Beatha Naoimh Antoin Ó Phadua

B.Á.C.: Fáisceán na gCeithre Máistrí (1718)

Tadhg Ó Neachtain; eag. Pádraig Ó Súilleabháin




BEATHA NAOIMH ANTOIN Ó PHADUA CHUM MÓRGHLÓIRE DÉ



Doruga Antóin naomhtha ó Phadua a Lisbon, ceannchathair
ríoghacht Phoirtingeil, a ndesceirt na
Spáinne, os comhghair gheata Eagluis Mhuire ionnar
adhnaice corp an naomh beannuighthe Uincent ó
thuistíghe shubháilceacha a mós, a mbéas agus a
bhfhuil, darbh ainim Martan de Buighlion agus Teresa
de Toveri. Do bhaiste Ferdinand, nó Feardorchadh,
mar ainim, a nEagluis Mhuire, air, agus do lean an
t-ainim sin de go glaca aibíde S. Proinsiaisi.



A ttús a bheatha do ghnáthaigh an cora, ag mola
Dé do ló agus d'oidhche, agá thoirbhirt do Dhia agus do
Mhuire, noch do thogh sé mar bhanchara agus mar
adhbhocóid. Gi gur chuir an diabhal cathuighthe
na hóige air is é an-aois chúig mbliadhuin déug,
gigheadh, níor ghiall dó, acht ag gnáthugha Ord
S. Augustin a mbeatha dhiadha, gur thoiligh Dia
dhó aibíd S. Proinnsiaisi do ghlaca.



Ba duine eagnuighthe is na huile neitheibh é,
ionnas gur thriall gach aon /11v/ dá chairde chuige
ag iarra comhairle air, gur buaidheara riú é,
tréarbh éigin dó cead a uachtaráin d'iarra re
triall go Mainistir na Croiche naomhtha a gCoinimbria,
mar ar ráinic sé críoch eagnuighthe agus
thuigsiona a' scrioptúra.



Timchioll an ama so do líon an domhan do dheaghchlú
Naoimh Phroinnsiaisi, agus go mórmhór a bPortingal,
mar a raibhe mainistreacha líonta dá lucht
leanamhna. Agas ar gclos a gcrádhbha do Antoin


L. 2


naomhtha, aga raibhe taisi na naoimhmhairtiribh
Muroco don ord céadhna, do líon do dhúil fulang
ar son Íosa Críost, mar d'fhulangdarsan, ionnus
goma fiú é coróin mhairtireach, mar fuair siadsan.



Ar tús do mheas gurbh í an tshlighe dó chum a
leanamhna, an aibíd do ghlaca air féin, an ní
dorinn, a gcompándacht dhias do dhaoine naomhtha
cráidhbhiochadh diadha do Eagluis S. Antoin don
taobh amuigh don gcathair gCoinimbria, ag comhrádha
go minic riú agus ag foilsiughadh a /12/ mhiana dóibh,
rear éisteadair go caoin ceannsuighthe, ag déanamh
lá cinnte ris chum a thoile do choimhlíona. Ar
gceileabhra dáibh do fhill ar ais chum na mainistreacha
roimhráidhte, ag aisge a uachtaráin fá
chead do thabhairt dó a mhian do shásughadh; an
ní dothug dó, gi gur dhoilge ris é; tré a ndeachuigh
Antoin naomhtha chum an ionadh cinte mar a
raibhe an dias roimhráidhte, ó ar ghlac an aibíd.



Adubhairt aon do Ord S. Aug. ag fonódhad ris an
naomh, “Imidh, ar ndóigh, biadh tú naomhtha.”
Dar fhreagair seisean, “Má bhím, molairsi Dia ar
a shon.”



An seisiudhadh bliadhuin fithcheat dá aois, san
bhliadhuin d'aois an Tighearna 1220, do chuir an
aibíd air, gi go raibhe cúig bliadhna déug roimhe
sin a nOrd S. Aug., mar a bhfhuair eagna agus foghluim.
Agas ar ttuigsean gurab a nEagluis S. Antoin do
ghlac an aibíd air, d'aisg an t-ainim céadhna do
bhaiste ar féin, ionnus gur amhluidh bu ludhaide
do chuireach /12v/ a chairde buaidheare nó toirmeasg
air, tré bheith aineólach ar a ainim.



Do mheas ionn féin reis an gcoróin mairtireach
d'fhagháil, maille re triall go hAsia, acht tré
iomad a theinnis do smuain narbh é toil Dé é, tréar
thriall ar ais go Moróco, nó gur chaluigh sé
tré stoirm an-oileán Sicilia. Dochuaidh go
convint bhráthar dobhí dá n-ollmhadh féin re


L. 3


triall gus an chaibidil gheinearálta ag Assisium.
Ag gluasacht riú, agus ar gcríochnughadh na caibidile,
do aisg sé ar an bprovinnseal, darbh ainim Grasian,
.i. Rómhánach, na hatacha do chur ar S. Proinsias
é féin do ghlaca mar aon dá novíseacha oile agus a
theagasg a rúndiamhar a oird; an ní dofuair dhó,
Agas ar ndul gus a' choinvint réna uachtarán dó
do iarr ionad ar leith dó féin; an ní dofuair, a
mbochtáras ar Shliabh Phóil /13/ naomhtha, mar
ar chaith seal dá ré a seirbhís Dé, gan bhia gan
lón acht arán agus uisge.



Agas gi gur fhoiligh an tsimplidheacht a mhórfhoghluim
agus a eagna, do nocht Dia é. Óir ar mbeith
dó a tTorlaoi, mar a raibhe beirt bhráthar do Ord
S. Dominic, dar aisg an gairdian orra teagasg beag
roimhe séire do dhéanamh, gidheagh, go humhal, do
dhiúlt siadsan sin do dhéanamh. Ar sin, tré umhlacht,
d'aisg sé Antoin teagasg do dhéanamh. Dar fhreagair
seisean go caoin ceannsaidhthe ag rádh nar
chleacht féin féin acht bróga do ghlana agus an
cheistin do sguaba agus na miasa do nithe, do réir
mar a b'fheasach a chualughdar. Do chreideadar
é.



Gidheagh, an t-uachtarán, níor ghabh an leisceul
soin, gur umhluigh an naomh agus gur thosaigh
go simplídhe, rear éistigh an coimhthionnól, a
líona d'iongantas a eagna agus a fhoghluim, gi gur
líonadair nísa /13v/ mhó dá theagasg. Ar gclos
do Phroinsias naomhtha a mhórfhoghluim d'órduidh
'na theagasguidh é, ionnar tairbhe a bhfiadhnaisi
Dé, ag teagasg uasal agus íseal, go nach spáráil
bocht ná nocht, rígh ná prionnsa, ná aon oile dá
bhfhacagh locht ionnta.



Lá n-aon dá ndeachuigh Antoin naomhtha agus Ádhamh
de Mairisco, Sasanach, go Verseils ag foghluim ó
aba S. Andreu, noch do chuir oibreacha Naomh
Dhonnchadha Areopagita go Laidean a Ghréigis, do
adbhuigh an t-ab céadna gur mór do eagnuigh sé é


L. 4


féin riú. Agas ar mbeith ag seanmóir bhriathraibh
Phóil naomhtha, do réir mhíniughadh Naomh Dhonnchadha,
a bhfhiadhnaisi aba Oird S. Benet do Antoin
naomhtha, doconcas tomall fada tóige ón talamh
é.



Do cuire Antoin naomhtha 'na ghairdian go convint
Limoges a nAcutain san bhFhrainc rés na críostuighthibh
do /14/ chailciughadh ionna gcreideamh
agus re iompódha na n-eiricibh á eiriceacht; an ní
dorinn. Agas ar mbeith ag seanmóir ar pháis an
Tighearna ar maidin Aoine Céusa a tTeampoll Peadair
Quadrunio, doconcas san chonvint é, gi nar
fhág an pulpit ionna raibhe ag seanmóir, agus do
léigh an leasun do na bráthraibh bhí san gcora.



