha shuthain, má chongmhann í. Atá sí fós 'na slighidh
dhearbhtha chinnte chomhdhaingin dochum duine do shlánughadh
agus sin gan pheiriacail pheacaidh, óir ní cheanglann áoinní
fá phéin pheacaidh ar an luchd ghlacas í achd amháin
smachdughadh do ghlacadh ó na huachdaránaibh an tráth
do-ghéunaid áoinní 'na haghaidh.



Atá fós bliadhain aca mar atá ag gach áonord oile dochum
a ndearbhtha ria bprofession do dhéunamh dhóibh. Atá fós
aibíd do réir fhoirme, chuma, agus dhatha ar leith ó aibídibh na
n-ord oile aca, agus atáid a dtroisgthe, a n-urnaighthe, a ngnáthoibreacha
agus a n-exersise riaghalta síos aca ina riaghail go
hordaighthe, agus iad sin uile gan obliogáid pheacaidh, ina héidir
dispensáid do dhéunamh riú an tan bhús riachdanas nó bhús
iomchubhaidh é. Mar an gcéudna atáid a ndéunaid do
dheaghoibribh nías uaisle agus nías mórluaigh an tráth do-níd
íad do dhruim a bprofession san riaghail se ináid na hoibre
céudna an tan do-níd dáoine oile íad.



Cúis oile fárab mór an lúaighidheachd atá ag an muinntir
atá san n-órd so, .i. go bhfuil siocair laitheamhail aca freacar
agus exersis do dhéunamh sna huile shubháilchibh, mar ordaigheas
an riaghail dhóibh a n-áitibh éxamhla. Ar tús caithfid an
creideamh d'admháil, óir as éigean dóibh, mar adeir an riaghail
san chéudchaibidil, bheith 'na gcatoilicibh agus umhal don nEaglais


L. 37


Rómhánaigh. Bídh fós dóchus láidir aca, do bhrígh go
ndéunaid profession a nOrd na hAithrighe, as fundameint don
dóchus iar bpeacadh; óir mar nach éidir don tí nach déin
aithrighe d'éis pheacaidh dóchas do bheith aige go sláineóchthar
é, as mar sin bhíos lánndóchas ag an té do-ní í go sláineóchthar
é gan amharas, óir as í an aithrighe áointshlighe tré a ngabhaid
go flaitheamhnas an mhéid do-ní peacadh iar mbaisdeadh do
shíol Ádhaimh.



Atá siocair aca mar an gcéudna iad féin do fhreacrughadh
a ngrádh Dé, óir atá d'fhiachuibh orra, mar ordaigheas an
riaghail ina bprofession, cap. 2, gealladh do thabhairt na
haitheanta do choimhlíonadh agus do choimhéud, as séula agus as
comhardha fíre ghrádha Dé, mar adeir Críost ag Eóin, cap. 14,
“An té ghrádhaigheas mé, coimhéudaidh mh'aitheanta.”
Fógraidh fós an riaghail chéudna grádh na gcomharsan dhóibh,
óir iarraidh san cap. 6 réiteach agus síothcháin do dhéunamh riú
agus gan bheith a mbuaidhreadh ná a n-easáonta re háoinneach.



Fógraidh mar an gcéudna dhóibh na subháilche oile, agus ar
tús an ceart, san dara caibidil, do bhrígh go gcuireann
d'fhiachaibh aiseag do thabhairt dá gach duine dá ndligheann
fiacha dhíobh, óir as é an ceart fíre a chuid féin do thabhairt
dá gach áon.



Cuiridh fós an riaghail síos dá cloinn, cap. 9, bheith
trócaireach ríu féin agus risan gcomharsain; ríu féin imorró, óir
fógraidh dhóibh a dtiomna do dhéunamh fá cheann thrí míos
d'éis teachd san ord so d'eagla go bhfuighdís bás obann agus ionnas
go mbeidís a n-am a mbáis aireach cúramach ar a n-anmannuibh
amháin agus nach gcuirfeadh cúis ar bith shaoghalta búaidhreadh
orra. As é so imorro theagaisgeas an Spiorad Náomh, Eccle.
c. 19, ag rádh, “Dén trócaire ar th'anmain ag taitneamh re
Día.” Ordaighidh mar an gcéudna dhóibh, cap. 14, bheith
trócaireach re cách oile, ag guidhe agus ag urnaighthi ar bheóaibh
agus ar mharbhaibh, ag tabhairt déirce do bhochdoibh, ag déunamh
cuarta ag easslánaibh agus ag adhlacadh marbh.



Iarraidh fós an riaghail chéudna ar an luchd ghlacas í
bheith umhal uiríseal, agus tarcaisneach ar an sáoghal, óir ordaighidh
dhóibh, cap. 3, éudach tarcaisneach beagluaigh gan
bhreaghdhachd gan bhaos.


L. 38


Ordaighidh fós dóibh bheith measarrdha troisgtheach,
mar as follas as a gcuireann do throisgthibh agus d'absdanaid
síos san gcúigeadh caibidil.



Ordaighidh mar an gcéudna, cap. 8, don luchd ghlacas
í bheith cráibhtheach diadha, óir cuiridh d'fhiachaibh orra
trátha cánonta nó a gcoimhlíonadh do Phaidreachaibh do rádh
gach láoi maille re mórán d'urnaighthe oile.



Os cionn a ndubhramar as mór an mhaith thig dhóibh
as an gcúram agus as an aire bhíos ag na huachdaránaibh orra,
gá dteagasg agus gá mbrosdadh dochum gach neith dá n-ordaigheann
an riaghail do choimhéud, dochum aithrighe do dhéunamh agus
dola ar a n-aghaidh go laitheamhail sna subháilchibh. As mór
fós an congnamh dhóibh chuige sin an tnúth spioradálta bhíos
aca féin re chéile cía dhíobh do bhéuradh barr a subháilchibh
agus a gcoimhéud na riaghla. As láidir fós an srian dá gcongmháil
ó dhroichbhéusaibh agus ó pheacadh go mbí meas riaghalta ag na
dáoinibh sáoghalta orra ar mhodh go mbí eagla agus náire orra
fá gan bheith nías subháilchighe agus nías deigheisiompláirighi
iná chách oile. Brosdaighidh mar an gcéudna dochum
maitheasa iad eagla a gcora as an n-órd dá mbeidís droicheisiompláireach,
mar órdaigheas an riaghail, cap. 16, ní as a
bhfuighdís droichmheas agus míochlú sáoghalta. As moghéunar
dá bhrígh sin do na dáoinibh bochda, atá arna mbádhadh agus arna
gcoimhcheangal a gcúram an tsháoghail agus a gconntabhairt a
ndamanta, theagas san n-ord bheannaighthe si ina bhfaghaid
gach congnamh dá ndubhramar dochum a slánaighthe gan
oibliogáid pheacaidh mharbhtha orra 'na dheadhaidh. As
mór an lúthgháire do bheith ar dhuine do-ghéubhadh saidhbhrios
nó maitheas sáoghalta tré sháothar agus tré dhochar mhór, agas
cionnas ná bhudh maith le luchd na riaghla sa an saidhbhreas
spiordálta agus an maitheas díadha ghnoaighthear agus bhuadhaighthear
san ord so d'fhagháil gan mórán duaidh ná dochair, gan
ualach go háiridhe fá oibliogáid orra 'na díaidh achd bheith ag
déunamh leasa a n-anmann agus ag triall dá ndúthaigh tré shlighidh
na haithrighe go ríoghaichd nimhe go sáimh sásda socair mar
bhíos neach a luing nó a gcarbad gan tuirsi gan dochar ag
triall ó thír go tír? Ionnas dar lat gurab risan luchd ghlacas


L. 39


an riaghail si labhras Críosd ag Matha 11, “Tógbhaidh mo
chuing-se agus do-ghéubha sibh cíunas dá bhar n-anmannaibh, óir
atá mo chuing milis agus mh'ualach éudtrom.” As iomdha maith
mhór táobh amuigh dá ndubhramar ag an luchd ghlacas an
sdaid náomhtha so nach gcuirfeam síos annso d'eagla bheith
liosda.


L. 40


Tráchdthar annso ar loghthaibh agus ar
ghrásaibh spioradálta Threas Uird San
Froinséis.



Tug an Pápa Xixtus 4 loghadh iomlán don uile dhuine
idir fhior agus mhnáoi an lá ghlacfas aibíd an Treas Uird. Atá
an loghadh céudna aca a bpunc a mbáis agus áonuair amháin ina
mbeathaidh, Monument. trium ordin., p.5, t.2, f.36.



Do mhol agus do dhaingnigh an Pápa Paulus 5 an loghadh
réumhráite an bhliadhain si d'áois Chríosd 1606, agus tug loghadh
na n-uile pheacadh dhóibh lá a bprofession dá ndearnaid
fáoisidin aithrigheach agus comáoineacha do ghlacadh an lá céudna.



Tug fós an pápa Iulius 2 dóibh loghadh iomlán gach lá
adéuraid coróin Mhuire, ina bhfuil 62 Ave Maria a gcuimhne 62
bhliadhan meastar Muire do bheith ar an sáoghal sa, ag rádh
Paidre idir gach dá dheichneabhar agus áonPhaidre go n-Ave Maria
fá dheireadh le hinntinn an phápa.



Tug Leo 10 an loghadh céudna dhóibh, ag rádh na
gcúig psalm ndéug dá ngoirthear graduales. Tug an pápa
céudna dá gach sagart don órd gach uair adéura aiffrionn
Conception Muire, agus dá gach duine eile don n-órd so dá n-éisdfe
é, loghadh iomlán. Tug fós míle bliadhan do loghadh dá gach
duine dhíobh gach uair adéura cúig Paidreacha déug a síothcháin
chréuchd Críosd.



Tugadar na Pápadha Innocentius 4 agus Leo 10 do na
sagartaibh bhías san ord so, gach áonnDomhnach agus gach féusda
Muire nó an Tighearna adéuraid aiffrionn, agus dá gach duine oile
don ord dá ndiongna fáoisidin agus comáoineacha sna laithibh
céudna, loghadh iomlán.



Tug an Pápa Clemens 5 cúig céud agus trí fichid lá do
loghadh dá gach duine don n-ord sa bhías do láthair an
chruinnighthe, ordaigheas an riaghail dóibh do dhéunamh uair
san mí, ag éisdeachd risan riaghail gá léughadh.



Tug an Pápa Xixtus 4 dá gach duine don n-ord so, gach
lá adéura cúig Paidreacha agus cúig AveMaria le sdaid na hEaglaisi


L. 41


Catoilice, san eaglais as neasa dhó nó san eaglais a dtoigéora
fén, an uile loghadh agus ghrása do-ghéubhadh dá ndéunadh ina
phearsain féin turas eaglas na Rómha agus Eaccailse Muire na
nAingeal an lá sin.



Tug an Pápa Leo 10 fós dhóibh, an uile uair do ló nó
d'oidhche adéuraid cúig Paidreacha agus cúig Ave Maria agus
áonPhaidear agus Ave Maria agus Gloria Patri le hinntinn an phápa,
na loghtha céudna agus loghtha Ierusalem agus San Sém a
gCompostealla.



Dochum go dtuigfeadáois cách go soilléir agus fá leith na loghtha so
na Rómha, cuirfeam síos annso go hathchumair an chuid as
prinnsiopálta dá loghthaibh iomlána do réir uird laitheadh
na míos ina bhfuilid.



Mí Ian..



Lá Circumsition an Tighearna, loghadh iomlán, i nEaglais Eóin.
Lá na hEpiphaini, loghadh iomlán, i nEaglais Pheadair.
Lá Octáiue na hEpiphaini, loghadh iomlán, i nEaglais S. Marcus.
Lá San Sebaistian, i n-eaglais an naoimh chéudna, loghadh
iomlán.



Mí Feb.



Lá féile Muire na gCoinneall, i nEaglais Mhuire, loghadh iomlán.
Lá Chatháoire Pheadair, a nEaglais Pheadair, loghadh iomlán.
Lá féile Matias, a nEaglais Mhuire, loghadh iomlán.



Mí Mart..



Lá S. Tomás, a nEaglais Minerua, loghadh iomlán.
A Uigil Sant Beinéd, i nEaglais Ierusalem, loghadh iomlán.
Lá S. Grioghóir, ina eaglais féin, loghadh iomlán.
Lá féile Muire na Sanaisi, i nEaglais Mhuire, loghadh iomlán.
Gach aon-tShatharn san gCorghus, i nEaglais Mhuire, loghadh
iomlán.
Gach áonlá ó Luan Dhomhnaigh na Pailme go Lúan Cásg,
loghadh iomlán, a nEaglais S. Marcus.
Lá Cásg, i nEaglais Pheadair náomhtha, loghadh iomlán.


L. 42


Mí April..



Lá S. Marcus, loghadh iomlán.



Mí Mai.



Lá Bealtoine, a nEaglais An Dá Apstol Déug, loghadh iomlán.
Lá S. Bernardin. d'Ord S. Froin., i nAra Caeli, loghadh iomlán.
Lá Deasgabhála an Tighearna, a nEaglais Pheadair, loghadh
iomlán.
Lá Chuirp Chríosd, san eaglais chéudna, loghadh iomlán.
Gach áonnDomhnach don mhí si, a nEaglais S. Seabaisttian,
loghadh iomlán.



Mí Iúin.



Lá S. Antoine de Padua, i nEaglais Ara Caeli, loghadh iomlán.
Lá fhéile Eóin Baisde, a n-eaglas an náoimh chéudna,
loghadh iomlán.
Lá fhéile Peadair agus Póil, ina n-eagalsaibh féin, loghadh iomlán.



Mí Iul.



Lá Cuarta Muire, ina heaglais féin, loghadh iomlán.
Lá S. Bonauentura, a nEaglais Pheadair, loghadh iomlán.
Lá Muire Magdalen, ina heaglais féin, loghadh iomlán.
Lá S. Alexius, ina eaglais féin, loghadh iomlán.
Lá S. Séum, ina eaglais féin, loghadh iomlán.



Mí August.



Lá Ghlas Pheadair agus ar feadh a octáiue, ina eaglais féin, loghadh
iomlán.
Lá fhéile Muire an tSneachda, a nEaglais Mhóir Mhuire, loghadh
iomlán.
Lá S. Dominic, a Minerua, loghadh iomlán.
Lá S. Laurás, ina eaglais féin, loghadh iomlán.
Lá S. Clara, i n-eaglasaibh Uird S. Froinséis, loghadh iomlán.
Lá Assumptioin Muire, ina heaglais mhóir féin, loghadh iomlán.
Lá S. Ludouicus, i n-eaglasaibh na mBráthar Mionúr, loghadh
iomlán.
Lá S. Augustín, ina eaglais féin, loghadh iomlán.


L. 43


Mí Sept.



Lá fhéile Muire mór, ina heaglais féin, loghadh iomlán.
Lá féile na Croiche, i nEaglais na Croiche náoimhe, loghadh
iomlán.
Lá S. Ieronimus, i nEaglais Mhóir Mhure, loghadh iomlán.
Lá fhéile Míchíl, ina eacclais féin, loghadh iomlán.



Mí Octob.



Lá S. Froinséis, ina eaglais féin, loghadh iomlán.



Mí Nouemb.



Lá Samhna, san Eaglais Rotunda, loghadh iomlán.
Lá na Marbh agus go ceann ochd lá 'na dhiaidh, a nEaglais
S. Ghriogh., loghadh iomlán.
Lá Dedíchatioin Eaglaisi ar Slánaightheóra, san eaglais chéudna,
loghadh iomlán.
Lá Présentatioin Mhuire, a n-eaglasaibh Uird S. Froinséis,
loghadh iomlán.
Lá S. Siosuile, ina heaglais féin, loghadh iomlán.
Lá S. Clemens, ina eaglais féin, loghadh iomlán.
Lá féile Aindréas absdail, i nEaglais Pheadair, loghadh iomlán.



Mí Decemb.



Lá S. Niocolás, ina eacclais féin, loghadh iomlán.
Lá S. Ambrós, ina eacclais féin, loghadh iomlán.
Lá Conceptioin Mhuire, ina heaglais féin, loghadh iomlán.
Lá Nodlac, a nEaglais Ara Caeli, loghadh iomlán.
Lá S. Steapháin, i nEaglais S. Laurás, loghadh iomlán.
Lá Eóin abstail, loghadh iomlán, a nEaglais ar Slánaightheóra.
Lá na Macraidhe, a nEaglais Phóil abstail, loghadh iomlán.
Lá S. Siluester, ina eaglais féin, loghadh iomlán.



Tug fós Innocent 8 tré chumann phriuiléideadh dá gach áon
don n-ord sa loghadh na n-uile pheacadh a bhféusda gach náoimh
do thrí horduibh S. Froinséis dá bfhuil síosana, mar atá:


L. 44


Lá Náomhanma Íosa, 1 Ian.
Lá na mairtíreach S. Bern., Pet., Acur., etc., 16 Ian.
Lá Mairtíreach na Iapponia, 5 Feb.
Lá Translation San Antoini de Padua, 15 Feb.
Lá S. Conrad. de Placent., 19 Feb.
Lá S. Margarita de Cortona, 22 Feb.
Lá S. Coleta, 6 Mar.
Lá S. Pascalis, 16 Maí.
Lá Translation San Bernardin., 18 Maí.
Lá S. Felix, 19 Maí.
Lá Translation S. Froinséis, 25 Maí.
Lá S. Antoini de Padua, 13 Iun.
Lá S. Elisabet, bainríoghna na Portugaile, 16 Iul.
Lá S. Bonauentura, doctúir na heaglaise, 14 Iul.
Lá Portiuncula nó Dedication Eagluise Muire na nAingeal,
2 Aug.
Lá S. Clara, 12 Aug.
Lá S. Rocus, 16 Aug.
Lá S. Ludouic, mac ríogh na Siosuile, 19 Aug.
Lá S. Ludouic, ríogh Franc, 25 Aug.
Lá S. Rosa, 4 Septem.
Lá Chréuchd S. Froinséis, 17 Sep.
Lá S. Elsearius, 28 Sep.
Lá Translation S. Clara, 2 Octob.
Lá S. Froinséis, 4 Octob.
Lá na mairtíreach Daniel, etc., 13 Octob.
Lá S. Peadair de Alcantara, 19 Octob.
Lá S. Ioan. Capistran., 23 Octob.
Lá S. Iuo, 27 October.
Lá Translation S. Ludouic, 10 Nouemb.
Lá S. Didacus, 12 Nouem.
Lá S. Elisabet, bainríoghna na Turingiae, 19 Nouem.
Lá S. Iacob. de Marchia, 28 Nouem.
Lá Conception Muire, 8 Decem.



As iomdha loghtha agus grása leath amuigh díobh so ag an n-ord
naomhtha so nach mian leam do chor síos annso do sheachna
liosdachda. Agas dar leam as áoibhinn do neach an urdail si


L. 45


féin do sdór agus d'ionnmhas dhiadha do bheith aige re haghaidh
na sligheadh cruaidhe trésa ngabhthar don tír anonn agus fós re
haghaidh gach fiach dtrom dá luigheann ag Dia go laitheamhuil
orainn tré mhéud ar bpeacadh agus tré loighead ar n-aithrighe
do dhíol ris gan mórán dochair nó sáothair dúinn féin dá
sáothrughadh.


L. 46


Tráchdthar annso ar méud onóra Threas Uird
S. Froinséis fárab cóir móirmhes do bheith
air.



Ar tús as mór an onóir don n-ord náomhtha so gurab le
hordughadh ar Slánaighthéora agus ar dTighearna Críosd do
tionnsgnadh é, óir do labhair féin re S. Froinsias ag rádh trí
huaire, “A Fhroinséis, tógaibh mo theach atá ag tuitim uile,
mar do-chí tú féin.” Agas adeir an doctúir S. Bonauentura a
mbeathaidh S. Froinséis gurab ar thrí hordaibh S. Froinséis
do labhair Críosd trér tógbhadh agus trésar hathnuaidhigheadh
teach Dé, .i. an eaglas.



Cúis oile fárab onórach an t-ord so: do bhrígh gur
tairngireadh é cían re n-aimsir S. Froinséis leis an abb dar
bh'ainm Ioachim, aga raibhe spiorad thairrngire, mar sgríobhas
Bartholom. Pisan., Lib.1 confor., fruc.1. Dar lat fós
cuiridh an Spiorad Náomh fhíoghuir an uird si síos go soilléir
san sgrioptúir ndiadha, Genes.19, mar a bhfhaghthar gur chuir
Día (an tráth dobhí ar tí Sodoma do dhódh agus do losgadh go
lár tré thenidh ó nimh) aingeal gusan bfhírén Lot agá fhógra
dhó teicheamh agus gan anmhain ar áonchor a ngar don chathraigh
mhallaighthi sin achd gluasachd go sliabh árd dochum a anma
d'anacal agus do theasargain ar dhíoghaltas nDé. Agas mar do
mheas Lot nár bh'éidir leis aitreabhadh nó comhnaidhe ar an
sliabh árd, mar adubhradh ris, do iarr d'athchuinghidh agus do
ghrásaibh ar an aingeal cead do thabhairt dhó anmhain a
gcathraigh mbig dobhí idir Shodoma agus an sliabh, darab ainm
Segor, dá imdhídean, ní noch do cheadaigh an t-aingeal dó.