Agas uair oile ag Montpeillier agus é ag seanmóir
san teampoll mór do choimhnigh gur dhearmad sé
duine do thoghadh 'na ionadh féin re canadh an
Alleluia, ba gnáthoific dó féin ar mbeith san
gcoradh dó. Ris sin do chrum a cheann agus doconcas
san choradh é; gigheadh, níor fhág a theagasg. Ná
cuir so an-iongantas, óir doconcas S. Ambros ag
adhlaiceadh Naomh Mhartan ó Thours agus a Milan
an-aon am.



Dobhí san mainistir 'na raibhe S. Antoin novíseach
darbh ainim Peadar /14v/ ar ar cuire iomad
cathaighthe an t-ord do thréigean, chum ar ghoir
Antoin naomhtha, ag séide 'na bhéul, tréar thuit
an novíseach a néull chum talmhuin, chum ar roith
an cualughdar uile dá chabhrughadh. Reis sin dorug
Antoin ar lámh air dá thógbháil suas. Ar mball
do thrácht an novíseach ar amharc neamhdha do
fuair sé seal bhí a néull, gur thoirmiosg an naomh
é; agus ón lá soin go fuine a bheatha níor fhág an
t-ord cráidhbheach, acht mar bhuabhall bhinnghlórach
don ord agus do na huile dá bhfhacaidh nó
dá gcualuigh é.



Dobhí cathughadh anmhór ar eagluiseach do


L. 5


mhainistir Sheamoniaca ttaobh drúise, agus re croidhe-
bhrúghadh, go caondúrrach do fhaoisidin sin re
Antóin naomhtha; rear aisg an naomh é a aibíd féin
do ghlacadh air; an ní dorinn; tréar saoradh
go lá a bháis ó /15/ shamhlacht na gcaithighthe
céadhna é.



Dobhí a gcathair Limogines bean chráidhbheach
shubháilceach aga raibhe céile míochráidhbheach
neimhdhiadha dorruisg drochmhúinnteadh, agus do
bhuail sé go mór hí, tréna beith ní ba faide mar
mheas seisean ná mar ba cóir dhi ag seirbhís
Dé, agus do stróic gruag a cinn as a fhréamhuibh,
tréar chuir teachta d'ionnsuighthe an naoimh, ag
aisge air fá Dhia do ghuidhe chum a fóiridhin agus
a gruag do aisiog dí arís. Do thíodhlaic Dia a
haisge di, tréar iompaidh a fear ar bhfhaicsin
an mhíorbhuile ar Dhia, ag creideamhuin í a bheith
geanmnach cráidhbheach subháilce.



Ar mbeith do Antoin naomhtha a mainistir Bearnn,
do tóige reis féin, a bhfhairce Limoges, do bhean
cruatan dá chompáin, /15v/ tréar chuir aon dá
chualuadar d'ionnsaigh bhaintighearna fhíorchráidhbhach
ag aisge uirrthe beagán coluart, nó
burráiste, thabhart dó ré cruatan na heaglaisi
d'fhóiridhin. Dubhairt an bhean uasal ré a hinnilt
sin d'fhagháil. d'fhreagar an cailín, ag rádh go
raibhe fearuinn anmhór amuigh; agus gi gur dheacair
ria é, do thiomsaigh an phraiseach; míorbhuile
Dé níor bhean braon ria; tréar mhórdhaidh a'
bhaintighearna agus a hoiriochtacht uile Dia, príomhughdar
na maitheasa.



Ar mbeith don naomh uasal so ag seanmóir, do
tháinig teachtaire re litir 'na láimh chum mná
onóruidh dobhí san iorachttas ag éisteacht na
seanmóradh. Do fhoillsigh dhi ar mbeith dá mac
ag braoineachas gur marbhadh é. Reis sin dubhairt
Antoin naomhtha ria gur teachtaire ón diabhal do


L. 6


thug an litir di ar eagladh go /16/ bhfoghnagh
an tseanmóir di, agus go raibhe a mac slán. Ar bhfhaicsin
sin disse do mhol agus do mhórdhaidh ainim Dé.



D'éis aspoirt dochonairc comhthionól Limogines
ar mbeith ag spaisteóireacht dáibh iomad ag
mille goirt biataidh don mhainistir, tréar ghearánadair
reid an naomh é. Dar fhreagair sesan, ag
rádh gur deamhuin dobhí ann a bhfhoirm dhaondha,
noch do mhéadaigh clú an naoimh agus mórghlóire Dé.



Agas feacht oile san mainistir chéadna agus é a'
teagasg, do chruinigh annuibhir chuige, go nach
raibhe an teampoll mór go lór chum a gcongbháil,
tréarbh éigin farsaine an mhaogh do ghlacadh
dáibh, agus a lár na seanmóradh do folchagh an t-aer
go tobann ré stuirm uaithmhialta thinntighe thóirníghe,
/16/ go raibhe gach aon ar tí an n-áit
d'fhágbháil, gur aisg an naomh iad gan corrughadh,
ag gealamhuin, dá gcuireadaois a ndóigh a nDia,
nach beanach an stuirm riú. d'umhluighdair, ag
fuireach go críochnughadh na seanmóradh. Agas ag
filleadh dá ttoighthibh do dhearcadair nach raibhe
conair gan mhórthuile ná sráid gan aibhne ionnta,
agus an moigh ionna raibhe an poball, dobhí gan
bhraon don stuirm; tréar mórdha ainim Dé.



Agas uair oile do bhí amadán ag cur cathughadh ar
an bpoball, noch do aisg an naomh go caoin milbhriathrach
scur dá amadándhacht. Dar fhreagair
seisean, munadh ttiubhradh an naomh a aibíd dó
nach scuirfeach. Reis sin tug an naomh sin dó.
Agas ar nglacagh na haibíde don amadán do phóg
í, dá cur air; tré a ttáinig ciall nádúrdha chuige,
agus gur mhair /17/ amhluigh san órd céadna go bhfhuair
bás naomhtha cráidhbheach diadha; tréar ghlóireadh
ainim an Tighearna.



Ar gclos do bhean aga raibhe leanbh óg é do
bheith ag seanmóir do raich chum na seanmóradh, ag
teilgean an leinbh as a lámhadh dobhí 'na hucht


L. 7


a gcoireadh bruiteadh a riocht a chur a gcliabhán.
Agas ag smuainiughadh an riocht a d'fhágaidh an
leanbh do raich, agus iomad mar aon ria, chum a toighe,
ag gul agus ag gárrtha; acht ní an-aghaidh nádúrtha,
dofuair an leanabh ag súgaragh agus ag gáireagh;
tréar mhóruidheadair ainim a' Tighearna.



Tré aindiúil a theagasg d'éisteacht do bhean
oile d'fhágaidh a leanbh 'na diaigh a gcliabhán, agus
ar bhfhilleadh ón tseanmóir dhi dofuair plúchtagh
é. Reis sin d'fhill ar an tseanmóntuidh, agá
aisgeadh a naoighin do aithbheódhagh. Dubhairt
/17v/ ria, “Imigh abhaile agus bhéara Dia do naoighin
ar ais dhuit”; an ní dofuair; tréar mhol sisi
agus gach a bhfhacadh an míorbhuile Dia.



Dobhí ógánach ag faoisidin ré S. Antoin, agus tré
a chroidhbhrúgh, a mhóraithrighe agus a dhéur ní
raibhe ionna chumas a pheacadh d'fhoillsiughadh
dó. Ria a ndubhairt an naomh a fhaoisidin do
scríobhadh; an ní dorinnigh. Agas ar ttabhairt
an scríobhinn aláimh an naoimh dofuair blatálta
iad a churrthuibh; dar mheas cách go raibhe a
churthuibh arna mathamh dó; tréar moladh Dia.
Ag seanmóir ar bhás úsúireach do Antóin naomhtha
dubhairt, do réir Matha, san .6. caib., mar a raibhe
a shaidhbhreas, gurab san ionadh céadna dobhí a
chroidhe. Agas d'aisg aos grádha an mhairbh dhul
d'ionnsaidh mar a raibhe a chiste an ní dorinneadair
mar a bhfhuaireadair, pocadaoil, croidhe
an tsaidhbhir a measg a chuid óir; an ní ba cionnfadh
riú Dia do mhola.