As éidir a rádh agus adeirthior go coitcheann gurab í an sdaid
riaghalta ina dtugthar trí móide, tréna hairde agus tréna cruas,
chiallaigheas an sliabh sa, agus gurab é an sáoghal bochd líonta
do lochdoibh agus do pheacthoibh trésa dtuilltear fearg agus díoghaltas
Dé tuigthear tré Shodoma, agus gurab é S. Froinsias ainglighe
chiallaidheas an t-aingeal úd do cuireadh do sháoradh Lot, ar


L. 47


a dtabhair an t-absdal Eóin, Apocal. 7, (do réir mar do
foillsigheadh don náomhdhoctúir S. Bonauentura) aingeal ar a
raibhe comharrdha Dé bhí, do ghoir agus do thogh Dia dochum
na druinge dá ttug féin grádh agus gean, chiallaigheas Lot do
tharraing agus do thréorughadh as Sodoma mhallaighthe an
tsháoghail se dochum sdaide áirde na foirbhtheachda riaghalta,
mar atáid an dá chéudord do thionnsgain. Agas do bhrígh
go bfhuil mórán, ar aithris Lot, ag nach fuil meisneach an sdaid
árd so do ghlacadh ná dol súas ar shliabh na foirbhtheachda
riaghalta, do ordaigh ar náomhathair S. Froinsias dhóibh teachd
go cathraigh Segor (ionann segor, do réir mhínighthe Chrisostomus,
agus uirísiol nó beag) .i. a riaghail uirísil na haithrighe nó an Treas
Uird, idir an sliabh, .i. idir sdaid dhocomhlaigh na beathadh
riaghalta agus Sodoma an tsháoghail mheabhlaigh, dá gcáomhna
agus dá n-imdhídean ar lasair theinntighe na ndubháilcheadh agus
pheacadh ndeamhanda an tsháoghail chéudna, óir as do dháoinibh
lé nach áil agus lé nach éidir dol a sdaid riaghalta, mar atáid
lánomhna pósda, seanndáoine, agus aos easslán, do hordaigheadh í.



Cuiridh an t-airdeaspug náomhtha d'Ord oirrdheirc S. Dominic,
.i. S. Antoninus, ina chroinic, tit.24, c.1, ar n-athair S. Froinsias
a gcosmhaileas risan bpatriarc Noe: óir mar do-rinne sé lé
hordughadh nDé an áirc (ria ndílinn do theachd ar an gcineadh
ndáonna) ina rabhadar trí teaghdhaisi ina mbeidís a rabhadar
do dháoinibh agus d'ainmhintibh innte dá n-imdhídean ar an
dílinn, as mar sin (ar sé) do ordaigh S. Froinsias trí huird, mar
atáid an tOrd Mionúr, Ord S. Clára, agus Ord na hAithrighe, dá
ngoirthear an Treas Ord, dochum gach áoin dá mbeith a
n-áointeaghdhais don áirc náomhtha sa, .i. a n-áonord do na
trí hordaibh réumhráite, do bheith gan ghuais gan ghábhadh ar
dhílinn pheacadh agus dhubháilcheadh an tsháoghail si agus ar daingean
ón mbás síordhuidhe. Óir, amhail fa deirbhfhear leanamhna
láinndíleas d'Íosa Críosd léur bhó mian agus leur bho saint na
huile do shlánughadh é, as amhlaidh sin, a n-ionnshamhail an
Chríosd chéudna, dobhí ar lasadh d'fhonn agus d'áilghios an uile
sdaid agus an uile dhrong agus aicme d'anacal agus do shlánughadh ó
mhuir ngáibhthigh nguasachdaigh na beathadh urchradhaighe si;
agus do chuir na trí náomhuird réumhráite a n-oireamhain don uile
chinéul agus aicme, ionnas nach fuil críosduidhe ar bith, iar rochdain


L. 48


go háois ndleisdionaigh dó, dá nach éidir é féin do shlánughadh
a n-ord éigin aca.



Dar lat fós as fioghuir fhírinneach do S. Froinsias agus do na
trí hordaibh do thionnsgain (agárab é so an tras ord díobh) an
crann fíneamhna úd ar a labharthar, Gen. 40, ar a rabhadar
trí géuga glanáilne dá dtáinic bláth agus toradh adhbhalmhór,
óir as álainn aidhbhseach an bláth agus an toradh tromchnúais
táinig do na trí náomhordaibh neamhdha sin, go háiridhe d'Ord
na hAithrighe ar a bhfuilmíd ag labhairt anois, óir do-chuaidh
tar cinnteachd agus tar áireamh an nuimhir do ríoghaibh, do
bhainríoghnaibh, do chairdionálaibh, d'easbagubh, d'airdeasbaguibh,
agus do phréuláidibh oile, do shagartaibh beannaighthe,
do phrionnsadhaibh, do dhiúiceadhaibh, d'iarladhaibh, do
bharúnaibh, agus do dháoinibh móra oile, agas d'uaislibh gacha
haicme ó soin amach dobhí agus atá aniodh san ord céudna,
noch as éidir don léughthóir d'fhéuchuin agus d'fhagháil ag mórán
d'ughdaraibh oile. Agas gé gurab mór so do mheas agus d'onóir
don ord so, as mó go mór do ghlóir agas do dhearsgnoidheachd
dó a dtáinig do náomhaibh oirrdhearca dhe iná nuimhir dá
haidhbhle do ríoghaibh agus do phrionnsadhaibh sháoghalta, cuid
dhíobh dá ngoirthear sancti, .i. re nglacann an eaglas go
genearálta mar náomhaibh, cuid oile beati, .i. beannaighthe,
onóraighthear i n-áitibh spesialta bíodh nach dearnadh fós
canonisation orra.



Cuirfeam a suim uile síos annso a rulla agus lá a fhéile féin os
comhair gach áoin dhíobh as ughdaraibh seasmhacha dearbhtha,
mar atáid Gonsaga, Marcus de Liosbona, agus Lúcás Uaiding a
gcroinic Uird S. Froinséis; Antonius de Sillis, De tertiariis;
Firmament. 3 ord., 5 p.; Bernardi. de Bustis; Arbor franciscana;
Martirolog. Uird S. Froinséis. As éidir leis an léughthóir
beathadha na náomh sa d'fhagháil ag na hughdaraibh céudna
verbo Tertiaríí.


L. 49


Rulla náomh agus bhannáomh Threas Uird S. Froinséis,
dá ngoirthear Ord na hAithrighe,
onóruigheas an n-eaglas go generálta.



Do bhrígh nach é amháin go bfhuil S. Froinsias 'na athair agus
'na fhundúir ag an n-ord sa, mar atá ag an dá ord oile do
thionnsgain, achd fós go raibhe féin dhá bhliadhain chomhlána
sul do thionnsgain áonord oile a n-aibíd na haithrighe, cuirfeam
síos a dtús an rulla é.



S. Froinsias, 4 Octob.
S. Elisabeth, inghean ríogh na Hungari, 19 Nouem.
S. Ludouic, rí Franc, 25 Augst.
S. Iuo, sagart, 19 maí.
S. Elsearius, iarla, 27 Sept.
S. Elisabet, banríoghan na Portugaile, 4 Iulí.



Gó so na náoimh dá ngoirthear sancti, .i. onóraigheas an eaglas
go geinearálta.



As iad so imorró na beati, mar atáid:



B. Rosa, ógh, 4 Sept.
B. Rocus, pátrún lochda na pláighe, 16 August.
B. Francisca Romana, bantreabhthach, 9 Mart.
B. Margarita de Cortona, 22 Feb.
B. Conrad. Placent., 19 Feb.



A.



Beatus Achas Toraltanus, conf., 11 Iúil
B. Agnes a Ferro, 3 Iun.
B. Agnes Uiotta, ógh, 15 Iul.
B. Albertus de Monte Acuto, 25 Nouem.
B. Aldonsa Pantoxia, ógh, 7 Sep.
B. Alexander de Perusia, conf., 10 Sept.
B. Andreas de Tuderto, 6 Mar.
B. Alisa Bugotta, 29 Iun.


L. 50


B. Angelina Carbara, 25 Decem.
B. Angelinus Danesius, conf., 16 Iúin.
B. Angelus Storrens, conf., 29 Iul.
B. Anna, banab Aeruallo, ógh, 25 Feb.
B. Anonimus, confes., 5 Iúin.
B. Antonius Aethiops, conf., 25 Augus.
B. Antonius Duisco, mart., 5 Feb.
B. Antonius Hungarus, 13 Maí.
B. Antonius Nagansachius, martir, 5 Feb.
B. Antonius Niger, 14 Mart.
B. Antonius a Puteofidone, conf., 4 April.
B. Antonius de Urbino, conf., 6 Febr.
B. Apostolus Neapoli, conf., 17 Sept.
B. Archangela Tardera, ógh, 25 Mart.



B.



B. Baptisa, ógh Placentiae, 5 Sept.
B. Bartholomeus de Eugubio, 3 Ia.
B. Bartholus a S. Geminiano, 13 Decemb.
B. Beatrix Gerao, ógh, 18 Dec.
B. Beatrix Hermosilla, ógh, 2 Mar.
B. Beatrix a Rusconibus, 19 Dec.
B. Beatrix a S. Fran., baintreabhthach, 29 Aug.
B. Beatrix, deirbhshiúr S. Clara, 25 Ian.
B. Belias, rí na Hungairi.
B. Beneuenuta de Ancona, 9 Ian.
B. Bernardina, ógh, 21 Sept.
B. Blanca, bainríoghan na Cataluine.
B. Bernardina a Rosa, 4 Oct.
B. Blanca, bainríoghan na Fraince, 30 Nouem.
B. Bona, baintreabhthach, bean B. Lucius, 5 Aug.
B. Bonauentura Duisco, martir, 5 Feb.
B. Bonitius Uolaterranus, conf., 11 Iul.
B. Brigitta Gonsales, ógh, 15 Oct.


L. 51


C



B. Carolus a Dendano, conf., 17 Sept.
B. Carolus a Monte feltro, conf., 19 Sept.
B. Carolus de Montegranello, 24 Nouem.
B. Catarina Cialina, ógh, 9 Ian.
B. Catarina Euangelista, ógh, 6 Sept.
B. Catarina Lopetia, baintreabhthach, 15 Maii.
B. Catarina Mediolanensis, baintreabhthach, 13 Oct.
B. Catarina, bainríoghan Bosne, 25 Oct.
B. Catarina Ruis, ógh, 3 Ian.
B. Catarina a Uino, 3 Maii.
B. Cristina a S. Cruce, 10 Mart.
B. Clara a Cantana, ógh, 19 Apr.
B. Clara Fulginas, ógh, 1 Iul.
B. Clara Mairtines, baintreabhthach, 3 April.
B. Constantia a Castro, baintreabhthach, 14 Iun.
B. Cornelius Battadurus, mairtír, 9 Iul.
B. Cosmas Tagnia, martir, 5 Feb.



D



B. Delphina, ógh agus baintreabhthach, 26 Nouem.
B. Demetrius Albanensis, 21 Ap.
B. Dulcelina, ógh, 29 Oct.



E



B. Elisabet Lopetia, bantreabhthach, 27 Sep.
B. Elisabeta Pontia, baintreabhthach, 30 April.
B. Elisabeta Reitensis, ógh, 7 Ian.
B. Elisabéta de Rota, 5 April.
B. Elisabeta a S. Cruce, 15 Dec.
B. Elisabeta Uerdugo, ógh, 5 Iun.
B. Elisabeta Panorm., ógh, 16 Maii.
B. Elisabet Osoria, 6 Nou.
B. Euphrosina, baintreabhthach, 4 Ian.


L. 52


F



B. Francisca a Bugaro, ógh, 5 Iúil.
B. Francisca Eugubina, 6 Feb.
B. Francisca Gerao, ógh, 28 Dec.
B. Francisca Pontia, ógh, 6 Feb.
B. Francisca de Pontianis, baintreabhthach, 9 Mart.
B. Francisca Roderiques, baintreabhthach, 20 Maí.
B. Francisca a S. Anna, ógh, 5 Nou.
B. Francisca a S. Cruce, ógh, 21 Mar.
B. Francisa Ripe, 9 Maí.
B. Franciscus a Calabria, conf., 3 Decem.
B. Francisc. Carpenturus, martir, 5 Feb.
B. Franciscus Cathansius, conf., 15 Nouemb.
B. Franciscus Siccus, conf., 4 Aug.
B. Franciscus Medicus, martir, 5 Feb.
B. Franciscus de Pisauro, 4 Au.



G



B. Gabriel Duisco, martir, 5 Febr.
B. Garsenda, buime B. Elsearius, 8 Nouemb.
B. Gualterius Taruisinus, easpog agus conf., 24 Aug.
B. Gualterius, conf., 2 Ian.
B. Geallurdus, conf., 13 Maí.



H



B. Hadriana Cortoni, 14 Iul.
B. Helena a Latere, ógh, 13 Maí.
B. Henricus, rí Lochlunn, conf., 13 Mar.
B. Heremias a Cumo, conf., 30 Iul.
B. Hieronimus de Ancona, conf., 2 Ian.
B. Humiliana de Florentia, 19 Maí.



I



B. Iacoba a Setem solis, baintreabhthach, 8 Feb.
B. Iacobus de Launda, martir, 15 Ian.
B. Iacobus de Castroplebe, sagart, 15 Feb.


L. 53


B. Innocentia Ricci, ógh, 1 Dec.
B. Ioachim Saguierus, martir, 5 Feb.
B. Ioanna a Cruce, ógh, 3 Maí.
B. Ioanna a Felicibus, 16 Ian.
B. Ioanna Florintina, 7 Iul.
B. Ioanna Lopetia, ógh, 26 Mar.
B. Ioanna a S. Maria, 22 Ian.
B. Ioanna Signiensis, 23 April.
B. Ioanna a Uino, 3 Maí.
B. Ioanna Ruderiques, baintreabhthach, 6 Ian.
B. Ionna de Rauenna, 16 Iun.
B. Ioannellus, conf., 1 Feb.
B. Ioannes Erimicola, conf., 22 April.
B. Ioannes Garidus, conf., 9 Nou.
B. Ioannes de Grecio, conf., 2 Nouemb.
B. Ioannes Mairtines, conf., 24 Iul.
B. Ioannes Niger, martir, 24 Iun.
B. Iaonnes Cuisuia, martir, 5 Feb.
B. Iaonnes de Urbino, conf., 22 Aug.
B. Iaonnes Callíí, conf., 21 Apr.
B. Iuliánus Donatus, conf., 21 Dec.
B. Iutra, ógh, 19 Mar.



L



B. Landonus de Monte feltro, conf., 29 Iul.
B. Leo Carisa, mairtir, 5 Feb.
B. Leo, ardeasbog Milan, 18 Dec.
B. Leonora, ógh, 10 Ian.
B. Luchesius, conf., 28 April.
B. Lucia Ueneta, 21 Ian.
B. Lucia Nusia, ógh, 12 Ian.
B. Lucida, ógh, 12 Iul.
B. Lucius, conf., prímhghein an Treas Uird, 24 Aug.
B. Lucius, martir, 10 Sep.
B. Ludouica, 9 Nouem.
B. Ludouica Duisco, martir, 5 Feb.
B. Ludouicus de Freitas, mairtir, 25 Aug.


L. 54


M



B. Magdalena Neapoli, 26 Maí.
B. Maldonata, baintreabhtheach, 30 Mar.
B. Margarita ógh a Ualentia, 9 Decem.
B. Margarita de Monte falcone, 11 Mar.
B. Margarita de Fulgineo, 13 Iun.
B. Maria Gerao, ógh, 18 Decem.
B. Maria Gonsalua, ógh, 29 Aug.
B. Maria Gonsalua, ógh, 8 Iun.
B. Maria Mungnes, 28 Maí.
B. Maria de Ortega, ógh, 21 Mra.
B. Maria Penalosa, ógh, 10 Apr.
B. Maria Ruisia, ógh, 7 Nouem.
B. Maria Sancia, ógh, 20 Mart.
B. Maria de Sille, 28 Mar.
B. Maria a Spiritu sancto, 3 Ian.
B. Maria Clemens, 30 Mar.
B. Maria Mendosa, 25 Maí.
B. Maria Monacha, 29 Sept.
B. Martin, martir, 5 Feb.
B. Mattheus, conf., 12 Nouemb.
B. Mea de Senis, 13 Decem.
B. Micaelina de Pisauro, baintreabhthach, 19 Iun.
B. Munuera, baintreabhthach, 18 Dec.



N



B. Nicolusius, conf., 30 Aug.
B. Nuncia, baintreabhthach, 1 Nou.



O



B. Olalia Gomesia, baintreabhthach, 9 Maí.
B. Osoria, ógh, 2 Decem.



P



B. Paschalina de Fulginio, ógh, 4 Feb.
B. Paula Gambara, 24 Ian.
B. Paula de Fulgineo, 21 Dec.


L. 55


B. Paulus Ibarichius, martir, 5 Feb.
B. Paulus Susichius, martir, 5 Feb.
B. Pelingotus, conf., 1 Iuni.
B. Petrus Xuchexico, martir, 5 Feb.
B. Petrus a Colle, 21 Aug.
B. Petrus Hispanus, confessor, 24 Iun.
B. Petrus Pictinarius, conf., 4 Decem.
B. Petrus Romanus, martir, 4 April.
B. Pica, máthair S. Froinsias.
B. Pierona Mechlinie, 16 Mar.



R



B. Raimundus Lullus, mar., 26 Mar.
B. Ricardus, easbog Fossumbroni, 7 Aug.
B. Robertus Malatesta, conf., 10 Oct.
B. Rolandus, conf., 10 Iun.
B. Rostangnus de Marsilia, 23 Maí.



S



B. Sancia, ógh, 29 Sep.
B. Sancia, bainríoghan na Siosuile, 28 Iul.
B. Sancia Martines, baintreabhthach, 27 Iun.
B. Sirina, seu Sira, Pesauri, 31 De.
B. Stuppa, conf., 29 Ian.



T



B. Tobia, baintreabhthach, 1 Mar.
B. Tomas Cosacius, mar., 5 Feb.
B. Tomas Fulginas, conf., 15 Sep.
B. Tirasia, uidua, 9 Ian.



U



B. Ubaldus, conf., 1 Mar.
B. Ueridiana de Florentia, 1 Feb.
B. Uiolanta, baintreabhthach, 19 Maí.
B. Uitalis, conf., 25 Nouem.
B. Urraca Roderica, baintreabhthach, 29 Iun.


L. 56


Don mhodh ar ar cóir duine do ghlacadh a
n-aibíd Threas Uird S. Froinséis.



An tráth bhias neach ag glacadh aibíde an uird si, ar dteachd
dhó do láthair an uachdaráin aga bfhuil cumhachda nó
ughdardhás dáoine do ghlacadh (ní fhuil imorró na cumhachda
so go genearálta ag áonnduine fá phrouinsial) agus arna léigean ar
a ghlúinibh ina fhiadhnuisi abradh mar so: “A athair, iarruim
oruibh ar son Dé, NáomhMhuire, S. Froinséis, agus na n-uile naomh,
aibíd Uird na hAithrighe do thabhairt damh dochum mh'anma
do shlánughadh agus mo bheathadh do leasughadh.” Agus ar
ndéunamh fhoirceadail spioradálta go hathchumair don té bhias
dá ghlacadh beannuigheadh aibíd agus crios dó, do réir mar
bheannaighthear do nouistibh an uird go coitcheann, agus cuirthear
an aibíd agus an crios air, ag rádh na n-orthan ngnáthach.



Coimhéudthar an modh céudna a n-aimsir a bprofession achd
amháin gan (an) aibíd ná an crios do bheannughadh.



Foirm professioin Threas Uird S. Froinséis.



Do-bheirimsi, an Bráthair N. nó an tSiúir N., gealladh agus móid
do Dhía, dho Mhuire, do S. Froinsias, agus do na huile náomhuibh,
agus duitse, a athair, go gcoimhéudfa mé aitheanta Dé ar feadh
mo bheathadh agus go mbia mé umhal gach peannuid agus gach
smachdughadh bhus iomchubhaidh do ghlacadh do réir thola an
uísiotóir nó an uachdaráin a mbriseadh riaghla agus mhuidh
bheathadh Threas Uird na hAithrighe, do orduigh agus do chum
S. Froinsias agus do dhaingnigh an Pápa Nicolaus quartus.



Dá éis so abradh an t-uachdarán, “Má choimhéudaisi sin,
gealluimse as uchd Dé an bheatha shíordhuidhe dhuit.” Agus
abradh an mhéid bhias do láthair, “Amen.”



Finis.


L. 57



L. 58



L. 59


1716ls
0201
Riaghuil agus Tiomna
ar Naomhathair
St. Froinsiais.


L. 60


Riaghuil San Froinnsias.



Brollach Riaghla na mBráthar Mionúr.



Honórius easbog, searbfhoghataidh shearbfhoghantadh nDé.
Dá chloinn ghrádhaidh, don mBráthair Froinnsias agus do bhráithribh
oile Úird na mBráthar Míonúr, sláinte agus beannacht abstolta.
Gnáthaighidh an Chathaoir Abstolta aontughadh d'áilghiosaibh
diadha agus fabhar chroidheachair do thabhairt do mhianuibh
mhacánta luchta a haithrighe. Dá bhrígh sin, a chlann ghrádhach
san Tighearna, iarnar cclaonadh lé bhúr n-impidhibh diadha,
molmaoid lé húdardhás apstalta riaghuil bhur n-uird, do
mholadh risan bPápa go ndeaghchuimhne Innocensius dobhí
romhuinn, agus comhdhaingnighmid díbh í ar chomairce na sgríbhni
se 'na bfhuil sí sgríobhtha. Ag so í:



A n-ainm an Tighearna tionnsgnaidh riaghuil
agas beatha na mBráthar Míonúr.