Dobhí noibhíseach a Montpeillier, noch do
ghaduigh portús Antoin naomhtha, agus ar ndul tar
abhuinn /18/ dobhí 'na chonair dó dochonairc
sé foirm uaithmhialta allta a' diabhail agus cloidheamh
'na láimh, dar bhagair air muna n-aiseagadh
an leabhar dá shealbhuidhe; an ní dorinn, agá
theilgean féin faoi chosa an naoimh agus ag iarra


L. 8


maithfeadh air; an ní dofuair; tréar sheaduigh
san órd céadna go fuine a bheatha ag mola Dé.



Ar gcríochnughadh a uachtaránacht a Limogines
dó, agus ag triall gus na caib. dochuaidh asteach
a ttoigh mhná boichte, noch dofuair ar airliceadh
ó chomharsan dí copán glaine re deoch do thiolaiceadh
don naomh. Do briseadh an gloine, tré a
ndeachuidh d'iarraidh soitheach oile ag dearmad
soitheach na díghe do stapa. Agas ar bhfhille
di dofuair gan bhraon an soitheach; tréar chrom
Antoin naomhtha a chionn a' guidhe Dé, ar ttuigsean
diaghrún na mná. Ar mball dofuair an bhean
a soitheach líonta do dhigh agus a gloine slán; tréar
mhol sí ainim Dé, agus ag admháil nar lughaide an
spré déirceadh do thoirbheart do bhochtuibh Dé,
noch do mholach Dia.



/18v/ Do bhean neamhchodhla do dhuine uasal a
raibhe Antoin naomhtha 'na thoigh, agus ag spasdeóireacht
re hais dhorais imsgine an naoimh dó
dochonairc soilsigh mór ann. Agas ag féachain
go grinn tré pholl eochrach an dorais dochonairc
ar leabhar mór a bhfhiadhnais an naoimh leanbh
sciamhach dealrach ro-ádhluin ag súgradh ris agus
ag pógadh an naoimh, ag cur a lámhaibh beagadh
timchioll a bhrághuid, agus an naomh mar an gcéadna
dá phógasan. Agas ag méad an tsolais agus an aoibhinnis
dofuair an duine uasal agá bhfaicsin amhluidh
sin do líon do dhúil a bheith dá bhfhaicsin gan
scíos, do shíor. Reis sin do innis an leanbh don
naomh an duine uasal do bheith ag féachain orra,
agus ag glaca a cheada ris d'fhág é. Ar sin dochuaidh
an naomh gus an dorus, ag aisge an duine uasal
an t-amharc dofuair, gan a fhoillsiughadh do aon
go fagháil bháis dó féin; an ní rinnigh, ag mola Dé.



/19/ Lá n-aon dá ndearnadh Antoin naomhtha
cuairt chum mná toirrcheadh, d'airis di go mbéara
sí leanbh, noch d'fhuileóngach mairtíreacht ar


L. 9


son Íosa Críost. Agas do ba fíor dó é, óir ar
mbeith 'na bhráthair mionúr dó dochuaidh 'na
iolarach gus an tTalamh Bheannuighthe. Dochuaidh
go cathair Asoto, noch do gabhadh go grod 'na
dhiaigh sin ris na Turcaidh tré fhill, ag cur
2000 críostuighe dobhí san mbaile chum báis, agus
an bráthair roimhráidhte mar aon riú.



Dobhí a gcathair Pui san bhFrainc notari saidhbhir,
.i. fear fiadhnais, droichbheartach a mbeatha
agus a gcriodiomh, dar bheannuigh Antoin go minic, ag
athrughadh a bharréada dó; tréar shíl an saidhbhir
gurab ag mogadh faoi féin dobhí, agus uime sin do
sheachuin gach conair ionna bhfhaca sé an naomh
ar eagla teangmháil air. Agas tarrla uair áirmhighthe
'na bhealach é, ionnas narbh fhéidir a
sheachnadh, tréar bheannuigh ní ba humhluidhe ná
riamh roimhe. Do líon an saidhbhir d'fhearg, ag
rádh: “A mheirleadh, muna mbeith t'aibíd is fada
roimhe so churfuinn /19v/ mo chloidheamh go dornchur
ad chliabh agus ad chroidhe coiripe. Acht, a
scláibh, airis dhamh créad fá bhfhonódair mé
amhluigh so.” Re humhlacht do fhreagair an naomh,
ag rádh: “A dhearbhráthair ghrádhuigh, guidhim
thú ná bíodh buaidhreadh ort, óir dothug Dia
dhuit bás d'fhulang ar son do Shlánaightheóra
Íosa Críost, .i. bás nach fiú misi d'fhagháil, agus ag
fulang mairtíreacht duit coimhnigh oramsa, an
peacach bocht, réd ghuidhe chum Dé ar mo shon.”



d'athraidh an saidhbhir a fhearg go gáire, ag
magadh faoi rádhtaibh an naoimh, agus ag scaramhuin
ris. Go grod 'na dhiaigh sin do fírinne ráidhtibh
an naoimh amhluigh so: Dochuaidh an saidhbhir
mar aon agus easbog Phui ar iolarrachas don Talamh
Bheannuighthe, agus ar mbeith don easbog ag argúin
ris na Turcaidh lá n-aon a ttimchioll creideamh,
do mheas an saidhbhir nar chosain an t-easbog an
creideamh mar bu ceart. Uime soin do ghlac an


L. 10


argúin, nó 'n diospóireacht, ar féin, ag rádh gur
mhac an dulamughadh é Mahomet do damnuighe go
hithfreann ré fírbhreith Dé, agus go ndéanfuidh
amhluidh sin riúsan munadh ttréigedís a
saoibhgcreideamh. Ar gclos a /20/ ráidhtibh dóibhsean
do líonadair d'fheirg, dá bhualadh. Agas an-éis
ttrí lá d'fhulaing bás ar son creideamh Dé, ag
admháil dá chompáin gur thairnghaire Antoin
naomhtha an bás soin dó.



Ag feis Bhourges do theagasg sé airdeasbog do
bhí líonta d'eiriceacht; agus a gcríochnughadh na
seanmóradh do scrúd a chogús, ag admháil a locht
do Antoin naomhtha, dá ttug seisean leigheas
spioradálta; tréar fhan an t-ardeasbog a riaghail
na ngrása go fuine a bheatha.



Dobhí duine do lucht Phádughadh darbh ainim
Leonard a' faoisidin ris an naomh agus d'fhaoisidin
gur bhuail a chois faoi bhronn a mháthar, rear
thuit sí chum talmhan. Dubhairt an naomh ris, do
réir Íosa Críost, san 18 ca. ag Matha, gur thuill
an chois gcéadhna do ghearra de. Agas a ndéis a
dhul abhaile dó do ghearr an chois de. Acht an
mháthair bhoicht, ar ttuigsean an ghníomha di do
labhair go scaillideach ris an naomh, ag rádh
gurab é ba cionntach rena mac a chos do ghearra
de. Tráth thuig seisean simplidheacht an duine
do ghuidh Dia, tréar slánuighthe hé, agus ar méaduidhe
glóir Dé.



/20v/ Eselin, an tíoránach ó Phadughadh, do harduighthe
chum móronóir ris an impir, an dara Federic,
agus d'imir gach olc dá m'fhéidir re diabhal do
thionnsgnadh ar sheirbhíseachadh Dé, agus do mharbh
gan chionnfadha ar bith iomad daoinibh, ag buain
a saidhbhreas, a maoin agus a bhfhearann díobh.
Dochuaidh Antoin naomhtha dá ionnsaighe agus do labhair
ris ar an modh so: “A thíoghranaigh bharbardha agus
a namhuid Dé, cia ham chríochnóchair do dhíbhfeirge


L. 11


agus a stadair ó dhórta fuil na gcríostuighthibh
fíréanda, noch do dhoirtais gan chionnfadh,
agus creid gan bhréig go bhfuilir faoi bhreith uathbhásaidh
fhírcheirt Dé an t-am is lúgh shílir é, agus
smuain gurab é Dia dothug gach a bhfhuil agad
dhuit, agus féach créad é an tseirbhís dorinnis dó
ar a shon.”