An chéudchaibidil.



As so riaghuil agus beatha na mBráthar Mionúr: a naomhshuisgéul
ar tTighearna Íosa Críosd do choimhlíonadh, ag
tabhairt a mbeatha a ttír a n-umhla, gan dísligheacht, agus a
ngeanmnuidheacht. Geallaidh an Bráthair Froinnsias umhla agus
onóir don Tighearna Honórius Pápa agus dá chomharbaibh thiocfas
asteach go canónta agus don Eagluis Rómhánaigh. Agus bíodh
d'fhiachuibh ar na bráithribh oile umhlughadh don Bhráthair
Froinnsias agus dá chomharbuibh.


L. 61



L. 62


Don druing léarb áil an bheatha so do
ghlacadh, agus cionnus is cóir a nglacadh.



An dara caib.



Giodhbé drong lé búdh áil an bheatha so do ghlacadh agus
thiocfus go ar mbráithribh, cuirid iad go a ministribh provins,
dá ttugthar amháin, agus ní do chách oile, cead bhráthar do
ghlacadh. Sgrúdaigh thrá na minisdrighe iad go
díthchiollach san chreidiomh chatoilice agus a sácrameintibh na
heagluisi. Agus dá ccreidid iad so uile, agus gurab mian leó
n-admháil go coinghiollach agus a gcoimhéud go seasmhach, agus nach
bfhuilid mná pósta aca, no má táid, agus go neachadair na mná
pósta cheana asdeach a mainisdir, nó go ttugadar cead dhóibh
lé hughdardhás easboig na heasbogóideacht, iar ttabhairt móide
geanmnaidheachta cheana, agus go bfhuilid na mná pósta
comhaosda agus sin nárbh'fhéidir drochbharamhail do theacht dá
ttaoibh, abruid riú briathar an naomhshoisgéul, .i. imtheacht
agus a bfhuil aca do dhíol, agus thabhairt dá n-aire a ruinn ar na
bochtaibh. Mun ba fhéidir leó sin do dhéanamh, is leór dhóibh
deaghthoil. Agus comhéudaid na bráithre agus na minisdrighe
gan bheith cúramach fá a maoin shaoghalta, ionnus go mbudh
féidir leó go neamheaglach giodhbé ceal chuirfios an Tighearna
ina n-inntin do dhéanamh dá ccuid. Gidheadh, dá n-iarthar
comhairle, bíodh cead ag na minisdribh a gcur go daoinibh
eaglacha roimhe Dhia, agus réna ccomhairle ruinnfid a maoin ar
bhochtaibh. Tabhruid dhóibh iar sin éudaighe an dearbhtha,
.i. dá chóta gan hata, agus crios agus bracét, agus caparróinne gó a gcrios,
muna bfhaicthior air uairibh do na minisdribh chéadna a
athrughadh so do réir nDé. Iar ccríochnughadh thrá bliadhna
an dearbhtha glacthar iad dochum umhlacht, ag gealladh na
beatha sin agus na riaghla do chomhal do shíor. Agas ní búdh
ceaduightheach dhóibh ar aonmhodh imtheacht as an órd sa,
do réir aithne an Tighearna Pápa; óir, do réir an naomhshoisgéul,


L. 63



L. 64


ní bfhuil aoineach chuireas a lámh ar chéucht agus fhéuchas
air a ais ullamh dochum ríoghacht nDé. Agas an drong do
gheall umhlacht cheana, bíodh aonchóta aca maille lé hata, agus
cóta oile gan atán ag an drong lé búdh áil a bheith aca. Agus
an lucht choimhéignithear tré riachtanus, is féidir dhóibh
bróga do bheith orra. Agus éuduighthear na bráithre uile lé
héudaighibh beagluaigh; agus as féidir dhóibh a mbréideadh lé
saicéudach no lé bréidibh oile, go mbeannachtain nDé. Cuirim
thrá ar a ccoimhéud agus itchim iad na dísbeagaid agus na beirid
breitheamhnus ar na daoinibh chífid éudaighthe lé héudaighibh
sáimhe agus líodhaithte, ag caitheamh bídh agus dighe sóghuighe;
acht breathnuigheadh nísa chóra agus beagadh gach aon aca é
féin.



Don oific dhiadha, agus don trosgadh, agus cionnus
dhlighid na bráithre dul fán saoghal.



An treas caibidil.



Déunaid na cléirce an oific dhiadha do réir uird na Naoimheaglaise
Rómhánaigh, leith amuigh don tsaltair, ón am
fá mbúdh féidir dhóibh portúis d'fhagháil. Abraid thrá na
bráithre tuata ceithre Paidreacha fichiod ar son mhaitín, cúig
ar son laudés; ar son phríme, theirse, sheicste, agus nóine, ar
son gach uaire do na huairibh sin seacht bPaidreacha; ar son
easbuirt a dó dhéug, agus ar son chompléite a seacht; agus guidhid
ar na marbhuibh. Agus trosgid ó Shamhuin go Nodluic;
acht a Naomhchorghas, nach thionnsgnas ó Eibifáin go ceann
dá fhiothchiod lá gcoimhcheanguilte, noch do choisrig an
Tighearna léna naomhthrosgadh féin, an drong throisgfeas é go
deóntach go mbudh beannaighthe iad ón Tighearna, agus an drong


L. 65



L. 66


lé nach áil a throsgadh na bíd ceangailte chuige; acht trosgaid
an Chorghas oile go heiséirghe an Tighearna. Ann sna
haimsioraibh oile thrá na bíodh d'fhiachuibh orra acht an Aoine
do throsgadh. A n-aimsir umarra riachtanuis fholluis na bíodh
trosgadh corpardha d'fhiachaibh ar na bráithribh. Comhairlighim
thrá, cuirim ar a n-aireachas, agus guidhim mo bhráithre
san Tighearna Íosa Críosd, an tan rachaid fón tsaoghal, gan
ceannairrce no cuinntinn chainnte do dhéanamh agus gan
breitheamhnus do bhreith ar chách oile; acht bíd ciúin,
síothchánta agus macánta, ceannsuighthe agus uirísiol, ag labhairt
go macánta lé gach aon mar is iomchubhaidh. Agus na dlighaid
marcuigheacht do dhéanamh muna n-éignighthear iad le
riachtanus follas no le heasláinte. Giodhbé ar bioth tigh a
rachaid asdeach, abruid do chéudneithibh, “Síothcháin san
tigh si”; agus do réir an naomhshoisgéul go mbúdh ceadaightheach
dhóibh ithe do gach biadh chuirfithear 'na bfhiaghnuise.



Nach glacfaid na bráithre airgiod.



An 4 Caibidil.



Aithnighim go daingean do na huilibh bhráithribh gan
pinginneacha no airgiod do ghlacadh ar aonchor, tríutha féin
na tré eidirphearsuin. Gidheadh, bíodh cúram grionghalach
tré cháirdibh sbioradálta ag na ministribh amháin agus ag na
costósaibh, do réir na n-áiteadh agus na n-aimsior agus na ttíorthadh
bfhuar, fá riachtanusaibh na n-easlán agus fá éudughadh na
mbráthar oile, amhuil chífid oireamhnach don riachtanus, acht
go gcoimhéadfaighthear do ghnáth (amhuil adubhramair cheana)
nach glacfad pinginneacha no airgiod.


L. 67



L. 68


Don mhodh oibrighthe.



An 5 Caibidil.



Na bráithre dá ttug an Tighearna grása oibrighthe, oibrighid
go coinghiollach agus go caoindúthrachtach, ar mhódh go sgriosfaid
an díomhaoineas, eascara an anim, agus nach múchfuid sbioraid
na naomhurnuighe agus na caoindúthrachta, dá ndlighaid na neithe
oile aimsiordha seirbhís do dhéanamh. Glacaid thrá dhóibh
féin agus dá mbráithribh riachtanus a gcuirp do thuarasdal a
n-oibre, leath amuigh do phinginnibh nó d'airgiod, agus so go
huirísiol amhuil is iomchubhaidh do shearbhfoghantaibh nDé agus
do lucht leanamhna na bochtaine ronaomhtha.



Nach dísleóchaid na bráithre éiní, agus
d'iarruidh na déirce, agus do na bráithribh
easlána.



An 6 Caibidil.



Na díslighid na bráithre éinní dhóibh féin, teagh, no áit, no
ní ar bioth; acht amhuil olithriochuibh agus coigríochaibh san
saoghal so, ag déanamh seirbhísi don Tighearna a mbochtaine agus
a n-uirísle, tiaghuid d'iarradh déirce go muinighneach; ní
cóir dhóibh náire do bheith orra, óir do-rinne an Tighearna bocht
de féin san saoghal so ar ar soin-ne. Así uaisle na hardbhochtaine
si do orduigh sibhse, a dhearbhráithre róghrádhach, (in)
bhar n-oidhreadhuibh agus (in) bhur ríoghaibh ar ríoghacht nimhe.
Así do bhochtuigh sibh a maoin agus do árduigh sibh a subháilcibh.
Go mbudh í so bhur ccuid ronna, noch threóruigheas go tír
na mbeó; ag greamughadh dhí so go huilidhe, a dhearbhráithre
róidhíle, ar so anma ar tTighearna Íosa Críosd nár bá mian
daoibh go bráth ní ar bioth eile fó nimh do bheith agaibh.
Agus giodhbé ar bioth áit a bfhuilid na bráithre no a tteigéubhuid
ar a chéile, taisbéanuid iad féin 'na lucht éintighe d'aroile; agus


L. 69



L. 70


foillsighid gach aon díobh go neamhómhanta a riachtanus don
fhior oile; óir má oiligheann agus má ghrádhuigheann máthair a
mac colluidhe, cionnus is nach dúthrachtaighe ioná sin dhligheas
neach a dhearbhráthair sbioradálta do ghrádhughadh? Agus
giodhbé dhíobh thuitfeas a n-easláinte, dlighid na bráithre oile
seirbhís do dhéanamh dhó, amhuil is búdh mian leó seirbhís do
dhéanamh dhóibh féin.



Don pheannaid is ionchuirthe ar na bráithribh
pheacuigheas.



An 7 Caibidil.



Giodhbé do na bráithribh tré bhruideadh na heascarad
pheacóchus go marbhthach, ar son na bpeacadha aga
n-oirdeóchar idir na bráithribh dul gusna ministribh próvinsi
amháin, bíodh d'fhiachaibh ar na bráithre réimhráite, comhluath
bhus féidir dhóibh, dul gan mhoill dá n-ionnsuighe. Dá rabhuid
thrá na ministridhe féin 'na sagartaibh, cuirid breith aithrighe
orra go trócaire. Acht muna rabhaid 'na sagartaibh, tabhruid
fá deara ar shagartaibh eile don órd a chur orra, amhail is fearr
chífithear dhóibh iomchubhaidh do réir nDé. Agus dlighid
bheith ar a gcoimhéad gan fearg nó corrachus dá nglacadh tré
pheacadh aonbhráthar; óir toirmisgidh fearg agus corrachus an
charthannacht ionnta féin agus a gcách oile.



Do thogha mhinistir ghenerálta an uird
si, agus do chaibidil na cingcísi.



An 8 Caibidil.



Bíodh d'fhiachuibh ar na huilibh bhráithribh aon do
bhráithribh an uird si do bheith aca do ghnáth 'na mhinisdir
ghenerálta agus 'na shearbfhóghanta ag an n-órd uile; agas bíodh


L. 71



L. 72


d'fhiachuibh go daingean orra umhlughadh dhó. Iar n-imtheacht
dhó, toghuid na minisdrighe provinsi agus na custóis a chomharba
a gcaibidil na Cingcísi. Bíodh d'fhiachuibh ar na ministribh
próvinnsi teacht a cceann a chéile do ghnáth isin gcaibidil sin,
giodhbé ionad a n-óirdeóchadh an minisdir generálta í; agus so
aonuair amháin is na trí bliadhnuibh, no a gcionn aimsire oile
bhg mó no bhg lugha, amhuil oirdeóchas an minisdir
réimhráidhte. Agus dá bfhaicthí n-aonam do choitchinne
na minisdrighe provinsi agus na gcusdós gan an minisdir
réumhráite do bheith oireamhnach dochum seirbhísi agus tarbha
coitchinne na mbráthar, bíodh d'fhiachuibh ar na bráthribh
réumhráite, dá ttuga an togha, neach oile do thoghadh a
n-ainm Dé 'na fhear coimhéuda dhóibh féin. d'éis thrá chaibidil
na Cingcísi féuduigh gach aon do na minsidribh agus do na
custósuibh, madh áil leó agus go bfhaicfidhear dhóibh oireamhnach
é, a mbráithre féin do chomhghairm an bhliadhain chéudna
aonuair amháin dochum chaibidleach is na háitibh atá ar a
ccúram.



Do na seanmhóntadhaibh.



An 9 Caibidil.



Na déunuid na bráithre seanmhóir a n-easbagóideacht
aoineasbuig an tann thoirmeósgas sé orra a dhéanamh, agus thríd
amach na lámhadh aonbhráthair seanmóir do dhéanamh don
phobal acht muna raibhe sé féuchta dearbhtha ré ministir
generálta an uird si agus muna dhearlagadh dhó cumhachta seanmóra
do dhéanamh. Cuirim thrá ar a gcoimhéud agus guidhim na
bráithre céudna fá a ccomhráitibh do bheith glan agus sgagtha
isin tseanmóir do-dhéunaid, dochum tarbha agus deaghshómpla
an phobuil, ag foillsiughadh locht agus subháilce, péine agus glóire
dhóibh go n-athchuimre comhráidh, óir is briathar athchumair
do-rinn an Tighearna ar an talmhuin.


L. 73



L. 74


Do theagasg agus do cheartughadh na mbráthar.



An 10 Caibidil.



Na bráithre as ministrighe agus as searbfhoghantuigh do na
bráithribh oile, cuartuighid agas teagaisgid a mbráithre agus
cronuighid iad go huirísiol agus go carthannach, gan cuir éinní
d'fhiachaibh orra dobhiadh contrárdha dá n-anmuin féin nó
dár riaghuil-ne. Cumhnighid umorra na bráithre íochtaráin
gur dhiúltadar dá ttoil féin ar son nDé. Aithnighim dhíobh
aire sin úmhlughadh dá ministribh is na huilibh neithibh
do ghealladar don Tighearna do choi líonadh agus nach bfhuil
contrárdha dá n-anmuin féin agus dár riaghuil-ne. Agus giodhbé
ar bioth áit a bfhuilid bráithre aga mbiadh fhios agus do thuigfeadh
na búdh féidir dhóibh an riaghuil do choimhlíonadh go
sbioradálta, bíodh d'fhiachaibh orra agas ceaduightheach aca
dul go a ministribh. Glacuid thrá na ministrighe iad go
carthannach agus go ceanchair, agus bíodh an uirid sin do
mhuinnteardhas aca dhóibh agus 'na ttimchioll go mbudh féidir
dhóibh caint agus gnóaighe do dhéanamh riú amhuil is do-dhéundís
tighearnuighe lé a searbhfhóghantuibh; óir is amhluidh
dhlighthear na ministrighe do bheith 'na searbfhoghantuibh ag
na huilibh bhráithribh. Fuagraim umorra do na bráithribh agus
guidhim iad isin Tighearna Íosa Críosd bheith ar a ccoimhéud
ar an uile uabhar, ghlóir dhíomhaoin, iomthnúth, shaint, chúram
agus channtal an tsaoghail si, ar ithiomrádh fós agus ar mhonbhar.
Agus an drong ag nach bfhuil liteardhacht na bíd cúramach fá
liteardhacht d'fhoghluim, acht tabhairt dá n-aire go ndlighid ós
an uile fonn do bheith orra sbioraid an Tighearna agus a naomhoibriughadh
do bheith aca, Dia do ghuidhe go gcroidhe nglan, agus
uirísle agus foighid do bheith aca a n-inghreim agus a n-éugcruas, agus
grádh do thabhairt do lucht ar n-inghreamtha, ar ccáinte, agus ar
n-imdheargtha, do bhrígh go n-abair an Tighearna: “Grádhaighidh


L. 75



L. 76


bhur n-eascairde agas guididh ar lucht bhur
n-inghreamtha agus bhúr n-ionnlaigh. Is beannuighthe an
drong fhuilngios inghreim ar son an chirt, óir is riú ríoghacht
nimhe. Giodhbé thrá dhéanas buantseasamh, asé shláineóchair.”



Nach cóir do na bráithribh dul asteach a
mainsdreachaibh chailleach ndubh.



An XI Caibidil.



Aithnighim go daingean do na huilibh bhráithribh gan
caidreamh na comhluadair na comhairleacha shoilíomhta ban
do bheith aca; agas na tiaghuid asdeach a mainisdreachaibh
chaillioch ndubh, leath amuigh don druing dá ttug an Chathaoir
Abstolta cead speisialta. Agas na déunaid cáirdios Críosd lé
fearuibh nó lé mnáibh, d'eagla, tréusan tsiocair di, go n-éireóchadh
sgannuil idir na bráithribh no do thaobh na mbráthar.



Don droing rachas idir sharaisínibh agus
ainchreidmheachaibh oile.



An XII Caibidil.



Giodhbé do na bráithribh tré bhruideadh neamhdha lé búdh
áil dul idir Sharaisínibh agus ainchreidmheachaibh oile, iarruid
cead chuige sin ar a minisdrighe provinnsi. Na tabhraid thrá
na minisdrighe cead imtheachta d'aondruing acht don druing
chífid iomchubhaidh lena ccur ann. 'Na cceann so ceangluim
tré umhlacht do na minisdribh aon do chairdionáluibh na
Naomheagluisi Rómhánaighe d'iarruidh ar an tTighearna
an Pápa, noch bhias 'na stiúrthóir, 'na dhídineóir, agus 'na
cheartaightheach ag an ord so; ionnus, tré bheith dhúin go
cinnte íslighthe agus cuirthe síos fó chosaibh (na) Naoimheagluisi


L. 77



L. 78


Rómhánaighe céadna, seasmhach isin chreidiomh chatoilice,
go ccoimhlíonmaois an bhochtacht agus an uirísle agus a naomhshoisgéul
ar tTighearna Íosa Críosd, do gheallamair go daingean.



Nár bá ceaduightheach dá bhrígh sin d'aon do dhaoinibh an
bille si ar ccomhdhaingnighthe do shárughadh nó teacht 'n
aghaidh lé lamhadh mheardhánta. Giodhbé thrá ghéubhas
ann féin go hanbharamhlach cuir chuige so, bíodh a fhios aige
go ttuillfe sé oirbhire Dé uilechumhachtaigh agus a naomhabstoil
Peadair agus Phóil.



Iarna thabhairt amach a Laiterán, an treas lá ccalluinn
Dhesember, an t-ochtmhadh bliadhain dár bpápdhuineacht.



Críochnuighidh riaghuil agas beatha
na mBráthar Mionúr.


L. 79



L. 80


Tiomna S. Froinnsias.



Tionnsgnuidh Tiomna ar naomhathair San
Froinnsiais.



Tug an Tighearna dhamhsa, an Bráthair Froinnsias, aithrighe
do thionnsgnadh amhluidh so: óir an tan dobhádhas a
bpeacadhuibh, dar liom budh ní ródhomblasda féuchain ar
lucht lubhra; agus do threóraigh an Tighearna féin mé 'na measg,
agus do-rinneas trócaire orra. Agus ag imtheacht uatha dhamh,
an ní dar liom bu domblasda roimhe, do hiompóidheadh dhamh
é a millsiocht anma agus chuirp. Agus dá éisi sin do shíothlóidheas
tamall beag, agus do fhágbhas an saoghal.



Agus thug an Tighearna a leitheide sin do chreidiomh dhamh
is na heagluisibh go n-adhruinn go simplidhe agus go n-abruinn
mar so: “Adhraimid thu, a Thighearna rónaomhtha, a Íosa
Críosd, annso agus iot uile eagluisibh ar feadh an domhan, agus
beannuighimid thú, do bhrígh gur fhuasgluis an domhan réud
naomhchroich.”



Agus iar sin thug an Tighearna a leithéid sin do chreidiomh
dhamh is na sagartaibh do-bheir a mbeatha a ttír do réir
fhorma na Naomheagluisi Rómhánaigh (do bhrígh a ngrádh),
dá ndéundís inghreim oram gurab áil liom dul ar a n-ionchuibh.
Agas dá mbeith agam uirid eagna is dobhí ag Solamh, agus go
bfhuighinn sagairt fhíorbhochta an tsaoghail se, is na
parráisdibh a ccomhnuighid, ní háil dhamh seanmóir do
dhéanamh a n-aghaidh a ttola. Agus is áil liom iadsan agus na
huile oile d'eaglughadh mar mo thighearnaibh; agus ní háil dhamh
peacadh d'airiughadh ionnta, óir do-chím Mac Dé ionnta agus as
siad mo thighearnuighe iad. Agus as uime do-ním so, do


L. 81



L. 82


bhrígh nach bfhaicim aonní d'Ardmhac nDé san tsaoghal so
acht a chorp agus a fhuil rónaomhtha choisreaguid agus ghlacuidsion
agus fhritheóluid amháin do chách oile. Agus is áil liom na
rúindiamhra rónaomhtha so d'onórughadh agus d'adhradh ós na
huilibh, agus a n-áitiughadh a n-ionadaibh mórluaighe.