Iar rádh na mbriathar soin don naomh
do roinneadh uan umhal don fhaolchú fhuilteach
dhíbhfheirgeach; tré a ndubhairt res na hargaightheóiribh
dobhíodh ag foghnadh dhó: “Ná cuiridh
an-iongantas an aithfhighiriughadh so d'éirghe
dhamhsa, óir meannuighim dhíbh go bhfhaca mé
colamhna do dhealra neamhdha ag teacht a ghnúis
an ionraic úd. Do chriothnaigh mo chroidhe, gur
shíleas, nó gur taidhbhrighe dhamh, go raibhe
craos athuathmhar uathbhásaidh craosluigthe
ithfrinn /21/ fosgailte chum mo shluigthe.”



Ris sin d'athraigh a inntinn, ag cur teachta d'ionnsaidh
an naoimh re mórthiodhlaic, ag rádh reis
na teachta: “Má ghlacan uaibh an bronntas, marbhthar
ribh é, acht má dhiúltan a lámha uaibh, fillidh
chugamsa gan mhaill.” Dorinneadair samhluidh sin;
agus ar ttoirbhert na ttiodhlaicibh don naomh, do
aisgeadair é Dia do ghuidhe fá logha a chionntaibh
do thabhairt do Eselin. Dar fhreagair seisean,
ag rádh: “Go gcaomhna Dia ar bhur ttabhartas mé
agus oruibh féin, óir ní bhfhuil ann acht luach
fhola seirbhísigh Dé agas bochtáin Íosa Críost,
ionna ttiubhradh seisean conntus caol cruadh ann.
Agas imígh sibhsi go tapadh ar eagladh an tighe
si do thuitim oruibh nó an talamh do fhosgladh
chum bhur gcraosshlugtha beó.” Do chriothnaigh
rádh an naoimh iad, ag filleadh ar an tíoránach
líonta do náire, agus agá innsin dó gach a ndubhradh
riú; tréar orduigh seisean gan toirmeasg do chur
ar an naomh nísa mhódh ionna theagasg. Agas ba
losga daoithe dó féin sin.


L. 12


Feacht oile do bheirt ar fhithchit bithbheanach
ag éisteacht seanmóradh an naoimh, do las a
gcroídhibh /21v/ do thine grádha Dé, tréar iompaidair
óna ndroichbheatha go deaghbheatha, ionnas
go bhfhuair a n-urmhór deaghbhás a seirbhís an
Dé fhíre.



Ar bhruach trágha ag seanmóir a measg eiricibh
don naomh, do dhiúltadair a sheanmóir d'éisteacht,
tréar chas seisean a aghaidh ar an mhuir, ag maoghughadh
ar na héisg gur chaomhuin Dia san díle iad
agus go ttug beatha dhóibh agus gur tré a mhórthrócaire
do chruthaigh iad, agus samhluigh sin do chomhrádhtibh
oile. Ris sin do thineóladair annuibhir 'na láthair
díobh ag teasbéana an uile chomhartha umhladh agus
onóra don naomh rena gcionn agus re a n-iorbuill, agus
ag fuireach go bhfuair a bheannacht. Agas ar
bhfhaicsin an mhíorbhuile do na heiricibh d'iompuidair
ar an tslighe gceart, ag mola Dé.



Ar mbeith ag seanmóir a tTolous, nó, do réir
droinge oile, a Rimini, an-aghaidh eiriceach do
shéun an Corp naomh do bheith san tSacramuint, gi
gur chruthaigh an naomh re mórfhóghluim roimhe
é, agus do shéan do shíor é, ag rádh gan mhíorbhuile
nach gcreideach féin go raibhe corp Chríost san
adhbhluinn; dá ndubhairt an naomh ris /22/ smuainiughadh
an modh do ba fearr leis míorbhuile do
chruthughadh. Dubhairt an t-eiriceach, a ndiaigh
ttrí lá do throsgadh do mhúile, an tSacramuint agus
criathar coirce do chur 'na fiadhnaisi, agus dá
bhfhágadh an coirce agus an tSacramuint d'ádhradh
go n-ádhradh féin amhluidh é.



D'éis aithfrinn, an-amharc na gcathraightheóiribh, dotugadh an Corp
naomh mar aon agus an coirce chum an bheathaigh, agus dá
mhéad a hocras do thréig an coirce, ag sléachtughadh
a bhfhiadhnaisi an tSácramuint; tréar iompaigh
an t-eiriceach agus gach a raibhe do eiricibh san
ionadh ar an gcreideamh gceart; tréar mhol na


L. 13


críostuighthibh ainim Dé. Do líon an míorbhuile
si croidhe na n-eiricibh d'fhuath, ionnus gur
thionscanadar bás an naoimh, maille re cuireadh
do thabhairt dó; an ní dorinneadair. Agas ag cur
neimh 'na bhia; tré a ttug an naomh spaille dóibh;
go míonáireach d'fhreagaradair é, ag rádh gur
gheall Críost dá dhisciobailibh dá n-ibhedís nimh
nach ndéanamh díth ná dochar dóibh, agus gurab dá
dhearbhadh san do cuire nimh san mbiadh. Reis sin
do stad an naomh, ag meas gurab dá chur ar a fhaire
d'fhoillsigh Dia dó é, agus arís do smuain gurbh
fhearr an scriobtúir /22v/ do dhéanamh fírinneach
agus an nimh do ghlacadh, nó do fhromhadh; an ní
dorinn; tréar iompaidh na heiricibh ar an fhírinne,
ag moladh Dé.



D'fhuagair an naodhughadh Greaghoir pápa féasta
nó logha do choimhéad san Róimh an-onóir thuras
na gcríostuighthibh, dá ngoirthí Crosade san
tTalamh Bheannuighthe chum a ttáinig aniomad á
gach críoch san Eóruip. Dochualaidh gach aon
díobh teangadh náttúrdha a dhútha féin ag Antoin
naomhtha dá theagasg agus dá sheanmóir dóibh.



Bean ionna raibhe dúil lasamhuin seanmóir an
naoimh d'éisteacht agus dar chros a céile í dhul
san iorachtas ionna raibhe ag teagasg, tré a beith
trí mhíle uatha dhi, dochuaidh go seómra uachtarach
a tighe dá sásughadh féin re dearcadh na
háite; mórghlóir do Dhia dochualaidh sí briathraibh
an tseanmóntuigh go sothuigsi, agus ag gairim
a feir 'na dochum, gur éist an tseanmóir, tréar
fhuiling dí a tréanas agus a crádhbhadh do ghnáthugha
ré Dia do shíormhola.



Ar eagladh glóir dhíomhaoin na ndaoine as gnáth
ag moladh seanmónntuigh binnghlórach do ghlac
slíghe anthaighthidhe, ionnar thárladh bean bhocht
air, noch d'aisg air a hucht Dé /23/ uileachumhachta
fighir amháin na croisi do tharaing ar a


L. 14


mac, dobhí 'na chláiríneach; dar dhiúlt seisean.
Gigheadh, issi mar Chananach oile, níor scuir dá
atachadh gur ghearr an naomh fioghuir na croisi
air; tréar shlánaigh Dia é, ag tabhairt comas a
bhuill dó. Agas cailín beag ó Phádughadh, do
chreapull an tinneas mór a baill; re fioghuir na
croisi do leigheas sé í. Bean uasal ghairléideach
aga raibhe céile borb sgaluideach, agus í ag éisteacht
a sheanmóradh, tré anbhrúghadh na ndaoine
do thuit sí a ndíogadh bréantais agas salachair.
Do ghuidh sí Dia a hucht thuilleamhuin an naoimh
a nuadhchuladh do léigean dí gan tsal gan cháith.
Agas ar n-éirghe as an díogadh dí dofuair a
haisge; tréar mhol an puball Dia na glóire.



Ar gcathamh iomad aimsire don naomh ag teagasg,
ag tarraing, a' comhairliughadh agus ag éisteacht
daoine do mheas ionad aonracánach d'fhághail
dó féin chum meadhonuighthe. Uime sin do
scríobh chum an phrovinseal, agus ag leagan na litreach
ar a' mbórd 'na fhiadhnuisi do aisg sé an gairdian
teachta dílis do chur ris an litir. Dubhairt ris
go ndéanach. Ar bhfhille don naomh ní bhfhuair an
litir, ag /23v/ meas gurbh é toil Dé a fhuireach
san staid a raibhe, agus dubhairt réna ghairdian
gur arrthaidh sé a inntinn. Gidheagh, go grod 'na
dhiaigh sin dofuair ar an mbórd gcéadna freagradh
an phrovinsil ar a litir, noch do thoiligh aonaránacht
dó; tréar mheas an coimhthionól gurab
aingeal dothug an litir uaith agus chuige; tréar
mholadair agus ar mhóruidheadair an t-aoinDhia uileachumhachtach
do chruthaigh neamh agus talamh agus gach
a bhfhuil ionnta.