Agus giodhbé ar bioth ball a bhfuighead a anmanna
rónaomhtha agus a bhriathra sgríobhtha a n-áitibh mídhleisdionacha,
is áil liom a ccruinniughadh, agus sirim d'athchuinge a
ccruinniughadh agus a n-áitiughadh a n-ionadaibh macánta.



Agus dlighmid na huile dhiadhairighe agus lucht seanmóra
naomhbhriathra nDé dhúinn d'onórughadh agus d'airmhidneadh
amhuil lucht fritheólmha sbioruide agus beatha dhúinn.



Agus d'éis an Tighearna do thabhairt cúraim na mbráthar
dhamhsa, ní neach ar bioth do thaisbéin dhamh créud bá dual
dhamh do dhéanamh, acht an Rómhórdha féin do fhoillsigh
dhamh go ndlighfinn mo bheatha do thabhairt a ttír do réir
fhorma an naomhshoisgéul. Agus tugasa fó deara sin do
sgríobhadh a mbriathraibh athchuimre agus simplighe; agus do
chomhdhaingnigh an Tighearna Pápa dhamh é.



Agus an drong thigeadh do ghlacadh na beatha so, do-bhéurdís
an mhéid budh fhéidir dhóibh do bheith aco do na
bochtaibh. Agus dobhámar deóntach ar aonchóta iarna
bhréideadh astigh agus amuigh, go gcrios agus go mbraicéit, agus níor
bh'áil linn nísa mhó do bheith aguinn.



Adeirmisne, na bráithre cléirigh, an offige do réir na cléire
oile, agus derdís na bráithre tuata a bPaidear. Agus do chomhnuighmis
go lór a tholtonuighe a n-eagluisibh fhíorbhochta agus
fhásaigh; agus dobhámar (in) ar n-ainbfhiosánuibh agus (in) ar
n-íochtránuibh ag na huilibh.



Agus do-nínnsi obair réum lámhuibh féin, agus deóin riom mé
do dhéanamh oibre, agus así mo thoil na huile bhráthair oile do
dhéanamh na hoibre bheanas le macántus; agus an lucht dá nach


L. 83



L. 84


eól a dhéanamh foghlamaid í, ní do shainnt luaigh saothair do
ghlacadh acht do thabhairt deaghshómpla uatha agus d'ionnarbadh
an díomhaoinis.



Agus an tann nach ttugthaoi luach saothair dhúinn, do-théighmis
go bórd an Tighearna ag iarruidh déirce ó dhorus go
dorus.



Do fhoillsigh an Tighearna an beannugha sa dhamhsa,
ionnus go n-abramaois, “Go ttugadh an Tighearna síth
dhuit.”



Agus coimhéudadh na bráithre gan na heaglusa nó na
háitreabhtha no neithe ar bioth oile chuirthear suas dóibh
do ghlacadh thríd amach, muna rabhaid amhuil is oireamhnach
don naomhbochtaine, do gheallamair ann ar riaghuil do
choimhlíonadh; ag beith ag aoidheacht ionnta do ghnáth
amhuil coigcríochuibh agus oilithreachuibh.



Aithnighim go daingean tré umhlacht do na huilibh bhráithribh
in gach áit a bfhuilid gan a lámhadh, tríutha féin na tré eidirphearsain,
litir ar bioth d'iarruidh san Chúirt Rómhánaigh,
ar eagluis, no ar áit ar bioth, no ar sealbhaidh seanmóra no
inghreamtha a ccorp; acht giodhbé hionadh ann nach
glacfaighear leó, teithid go tír oile do dhéanamh aithrighe innte
go mbeannacht nDé.



Agus así mo thoil dáríribh umhlughadh do mhinisdir
ghenerálta an uird si agus don gháirdian bhus toil ris do thabhairt
dhamh. Is deóin liom bheith ceanguilte 'na lámhaibh ar mhodh
nach bfhéudfainn dul nó oibriughadh a n-aghaidh a thola, do
bhrígh gurab tighearna dhamh é.



Agus giodh go bfhuilim simplidhe agus anbfhann, gan
fhéachuin dó sin, is áil liom cléireach do bheith do ghnáth agam
dhéunas an oiffige dhamh amhuil atá síos isin riaghuil. Agus
bíodh d'fhiachuibh ar na huilibh bhráithribh oile umhlughadh
dá ngáirdianibh féin, agus an oiffige do dhéanamh do réir na
riaghla.


L. 85



L. 86


Agas giodhbé drong do-ghéubhthaoi lé ná búdh áil an oiffige
do dhéanamh do réir na riaghla, no lé búdh mian a chlaochlódh
ar chor éigin, no nach biadh 'na ccatoilcibh, bíodh d'fhiachaibh
fán umhlacht ar na huilibh bhráithribh, ion gach ball a bfhuilid,
giodh ar bioth áit a bfhuigid aonneach dhíobh soin a chur
do láthair an chusdóis is foigsi don áit sin a bfhuighid é. Agus
bíodh do fhiachaibh go daingean tré umhlacht ar an ccusdós a
chomhéud go daingean d'oidhche agus do ló amhuil neach a
ngeimhleachaibh, ar mhodh nach bá féidir a bhuain as a láimhibh
nó go ttugaidh sé 'na phearsain dílis a lámhuibh a mhinisdir
féin é. Agus bíodh d'fhiachaibh go daingean tré umhlacht ar
an minisdir a chur lé bráithribh áiridhe choimhéudfus é do ló
agus d'aoidhche amhuil neach a ngeimhleachaibh no go ttoirbhrid
é do láthair an Tighearna hOistiensis, is tighearna, dídnightheóir,
agus ceartuightheach don ord so.



Agus na habruid na bráithre, “Is riaghuil oile so”, óir así so
cuimhne, teagasg, itche, agus mo thiomna féin do-nímse, an Bráthair
Froinnsias, bhur n-uirísiol agus bhur searbfhóghantaigh féin, dhíbhsi,
mo bhráithre beannuighthe, dochum go mbudh catoilce sa
chách do choimhlíonfamaois an riaghuil do gheallamair don
Tighearna.



Agus bíodh d'fhiachuibh tré umhlacht ar an minisdir
ghenerálta agus ar na huilibh mhinisdribh agus chustósuibh oile gan
éinní do chur leis na briathruibh si no do bhuain dhíobh.
Agus bíodh an sgríbhinn so do ghnáth aca a n-aice na riaghla.
Agus (is) na huilibh chaibidleachaibh dhéunaid, an tan léighfid
an riaghuil léaghaid fós na briathra sa.



Agus aithnighim go daingean tré umhlacht do na huile
bhráithribh, cléirigh agus tuata, gan gluais do chur ar an riaghuil
nó ar na briathraibh si, ag rádh, “Is mar so is dual a ttuigsin.”
Acht amhuil thug an Tighearna dhamhsa an riaghuil agus na
briathra sa do rádha agus do sgríobhadh go simplidhe agus go glan,
mar sin, gan ghluais, go simplidhe agus go glan, thuigfeas agus go
n-oibriughadh naomhtha choimhlíonfus sibh iad go foircheann.



Agus giodhbé choimlíonfus iad so, go líontair é a bfhlaitheamhnas
do bheannughadh an Árdathar neamhdha, agas go


L. 87



L. 88


líontar é ar talmhuin do bheannughadh a Mhic ghrádhaidh
mar aon agus a Spiorad Naomh, an cobhruidhe. Agus daingnighimsi,
an Bráthair Froinnsias, as bhúr n-uirísiol agus bhur searbhfoghantuigh
féin (an mhéid gurab féidir liom é) an beannughadh
rónaomhtha so dhíbh go hinmheadhónach agus go foiriomlach, lé
a bheith agaibh, mar aon lé huile ainglibh nimhe agus ris na huile
naomhaibh, anois agus tré shaoghal na saoghal. Bíodh mar sin.



Críochnughidh tiomna ar naomhathair S. Froinnsiais.



Briathra ár naomhathair S. Froinnsiais ag
teagasg na mBráthar.



Ó a dhearbhráithre ródhíle, agus a chlann bheannuighthe tré
bhioth shíor, éisdigh liomsa, éisdigh le glór bhur n-athar féin:



Is mór do gheallamar,
Is mó ioná sin do gealladh dhúinn,
Coimhlíonam iad súd,
Bíodh ar súil riú so,
Is diombuan an anntoil,
Is biothbhuan an phian,
Is aithghearr an fhulang,
Is síordhuidhe an ghlóir,
Is mór ar ar goireadh,
Is beag do toghadh,
Atá luach a saothair fá chomhair na n-uile. Amen.


L. 89



L. 90



L. 91


1612c
0001
Suim riaghlachas Phroinsiais go hathchumair
a nGaoidhilg.



Ar n-athair atá ar neamh, . Creidim a nDia, athair
uilechumh., etc.



Atáid ceithre hairteagala déag in ar ccreideamh, .i. seachd
n-airteagala dhíobh bheanas ré dhiadhachd ar tTighearna Íosa
Críosd, agus seachd n-airteagla eile bheanas réna dhaondachd.



Na hairteagail bheanas risan ndiadhachd. Creideamh a
n-aoinDia, a chreideamh gurab é an tAthair uileachumhachdach,
a chreideamh gurab é Íosa Críosd mac Dé, a chreideamh gur
Dia an Spiorad Naomh, a chreideamh gurab é Dia cruthaighthéoir
nimhe agus talmhan, a chreideamh gurab é ar Slánuightheóir, a
chreideamh gurab é ar nGlóirighthéoir.



Na hairteagail bheanas risan ndaonnachd. A chreideamh
gur gabhadh Críosd ón Spiorad Naomh, a chreideamh gur
geineadh é ó Mhuiri óigh, a chreideamh gur crochadh, go
bhfuair bás agus gur hadhlacadh é, chreideamh go neachuidh
síos go hifrionn, a chreideamh gur éirigh an treas lá ó mharbhuibh,
a chreideamh go neachaidh ar neamh agus go bhfuil 'na shuidhe
ar deis Dé a athar, a chreideamh go ttiocfa do bhreith bhreithe
ar bhéoaibh agus mharbhaibh.




Deich n-aitheanta Dé.



Dia bréige d'adhradh ná tairg,
ná tabhair ainm Dé gan fháth,
Domhnach, lá an Tighearna Dé,
coimhéadthar libh é do ghnáth.



Onóruigh th'aithre go búidh,
ná déin marbhadh, drúis, ná goid,
ná déin bréigfhiaghnuisi ar neach,
a mhaoin, ná a bhean ná hiarr dhuit.