Ba duine úr uasal onórach athair Antoin naomhtha
ar a raibhe cúmhrum thiomsaighthe cíosa an ríogh
Pontinghealach; agus ar ttabhairt do fhéidhmionnuigh
an ríogh an cíos céadna, níor iarr scríobhuinn
orra re admháil gach a bhfuaireadair uaidh. Agas


L. 15


ag meas nar riachtanas é, tréna mbeith, mar shaoil
seisean, do réir a chroidhe féin. Gidheagh, go
grod 'na dhiaigh sin dubhradair ris contus do
thabhairt san gcíos, agus ag séanadh go bhfuaireadair
pighin uaidh. Do chrithnigh an duine maith si, ag
innsin an uaire, an amma agus na háite a ttug dóibh
é. Do shéunadair arís é, agá thabhairt fó dhlighe a
láthair na ttuirghinibh. Doconcas Antóin naomhtha,
noch dubhairt go maorruighthe reis na féidhmionnuigh
scríobhuin fóna /24/ lámhaibh do thabhairt
don duine maith si ar son an airgid dothug sé
dhóibh a leithid so do lá, a leithid so d'airgead,
mar so agus mar so; agus dubhairt riú, “Mar ndéantaoidh
an ceart ris, díoghóluigh Dia oruibh féin agus ar
bhar sliocht 'nar ndiaigh é.” Ar gclos an fhuidhle
so dos na féidhmionnaibh do chriothnaighdair, ag
tabhairt sásughadh agus dearbhadh dó go bhfhuaireadair
gach a raibhe ar a chúmhram uaidh. Reis sin
d'fhill an t-uasal chum a thighe, ag tabhairt
buidheachas do Dhia gurbh fhiú é féin Antoin
naomhtha do bheith 'na mhac aige.



Treall 'na dhiaigh sin do fridhe corp ógánuigh
mhairbh a luibhghort an uasail thuas; tréar cuire
é féin agus a thíghealach go huile a gcarcar. Do
tugadh breith bháis orra. Do foillsighe sin a
bPadua, a lár a sheanmóradh, do Antoin naomhtha,
tréar chrom a cheann agus go ndeachaidh a spiorad
go Lisbon, mar ar aithbheóthaigh sé an marbh, noch
a d'fhoillsi go raibhe athair an naoimh agus a mhuintir
go huile neimhchionntach. Ris sin do aisg an
naomh apsolóid a pheacadh do thabhairt dó féin.
Dorinnigh an naomh sin, ag saora a athar agus a
mhuinntir ó bhás /24v/ corpordha agus anam an mhairbh
ó bhás síorrdhuidhe. Do scríobh lucht Phadua go
Liosbon agus lucht Liosbon go Padua ag dearbhadh na
neithibh si tarladh; tréar moladh agus ar mórdhuidhe
ainim Dé.


L. 16


Feacht oile do shaor sé an t-ord ar shaint agus
ar uathmhar Heilias, genearál an uird, noch
d'athrraigh ó a gheinioráltacht re hórdughadh an
Phápa Greaghóir.



Ba liosta gach ríoghacht, gach cóigeadh, gach
fairce, gach tuath agus gach tír do líonadh do
mhíorbhuile, do theagasg agus do dhéaghoibre Antoin
naomhtha, agus mar an gcéadhna a liadhacht rígh,
prionnsa, uasal agus íseal, bocht agus saidhbhir do
thug umhlacht agus cádhus, grádh agus gean dó, agus gach
anam dar ghnothaigh sé do Dhia. Uime sin ní
labharam acht ar a sheanmóntaibh san Charghus
dhéighionaigh a bPadua san bhliadhuin 1230 d'aois
an Tighearna.



'Ndéis gach duath dar fhulaing agus gach tír dar
thaisteal, do thoiligh Dia na glóire an Spiorad
Naomh dá sheóladh go Padua an t-athuair, mar ar
chruinnigh puball codh mór agus soin nach raibhe
teampoll san gcruinne ionna ttuilleadaois. Uime
sin dob éigin dóibh fairsinne an mhachaire /25/ do
ghlacadh. Agas ar eagladh go bhfhoghnadh a sheanmóir
do na críostuighthibh, dorug an droichspiorad
ar sgóig air dá theachta. Acht do ghuidhe Muire
mhín bheannaighe ris; rear saoradh ó dhóruinn an
chéusaightheóradh é; tréar mhol sé Dia tré Mhuire
mháthair dá shaora.



Ba doichreideamh an déighinntinn agus an mian
lasamhuin dobhí ní ag na Paduans amháin acht
ag gach aon dar thimchioll an áit ionna mbíodh
an naomh ag teagasg, ag roich chum éisteacht ris
agus ag fágbháil a ngnathuighthe dá prádhainighe.
Óir dobhíodh an t-easbog agus a eagluis ag éisteacht
ris, dobhíodh an rígh agus an prionnsa ag éisteacht
ris, an t-uasal, agus an t-ísiol ag éisteacht ris, an
sean agus an t-óg ag éisteacht ris, an bhean phósta
agus an mhaighdean ag éisteacht ris. Do stadach an
ceannuigh a cheannach, an fear dlíghe a dhligheóireacht,


L. 17


an breitheamh a bhreitheamhnacht agus an
ceardán dá chéird re humhlacht chroídhe chum
éisteacht ris. Agas gi go mbíodh 30000 do dhaoinibh
ar uairibh ag éisteacht a dheaghtheagaisg, ní
cluinfí smid uadh dhuine acu seachadh dhuine oile
acht dar leat gurab aon chroidhe dobhíodh acu
uile ó bheith líonta díobh do thine theasghrádha
Dé. Rena linn tugadh /25v/ fuasgladh do phríosúnaigh,
maitheamhnas a bhfhiacha do na fiachamhnaibh,
aiseag ar ghaduigheachta, agus drochdhaoine
chum deaghbheatha, agus sin uile tré a sheanmóiribh.
Ní bhfhuil ré rádh air acht gur shanntaigh gach
aon iad féin dá gcomailt de, agus dá bhfhuidheadaois
dá aibíd, do mheasadair iad féin gan easbhadh.



Ar gcríochnughadh an Charghuis roimhráidhte, do
aisg sodhacal dó féin a maoigh Pheadair; agus ba re
duine uasal darbh ainim Tise an maoigh; don Órd
Mionúr dobhá 'na bhiatach; agus do chuir trí bothóguidh
do shoileach dá thógbháil, .i. do Antoin naomhtha
do Ruaghruidhe agus do Lúcás, ba compánaidh dá chéile.



Do ghlac teinneas Antoin naomhtha, do mhéadaigh
go laethamhuil, darab éigin dó triall gus an
chonvint bu neasa dó, agus ag fáistine gur ghrod go
n-onóruigh re mórghlóir an áit chéadna. Ba fíor
dó é, óir gus aniu, d'éis a bháis, do thriall an
domhan mór chum na cathrach céadna ag onórughadh
a thaisi.



Dochuaidh as sin go Arceile ar ttuigsin
a bháis a bheith a ngar dó, mar a bhfhuair ceart
na heagluisi; agus ar gcríochnughadh rádh na seacht
psailm /26/ aithrighe ris féin agus an eagluis,
dubhairt féin 'na aonarán an hiomuin O gloriosa
Domina. Reis sin, an Mhaighdean ghlóirmhear Muire
Mháthair do thaisbéan sí í féin aga bhás dó; agus
ag labhairt réna chompánach Ruadhruidhe dubhairt
ris, “Tídhim mo Thighearna Íosa Críost”, agus a
gcionn leathuaire 'na dhiaigh sin, is é tóigthe
a spiorad, do thoirbhir a anam ar Dhia na glóire,


L. 18


amhuil do bheith 'na chodhla, san bhliadhuin
d'aois an Tighearna míle dá chéad treachad haon,
an treas lá déug do mhí Mheadhoin an tsamhradh,
Dia hAoine, san triocha sé bliadhuin dá aois,
noch do chaith sé amhluidh so, cúig bliadhna déug
a ttoigh a athar, dá bhliadhuin a Mainistir S.
Vinsint a Liosbon, naoi mbliadhna a Mainistir na
Croisi naomhtha a gCoinimbria, agus timchioll deich
mbliadhna a nÓrd S. Proinsiais.



Féach, a chorp dobhí roimhe a bháis bocht
tarcuisneach lé féachaint air, do hiompaidh a
ngeile, a nglaine agus a ndealradh, amhuil choirp /26v/
neamhdha. Agas ar uair a bháis dochuadh go
himsgin aba Vercels, do ba oide foghluma dó féin
roimhe, ag súgradh, ag gáire agus ag clasuidheacht
ris, ag cur a lámha faoi a smeig agus dá leigheas ó
sheanothar dobhí ag leanamhuin de, agus ag innsinn
dó é féin a bheith ag gabháil a cheada ris, agus go
raibhe ag triall gus a dhútha féin. Ris sin
dochuaidh amach san chúldorus; do lean an t-ab é
acht ní bhfhuair amharc air. Uime sin do mheas
go bhfhuair sé bás, agus gurab í an dúthadh dubhairt
ris, flaitheas Dé, .i. parrthas neimhe; agus do ba
fíor dó é.



D'éis bháis Antoin naomhtha do mheas an eagluis
a bhás do cheilt, ar eagladh easumhlacht na
ndaoine, acht d'fhoillsigh Dia é a mbéul na leinibh
neamhurchóideach, do chruinnigh 'na ndronguibh a
bhfhochair a chéile ionns gach ionadh don gcathair,
ag rádh, “Fuair ar n-athair naomhtha Antoin bás.”
Reis sin chuaidh burgéisi na cathrach go mainistir
Arcele, agus ar bhfhagháil deimhiniughadh a bháis
chuireadair fuireann armálta do chumhdach an
chuirp, ar a athrughadh go háit oile. Reis sin /27/
do dhithfrigh bráithribh mionúir Padua agus
mórfhuireann dá huaisle go hArceile ag aisge an chuirp
dóibh féin, dá dhearbha gur aisge an naoimh


L. 19


é 'na bheatha. Táinig drong oile lé neart lámha
chum an chuirp d'éigniughadh riú go mainistir ban
riaghalta dobhí a bhfhogus dóibh, ag rádh nach
raibhe Arceils láidir ná daingean reis an gcorp
do chaomhna ar aon drong do shantóghadh a thabhairt
re héigin riú, agus gurab uime sin tángadar féin agus
nach gabhadaois gan a fhághail dóibh féin, ag
linge trí uairibh ar gheatuidh na mainistreacha,
gur thoiligh Dia a n-amharc, a gciall agus a gcoimhne
do bhuain díobh; agus ar éigin do réidhigh drong
neasardha an t-imrisan, go teacht an phrovinnsil;
acht sul a ttáinig sé do cuireadh an corp a
gcomhradh luaidhe faoi thalamh tré ainteas na
haimsire; dar mheas lucht na cathrach gur harrthuighe
an corp, agus ag lámhughadh a n-arm, gur taiséanadh
an corp dóibh, tréar maola a bhfhearg.



Agas a gcionn gceathradh laethaibh dotháinig an
provinseall, do thoiligh, mar aon agus easbog na
cathrach, an corp do chur san choinvint chéadna,
do réir a ordughadh féin 'na bheatha. Do armuigh
an taobh. /27v/ Do tóige droichead báid ar an
abhuinn ris an ghoibhirneir chum ionnluican an
choirp do mhórughadh, acht do brise é reis an
taobh oile, do armuigh iad féin chum an chuirp do
thabhairt chuca féin ré foirneart; acht d'fhuagair
an goibhirneir aoidheacht síorruidhe ar aon do
faicfidhe taobh amuigh don dorus ann-aimsir an
phroisesióin, nó ..., agus do díbreadh ris na cinn
dobhí ar an trioblóid so agus ba cionnfadh ris,
ionnas gur saoradh gacha riaghalta don dá shexa
ó eagla do bheith orra a bPadua. Agas do ghuidheadair
Íosa Críost a gcionnta do mhaitheamh dóibh,
tré a ttáinig gach imriosan dá ttáinic san gcathair.



Agas mar sin do harruighe corp glóirmhear Antoin
naomhtha go coinvint Phadua, mar ar cuireadh é
an cóigeadh lá d'éis a bháis a nuaidhfheart do
frighe go míorbhuile. Agas do hoibridhe fearta


L. 20


móra a ttimchioll an uamha céadna, mar atá,
leigheas gacha othair dá ttáinic ann. Do líona
na háitibh timchioll do na tásgaibh si, a modh
gur chuir easbog Padua teachta dhon Róimh ann-ainim
na bPaduans a' guidhe an phápa an naomh so
do chuir Dia chuca do naomhughadh. /28/ Do héisteadh
na teachta, agus dotugadh ordughadh amach a bheatha
do mhionscrúda; an ní do roinneadh ré aba S. Benedict
agus ré príóir do dhÓrd S. Dhoiminic. Agas
ar bhfhagháil iliomad cruthughadh ar ionnroic a
bheatha, a chomhrádhaitibh agus a mhíorbhuile, sa
bhliadhuin d'éis a bháis, agus ar bhfhagháil an
chruthughadh si don phápa do chuir a bhfhiadhnaisi
an choimhthinneóil chairdionáil gur cheart a
naomhughadh. Dar fhreagair aon díobh, ag rádh gur
cheart tuilleadh cruthughadh d'fhagháil ar a
bheatha sul a ndéanfuidhe sin. Sann oidhche ar
gcionn do taidhbhridhe don gcairdionál gcéadna
gur aisg an pápa é féin taisi naoimh éigin d'fhagháil
dó féin ré altóir nuadh do bheannughadh.



Ris sin, agus gan fios aige cia bhfhuidhe, dochualuigh
guth adubhairt ris cuid do nuadhthaisi Antoin
naomhtha do thabhart dó. Arna mhárach do ghuidhe
sé an pápa ní bu háilgheasa ná aon oile don choimthineól
Antoin do naomhughadh, ag rádh gur dhearbhadh
ris féin gurbh iomdha iad a fhearta 'na bheatha
agus a ndéis a bheatha, gur shlánaigh naoi bhfearaibh
déag do bhacachaibh, cóigear pailireachibh, cóigear
crutach, seisear dallaibh, triúr badhbharánaibh,
triúr balbháinibh, agus beirt don ghúta, agus dias ó
bhás go beatha, agus iliomad do aicídeachuibh oile,
tréar scríobha a ainim a leabhar na beatha.



/28/ Atá suim bhulla an Phápa Greaghoir ré féil
an naoimh do naomhughadh scríobha a leabhar na
mbráthar mionúr, .i. 'na gcroinic.
Do mhianaigh Alastran, an ceathramhadh pápa don
ainim, cathracha agus cóigidibh Lumbárdi do shaora


L. 21


ó thíránacht Eselin. Ag faire ag uamh Antóin
naomhtha ré díoghrais urnaighthe agus déur do Pharrthalon
Corradin dochualaigh guth ag rádh ris,
“Ná heaigil nísa mhódh, bí luagháireach gairdeach
agus tabhair buidheachas do Dhia, óir gealluim dhuit
an t-ochtughadh lá dom fhéil-si saorfadh Dia an
chathair si ar aintreisi an annfhlatha Eselin.”