L. 92


Cúig Aithne na hEaguilsi.



Coimhéid gach saoire go beachd,
is déin aifreann innte dh'éisdeachd.



Troisg an Corghas go glan glan,
Uigil 's troisgthe na hanman,
ná tomhail féoil ar do phroinn
Dia hAoine ná Dia Sathroinn.



Tré bhiotha síor ná bíodh sibh
éinbhliadhain gan faoisidin.
Corp Chríosd ón Domhnach ré cCáisg
caith lá éigin go Mioncháisg.



Ná déana banais iar ndáil
ó thús Chorghais go Mioncháisg
ná ó thús Aidbhent go grod
go dá lá dhéag d'éis Nodlag.




Na seachd bpeacaidh mharbhtha.



Díomas, saint, drúis, tnúth, craos, fearg, agus leisge.



Atáid trí cumhachda ag an anam, .i. meabhair, tuigsi, agus toil.



Atáid cúig céadfadha ag an ccorp, .i. radharc, éisdeachd, blas,
boladh, agus mothughadh.



Atáid seachd sacrámuinti ag an eaglais, .i. baisdeadh, dul
fá láimh easbuig, sacrámuinnt chuirp Chríosd, faoisidin, an
t-ongadh déigheanach, ord, agus pósadh.




Tiodhlaicthe an Spioraid Naoimh.




Seachd ttiodhlaicthe an Spioraid Naoimh:
eagna, tuigsi taoibh ré taoibh,
comhairle, neart, fios neamhdha,
búidheachd, eagla an Tighearna.


L. 93



Na trí subháilci diadha, .i. creideamh, dóthchas, agus grádh.



Na ceithre subháilce bunadhais, .i. ceart, measardhachd,
láidearachd, agus críonnachd.



Seachd n-oibreacha corpordha na trócaire.



.i. Bia do thabhairt don tí ar a mbía ocras. Deoch don
tí ar a mbía tart. Oidhigh do chothughadh. Éadach do
thabhairt don lomnochd. Dul d'fhéachuin dhuine easláin nó
thinn. Dul d'fhéachuin bhrághad nó dá fhuasgladh. Duine
marbh d'adhlacadh.



Seachd n-oibre spioradálta na trócaire.



1. An t-ainéolach do theagusg. 2. An peacach do smachdughadh.
3. Comhairle do thabhairt don tí ar a mbía riachdanas.
4. Éugcóir d'fhulang maille ré foighide. 5. Maitheamh na
n-ulc déantar dhó. 6. Guidhe ar bhéoaibh, ar mharbhaibh,
agus ar luchd n-inghreamtha. 7. Sólás do thabhairt do dhuine
dhobrónach.



Na hochd mbeannuightheachda.



1. Beannuighthe na boichd ó spiorad. 2. Beannuighthe na
daoine ceannsa. 3. Beannuighthe luchd an dobróin. 4.
Beannuighthe an luchd ar a mbí tart agus ocras ar son an cheirt.
5. Beannuighthe luchd na trócaire. 6. Beannuighthe luchd na
ccroidheadh nglan. 7. Beannuighthe luchd na síthe. 8.
Beannuighthe luchd fhulaingthe díbeartha ar son an cheirt.



Atáid cúig aitheanta fichiod san riaghail.



Seachd n-aitheanta dhíobh dá ngoirthear aitheanta dáríribh,
a ceathair aga bhfuil brígh aitheanta, dhá aithne thoirmisg, a
dóidhéag coimhbríoghmhar lé haitheantuibh.



1. Go bfhuil d'fhiachuibh ar an órd uili umhlachd agus onóir do
thabhairt don phápa.


L. 94


2. Nach glacfaid na bráithre airgiod maille riú féin nó mailli
daoinibh eili ar a son.



3. Go bhfuil d'fhiachuibh ar na bráithribh umhlachd do
thabhairt do na huachdaráin ann gach ní nach bí a n-aghuidh
a n-anama nó a riaghla.



4. Nach téaghuid na bráithre asteach go mainisttir ar bith
chailleach ndubh gan cead.



5. Nach déanaid na bráithre conuearsáid ná comhairle ré
mnáibh iondus go mbeanfuidhe drochbharamhuil asta.



6. Nach déanaid na bráithri cáirdios Críosd ré mnáibh nó le
fearaibh.



7. Go bhfuil d'fhiachuibh ar na bráithribh duine éigin do
chairdionáluibh na hEagluisi Rómhánuighe d'iarruidh mar
dhínightheóir.



Ag so an mhéid aga bhfuil bríogh aitheantadh.



1. Nach déanaid na bráithri moill gan dul a gceann na
bproibhinsial chum absolóidi d'fhagháil is na cásuibh bhíos
orra.



2. Go bhfuil d'fhiachuibh orra bráthair dár n-órd do bheith
'na ghenerál aca.



3. Go bhfuil d'fhíachuibh ar mhinistribh agus ar chustosuibh an
úird geiniorál do thoghadh sa gcabidil gheinioráltha na Cinncísi.



4. Go bhfuil d'fhiachuibh ar na proibhinsialuibh dul don
chaibidil gheinioráltha.



Ag so na haitheanta toirmisci.



1. Nach fuil ar gcumas do bhráithribh an úird si dul a riaghuil
ar bith eili ná an riaghail d'fhágbháil ar chor ar bith.



2. Nach glacfaid na bráithri go coitcheann ná go haonaránach
sealbh neith ar bith.



Coimhbhríoghmhar ré haitheantuibh iad so.



1. Nach bí do chótadhaibh ag na bráithribh achd aonchóta
amháin mailli hatán agus cóta eile gan hatán ag gach aon díobh.



2. Gur cóir do na bráithribh éadach uiríseal beagluaigh do
bheith aca.



3. Nach cóir dhóibh bróga do bheith orra gan riachdanus dá
gcor chuige.



4. Go bhfuil d'fhiachuibh ar an ccuid dhíobh bhias 'na
ccléirchibh an oifig dhiadha do rádh amhuil órduigheas an


L. 95


Eagluis Rómhánach, agus ar na bráithribh tuata a bPaidir do rádh
amhuil órduigheas an riaghuil.



5. Go bhfuil d'fhiachuibh ar na bráithribh trosgadh an
Gheamhchorghais do dhéanamh, .i. ó Shamhuin go Nodluig, agus
gach Aoine agus an Corghas mór.



6. Nach cóir dhóibh marcuidheachd do dhéanamh gan
riachdanas follas nó tinneas do bheith orra.



7. Gur cóir do na ministribh agus do na custosoibh cúrum
díthchiollach do bheith orra fá na daoine easlána agus fá éadach
d'fhagháil do na bráithribh go coitcheann.



8. Go bhfuil d'fhiachuibh ar na bráithribh dá dtuite duini
dhíobh a ttinneas iad do dhéanamh frithéoilte dhó comhmaith
agus búdh mian léo frithéola do dhéunamh dhóibh féin.



9. Nach déanaid seanmóir a n-easbogóideachd easbuig ar
bith dá mhíothoil féin.



10. Nach déana bráthair ar bith seanmóir gan toil agus aonta
an gheineráil do bheith aige.



11. Gur cóir do na bráithribh ag nach bí cumas ar an riaghuil
do choimhéad go diongmhála nó go spioradáltha dul do láthair
an phroibhinsial.



12. Gurab cóir gach ní dá bhfuil sa riaghail a ttimchioll
aibídeach na mbráthar, idir noibhisd agus professus, do choimhlíonadh.



Ceithre cáis déag in nách éidir absolóid d'fhagháil
achd amháin ó na próuinsialuibh nó ón té aga mbía a
n-ughdarrdhás.



1. Asumhla dhosmachduighthe. 2. Ní ar bith do shealbhughadh.
3. Tuitim a bpeacadh na colla. 4. Ní ar bith
ionchomharthuidhe do ghoid, nó ní beagluaigh do ghoid go
minic. 5. Lámh do chor a bpearsoin ar bith maille ré heasonóir.
6. Fiaghnuisi bhréige do láthair bhreitheamhnuis. 7. Leabhar
do chor amach go publidhe dho thráchdfadh ar mhíochlú
dhuine ar bith. 8. Bréagnughadh séala phearsan ar bith
onóruidhe. 9. Coir bhréagach do chur ar dhuine ar bith chum
míochlú do thabhairt dhó. 10. Glacadh míonáireach nó
gráineamhuil. 11. Gríosughadh dochum peacuidh na colla.


L. 96


12. Duine ar a ndéantar gearán d'fhiafruighe cé an duine
ghearánas é gan cead d'iarruigh dochum na fiafruighe sin do
dhéanamh. 13. Móid bhréagach do thabhairt do láthair
phrealáide nó uisitátor, ag cur choire bréige ar dhuine, nó a
thabhairt ar dhuine eile an mhóid sin do thabhairt, nó chuirfeas
tar a hais agus bhréagnóchas an choir do cuireadh ar dhuine eil
go fírinneach maille ris féin nó ré duine eile. 14. A innisin
do na daoinibh ar a ndéantar gearán cia an duine do-ríne é,
nó fós a innisin do dhaoinibh eile nách raibh a fhios aca roimhe.



Ag so na paidreacha as dual do na bráithribh tuata
do rádh ré grásda na mbráthar do-gheibh bás, agus na
mbenefactóres béo agus marbh.



1. Adéaraid gacha seachdmhuin ré hanmannuibh na mbráthar
fuair bás céad Paidir agus Ave.



2. Adéaraid ar son an chardinál as dínightheóir dár n-órd,
má gheibh bás ina oific, 300 Paidir agus Ave.



3. Adéaraid uair sa mbliadhuin ré grásda na muintire
chuirthear fána nguidhe san chaibidil gheinioráltha céad Paidir
agus Ave.



4. Adéaraid ré hanmannuibh na mbráthar ghéubhas bás san
slíghe ag tarruing chum na caibidileach geiniorálta céad Paidir
agus Ave.



5. Ré hanmannuibh na muintire atá adhlaicthe in ar
cclabhsdraibh agus in ar mainisdreachuibh adéaraid trí huairi
san mbliadhain céad Paidir agus Ave, .i. oidhche fhéile Muire
Mhagdaléana, oidhche fhéile Míchíl, agus an Luan a ndiaigh an
Domhnuigh dá ngoirthear Septuagessima.



6. Adéaraid an ní céadna ré hanmannuibh aithreach agus
máithreach na mbráthar lá éigin go grod réisan ccéadDomhnach
don Adueint.



7. Adéaraid lá éigin a n-octábih S. Froinsias lé grása na
muintire do-bheir bíadh agus leaba do na bráithribh san slighe
céad Paidir agus Ave.



8. Adéaraid lé hanam gach bráthar dár bproibhinis an uair
do-ghéabhas bás céad Paidir agus Ave.



Deo Gratias.