Agas do ba fíor soin, óir do chriothnaigh Anselmus,
an govirneir, ag fágbháil na cathrach agus ag teitheamh
mar aon agus a mhuinntir aiste, gur ghabh leagáit an
phápa thuas a seilbh, ag suighiughadh creideamh
agus ceirt innte. Agas ó shoin a leith atá an t-ochtáubh
dá chongmheil amhuil an ló a bPadua, mar
ar tógadh altóir san teampoll mór dá ainim san
bhliadhuin 1273. Do cuire timchioll an choirp
comhrodh airgid, nó reliquary, reis an gCairdionál
Bolonia, darbh ainim Gui. Agas do fosgladh re
geinearáll an uird, Bonaventura naomhtha, deich
mbliana agus fidhche 'na dhiaigh sin é. Dofuair sé
an corp /29/ 'na luaidhre, acht an teanga amháin,
dobhí amhuil dobhí 'na bheatha; agus dá glacadh
'na láimh a bhfhiadhnuisi na droinge dobhí san
láthair dubhairt, ag caoi, “Ó theangadh bheannuighthe,
do mhol do Dhia do shíor agus do oibrigh
daoine oile do lorg do leanamhuin, is soidhléir
do thoileamhuin a bhfhiadhnaisi Dé”, dá pógadh agus
dá cur san taiseóir céadhna maille re caondhúrracht
ainmheasda.



Dobhí geinearál oile ar an ord do mheas an
teanga do thabhairt ris chuige féin, acht ní
bhfhuair an dorus chum na háite d'fhághail, agus
ní módh fuair an áit as a ttug sé í, darbh éigin
dó a cur a bhfholach an-altóir dobhí san eagluis
agus iomad do bhliadhnaibh 'na dhiaigh sin do fridhe
an teanga san áit chéadhna tré mhíorbhuile Dé agus an
naoimh, agus cuireadh í a ttaisi óir criostil, mar a
bhfhuil sí rena faicsin gus aniú san riocht céadna.


L. 22


Lá n-aon dá raibhe Paris, mac deirbhshiairach
don naomh, mar aon agus linibh oile a mbád ar bhruach
nó ar imioll an chuain a Lisbon ag súgradh,
d'éirghe stuirm do líon an bás d'uisge, darbh
éigin do na leinibh snámh go tír, acht gnia Antóin
naomhtha do fága báite san muir. D'aisg /29v/
athair an leinibh iasgairidhe dobhí san n-ionadh
cuartughadh do dhéanamh re corp an leinibh d'fhagháil
chum adhluiceadh críostamhuil do dhéanamh air.



Do fridhe an corp, agus a n-éis faire aon oidhche do
mheas gaol an leinibh a chorp do chur, tréna
bheith morgaidh. Gidheagh, an mháthair bhocht, mar
bhean ar baoith, dubhairt go strócach sí as a
chéile aon do lamhóghadh a mac-so do adhlaca, agus gur
taoisge d'fhuileónadh sí í féin d'adhlaca beó ná
éisean, gi go raibhe marbh; agus dubhairt, ag maothagh
ar a dearbhráthair, Antóin naomhtha, an orrtha
so: “Ó dhearbhráthair ghlóirmhear, má bhrostuidhean
an charrthanacht chuige thú, mar doní, do réir
mar shaoilim, agus má atá tú aithreach nó réidh
chum cuidighthe ris a' ndruing ghuidheas tú, agus
adhduain féin, guidhim thú trócaire do dhéanamh
ar do dheirbhshiair, agus go mórmhór ar do ghnia, a
rachas an t'órd beannuighthe féin an tan thiucfas
sé chum aoisi foleamhnuigh nó iomchuibhe chuige,
má thoilighean tú a aiseag chum beatha, re toil
mhórghrása Dé.” Is iongantach an ní táinig as so,
óir codh doith is do chríochnaigh sí a móide
d'éirghe an leanbh bhí trí lá d'éis bháis ós
comhghair an choimhthineóil uile; agus an uair tháinic
chum aoisi foileamhnaigh do choimhlíon an mhóid,
ag glaca aibíde uird dearbhráthrach a mháthar,
mar ar chríochnaigh a bheatha go diadha cráidhbhtheach.



/30/ Bainriaghan Léon san Spáinn, dorugadh a
bPoirtingál, aga raibhe inghean aosta aoin bhliadhuin
déag d'éis bháis, ar gclos aithbheódha mhaic


L. 23


dearbhsheathrach an naoimh di dubhairt féin nach
sgurach sí do atacha an naoimh go haithbheódha a
hinghine, ag congmháil na hinghine trí lá gan
adhlaca, agus ag guidhe an naoimh, tré a ttáinig
anam 'na corp, agus a ndubhairt: “A mháthair mhuirneach,
go maithe Dia dhuit buaidheart do chur orramsa agus
mé a nglóir shíorruidhe a measg ógh agus banógh, agus
gealluim dhuit a gcionn caicísi go rachad ar
neamh arís.” Agas do ba fíor di, óir chuaidh ag
sealbha na síorruidheachta.



Do mhionnaidh duine uasal ag nach raibhe clann
dáma bé toil Dé clann do thabhairt dó nach biai
féin aon bhliadhuin 'na bheatha gan turas thombadh
Antóin naomhtha do dhéanamh. Agas lá n-aon dá
raibhe ag tabhairt an turais chéadhna do fuaduighe
gein mhic do thoiligh Dia do thabhairt dó re
sruth adhbhna, tréar bátha é féin agus ochtar oile
dá chompáin. Agas sar bhfeille bhaile don uasal do
thuig an chríoch d'éirghe dá mhac, tré a ttug /30v/
mionna durruisg nach blasach biadh go fagháil a
mhic slán arís. Agas ag guidhe an naoimh go díoghraiseach
dhó dochonairc sé a mhac agus a chompáin
ag teacht asteach san dorus; tréar mhol sé féin
agus gach a raibhe san láthair Dia ionna naomhuibh.
Agas do haithbheódha beirt oile do hadhluice do
na leinibh céadna, glóire do Dhia.



Dobhí a gcathair Monoplia san Apulia, láimh nó
bhfhogus do theagh na mbráthar mionúr, leanbh ag
tochailt a gclais chriadh, gur thuit an aill air
tréas an gcriadh do bhean sé san áit, go nach
raibhe súil ag aon a fhaicsin arís 'na bheatha.
Agas ar bhfhaicsin sin dá mháthair bhoicht, lán
dóchais dubhairt sí, “Ó Naoimh Antoini, Naoimh
Antoini, aisig mo leanbh dhamh.” Agas ar ttóigbháil
na criadh dofuair siad an leanbh beó, noch adubhairt
riú gur chuir Antoin naomhtha lámh fóna
mhuinéal dá choingmheál ó phlúcha; tré a ttugadair


L. 24


glóir agus buidheachas do Dhia.



Ar gclos móirfheartaibh Antoin naomhtha do
shagart méisi easbuig Phadua dubhairt nach gcreideach
iad; tréar thoiligh Dia fiabhrus tinntridhe
/31/ do chur air. Do ghlac aithreachas é ionna
mhíchreideamh, tréar aisc sé an mháthair dorug
é dhul d'ionnsaigh fhearta an naoimh, ag gealamhuin
dá ttoiligh an naomh aiseag ar a shláinte d'fhagháil
dó féin go n-aidbheódha go puiblidhe fearta
agus míorbhuile an naoimh agus go tteagasgach ar feadh
na bpuible é an seal do mhaireach. Agas ar ndul
don mháthair chum na huagha, do thoiligh Dia
sláinte thabhart dó, ag léime as a leaba, chum
móiriongantais na n-uile san láthair; tréar mholadair
agus ar mhórdhuidheadair Dia.



Feacht oile do dhuine uasal eiriceach ag teilgean
gloine dobhí 'na láimh amach a bhfhuingeóig, ag
rádh munadh gcoimhéadach Antoin sin gan bhriseadh
nach gcreideach féin 'na mhíorbhuile. Do caomhna
an gloine ar bhreisi. Do adbhui an t-uasal fearta
an naoimh, tréar iompaigh 'na chatoiliceach, ag
mola Dé. Ag labhart ar an míorbhuile céadhna sa
do iomad daoine, agus iad ag ithe agus ag eól, dubhairt
aon díobh, ag mogadh agus ag fochuíd, agus ag glaca
lán a dhorn do bhrionngláin seirce na fíne, dubhairt
/31v/ dá ndéanamh Antoin grápuidh do chur orra
sin agus go líonach a súgh gloine dobhí san láimh
oile aige go ngéilleach dá mhíorbhuile. Reis sin
d'fhás duille agus grápuidh ar na brionngláin, rear
líona an gloine dá súgh; tréar hadbhuidh subháilce
an naoimh, ag tabhairt glóir do Dhia.



Feacht do eiricibh oile ag cur bréid ar éadan
aon díobh féin agus ag roith dochum teampuill agus
fearta an naoimh agus ag aisge an phubuill fá Antoin
do ghuidhe re súile an duine bhoicht sin má
b'fhíor dóibhsion, do beana as a mbraoineachas
ionnar tharrla sé do aiseag dó arís. Míorbhuile


L. 25


Dé, iar mbuain an bhréid dé do thoiligh Dia maiciomreasan
a shúl do thuitim as a n-áitibh. Ag
faicsin an neithe sin do na heiricibh do ghlac
aithreachas iad, agá n-umhlughadh féin agus ag
aidmháil a gceilg; tréar thoiligh Dia, tré ghuidhe
an phobuill, a shúile d'aiseag arís 'na n-áitibh;
an ní do fridhe; tréar mholadair Dia.



Do tharluigh saighadúir eiriceach ar lobhar
bhocht dobhí ag triall go feart an naoimh re
aisiag a shláinte d'fhagháil. Dubhairt an saigheadúir
ris: /32/ “Gealluim dhuit do lobhra do
ghlaca oram féin má leigheasan Antoin tú.” Dob
fhíor dó é, óir níor sgur an lobhar dá thurus go
ttáinig chum na fearta. Do thuit 'na chodhla agus
taidhbhridhe dó an naomh ag rádh ris: “Imigh,
tabhair do lobhaireacht don tsaigheadúir do tharla
san slighe oirt, óir atá do lobhra-sa air, agus abair
ris úsáid do dhéanamh dhíobh.” d'éirghe an lobhar
as a chodhla, agá fhagháil féin slán; tréar mhol
sé Dia. Agas ag umhlughadh do aithne an naoimh
dofuair an saigheadúir 'na lobhar ó mhullach a
chinn go trácht a bhonn, ag caoi agus ag gul go
cráidhte, agus ag déanamh aithridheachas, ag gealamhuin
agus ag meannughadh dísleacht don naomh gurbh
fhiú é a éisteacht, ré Dia do mhola ionna naoimh.



d'éirghe braoin idir bheirt shaighidúir, agus do
lota go hanmhór aon díobh, tréar ghuidh sé Antoin
naomhtha fá shláinte d'fhagháil dó; an ní do
fuair. Gidheagh, do thoiligh Dia a gceann treimhsi
'na dhiaigh sin an chneath d'fhosgla, do bhrígh
gur mheas feall d'imirt ar an bhfhear oile. Acht
ar ttuiscin narbh é toil Dé bhí sé a dhéanamh do
ghlac aithreachas é, ag stad ón fheill do mheas
d'imir ar an bhfhear oile, agus ag guidhe an naoimh,
tréar slánaigh an chneith arís; tréar mola Dia.



/32v/ Do leigheasa leanbh a bPadua darbh ainim
Éinrigh ó thinneas dobhí 'na mhuinéul, ag geallamhuin


L. 26


bheith 'na sheirbhíseach ag an naomh, acht
máthair an leinbh, ní fhuileónach dó a ghealamhuin
do choimhlíona, tréar cuire an tinneas céadhna
arís air. Do ghlac aithreachas é, ag coimhlíona
a gheallamhna don naomh, tréar shlánaigh Dia é.



An-aimsir Dhon Dónis bheith 'na rígh a bPortingal
do gheall aba aga raibhe bodhar balbh 'na
sheirbhíseach aige, dá ttoiligh Antoin naomhtha
a chaint agus a éisteacht d'fhagháil dó, go gcoimhéadach
go fuine a bheatha tiomchioll a eagluise
féin san gcathair Sautaren. Dofuair a aisge;
tréar choimhlíon a gheallamhuin, agus ar mhol sé Dia
ionna naoimh.



Dobhí bean bhocht pheacamhuil gi go raibhe
cráidhbheach do Antoin naomhtha arna buaidheara
re cathuighthe dobhí an diabhal agá chur uirre,
agá rádh ria is é a bhfhighir croisi bás tobann
nó anbhás do thabhairt di féin, tré iomad a peacuidh,
dáma, bu áill ré an ghlóir shíorruidhe do
shealbhughadh. Agas ag teisbéana uaithmhialltacht
an pheaca di, agus tré fheirg do chuir a fear uirre
do dhírigh ar an abhuinn Tagus ré hí féin do
bhátha, agus sin a bhfhéil an naoimh bheannuighthe
Antoin. Dobhí eagluis an naoimh ar an tslíghe
roimpe; dochuaidh asteach innte; /33/ do ghuidh
go díoghroiseach é a theisbéana dhí arbh é toil
Dé í féin dá bátha féin. Reis sin do thuit codhla
uirre agus do taidhbhrigh dí go gcuala sí guth ag
rádh ria féachaint 'na brollach agus an scríbhinn
doghéabha ann do léagha agus go leigheósa í. Ar
muasgladh as a suan di dofuair 'na hochras meamrom
ionna raibhe scríobhtha a leitreacha órdha: Ecce
crucem Domini, fugite partes diversae; vicit leo
de tribu Judae, alleluia, alleluia. Agas ar léagha
an scríbhinn di fuair í féin saor ó chathuighthe
a' diabhail. Dochualadh an rígh Don Donis an
míorbhuile agus d'aisig an chairt dó féin. Dofuair


L. 27


í, dá cur a measg gach taisi oile dá raibhe aige,
rear hoibre iomad míorbhuile. Agas an tan tuga
an chairt don rígh, do cuire na caithighthe céadna
ar a' mnaoi, tré a ndeachuidh a céile chum an
rígh ag aisge cóip amháin an scríobhuinn do thabhart
dó. Ag féachaint an bhfuidhe an bhean fóirín
ar na caithighthe, dofuair an chóip. Do saora an
bhean, ag mola Dé 'na Naomh Antóin.



/33v/ Ar mbeith don Bhainphrionnsa Aldoucia,
inghean rígh Phoirtingáil ré Teresa, a ngrólluigh
báis, do ghuidh máthair na bainphrionnsa é coimhniughadh
gurab a bPoirtiongal dorugadh, agus ó do
shlánuigh, do shaor agus do thóig sé ó bhás go beatha co
lia' duine agus sin san Iottáile, a hinghean féin do
shaora ar dhoirinn an bháis. Reis sin do taidhbhrighe
don inghean, agus í a tteas a tinnis, go
bhfhaca sí an naomh, noch adubhairt ria: “A inghean,
tré ghnáthghuidhe do mháthar, do chuir Dia chugad
misi, ag tabhairt rabhuin dhuit dhul riomsa go
flaitheas anois gan mhoill nó fuireach a bhfhochar
do mháthar.” Do thoiligh an ní déidhionach. Reis
sin tug a chrios di ré póga, acht issi ag breith
cruaidhghrim ar an gcrios mar mheas sí do ghoir
a máthair, ag rádh: “A bhaintighearna, a bhaintighearna,
féach annso an naomh glóirmhear Antóin.”
Reis sin fuair an mháthair a hinghean slán; gidheagh,
ní fhaca sí Antóin naomhtha. d'fhoillsigh
an bhainriaghan an míorbhuile /34/ so an-eagluis
na mbráthar mionúr a gcathair Allencout, mar ar
thriall sí féin agus a cúirt go huile, a' mola Dia
'na naoimh.



Do chuir draoi cathughadh ar dhuine bhocht, ag
geallamh dó fios na n-uile neithibh ba mian ris
d'fhagháil, agus ag tarruinn fáinne 'na ttimchioll
araon, dochonairc an duine bocht ainuibhir do
dhiabhaluibh 'na ttimchioll. Do chrionaigh a
chríodhe ionn. Reis sin do beana a chaint agus a


L. 28


amharc de. Dochuaidh go hEagluis Antoin naomhtha.
Do ghlac aithreachas é, ag guidhe rena chroidhe
an naomh. An-aimsir chanomhuin an Ghloria in
excelsis. Benedictus qui venit in nomine Domini
dofuair aiseag ar amharc a dhá shúl. Agas ar
bhfhaicsin an mhíorbhuile sin do phuball Phadua
go ghuidhedair Dia a chaint do thabhart dó; an ní
dotugadh ag canomhuin an Agnus Dei. Re hárdghlór
do mhol sé Dia.